Corpus of Electronic Texts Edition
Trí Bior-Ghaoithe an Bháis (Author: Geoffrey Keating)

p.3

Trí Bior-ghaoithe an Bháis

Alt 1

AN CÉAD-ALT

An chéad-ghoin

Statutum est hominibus semel mori ‘do horduigheadh dona daoinibh aon-uair amháin bás d'fhagháil,’ do réir Phóil san naomhadh caibidil gusna hEabhraidhibh.

Is uime cheana rug Dia an daoir-bhreath so ar na daoinibh,
5] tré choill a chána don chéad-athair ór fhásadar .i. Ádhamh. Óir do fhógair Dia, i bpéin bháis d'imirt ar Ádhamh agus ar a shliocht, gan toradh chroinn na haithne do fhromhadh, do réir mar léaghtar san dara caibidil in Genesi. Agus do bhríogh gurab é Ádhamh budh ceann fine ar a chlann-mhaicne féin, do
10] luigh dochar agus daoirse na breithe sin air féin agus ar gach aicme dar chin uaidh, agus dá ngeinfidh go bruinne an bhrátha. Agus ó's d'ainiarsma na breithe sin táinig an bás dá rochtain féin, roichfidh an bás céadna gach aon dár fhás agus dá bhfásfaidh uaidh go foirceann an bheatha, an mhéid nach fuair bás cheana
15] dhíobh.

An dara goin

Is é an bás so do taisbéanadh i riocht reithe do Daniel fáidh, an tan do-chonnairc reithe ag beartughadh a adharc ar cheathra hairdibh an domhain fa seach, agus nach féadadh beathadhach ar bioth cathughadh ris, ná é féin do dhíon ar a láimh, acht do-níodh
20] do réir a thoile féin orra, do réir mar léaghthar san ochtmhadh caibidil ag Daniel chéadna. Tuig cheana do réir na háite sin go raibhe adharc ag an reithe sin dobudh faide ioná an


p.4

adharc oile. Dá chor i gcéill go gcinneadh sé leis an adhairc budh sia ar na tréanaibh, agus leis an adhairc budh giorra ar na hanbhfannaibh. Is eadh mar an gcéadna chialluigheas an beartughadh nó an t-innliughadh do-ní sé ar na ceithre hairdibh, an t-amus do-bheir sé ar cheathra haosaibh an duine .i. aos macaoimh, aos ógáin, feardhacht agus seanórdhacht.

An treas goin

Is ar anfhorlannaibh an bháis se agus ar a ghnéithibh laibheóram
30] san trácht so síos, agus do bhríogh nach cumhachtach sinn féin ris aní se do chuireamair romhainn do chríochnughadh mar is díol, gan congnamh speisialta an Spiorad Naoimh, guidheam ar n-eadarghuidhtheóir agus ar n-abhacóideach Muire Mháthair, dá iarraidh uirre a himpidhe do chur ar an Spiorad Naomh, fá
35] gach ní dá gcuirfeam san trácht so do dhul i nglóir do Dhia, agus i sochar agus i soileas dona Críostaighthibh i gcoitchinne.

An ceathramhadh goin

Measaim gurab é an bás, an marcach úd an eich bháin do taisbéanadh d'Eóin, do réir mar léaghthar san seiseadh caibidil in Apocalypsi. Is amhlaidh iomorra do-chonnairc Eóin an
40] marcach so, agus coróin fána cheann, agus bogha 'na láimh, ré buaidh 2 do bhreith as gach aird. Is eadh cheana chialluigheas an choróin do bhí fána cheann, gur dhearbh leis buaidh do bhreith ar gach n-aon ré gcaithfeadh soighead gáibhtheach an ghalair a bogha bhríoghmhar an bháis.


45] Atáid briathra san cheathramhadh caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh as a dtuigthear go bhfuil an bás i gcinneadh dá gach aon-duine go coitcheann, mar a n-abair Dáibhídh, omnes morimur etca. ‘do-gheibhmid uile an bás, agus tuitfeamaoid ré fánaidh amhail na huisgeadha.’

An cúigeadh goin


50] Atá fioghair san treas caibidil ag Daniel as a dtuigthear nach gabhann an bás ag druing ar bioth dona daoinibh. Do-chonnairc


p.5

iomorra rí uaibhreach anfhlaitheach do bhí ar an mBáibhiolóin darbh ainm Nabugodonasor íomháigh éagsamhail iolchrothach i n-aisling. Is amhlaidh dobhaoi an íomháigh mhór sin 'na
55] seasamh, agus í ard, agus dobudh uathbhásach urghránna ré faigsin í: a ceann d'ór, agus a hucht agus a lámha d'airgead, a bruinne agus a leasracha d'umha, a sliasda d'iarann, agus an chuid oile dá cosaibh d'iarann agus do chriaidh. Agus do-chonnairc cloch gan lámha uirre ag tuitim do shliabh, go dtarla ré cosaibh na híomháighe
60] í, gur mhionuigh agus gur bhris cosa na híomháighe maraon ris gach mball oile dhí idir chriaidh, iarann, umha, airgead, agus ór, go ndearnadh luaithreadh dhí, amhail luaithreadh samhraidh ag
éirghe do lár ré gal ngaoithe, go nach fríoth a tuarasgbháil dá héis. An chloch cheana lér turnadh í, do-rinne sliabh mór dhi,
65] do líon an talamh go huilidhe. Tar gach míniughadh oile dá dtugthar ar an aisling se, measaim gurab é is fáth-rún di: gurab í an íomháigh úd an nádúir dhaonna, agus gurab é chialluighid na boill éagsamhla úd na híomháighe, staide éagsamhla na ndaoine. Óir cialluighidh an ceann óir úd ríghthe agus prionnsadha; an
70] t-ucht agus na lámha airgid, comhairligh na ríogh agus na bprionnsadh; na bruinne agus na leasracha umha, na huaisle agus na hurraidhe bhíos ag cíosughadh agus ag tabhairt chána dhóibh; na sliasda iarnaidhe, na cinn fheadhma agus na daoine díolmhaine bhíos ag cosnamh agus ag caomhna na gcríoch; na luirgne agus an troightheach
75] criaidh-iarainn, an pobal coitcheann ó shoin amach; an sliabh úd do luaidheamair dar thuit an chloch, ceirt-bhreitheamhnas Dé; agus an chloch féin, an bás. Óir amhail do turnadh an chloch réamhráitte don tsliabh, do bhloghadh agus do bhriseadh na
híomháighe, go ndearnaidh luaithreadh dhi, is mar sin thuiteas
80] an chloch úd .i. an bás, don tsliabh .i. ceirt-bhreitheamhnas Dé gusan nádúir dhaonna, dá briseadh agus dá buan-raobadh idir cheann agus chois .i. idir uachtarán agus íochtarán, ionnus nach téid aon uaithe gan aidhmilleadh.

An seiseadh goin

Adeir fós Solamh san cheathramhadh caibidil déag in
85] Ecclesiastico go ndligheann gach aon bheith cuimhneach ar an


p.6

mbás. Ag so mar adeir: memor esto quia mors non tardat ‘bí
cuimhneach nach déin an bás moill gan teacht d'fhios gach
aoin.’ Más eadh bíodh a fhios ag gach aon gurab luaithe
chéimnigheas an bás sna haimsearaibh se ioná i dtús na
90] n-aimsear, mar is follus ar ré Ádhaimh, do mhair tuilleadh agus
naoi gcéad bliadhain, agus ar ré Mathasalem, do mhair an comhfhad céadna. Agus ní hiad amháin fuair ré fhada ón mbás réna linn féin, acht drong mhór oile maille riú sna haimsearaibh i rabhadar; ní hionann agus an aimsir se, óir is follus gurab tearc duine do-gheibh
95] os cionn cheathra bhfichid bliadhan, acht i gcruth gurab cuma dhó a bhás nó a bheatha ó shin amach, do réir mar adeir Dáibhídh san .89. Salm, octoginta anni, amplius labor et dolor ‘ceathra fichid bliadhan, ó shin amach duadh agus doilgheas.’ Is
follus do réir a ndubhramair go bhfuil an bás go cinnte i gcionn
100] gach aoin, idir óg agus arsaidh, idir uasal agus íseal, amhail adubhramair thuas.

An seachtmhadh goin

Gidh eadh faríor, is ionann dál do mhórán do dhaoinibh an tsaoghail se agus don lá luing bhíos ag imteacht an mhara i gcuinne a chéile; óir saoiltear lé lucht gach luinge dhíobh gurb
105] í a long féin bhíos 'na comhnaidhe, agus gurb í an long oile bhíos ar siubhal. Mar sin do mhóran do dhaoinibh bhíos ag maraidheacht ar mhuir mhailísigh na beatha so, saoiltear léo iad féin do mharthain i réim na beatha so agus cách dá mbreith ré buinne rabharta na ré tadhaill atá san bheathaidh se. Agus is iongnadh an dáil
110] dóibh, nach tuigid gan an bás do shíoth ris an nádúir dhaonna, agus é go laothamhail ag oirleach orra, agus fós é agá sloidhe agus agá snámh-chnaoi go fóill, amhail shnigheas gainimh na huaire san urláisde, ionnus gurab ionann dáil dona daoinibh do leith an bháis agus don druing do bhiadh damanta i bpríosún, agus a bhara fá gach aon aca
115] bás d'fhulang diaidh i ndiaidh ar uainibh do réir thoile an ríogh.

An t-ochtmhadh goin

Mar sin iomorra do-ní bás ris na daoinibh; óir mar nach feas dona coireachaibh cia dhíobh dá gcinntear bás ar dtús,


p.7

mar sin dona daoinibh i gcoitchinne. Agus is uime sin adubhairt Thomas Morus, amhail léaghthar san dara caibidil déag
120] dá bheathaidh, cibé cimeach agá mbí dá chonair ré triall dó ón charcair go croich, agus slighe dhíobh fada agus an tslighe oile gearr, nach feas dó cia dhíobh raon 'na dtriallfadh an básaire nó an céasdúnach gusan gcroich leis; mar sin dona daoinibh i gcoitchinne ag triall go croich na cinneamhna.


125] Agus is ag cur na guaise sin i gcuimhne dhúinn atá aní léaghthar ag Eóin san treas caibidil in Apocalypsi, ag labhairt i bpearsain Chríost mar a n-abair, si non vigilaveris veniam ad te tanquam fur ‘muna dhearna tú faire, tiocfad id dháil amhail bithbhineach.’ Dá chor i gcéill go dtig sé san mbás gan fhios,
130] an uair is lugha shaoiltear a theacht. Dá bhríogh sin ní foláir don uile dhuine bheith ollamh roimhe, ó atá an bás dearbh agus an aimsir aindearbh.

An naomhadh goin

Más eadh is é ollmhughadh is fearr dho do dhéanamh air féin, bheith ag sgrúdadh agus ag sgáthántacht agus ag bioth-chuimhniughadh
135] an bháis agus shomharbhthachta an duine do shíor, do réir Sholaimh san seachtmhadh caibidil in Ecclesiastico, mar a n-abair, memorare novissima et ca. ‘cuimhnigh a dhuine do neithe déidheancha, agus ní pheacóchair go bráth.’ Adeir mar an gcéadna Solamh san seachtmhadh caibidil do Leabhar na
140] hEagna, ní do bhíodh 'na mheanmain gach a mhionca tigeadh uaill a inntinne nó airde a aigeanta. Ag so aní adeireadh, sum quidem et ego mortalis homo, similis omnibus ‘is dearbh go bhfuilim-se im dhuine shomharbhtha amhail chách oile.’ Mar an gcéadna do réir mar léaghthar san cheathramhadh caibidil
145] déag do Ghníomharthaibh na n-Apstal, an tan do shanntuigheadh pobal Licaonia Pól agus Barnabas d'adhradh mar dhée tré iomad agus tré aidhbhsighe a ngníomh, agus tré mhéad a míorbhal, is eadh do-rónsad na hapstail, smuaineadh ar an mbás, agá rádh, et nos mortales sumus, similes vobis homines ‘ní fhuil ionainne acht
150] daoine somharbhtha mar sibhse.’ Agus is uime adubhradar sin, do theagasg an phobail agus dá thabhairt mar aiceacht dóibh,


p.8

gacha mhionca dobheidís i mbaoghal a n-uaille nó a n-aigeanta d'ardughadh, gurab eadh do dhlighfidís, smuaineadh frithir friochnamhach do dhéanamh ar an mbás, amhail do-rónsad féin
155] an tan dobhádar i mbaoghal a n-aigeanta d'ardughadh, an tan do bhí an pobal ar tí a n-adhartha mar dhéé. Óir ní héidir leigheas d'fhagháil i n-aghaidh urchóide na huaille is fearr ioná
smuaineadh meinic an bháis. Agus is iontuigthe sin as aní do-rinne Abraham, amhail léaghthar san .23. caibidil in Genesi .i.
160] gurab ionadh adhluicthe dhó féin agus dá mhnaoi céid-fhearann do cheannuigh sé riamh. Créad is iontuigthe as sin, acht gurab eadh dhligheas gach aon, smuaineadh an bháis do bheith i seilbh a mheanman ó thús a ré go deireadh a shaoghail?

An deachmhadh goin

Tuig a dhuine, nach lór duit amháin eagla nó omhan an
165] bháis do bheith ort i n-aimsir do sheanórdhachta nó th'arsaidheachta, acht go ndligheann gach neach bith-eagla an bháis do bheith air ó thosach go deireadh a aimsire. Atá fioghair san mBíobla ag teacht leis so, amhail léaghthar san chéad-chaibidil do Levitico, mar ar orduigh Dia dona sagartaibh clúmh na n-éan
170] n-iodhbartha do chor imeasg luaithe na hiodhbarta don taoibh thoir don altóir. Is eadh chialluigheas an taobh thoir don altóir, oirthear .i. tosach aoise an duine, amhail chialluigheas an taobh thiar earr nó deireadh na haoise; agus is eadh chialluigheas an clúmh agus an luaith do chor tréna chéile, smuaineadh sochrach
175] na somharbhthachta do chor tré eiteadhaibh uaille na hóige, do mhúchadh a hainmhian. Agus is ait an ní léaghthar ag Eustatius san seiseadh leabhar, mar ar sgríobh ar athach darbh ainm Antaeus. Ag so aní aithristear air: go ndeachaidh do ghleic ré hEarcuil, agus gach a mhionca do mhothuigheadh a neart
180] agá thraothadh, do iarradh árach ar an dtalmhain do phógadh, agus gach a mhionca do-níodh sin, do fhásadh a bhruth agus a bhríogh arís ann. Mar an gcéadna dhligheas Antaeus .i. an duine, an
tan bhíos ag gleic ré Hercules .i. ris an aibhirseóir, agus bhraitheas a bhríogh spioradálta agá chlódh lé gleic ghuasachtaigh na glóire
185] díomhaoine, árach na humhlachta d'iarraidh, do chromadh agus


p.9


do chlaonadh na toile do phógadh na talmhan, do shíor-smuaineadh na somharbhthachta atá san gcolainn do dhúthchus ón talmhain. Óir tiocfaidh dhe sin aithbheódhadh a bhríogh spioradálta ó anuaill na glóire díomhaoine. Mar an gcéadna
190] adeirim ris an saoghal cromadh trésan déirc, nó ris an gcolainn cromadh trésan dtrosgadh, nó tré chiorrbhadh cuirp.

An t-aonmhadh goin déag

Ní fhuil fós easbaidh spioradálta dá mbí ar dhuine nach leighiseann smuaineadh meinic an bháis. Agus is dearbhadh air sin aní léaghthar ag Lucas san chúigeadh caibidil mar do leighis
195] Críost an dall nach facaidh a bheag nó a mhór ó do geineadh é gusan dtráth soin. Is amhlaidh iomorra do-rinne Críost sin, sileadh do chur i gcuid do luaithreadh na talmhan, agus laitheach do dhéanamh dhíobh, agus a gcomailt do shúilibh an daill, agus tug a radharc amhlaidh sin dó. Mar an gcéadna dhligheas gach
200] aonduine bhraitheas é féin dall ó dhoilbh-cheó dhoiléir an pheacaidh, as nach léir dhó a leas do dhéanamh, léigeadh sileadh do dhéaraibh an doilgheasa ar luaithreadh na somharbhthachta atá ann féin, agus coimleadh sin do rosgaibh a rúin, agus do-ghéabhaidh aiseag amhairc a intinne as.

An dara goin déag


205] Léaghthar san .22. caibidil do Levitico mar do orduigh Dia dona sagartaibh gan chaoirigh ar bioth ar a mbiadh easbaidh earbaill do ghabháil réna hiodhbradh. Mar an gcéadna ní ghabhann Dia mar iodhbairt chuige an duine ar nach bí earball .i. an té léigeas de gan bheith ag smuaineadh ar a chrích
210] dhéidheanaigh. Óir adeir S. Athanasius naomhtha gurab uime do mhalluigh Críost crann na bhfígeadh, tré mar is do dhuille chroinn na bhfígeadh do chuir Ádhamh roimhe i bparrthus a shomharbhthacht féin do cheilt, tuilleadh agus cheithre mhíle bliadhan sul do mhalluigh Críost an crann. Is iontuigthe as
215] soin gurab tuar malluightheachta don druing cheileas, nó chuireas ar ceal, cuimhne do bheith aca ar shomharbhthacht an duine
san chrích dhéidheanaigh; agus is iad an drong soin an lucht do-bheir


p.10

iad féin do shainnt an tsaoghail agus d'ainmhianaibh na colna agus do ghlóir dhíomhaoin. Óir saoilid an drong soin go mairfeadh
220] sin leó do shíor. Gidh eadh, mar nár dhíon an duille réamhráitte sin somharbhthacht Ádhaimh, mar an gcéadna ní dhíonaid na dubháilce ná na droich-bhéasa ná saidhbhreas ná díomhaoineas an tsaoghail se an drong do-ní flaitheas díobh, agus do-bheir i ndearmad agus i ndíochuimhne a gcríoch dhéidheanach.

An treas goin déag


225] Ní hionann iomorra dál don druing se agus do Mhaoise, do réir mar léaghthar san treas caibidil déag in Exodo. Óir gérbh iomdha ór agus airgead agus iolmhaine i n-imirce Chloinne Israel, is eadh fá muirear agus fá maoin do Mhaoise ag dol dó trésan Muir Ruaidh, luaithreadh agus taise na naomh, agus go háirithe taise an
230] ardathar .i. Ioseph, do réir na caibidleach céadna, mar a n-abair, tulit quoque Moyses ossa Ioseph ‘do iomchuir mar an gcéadna Maoise cnámha Ioseph.’ Agus is dona hadhbharaibh fá ndearna sé sin, mar chuimhniughadh ar an mbás agus ar shomharbhacht an duine. Léaghthar ag Andreas Massius san chaibidil
235] déidheanaigh ro sgríobh ar leabhar Iosue gur chuir an t-ard-athair Noe taise Ádhaimh i dtaisgidh san áirc ré hucht na dílinne, mar ionnmhus luachmhór, ionnus go mbiadh aige mar shaidhbhreas réna roinn idir a chloinn, amhail do-rinne. Óir tug sé an ceann don mhac fá sine, agus do roinn go cudroma an chuid oile idir an
240] dís oile. Agus is uime do-rinne sé sin, do bhríogh gur mheas gur mhó do shochar dá chloinn na taise sin, do-bhéaradh an bás 'na gcuimhne, do bheith aca, ioná ór agus iolmhaoine na cruinne.

An ceathramhadh goin déag

Ní hiongnadh an meas soin do bheith ag an hardaithreachaibh réamhráitte a sochar chuimhnighthe an bháis, agus a mhionca do
245] bhí cuimhne ag prionnsadhaibh págánta ar an mbás. Bíodh a fhiadhnaise sin ar Alexander, do réir mar léaghthar 'na bheathaidh go raibhe lá n-aon ag éisteacht ealadhan agus eólais ó fheallsamhnaibh feasacha foghlamtha a theaghlaigh agus a thighe féin; agus an tan do gheall a mbreath féin dóibh, is é ní do iarrsad


p.11


250] air, iad féin do dhéanamh domharbhtha. Do fhreagair dhóibh agus
is eadh adubhairt: ‘Ní thabhair duine uaidh aní nach bí aige; agus do bhríogh nach fuil domharbhthacht agam, ní fhéadaim a tabhairt daoibh-se. Agus a thruagha, ar sé, nach tuigthí gurab duine mise, agus dá réir sin go bhfuilim féin somharbhtha amhail
255] gach nduine oile.’

An cúigeadh goin déag

Léaghthar arís ar Aelianus, san chúigeadh caibidil déag don naomhadh leabhar ar Philip, athair Alexander, go mbíodh an uiread soin do chuimhne ar an mbás aige, go dtug sé tuilleamh agus tuarastal do thaoiseach dá mhuinntir fá thoidheacht dá fhios
260] gacha maidne lé forfhógra an bháis agá rádh, O Rex, memento te esse hominem ‘a rí, cuimhnigh gurab duine thú, agus dá réir sin go bhfuile somharbhtha amhail chách.’

An seiseadh goin déag

Léaghthar mar an gcéadna ag Plutarc, san gcéad-obair ro sgríobh go Apollonius, gur fhiafraigh rí anuaibhreach na Lacedemonia
265] darbh ainm Pausanias, d'fheallsamh fhoghlamtha do bhí 'na fhochair darbh ainm Simonides, créad an teagasg tarbhach nó an chomhairle chríonna do-bhéaradh dhó, lé bhféadfadh a fhlaitheas do stiúradh, agus a bheatha do thabhairt as go measardha. Do fhreagair Simonides agus adubhairt, ‘ag so an chomhairle is
270] glioca do-cíthear dhamh: O Rex, memento te esse hominem, a rí, cuimhnigh gurab duine thú.’ Dá chor i gcéill go raibhe sé somharbhtha. Óir do mheas an feallsamh fír-eólach, nach raibhe san domhan foirceadal ná teagasg budh tarbhaighe dhó ré a thabhairt don rígh, ioná an bás do chor i gcuimhne dhó, do
275] mhúchadh a mhacnais agus a mheanman, agus d'ísliughadh a uaille agus a ard-aigeanta.

An seachtmhadh goin déag

Léaghthar ag Plutarc san leabhar dá ngoirthear Fleadh na n-Eagnaidheach, go raibhe rí san Éigipt do bhí roi-eagnaidhe, dar bh'ainm Ptolomeus Philadelphus, agus go mbíodh aige do ghnáth, ré
280] linn bheith ag caitheamh a phroinne dhó, cloigeann duine mhairbh


p.12

ar an mbord 'na fhiadhnaise, agus fós fá héigean dá fheadhmannach, ar mbeith ag caitheamh a phroinne dhó, seasamh 'na fhiadhnaise agá radh, ‘A rí agus a thighearna, cuimhnigh go raibhe fear an chloiginn se mar ataoi-se, agus go mbiaidh tusa amhail atá-san.’
285] Léaghthar san áit chéadna go raibhe 'na ghnáthughadh ag lucht na hÉigipte, an tan do bhídís ar cóisir nó ar cuireadh choithcheann, ré freastal an bhídh ar na bordaibh, go dtigeadh fear friothóilte imeasg cháich ré suidhe dona huaislibh agus dona hurraidhibh, agus taise dhuine mhairbh leis dá leagadh ar na bordaibh i
290] bhfiadhnaise na n-uasal agus na n-oireach, agá rádh: ‘A chairde tairise, cuimhnighidh gur éagsad an dream dar chnámha na taise se, agus go n-éagfuidhe-se mar an gcéadna.’

An t-ochtmhadh goin déag

Is iomdha sompla oile do fhéadfamaois do thabhairt anuas ar Phágánchaibh, léigfeamaoid dínn don chur so gan teacht tarsa. Gidh eadh, bíodh a fhios agaibh gurab dona céad-aiceachtaibh tug Dia don duine smuaineadh ar an mbás, an tan adubhairt ré hÁdhamh, an tan do chaithfeadh ní do thoradh an chroinn, go bhfuighbheadh bás, do réir mar léaghthar san dara caibidil in Genesi; agus arís, mar do innis don duine gurab do
300] luaithreadh do-rinneadh, agus gurb i luaithreadh do claochlódhthaoi é, ag cor an bháis i gcuimhne dhó, amhail léaghthar san treas caibidil. Agus fós léaghthar san chaibidil chéadna gurab do chroicnibh beathadhach marbh do-rinne Dia an céid-éadach d'Ádhamh agus d'Éva, do chor an bháis i gcuimhne dhóibh, ionnus
305] an tan do-chífidís croicne na mbeathadhach marbh, gomadh cumhain leó an bás do bheith i gcinneadh dhóibh féin.

An naomhadh goin déag

Is iontuigthe as aní léaghthar san ochtmhadh caibidil déag ag Ieremias, nach fuil sgol ar bioth 'nar tarbhaighe do neach dol d'fhoghlaim a leasa ioná go ceardchain an bháis, d'fhagháil
310] fheasa agus eólais ar an somharbhthacht atá i gcinneadh dona daoinibh i gcoitchinne. Óir an tan do bhí Dia ar tí Ieremias do theagasg, is eadh adubhairt ris, dul isteagh i gceardchain 'na


p.13

raibhe ceard chorcán gcriadh do dhéanamh. Agus ar ndol dó isteagh san gceardchain, is amhlaidh do bhí an ceard, agus crocán
315] ar deil aige dá ollmhughadh; agus sul do dhealuigh ris an roth, do bhris aige. An dara feacht do thiomsuigh an gcriaidh gcéadna, agus do ghabh agá suathadh, go ndearna corcán oile dhi. Mar sin dó ris na crocánaibh, óir do bhriseadh cuid díobh sul do thiormuighdís aige, agus cuid oile d'éis tiormuighthe. Go
320] fáith-chiallach, is é an ceard úd an nádúir dhaonna, agus an roth beatha an duine, ó thig anam ann go fagháil bháis dó; an soitheach criadh an duine; agus an cheardcha úd sgol sgrúduighthe an bháis. Agus is eadh chialluighid na crotha éagsamhla ar a bhfaghaid na daoine bás, mar atá, cuid díobh sul bheirthear iad, agus cuid oile iarna
325] mbreith, cuid iona n-ógánchaibh agus cuid 'na seanóiribh. Agus is córaide an coimmeas so do dhéanamh idir an gcriaidh agus an duine, mar adeir Iob san .30. caibidil, Comparatus sum luto ‘atáim arn-am choimmeas ré lathaigh.’ Dá chor i gcéill gurab amhlaidh theagmhas don duine amhail theagmhas don lathaigh
330] nó don chriaidh bhíos i gceardchain na soitheach gcriadh, amhail adubhramar. Créad is iontuigthe as so, acht nach fuil cruth ar bioth 'na mbí an duine acht cruth 'na bhfuil sé somharbhtha? Agus is dá chor so i gcéill tug Dia an taisbéanadh úd do Ieremias, ré a chor i gcéill do Chloinn Israel do bhí díomsach doitheagaisg
335] ionnta féin, do bhríogh gur mheas nach raibhe sás a meanman do mhúchadh agus a n-uaille d'ísliughadh dob fhearr ioná an bás do bhagar orra.