Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

Alt 2

AN DARA HALT

'na gcuirthear i gcéill go bhfuilid trí sochair do-geibhthear a smuaineadh bioth-ghnáth an bháis.

An chéad-ghoin

An céad-shochar dhíobh, go dtabhair ar neach dimbríogh agus neimhsheadh do thabhairt san tsaoghal, do réir mar adeir
340] Ieronimus ag sgríobhah go Paulinus, mar a n-abair, facile contemnit omnia qui se semper cogitat moriturum ‘an tí smuaineas


p.14

do ghnáth go bhfuighbhe féin bás, is urusa leis dimbríogh do thabhairt san uile ní,’ agus dá réir sin i maoin agus i maitheas sho-ghluaisde an tsaoghail se. Óir amhail thréigeas an dallóg bheith
345] ag súghadh fhola an easláin, an tan chroittear luaithreadh ar a ceann, mar an gcéadna don tsanntach, tréigidh bheith ag súghadh agus ag slogadh núis na talmhan, agus ag diúl duille dhiombuain an domhain, an tan chroittear crithir do chuimhne an bháis ar bhuaic a mheanman.

An dara goin


350] Bíodh a fhiadhnaise sin ar aní léaghthar ag Galiensis, .i. go raibhe aon-mhac duine uasail agá raibhe oighreacht mhór 'na chomhair, go ghabh cuing chrábhaidh agus do thréig toicce an tsaoghail ar ghrádh na bochtachta. Agus an tráth do-chualaidh a athair sin, do ghabh fearg mhór é, agus do-chuaidh d'fhios an
355] mhic, dá ghuidhe um thoidheacht as an ord bhocht 'na raibhe. Do fhreagair an mac dhó, agus adubhairt nach tréigfeadh féin an t-ord 'na raibhe ar an oighreacht do bhí aige-sean ré a fágbháil, acht muna dtigeadh dhe an droch-nós do bhí 'na dhúthaigh do chor ar gcúl; agus is é droch-nós do mhothaigh do bheith ann .i.
360] gurab ionann tigeadh an bás do rochtain an óig agus an arsaidh, an bhoicht agus an tsaidhbhir, an uasail agus an ísil. An an iomorra do-chualaidh an t-athair uraghall an mhic, do thuig go raibhe an bás d'áirithe ag gach aon-duine; agus dá bhríogh sin nár chuirthe seadh sna sealbhaibh saoghalta. Agus leis sin do thréig féin a
365] uile mhaitheas talmhaidhe ar an mbochtacht, amhail do-rinne a mhac, mar do-chualabhair. Ag so is iontuigthe go dtig do chuimhne an bháis neimhsheadh ag duine i maoin shaoghalta.

An treas goin

An dara sochar, go múchann macnas na colna; agus gurab uime sin do bhagair Dia ar Ádhamh gurb do luaithreadh do-rinneadh
370] é, agus gurab i luaithreadh do fillfidhe é, do bhríogh nachar mheas sé leigheas ar bioth i n-aghaidh chraois agus antoile Ádhaimh budh fearr ioná an bás do bhagar air. Agus fós is ag cor aneithe se i gcéill atá aní léaghthar san naomhadh caibidil


p.15

déag do Leabhar na Nuimhreach, mar ar orduigh Dia don
375] mhuinntir do bheith cáidheach nó salach dol d'fhios na sagart dá nglanadh; agus is amhlaidh do-níthí riú, luaithreadh na hiodhbarta agus fíor-uisge ar n-a gcumasg do chrothadh orra le craoibh íosóipe. Agus is eadh chialluigheas sin, go ndligheann gach aon bhíos cáidheach nó salach ó cheanaibh an chuirp, luaithreadh
380] smuaintighthe an bháis do chumasg tré fhíor-uisge na haithrighe, agus a gcrothadh ar an anam lé híosóip na hurnaighthe.

An ceathramhadh goin

Dearbhadh oile fós air sin aní léaghthar ag Isidorus, san dara caibidil don seachtmhadh leabhar do Leabhraibh na Sanasán, ar luaithreadh an chroinn dá ngoirthear iuniper .i. go
385] gcaomhnann sí grís gan mhúchadh ar feadh bliadhna. Mar an gcéadna do luaithreadh smuaintighthe an bháis, do-níthear do chrann an choguais bhíos ar n-a uile-losgadh lé teine grádha Dé ar altóir na hanma; cumhduighidh sí grís an ghrádha céadna i n-aigneadh an fhíréin do shíor. Agus is é sochar thig dhe
390] sin: an gcéin mhaireas grádh Dé i n-anam an fhíréin, nach éidir éin-spréidh do theine na hantoile do mharthain 'na mheanmain, amhail nach féadann teine ghrádha Dé marthain mar aon ré hannsacht na hantoile. Agus cibé do shaoilfeadh go bhféadfadh grádh ainmhianach na hantoile bheith mar aon ré
395] grádh nDé, bíodh a fhios aige gur bréagach a bhreathnughadh. Óir ní héidir a mheas go mbiadh dúil ag duine i gcraos agus i ndrúis nó i ndroich-bheartaibh oile, agus iona gcur i ngníomh, agus a fhios aige féin gurab neamhthoil ré Dia a ndéanamh, agus a rádh go mbiadh grádh do Dhia i n-aoinfheacht riú aige.

An cúigeadh goin


400] Is iontuigthe fós as aní léaghthar ag Galiensis san leabhar dá ngoirthear Toirbheart an Uamhain, go dtig múchadh na n-ainmhian do smuaineadh an bháis; mar a léaghthar go raibhe lá n-aon duine foghlamtha ainmhianach ag éisteacht ré beathaidh na n-ard-aithreach úd an tsein-reachta agá léaghadh, agus an
405] sgríbhinn agá fhaisnéis go maireadh drong dhíobh ós cionn ocht


p.16

gcéad bliadhan, agus drong oile ós cionn naoi gcéad bliadhan; gidh eadh, i ndeireadh bheatha gach aoin aca do-chluineadh na briathra so agá léaghadh: et mortuus est ‘agus atá ar bhfagháil bháis.’ As na briathraibh sin do thuig an t-eagnaidheach dá
410] fhaide mhaireas duine gurab cinnte dhó an bás dá rochtain. Agus táinig don smuaineadh sin gur dhiúlt sé d'áineas agus d'antlás an tsaoghail, agus do ghabh cuing chrábhaidh ré ais, agus do chaith a aimsir go haithrigheach ó shoin amach. Mar sin do gach aon oile smuaineas go grinn glain-eólach ar an mbás: do-bheir sé i
415] dtáir agus i dtarcaisne bláth bréige na beatha so.

An seiseadh goin

Is uime sin atá aní léaghthar ag Galiensis, ar an ngnáthughadh bhíos ann ré linn Phápa do dhéanamh. Téid iomorra
duine ar an raon roimhe, ré dtriall i nglóir-réim dhó, agus ultach do bharrach lín aige, agus an tan loisgthear an líon lais adeir na
420] briathra so: Pater Sancte, transit gloria mundi .i. ‘a athair naomhtha, is mar sin téid seacha glóir an domhain.’ Dá chor i gcéill gurab sás sriain do chor ré macnas na colna smuaineadh an bháis. Agus is uime sin do dheónuigh Dia do Chloinn Israel, ré hucht bheith ag déanamh crábhaidh, luaithreadh
425] do chrothadh ar a gceannaibh, dá chor i gcuimhne dhóibh a mbeith féin fá dheóidh iona luaithreadh. Agus is maith do thuig Abraham a shomharbhthacht féin, do réir mar léaghthar san ochtmhadh caibidil déag in Genesi, mar a n-abair, loquar ad Dominum cum sim cinis et pulvis ‘labheóraidh mé ris an
430] dTighearna, ar mbeith im luaith agus im luaithreadh dhamh.’ Adeir fós Solamh san seachtmhadh caibidil déag in Ecclesiastico ní as a dtuigthear nach fuil acht talamh agus luaith san cholainn daonna, mar a n-abair, omnis homo terra et cinis ‘is talamh agus is luaithreadh na huile dhaoine.’ Agus is ag cur an bháis chéadna
435] i gcuimhne dhúinn atá an fógra tug Dia do Chloinn Israel, amhail léaghthar san naomhadh caibidil déag do Leabhar na Nuimhreach, mar do aithin díobh luaith na bó do bheith ar n-a hiodhbairt do dhortadh i n-ionadh ro-ghlan. Dá chor i gcéill go ndligheann an duine luaith a mheanman bhíos arna losgadh


p.17


440] le teinidh grádha Dé do chor i dtaisge i n-ionadh ghlan, mar atá i gcisde, nó i gcliabh chomhghonta an choguais. Is mar chuimhniughadh ar a shomharbhthacht féin atá aní léaghthar san chúigeadh caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh ar Naaman, mar thug leis muirear cuingreach don úir do
445] bhí láimh ré Sruth Iordáin, ionnus gomadh cumhain leis go raibhe féin 'na lobhar easlán ré ndol go Iordáin dó, agus dá réir sin go raibhe an bás d'áirithe aige féin fá dheireadh.

An seachtmhadh goin

Léaghthar san .28. caibidil in Exodo gur orduigh Dia don ard-shagart Maoise anmanna dá threibh dhéag Israel do sgríobhadh
450] ar dhá leic — sé treabha ar gach leic dhíobh, do réir uird a ngeineamhna. Agus is uime do dheónuigh Dia na treabha soin do sgríobhadh ar na leacaibh, ionnus an dream do léighfeadh anmanna na dtreabh soin iar n-éag dóibh, go dtugdaois i gcuimhne an bás do bheith coitcheann dá gach aoin-treibh,
455] agus dá gach aon-aicme don druing dhaonna.

An t-ochtmhadh goin

Is do chor fós an bháis i gcéill atá aní léaghthar san .20. caibidil in Exodo, mar ar fhoráil Dia ar Chloinn Israel altóire criadh do dhéanamh mar a ndighéandaois a n-iodhbarta agus a n-uile-losgadh. Dá chor i gcéill nach fuil acht cré ionnta féin,
460] an tan bhíd ag foghnamh don Dúileamh, agus dá réir sin go bhfuilid somharbhtha.

An naomhadh goin

Is ag cor an bháis mar an gcéadna i gcuimhne dhúinn atá aní léaghthar san .23. caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar ar chuir Iosias Rí taise na marbh
465] dá dtógbháil as na feartaibh agus dá losgadh ar altóir do láthair an phobail, ionnus go dtiocfadh dona taisibh d'fhaigsin 'na luaith go dtuigfeadh an pobal gur chinnte dhóibh féin bheith 'na luaith fá dheireadh.


p.18

An deachmhadh goin

Léaghthar ag Tertullian san leabhar do sgríobh do Choróin
470] an Ridire, gur nós idir na Rómhánchaibh, an tan do bhíodh caiptín cosgrach dhíobh féin 'na charbad caithréime ag triall go tóicheastalach i nglóir-réim tré a ghníomhaibh gaisgidh, do bhíodh daoirseach iona seasamh láimh réna charbad ag aithis agus iomcháineadh air, ag rádh na mbriathar so: respice post te,
475] hominem te esse memento ‘féach id dhiaidh, cuimhnigh gurab duine thú.’ Is uime do bhí an nós so idir Rómhánchaibh, do chor a chríche, .i. an bháis, i gcuimhne don chaithréimeach, do mhúchadh a mhéide meanman, d'eagla go bhfásfadh a uaill a los na glóir-réime 'na mbíodh.

An t-aonmhadh goin déag


480] Is eadh thrá dhligheas an duine do dhéanamh, amhail do-rinne Agathocles rí na Sisile, do réir Policrates san chúigeadh leabhar, mar a n-abair go gcleachtadh an rí réamhráitte cuirn agus cuacha criadh do thabhairt fá-deara ar a dháileamh do fhreastal go laothamhail ar a bhord. Agus an tan do fhiafruigh duine
485] uasal dá mhuinntir dhe, créad fá bhfuilngeadh soitheach criadh do chor dá láthair ar a bhord, agus a usacht dó easgar airgid nó bleidhe béil-dearg óir do bheith ann, is eadh do fhreagair an rí, gurab uime do ghnáthuigh na cuirn chriadh do chor ar a bhord, do thabhairt uirísle na hinnmhe do bhí 'gá athair 'na chuimhne.
490] Óir fá ceard chorcán gcriadh do dhéanamh an t-athair ór fhás sé; ionnus an tan do-bhéaradh dá aire dearóile agus doimheastacht an athar ór fhás féin, ré faigsin na gcorn gcriadh, go dtréigfeadh a dhíomus agus a anuaill. Mar an gcéadna do dhlighfeadh gach aon agá mbiadh toicce nó trom-chonách nó aird-innmhe
495] shaoghalta aige, a mheas gurab dearóil díomhaoin an t-athair ór fhás féin, .i. Ádhamh, an mhéid gurab de tháinig an cine daonna do chor ó oighreacht fhlaithis Dé, agus an bás do bheith i gcinneadh dá gach aon dá shliocht agus dá shíol-aicme.


p.19

An dara goin déag

Léaghthar san chúigeadh caibidil don cheathramhadh
500] leabhar do Leabhraibh na Ríogh gur bhagair Eliseus ar Giezi go mbiadh 'na lobhar, agus gach aon dá ngeinfidhe uaidhe. Mar an gcéadna do bhagair Dia ar Ádhamh, do réir mar léaghthar san dara caibidil in Genesi, go bhfuighbheadh féin agus gach aon dá ngeinfidhe uaidh bás, tré choill na cána do chuir ar chrann
505] na haithne i bparrthas. Agus atá sin agus gach ainiarsma oile dá bhfuil 'na dhiaidh a los uilc agus ainghníomh Ádhaimh ag tuitim i gcoitchinne ar a chloinn, ar mbeith galrach uile dhóibh ó lubhra an phréimh-pheacaidh do chin ó Ádhamh ionnta. Agus is uime sin adeir Pól, amhail léaghthar san chúigeadh
510] caibidil déag don chéid-Eipistil do sgríobh gusna Coirintibh, in Adam omnes moriuntur ‘do-gheibhid na huile bás i n-Ádhamh.’ Dá chor i gcéill gur chaill Ádhamh dhó féin agus dá shíol an tearmann do bhí aca ón bhás, ar mbeith i staid an ionnracuis dó, agus gur tuilleadh leis an bás do bheith i gcinneadh dhó féin
515] agus dá shíol; agus gach ainiarsma oile atá 'na leanmhain, mar atá fuacht agus teasbach, íota agus ocrus, taoma agus tinnis, galair ghéara gháibhtheacha, agus gach amhgar oile lingeas orra; ionnus an tan ghabhas an bás greim dhíobh agus thraothas iad, nach bí acht cairn chrumh 'na gcorpaibh, agus nach bí acht fearta feil-ghníomh
520] 'na n-anmaibh, madh peacthaigh iad.

An treas goin déag

Gidh eadh, fa-ríor, ní thuigthear cor na cinneamhna go cuimhneach lé hógaibh uallacha éigcríonna na haimsire se, an tan bhíd ag breith a ruag reabhraidh, agus ag imirt a mbáire baoise, ag déanamh cluiche lúibe agus liathróide, ag lámhach bonnsach agus bior-ghaoitheadh,
525] agus ag eatrasa agus ag iomáin, agus fós ag ól agus ag imirt, ag beannradh agus ag breasnaigheacht. Agus mo thruaighe na trocha nach tuigid mar thig an bás go hobann dá bhfuadach leis go meinic, an uair is mó bhíd i n-árach a n-il-chleas agus a n-antlás. Agus saoilim go measaid na baotháin úd go mbí ceart cinnte
530] aca ar ré shíordhaidhe d'fhagháil, mar nach tabhraid dá n-úidh


p.20

ná dhá n-aire guais ná gábhadh dá mbí rompa. Oir ní héidir nach diongnadaois iad féin d'inneall i n-oirchill na n-olc bhíos ré tuirling orra, dá meastaoi leó iad féin do bheith somharbhtha.

An ceathramhadh goin déag

Gidh eadh, is eagail dóibh go n-aibeóraibh Dia riú amhail adubhradh
535] ris an saidhbhir luaidhtear san dara caibidil déag ag Lúcás, mar a n-abair ris an saidhbhir gcéadna do shaoil é féin do bheith i gcéim ard i roth na réime aimseardha, stulte, hac nocte animam tuam repetent a te, quae autem parasti cuius erunt ‘a amadáin, iarrfaidh siad aiseag h'anma san oidhche anocht ort;
540] cia trá 'gá mbeid na neithe do ollmhuighis?’ Dá chor i gcéill — tar ceann gur shaoil an toicceach nach raibhe baoghal air féin ar mbeith dhó i mí aoibhill a ratha saoghalta, nó gur ling an bás go hobann air, lér sgaradh ris gach sochar saoghalta é — gurab mar an gcéadna theagmhas go meinic don óg agus don
545] arsaidh anollamh. Tig an bás go meinic dá mbreith, an tan is lugha bhíos a uamhan orra, agus caillid a lúth agus a láthar, a ngné agus a maise agus a maoin agus gach sochar oile ó shin amach. Agus is é sin do-ní Iob d'éagnach ar an mbás, amhail léaghthar san .30. caibidil do Leabhar Iob mar a n-abair, abstulit quasi ventus desiderium
550] meum, et velut nubes pertransiit salus mea ‘do fhuaduigh mar ghaoith mo mhian, agus do-chuaidh mo shláinte seocham amhail néall.’ Dá chor i gcéill go ndealuigheann an bás ris an duine a mhaise, a mhiana, agus a mhaitheas saoghalta. Gidh eadh, bíd drong do dhaoinibh doitheagaisg ann, ionnus nach bí feidhm
555] an bás do bhagar orra, do bhríogh go saoilid nach bí aca féin acht léim do bhreith a sódh agus a sádhaile na beatha so go grinneall na glóire síordhaidhe.

An cúigeadh goin déag

Acht cheana, mealltar an dream so, amhail do mealladh an saidhbhir sádhail luaidheas Lúcás san seiseadh caibidil déag, do
560] chleachtadh é féin d'oirneadh d'éadaighibh sróill agus síoda agus sigir, do phurpur agus do bhiosóir, agus fós é féin do bhiathadh do bhiadhaibh séimhe soineamhla sochaithmhe, agus do dheochaibh milse míne


p.21

measgamhla, agus fuair bás obann gan aithrighe, agus do hadhnaiceadh i n-ifreann, go raibhe dá il-chéasadh ann. Mar an gcéadna
565] theagmhas don druing shaoileas iad féin do bhreith ó chonách an tsaidhbhir go coróin Lazarus. Agus is uime sin adeir Iob, ag labhairt ar an druing se san dara caibidil déag, ducunt in bonis dies suos, et in puncto ad inferna descendunt ‘treóruighid a laithe i maoinibh, agus tuitid i bpongc go hifreann.’ Dá chor
570] i gcéill, an drong bhíos i meadhón a maoine agus a maitheas saoghalta, go bhfuaduighthear san mbás lé prap na súl, nó lé haithghearr aon-uaire i bhfodhomhain agus i bhfír-íochtar uathbhásach il-phiastach aigianta ifrinn iad.

An seiseadh goin déag

Léaghthar ag Galiensis go raibhe duine dh'áirithe ag teitheadh
575] rés an mbeathadhach dá ngoirthear aon-adharcach, nó gur thuit i bhfairthis nó i ndeirc dhomhain, áit i bhfacaidh crann, agus dá luchóig, luchóg díobh bán agus an luchóg oile dubh, agus iad ag tochailt fhréimhe an chroinn. Agus do-chonnairc dragún uathbhásach ar ghrinneall na deirce ar tí é féin do shlogadh.
580] Do-chonnairc mar an gcéadna i sleasaibh na deirce cheithre cinn nathrach neimhe dá ngoirthear aspides, agus iad ar tí a sháir-itte. Agus ré tógbháil a shúl suas do-chonnairc beagán meala ag sileadh do ghéagaibh an chroinn. Agus ar ndearmad gach guaise 'na raibhe ós a chionn, tug amus d'iarraidh milse
585] na meala gan féachain don ghuasacht 'na raibhe. Féadtar a rádh go fáthach gurab é an duine úd do bhí ag teitheadh an peacthach; an aon-adharcach, an bás; an deirc, an domhan; an crann, bile barr-úr na beatha; an luch bhán agus an luch dhubh, an lá agus an oidhche; na ceathra cinn nathrach, na ceithre dúile
590] dá ndéantar an corp; an dragún, an diabhal; na braoin mheala, an sólás saoghalta.

An seachtmhadh goin déag

Is truagh, ó tá an gadhar saothair se, .i. an bás, ag seilg na hanma, nach tabhair an duine dá aire deirc dhuaibhseach an domhain, ionnus go bhféadfadh é féin d'iomchosnamh ar lot


p.22


595] na luchóg úd bhíos ag cognamh agus ag creim-ghearradh fréimhe na beatha; agus fós é féin d'iongabháil ar na ceithre ceannaibh nathrach úd .i. ar na ceithre cáilibh contrárdha, mar atá teas agus fuacht, tiormacht agus flichidheacht; mar an gcéadna fós é féin do dhíon ar dhaoirsigh dhaor-dhálaigh an diabhail; agus tar gach
600] éin-ní é féin d'inioclann ar mhil mbréige na beatha tadhaill se.

An t-ochtmadh goin déag

Is trésna guaisibh se do bheith i cionn an duine adeir Dáibhídh ag labhairt ré lucht an díomusa mar a n-abair, ut quid diligitis vanitatem et quaeritis mendacium ‘créad fá dtugthaoi grádh don díomhaoineas, créad fá n-iarrthar libh an bhréag?’
605] Dá chor i gcéill gurab éadtarbhach don druing do-bheir iad féin do bhaoth-ghlóir na beatha aimseardha réim ná rath dá bhfaghaid, agus na guaise réamhráitte 'na gcionn. Bíodh a fhiadhnaise sin ar na daoinibh is oirdhearca do-chuaidh romhainn. Óir níor chaomhain a cheannas feadhna Séasair, ná a neart
610] Samson, ná a eagna Solamh, ná a áitheas Alexander, ná a áille Absolón, ná a intleacht Aristotail, náid a bhriathra bláithe briocht-shnoighthe Cicero, ná aon oile aon-acfuinn dá mbí ann, ar ghuaisibh an bháis. Agus is uime sin adeir Ieremias, ag smuaineadh ar anfhorlann luchta an díomusa, amhail léaghthar
615] san seachtmhadh caibidil déag mar a n-abair, maledictus homo qui confidit in homine ‘is malluighthe an duine chuireas a mhuinighin i nduine.’ Is eadh is iontuighthe as na briathraibh se gurab malluighthe an tí chuireas a dhóigh i nduine dá mhéid, agus ghiallas dá réir do dhéanamh i ngeall ar onóir shaoghalta,
620] agus thréigeas toil Dé do dhéanamh i ngioll orra.

An naomhadh goin déag

An treas sochar .i. cathuighidh smuaineadh an bháis ré haimsighthibh an aidhbhirseóra, an mhéid go dturnann an díomus fhoráileas an diabhal ar na daoinibh do bheith ionnta, do bhríogh gurab é féin ard-fhlaith an uabhair, do réir Iob san
625] .41. caibidil mar a n-abair, ipse est rex super omnes filios superbiae ‘is é súd is rí ar uile mhacaibh an díomusa’. Dá chor i


p.23

gcéill gurab í is oiffig phrinsiopálta dhó, an t-uabhar d'adhnadh i n-aigeantaibh na ndaoine. Gidh eadh, ní fhuil leigheas ar bioth is éiffeachtaighe i n-aghaidh an uabhair sin ioná smuaineadh
630] friochnamhach an bháis. Agus is uime sin adeir Solamh, ag turnamh uaille an duine, san deachmhadh caibidil in Ecclo. mar a n-abair, quid superbis terra et cinis ‘a thalaimh agus a luaithridh, créad as a ndéine díomus?’ Dá chor i gcéill nach fuil ar bioth gléas do thurnamh an díomusa is mó ioná smuaineadh
635] ar an gcrích ndéidheanaigh, dá dtig talamh nó luaithreadh do dhéanamh don duine.

An .20. goin

Is uime sin do chleachtadh Democritus, do réir mar léaghthar ag Laertius, caidreabh na mbeó do thréigean, agus dol i n-imchian an fhásaigh do chinneadh chomhairle ré taisibh na marbh.
640] Agus is í comhairle do-gheibheadh ón marbh, aní léaghthar san .38. caibidil in Ecclo. mar a n-abair an marbh, memor esto iudicii mei, erit tuum, hodie mihi, cras tibi ‘bí cuimhneach ar mo bhreitheamhnas-sa, a shamhail theigéamhas duit-se; aniogh dhamh-sa, amárach dhuit-se.’ Dá chor i gcéill, amhail
645] do slíobadh gach sochar saoghalta uaidh féin nó gur fágbhadh folamh foghtha é, go dteigéamhaidh an creachadh céadna ar an mbeó an tan éagas.

An t-aonmhadh goin fichead.

Léaghthar mar an gcéadna ag Laertius san seachtmhadh leabhar go ndeachaidh Zenon d'iarraidh comhairle ar a láimh-dhéibh,
650] cionnus do fhéadfadh a bheatha do thabhairt as go subháilceach somholta. Do fhreagairsead dó, agus is eadh adubhradar ris, dol do dhéanamh comhairle ris na marbhaibh. Créad is iontuigthe as sin, acht gur dhearbh leó nach raibhe sompla san bhioth is cinnte as a dtuigfeadh Zenon amhgar agus
655] ainiarsma an duine, ioná ó bheith go frithir fuireachair friochnamhach ag feitheamh thaiseadh na marbh. Óir tré shilleadh orra is léir dó a lomnochtaighe fhágbhas an bás iad, dá mhéad do bhí d'innmhe agus d'acbhuing 'na mbeathaidh aca.


p.24

An dara goin fichead

Is cosmhail gur thuigeadar Gréagaigh an bhuaidh se do
660] bheith i smuaineadh an bháis i n-aghaidh an díomusa, ar an ngnáthughadh do bhí aca ré linn choróine do chor ar an impire, do réir mar léaghthar ag Leontius i mbeathaidh na n-aithreach, gur nós ag na Gréagachaibh, an lá do cuirthí coróin ar an impire, agus do bhíodh ag triall i gcaithréim ghlórmhair ón
665] dteampall go soiche a phálás féin, drong mhór do shaoraibh cloch do chor ar an raon roimhe, agus clocha marmair ar a nguailnibh, agus cuid dona clochaibh dubh, cuid bán, agus an chuid oile glas, agá fhiafruighidh don impire cia dhíobh sin dath budh maith leis do chur 'na thuama. Agus is uime do ghnáthuighidís sin,
670] do chor an bháis i gcuimhne don impire, an tráth is mó do mheasdaois a uaill do bheith ag ardughadh.

An treas goin fichead

Tig leis so aní léaghthar ag Ieronimus san .55. Eipistil, ar rígh do bhí ar an bPersia darbh ainm Xerxes. Ar dtiomsughadh iomorra agus ar dtroim-thionól shluagh agus shochaidheadh ndíoáirmhighthe
675] don rígh réamhráitte as gach aird dá fhlaitheas féin, agus ar gcruinniughadh agus ar gcoimhthionól go haon-ait dóibh, do-chuaidh an rí ar tulaigh aird i gceirt-mheadhón na sluagh, agus do bhí 'gá bhfeitheamh agus 'gá bhfír-fhéachain do gach leith dhe. Agus do mheas 'na mheanmain ná táinig ó thús domhain ar aon-láthair
680] sluagh budh líonmhaire ioná iad, ionnus gur ghabh sé uaill aigeanta agus méid mheanman de sin. Gidh eadh, go grod 'na dhiaidh sin do chuimhnigh nach mairfeadh i gcionn chéad bliadhan drong ná díorma ná duine don deagh-shluagh dhíoáirmhighthe
685] sin gan bás agus buain-éag dá mbreith. Agus leis sin do chaoi go searbh, agus do smuain go bhfuighbheadh féin bás mar gach fear, ionnus gur turnadh dhe sin an uaill aigeanta do fhás roimhe sin ann, ar bhfaigsin na sluagh.

An ceathramhadh goin fichead

Léaghthar mar an gcéadna ag Basilius naomhtha, gur orduigh a uaigh féin do thochailt, ar mbeith 'na easbog dó, agus go dtug fá-deara


p.25


690] ar óglách dá mhuinntir teacht gach aon-lá dá fhaisnéis dó nach bíodh sí críochnuighthe. Léaghthar fós ar easbog darbh ainm Iohannes Eleemosynarius, do dtug fá-deara a uaigh féin do thionnsgnamh, agus a deargadh gach aon-lá, agus níor léig a críochnughadh go bás. Léaghthar arís ag Excipilinus, gur chuir an t-impire
695] darbh ainm Severus a uaigh féin dá déanamh. Agus is uime do-rinneadar na gníomha soin, mar chuimhniughadh ar an mbás. Dá chor i gcéill iad féin do bheith somharbhtha. Óir fá dearbh leó nach raibhe sás a n-uaille do chlódh budh mó ioná bioth-chuimhne an bháis; agus fós nach fuil ní san mbioth is mó
700] chaomhnas agus do-ní dídean don duine ar díbheirg Dé do thuilleamh ioná bioth-chuimhne an bháis.

An cúigeadh goin fichead

Is 'na fhioghair sin atá aní léaghthar ag Ezechiel san naomhadh caibidil, mar ar orduigh Dia don aingeal singin tau do chor i n-éadan gach aoin ar a ngoillfidís feil-ghníomha deanachta cathrach
705] Ierusalem, ionnus an tí ar a mbiadh an singin sin, go mbiadh tearmann aige ón oirleach do bhí ag Dia ar tí a imeartha ar gach aon ag nach biadh an singin sin 'na éadán. Measaim go fáthach gurab í an chathair úd Ierusalem an domhan, agus gurab iad na feil-ghníomha úd na peacaidh mharbhthacha i gcoitchinne,
710] agus gurab iad dream ar a ngoilldís na feil-ghníomha, na haithrighigh rénar doiligh dubháilce agus doibhéasa na bpeacthach, agus gurab é an singin tau an bás. Óir mar is í an leitir úd tau an leitir dhéidheanach d'aibghitir na hEabhra, mar sin is é an bás is pongc déidheanach do líne na beatha corpardha. Agus mar nach
715] raibhe tearmann ag aon do lucht chathrach Ierusalem ón oirleach acht an tí 'gá mbíodh an singin tau 'na éadan, mar sin ní bhí tairiseacht ó dhíoghaltas Dé ag aon-duine acht an té agá mbí an bás nó a chuimhne sgríobhtha go sgagtha sgrúduighthe i n-éadan a anma .i. i mbuaic a mheanman, ag sgáthántacht do
720] shíor air.

An seiseadh goin fichead

Measaim gurab é snáithe saoghail an duine an téad úd do-chonnairc Sacarias ré tomhas chathrach Ierusalem ar fad agus ar


p.26

tarsna, do réir mar léaghthar san dara caibidil ag Sacarias. As so is iontuighthe nach fuil acht líne léir-mheasta ar a bhfuilid
725] ciomhsa cinnte, agus darbh ceann sgríbe an chríoch dhéidheanach, i ré na beatha so. Agus is ionann dál dona daoinibh innte agus dona soithighibh criadh. Óir mar is comhluath raobthar go meinic an soitheach nua agus an sean-shoitheach, mar an gcéadna is comhluath bhriseas agus bhreódhas an bás corp an ógáin agus an
730] athlaoich, ionnus nach mó an ghuais bhíos ar arthrach éislinneach i n-oidhche dhoiléir dhoilbh-cheó, ré taisteall na mara, ioná bhíos ar an duine ré triall bóchna na beatha tadhaill. Óir mar nach feas do stiúrthóir na luinge bhíos san riocht réamhráitte, cá huair nó cá tráth theilgthear dá taobh-lot agus dá tuargain go
735] tinneasnach ar tráigh í, go ndéantar blogha béal-sgaoilte dhi, mar sin don duine ré dtriall ar lear luath-thonnach na locht, ó phort a gheineamhna go cuan a chríche déidheanaighe, i gcurachán chriadh na colna, agus é ag loingseóireacht i n-oidhche na hurchóide, fá dhoilbh-cheó dubháilceadh agus droch-rún, ar chor nach feas dó cá tráth theilgthear ar thráigh nó ar charraig
740] chinneamhnaigh a chríche déidheanaighe é.

An seachtmhadh goin fichead

Gidh eadh, fa-ríor, bíd drong do dhaoinibh ann do-ní amharc an éaga i n-imchian uatha, ionnus nach léir dhóibh an lot nó an leónadh fhéadas do dhéanamh, amhail nach féadann
745] duine, an tan do-chí ainmhidhe i gcéin uaidh, a mheas go cinnte cia dhíobh beathadhach nó duine bhíos ann. Mar sin don tí shaoileas ré fhada d'fhagháil. Ní thuig sé ainimh nó urchóid an éaga, ar nach fiú leis léir-mheas do dhéanamh.

An t-ochtmhadh goin fichead

Mo thruaighe, dom dhóigh is eadh is nós dóibh amhail do-níd
750] na héagcráibhthigh. An tan iomorra at-chluinid san tseanmóir coire troma dá gcor i leith an phobail, adeirid gurab ris an tí se no ris an tí oile bheanaid siad, agus ní thuigid iad féin do bheith ciontach ionnta. Mar sin, an tan at-chíd an t-éag ag breith a gcomharsan, saoilid gurab orra sin amháin bhíos a chóir. Gidh


p.27


755] eadh, is truagh nach tuigid na trocha gurab ionann éiliughadh an éaga ar gach aon bheireas an bás, agus ar an druing mhaireas dá n-éis i gcoitchinne, ionnus nach bí tearmann i cionn aon-duine seoch a chéile aige.

An naomhadh goin fichead

Is 'na fhioghair sin atá aní léaghthar san seiseadh caibidil
760] déag do Leabhar na mBreitheamhan, mar do-chuaidh Samson, ar mbeith dall dó, do chathughadh ris na Filistínibh, gur mharbh a dtarla dá chóir dhíobh, gan fhéachain d'aon seoch a chéile dhíobh. Mar sin do-ní an bás ris na daoinibh. Agus fós is cosmhail Samson agus an bás ré chéile ar dhá adhbhar. An céad-adhbhar, do bhríogh go raibhe Samson dall, agus mar an gcéadna don bhás, óir ní fhéachann do dhuine ar bioth seoch ar-oile. An dara hadhbhar, do bhríogh gurab gan fhios do ionnsuidh Samson na Filistínigh dá marbhadh. Mar sin don bhás, is gan fhios tig do mharbhadh na ndaoine. Óir an uair
770] is mó shaoilid ré fhada d'fhagháil, is annsin go meinic tig an bás dá mbreith, mar is follus i mbás an tsaidhbhir shádhail, fuair bás i mí aoibhill a ré, agus do hadhnaiceadh i n-ifreann, amhail léaghthar san seiseadh caibidil déag ag Lúcás; agus i mbás Ammon, do marbhadh ag caitheamh fleidhe, amhail léaghthar san treas
775] caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh; agus i mbás Holofernes, dár beanadh a cheann ar a leabaidh lé mnaoi i meadhón a shluagh, ré mbeith i bhfoslongphort ré hucht chathrach Betulia, amhail léaghthar san treas caibidil déag do Leabhar Iudith; agus i mbás Aman san chroich do thógaibh féin do
780] chrochadh Mardoceus, amhail léaghthar san seachtmhadh caibidil do leabhar na Hester; agus fós i mbás Balthasar, Ioruath, Ananias agus a mhná; i mbás mhíle do mhíltibh oile maille riú, rugadh go hobann leis an mbás. Gá dtám ris, ní beitte dh'aoin-neach bheith muinighneach as a ré féin, do bhríogh
785] gurab obann éigcinnte uair an bháis. Agus is uime sin adeir Críost ris na daoinibh, amhail léaghthar san chúigeadh caibidil fichead ag Matha, vigilate, quia nescitis diem neque horam ‘déanaidh faire, óir ní feas daoibh lá ná uair.’


p.28

An .30. goin

Créad is iontuighthe as so, acht nach fuil cairt chinnte ag
790] aon-duine ar lá ná ar uair don ré do-gheibh i gcolainn, acht gabháltas ar thoil an Tighearna neamhdha? Agus is í an cholann gona céadfadhaibh an gabháltas soin. Agus fós is éigean dó cúntas an ghabháltais sin do thabhairt uaidh, an uair bhíos dá chor amach i bhféile an bháis, do réir mar adeir
795] Críost, ag labhairt ris an duine, redde rationem villicationis tuae ‘tabhair cúntas do ghabháltais uait.’ Dá chor i gcéill gurab éigean dá gach aon-duine ré hucht an bháis cúntas do thabhairt don Tighearna is gach sochar dá bhfuair uaidh, agus cionnus do chuir i mbreis dá Thighearna iad, idir smuaineadh, bhréithir,
800] ghníomh agus faill. Agus dá raibhe neimhchiontach, rachaidh i sosadh aingeal; agus madh coireach, cuirfidhear i gcarcair il-phiastaigh ifrinn é.

An .31. goin

Is follus a briathraibh Pheadair naomhtha go bhfuil an cúntas so ré linn an bháis i gcionn na ndaoine, do réir mar
805] léaghthar san cheathramhadh caibidil dá chéid-Eipistil chanónta, mar a n-abair, reddent rationem ei qui paratus est iudicare vivos et mortuos ‘do-bhéaraid cúntas nó comháireamh uatha don tí atá ollamh ar dhéanamh breitheamhnais ar bheóaibh agus ar mharbhaibh.’ Dá chor i céill gurab éigean dá gach aon,
810] ré ndol as an mbeathaidh se, aiseag iomlán do thabhairt do Chríost ar dTighearna, agus é féin do bheith fornocht ag imtheacht tré bhealach an bháis, do réir mar adeir Iob san .27. caibidil, dives cum dormierit nihil secum affert, et aperiet oculos suos et nihil inveniet ‘an tan choideólas an saidhbhir ní bheir éin-ní
815] leis, agus oisgeólaidh a shúile agus ní fhuighbhe éin-ní.’

An .32. goin

As gach ní da ndubhramar is iontuigthe go dtigid na trí sochair do luaidheamair a bioth-chuimhne an bháis. Agus is dá chor sin i gcéill atá aní léaghthar san .23. caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar do chuir


p.29


820] Iosias Rí na bréig-dhealbha agus na láimh-dhée fuair san teampall dona haltóiribh, gur mhionuigh agus gur bhris iad, agus gur chuir taise na marbh 'na n-ionadh. Mar sin dhleaghair dona daoinibh do dhéanamh: bréig-dhealbha na séad saoghalta agus láimh-dhée Lúicifir, mar atáid blátha bréige na beatha so, díomus agus glóir
825] dhíomhaoin agus sádhaile ainmhianach na colna, do ruagadh agus do sgrios d'altóiribh na hanma agus d'orláraibh an aigeanta, agus taise na marbh .i. meabhair nó cuimhne an bháis do bheith ar altóir na haigeanta, agus láimh-dhée na locht do leónadh agus do leadradh lé hord na haithrighe ar leic luim an lóir-ghníomha.

An .33. goin


830] Tig Greaghóir leis aní gcéadna san seiseadh leabhar do sgríobh dona Béasaibh nó dona hAirdheanaibh, mar a n-abair, nihil ita domat hominem sicut meditatio mortis ‘ní fhuil san bhioth ní is mó cheannsuigheas nó mhínigheas an duine ioná smuaineadh an bháis.’ Tig Seneca, san .25. Eipistil leis aní
835] gcéadna, mar a n-abair, nihil aeque tibi proficiet ad temperantiam omnium rerum quam frequens meditatio brevis aevi ‘ní fhuil san mbioth ní is tarbhaighe dhuit ré measardhacht gach aoin-neith ioná smuaineadh meinic na ré giorra.’ As gach ní da ndubhramair is soiléir gurab tarbhach cuimhne an bháis.