Electronic edition (based on a file donated by Foclóir na Nua-Ghaeilge) compiled by Beatrix Färber
Funded by School of History, University College, Cork
1. First draft.
Extent of text: 146 250 words
Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G100055
Availability [RESTRICTED]
Available under a Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa).
This text was first published in electronic form on http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx. CELT is grateful for permission to use it under a Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike. You can purchase the book containing this text via the DIAS bookshop website (https://books.dias.ie/index.php).
CELT: Corpus of Electronic Texts
The present text represents pages 3338 of volume 1; addenda and corrigenda were integrated by Foclóir na Nua-Ghaeilge. Manuscript readings and variants, and all additional materials compiled by the editor are omitted. There is no Englih translation.
Volume 1 has been proofread at Foclóir na Nua-Ghaeilge, and further checking has taken place at CELT. Any further corrections of errors are welcome and will be credited to the scholars who submit them.
The electronic text represents the edited text with the corresponding line numbering. Bergin elucidates his editorial policy on pp xxi of his Introduction.
Quotation marks are tagged q.
Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break or line-break, the break is marked after completion of the hyphenated word (and accompanying punctuation mark).
DIV0=the whole work; div1=the book; div2=the article; div3=the section; paragraphs are marked; passages of verse occurring within paragraphs are treated as embedded texts; stanzas are marked lg, and metrical lines are marked l. Page-breaks are marked pb n="".
Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.
A small selection of personal names and titles of works have been tagged. A more complete encoding is envisaged in a future edition.
This text uses the DIV2 element to represent the Alt.
Created: 1631 (1631)
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Foclóir na Nua-Ghaeilge, Royal Irish Academy, Dublin (ed.)
Ag so síos Trí Bior-ghaoithe an Bháis, mar a dtráchtar ar na trí básaibh atá 'na mbearnaibh baoghail ar an duine, agus mar a gcoi-meastar ré chéile iad, agus mar a gcuirthear síos tuarasgbháil an bháis chorpardha, agus mar a bhfoillsighthear cionnus fhéadas duine é féin d'iongabháil ar an dá bhás oile, mar atá bás na coire agus bás na péine;
Arna sgríobhadh agus arna gcor i n-eagar agus arna gcnuasach le Séathrún Kéitinn, sagart agus doctúir diadhachta, agus atáid arna roinn i dtrí leabhraibh, agus gach leabhar díobh roinnte i n-altaibh, agus gach alt i ngonaibh, mar bhus follus don léaghthóir.
Statutum est hominibus semel mori do horduigheadh dona daoinibh aon-uair amháin bás d'fhagháil, do réir Phóil san naomhadh caibidil gusna hEabhraidhibh.
Is uime cheana rug Dia an daoir-bhreath so ar na daoinibh,
5]
tré choill a chána don chéad-athair ór fhásadar .i. Ádhamh.
Óir do fhógair Dia, i bpéin bháis d'imirt ar Ádhamh agus ar a
shliocht, gan toradh chroinn na haithne do fhromhadh, do réir
mar léaghtar san dara caibidil in Genesi. Agus do bhríogh
gurab é Ádhamh budh ceann fine ar a chlann-mhaicne féin, do
10]
luigh dochar agus daoirse na breithe sin air féin agus ar gach aicme dar
chin uaidh, agus dá ngeinfidh go bruinne an bhrátha. Agus ó's
d'ainiarsma na breithe sin táinig an bás dá rochtain féin,
roichfidh an bás céadna gach aon dár fhás agus dá bhfásfaidh
uaidh go foirceann an bheatha, an mhéid nach fuair bás cheana
15]
dhíobh.
Is é an bás so do taisbéanadh i riocht reithe do Daniel fáidh,
an tan do-chonnairc reithe ag beartughadh a adharc ar cheathra
hairdibh an domhain fa seach, agus nach féadadh beathadhach ar
bioth cathughadh ris, ná é féin do dhíon ar a láimh, acht do-níodh
20]
do réir a thoile féin orra, do réir mar léaghthar san
ochtmhadh caibidil ag Daniel chéadna. Tuig cheana do réir na
háite sin go raibhe adharc ag an reithe sin dobudh faide ioná an
Is ar anfhorlannaibh an bháis se agus ar a ghnéithibh laibheóram
30]
san trácht so síos, agus do bhríogh nach cumhachtach sinn féin ris
aní se do chuireamair romhainn do chríochnughadh mar is
díol, gan congnamh speisialta an Spiorad Naoimh, guidheam ar
n-eadarghuidhtheóir agus ar n-abhacóideach Muire Mháthair, dá
iarraidh uirre a himpidhe do chur ar an Spiorad Naomh, fá
35]
gach ní dá gcuirfeam san trácht so do dhul i nglóir do Dhia, agus
i sochar agus i soileas dona Críostaighthibh i gcoitchinne.
Measaim gurab é an bás, an marcach úd an eich bháin do
taisbéanadh d'Eóin, do réir mar léaghthar san seiseadh caibidil
in Apocalypsi. Is amhlaidh iomorra do-chonnairc Eóin an
40]
marcach so, agus coróin fána cheann, agus bogha 'na láimh, ré buaidh
2 do bhreith as gach aird. Is eadh cheana chialluigheas an
choróin do bhí fána cheann, gur dhearbh leis buaidh do bhreith
ar gach n-aon ré gcaithfeadh soighead gáibhtheach an ghalair a
bogha bhríoghmhar an bháis.
45] Atáid briathra san cheathramhadh caibidil déag don dara
leabhar do Leabhraibh na Ríogh as a dtuigthear go bhfuil an
bás i gcinneadh dá gach aon-duine go coitcheann, mar a n-abair
Dáibhídh, omnes morimur etca. do-gheibhmid uile an bás, agus
tuitfeamaoid ré fánaidh amhail na huisgeadha.
50] Atá fioghair san treas caibidil ag Daniel as a dtuigthear nach
gabhann an bás ag druing ar bioth dona daoinibh. Do-chonnairc
Adeir fós Solamh san cheathramhadh caibidil déag in
85]
Ecclesiastico go ndligheann gach aon bheith cuimhneach ar an
Gidh eadh faríor, is ionann dál do mhórán do dhaoinibh an
tsaoghail se agus don lá luing bhíos ag imteacht an mhara i
gcuinne a chéile; óir saoiltear lé lucht gach luinge dhíobh gurb
105]
í a long féin bhíos 'na comhnaidhe, agus gurb í an long oile bhíos
ar siubhal. Mar sin do mhóran do dhaoinibh bhíos ag maraidheacht
ar mhuir mhailísigh na beatha so, saoiltear léo iad féin do
mharthain i réim na beatha so agus cách dá mbreith ré buinne rabharta
na ré tadhaill atá san bheathaidh se. Agus is iongnadh an dáil
110]
dóibh, nach tuigid gan an bás do shíoth ris an nádúir dhaonna, agus é
go laothamhail ag oirleach orra, agus fós é agá sloidhe agus agá
snámh-chnaoi go fóill, amhail shnigheas gainimh na huaire san urláisde,
ionnus gurab ionann dáil dona daoinibh do leith an bháis agus don
druing do bhiadh damanta i bpríosún, agus a bhara fá gach aon aca
115]
bás d'fhulang diaidh i ndiaidh ar uainibh do réir thoile an ríogh.
Mar sin iomorra do-ní bás ris na daoinibh; óir mar nach feas dona coireachaibh cia dhíobh dá gcinntear bás ar dtús,
125] Agus is ag cur na guaise sin i gcuimhne dhúinn atá aní
léaghthar ag Eóin san treas caibidil in Apocalypsi, ag labhairt
i bpearsain Chríost mar a n-abair, si non vigilaveris veniam ad
te tanquam fur muna dhearna tú faire, tiocfad id dháil amhail
bithbhineach. Dá chor i gcéill go dtig sé san mbás gan fhios,
130]
an uair is lugha shaoiltear a theacht. Dá bhríogh sin ní foláir
don uile dhuine bheith ollamh roimhe, ó atá an bás dearbh agus
an aimsir aindearbh.
Más eadh is é ollmhughadh is fearr dho do dhéanamh air
féin, bheith ag sgrúdadh agus ag sgáthántacht agus ag bioth-chuimhniughadh
135]
an bháis agus shomharbhthachta an duine do shíor, do réir
Sholaimh san seachtmhadh caibidil in Ecclesiastico, mar a
n-abair, memorare novissima et ca. cuimhnigh a dhuine do
neithe déidheancha, agus ní pheacóchair go bráth. Adeir mar an
gcéadna Solamh san seachtmhadh caibidil do Leabhar na
140]
hEagna, ní do bhíodh 'na mheanmain gach a mhionca tigeadh
uaill a inntinne nó airde a aigeanta. Ag so aní adeireadh, sum
quidem et ego mortalis homo, similis omnibus is dearbh go
bhfuilim-se im dhuine shomharbhtha amhail chách oile. Mar
an gcéadna do réir mar léaghthar san cheathramhadh caibidil
145]
déag do Ghníomharthaibh na n-Apstal, an tan do shanntuigheadh
pobal Licaonia Pól agus Barnabas d'adhradh mar dhée tré iomad
agus tré aidhbhsighe a ngníomh, agus tré mhéad a míorbhal, is eadh
do-rónsad na hapstail, smuaineadh ar an mbás, agá rádh, et nos
mortales sumus, similes vobis homines ní fhuil ionainne acht
150]
daoine somharbhtha mar sibhse. Agus is uime adubhradar
sin, do theagasg an phobail agus dá thabhairt mar aiceacht dóibh,
Tuig a dhuine, nach lór duit amháin eagla nó omhan an
165]
bháis do bheith ort i n-aimsir do sheanórdhachta nó th'arsaidheachta,
acht go ndligheann gach neach bith-eagla an bháis do
bheith air ó thosach go deireadh a aimsire. Atá fioghair san
mBíobla ag teacht leis so, amhail léaghthar san chéad-chaibidil
do Levitico, mar ar orduigh Dia dona sagartaibh clúmh na n-éan
170]
n-iodhbartha do chor imeasg luaithe na hiodhbarta don taoibh
thoir don altóir. Is eadh chialluigheas an taobh thoir don
altóir, oirthear .i. tosach aoise an duine, amhail chialluigheas an
taobh thiar earr nó deireadh na haoise; agus is eadh chialluigheas
an clúmh agus an luaith do chor tréna chéile, smuaineadh sochrach
175]
na somharbhthachta do chor tré eiteadhaibh uaille na hóige, do
mhúchadh a hainmhian. Agus is ait an ní léaghthar ag
Eustatius san seiseadh leabhar, mar ar sgríobh ar athach
darbh ainm Antaeus. Ag so aní aithristear air: go ndeachaidh do
ghleic ré hEarcuil, agus gach a mhionca do mhothuigheadh a neart
180]
agá thraothadh, do iarradh árach ar an dtalmhain do phógadh,
agus gach a mhionca do-níodh sin, do fhásadh a bhruth agus a bhríogh
arís ann. Mar an gcéadna dhligheas Antaeus .i. an duine, an
tan bhíos ag gleic ré Hercules .i. ris an aibhirseóir, agus bhraitheas
a bhríogh spioradálta agá chlódh lé gleic ghuasachtaigh na glóire
185]
díomhaoine, árach na humhlachta d'iarraidh, do chromadh agus
Ní fhuil fós easbaidh spioradálta dá mbí ar dhuine nach
leighiseann smuaineadh meinic an bháis. Agus is dearbhadh air
sin aní léaghthar ag Lucas san chúigeadh caibidil mar do leighis
195]
Críost an dall nach facaidh a bheag nó a mhór ó do geineadh
é gusan dtráth soin. Is amhlaidh iomorra do-rinne Críost sin,
sileadh do chur i gcuid do luaithreadh na talmhan, agus laitheach
do dhéanamh dhíobh, agus a gcomailt do shúilibh an daill, agus tug a
radharc amhlaidh sin dó. Mar an gcéadna dhligheas gach
200]
aonduine bhraitheas é féin dall ó dhoilbh-cheó dhoiléir an
pheacaidh, as nach léir dhó a leas do dhéanamh, léigeadh
sileadh do dhéaraibh an doilgheasa ar luaithreadh na somharbhthachta
atá ann féin, agus coimleadh sin do rosgaibh a rúin, agus do-ghéabhaidh
aiseag amhairc a intinne as.
205] Léaghthar san .22. caibidil do Levitico mar do orduigh Dia
dona sagartaibh gan chaoirigh ar bioth ar a mbiadh easbaidh
earbaill do ghabháil réna hiodhbradh. Mar an gcéadna ní
ghabhann Dia mar iodhbairt chuige an duine ar nach bí earball
.i. an té léigeas de gan bheith ag smuaineadh ar a chrích
210]
dhéidheanaigh. Óir adeir S. Athanasius naomhtha gurab uime
do mhalluigh Críost crann na bhfígeadh, tré mar is do dhuille
chroinn na bhfígeadh do chuir Ádhamh roimhe i bparrthus a
shomharbhthacht féin do cheilt, tuilleadh agus cheithre mhíle
bliadhan sul do mhalluigh Críost an crann. Is iontuigthe as
215]
soin gurab tuar malluightheachta don druing cheileas, nó chuireas
ar ceal, cuimhne do bheith aca ar shomharbhthacht an duine
san chrích dhéidheanaigh; agus is iad an drong soin an lucht do-bheir
225] Ní hionann iomorra dál don druing se agus do Mhaoise, do réir
mar léaghthar san treas caibidil déag in Exodo. Óir gérbh
iomdha ór agus airgead agus iolmhaine i n-imirce Chloinne Israel,
is eadh fá muirear agus fá maoin do Mhaoise ag dol dó trésan Muir
Ruaidh, luaithreadh agus taise na naomh, agus go háirithe taise an
230]
ardathar .i. Ioseph, do réir na caibidleach céadna, mar a n-abair,
tulit quoque Moyses ossa Ioseph do iomchuir mar an gcéadna
Maoise cnámha Ioseph. Agus is dona hadhbharaibh fá ndearna
sé sin, mar chuimhniughadh ar an mbás agus ar shomharbhacht
an duine. Léaghthar ag Andreas Massius san chaibidil
235]
déidheanaigh ro sgríobh ar leabhar Iosue gur chuir an t-ard-athair
Noe taise Ádhaimh i dtaisgidh san áirc ré hucht na
dílinne, mar ionnmhus luachmhór, ionnus go mbiadh aige mar shaidhbhreas
réna roinn idir a chloinn, amhail do-rinne. Óir tug sé an ceann
don mhac fá sine, agus do roinn go cudroma an chuid oile idir an
240]
dís oile. Agus is uime do-rinne sé sin, do bhríogh
gur mheas gur mhó do shochar dá chloinn na taise sin, do-bhéaradh
an bás 'na gcuimhne, do bheith aca, ioná ór agus iolmhaoine na
cruinne.
Ní hiongnadh an meas soin do bheith ag an hardaithreachaibh
réamhráitte a sochar chuimhnighthe an bháis, agus a mhionca do
245]
bhí cuimhne ag prionnsadhaibh págánta ar an mbás. Bíodh a
fhiadhnaise sin ar Alexander, do réir mar léaghthar 'na
bheathaidh go raibhe lá n-aon ag éisteacht ealadhan agus eólais ó
fheallsamhnaibh feasacha foghlamtha a theaghlaigh agus a thighe
féin; agus an tan do gheall a mbreath féin dóibh, is é ní do iarrsad
Léaghthar arís ar Aelianus, san chúigeadh caibidil déag don
naomhadh leabhar ar Philip, athair Alexander, go mbíodh an
uiread soin do chuimhne ar an mbás aige, go dtug sé tuilleamh
agus tuarastal do thaoiseach dá mhuinntir fá thoidheacht dá fhios
260]
gacha maidne lé forfhógra an bháis agá rádh, O Rex, memento
te esse hominem a rí, cuimhnigh gurab duine thú, agus dá réir sin
go bhfuile somharbhtha amhail chách.
Léaghthar mar an gcéadna ag Plutarc, san gcéad-obair ro sgríobh
go Apollonius, gur fhiafraigh rí anuaibhreach na Lacedemonia
265]
darbh ainm Pausanias, d'fheallsamh fhoghlamtha do
bhí 'na fhochair darbh ainm Simonides, créad an teagasg tarbhach
nó an chomhairle chríonna do-bhéaradh dhó, lé bhféadfadh a
fhlaitheas do stiúradh, agus a bheatha do thabhairt as go measardha.
Do fhreagair Simonides agus adubhairt, ag so an chomhairle is
270]
glioca do-cíthear dhamh: O Rex, memento te esse hominem,
a rí, cuimhnigh gurab duine thú. Dá chor i gcéill go raibhe sé
somharbhtha. Óir do mheas an feallsamh fír-eólach, nach
raibhe san domhan foirceadal ná teagasg budh tarbhaighe dhó
ré a thabhairt don rígh, ioná an bás do chor i gcuimhne dhó, do
275]
mhúchadh a mhacnais agus a mheanman, agus d'ísliughadh a uaille agus a
ard-aigeanta.
Léaghthar ag Plutarc san leabhar dá ngoirthear Fleadh na
n-Eagnaidheach, go raibhe rí san Éigipt do bhí roi-eagnaidhe, dar
bh'ainm Ptolomeus Philadelphus, agus go mbíodh aige do ghnáth, ré
280]
linn bheith ag caitheamh a phroinne dhó, cloigeann duine mhairbh
Is iomdha sompla oile do fhéadfamaois do thabhairt anuas
ar Phágánchaibh, léigfeamaoid dínn don chur so gan teacht
tarsa. Gidh eadh, bíodh a fhios agaibh gurab dona céad-aiceachtaibh
tug Dia don duine smuaineadh ar an mbás, an tan
adubhairt ré hÁdhamh, an tan do chaithfeadh ní do thoradh an
chroinn, go bhfuighbheadh bás, do réir mar léaghthar san dara
caibidil in Genesi; agus arís, mar do innis don duine gurab do
300]
luaithreadh do-rinneadh, agus gurb i luaithreadh do claochlódhthaoi
é, ag cor an bháis i gcuimhne dhó, amhail léaghthar san treas
caibidil. Agus fós léaghthar san chaibidil chéadna gurab do
chroicnibh beathadhach marbh do-rinne Dia an céid-éadach
d'Ádhamh agus d'Éva, do chor an bháis i gcuimhne dhóibh, ionnus
305]
an tan do-chífidís croicne na mbeathadhach marbh, gomadh
cumhain leó an bás do bheith i gcinneadh dhóibh féin.
Is iontuigthe as aní léaghthar san ochtmhadh caibidil déag
ag Ieremias, nach fuil sgol ar bioth 'nar tarbhaighe do neach
dol d'fhoghlaim a leasa ioná go ceardchain an bháis, d'fhagháil
310]
fheasa agus eólais ar an somharbhthacht atá i gcinneadh dona
daoinibh i gcoitchinne. Óir an tan do bhí Dia ar tí Ieremias do
theagasg, is eadh adubhairt ris, dul isteagh i gceardchain 'na
An céad-shochar dhíobh, go dtabhair ar neach dimbríogh agus
neimhsheadh do thabhairt san tsaoghal, do réir mar adeir
340]
Ieronimus ag sgríobhah go Paulinus, mar a n-abair, facile
contemnit omnia qui se semper cogitat moriturum an tí smuaineas
350] Bíodh a fhiadhnaise sin ar aní léaghthar ag Galiensis, .i. go
raibhe aon-mhac duine uasail agá raibhe oighreacht mhór 'na
chomhair, go ghabh cuing chrábhaidh agus do thréig toicce an
tsaoghail ar ghrádh na bochtachta. Agus an tráth do-chualaidh
a athair sin, do ghabh fearg mhór é, agus do-chuaidh d'fhios an
355]
mhic, dá ghuidhe um thoidheacht as an ord bhocht 'na raibhe.
Do fhreagair an mac dhó, agus adubhairt nach tréigfeadh féin an
t-ord 'na raibhe ar an oighreacht do bhí aige-sean ré a fágbháil,
acht muna dtigeadh dhe an droch-nós do bhí 'na dhúthaigh do
chor ar gcúl; agus is é droch-nós do mhothaigh do bheith ann .i.
360]
gurab ionann tigeadh an bás do rochtain an óig agus an arsaidh, an
bhoicht agus an tsaidhbhir, an uasail agus an ísil. An an iomorra
do-chualaidh an t-athair uraghall an mhic, do thuig go raibhe an
bás d'áirithe ag gach aon-duine; agus dá bhríogh sin nár chuirthe
seadh sna sealbhaibh saoghalta. Agus leis sin do thréig féin a
365]
uile mhaitheas talmhaidhe ar an mbochtacht, amhail do-rinne a
mhac, mar do-chualabhair. Ag so is iontuigthe go dtig do
chuimhne an bháis neimhsheadh ag duine i maoin shaoghalta.
An dara sochar, go múchann macnas na colna; agus gurab
uime sin do bhagair Dia ar Ádhamh gurb do luaithreadh do-rinneadh
370]
é, agus gurab i luaithreadh do fillfidhe é, do bhríogh
nachar mheas sé leigheas ar bioth i n-aghaidh chraois agus antoile
Ádhaimh budh fearr ioná an bás do bhagar air. Agus fós is ag
cor aneithe se i gcéill atá aní léaghthar san naomhadh caibidil
Dearbhadh oile fós air sin aní léaghthar ag Isidorus, san
dara caibidil don seachtmhadh leabhar do Leabhraibh na
Sanasán, ar luaithreadh an chroinn dá ngoirthear iuniper .i. go
385]
gcaomhnann sí grís gan mhúchadh ar feadh bliadhna. Mar an
gcéadna do luaithreadh smuaintighthe an bháis, do-níthear do
chrann an choguais bhíos ar n-a uile-losgadh lé teine grádha Dé
ar altóir na hanma; cumhduighidh sí grís an ghrádha céadna
i n-aigneadh an fhíréin do shíor. Agus is é sochar thig dhe
390]
sin: an gcéin mhaireas grádh Dé i n-anam an fhíréin, nach
éidir éin-spréidh do theine na hantoile do mharthain 'na mheanmain,
amhail nach féadann teine ghrádha Dé marthain mar
aon ré hannsacht na hantoile. Agus cibé do shaoilfeadh go
bhféadfadh grádh ainmhianach na hantoile bheith mar aon ré
395]
grádh nDé, bíodh a fhios aige gur bréagach a bhreathnughadh.
Óir ní héidir a mheas go mbiadh dúil ag duine i gcraos agus i
ndrúis nó i ndroich-bheartaibh oile, agus iona gcur i ngníomh, agus a
fhios aige féin gurab neamhthoil ré Dia a ndéanamh, agus a rádh
go mbiadh grádh do Dhia i n-aoinfheacht riú aige.
400] Is iontuigthe fós as aní léaghthar ag Galiensis san leabhar dá
ngoirthear Toirbheart an Uamhain, go dtig múchadh na
n-ainmhian do smuaineadh an bháis; mar a léaghthar go raibhe
lá n-aon duine foghlamtha ainmhianach ag éisteacht ré beathaidh
na n-ard-aithreach úd an tsein-reachta agá léaghadh, agus an
405]
sgríbhinn agá fhaisnéis go maireadh drong dhíobh ós cionn ocht
Is uime sin atá aní léaghthar ag Galiensis, ar an ngnáthughadh
bhíos ann ré linn Phápa do dhéanamh. Téid iomorra
duine ar an raon roimhe, ré dtriall i nglóir-réim dhó, agus ultach do
bharrach lín aige, agus an tan loisgthear an líon lais adeir na
420]
briathra so: Pater Sancte, transit gloria mundi .i. a athair
naomhtha, is mar sin téid seacha glóir an domhain. Dá chor
i gcéill gurab sás sriain do chor ré macnas na colna smuaineadh
an bháis. Agus is uime sin do dheónuigh Dia do Chloinn
Israel, ré hucht bheith ag déanamh crábhaidh, luaithreadh
425]
do chrothadh ar a gceannaibh, dá chor i gcuimhne dhóibh a
mbeith féin fá dheóidh iona luaithreadh. Agus is maith do
thuig Abraham a shomharbhthacht féin, do réir mar léaghthar
san ochtmhadh caibidil déag in Genesi, mar a n-abair, loquar
ad Dominum cum sim cinis et pulvis labheóraidh mé ris an
430]
dTighearna, ar mbeith im luaith agus im luaithreadh dhamh.
Adeir fós Solamh san seachtmhadh caibidil déag in Ecclesiastico
ní as a dtuigthear nach fuil acht talamh agus luaith san cholainn
daonna, mar a n-abair, omnis homo terra et cinis is talamh agus
is luaithreadh na huile dhaoine. Agus is ag cur an bháis chéadna
435]
i gcuimhne dhúinn atá an fógra tug Dia do Chloinn Israel,
amhail léaghthar san naomhadh caibidil déag do Leabhar na
Nuimhreach, mar do aithin díobh luaith na bó do bheith ar n-a
hiodhbairt do dhortadh i n-ionadh ro-ghlan. Dá chor i gcéill
go ndligheann an duine luaith a mheanman bhíos arna losgadh
Léaghthar san .28. caibidil in Exodo gur orduigh Dia don
ard-shagart Maoise anmanna dá threibh dhéag Israel do sgríobhadh
450]
ar dhá leic sé treabha ar gach leic dhíobh, do réir uird
a ngeineamhna. Agus is uime do dheónuigh Dia na treabha
soin do sgríobhadh ar na leacaibh, ionnus an dream do léighfeadh
anmanna na dtreabh soin iar n-éag dóibh, go dtugdaois i
gcuimhne an bás do bheith coitcheann dá gach aoin-treibh,
455]
agus dá gach aon-aicme don druing dhaonna.
Is do chor fós an bháis i gcéill atá aní léaghthar san .20.
caibidil in Exodo, mar ar fhoráil Dia ar Chloinn Israel altóire
criadh do dhéanamh mar a ndighéandaois a n-iodhbarta agus a
n-uile-losgadh. Dá chor i gcéill nach fuil acht cré ionnta féin,
460]
an tan bhíd ag foghnamh don Dúileamh, agus dá réir sin go
bhfuilid somharbhtha.
Is ag cor an bháis mar an gcéadna i gcuimhne dhúinn atá
aní léaghthar san .23. caibidil don cheathramhadh leabhar do
Leabhraibh na Ríogh, mar ar chuir Iosias Rí taise na marbh
465]
dá dtógbháil as na feartaibh agus dá losgadh ar altóir do láthair an
phobail, ionnus go dtiocfadh dona taisibh d'fhaigsin 'na luaith
go dtuigfeadh an pobal gur chinnte dhóibh féin bheith 'na luaith
fá dheireadh.
Léaghthar ag Tertullian san leabhar do sgríobh do Choróin
470]
an Ridire, gur nós idir na Rómhánchaibh, an tan do bhíodh
caiptín cosgrach dhíobh féin 'na charbad caithréime ag triall
go tóicheastalach i nglóir-réim tré a ghníomhaibh gaisgidh, do
bhíodh daoirseach iona seasamh láimh réna charbad ag aithis
agus iomcháineadh air, ag rádh na mbriathar so: respice post te,
475]
hominem te esse memento féach id dhiaidh, cuimhnigh gurab
duine thú. Is uime do bhí an nós so idir Rómhánchaibh, do
chor a chríche, .i. an bháis, i gcuimhne don chaithréimeach, do
mhúchadh a mhéide meanman, d'eagla go bhfásfadh a uaill
a los na glóir-réime 'na mbíodh.
480] Is eadh thrá dhligheas an duine do dhéanamh, amhail do-rinne
Agathocles rí na Sisile, do réir Policrates san chúigeadh
leabhar, mar a n-abair go gcleachtadh an rí réamhráitte cuirn
agus cuacha criadh do thabhairt fá-deara ar a dháileamh do fhreastal
go laothamhail ar a bhord. Agus an tan do fhiafruigh duine
485]
uasal dá mhuinntir dhe, créad fá bhfuilngeadh soitheach criadh
do chor dá láthair ar a bhord, agus a usacht dó easgar airgid nó
bleidhe béil-dearg óir do bheith ann, is eadh do fhreagair an rí,
gurab uime do ghnáthuigh na cuirn chriadh do chor ar a bhord,
do thabhairt uirísle na hinnmhe do bhí 'gá athair 'na chuimhne.
490]
Óir fá ceard chorcán gcriadh do dhéanamh an t-athair ór fhás
sé; ionnus an tan do-bhéaradh dá aire dearóile agus doimheastacht
an athar ór fhás féin, ré faigsin na gcorn gcriadh, go dtréigfeadh
a dhíomus agus a anuaill. Mar an gcéadna do dhlighfeadh gach
aon agá mbiadh toicce nó trom-chonách nó aird-innmhe
495]
shaoghalta aige, a mheas gurab dearóil díomhaoin an t-athair
ór fhás féin, .i. Ádhamh, an mhéid gurab de tháinig an cine
daonna do chor ó oighreacht fhlaithis Dé, agus an bás do bheith
i gcinneadh dá gach aon dá shliocht agus dá shíol-aicme.
Léaghthar san chúigeadh caibidil don cheathramhadh
500]
leabhar do Leabhraibh na Ríogh gur bhagair Eliseus ar Giezi
go mbiadh 'na lobhar, agus gach aon dá ngeinfidhe uaidhe. Mar an
gcéadna do bhagair Dia ar Ádhamh, do réir mar léaghthar
san dara caibidil in Genesi, go bhfuighbheadh féin agus gach aon
dá ngeinfidhe uaidh bás, tré choill na cána do chuir ar chrann
505]
na haithne i bparrthas. Agus atá sin agus gach ainiarsma oile
dá bhfuil 'na dhiaidh a los uilc agus ainghníomh Ádhaimh ag
tuitim i gcoitchinne ar a chloinn, ar mbeith galrach uile dhóibh
ó lubhra an phréimh-pheacaidh do chin ó Ádhamh ionnta.
Agus is uime sin adeir Pól, amhail léaghthar san chúigeadh
510]
caibidil déag don chéid-Eipistil do sgríobh gusna Coirintibh,
in Adam omnes moriuntur do-gheibhid na huile bás i n-Ádhamh.
Dá chor i gcéill gur chaill Ádhamh dhó féin agus dá shíol an
tearmann do bhí aca ón bhás, ar mbeith i staid an ionnracuis
dó, agus gur tuilleadh leis an bás do bheith i gcinneadh dhó féin
515]
agus dá shíol; agus gach ainiarsma oile atá 'na leanmhain, mar atá
fuacht agus teasbach, íota agus ocrus, taoma agus tinnis, galair ghéara
gháibhtheacha, agus gach amhgar oile lingeas orra; ionnus an
tan ghabhas an bás greim dhíobh agus thraothas iad, nach bí acht
cairn chrumh 'na gcorpaibh, agus nach bí acht fearta feil-ghníomh
520]
'na n-anmaibh, madh peacthaigh iad.
Gidh eadh, fa-ríor, ní thuigthear cor na cinneamhna go
cuimhneach lé hógaibh uallacha éigcríonna na haimsire se, an tan
bhíd ag breith a ruag reabhraidh, agus ag imirt a mbáire baoise, ag
déanamh cluiche lúibe agus liathróide, ag lámhach bonnsach agus bior-ghaoitheadh,
525]
agus ag eatrasa agus ag iomáin, agus fós ag ól agus ag
imirt, ag beannradh agus ag breasnaigheacht. Agus mo thruaighe na trocha
nach tuigid mar thig an bás go hobann dá bhfuadach leis go
meinic, an uair is mó bhíd i n-árach a n-il-chleas agus a n-antlás.
Agus saoilim go measaid na baotháin úd go mbí ceart cinnte
530]
aca ar ré shíordhaidhe d'fhagháil, mar nach tabhraid dá n-úidh
Gidh eadh, is eagail dóibh go n-aibeóraibh Dia riú amhail adubhradh
535]
ris an saidhbhir luaidhtear san dara caibidil déag ag Lúcás, mar a
n-abair ris an saidhbhir gcéadna do shaoil é féin do bheith i
gcéim ard i roth na réime aimseardha, stulte, hac nocte
animam tuam repetent a te, quae autem parasti cuius erunt a
amadáin, iarrfaidh siad aiseag h'anma san oidhche anocht ort;
540]
cia trá 'gá mbeid na neithe do ollmhuighis? Dá chor i
gcéill tar ceann gur shaoil an toicceach nach raibhe baoghal
air féin ar mbeith dhó i mí aoibhill a ratha saoghalta, nó gur
ling an bás go hobann air, lér sgaradh ris gach sochar saoghalta
é gurab mar an gcéadna theagmhas go meinic don óg agus don
545]
arsaidh anollamh. Tig an bás go meinic dá mbreith, an tan is
lugha bhíos a uamhan orra, agus caillid a lúth agus a láthar, a
ngné agus a maise agus a maoin agus gach sochar oile ó shin amach. Agus is é sin
do-ní Iob d'éagnach ar an mbás, amhail léaghthar san .30.
caibidil do Leabhar Iob mar a n-abair, abstulit quasi ventus desiderium
550]
meum, et velut nubes pertransiit salus mea do fhuaduigh
mar ghaoith mo mhian, agus do-chuaidh mo shláinte seocham amhail
néall. Dá chor i gcéill go ndealuigheann an bás ris an duine
a mhaise, a mhiana, agus a mhaitheas saoghalta. Gidh eadh, bíd
drong do dhaoinibh doitheagaisg ann, ionnus nach bí feidhm
555]
an bás do bhagar orra, do bhríogh go saoilid nach bí aca féin
acht léim do bhreith a sódh agus a sádhaile na beatha so go
grinneall na glóire síordhaidhe.
Acht cheana, mealltar an dream so, amhail do mealladh an
saidhbhir sádhail luaidheas Lúcás san seiseadh caibidil déag, do
560]
chleachtadh é féin d'oirneadh d'éadaighibh sróill agus síoda agus sigir,
do phurpur agus do bhiosóir, agus fós é féin do bhiathadh do bhiadhaibh
séimhe soineamhla sochaithmhe, agus do dheochaibh milse míne
Léaghthar ag Galiensis go raibhe duine dh'áirithe ag teitheadh
575]
rés an mbeathadhach dá ngoirthear aon-adharcach, nó gur thuit
i bhfairthis nó i ndeirc dhomhain, áit i bhfacaidh crann, agus dá
luchóig, luchóg díobh bán agus an luchóg oile dubh, agus iad ag
tochailt fhréimhe an chroinn. Agus do-chonnairc dragún
uathbhásach ar ghrinneall na deirce ar tí é féin do shlogadh.
580]
Do-chonnairc mar an gcéadna i sleasaibh na deirce cheithre
cinn nathrach neimhe dá ngoirthear aspides, agus iad ar tí a
sháir-itte. Agus ré tógbháil a shúl suas do-chonnairc beagán
meala ag sileadh do ghéagaibh an chroinn. Agus ar ndearmad
gach guaise 'na raibhe ós a chionn, tug amus d'iarraidh milse
585]
na meala gan féachain don ghuasacht 'na raibhe. Féadtar a
rádh go fáthach gurab é an duine úd do bhí ag teitheadh an
peacthach; an aon-adharcach, an bás; an deirc, an domhan;
an crann, bile barr-úr na beatha; an luch bhán agus an luch dhubh,
an lá agus an oidhche; na ceathra cinn nathrach, na ceithre dúile
590]
dá ndéantar an corp; an dragún, an diabhal; na braoin mheala,
an sólás saoghalta.
Is truagh, ó tá an gadhar saothair se, .i. an bás, ag seilg na hanma, nach tabhair an duine dá aire deirc dhuaibhseach an domhain, ionnus go bhféadfadh é féin d'iomchosnamh ar lot
Is trésna guaisibh se do bheith i cionn an duine adeir
Dáibhídh ag labhairt ré lucht an díomusa mar a n-abair, ut quid
diligitis vanitatem et quaeritis mendacium créad fá dtugthaoi
grádh don díomhaoineas, créad fá n-iarrthar libh an bhréag?
605]
Dá chor i gcéill gurab éadtarbhach don druing do-bheir iad
féin do bhaoth-ghlóir na beatha aimseardha réim ná rath dá
bhfaghaid, agus na guaise réamhráitte 'na gcionn. Bíodh a
fhiadhnaise sin ar na daoinibh is oirdhearca do-chuaidh romhainn.
Óir níor chaomhain a cheannas feadhna Séasair, ná a neart
610]
Samson, ná a eagna Solamh, ná a áitheas Alexander, ná a áille
Absolón, ná a intleacht Aristotail, náid a bhriathra bláithe
briocht-shnoighthe Cicero, ná aon oile aon-acfuinn dá mbí ann,
ar ghuaisibh an bháis. Agus is uime sin adeir Ieremias, ag
smuaineadh ar anfhorlann luchta an díomusa, amhail léaghthar
615]
san seachtmhadh caibidil déag mar a n-abair, maledictus homo
qui confidit in homine is malluighthe an duine chuireas a
mhuinighin i nduine. Is eadh is iontuighthe as na briathraibh
se gurab malluighthe an tí chuireas a dhóigh i nduine dá mhéid,
agus ghiallas dá réir do dhéanamh i ngeall ar onóir shaoghalta,
620]
agus thréigeas toil Dé do dhéanamh i ngioll orra.
An treas sochar .i. cathuighidh smuaineadh an bháis ré
haimsighthibh an aidhbhirseóra, an mhéid go dturnann an
díomus fhoráileas an diabhal ar na daoinibh do bheith ionnta, do bhríogh
gurab é féin ard-fhlaith an uabhair, do réir Iob san
625]
.41. caibidil mar a n-abair, ipse est rex super omnes filios superbiae
is é súd is rí ar uile mhacaibh an díomusa. Dá chor i
Is uime sin do chleachtadh Democritus, do réir mar léaghthar
ag Laertius, caidreabh na mbeó do thréigean, agus dol i n-imchian
an fhásaigh do chinneadh chomhairle ré taisibh na marbh.
640]
Agus is í comhairle do-gheibheadh ón marbh, aní léaghthar
san .38. caibidil in Ecclo. mar a n-abair an marbh, memor esto
iudicii mei, erit tuum, hodie mihi, cras tibi bí cuimhneach
ar mo bhreitheamhnas-sa, a shamhail theigéamhas duit-se;
aniogh dhamh-sa, amárach dhuit-se. Dá chor i gcéill, amhail
645]
do slíobadh gach sochar saoghalta uaidh féin nó gur fágbhadh
folamh foghtha é, go dteigéamhaidh an creachadh céadna ar
an mbeó an tan éagas.
Léaghthar mar an gcéadna ag Laertius san seachtmhadh leabhar
go ndeachaidh Zenon d'iarraidh comhairle ar a láimh-dhéibh,
650]
cionnus do fhéadfadh a bheatha do thabhairt as go
subháilceach somholta. Do fhreagairsead dó, agus is eadh
adubhradar ris, dol do dhéanamh comhairle ris na marbhaibh.
Créad is iontuigthe as sin, acht gur dhearbh leó nach raibhe
sompla san bhioth is cinnte as a dtuigfeadh Zenon amhgar agus
655]
ainiarsma an duine, ioná ó bheith go frithir fuireachair friochnamhach
ag feitheamh thaiseadh na marbh. Óir tré shilleadh orra
is léir dó a lomnochtaighe fhágbhas an bás iad, dá mhéad do
bhí d'innmhe agus d'acbhuing 'na mbeathaidh aca.
Is cosmhail gur thuigeadar Gréagaigh an bhuaidh se do
660]
bheith i smuaineadh an bháis i n-aghaidh an díomusa, ar an
ngnáthughadh do bhí aca ré linn choróine do chor ar an
impire, do réir mar léaghthar ag Leontius i mbeathaidh na
n-aithreach, gur nós ag na Gréagachaibh, an lá do cuirthí coróin
ar an impire, agus do bhíodh ag triall i gcaithréim ghlórmhair ón
665]
dteampall go soiche a phálás féin, drong mhór do shaoraibh cloch
do chor ar an raon roimhe, agus clocha marmair ar a nguailnibh,
agus cuid dona clochaibh dubh, cuid bán, agus an chuid oile glas,
agá fhiafruighidh don impire cia dhíobh sin dath budh maith
leis do chur 'na thuama. Agus is uime do ghnáthuighidís sin,
670]
do chor an bháis i gcuimhne don impire, an tráth is mó do
mheasdaois a uaill do bheith ag ardughadh.
Tig leis so aní léaghthar ag Ieronimus san .55. Eipistil, ar
rígh do bhí ar an bPersia darbh ainm Xerxes. Ar dtiomsughadh
iomorra agus ar dtroim-thionól shluagh agus shochaidheadh ndíoáirmhighthe
675]
don rígh réamhráitte as gach aird dá fhlaitheas féin, agus ar
gcruinniughadh agus ar gcoimhthionól go haon-ait dóibh, do-chuaidh
an rí ar tulaigh aird i gceirt-mheadhón na sluagh, agus do bhí 'gá
bhfeitheamh agus 'gá bhfír-fhéachain do gach leith dhe. Agus do
mheas 'na mheanmain ná táinig ó thús domhain ar aon-láthair
680]
sluagh budh líonmhaire ioná iad, ionnus gur ghabh sé uaill
aigeanta agus méid mheanman de sin. Gidh eadh, go grod 'na
dhiaidh sin do chuimhnigh nach mairfeadh i gcionn chéad
bliadhan drong ná díorma ná duine don deagh-shluagh dhíoáirmhighthe
685]
sin gan bás agus buain-éag dá mbreith. Agus leis
sin do chaoi go searbh, agus do smuain go bhfuighbheadh féin bás
mar gach fear, ionnus gur turnadh dhe sin an uaill aigeanta
do fhás roimhe sin ann, ar bhfaigsin na sluagh.
Léaghthar mar an gcéadna ag Basilius naomhtha, gur orduigh a uaigh féin do thochailt, ar mbeith 'na easbog dó, agus go dtug fá-deara
Is 'na fhioghair sin atá aní léaghthar ag Ezechiel san naomhadh
caibidil, mar ar orduigh Dia don aingeal singin tau do chor i n-éadan
gach aoin ar a ngoillfidís feil-ghníomha deanachta cathrach
705]
Ierusalem, ionnus an tí ar a mbiadh an singin sin, go mbiadh
tearmann aige ón oirleach do bhí ag Dia ar tí a imeartha ar
gach aon ag nach biadh an singin sin 'na éadán. Measaim go
fáthach gurab í an chathair úd Ierusalem an domhan, agus gurab
iad na feil-ghníomha úd na peacaidh mharbhthacha i gcoitchinne,
710]
agus gurab iad dream ar a ngoilldís na feil-ghníomha, na haithrighigh
rénar doiligh dubháilce agus doibhéasa na bpeacthach, agus gurab é an
singin tau an bás. Óir mar is í an leitir úd tau an leitir dhéidheanach
d'aibghitir na hEabhra, mar sin is é an bás is pongc
déidheanach do líne na beatha corpardha. Agus mar nach
715]
raibhe tearmann ag aon do lucht chathrach Ierusalem ón oirleach
acht an tí 'gá mbíodh an singin tau 'na éadan, mar sin ní bhí
tairiseacht ó dhíoghaltas Dé ag aon-duine acht an té agá mbí
an bás nó a chuimhne sgríobhtha go sgagtha sgrúduighthe i n-éadan
a anma .i. i mbuaic a mheanman, ag sgáthántacht do
720]
shíor air.
Measaim gurab é snáithe saoghail an duine an téad úd do-chonnairc Sacarias ré tomhas chathrach Ierusalem ar fad agus ar
Gidh eadh, fa-ríor, bíd drong do dhaoinibh ann do-ní
amharc an éaga i n-imchian uatha, ionnus nach léir dhóibh an
lot nó an leónadh fhéadas do dhéanamh, amhail nach féadann
745]
duine, an tan do-chí ainmhidhe i gcéin uaidh, a mheas go cinnte
cia dhíobh beathadhach nó duine bhíos ann. Mar sin don tí
shaoileas ré fhada d'fhagháil. Ní thuig sé ainimh nó urchóid
an éaga, ar nach fiú leis léir-mheas do dhéanamh.
Mo thruaighe, dom dhóigh is eadh is nós dóibh amhail do-níd
750]
na héagcráibhthigh. An tan iomorra at-chluinid san tseanmóir coire
troma dá gcor i leith an phobail, adeirid gurab ris an tí se
no ris an tí oile bheanaid siad, agus ní thuigid iad féin do bheith
ciontach ionnta. Mar sin, an tan at-chíd an t-éag ag breith a
gcomharsan, saoilid gurab orra sin amháin bhíos a chóir. Gidh
Is 'na fhioghair sin atá aní léaghthar san seiseadh caibidil
760]
déag do Leabhar na mBreitheamhan, mar do-chuaidh Samson, ar mbeith dall dó, do
chathughadh ris na Filistínibh, gur mharbh a dtarla dá chóir dhíobh, gan
fhéachain d'aon seoch a chéile dhíobh. Mar sin do-ní an bás ris na
daoinibh. Agus fós is cosmhail Samson agus an bás ré chéile ar dhá adhbhar. An
céad-adhbhar, do bhríogh go raibhe Samson dall, agus mar an gcéadna don
bhás, óir ní fhéachann do dhuine ar bioth seoch ar-oile. An dara hadhbhar,
do bhríogh gurab gan fhios do ionnsuidh Samson na Filistínigh dá marbhadh.
Mar sin don bhás, is gan fhios tig do mharbhadh na ndaoine. Óir an uair
770]
is mó shaoilid ré fhada d'fhagháil, is annsin go meinic tig
an bás dá mbreith, mar is follus i mbás an tsaidhbhir shádhail, fuair
bás i mí aoibhill a ré, agus do hadhnaiceadh i n-ifreann, amhail
léaghthar san seiseadh caibidil déag ag Lúcás; agus i mbás Ammon,
do marbhadh ag caitheamh fleidhe, amhail léaghthar san treas
775]
caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na
Ríogh; agus i mbás Holofernes, dár beanadh a cheann ar a leabaidh lé mnaoi i
meadhón a shluagh, ré mbeith i bhfoslongphort ré hucht chathrach Betulia,
amhail léaghthar san treas caibidil déag do Leabhar Iudith; agus i mbás
Aman san chroich do thógaibh féin do
780] chrochadh Mardoceus, amhail léaghthar
san seachtmhadh caibidil do leabhar na Hester; agus fós i mbás Balthasar,
Ioruath, Ananias agus a mhná; i mbás mhíle do mhíltibh oile maille riú,
rugadh go hobann leis an mbás. Gá dtám ris, ní beitte dh'aoin-neach bheith
muinighneach as a ré féin, do bhríogh
785] gurab obann éigcinnte uair an bháis.
Agus is uime sin adeir Críost ris na daoinibh, amhail léaghthar san
chúigeadh caibidil fichead ag Matha, vigilate, quia nescitis diem
neque horam déanaidh faire, óir ní feas daoibh lá ná uair.
Créad is iontuighthe as so, acht nach fuil cairt chinnte ag
790] aon-duine ar lá
ná ar uair don ré do-gheibh i gcolainn, acht gabháltas ar thoil an Tighearna
neamhdha? Agus is í an cholann gona céadfadhaibh an gabháltas soin. Agus
fós is éigean dó cúntas an ghabháltais sin do thabhairt uaidh, an uair bhíos
dá chor amach i bhféile an bháis, do réir mar adeir
795] Críost, ag labhairt ris
an duine, redde rationem villicationis tuae tabhair cúntas do ghabháltais
uait. Dá chor i gcéill gurab éigean dá gach aon-duine ré hucht an bháis
cúntas do thabhairt don Tighearna is gach sochar dá bhfuair uaidh, agus
cionnus do chuir i mbreis dá Thighearna iad, idir smuaineadh, bhréithir,
800]
ghníomh agus faill. Agus dá raibhe neimhchiontach, rachaidh i sosadh
aingeal; agus madh coireach, cuirfidhear i gcarcair il-phiastaigh ifrinn é.
Is follus a briathraibh Pheadair naomhtha go bhfuil an cúntas so
ré linn an bháis i gcionn na ndaoine, do réir mar
805] léaghthar san
cheathramhadh caibidil dá chéid-Eipistil chanónta, mar a n-abair,
reddent rationem ei qui paratus est iudicare vivos et
mortuos do-bhéaraid cúntas nó comháireamh uatha don tí atá ollamh
ar dhéanamh breitheamhnais ar bheóaibh agus ar mharbhaibh. Dá
chor i céill gurab éigean dá gach aon,
810] ré ndol as an mbeathaidh
se, aiseag iomlán do thabhairt do Chríost ar dTighearna, agus é
féin do bheith fornocht ag imtheacht tré bhealach an bháis, do
réir mar adeir Iob san .27. caibidil, dives cum dormierit nihil
secum affert, et aperiet oculos suos et nihil inveniet an tan
choideólas an saidhbhir ní bheir éin-ní
815] leis, agus oisgeólaidh a
shúile agus ní fhuighbhe éin-ní.
As gach ní da ndubhramar is iontuigthe go dtigid na trí sochair do luaidheamair a bioth-chuimhne an bháis. Agus is dá chor sin i gcéill atá aní léaghthar san .23. caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar do chuir
830] Tig Greaghóir leis aní gcéadna san seiseadh leabhar do sgríobh dona
Béasaibh nó dona hAirdheanaibh, mar a n-abair, nihil ita domat
hominem sicut meditatio mortis ní fhuil san bhioth ní is mó
cheannsuigheas nó mhínigheas an duine ioná smuaineadh an bháis.
Tig Seneca, san .25. Eipistil leis aní
835] gcéadna, mar a n-abair,
nihil aeque tibi proficiet ad temperantiam omnium rerum quam
frequens meditatio brevis aevi ní fhuil san mbioth ní is
tarbhaighe dhuit ré measardhacht gach aoin-neith ioná smuaineadh meinic na
ré giorra. As gach ní da ndubhramair is soiléir gurab tarbhach cuimhne an
bháis.
840] Is i bhfioghair na gceathra sochar gcéadna soin chailltear leis
an mbás atá aní léaghthar san seachtmhadh caibidil ag Daniel, mar
a n-abair, quatuor venti caeli pugnabant in mari magno do
chomhraigsead cheithre gaotha nimhe san mhuir mhóir. Dá chor i
gcéill go mbí easbaidh na gceathra sochar úd ag commbuaidhreadh
shearbh-aigeanta an chiontaigh ré linn an bháis.
An céid-ní, mar atá onóir shaoghalta, is follus go dtéid sí ar ceal
ré linn an bháis. Agus is uime sin adeir Solamh san chúigeadh caibidil do
Leabhar na hEagna, quid profuit nobis superbia nostra créad an tarbha
do-rinne ar n-uabhar dhúinn?
850] Dá chor i gcéill go dtéid gach onóir agus
gach glóir shaoghalta ar ceal uainn i n-aimsir an éaga.
Ionnus gurab ionann dál dona daoinibh i gcoitchinne agus d'fhuirinn an
bhrannaimh. Óir mar bhíos barr ceana seoch a chéile ar fhearaibh foirne
an bhrannaimh ré linn bheith ag imirt
855] orra, ionnus go mbí rí na foirne
arna shuidhiughadh san áit is onóraighe don chlár, agus an bhain-ríoghan san
dara háit, agus mar sin dá gach fear oile do réir a gharma, ionadtar ar chlár
an bhrannaimh é; mar an gcéadna dona daoinibh, an tan bhíd ar títhibh
na talmhan, agus bearta brannaimh na beatha agá
860] n-imirt leó, bí gach aon aca
go cinnte 'na ionadh féin do réir a onóra agus a innmhe. Gidh eadh, tuigthear,
tar ceann go mbí an t-éidirdhealughadh úd idir fhearaibh foirne an
bhrannaimh ré mbeith ag imirt leó, an tan bhíos an cearrbhach agá gcor
i mála na foirne, go ndoirteann imeasg a chéile iad, gan
865] féachain d'fhior
dhíobh seoch ar-oile, ionnus gur cuma leis tú nó deireadh dholta san mhála
do bheith ag an rí seoch an bhfior is lugha san bhfuirinn; agus fós is cuma
leis cia dhíobh bhíos i n-uachtar nó i n-íochtar an mhála. Mar an
gcéadna theagmhas dona daoinibh; an tan tig buachaill brannaimh
870] na beatha
.i. an bás, agus teilgeas na daoine i dtiaich na talmhan do chlár tháiplise
an tsaoghail, ní bhí onóir ag an mbás i gcomhair aoin seoch a chéile
dhíobh. Agus dá dtugdaois lucht an díomusa dá n-aire an coimhmeasgadh
so do-bheir an bás ar na daoinibh, do thréigfidís a n-uaill agus a n-ainmhiana.
875]
Óir amhail thurnas fuaidreadh agus foluamhain na mbeach ré luaithreadh do
chrothadh orra, mar sin dá gcrothaidh an duine crithir do chuimhne an bháis
ar a mhéin, leagfaidh seólta a thoile, ionnus nach géabhadh gaoth na glóire
díomhaoine greim
Is córaide dhúinn a mheas go dtéid gach glóir agus gach onóir
885]
shaoghalta ar ceal uainn i n-aimsir an éaga, agus dá réir sin go ndleaghair dhúinn bheith
i n-oirchill ar an éag, mar gurab cosmhail Ceard na cruinne lé ceard
soitheach gcriadh do dhéanamh, agus gurab cosmhail cuirp na ndaoine ré
taoisleadh criadh. Óir amhail do-ní an ceard criadh mias bhreic-dhealbhach
bhláth-chaoin
890] ré freastal milséan ar bhordaibh na n-uasal don taoisleadh
chriadh bhíos 'na cheardchain, agus fualán nó fual-shoitheach don chriaidh
chéadna, mar sin do-ní Dealbhthóir na ndúl do charn chriadh na colna daonna,
drong dhíobh go n-onóir agus go n-aird-innmhe shaoghalta, agus drong oile
fhágbhas go lom lochardha fá
895] thár agus fá tharcuisne. Agus is dá chor i
gcéill go bhféadann Dia an t-eidirdhealughadh so do dhéanamh idir na
daoinibh, tar ceann go bhfuilid arna mbuain a haon-charn amháin chriadh na
cinn-leitre úd na nádúire daonna .i. Ádhamh, atá aní léaghthar ag
Pól san naomhadh caibidil gusna Rómhánchaibh, mar a n-abair,
900]
habet potestatem figulus luti, ex eadem massa facere aliud quidem
vas in honorem, aliud vero in contumeliam atá ar chumas chearda
na criadh a haon-charn amháin, soitheach thrá do dhéanamh go
n-onóir, agus soitheach iaramh go n-aithis. Gidh eadh, bíodh go
mbí deithfir eatorra ar mbeith slán dóibh, mar is léir don
905]
tí at-chí breic-mhias an mheasraidh agá cor ar bhord an uasail, agus
an fual-shoitheach i n-iargcúil an áruis go folaightheach mar
thár agus mar tharcuisne air, acht cheana, an tan bhristear iad
leath ar leath, san aon-áit ionainn theilgthear iad, mar atá i
gcarn aoiligh nó i ndíogaidh an dúin 'na mbristear iad. Mar an
910]
gcéadna theagmhas dona daoinibh bhíos arna ndéanamh do charn
chriadh na daonnachta. Ré linn bheith slán dóibh, bí drong dhíobh
arna suidhiughadh i bpíoláidibh ríoghdha ro-áille
As so is iontuigthe go gcailltear a los an bháis an onóir shaoghalta leis
na daoinibh bhíos mórdha ré linn a mbeatha, agus fós, teangmhaidh dochar
is mó ioná sin dóibh go meinic i ndiaidh an bháis. Óir féadtar na
daoine móra agus na fo-dhaoine
920] do choimmeas ris an seabhac agus ris an gcirc
ré linn a mbeatha agus d'éis a mbáis; do bhríogh go mbí onóir ar an seabhac
ré linn a bheatha agus go dteilgthear san chamra i ndiaidh a bháis é. An
chearc iomorra, léigthear san laithigh dhi ré linn a beatha, ag buain
oileamhna as an aoileach. Gidh eadh, an tan marbhthar
925] í, do-níthear a
hollmhughadh go honórach, go gcuirthear ar bhord na n-uasal í. Mar an
gcéadna, bí onóir ar na daoinibh mórdha ré linn a mbeatha, acht cheana an
tan éagaid, teilgthear go meinic i gcamra na cruinne .i. i n-iomdhomhain
ifrinn iad, go mbíd ag onfais innte. Gidh eadh, bí tár agus tarcuisne ar na
930]
fo-dhaoinibh ré linn a mbeatha, agus bíd arna suidhiughadh go meinic i
ndiaidh an bháis ar bhord bheannuighthe na beatha suthaine. Uch, is truagh
nach tuigid lucht na honóra saoghalta, nó nach tugaid lucht na honóra
saoghalta dá n-aire, na saobh-chrotha so chuireas an sealgaire úd .i. an bás
díobh.
935] An dara sochar chailleas an duine ag an mbás, .i. sádhaile na colna.
Bíodh a fhiadhnaise sin ar an druing téid d'fheitheamh an mhairbh. Agus is
uime sin adeir Hugo, ag labhairt ar ablachaibh míomhaiseacha na marbh bhíos mómhur ré linn a
mbeatha, quid profuit istis magnis gloria saeculi, brevis laetitia,
940]
mundi pompa, carnis voluptas, etc. créad an sochar i dtéid dona
daoinibh móra úd glóir an tsaoghail, gairdeachas gearr, poimp an domhnáin,
agus antoil na colna, ná fós maitheas bréige, muinntear mhór, gáire,
subhachas, ná aoin-ní áineasach oile, do bhríogh go dtéid siad go hobann ar
ceal, do réir mar adeir Solamh san
An treas sochar chailleas an duine leis an mbás, .i. saidhbhreas
950] saoghalta.
Óir is follus an tan do-gheibh duine bás, gurab éigean dó a uile mhaitheas
do thréigean leis an mbás. Agus is uime sin adeir Dáibhídh,
relinquent alienis divitias suas fúigfid dá n-éis ag
comhaightheachaibh a maoine. Dá chor i gcéill gurab éigean don
tsaidhbhir a thoice d'fhágbháil dá
955] éis ag daoinibh do féadfaidhe
nach cuimhneóchadh ar dhéirc ná ar dheagh-obair do dhéanamh ar a
shon.
An ceathramhadh sochar chailltear leis an duine san bhás, .i. a cháirde,
do réir mar adeir S. Augustine san seachtmhadh caibidil déag don leabhar ro
sgríobh don Spioraid agus don
960] Anam, mar a n-abair, anima recedens
a corpore trahit secum omnes substantias, ré triall an anma as an
gcorp, tairrngidh leis a uilechumhachta, mar atáid a chéadfadha
agus gach acfuinn oile dá mbí ann ó shin amach. Agus an mhéid
bheanas ris na daoinibh, is amhlaidh do-níd do nós na muc. An tan
iomorra mharbhthar muc don tréad, gabhaid an chuid oile dona
mucaibh ag sgreadadh agus ag grafainn 'na timcheall. Gidh eadh,
tillid go grod dá éis sin ar thomhailt otraigh, ar ndearmad bháis
na muice. Mar sin dona daoinibh, acht gé bhíd ag doghra agus ag
déar-chaoineadh i ndiaidh an mhairbh an tan
970] éagas, mar fhágbhaid
fá úir é, tillid dá n-árusaibh féin, agus ní mór ó shin amach go
mbí cuimhne aca air. Agus is trés na dochraibh se do bheith i
gcionn an mhairbh adeir Ieremias san dara caibidil ag cor an
duine ar a choimhéad ar na heasbadhaibh móra do-bheir an bás air,
vide vias tuas in convalle féach do
975] shlighthe féin san
bhfáin-ghleann, .i. san uaigh, do réir an Seachtmhoghat Fear
Friotail. Dá chor i gcéill gurab iomdha anágh agus amhgar
theagmhas don duine a los an bháis.
Is eadh iomorra is bás céadfadhach ann, a mothughadh agus a ngluasacht do
dhealughadh ris na ballaibh corpardha. Is eadh
980] cheana is bás nádúrtha
an duine, .i. a anam réasúnta do dhealughadh réna chorp. Is eadh mar an
gcéadna is bás spioradálta ann, dealughadh grás nDé ris an anam. Is iad
na trí báis se chialluigheas Dáibhídh Rí san .33. Salm, an tan
adeir, mors peccatorum pessima. Nó fós is eadh chialluighid na
trí báis úd, bás
985] nádúrtha, bás na coire, agus bás na péine. Agus fós
tuigthear an chiall so a briathraibh Dáibhídh mar a n-abair
gurab ro-olc bás an pheacthaigh, óir ciodh olc an bás nádúrtha, is
measa bás na coire, agus is measa bás na péine ioná ceachtar dhíobh.
Agus do bhríogh go mbíd na trí báis se i gcinneadh don
pheacthach, is
990] uime adeir Dáibhídh na briathra so, mors
peccatorum pessima is ro-olc bás an peacthach.
Is i bhfioghair na dtrí mbás so atá aní léaghthar ar Absolón
san ochtmhadh caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh.
Óir an tan do thogair Absolon a athair do dhíbirt,
995] ionnus go
dtiocfadh féin isteach 'na fhlaitheas air, do-chuaidh i gcogadh,
é fein agus drong mhór do bhaothánaibh óga éigcríonna mar aon ris,
agus do lean Ioab, caiptín Chloinne Israel é, go sluagh líonmhar
maille ris, agus do chuir sé Absolon i raon madhma agus
míochosgair. Agus iar mbeith ag teitheadh do Absolon, tarla
1000]
géag dhairghe 'na fholt, do chongaibh i n-airde é, ionnus gur
ling an t-each uaidh fán gcoill, agus go raibhe ar crochadh as an
ngéig amhlaidh sin. Leis sin táinig an caiptín Ioab go grod
gáibhtheach, agus tug trí sháthadh don tsleigh baoi 'na láimh air,
gur fhágaibh i gcrothaibh báis é. Go fáith-chiallach, is é an
1005]
tAbsolon so Ádhamh, do chuir roimhe é féin do bheith 'na
Is i bhfioghair na dtrí mbás so atá aní léaghthar ag Daniel san
seachtmhadh caibidil, eadhón go bhfacaidh sé beathadhach
1025] fá cosmhail ré
mathghamhain mór, agá rabhadar trí cíora fiacal 'na chionn, ré cognamh
agus ré craos-longadh feólmhaigh. An peacthach iomorra an beathadhach
atchonnairc, agus na trí cíora fiacal na trí báis úd bhíos aige ré cognamh
agus ré cnáimh-ghearradh an chinidh dhaonna. Is leis aní gcéadna bheanas
1030]
an fáith-sgéal atá ag Virgilius ar an madradh adeir sé do bheith i
n-ifreann, darab ainm Cerberus, agá bhfuil aon-chorp amháin, agus trí cinn ré
craos-longadh na druinge théid go hifreann. An madradh úd an peacthach, agus
na trí cinn na trí báis. Is é aní céadna chialluigheas Eóin san
naomhadh caibidil in Apocalypsi,
1035] mar a n-abair go bhfacaidh féin trí
cneadha lér marbhadh an treas cuid dona daoinibh. Agus is iad na trí báis
úd mar an gcéadna thuigthear as aní adeir Solamh san .30. caibidil do
Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair go bhfuilid trí neithe ann chuireas
an talamh ar baill-chrioth agus bioth-luasgadh. Agus
Is ar an gcéad-bhás iomorra labharthar san cheathramhadh caibidil déag
don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a
1045] n-abair, omnes
morimur, etc. atámaid uile ag fagháil bháis. Dá chor i gcéill nach fuil
dol ón bhás úd ag aon-duine do shíol Ádhaimh. Agus dá mbeith, is ag Críost,
nó ag Muire Mháthair, nó ag naomh nó ag ban-naomh oile do bhiadh tearmann
uaidh. Gidh eadh, ó nár caomhnadh ceachtar dhíobh sin air, ná bíodh súil
1050]
ag aon oile ré dhol saor uaidh. Gidh eadh, cibé duine dí-chéillidhe
doitheagaisg adéaradh gurab é Dia do orduigh nó do-rinne an bás, bíodh a
fhios aige gur bréag dhó é, do réir Sholaimh san chéad-chaibidil do Leabhar
na hEagna, mar a n-abair, Deus mortem non fecit, impii
accersierunt illam ní hé
1055] Dia do-rinne an bás, acht na peacthaigh
do thoghairm é.
Bíodh a fhios agat, a dhuine, do réir Aristotail san treas
leabhar dá Ethicibh, nach éidir ar an saoghal so ní d'fhagháil is
uathbhásaighe agus is urghránna agus is ineagluighthe ioná an bás.
Agus is ag faisnéis uathbháis an éaga go fáthach atá aní
1060] léaghthar ag
Lúcás san naomhadh caibidil déag, mar a n-abair Críost ag fógra
anfhorlainn an bháis don duine, ecce venient dies in te et
circumdabunt te inimici tui vallo et circumdabunt te et coangustabunt
te undique et ad terram prosternent te, etc. tiocfaid laithe ionnat,
agus
1065] timcheallfaid th'easgcaraid 'na mainnir thú, agus
timcheallfaid thú, agus cuirfid i gcumhgach thú dá gach aoin-leith-
agus leagfaid ar talamh thú.
Meas féin, a dhuine thruaigh, créad an t-uathbhás 'na mbiadh caiptín
nó ceann feadhna mar aon ré beagán buidhne i gcaisléan éadaingean
éislinneach, agus trom-shluagh tairptheach tréan-aidhbhseach
1070] i bhfoslongphort
réna ucht, agus a mhuinntear arna
Go bhfios damhsa, is mór an t-adhmhar uamhain agus imeagla rés an mbás, mar thig dhe duine do chor sna hainreachtaibh
Is uime sin deir S. Augustine san treas leabhar ro sgríobh ar an bhFaoisidin,
mors est impiis valde terribilis, sanctis vero delectabilis is aduathmhar
leis na peacthachaibh an bás, gidh
1120] eadh, is sáimh leis na fíréanchaibh é.
Adeir Solamh san .41. caibidil in Ecclo. ní thig leis sin, mar a n-abair,
O mors quam amara est memoria tua homini iniusto a bháis, créad é seirbhe
do chuimhne don duine éigceart! Agus adeir arís san chaibidil chéadna ní
as a dtuigthear gurab tarbhach don
1125] fhíréan an bás nádúrtha, mar a n-abair,
O mors quam bonum est iudicium tuum homini indigenti et cui
minoratur viribus a bháis, créad é feabhas do bhreitheamhnais don
duine easbadhach agus don tí agá laghduighthear a bhríogha! Ionann
sin ré a rádh agus gurab tuar séin agus sochair don tí bhíos bocht ó
spioraid, agus
1130] chaitheas a chéadfadha agus bríogh a bhall lé
foghnamh do dhéanamh do Dhia, an bás nádúrtha.
Is é fáth fána doilghe leis an bpeacthach an bás nádúrtha, do bhríogh gurab léir dhó féin ré linn an bháis nach fuighbhe sochar ná socamhal ná suaimhneas tar éis an bháis go foirceann
Gidh eadh, dá bhfiafraigheadh neach an mbí doilgheas ar aon-duine ré hucht
an bháis acht ar an bpeacthach, mo fhreagra
1150] air go mbí, agus atáid dá adhbhar
ris sin. An céad-adhbhar dhíobh, ar eagla conntabhairte an bhreitheamhnais.
Óir dá fheabhas do-bhéara duine a bheatha as, ní dearbh leis créad an
bhreath béarthar air, do bhríogh nach feas dó an díol grádha nó fuatha
ag Dia é, amhail adeir Pól, nemo scit an odio an amore dignus sit
1155] ní feas
do neoch an díol grádha nó fuatha é féin an gcéin bhíos beó. An dara
hadhbhar fá mbí doilgheas ar an bhfíréan ré hucht an bháis, d'eagla péine
purgadóra.
As gach ní dá ndubhramar is follus nach fuil acht anfhlaith urbhadhach, agus
gríobh-aitheach goimheamhail, agus dragún duaibhseach,
1160] agus onchú éachtach,
agus faol-chú foghlach, agus leómhan loinn-fheargach, agus biodhbha
bioth-ghonach, agus beithir bheó-ghalach, agus nathair naimhdidhe, agus
arracht uathbhásach san bhás. Óir ní bhí cáirdeas ná commbáidh aige ré duine
don druing dhaonna, acht do-bheir craos-ruathar coitcheann fútha, lé
marbhann go
1165] meinic an tighearna mar aon ris an óglách, an mac mar aon ris an
athair, an inghean mar aon ris an óglách, an mac mar aon ris an athair, an
inghean mar aon ris an máthair, an saidhbhir mar aon ris an mbocht, an tréan
mar aon ris an anbhfann. Is
Is ar an dara bás so labhras Pól san dara caibidil go
1190] hEphesios, mar
a n-abair, et vos cum essetis mortui delictis et peccatis vestris agus sibhse (ar sé) ar mbeith marbh ó bhar gceanaibh
agus ó bhar bpeacaidhibh fein díbh. Dá chor i gcéill go bhfuaradar bás na
coire, gion go bhfuaradar an bás corpardha. Tig Pól leis aní gcéadna so ag
sgríobhadh gusna Rómhánchaibh
1195] san seiseadh caibidil, mar a n-abair,
existimate vos mortuos esse peccato measaidh go bhfuiltí ar bhfagháil bháis leis an bpeacadh.
Tuig, a dhuine, go bhfuilid trí gnéithe 'nar cosmhail an bás corpardha agus
bás na coire ré chéile. Ar dtús, is ionann uireasbaidh dhóibh; ionann
fós déanmhas neith dhóibh; mar an gcéadna is
1230] ionann taisbéanadh do-bheirid
uatha. An mhéid bheanas ris an gcéid-ghné, atáid sé céimeanna
'nar cosmhail ré chéile iad.
Ar dtús, fásaidh ainmheasardhacht san cholainn ré hucht an bháis
chorpardha, mar atá teas anorduighthe, nó fuacht anorduighthe, nó tart
foiréigneach, nó a n-ionnshamhla oile sin.
1235] Mar an gcéadna ré hucht
bháis na coire, fásaidh fiuchadh foiréigneach na feirge, nó fuacht oighreata
an fhuatha, nó teas tartamhail na sainnte saoghalta, nó urchóide
éagsamhla oile i n-anam an pheacthaigh an tan lingid na droch-smuaintighthe
ann.
An dara céim, téid an corp i n-anbhfainne agus i n-éiglidheacht ré hucht an bháis chorpardha. Mar an gcéadna don anam, an tan do-bheir gean agus dúil dona droch-smuaintighthibh, téid i n-anbhfainne agus i n-éiglidheacht agus i neamhchumus ar chathughadh ris na coirthibh.
1245] An treas céim, do-gheibh an corp bás do bhríogh go ndealuigheann
an t-anam ris. Mar an gcéadna don anam: an tan
aontuigheas an t-olc, do-gheibh bás, an mhéid go ndealuigheann
an t-anam féin ris, .i. grása Dé ruaigthear uaidh ré haonta do
thabhairt don olc.
1250] An ceathramhadh céim, iomchurthar an corp gus an adhnacal
tar éis an bháis. Mar an gcéadna iomchurthar anam an pheacthaigh,
an mhéid go n-iomchurthar a mhíochlú i mbéalaibh na
ndaoine ag reic agus ag faisnéis a pheacadh. Óir mar do-ní feall
nó fionghail, nó drúis nó droich-bhearta, nó craos, beid ag na
1255]
daoinibh ó bheól go beól dá n-iomchur agus dá n-aithris an feadh
bhus cumhain leó iad.
An cúigeadh céim, adhnaicthear an corp ar bhfagháil an bháis chorpardha. Mar an gcéadna adhnaicthear anam an pheacthaigh i ndeirc dhuaibhsigh an droch-ghnáthuighthe.
1260] An seiseadh céim, caittear agus creimthear lé crumhaibh an
corp. Mar an gcéadna d'anam an pheacthaigh: creimthear
lé cruimh chíocraigh an choguais é.
An dara céim nó gné 'nar cosmhail bás an chuirp agus bás
na coire ré chéile, .i. gurab cosmhail a ndéanmhas neith ré
1265]
chéile, agus atáid seacht gcéimeanna 'na dtigid ré chéile.
An chéid-chéim, do-ní an bás an corp greannach nó easgcaoin. Mar
an gcéadna do-ní bás na coire an t-anam eagcaoin, do réir
Sholaimh, san ochtmhadh caibidil déag do Leabhar na Seanfhocal, mar
a n-abair, cum obsecrationibus loquitur
1270] pauper, et dives effabitur rigide labhraidh an bocht lé himpidheachaibh, agus
labhraidh an saidhbhir go heasgcaoin. Ionann sin ré a rádh, agus
an tí do-gheibh bás i n-uabhar nó i n-iomthnúth, go mbí a anam
go heasgcaoin.
An dara céim, do-ní an bás an corp fuar. Mar an gcéadna
1275] do-ní
oighreadh an fhuatha anam an pheacthaigh fuar, do réir mar léaghthar
san seiseadh caibidil ag Ieremias, mar a n-abair, sicut frigidam facit cisterna aquam suam sic frigidam fecit malitiam suam
amhail do-ní an chorr nó an tobar talmhan an t-uisge bhíos ann
fuar, mar sin do-ní an mhailís
1280] an t-anam 'na mbí fuar. Agus is
don fhuath ghoireas sé mailís annso.
An treas céim, do-ní an bás an corp bréan. Mar an gcéadna do-ní
bás na coire an t-anam droch-bhalaidh, mar is follus i bpeacadh na drúise,
mar a n-abair Isaias san .34. caibidil ag
1285] labhairt ar lucht na
drúise, de cadaveribus eorum ascendet fetor éireóchaidh bréantas as a gconablaighibh súd,
ag ciallughadh thruaillidh chorp na meirdreach.
An ceathramhadh céim, tig don bhás an corp do lobhadh. Mar an
gcéadna tig do bhás na coire an t-anam do throthlughadh,
1290] do réir
Ieremias san .22. caibidil mar a n-abair, sepultura asini sepelietur putrefactus an
tí bhíos dreóite, adhnaicfidhear i n-uaigh an asail é. Ionann
sin ré a rádh agus an tí chríonas tré choir an chraois go mbiaidh
adhnaicthe i gcamra na cruinne, .i. i n-iomdhomhain ifrinn, amhail
bhíos ablach an asail i
1295] gcamra na cathrach nó na háite i
bhfaghann bás.
An cúigeadh céim, tig do bhás foirniata na feirge an t-anam do
dhéanamh uathbhásach, amhail tuigthear as an .15. caibidil in
Genesi, mar a n-abarthar, horror magnus et tenebrosus invasit in Abraham do ling uathbhás mór agus
dorchadas ar Abraham.
1300] Ionann sin ré a rádh agus go raibhe
uathbhás na feirge ar Abraham, agus dá réir sin go mbí uathbhás
ón bhfeirg ar anam
An seiseadh céim, tig don bhás an corp do bheith talmhaidhe.
1305] Mar an
gcéadna tig do bhás na sainnte an t-anam do bheith talmhaidhe; amhail
léaghthar san treas caibidil in Genesi, mar a labharthar go fáthach ris an
sanntach agá rádh, terram comedes cunctis diebus vitae tuae íosfaidh tú an talamh gach aon-lá ar feadh do
bheatha. Dá chor i gcéill, an dream bhíos ag súghadh
1310] agus ag slogadh na
saidhbhreas saoghalta lé sainnt, nach iongnadh a rádh go mbíd talmhaidhe,
an mhéid go mbíd a n-aigeanta líonta d'airc agus d'áilgheas na neitheadh
dtalmhaidhe.
An seachtmhadh céim, tig don bhás an corp do bheith leasg.
Mar an gcéadna tig do choir na leisge an t-anam do bheith
1315] ainéasgaidh ré
foghnamh do dhéanamh do Dhia. Agus is agá chiallughadh so atá aní
léaghthar san treas caibidil déag do Leabhar na Seanfhocal ag Solamh, mar
a n-abair, vult et non vult piger is áil agus ní háil leis an leasg. Ionann sin ré a
rádh agus tar ceann go mbiadh an réasún dá fhoráileamh ar an
1320] bpeacthach
maith do dhéanamh, ní fhaomhann an antoil sin, ar mbeith cuibhrighthe i
lúbaibh na leisge dhi.
An treas gné 'nar cosmhail an bás corpardha agus bás na coire ré chéile .i. gurab ionann taisbéanadh do-bheirid uatha.
Ar dtús, ní fhuil duine dá áille san bhioth nach claochluigheann
1325] an bás
corpardha a mhaise i míomhaise. Mar an gcéadna ní fhuil anam dá áille
ré hionnracus nach cuireann bás na coire i n-éagcruth é. Agus bíodh a
fhios agat gurab álainn oireaghdha bhíos anam an fhíréin, ní nach iongnadh,
ar mbeith ar chruth agus ar dheilbh Dé dhó. Agus is uime sin adeir
1330] Dia, ag
labhairt ré hanam an fhíréin, amhail léaghthar san cheathramhadh caibidil
dona Cainticibh, mar a n-abair, ecce tu pulchra es, amica mea féach, ataoi cruthach, a
bhan-chara. Dá chor i gcéill go mbí an t-anam cruthach caomh-álainn
sochraidh an gcéin mhaireas tlacht taitneamhach na ngrás uime. Gidh eadh,
an tan do-ní duine peacadh marbhthach, agus do-gheibh bás na
Is cosmhail fós an taisbéanadh do-bheirid uatha leath ar leath, an
mhéid go n-iomsgarann an bás corpardha an duine ré caidreabh na ndaoine.
Mar an gcéadna dealuighidh bás na
1360] coire an t-anam ré cumann agus ré caidreabh
na n-aingeal agus na n-anam bhfíréanta. Agus is uime sin adeir Solamh
san cheathramhadh caibidil déag do Leabhar na Seanfhocal na briathra
so, miseros facit populos peccatum do-ní an peacadh truagháin dona poibleachaibh.
Agus ní hiongnadh sin do
1365] rádh, do bhríogh go ndealuigheann an uile mhaith
riú, agus go mbí an uile olc d'áirithe aca, más é is críoch dhóibh
éag san bpeacadh mharbhthach i mbíd.
Féadtar fós a rádh go bhfuil an ceathramhadh gné ann 'nar cosmhail an bás corpardha agus bás na coire ré chéile.
An chéad-fhoghail do-ní an bás corpardha, an bheatha do bhuain don duine.
Mar an gcéadna do bhás na coire: beanaidh a beatha don spioraid anma, do
réir Ezech. san ochtmhadh
1375] caibidil déag, mar a n-abair,
anima quae peccaverit ipsa morietur an t-anam pheacuigheas do-ghéabhaidh féin bás.
An dara foghail: beanaidh a dhighnit agus a ghairm dhe. Óir ní tugthar
rí ar chorp mharbh an ríogh, ná impir ar chorp mharbh an impire, ná
prionnsa ar chorp mharbh an phrionnsa. Agus ní
1380] hiongnadh soin, ar mbeith
dá gcorpaibh marbha 'na n-ablachaibh neamhchuibhdhe ré hiomchor garma
onóraighe san bhioth. Mar an gcéadna do-ní bás na coire: beanaidh a ghairm
agus a onóir don anam. Agus is uime sin adeir Solamh san deachmhadh
caibidil in Ecclo., quis honorificabit exhonorantem animam suam
1385] cia do-bhéara onóir don tí neamhonóruigheas a
anam féin? Dá chor i gcéill go gcailltear leis an tí pheacuigheas go
marbhthach gach uile ghairm agus onóir dá mbí aige ré mbeith fíréanta dhó.
Agus is dá éagnach so atá aní léaghthar ag Dáibhídh, mar a n-abair,
homo cum in honore esset, etca. ar
1390] mbeith i n-onóir don duine níor thuig sé é, agus atá arna
choimmeas ré bromachaibh, nó ré hóig-eachaibh éigciallda, agus do-rinneadh
cosmhail riú é. Dá chor i gcéill nach fuil acht daoirseach
don diabhal san bpeacthach bhíos cuibhrighthe lé téadaibh na gcean, amhail
bhíos an t-óig-each ar téid agá marcach; agus fós
1395] amhail bhíos an marcach ag
marcaigheacht an óig-eich, dá sporadh agus fós dá slatadh agus dá srianadh,
mar an gcéadna don diabhal ris an bpeacthach. Dá bhríogh sin is follus go
gcailltear lé bás na coire gairm agus onóir na hanma, mar go gcuirthear i
gcoimmeas ré beathadhach éigciallda é.
1400] An treas foghail do-ní an bás corpardha: beanaidh a ainm don duine.
Óir ní tugthar Séamus, Peadar, ná Pól ar an gcorp gan anam. Mar sin
an t-anam bhíos marbh ó bhás na coire, beantar a ainm a leabhar na beatha,
do réir an bhagair do-rinne Dia ar an bpeacthach, amhail léaghthar san
.32. caibidil in
1405] Exodo, mar a n-abair qui peccaverit mihi, delebo eum de libro
An ceathramhadh foghail do-ní an bás corpardha: beanaidh don duine a
uile bhríogha agus a mhaoine. Mar an gcéadna do-ní bás na coire ris an
anam: dealuighidh a shochair agus a shubháilce ris. Agus is ar an bhfoghail se
labhras Ieremias san
1425] chéad-chaibidil do Leabhar na hEólchaire, mar a n-abair,
ag faisnéis na díotha tig do bhás na coire d'imirt ar anam an pheacthaigh,
manum suam misit hostis ad omnia desiderabilia eius cuiridh a námhaid a lámh féin in gach éin-ní soimhianuighthe dá
mbí aige. Ionann sin ré a radh, agus an tan do-gheibh duine
1430] bás na coire,
go mbeanann an diabhal gach subháilce agus gach sochar don anam lé bhféadfadh
an ghlóir shuthain do thuilleamh. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar
san chéad-chaibidil don chéid-leabhar do Leabhraibh na Machabei, mar
do-chuaidh rí urchóideach darbh ainm Antiocus go cathair
Ierusalem go
1435] sluagh líonmhar maille ris, agus do thriall gus an
dteampall, go ndeachaidh don tsanctóir, agus rug leis an altóir
órdha, agus lóchrann an tsoluis, agus uile mhaoine an teampaill ó
shoin amach. Go fáthach, cia an t-Antiocusso, acht an diabhal?
Cia an Ierusalem, acht an fíréan? Cia an teampall, acht anam an
1440]
fhíréin? Cia an sanctóir, acht an coguas glan? Cia an altóir
órdhaidhe, acht an croidhe ionnraic bhíos arna oirneadh do
An cúigeadh foghail do-ní an bás corpardha: an duine do dhealughadh
réna cháirdibh agus réna chompánaibh. Mar an
1465] gcéadna do-ní bás na coire
iomsgaradh na hanma ré caidreabh agus ré commaoin na naomh agus na n-aingeal,
maille ré gan flaitheas Dé do thuar ná do thuilleamh dhó, an gcéin bhíos
san pheacadh mharbhthach. Agus fós na subháilce agus na soibhéasa bhíos 'na
bhfál timcheall na hanma, gabhaid raobadh chuca, ré briseadh
1470] an bhuinne
bheannuighthe .i. ghrás nDé, is cleith cheangail ar charcair an chrábhaidh.
Agus atá Dia féin dá bhagar ar an bpeacthach go mbeanfaidh féin fáil
fíréanta na subháilce agus na sochraide neamhdha dhe, do réir mar léaghthar
san chúigeadh caibidil ag Isaias, mar a n-abair Dia ag labhairt
1475] ar an
bpeacthach, auferam sepem eius, et erit in direptionem béaraidh mé liom a fhál súd, agus biaidh sé
foghluighthe. Dá chor i gcéill, na naoimh, agus na haingil agus
a shubháilce féin, go
1480] Tuig, a dhuine, go bhfuilid trí cinéil pheacadh ann, mar atá peacadh an
chroidhe, peacadh an ghníomha, agus peacadh an ghnáthuighthe. Agus is ar an
gcéid-pheacadh labhras Solamh san chéad-chaibidil do Leabhar na hEagna, mar
a n-abair, perversae cogitationes separant a Deo do-níd na droch-smuaintighthe
1485] iomsgaradh ó Dhia.
Agus dá réir sin marbhaid an t-anam, do bhríogh go sgarthar leó ó Dhia é, is
beatha don anam, do réir Mhaoise san .30. caibidil ag Deut., mar a n-abair
ag labhairt ar Dhia ris an duine, ipse est vita tua, et longitudo dierum tuorum is é do bheatha agus fad do
laitheadh é. Agus
1490] is i bhfioghair an tí mharbhthar lé cóir an chroidhe atá
aní léaghthar ag Matha, mar do aithbheódhuigh Críost inghean an phrionnsa.
Is ar an dara cinéal peacaidh labhras S. Séam san chéad-chaibidil dá
Eipistil, mar a n-abair, peccatum cum consummatum
1495] fuerit, generat mortem an tan chríochnuighthear an peacadh,
geinidh sé an bás. Dá chor i gcéill, an tan chuirthear an peacadh i
ngníomh, go dtig bás na hanma dhe. Agus is 'na fhioghair so atá aní
léaghthar ag Lúcás san seachtmhadh caibidil, mar do aithbheódhuigh Críost
an macaomh fá mac don bhain-
1500]
treabhthaigh.
Is ar an treas cinéal labhras Pól san chúigeadh caibidil don
chéid-Eipistil ro sgríobh go Timotheus, mar a n-abair, vidua vivens in deliciis mortua est
an bhaintreabhthach mhaireas i sádhaile, atá sí marbh. Ionann sin ré a
rádh agus an t-anam bhíos ag
1505] gnáthughadh an pheacaidh, agus bhíos 'na
bhaintreabhthaigh ar dtréigean a fir phósta, .i. an Spiorad Naoimh, i ngeall
ar mheirdreachus na locht, go mbí marbh ó bhás na coire. Agus is 'na
fhioghair so atá aní léaghthar ag Eóin san aonmhadh caibidil déag, mar
do-rinne Críost Lazarus d'aithbheódhadh.
1510] Bíodh a fhios agat, a dhuine,
gurab i bhfioghair na dtrí gcinéal peacthach úd atáid an triúr úd do
haithbheódhadh lé Críost.
Óir amhail do-rinne Críost aithbheódhadh an trír réamhráitte, is
mar sin do-ní go laothamhail aithbheódhadh na dtrí n-aicme úd.
Gidh eadh, tuigthear as an réim do choimhéid Críost
1515] i n-aithbheódhadh an
trír úd cia dona trí drongaibh peacthach is túsga do-gheibh a n-aithbheódhadh.
Is-toigh imorra do haithbheódhadh inghean an phrionnsa; ag
triall cheana gus an adhnacul do haithbheódhadh an macaomh; gidh eadh,
is annsan uaigh do-rinneadh Lazarus d'aithbheódhadh.
1520] As so is iontuigthe gurab túsga do-ní Dia duine d'aithbheódhadh ón
chéid-chinéal peacaidh ioná ón dara cinéal, agus ón dara cinéal ioná
ón treas cinéal. Agus is uime do-rinne Críost gan d'aithbheódhadh acht
an triúr soin, do bhríogh nach raibhe faoi an ceathramhadh cinéal peacaidh
do leigheas .i. peacadh
1525] na haindiúide. Agus is uime sin adeir, ag labhairt
ar an druing bhíos i bpeacadh aindiúid na neamhaithrighe, amhail léaghthar
san ochtmhadh caibidil ag Matha, mar a n-abair, dimittite mortuos sepelire mortuos léigidh dona
marbhaibh na mairbh d'adhnacul. Agus is iad drong adeir d'adhnacul annso
na peacthaigh bhíos
1530] marbh ó choir aindiúid na neamhaithrighe. Agus is 'na
fhioghair so atá aní léaghthar san chéad-chaibidil do leabhar
Amos, mar a n-abair, super tribus sceleribus Damasci, et super quatuor non convertam eum tillfead ó thrí coiribh na
Damasca, agus ní fhillfead óna ceathair é. Dá chor i gcéill go
ndéin Dia
1535] aithbheódhadh na bpeacthach bhíos marbh ó pheacadh an
chroidhe, nó ó pheacadh an ghníomha, nó fós ó pheacadh an
ghnáthuighthe, gidh eadh, nach déin aithbheódhadh ar an tí bhíos
marbh ó pheacadh aindiúid na neamhaithrighe.
Tuig, a léaghthóir, ó's é an bás is díol agus is tuilleamh i n-íoc
1540]
an pheacaidh, do réir Phóil san seiseadh caibidil gusna Rómhánchaibh,
mar a n-abair, stipendia peccati mors tuarastail an pheacaidh an bás.
Dá chor i gcéill nach foláir dá gach aon-duine oirchill do bheith aige air
féin lé mbiadh ollamh ar a chionn, ionnus ó nach fuil dol ón bhás
chorpardha aige, go
1545] bhféadfadh é féin do chaomhna agus do choimhéad ar bhás
na coire. Agus ar chor gomadh móide do fhéadfadh é féin d'imdhídean agus
d'anacul air, fios a raibhthe forfhógarthacha agus a chomharthadh gcinnte do
bheith aige, measaim gurab tarbhach don duine na comharthadha cinnte
fhorfhógras an
1550] bás corpardha do bheith i ngar do neoch do chor síos annso,
agus comharthadha cinnte bháis na coire fhreagras dóibh sin mar an gcéadna,
ionnus óna bhfios do bheith ag neach, go dtuigfeadh an duine cuin do bhiadh
féin marbh do bhás na coire. Agus atáid a dó dhéag ré a n-áireamh ag
gach bás don dá bhás.
1555] An céad-chomhartha lé bhforfhógarthar an bás corpardha, anorduightheacht
an bhlais. An tan iomorra do-gheibh an t-othar blas ar aní budh anfholláin
dó agus diomblas ar aní budh folláin dó, is comhartha báis é. Mar an
gcéadna don othar spioradálta, is comhartha báis na coire an tan do-gheibh
an
1560] peacthach blas ar dhíomhaoineas agus ar shádhaile agus ar bhaosradh na
beatha aimseardha, agus diomblas ar shochar na sácramainteadh agus ar theagasg
bhréithre Dé. Agus is ar an druing se labhras Dáibhídh, mar a n-abair,
omnem escam abominata est anima eorum, appropinquaverunt usque ad portas mortis do ghabh déistin a
1565] n-anam súd ris an uile oileamhain, do dhruid
siad go doirsibh an bháis. Dá chor i gcéill go mbí bás na coire san ursain ag an druing
An dara comhartha, mar atá easbaidh díleaghtha. An tan
1575] iomorra nach
féadann an t-othar an biadh chaitheas do chongbháil fána chlí, nó, dá
gcongbhaidh é, nach féadann díleaghadh do dhéanamh air do dhíoth an teasa
nádúrtha agus na flichidheachta fréamhamhla, is comhartha cinnte báis é.
Amhail iomorra do-níthear an céid-díleaghadh san ghoile, an dara
díleaghadh sna
1580] haéibh, agus an treas díleaghadh sna ballaibh fá seach, lé
teas agus lé flichidheacht maille ré gníomhughadh na bríogha díleaghtha,
mar an gcéadna go spioradálta, an tan éagas teas an ghrádha agus flichidheacht
an ghlan-dúthrachta, téid báthadh ar dhíleaghadh bhreíthre Dé, arna
clos agus gan a coimhéad. Budh dual trá
1585] briathra Dé do dhíleaghadh fá thrí,
amhail do-níthear an díleaghadh corpardha: an céid-díleaghadh i ngoile
na meamhrach, lé cuimhniughadh uirre; an dara díleaghadh i n-aéibh na toile,
lé gean do bheith uirre agá téaghadh ar thinntéan nó ar theallach na toile;
an treas díleaghadh sna ballaibh fá seach
1590] lé gníomhughadh cneasta. Gidh
eadh, an dream nach faghann blas ar bhréithir Dé, agus nach déanann a díleaghadh
fá thrí amhail adubhramair, is follus go bhfuil comhartha cinnte bháis
na coire ortha. Agus is ar an tí ar a mbí an comhartha so labhras
Dáibhídh, mar a n-abair, odisti disciplinam et proiecisti sermones
1595] meos retrorsum do fhuathuigh tú an
seóladh agus do theilgis mo ráitte-se druim tar ais. Dá chor i
gcéill, an tí ar a mbí an comhartha báis se, nach binn leis
briathra Dé do chlos agá seóladh dhó, agus nach milis leis iad ré a
gcoimhéad ná ré díleaghadh do dhéanamh orra. Agus is ar an druing
se atá
1600] Isaias ag casaoid san chúigeadh caibidil, mar a n-abair,
abiecerunt legem Domini exercituum, et eloquium Sancti Israel blasphemaverunt
An treas comhartha, claochlódh na gnúise, mar atá an tsrón
1610] do bheith
arna caolughadh, an tsúil do bheith cuas-shloigthe, agus na cluasa do bheith
ar gcrapadh agus ar bhfuaradh. Mar an gcéadna don othar spioradálta. Is
ionann an caolughadh srón úd agus mar bhíos ag boltnughadh go fuireachair ar
bhéasaibh cáich, ar dtabhairt an chrotha 'na mbí féin i ndearmad. Agus
1615]
is ris an tí se labhras Ieremias san .31. caibidil, mar a n-abair,
reverte virgo Israel, reverte ad civitas tuas. Usque quo deliciis vaga dissolveris till, a mhaighdean Israel, till ar do chathrachaibh féin. Gá
fad bhus sgaoilte thú ar síodhán i sádhaile? Is eadh aitcheas nó
athchuingheas Ieremias annso ar an duine,
1620] gan bheith ag seilg ná ag
sraith-fhiadhach, ná ag léir-mheas ná ag lorgaireacht ar lochtaibh a
chomharsan, ar ndearmad a dhoibhéas féin; agus dá ndearna, is comhartha cinnte
ar bhás na hanma é. Ionann fós an slogadh súl úd agus an sáthadh do-ní an
peacthach ar rosgaibh a rúin sna neithibh talmhaidhe, ar
1625] n-iompódh a thoile
ó bheith ag smuaineadh ar na neithibh neamhdha. Agus is ris an bpeacthach so
adeir Ieremias san treas caibidil, leva in directum oculos tuos, et vide ubi non prostrata sis tógaibh go díreach do shúile, agus
féach cáit 'snár leagadh thú. Dá chor i gcéill go ndligheann an peacthach
1630]
dearc a dhíoghraise do thógbháil a cuas an chonáich shaoghalta, agus silleadh
ós a chionn, d'amharc gach othrais agus gach éislinne dá mbí ar a anam. Ionann
mar an gcéadna an crapadh agus an fuaradh cluas úd agus gan milse bhriathar
nDé do fhromhadh, ná giall dóibh. Agus is eadh adeir Solamh ris an tí ar a
An ceathramhadh comhartha báis chorpardha, éagcomhthrom
1655] na cuisleann, an
tan bhuaileas go neimhionann, mar atá seal go luath agus seal go mall, seal
go meirbh agus seal go láidir. Agus is eadh is cuisle ann, friothbhualadh
gluasachta an chroidhe sna hairtiribh, thionnsgnas ón chroidhe lé
gcoimhéadtar an t-aieór agus spiorad na beatha. Agus is eadh go spioradálta
1660]
chialluighid na cuisleanna úd, miana an chroidhe dhaonna. Agus is eadh
chialluigheas an mhalairt úd ar ghluaiseacht na gcuisleann, claochlódh
corrach diombuan luath-aigeantach na mian gcéadna. Agus amhail is comhartha
báis chorpardha gluasacht neimhionann na gcuisleann, mar an gcéadna is
1665]
comhartha ar bhás na coire, an tan bhíd miana an chroidhe corrach, agus
do-níthear a malairt fá seach, mar theagmhas do mhórán do dhaoinibh dul ó
bheith measardha go beith craosach, o bheith cráibhtheach go beith
éagcráibhtheach, ó bheith geanmnaidh
1680] An cúigeadh comhartha báis chorpardha, codladh corrach antráthach.
Is eadh iomorra is codladh antráthach ann, an tan do-ní duine suan ar ló
agus dúsgadh san oidhche. Go spioradálta, is eadh chialluigheas an
codladh úd, faill, agus is eadh chialluigheas an lá, an tsláinte, agus an
oidhche, an galar. Mar
1685] sin, an tí do-ní faill nó seachmall ar ló .i.
'na shláinte, agus chuireas a leas ar cairde i gcomhair oidhche na heasláinte,
is follus go bhfuil comhartha cinnte bháis na coire air. Agus is uime sin
ghuidheas Dáibhídh Dia, dá iarraidh air é féin do dhíon ar an gcoir se,
mar a n-abair, illumina oculos meos ne unquam
1690] obdormiam in morte soillsigh mo shúile, ionnus nach codlainn
choidhche san bhás. Agus is eadh iarras ar Dhia, gan a léigean dó féin
faill do dhéanamh, dá dtiocfadh é féin do bheith marbh i mbás na coire.
Atá fós Pól dá theagasg don pheacthach bhíos 'na chodladh san pheacadh dá
ngairthear faill, éirghe
1695] as, do reir mar léaghthar san chúigeadh caibidil go
Ephesios, mar a n-abair, surge, qui dormis, et illuminabit te Christus tusa atá it chodladh, éirigh, agus
soillseóchaidh Críost tú. Asta so is follus gurab comhartha cinnte ar bhás
na coire an codladh úd dá ngairthear faill.
1700] An seiseadh comhartha ar an mbás chorpardha .i. allus anorduighthe
nach i ló an fhaothaimh do-geibhthear, agus
An seachtmhadh comhartha ar an mbás gcorpardha, bréantas anáile. An tan
iomorra bhíos anál bhréan ag an othar, is comhartha é ar sgaoileadh nó ar
bhriseadh bronn do bheith
1730] aige, agus dá réir sin, ar an mbás do bheith i ngar
dhó. Mar an gcéadna go spioradálta, an tí dhoirteas a mhíochlú féin
dá gach leith léna mhíghníomhaibh, bí droch-bhaladh mítheasta air, agus
dá réir sin bí comhartha bháis na coire air. Agus is ar an druing bhíos
ar an gcor soin labhras Ieremias san seiseadh
1735] caibidil, mar a n-abair,
confusi sunt quia abominationem fecerunt
An t-ochtmhadh comhartha ar an mbás chorpardha .i. easbaidh
urlabhra. An tan trá do-bheir duine an fhaoisidin agus moladh Dé i
ndearmad, is comhartha bháis na coire é. Agus
1755] is ris an tí
do-gheibh an bás so adeir Solamh san seachtmhadh caibidil déag in
Ecclo., vivus et sanus confiteberis, et laudabis Deum ré linn do bheatha agus do shláinte do-ghéana
tú faoisidin agus molfaidh tú Dia. Dá chor i gcéill go bhfuil
an fhaoisidin éigeantach ré haithbheódhadh an té bhíos marbh ó
bhás na
1760] coire. Agus is uime adeir ar dtús an fhaoisidin do
dhéanamh ré moladh Dé, do bhríogh nach gabhann Dia urnaighthe an
pheacthaigh, nó go mbí arna fhothragadh lé fíor-uisge na
faoisidneach, do réir mar adeir Solamh san chúigeadh caibidil déag
in Ecclo., non est speciosa laus in ore peccatoris ní maiseach
1765] an moladh i mbéal an pheacthaigh.
Dá chor i gcéill, an dream bhíos marbh ó bhás na coire, nach
faghann Dia blas ar a n-urnaighthe, acht mar gurab i n-easbaidh
urlabhra do bhiadh siad ó bhás na coire. Agus is ar an druing se
labhras Dáibhídh, mar a n-abair, non mortui laudabunt te Domine, neque
An naomhadh comhartha ar an mbás gcorpardha, maoladh
1785] na meabhrach. Óir
an tan chailleas duine a mheabhair, is comhartha báis air é. Mar sin go
spioradálta, an tí do-bheir i ndearmad dearlaigthe Dé, a bhreitheamhnais,
a aitheanta, agus a luaighidheachta, is comhartha cinnte ar bheith marbh ó bhás
na coire é. Agus is ar an tí bhíos marbh i mbás na
1790] coire se labhras
Dáibhídh, mar a n-abair,non est in morte qui memor sit tui ní fhuil san bhás neach do bhiadh cuimhneach
ort-sa. Dá chor i gcéill, an tí bhíos marbh do bhás na coire, nach
bí cuimhne ar Dhia ná ar a thiodhlaicthibh aige. Agus fós is ar an
druing gcéadna so labhras Dáibhídh, mar a n-abair,
1795] et obliti sunt Deum qui salvavit eos agus
tugadar i ndearmad Dia do shlánuigh iad. Dá chor i gcéill, an dream
bhíos marbh ó bhás na coire, nach cumhain leó commaoin dár chuir Dia orra,
ar mbeith dá meabhair arna maoladh, amhail adubhramar.
An deachmhadh comhartha ar an mbás gcorpardha, an tan
1800] choisgeas a luadhaill
nó a ghluasacht. Óir an tan nach féadann duine aon-bhall dá bhallaibh do
chorraighe, is comhartha cinnte báis é. Mar sin go spioradálta, an
t-anam bhíos gan luadhaill
An céid-chinéal, mar atáid oibreacha áilgheasacha na haithrighe ré
hionnladh na hanma ó mheirg na mailíse. Agus is é an
1815] t-ionnladh so na
haithrighe fhoráileas Críost, do réir mar léaghthar san treas caibidil
ag Lúcás, mar a n-abair, facite fructus dignos poenitentiae déanaidh toirthe fiúdhantacha na
haithrighe. Agus is i bhfioghair aneithe céadna atá aní léaghthar san
chúigeadh caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh,
1820]
mar do fhoráil Eliseus ar Naaman é féin do nighe fá sheacht i sruth
Iordáin. Agus fós atá san áit se Dia ag déanamh bagair san
Scrioptúir mar a n-abair san treas caibidil déag ag Lúcás, nisi
poenitentiam egeritis, simul omnes peribitis muna ndearntar aithrighe libh, caillfidhear uile i n-aoin-fheacht
sibh. Gonadh
1825] aire sin adeir file éigin an rann so:
- Gá fios damh, a Dhé nimhe
anois uair na haithrighe
an mbiam an uair oile ann?
an uain bhus goire gabham.
1830] An dara cinéal oibre, mar atáid oibreacha na trócaire, do réir Phóil
san treas caibidil déag gusna hEabhraidhibh, mar a n-abair,
caritas fraternitatis maneat in vobis, et hospitalitatem nolite oblivisci comhnaidheadh an grádh bráthardha ionnaibh, agus ná tugthar
libh i ndearmad an aoidheacht; agus mar adeir
1835] san áit chéadna,
mementote vinctorum tanquam simul vincti bíodh cuimhne agaibh ar na cimeachaibh, mar go mbiadh sibh
féin mar aon riú cuibhrighthe. Dá chor i gcéill go ndligheann
An treas cinéal oibre, mar atá sgrúdadh agus sgáthántacht glan-rúnda
do dhéanamh ar na neithibh neamhdha. Agus atá an Coimdhe ag cuireadh na
ndaoine ré déanamh an sgrúduighthe se, do réir mar léaghthar san
.24. caibidil in
1845] Ecclo., mar a n-abair, transite ad me omnes qui concupiscitis me
triallaidh im dháil-se, na huile shanntuigheas mé. Agus is
cuid don sgrúdadh soin oibreacha na heagna, mar atá éisteacht go
friochnamhach ré friotal na fírinne, agus na neithe chluinfeas tú do
choimhéad id
1850] chuimhne; agus na neithe chuirfeas tú id chuimhne do
ghníomh-ghnáthughadh; leabhair dhiadha do léaghadh, agus fós
frithléaghadh fuireachair do dhéanamh orra, go ndeithide agus go
ndícheall ndofhaisnéise; foirfhiafraighidh do dhéanamh ar neithibh
conntabhartacha; lorgaireacht ar thoil agus ar aitheantaibh Dé fria
a gcoimhéad go cobhsaidh caoin-bhéasach;
1855] agus fidh-cheangal do
dhéanamh ar chuithe nó ar chuas an chroidhe lé féithle
fíréandachta, ionnus nach géabhadh teannáil na toile bhíos ag
aol-losgadh na hanma, dá bruithneadh agus dá beó-ghoradh, ag buain
mheirge na mímhéine agus umha ghuirm na hurchóide dhi múchadh
chuice.
1860] An ceathramhadh cinéal oibre, mar atá fíréantacht iomlán, ré
gcomhailltear na neithe chomhairligheas Dia dhúinn do dhéanamh, leath amuigh
dá fhógarthaibh. Agus atáid cheithre neithe san bhfíréantacht so.
An céid-ní, tar agus tarcuisne na séad saoghalta. Agus is uime
1865] sin adeir
máthair Tobias, dá chor i gcéill nach raibhe seadh san saoghal aice féin,
mar a n-abair, sufficiebat nobis paupertas nostra fá lór dhúinn ar mbochtacht féin.
An dara ní, neimhchion do thabhairt ar ainmhianaibh na colna, is
dearbh-airdhe dísle ar na dubháilcibh, agus is teachta agus
1870] is taidhleóire do
thaomaibh fiabhrasta an pheacaidh. Agus is uime sin atá aní léaghthar ag
Solamh san .33. caibidil in Ecclo. mar a n-abair, cibaria et virga et onus asino, panis et disciplina et opus servo biadha agus
brod agus ualach don asal, arán agus seóladh
1880] An treas ní, umhlacht an fhomóis, do réir Eóin san cheathramhadh
caibidil, mar a n-abair Críost, meus cibus est ut faciam voluntatem eius qui misit me is eadh is biadh dhamhsa, go
ndearnainn toil an tí do chuir uaidh mé.
An ceathramhadh ní, treise na foidhide, do réir S. Séam san
1885] chéad-chaibidil,
mar a n-abair, patientia opus perfectum habet, ut sitis perfecti et integri, in nullo deficientes obair iomlán an
fhoidhide, is aice atá bhar mbeith coimhlíonta iomlán, gan bheith
dítheach i n-éin-ní. Dá chor i gcéill go dtig don fhoidhidin
gach dochar agus gach díoth aimseardha fhuilngeas an duine dá
dheóin san
1890] bheathaidh se, go bhfuighbhe a gcoimhlíonadh san
bheathaidh shuthain.
An t-aonmhadh comhartha déag .i. easbaidh anáile. Óir an dream
mheasas a fhios do bheith aca an mbí an t-othar marbh, do-níd
cleite d'inneall ar chomhair a bheóil agus a shrón, dá
fhéachain an luaisgfidh an cleite lé séideadh nó lé súghadh
1895]
a anáile; agus an tan nach mothuighid ag séideadh nó ag tarraing a
anáile é, measaid siad gurab marbh bhíos. Mar an gcéadna go
spioradálta, an tan nach séideann duine a dhíoghrais go Dia,
agus nach súigheann grása an Spiorad Naoimh, is comhartha ar
1900]
bhás na coire é. Agus is ar an tí bhíos san riocht so labhras an
seachtmhadh caibidil déag don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh,
mar a n-abarthar, erat languor fortissimus ita ut non remaneret in eo halitus do bhí an treabhlaid láidir, ionnus
nár an anál ann. Agus is é peacadh an éadóchais go sonnradhach
1905]
thuigthear ann so, do réir Sholaimh san aonmhadh caibidil déag mar
a n-abair, mortuo homine impio nulla erit ultra spes ar bhfagháil bháis don éadtrócaireach,
ní bhia dóchas ar bioth ó shoin amach aige. Dá chor i gcéill
go dtéid an t-éadtrócaireach
An dara comhartha déag báis chorpardha .i. easbaidh tadhaill. An tan trá
chailleas duine céadfaidh an tadhaill, is follus gurab marbh é. Mar an
gcéadna go spioradálta, an tan chruadhuigheas
1915] an duine go docht sna dubháilcibh,
caillidh a chéadfaidh a mothughadh. Ar dtús caillidh a blasadh,
an mhéid nach fromhann milse an chomhshóláis diadha, agus fós nach cluin
briathra an teagaisg ná an smachta, agus nach faiceann do rosgaibh a réasúin
toirbhearta an bhronntais diadha, agus nach déanann
1920] boltnughadh ar
eisiompláiribh chaidribh naomhtha Chríost agus na naomh, agus nach mothuigheann
céadfaidh an tadhaill sgiúrsadha an smachta diadha. Ionnus go bhféadtar a
rádh ris amhail adubhradh ré Nabal, do réir mar léaghthar san .25.
caibidil don chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a n-abarthar,
1925]
e mortuum est cor eius intrinsecus, et factus est quasi lapis atá a chroidhe marbh go hinmheadhónach,
agus atá arna dhéanamh amhail chloich. As sin is iontuigthe go
mbíd daoine dúra doitheagaisg ann, nach gabhann beadhgadh tré smacht
dá ndéanann Dia orra, ná fós ré bagar a bhriathar, amhail do bhí
1930]
Pharao, do réir mar léaghthar san chúigeadh caibidil in Exodo.
Óir tar éis mar do iarr Maoise air sgaoileadh do phobal Dé as an
daoirse 'na rabhadar aige, agus tar éis na bplágh ndíoghaltach do
imir Dia ar an Éigipt tré bhroid Chloinne Israel, is móide (mar
ghreannughadh ar Dhia) do thromuigh ar mhoghsaine
1935]
Chloinne Israel gach bagar dá ndearna Dia air, agus gach pláigh dár imir
ar an Éigipt. Mar an gcéadna fós do-rinne Cain, do réir mar
léaghthar san cheathramhadh caibidil in Genesi. Óir an tan do
theagaisg Dia é do thaoibh a dhearbhráthar Abel, is eadh do-rinne, Abel
do mharbhadh, mar ghreannughadh ar
1940] Dhia tréna theagasg. A shamhail chéadna
do-rinne Ioruaith re hÉoin Baiste. Óir i ndíol an teagaisg tharbhaigh
tug Eóin dó, is eadh fuair dá chionn, a dhícheannadh le
hIoruaith. Mar sin don duine dúrchroidheach mar chloich:
teilgidh do dhruim
Is eadh is treas bás ann .i. bás na péine. Agus is ar an
mbás so labhras Eóin san ochtmhadh caibidil, mar a n-abair,
1950]
et in peccatis vestris moriemini agus do-ghéabhthaoi bás in
bhar bpeacaidhibh féin, ag labhairt ar an druing do-gheibh bás i
bpeacaidhibh agus do bhiadh i mbás síordhaidhe na péine. Gonadh aire sin adeir
file dh'áirithe an rann so:
- Is é is bás dár-íribh ann,
1955] tréigean Dé, dol i n-iofrann:
beag cás toighe acht an teagh-sain,
bás oile ní huireasbaidh.
Agus tuigthear aní céadna go follus a briathraibh Dháibhídh san
.48. Salm, mar a n-abair, ag labhairt ar an druing dhamanta
1960]
théid go hifreann, sicut oves in inferno positi sunt; mors depascet eos do cuireadh amhail chaorcha i
n-ifreann iad; sáiseóchaidh an bás iad. Dá chor i gcéill gurab
amhlaidh bhíd na hanaim dhamanta do shíor ag blaistin an bháis,
agus ag ingheilt ar il-phianaibh ifrinn, ionnus go mbíd gaotha cró
gach coire lér cuireadh
1965]
i n-ifreann iad agá dtreaghdadh agus agá dtrom-ghoin. Gonadh
uime sin adeir file éigin an rann so:
- Iomdha i n-ifreann ar chionn cháigh
piana troma, is tuar toccráidh:
éag gan luibhe dá leigheas,
1970] duine do chéad chuimhneigheas.
Is eadh iomorra is ionnfhuaradh i n-ifreann dóibh, éagsamhlacht agus malairt
na bpian bhíos agá n-imirt orra. Óir an tan bhíd tuirseach ó bheith ag
feitheamh ghnúise grancuighthe gualda gráineamhla an diabhail, gabhaid an
daosgar-shluagh
1975] dorrdha dubh-ghnúiseach deamhan, agus an saobh-choire
sáruightheach seirgnidhe siabhartha, agá sústadh agus agá slat-bhualadh, agá
dtuargain agus agá dtrom-ghoin agus agá dteilgean as sin ar leacaibh loma
loisgneacha lasamhla, agus agá dtreaghdadh do bhearaibh troma teinntidhe, agá
gcosgairt agus agá gcreat-raobadh
1980] d'ordaibh iomthroma urlainn-leathna
iarnaidhe; agus as sin i srothaibh borb-thonnacha bréana buaidheartha
briomstóin nó raibhe, go n-iomad n-il-phiast agus n-arracht n-adhuathmhar
n-allmhardha. Gá dtám ris, ní héidir ríomh ná ro-áireamh a bhfuil
d'il-phianaibh i n-ifreann, ar a n-iomad agus ar a n-aidhbhsighe.
1985] Tuig go bhfuilid dá ghné phrinnsiopálta phéine ann,
mar atá pian chéadfadhach nó mhothuightheach, mar atá teas teineadh
ifrinn, bualadh agus boirb-leadradh na ndeamhan ar an hanmannaibh.
Agus is é mo mheas go n-oibrigheann an teine se go
gníomhach ar na hanmannaibh damanta, comh-maith agus
1990]
oibrigheas uisge an bhaistidhe ar an druing bhaistear; ionnus mar ghlanas
uisge an bhaistidhe an t-anam ó pheacadh an tsinnsir go fírinneach, mar an
gcéadna go ngníomhuigheann teine phurgadóra nó ifrinn go fírinneach ar
na hanmaibh damanta nó ar na hanmaibh bhíos i bpurgadóir.
1995] An dara gné phrinnsiopálta phéine bhíos i n-ifreann, dá ngoirthear
pian easbadhach, mar atá bheith i n-easbaidh amhairc bheannuighthe na
glóire, tré bhfaicthear an diadhacht 'na bhfuil an uile mhaith
shoimhianuighthe. Agus atá i gconntabhairt, cia dhíobh pian is truime .i.
bheith ag fulang na teine ifreanda do shíor, nó bheith i n-easbaidh ghlóire
2000]
suthaine.
Agus is uime atáid an dá ghné phéine se i ndiaidh an pheacaidh, do bhríogh go bhfuilid dá olc phrinnsiopálta san pheacadh do-ní an peacthach ré déanamh an pheacaidh, mar
Atá an chéid-ghné úd dona pianaibh adubhramar, mar atá
2025] an phian ghníomhach,
i n-íoc an ghnúis-fhillte do-ní an peacthach ar an gcréatúir. Óir
cion a bhfaghann do shólás agus do shult sna créatúiribh úd ar an saoghal
so, do-ghéabhaidh do dhólás agus do dhaoirse agus do dhocamhal thall é, muna
íoca abhus ar a shon, do réir Eóin, san ochtmhadh caibidil déag do Leabhar
2030]
na dTaidhbhreadh, mar a n-abair, quantum glorificavit se et in deliciis fuit, tantum date illi tormentum et luctum an uiread do ghlórmharuigh sé
é féin, agus do bhí i sádhaile, tugthar libh an uiread soin do phéin agus do
dhoilgheas dó. Dá chor i gcéill, cion a bhfaghaid na daoine do sháimhrighe
agus do mheadhair
2035] na beatha so, go bhfaghaid a dhíol do chruadh-dháil agus do
chrádh san charcair úd thall. Gonadh uime sin adeir Lúcás san seiseadh
caibidil, ag teacht tar an druing se, vae vobis
Atá mar an gcéadna an dara gné pheine úd .i. an phian easbadhach, i
ndiaidh an chúil-iompóidh do-ní an peacthach
2045] óna Chruthuightheóir. Óir
mar do-ní an peacthach díogha don bheathaidh mharthanaigh agus rogha dona
neithibh talmhaidhe, do-ghéana a chontrárdhacht i n-ifreann i n-antráth.
Óir bí lán d'airc agus d'fhonn anorduighthe ris an nglóir do dhiúlt sé
roimhe d'fhaigsin, ionnus nach féadtar a mheas créad é a mhéad
2050] do phéin
dó, an t-áilgheas aidhbhseach anorduighthe agus an fonn frithir foiréigneach
bhíos air ré blas na glóire sin; agus gurab dearbh leis gan é dá rochtain
tré shaoghal na saoghal, dá mhéad bhíos ag dol i dtaisibh agus i
dtáimh-néallaibh dá cionn. Agus is í an ghuais gháibhtheach so agus an t-anfadh
anbháil atá
2055] ar mhuir mhailísigh an tsaoghail, ag tolladh agus ag tuargain
arthraigh anma an duine, do-connarcas go fáthach do Pheadar
naomhtha, do réir mar léaghthar san ochtmhadh caibidil ag Matha,
mar a ndubhairt, agus é i n-aon-luing ré Críost i mbaogal a
bháitte, Domine, salva nos, perimus a Thighearna, fóir sinn,
2060] atámaid ar
fágbháil. Agus níor chóra do Pheadar Críost do ghairm an lá
soin ré linn a ghuasachta, ioná dona daoinibh i gcoitchinne Dia do
ghuidhe. Óir ní lugha guais aoin aca ioná guais Pheadair an tráth soin.
Agus fós, is mó guais na ndaoine, do bhríogh nach raibhe acht baoghal bháis chorpardha
2065]
ar Pheadar, agus go bhfuil baoghal na dtrí mbás do luaidheamar ar na
daoinibh i gcoitchinne. Gér gháibhtheach iomorra an fhairrge agus gér lag an
long 'na raibhe Peadar, is burba an mhuir se na mailíse ar a bhfuilid na
daoine, agus is laige leónta a luingeas, mar atáid na cuirp chealgacha
chriadhamhla atá ré
2070] hiomachor a n-anam, agus gan iad cliste ná calma ré
maraidheacht do dhéanamh, an tan éirgheas gaoth na glóire díomhaoine, agus
tig séideadh soighnéanta na sainnte, agus tógbhaid uisgeadha
Agus is ag éagnach ar aindísle agus ar eisionnracus na colna do
mhothuigh Pól ann féin labhras san seachtmhadh caibidil gusna
Rómhánchaibh, mar a n-abair, video aliam legem in
2100] membris meis, repugnantem legem mentis meae, et captivantem me in lege peccati, quae est in membris meis do-chím reacht oile im
ballaibh ag gleic ré reacht mh'intinne, agus dom chuibhreach i
reacht an pheacaidh atá im ballaibh. Agus mar gur mhothuigh
Pól, do bhí i ngrásaibh Dé, easurraim a chéadfadh do riaghail
2105]
a réasúin, ní hiongnadh an peacthach do bheith uaimhneach
oirmheata d'fhaitcheas na colna mar aon réna céadfadhaibh do
- Mo neart féin ná fulaing orm-sa,
eadram is tú sul tí sinn;
ná léig mé ar na raonaibh romhainn,
caomhain, a Dhé, orainn inn.
An t-aidhbhirseóir mar an gcéadna ag inneall a il-chleas ré a
- 2120] Is tú an tsodh mheabhlach mheangach,
is tú an bheithir bhéimeannach,
tú an nathair sheang, a sheise,
is ceann athaigh uirre-se.
An tan iaramh ghabhas an t-arthrach úd na hanma raon madhma agus míochosgair ag teitheadh rés na heasgcáirdibh céadna, mar
- An cholann ag comhrac riom,
2130] 'sa tighearna atá i n-ifrionn,
'san saoghal seise ar gcolna,
meise im aonar eatorra.
- Neimh threaghdaidh is tinneas mór,
mar sgeana sginneas im chliabh;
ar mo thaobh níom tualaing suan,
2145] buan fám thuaraim taom ón triar.
Is córaide dhúinn iomorra an cholann do choimmeas ré harthrach
do bhiadh ag imtheacht an aigéin, aní léaghthar ag Solamh san
chúigeadh caibidil do Leabhar na hEagna, mar a n-abair, ag
labhairt ar cholainn an duine, tanquam navis quae
2150] pertransit fluctuantem aquam, cuis cum praeterierit non est vestigium invenire, neque semitam carinae illius in fluctibus amhail luing
thriallas tré uisge buinne, 'sa lorg nach faghthar ré
n-imtheacht di, ná cosán a cile súd sna buinneadhaibh. Dá chor i
gcéill, an tan bhíos arthrach na hanma ag
2155] triall tar eas na haoise,
nó tar bhuinne na beatha aimseardha, go dtig loing-bhriseadh dhó,
dá dtig blogha beaga do dhéanamh dhe, an mhéid go gcuirthear go
heasaontach a seilbh na hanma é, agus fós a seilbh a subháilceadh,
agus a céadfadh, agus a huile bhríogh ar-cheana. Agus is é an
t-arthrach so na colna go fáthach
2160] do thuig Peadar, do réir mar
léaghthar san cheathramhadh caibidil déag ag Matha, mar adubhairt
san luing ré Críost, iube me ad te venire super aquas fógair dhamh teacht id dháil ar
na huisgeadhaibh. Dá chor i gcéill, tar ceann gur mhór an
ghuais bheith ar an uisge .i. ar an éag, gurab mó go meinic do
ghuais
2165] bheith ag luingseóireacht arthraigh na hanma fá
phíoráideacht an pheacaidh ag déanamh lot laothamhail, ioná sin.
Agus is trés an arthrach soin na colna do bheith comh-baoghlach
soin atá Pól ag ceisneamh a chrotha féin tré bheith i gcolainn,
do réir mar léaghthar san seachtmhadh caibidil gusna Rómhánchaibh,
2170]
mar a n-abair, infelix ego, quis me liberabit de corpore mortis huius is mise an duine neamhchonáich, cia
shaorfas mé ó chorp an bháis se? As so is iontuigthe gur mhór
an ghuais ré Pól bheith cuibhrighthe i gcarcair na colna daonna,
ar mhéad na mbaoghal atá 'na cionn. Agus do bhríogh go bhfaiceann
2175]
nach fuil daingean ná dídean oile ag na daoinibh, acht iad
An céid-ní, a gcroidhe do thabhairt do Dhia i modh bronntais.
2190]
Agus atá Dia féin dá iarraidh sin orra do réir mar léaghthar san
.23. caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, ag
labhairt ris an duine, praebe, fili mi, cor tuum mihi tabhair, a mhic ionmhain, do
chroidhe féin damhsa. Dá chor i gcéill nach foláir leis croidhe
an duine d'fhagháil ré déanamh feadhma
2195] dhó féin, agus nach lór
leis foghnamh foirimeallach na mball oile gan an croidhe do
chongnamh leó. Agus is uime sin adeir sé ris an duine san ochtmhadh
caibidil dona Cainticibh, pone ut signaculum super cor tuum, et signaculum super bracchium
tuum cuir mise mar shéala ar do chroidhe agus mar shéala ar
2200]
do láimh. Dá chor i gcéill gurab
eadh dhligheas, bheith geimhlighthe fá ghéibheann ghrás nDé do
leith a chroidhe agus a lámh, ionnus nach féadfadh smuaineadh ná
oibriughadh acht do réir thoile Dé.
An dara ní, iad féin do thabhairt go hiomlán do Dhia, do
2205]
réir mar léaghthar san .22. caibidil ag Matha, mar a n-abair
Críost ris an duine, diliges Dominum Deum tuum ex toto corde
tuo, et in tota anima tua, et in tota mente tua grádhuigh do
Thighearna, do Dhia féin, ód chroidhe go hiomlán, agus it anam
An treas ní, an bronntas do-níd orra féin do Dhia, gan dol
2225] 'na dhiaidh,
acht marthain i mbun a chomhaill do shíor, agus a mheas gurab ógláchas beatha
bhíos ag Dia orra, agus dá réir sin nach dlighid ar feadh a mbeatha feidhm
ná foghnamh do dhéanamh acht ar thoil a dTighearna féin, Dia uile-chumhachtach.
Agus is é coingheall ar ar gheall Dia tuarastal don
2230] duine, agus fós
a réidheachadh agus a fhóirithin as gach uile bhroid agus mhoghsaine, agus
saoirseach do dhéanamh ar neamh dhe, dá gcaomhnadh é féin go
buain-sheasmhach i ngrásaibh Dé agus i saothrughadh na subháilceadh, do réir
Mhatha san .24. caibidil, mar a n-abair qui perseveraverit usque ad finem, hic salvus erit
2235]
an tí do-ghéana buain-sheasamh go deireadh, ag so an tí
shláineóchar. Is córaide iomorra do dhuine buain-sheasamh
do dhéanamh, nach bí fios na faille aige, mar atá fios uaire an
bháis, do réir Sholaimh san naomhadh caibidil in Eccle., mar a
n-abair, nescit homo finem suum ní feas don duine a chríoch
2240]
féin. Óir dá mbeith, ní gar nach diongnadh é féin d'inneall
ré hucht na nguasacht bhíos 'na chionn i n-aimsir an éaga. Agus is dá chor
so i gcéill atá an fábhaill-sgéal léaghthar ag Matha san .24.
caibidil, mar a n-abair Críost, si sciret paterfamilias
2255] Bíodh a fhiadhnaise sin ar Phádraig, aird-éarlamh Éireann, agus
ar Cholam Chille, agus ar a chéile comhaoise Mo Chua, ar
Mhaodhóg, ar Mo Ling ar Mo Laise, ar Mhaol Ruain, ar
Chiarán, agus ar Dhiaglán, ar Fhíonán, agus ar Cholmán, agus
ar Ruadhán, agus ar na céadaibh oile dhíobh, tug a mbeathaidh as go
2260]
cráibhtheach crith-eaglach. Is amhlaidh iomorra do bhídís, agus
aibíde aosta athchaitte iompa, a gcosa go foirbeach fornocht
foghartach, táir-bhiadh agus tearc-ól do shíor aca, róin-léinte
roighéara ruibeacha ag athghoin na n-áladh do-nídís orra féin,
d'éis bheith dá sgiúrsadh agus dá sgoth-bhualadh féin go beith
2265]
dá gcorpaibh créacht-ghonta, go mbídís frasa foirdhearga fola ag
snighe agus ag snámh-thuitim ré sleasaibh seirg-easnacha a gcneas
ón chiorrbhadh do-bheirdís orra féin. Do cleachtaoi leó fós fuacht
agus faire agus fad-dúsgadh, urnaighthe agus almsana, aoine agus
iairmhéirghe, luighe ar lár nó ar lom-thalamh agus clocha
2270]
fogharbha fuara foirfhliucha fúthaibh. Bioth-ghrádh don bhochtacht agus tár
ar an toicthe thalmhaidhe aca, agus iad ag baisteadh agus ag
beannughadh, ag teagasg agus ag treórughadh na bpobal, agus fós ag
proicheapt agus ag prímh-sheanmóir dhóibh. Agus urmhór na haicme
iodhaine, nó forgla na feadhna fíréanda sin
2275] ag grinn-fheitheamh na
glóire go glan-rúnda géar-radharcach do ghréas, agus a n-aigeanta
ag onfais i n-oigéan an ionnracais, agus anm-cháirdeas
irse idir gach lucht comhaimsire dhíobh, agus iad
Acht cheana fa-ríor, ní léir an lonnradh nó an ga gréine
2290]
grás bhíos ré lingeadh go laothamhail ó Dhia ar na daoinibh,
do mhórán do dhaoithibh dúra daill-intleachtacha, do thuaith-chliaraibh tura tearc-mhúinte, do
bharántaibh borba beig-léighinn, agus d'ughdaraibh earraoideacha eiriticeamhla
na haimsire se, dá dtabhair Dia athaidh fhada agus aimsir imchian ré déanamh
2295]
aithrighe, agus gurab eadh do-níd-sean agus lucht a leanta, bheith ag dol i
mbeó ar Dhia go díotharbhach, lé dubháilcibh agus lé droch-oibreachaibh mar
uile ghaisgeadh dhóibh féin. Agus mo
thruaighe mhór, dá dtugdaois amharc a n-intinne ar an raon
ndocrach ndoieólais atá rompa, agus gan fios na faille aca, agus nach
2300]
léigeann Dia aoin-neach ré mbeith a ghrúg dá ghrianán, do
thréigfidís bheith ag diúl dubh-lachta domblasta na beatha so.
Uch, a dhuine, dá dteagmha athlasadh álaidh nó nuai-pheacadh
neimhneach ód neamhfhaire féin duit, luigh go luath i leabaidh
chléithe comhghoine an chroidhe, agus tógaibh fian-bhoith fíréandachta
2305]
do chumhdach do choguais, agus cuir lámh ar do leigheas
ód lochtaibh.
Ionnus gurab móide do-ghéantá luas ré leigheas do chor ort
féin, fios na n-earradh n-íoc-shláinteach do bheith agat, bíodh a
sháir-fhios agat gurab íoc-luibh dá gach othras, agus gurab urchosg
2310]
imleighis dá gach easláinte dá mbí ar an anam an aithrighe; agus
gurab ceirín dá gach créacht an crábhadh, agus gurab luibh leighis
Is truagh nach léir don druing nach urmaiseann an aithrighe 'na ham gurab
eadh do-ní an t-aidhbhirseóir ris an bpeacthach, amhail do-ní an faol-chú
ris an gcaoirigh. Óir is ar bhrághaid
2325] uirre bheireas, d'eagla go ndéanadh
meidhil do-chluinfeadh an t-aoghaire, agus go dtiocfadh dá fóirithin. Mar an
gcéadna do-ní an t-aidhbhirseóir ris an bpeacthach. Beiridh ar mheall
brághad air, agus fáisgthear leis barróg na haindiúide go docht ar a
mheanmain, go nach léigeann dó a locht do chor síos san
2330] bhfaoisidin, dá
dtiocfadh aoghaire na hanma do thoidheacht dá fhóirithin a hanbhroid an
aidhbhirseóra.
Is é fáth as nach léir don pheacthach gurab leis na sásaibh réamhráitte
do-níthear é d'fhóirithin, do bhríogh gurab eadh do-ní an diabhal ris an
duine amhail do-ní an fiach dubh ris an
2335] mbeathadhach bhíos easlán nó
báitte i dtuinn: gobaidh a shúile as a cheann. Mar an gcéadna do-ní an
diabhal ris an bpeacthach, an tan do-gheibh i bpríomh-ghalar an pheacaidh nó
i dtuinn atmhair na hurchóide é. Gabhaidh ag cealg-ghoin rosg a réasúin,
go bhfágbhann dall é, as nach léir dhó leasughadh do dhéanamh
2340]
'na lochtaibh.
Ní fhuil fós dá éignighe do-bheir duine amus ar aithrighe do dhéanamh nach mó sa chách do-ní an diabhal dícheall ar a
Do bhríogh iomorra gurab do dhearmad do thabhairt i
2350] gcuimhne an bháis tig
an duine do dhéanamh peacaidh, is eadh dhligheas do dhéanamh amhail do-ní
an phéacóg. Is eadh cheana do-ní sí, an tan at-chí a hearr iol-dathach
i n-eagar ós a cionn, agus mhothuigheas dá bhríogh sin a huaill ag
ardughadh, do-bheir silleadh síos ar a cosaibh garbha gartacha, agus tig don
2355]
mhíghné at-chí ar a cosaibh a macnas agus a mómhaireacht do mhúchadh.
Mar an gcéadna dhligheas an duine do dhéanamh, féachain go cruaidh ar a
chosaibh .i. ar a chríochaibh, agus meas agus mion-chuartughadh do dhéanamh
ar na bearnaibh baoghail atá roimhe, agus go mór-mhór ar an mbás atá
dh'áirithe ag gach
2360] aon go cinnte, do réir mar adeir Pól san naomhadh
caibidil gusna hEabhraidhibh, statutum est hominibus semel mori do
horduigheadh dona daoinibh aon-uair amháin bás d'fhagháil. Agus dá
ndearna soin, is dearbh go rachaidh as ó ghoimh an dá bhás do luaidheamar,
mar atá bás na coire agus bás na péine,
2365] agus nach diongna an treas bás
.i. bás an chuirp, díoth ná dochar dhó.
Adeir Seneca in Epist., satis multum temporis sparsimus,
incipiamus vasa in senectute colligere; in freto viximus, moriamur in
portu is lór dhúinn ar sgaipeadh d'aimsir linn, tionnsgnam
2370]
cruinniughadh na soitheach san seanórdhacht; do mhaireamair san
muir, déanam éag san chuan. Ionann sin ré a rádh agus go
ndleaghair dhúinn arthraigh na hanma do chruinniughadh i gceann
a chéile 'na gcabhlach i gcuan an chrábhaidh, agus angcaire na
haithrighe do léigean fúthaibh dá dtoirmeasg ar
2375] luasgadh na locht,
d'eagla a leónta lé tuargain thonn n-atmhar
Is córaide dhúinn a mheas nach eadh amháin i ló a éaga bhíos an bás ag
tóraidheacht ar an duine, acht fós go mbí do ghnáth ar a lorg, aní
léaghthar ag Seneca de Conceptu Mortis,
2395] mar a n-abair, ultima
hora qua esse desinimus, non sola mortem facit, sed sola consummat:
tunc ad illam pervenimus, sed diu venimus ní hí an uair dhéidheanach amháin 'na dtéimíd
ar ceal do-ní an bás, acht is í amháin chríochnuigheas: an tráth soin
tig linn a rochtain, gidh eadh, is cian dobhámar ag teacht
2400] 'na dháil. A
briathraibh an ughdair se is iontuigthe gurab iomdha amus do-bheir an bás
ar an duine sul mharbhas é. Agus is córaide sin do mheas, mar
do-cíthear dhúinn go meinic géire na sgríob do-bheir an bás ar
na daoinibh, mar is follus isna fiabhrasaibh, agus isna teidhmibh troma,
agus isna
2405] guaisibh iomdha oile lé ndéantar an duine do bhreódh leis, agus
fós san aois féin lé ngadtar go téaltuightheach sláinte agus bríogha an
chuirp diaidh i ndiaidh, go gcuireann an bás fá ghreim fá dheóidh é.
Per unum hominem peccatum intravit in mundum, et per peccatum
2410] mors,
et ita in omnes homines peccatum transiit, Romanorum quinto tré
aon-duine amháin táinig an peacadh isteach san domhan, agus trés
an bpeacadh an bás, agus mar sin do-chuaidh an peacadh san uile
dhuine. Agus is uime sin adeir Pól san seiseadh caibidil gusna
Rómhánchaibh, stipendia peccati
2415] mors tuarastal an pheacaidh an
bás, dá chor i gcéill gurab i ndíol an pheacaidh do-rinne
Ádhamh do horduigheadh an bás do bheith dh'áirithe aige féin agus
ag gach aon do geinfidhe uaidh.
Léaghthar san naomhadh caibidil don chéid-leabhar do
2420]
Leabhraibh na Ríogh mar do thogh Dia Saul ré bheith 'na rígh ar Chloinn
Israel. Agus léaghthar san .31. caibidil don leabhar chéadna mar
do thuit Saul agus a chlann ar fhulang Dé, leis na
Filistíneachaibh, tré gan a choimhéad féin san chuing do chuir Dia
air, an mhéid go dtug pearsa osgardha, agus neart adhbhal
2425] cuirp,
cródhacht agus calmacht intinne dhó. Mar an gcéadna do-rinne ré
hÁdhamh. Do-rinne rí ar a chlann-mhaicne agus ar a shíol féin
de, agus do chuir commaoineacha móra air, an mhéid go dtug eagna
gan ainbhfios, agus óige gan arsaidheacht, agus sláinte gan ghalar,
agus beatha gan bhás dó, agus fós dá chloinn
2430] 'na dhiaidh, acht go
gcoimhéadadaois an chuing do chuir orra .i. gan toradh chroinn
na haithne do fhromhadh. Gidh eadh, ar gcoill chána an chroinn
dó, do fhill Dia na sochair sin i
2450] Is i bhfioghair na hanumhla so atá aní do-rinne fear iomchuir
sgéithe Sauil, amhail léaghthar san .31. caibidil don chéid-leabhar
do Leabhraibh na Ríogh, an tan do éimidh sé Saul do
mharbhadh ar fhoráileamh Shauil féin. Óir an tan do bhí an ruaig
ag na Filistíneachaibh ar Shaul, agus do chréachtnuigheadar é,
2455]
do mheas gurbh onóraighe dhó duine dá mhuinntir féin dá mharbhadh
ionáid na Filistínigh; agus ó nár fhaomh an fear soin a mharbhadh,
tug féin a chloidheamh amach agus do léig a ucht ar a dhéis,
go ndeachaidh thríd, agus go bhfuair bás amhlaidh sin. Gidh eadh,
atá ní oile sa ghníomh so is iontugtha dhúinn dár
2460] n-aire .i. tar
ceann gurab do shoighdibh na bhFilistíneach do gonadh Saul, is
é féin ro mharbh é féin ag lingeadh ar an gcloidheamh. Mar an
gcéadna tar ceann gurab iad soighde na sainnte agus gaoithe na
glóire díomhaoine do chréachtnuigh Ádhamh ar fhoráileamh a
easgcarad .i. an diabhail, más eadh is é féin
2465] do mharbh é féin lé
colg nó lé cloidheamh an chraois. Agus fós, an chréacht do-rinne
air féin, atá sí comh-doileighis sin go bhfuil gan chneasughadh go soiche
so, ag sileadh ar an síol
Is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san cheathramhadh caibidil ag
Ionas, mar a n-innistear go ndeachaidh Ionas a cathair
2475] Ninive
amach do ghuidhe Dé. Agus tarla teasbach mór an tráth soin ann,
agus leis sin do-chuaidh Ionas d'fhagháil fhionn-fhuaraidh ó
ghoradh na gréine fá chrann ar a raibhe iomad eidhin; agus suidhis
fá bhun an chroinn, go bhfuair socamhal mór ón ghréin de sin.
Níor chian dó ar an ordughadh soin an tan
2480] do-chonnairc chruimh
mbig ar bhfás a préimh an eidhin, agus do ghabh ag creim agus ag
cognamh na préimhe, gur ghabh an phréamh go luath truailleadh dhe
sin, go ro chríon an chuid oile don chrann, ionnus nacharbh ionadh
díona ná fosgaidh do Ionas é, agus gur ghoill an teasbach go mór
air, gurbha héigean
2485] dó a fhágbháil. Go fáith-chiallach is é an
crann eidhin sin an cholann daonna, agus Ionas anam gach aoin,
agus an phréamh úd an chroinn Ádhamh, agus an chruimh an bás do
ghein a truailleadh an chraois do bhí san phréimh .i. Ádhamh,
agus an ghrian úd lér loisgeadh an crann an ghlóir dhíomhaoin.
Agus amhail fá
2490] héigean do Ionas an crann do thréigean arna chríonadh don
chruimh, mar an gcéadna is éigean don anam an cholann do thréigean, an tan
chríontar í lé cruimh an bháis. Agus is dá chor sin i gcéill atá aní
adeir Dia san treas caibidil in Genesi, mar a n-abair ag labhairt ris an uile
dhuine agus ag labhairt ré
2495] hÁdhamh, memento quod pulvis es, et in
pulverem reverteris cuimhnigh gurab luaithreadh thú, agus gurab i
luaithreadh chlaochlódhthar thú.
Is ag ciallughadh aneithe céadna atá aní léaghthar ar chloinn Iob
san chéad-chaibidil do Leabhar Iob, .i. go rabhadar
2500] idir mhac
agus inghin i n-éin-tigh, .i. i dtigh an bhráthar fá sine
dhíobh, ag ól agus ag aoibhneas, agus do ling go hobann soighnéan
Dá n-abradh aon-duine nach fuair Ádhamh, do láthair i
2510] ndiaidh na cána do
bhriseadh, bás, más eadh dob ionann dó agus bás d'fhagháil do láthair,
an bás do bheith dh'áirithe aige. Óir is ionann do dhuine agus bás
d'fhagháil, cumus do bheith ag an mbás do ghnáth air; do réir ghnáth-fhocail
na bhfeallsamh, mar a n-abraid, actus et potentia eiusdem sunt
ordinis is ionann ord don
2515] ghníomh agus do chumus ré déanamh an ghníomha.
Óir adeirthear go mbí an fiadh marbh, an tan bhuailtear soighead i n-ionadh
mharbhthach air, tar ceann go n-imgheann léna ghoin ar fud
an fhásaigh, go bhfaghann bás 'na dhiaidh sin. Mar an gcéadna,
tar ceann nach fuair Ádhamh bás do láthair i ndiaidh an
aidhbhirseóra
2520] do bhualadh shoighde na sainnte air, is dearbh gur gonadh i
n-ionadh mharbhthach é .i. 'na anam, agus go bhféadtar dá réir sin a
rádh go raibhe marbh, acht gé do bhí seal ar fán agus ar fiarlaoid, ar
sraon agus ar seachrán, seachnóin fhásaigh an tsaoghail se, ag imtheacht
lé gaoibh cró na cneidhe sin do-rinneadh
2525] air, go bhfuair bás fá dheóidh.
An crann fós 'na mbí cuas domhain, adeirthear go mbí trothluighthe nó
críon, acht gé mhaireas a dhuille seal 'na dhiaidh sin. Mar an gcéadna,
an coireach bhíos damanta san bpríosún, adeirthear nach bí a anam aige,
gion go dtugthar bás
2530] do láthair dhó. Nó an tí bhíos i n-othras, an tan
tigid comharthadha cinnte báis air, adeirthear go mbí marbh, gion go
ndealuigheann a anam ris do láthair. Agus is annsa gcéill sin adubhairt
Dia ré hÁdhamh, an lá do íosfadh ní do thoradh
Tuig, a dhuine, gurab éadaingean soileónta do bhí an cholann daonna
i nÁdhamh, mar gur tolladh agus gur trothluigheadh d'urchor
d'ubhall í i bparrthas, amhail do-chualabhair.
2550] Agus go bhfios
damh is mór an t-adhbhar diombáidhe agus doilgheasa, dearóile agus
doimheastacht aneith ré samhluigheann Mártain naomhtha Ádhamh, tar
éis an pheacaidh do dhéanamh, amhail léaghthar i mbeathaidh
Mhártain do réir Sulpicius. Ag so cheana aní adeir .i. go raibhe
Mártain lá n-aon mar aon ré
2555] coimhthionól cléireach ag taisteal na
sligheadh, ionnus go dtarla machaire fairsing réidh roimhe. Agus is
amhlaidh do bhí an lá, agus fearthain chruaidh ghéar agus gaoth
adtuaidh ann. Agus tarla dhó ar an machaire sin capall clamh
cnámh-arsaidh creat-lom crioth-luinneach, agus fann-chosa fiara
ar foluamhain faoi, agus é ag
2560] meirbh-shiubhal go mall meirtneach ar
fud an mhachaire, i ndóigh go bhfuighbheadh fosgadh nó díon ón
doininn do bhí ag gabháil dó, agá threaghdadh agus agá thaobh-lot.
Gidh eadh, ní bhfuair a bheag nó a mhór d'fhosgadh ná
d'imdhídean ar ghoimh na gairbh-shíne do bhí ag gabháil dó. An
tan do-chonnairc
2565] Mártain amhlaidh sin é, do labhair ris na
cléircibh agus adubhairt, A bhráithreacha ionmhaine, ar sé, an
bhfuil a fhios agaibh créad aní rénar cosmhail an capall úd?
Ní fhuil, ar siad.
Tuig aní céadna so as an bhfáith-sgéal léaghthar ag Lúcás
2580] san
deachmhadh caibidil, mar a n-abair go raibhe duine dh'áirithe ag
triall ó Ierusalem go gleann Ierico, agus go dtarladar meirligh
ris ar bealach, go ro bheansad a éadach dhe, agus gur
chréachtnuigheadar é, ionnus gur fhágaibhsead leath-mharbh ar an
láthair é tar a n-éis. Go fáthach is é an duine se
2585] Ádhamh, agus is
í an chathair úd Ierusalem staid na neamhurchóide, agus is é an
raon úd réim na beatha, agus is é an gleann an saoghal so, agus is é
an t-aistear do-rinne an duine an triall do-rinne Ádhamh ó staid
na naomhthachta go staid an pheacaidh tré bhealach bhriste na
cána, agus is iad na meirligh úd an
2590] diabhal agus an saoghal agus an
cholann, agus an t-éadach do beanadh d'Ádhamh, tlacht
taitneamhach na ngrás; agus na luit do-rinneadar air, créachta na
coire.
Is é an t-ainiarsma do tharraing Ádhamh ar na daoinibh chaointear leis na
naoidheanaibh an tan bheirthear iad, do
2595] réir mar adeir Tertullian
san cheathramhadh leabhar ro sgríobh i n-aghaidh Marcion, mar a
dtabhair dá aire gurab é céad-ghlór tig i mbéal na naoidhean iarna
mbreith, madh mac bhias ann, a, a, ag tabhairt aithbhir ar Ádhamh,
dá chor i gcuimhne dhó gurab de tháinig gach ainiarsma dá mbí i ndán
Tar ceann go bhfuilid na guaise se i gcinneadh don duine, agus go bhfuil a
ré gearr, is eadh dhligheas an duine do dhéanamh
2605] amhail do-ní an leómhan.
Óir an tan chuirid lucht na sealga i gcumhgach é, ionnus nach bí ar breith
dhó a seachnadh, agus do-chí a sleagha innilte aca ré haghaidh a mharbhtha,
cromaidh a cheann ag feitheamh na talmhan, agus gabhaidh dá earball air féin
dá gach leith, go bhfásann a bhríogh agus a bheódhacht de
2610] sin, agus
lingidh an t-eanach tríotha dá n-aimhdheóin. Mar an gcéadna dlighidh an
leómhan gaisgeamhail .i. an Críostaidhe fíréanta, an tan tigid lucht na
sealga .i. an diabhal agus an saoghal agus an cholann ar eanach na hurchóide
roimhe, do ghabháil dá sleaghaibh fír-neimhneacha .i. dá n-aimsighthibh
2615]
il-chleasacha ann, is eadh dhligheas, a cheann .i. a thuigse do chromadh
d'fheitheamh na talmhan do mheas a shomharbhthachta féin, agus dá réir sin
do mheas a uirísleachta; agus fós gabháil dá earball ar gach leath ar a
chliabh. Ionann sin ré a rádh agus gabháil d'earr a aoise .i. don bhás
ar chompar a chroidhe, dá bhioth-ghoin
2620] agus dá bheadhgadh, do thabhairt
bhríogha agus bheódhachta dhó ré lingeadh tar an lucht sealga úd. Agus
is dá chor i gcéill dúinn go ndlighmíd aithris an leómhain nó na
mbeathadhach mbrúideamhail oile do dhéanamh i mórán do neithibh atá aní
léaghthar ag Iob san dara caibidil déag, mar a n-abair,
2625]
interroga iumenta et docebunt te fiafruigh dona bromachaibh agus
seólfaid tú. Dá chor i gcéill go mbíd cáile sna hainmhinntibh
brúideamhla budh inleanta dona daoinibh.
Bíodh a fhios agat, a dhuine, ó tharla gach guais id chionn,
amhail adubhramar thuas, nach foláir dhuit luingseóireacht
2630] chliste
do dhéanamh agus lámh do chor ar do stiúir ré treórughadh
2650] Agus ó atá an bhearna bhaoghail se ré gach n-aon, is eadh budh
indéanta dona daoinibh, iad féin d'ollmhughadh agus d'inneall go
luath ré hucht ionnsaighthe na bearnan soin, amhail do
ollmhuigheadar lucht chathrach Ninive iad féin, an tan do bhagair
Dia an t-aidhmilleadh orra, acht muna ndearndaois aithrighe sna
2655]
holcaibh do-rónsad. Agus is córa dona daoinibh anois deithbhir
do dhéanamh ré hiad féin d'ollmhughadh ré hucht an bháis, ioná
don druing úd. Óir do bhí cairde .40. lá ag lucht chathrach
Ninive gan bás d'imirt orra, agus ní fhuil lá ná oidhche, tráth
ná uair do chairde chinnte ón bhás ag aon-duine dá bhfuil ar dhruim an
2660]
domhain anois. Agus is uime sin adeir Pól san
chúigeadh caibidil don chéid-Eipistil ro sgríobh go Thessal.,
mar a n-abair, dies Domini sicut fur in nocte, ita veniet
tiocfaidh lá an Tighearna amhail bhithbhineach san oidhche. Dá
chor i gcéill gurab gan fhios tig an bás.
2665] Atá Críost féin dá bhagar gurab gan fhios thiocfas i ndáil an
duine san bhás do réir Eóin san treas caibidil in Apocalypsi, mar
a n-abair, veniam ad te tanquam fur tiocfad id dháil amhail
ghadaidhe. Dá chor i gcéill gurab go folaightheach tig an bás i
ndáil an duine, amhail tig an bithbhineach ré
2670] déanamh na gada. Agus
is uime sin adeir sé féin san dara caibidil déag ag Lúcás, qua
hora non putatis Filius hominis veniet i n-uair
nach saoilfidhe, tiocfaidh Mac an duine. As sin is iontuigthe go
dtig an bás do rochtain an duine gan fhios. Gidh eadh, tuig, a
dhuine, gurab moillide
2675] chéimnigheas an bás chugad eagla Dé do
Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair, timor Domini apponet dies,
et anni impiorum breviabuntur cuiridh eagla Dé tuilleadh laithe,
agus ciorrbhuighthear bliadhna na bpeacthach. Agus ní hiongnadh
sin do rádh, mar
2680] go dtabhair an Solamh céadna soin tobar na beatha
ar eagla nDé, amhail léaghthar san cheathramhadh caibidil déag don
leabhar chéadna, mar a n-abair, timor Domini fons vitae is
tobar beatha eagla Dé. As so is iontuigthe go gciorrbhann Dia ré
an pheacthaigh; agus ní hiongnadh soin, do bhríogh gurab do
2685]
bhíthin an pheacaidh táinig an bás, amhail adubhramar thuas. Agus
is ag cuimhniughadh aneithe céadna adeir file éigin an rann so, ag
teagasg na druinge mhaireas, agus agá iarraidh orra faire agus
forfhaire do dhéanamh orra féin ré hucht an bháis atá dh'áirithe
ag gach aon-aicme dona daoinibh:
- 2690] A dhaoine se nach deachaidh,
bídh feasta go fuireachair:
bhar dtocht ar ceal is cinnte,
gidh eadh, is olc oirchillte.
Acht cheana dá bhfiafruigheadh duine créad as a n-abraim
2695] nó as a
bhforáilim ar dhuine bheith ar a choimhéad ar an mbás
gcorpordha, agus gan dol tairis ag aon-duine, mo fhreagra air
gurab é is fáth dhamh, do bhríogh go dtuigim nach téid an bás
corpardha i ndíoth ná i ndochar don druing chuireas inneall agus
ordughadh orra féin ré hucht an bháis, mar atáid na daoine
2700]
naomhtha neamhurchóideacha chathuigheas ris na heasgcáirdibh
adubhramar thuas, agus chaomhnas agus choimhéadas gan lot gan
leónadh anam na hanma .i. grása Dé is anam don anam. Óir ní headh
amháin gan an bás corpardha do dhol i ndochar dona fíréanchaibh,
acht is ro-mhór an sochar 'na dtéid sé dhóibh.
2705] Agus is uime sin
adeir Pól san chéad-chaibidil go Philippens., cupio dissolvi
et esse cum Christo atá mian oram sgaoileadh dhíom, nó
bheith arnam sgaoileadh, agus bheith mar aon ré Críost.
Dá chor i gcéill nach fuil acht broid agus braighdeanas dona
fíréanchaibh bheith cuibhrighthe i gcarcair chriadh na colna
2710]
daonna, dúnta dlúith-iatta i ngarrdha ghobhainn nó i mainnir
mhíothaomaigh an domhain se, áit 'snach bí súil ré soirbhiughadh
aca, agus fóir neimhneach námhad 'na dtimcheall; agus gurab cúis
mheanman agus lúth-gháire dhóibh bheith mar aon ré Críost
san ghrianán ghlé-sholus gheal-ruithneach ghríos-taitneamhach úd
2715]
na glóire, mar a mbíd saor ón uile dhoghraing agus dhocamhal,
gan anaoibh gan amhluadh aigeanta, ar fhaosamh nó ar ionchaibh Íosa
ar Slánuightheóra.
Go bhfios damh dobudh éigcríonna don tí do bhiadh i ndaoirse agus
i moghsaine agus i ndroich-éadach, ag fagháil duaidh
2720]
agus doghrainge, uilc agus anshóidh, agus ag nach biadh acht drochbhothán
Measaim fós gomadh éigcríonna don tí do bhiadh ar deóraidheacht agus
ar díbirt i gcoigcrích óna thír agus óna thalamh féin, i
gcuasaibh crann agus carrag, agus i bhfoithribh fiathamhla
fásaigh, fá
2740] imshníomh agus fá éadtualang, doilgheas do bheith air fá
thoidheacht i gcomhghar dá chathraigh chomhnuighthe féin mar a
mbiadh cádhas agus cion agus onóir agus airmhidin air. Mar an
gcéadna adeirim gurab éigcríonna don fhíréan atá ar díbirt agus ar
deóraidheacht, i ndocamhal agus i ndaoirse an tsaoghail se,
bheith doilgheasach
2745] tréna dhrud réna chathair chomhnuighthe
.i. flaitheas Dé, trésan mbás. Agus dá n-abradh neach gomadh
cathair chomhnuighthe dhó aon-áit san tsaoghal so, bíodh a fhios
aige nach fíor dhó é, do réir Phóil san treas caibidil déag gusna
hEabhraidhibh, mar a n-abair, non habemus hic civitatem permanentem,
2750]
sed futuram inquirimus ní fhuil cathair
chomhnuighthe annso againn, acht an chathair atá ré teacht,
is í iarrmaid. Dá chor i gcéill nach fuil acht buailteachas san
bheathaidh se, agus gurab é flaitheas Dé is sean-bhaile ré síor-chomhnaidhe
againn.
2755] Adeirim mar an gcéadna gomadh éigcríonna don ard-chaiptín do bhiadh ag
troid agus ag teagmháil go meinic ré a bhiodhbhadhaibh, doilgheas do bheith
air ar mbreith bhuadh gcosgair agus gcomhlainn orra tré choróin na mbuadh
do bheith ar tí a cuirthe air. Mar an gcéadna adeirim ris an bhfíréan
bhíos ag cogadh agus ag
2760] cathughadh ré heasgcáirdibh na hanma, gomadh
éigcríonna dhó doilgheas do bheith air tré bheith ag dol tré bhealach an
bháis, do ghlacadh choróine na mbuadh do gealladh dhó trés na háraibh
agus trés na héachtaibh do-bhéaradh ar a easgcáirdibh. Agus is ar an
gcathughadh so agus ar an gcoróin do-geibhthear
2765] dá chionn labhras Pól
san cheathramhadh caibidil don dara Eip. go Timoteus, mar a
n-abair, bonum certamen certavi, cursum consummavi, etc. is
maith an cathughadh do-rinne mé, do chríochnuigh mé mo rioth, do
choimhéadas an creideamh, agus atá coróin an cheirt arna taisgidh
dhamh, do-bhéara an breitheamh
2770] ceart an lá úd damh .i. lá an
bháis. Agus adeir san áit chéadna, non solum autem mihi, sed et
iis qui diligunt adventum eius ní damhsa thrá amháin, acht don
druing ghrádhuigheas a thoidheacht súd. Dá chor i gcéill, gach
drong agá mbí súil ré tuarastal, agus do-ní cathughadh amhail
do-rinne Pól,
2775] go mbí an choróin chéadna i n-áirithe aca i ló an bháis.
Is tuigthe dhúinn as na briathraibh réamhráitte nach fuil acht
cathughadh comhnuightheach i mbeathaidh an duine. Agus tig Iob
leis so san seachtmhadh caibidil, mar a n-abair, militia est vita
hominis super terram, et sicut dies mercenarii dies
2780]
eius ní fhuil acht díolmhaineas i mbeathaidh an duine, agus ní fhuil 'na ló acht
lá fhir thuarastail do thuilleamh. Ionann sin ré a rádh agus
nach fuil san duine acht buanna bunaidh bhíos ar coinnmheadh
agus ar congbháil ag Dia san tsaoghal so ré himdhídean na hanma.
Agus is é tuarastal bhíos dó, an choróin
2785] úd na glóire do
luaidheamar, do-gheibh d'éis an bháis.
As gach ní dá ndubhramar is iontuigthe nach oircheas dona
fíréanchaibh doilgheas do bheith orra trés an mbás gcorpardha
d'fhagháil: ní hionann agus na peacthaigh do-gheibh bás i
bpeacaidhibh marbhthacha. Mar an gcéadna is iontuigthe
2790]
nach cuirthe dhúinn dúil sna neithibh talmhaidhe. Óir an gcéin bhíd
againn, is beag an sochar do-gheibhmíd asta, acht fós is mó théid
siad i ndíoth agus i ndoilgheas dúinn. Agus dá mbeith sochar
ionnta, mar nach fuil, is gearr mhairid againn. Agus is maith do
thuig Alexander sin, amhail léaghthar san
2795] chéad-chaibidil don
chéid-leabhar do Leabhraibh na Macchabei. Óir an tan tarla i
ngalar a éaga é, agus do chreid gur chinnte dhó féin an bás
d'fhagháil, tug sé an saoghal i dtarcuisne go mór, ionnus gur
bhronn sé a fhlaitheas uile don dá bhuachaill déag do bhí ag
feitheamh air. Dá chor i gcéill dona daoinibh, ón
2800] tráth fár
dhearbh lais é féin d'éag, nach raibhe dúil aige i seilbh
shaoghalta san bhioth, ná i n-éin-ní thalmhaidhe do bheith aige.
Is maith fós do thuig an t-ard-fhlaith uasal oireaghdha, do bhí
'na aird-rígh ar an domhan, darbh ainm Salaidín, aní céadna,
2805]
do réir Fulgentius san dara caibidil don tseachtmhadh leabhar. Is
eadh iomorra do-rinne an rí ro-chumhachtach, an tan do mhothuigh é
féin ré hucht an bháis, fios do chor ar thaoiseach dá mhuinntir,
agá rádh ris, an tan do-ghéabhadh féin bás, an eisléine do cuirfidhe
air do chur ar chrann sleighe agá taisbéanadh
2810]
dona sluaghaibh lá na sochraide, agus callairidhe do bheith 'na fhochair ag agallaimh
na sluagh, agá rádh, An gcluintí, a mhaithe na sluagh? Bíodh a
fhios agaibh go bhfuair an t-ard-fhlaith ordhairc, agus an tí
do chuireadh an domhan ar baill-chrioth, agus do bhí gan mhéid ná
macasamhla dhó ar an talamh ar
2815] líonmhaireacht a fhlaitheasa, ar
iomad a óir agus a airgid agus a iol-mhaoine, ar mhéad a mhuirir
agus a mhuinntire .i. Salaidín, bás. Agus anois ré n-imtheacht
dó ní fhuil sé do bhreith leis don tsaoghal acht an eisléine
do-chíthí-se agam-sa. Agus is
- Fá dheireadh don domhan mhór,
lá an bháis, ní beag an claochlódh:
2840] do-ní an duine, an domhan beag,
a thoradh uile d'aiseag.
Is follus fírinne aneithe se ar an druing bhíos ag fagháil bháis.
Óir is éigean don ghnúis a ghné dh'aiseag, agus don tsúil a
hamharc, don chluais a héisteacht, don teangaidh a labhra,
2845]
don tsróin a boltnughadh, don láimh a luadhaill, don chois a
céimniughadh, agus don chorp uile a lúth agus a láthar agus a uile
bhríogha archeana. Gidh eadh, do féadfaidhe go n-aibeóradh duine
do réir bhriathar Chríost, go bhféadfadh duine tearmann do
bheith aige ón bhás, amhail do gheall Críost san seiseadh
2850] caibidil
ag Eóin, mar a n-abair, qui manducat hunc panem vivet in
aeternum cibé itheas don arán so biaidh beó go síordhaidhe; agus
arís adeir san ochtmhadh caibidil ag Eóin, siquis sermonem
2855] Mo fhreagra ar an tí do chuirfeadh an cheist se, gurab í an
bheatha spioradálta gheallas Críost don druing do chaithfeadh an
t-arán úd .i. corp Críost, nó do choimhéadfadh a chomhrádh. Agus
bíodh a fhiadhnaise sin ar bhás corpardha na n-apstal, do chaith
an t-arán go meinic, agus do choimhéad ráitte Chríost.
2860]
Óir is follus gur himreadh bás corpardha orra, agus fós ar Chríost féin,
do réir Phóil san ochtmhadh caibidil gusna Rómhánchaibh, mar a
n-abair, etiam proprio Filio suo non pepercit fós níor chogail
sé a Mhac féin. Dá chor i gcéill nár ghabh an t-Athair
Uile-chumhachtach ag Íosa a Mhac féin gan an bás dá rochtain.
2865]
As so is iontuigthe nach í an bheatha chorpardha do gheall Críost don
druing do íosadh an t-arán úd, agus do choimhéadfadh a chomhrádh.
Agus dámadh í, is follus nach béaradh an bás corpardha na hapstail,
ná na naoimh agus na fíréin oile do chaitheadh an t-arán go meinic,
agus do choimhéadadh go cuimhneach ráitte Chríost. Per unum
hominem peccatum intravit in mundum, etc. is tré aon-duine amháin
táinig an peacadh isteach san domhan, agus trés an peacadh an bás,
agus mar sin do-chuaidh an peacadh san uile dhuine.
Tuig, a dhuine, ó's as an bpeacadh so do fhás an bás, agus
2875]
gurab é is fréamh dhó, nach foláir dhúinn tuarasgbháil an
pheacaidh do thabhairt uainn, agus na díoghbhála agus na dochair
táinig dhe do chor síos. Gidh eadh, ní héidir sin do dhéanamh
gan tuarasgbháil na fíréandachta bunadhasaighe agus gach sochar
An céid-déanmhas neith dothiocfadh ón fhíréantacht úd .i. an
réasún do ghiall do Dhia do réir aneith do féadfaidhe do dhéanamh,
nó agá bhféadfaidhe a fhios d'fhagháil. Ionann sin ré a rádh
agus go dtiocfadh dhe cumas agus clisteacht do thabhairt
2895]
ré déanamh na ndeigh-ghníomh, agus ré heólus grinn do bheith aige
ar na neithibh do thuigsin. Gidh eadh, do chlaochlóidh peacadh an
tsinnsir an t-eólas i n-ainbhfios, ionnus aní do thuigfeadh
duine go grinn ré linn na fíréandachta úd, go dtiocfadh do
pheacadh an tsinnsir nach tuigeann ar chor ar
2900]
bioth é, acht gidh ionann atá aní ann féin sothuigseana, agus rés an bpeacadh agus 'na
dhiaidh. Óir ní hé aní do-chuaidh i gcruas ná i ndothuigse ann
féin, acht rinn an réasúin arna raobadh ar inneóin na hurchóide.
Agus is uime sin adeir Aristotel san dara leabhar dá Metaph.,
difficultas scientiarum
2905] non ex ipsis scibilibus sed ex debilitate
nostri intellectus procedit ní ó dhothuigse na neitheadh féin
tig cruas ná docamhal na n-ealadhan, acht ó anbhfainne ar
dtuigseana féin. As sin is iontuigthe, ó dho bhí tuigse ghrinn
ag an duine i staid na fíréandachta, agus gan í anois aige, gurab
d'ainiarsma agus d'anfhochain
2910] an pheacaidh táinig a dealughadh
ris. Do claochluidheadh mar an gcéadna an acfuinn do bhí san duine
ré déanamh deigh-ghníomh i meirtnighe agus i míochumas réna
2920] Is neimhiongnadh fós an cholann do bheith neimbríoghmhar do
bhríogh nach fuil acht long ladrann agus caisléan coinbhliochta
innte. Óir ní bhí réidheachadh ná ro-bháidh ar dtús idir sí féin
agus an t-anam, do réir Phóil, san chúigeadh caibidil go
Galatas, mar a n-abair, caro concupiscit adversus spiritum
2925]
mianuighidh an cholann i n-aghaidh na hanma. Dá chor i
gcéill go mbí cogadh laothamhail idir an gcolainn agus an t-anam.
Agus is é ní dá dtig sin, mar do-chuaidh an cholann, mar aon réna
céadfadhaibh agus ré bríogh a ball, i meirleachas ar an anam a los
pheacaidh an tsinnsir, ionnus gur chumadar dlighthe agus
2930]
miana dhóibh féin contrárdha do dhlighthibh agus do mhianaibh na hanma.
Agus is é sin do-ní Pól d'éagnach san seachtmhadh caibidil gusna
Rómhánchaibh, mar a n-abair, video aliam legem in membris meis,
repugnantem legi mentis meae, et captivantem me in lege peccati, quae
est in membris meis do-chím reacht oile
2935] im ballaibh féin ag
cathughadh ré reacht mh'intinne, agam' chuibhriughadh i reacht
an pheacaidh atá im ballaibh féin. Dá chor i gcéill go mbí
siosma síor agus gleic ghnáthach idir riaghail an réasúin bhíos do
leith na hanma, agus ceilg-mhiana na clí do leith an chuirp,
ionnus nach bí osadh aon-trátha
2940]
eatorra. Óir an tan adeir riaghail
an réasúin ris an súil gan silleadh go saobh-nósach d'amharc na
meirdreach, adeir an tsúil nach diongnaidh sí a comhairle air sin.
Adeir an chluas an céadna, an tan adeir ria gan an t-ithiomrádh
náid briathra milse na meirdreach d'éisteacht. Agus mar sin dona
céadfadhaibh
2945] oile, ní thabhraid umhla ná uirrim ná fomós don anam
acht dá n-aimhdheóin, an tan chuibhrigheas riaghail an réasúin iad.
Agus fós, ní bhí caingean ná cairdeas idir a lucht aittreabhtha.
Ar dtús idir na dubháilcibh féin, mar atá idir an gcraos agus an
cruas. Óir adeir an craos ré duine an sparán do thrághadh do
2950]
dhíol an fhíona ibheas go hainmheasardha, agus adeir an cruas an ciste do
chogaill, agus gan an t-ól do dhéanamh d'eagla aoin-neith do
chaitheamh ris. Mar sin dóibh ag dréim ré chéile, go
gcommbuaidhearthar an cholann leó. Agus fa-ríor ní cealg gan
chonách imrid ar an anam.
2955] Bí fós imreasan idir na subháilcibh mar an gcéadna. Óir adeir an
ceart an meirleach do chrochadh, agus adeir an trócaire a léigean as.
Mar an gcéadna bíd na subháilce agus na dubháilce do ghnáth i
gcorraighe agus i gcogadh ré chéile. Óir adeir an t-uabhar ris
an duine é féin do chur ós cách, agus adeir an umhlacht
2960] ris é féin
d'inísliughadh fá chách. Adeir an fhearg ris aindligheadh beóil
agus láimhe do thabhairt dá chomharsain, adeir an fhoidhide ris
éagcóir beóil agus láimhe d'fhulang óna chomharsain. Mar an
gcéadna dhóibh ó shoin amach, ní bhí osadh aon-uaire eatorra.
As sin ní hiongnadh an cholann do bheith crom nó tréith ré
2965]
méid a duaidh agus a doghrainge óna dálaibh sin. Ní hé sin amháin a
héagcomhlann, acht fós bí foslongphort niatta náimhdidhe ré a hucht don
leith amuigh dhi, mar atá an t-aidhbhirseóir gona aimsighthibh agá lot do
shaighdibh corránacha na ceilge, agus an saoghal agá slíobadh ré
suiniughadh
2970] na séad saoghalta uirre. Ionnus go dtig dhe sin go
n-abair an duine go haccaointeach, do réir mar léaghthar san .72.
Salm ag Dáibhídh, ad nihilum redactus sum et nescivi atáim arnam
chor i neimhní, agus níorbh fheasach dhamh é. Dá chor i gcéill
go dtig don argain agus don oirleach imirthear leis na
heasgcáirdibh
2975] se na colna, nach bí dol as ag an duine uatha (beag
nach) gan bheith i gcróilighe 'na chosair chró ó chréachtaibh
a gcealg. Agus is do ghoimh na ngon do himreadh leó uirre, agus
is do mhéad an mhuirir do bhí san pheacadh do-rinne Éabha, táinig
a cromadh síos, lé mbhfacaidh sí a beith féin tarnocht. Óir sul
2980]
do luigh trom an pheacaidh uirre, is díreach do bhí, agus í ag
2995] An dara déanmhas neith do bhí ag an bhfíréantacht úd, dúil na toile
do bheith ag giall don réasún díreach gan docamhal. Agus is é so
thuigthear a briathraibh Sholaimh san seachtmhadh caibidil in
Eccle., mar a n-abair, fecit Deus hominem rectum do-rinne Dia
an duine díreach. Dá chor i
3000] gcéill go ndearna Dia riaghail
díreach do réasún an duine, agus an toil ag coimhshíneadh ris ré
breitheamhnas ceart do dhéanamh idir an dá rann leath ar leath.
Gidh eadh, is é a chontrárdha sin do dhéanmhas neith atá ó
pheacadh an tsinnsir, do réir mar adeir Dáibhidh Rí, ag labhairt
i bpearsain
3005] an pheacthaigh, factus sum sicut uter in pruina
do-rinneadh mé amhail bhuidéal i gcuisne. Ionann sin ré a rádh
agus amhail fhásas oighreadh ar bhéal an bhuidéil ré toirmeasg
aoin-neith do léigean as dá mbí ann, mar an gcéadna fásaidh
oighreadh an fhuatha agus na hurchóide i gcroidhe an chiontaigh dá
3010]
thoirmeasg ar éin-ní dá shochar do léigean uaidh féin gus
an gcomharsain. Agus is ar an gciontach so labhras S. Augustine
san .28. caibidil don .14. leabhar do sgríobh ar Fhlaitheas Dé,
mar a n-abair, posuit fundamentum civitatis Babilonicae, quod non
nisi ad sua et suorum commoda et delicias afficitur, aliena negligens
An treas déanmhas neith tigeadh ón bhfíréantacht chéadna .i. uile
chéadfadha inmheadhónacha agus foirimeallacha na colna do bheith
comhoireamhnach don réasún. Gidh eadh, a
3025] chontrárdha sin tig ó
pheacadh an tsinnsir. Agus is uime sin adeir Iob san treas
caibidil déag ag iomaithbhear ar Ádhamh, posuisti in nervo pedem
meum do chuiris mo chos san ghaiste. Ionann sin ré a rádh agus
gur cheangail sé dúil na toile lé cuibhreach na coire i
n-ainmhianaibh na colna. Agus is é so
3030] aní do mhothuigh Pól ann
féin do réir mar léaghthar san seachtmhadh caibidil gusna
Rómhánchaibh, mar a n-abair, sentio aliam legem in membris meis
repugnantem legi mentis meae mothuighim dlighe oile im ballaibh féin ag gleic ré dligheadh
mh'intinne. Ionann sin ré a rádh agus gur mhothuigh droch-dhúile
3035] ag fás 'na chéadfadhaibh, contrárdha do
riaghail an réasúin. Agus fa-ríor is meinic mhothuighmíd go
comhchoitcheann duadh na dála soin ag buain rinn féin, amhail
adubhramar thuas, an mhéid go ndéin an tsúil amharc aindlightheach,
agus an chluas claoin-éisteacht, agus an béal go míolabhartha ag
meilt na mbréag
3040] agus na mbaoth-fhocal, an lámh ag tadhall go
truaillighthe, agus an chos ag céimniughadh ó choir go coir, agus
an mheanma ag meabhrughadh míorúin agus mailíse; ionnus go dtéid
i gcogadh agus i gcorraighe ar an gcoguas, agus go n-abraid do
ghníomh nach dleaghair dhóibh féin giall dó, agus mar do-chuaidh
sin i n-imirt
3045] agus i n-anumhlacht ar Dhia, mar an gcéadna nach
biadh daingean ná dísle idir siad féin agus é.
An ceathramhadh déanmhas neith do bhí ag an bhfíréantacht úd .i.
cur agus cumas agus giall do bheith ag an duine ar iasgach na mara
agus ar éanlaith an aieóir agus ar ainmhinntibh na talmhan,
3050]
do réir an gheallaimh nó na gcumhacht tug Dia d'Ádhamh, mar a n-abair
san chéad-chaibidil in Genesi, et praesit piscibus maris, et
volatilibus caeli, et bestiis universae terrae bíodh cur agus cumas
ag an duine ar iasgach an mhara agus ar éanlaith an aieóir agus ar
ainmhinntibh na talmhan go hiomlán. Gidh eadh, a chontrárdha
3055]
so táinig do pheacadh an tsinnsir, na créatúire se do dhol i
n-easumhla ar an duine. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an meanntán
idir na héanaibh, agus ar an ngeasán idir na hiasgaibh, agus ar
an luchóig idir na hainmhinntibh. Óir dá maireadh Alexander, nó
cibé rí is treise agus is tréine táinig riamh ar
3060] talmhain, dá
dtugadh fógra i bpéin bháis 'na dhúthaigh dá mbeith
d'ainmhinntibh éigciallaidhe innte toidheacht iona dháil, ní
ghiallfadh an luchóg is lugha dhíobh dá deóin dó. Óir múinidh an
nádúir dhóibh, mar do cuireadh Ádhamh as a sheilbh an tan do-rinne
an peacadh i bparrthas, gan ghiall
3065] ó shoin i le dá ndeóin
d'aon-duine dá shíol, acht fós fá beag leó, i ndíoghaltas
fheirge Dé, iad féin agus a sochar do bhuain don duine fána
ndícheall. Agus fós, is do shuidhiughadh na gcumhacht úd do bhí
ag Ádhamh agus agá shíol (ar mbeith i staid na hurchóide dhóibh)
ar na hainmhinntibh brúideamhla,
3070] atá an giall do-bheirdís do
dhruing do dhaoinibh naomhtha; amhail léaghthar ar Mhártain
go nglaodhadaois na coiligh an tan adeireadh riú é, agus fós go
n-andaois na naithreacha neimhe ar a fhógra gan dol tar sruth
dh'áirithe, agus go ngialldaois dó amhlaidh sin. Mar an gcéadna
léaghthar ar abb naomhtha
3075] darbh ainm Paulus go nglacadh
naithreacha éagsamhla 'na lámhaibh, agus gombriseadh 'na
meadhónaibh iad, agus nach déindís díoth ná dochar dó
féin. Mar an gcéadna léaghthar ar easbog naomhtha darbh ainm
Cerbonius, ar mbeith dhó ag triall don Róimh ar ghairm an
naomh-athar .i. an Pápa,
3080]
agus gan 'na fhochair acht aoin-chléireach amháin, do mhothuigh
sé gur bheag an bhuidhean easbuig aoin-chléireach amháin,
An cúigeadh déanmhas neith tigeadh ón bhfíréantacht chéadna .i.
domharbhthacht. Óir dá gcoimhéadadh Ádhamh é féin ón pheacadh, ní
bhfuighbheadh bás do shíor, ná aon-duine dá shíol mar an
gcéadna. Agus is é sin tuigthear a
3095] briathraibh S. Augustine sa
treas caibidil don chéid-leabhar ro sgríobh dona hIongantaibh,
mar a n-abair, Enoch sine morte poenae, et totius saeculi tempore,
remotus ab hominum conversatione custoditur, ut in eo ostenderetur
qualiter homines, si non peccassent, generata prole, in vitam
spiritualem sine morte commutarentur
3100] coimhéadtar Enoch gan bás na
péine ar feadh na haimsire uile, i gcéin ó chaidreabh na ndaoine,
ionnus go bhfoillseóchthaoi maille ris cionnus do claochlódhthaoi
na daoine, muna dteagmhadh gur pheacuigh siad, iar mbreith a
gcloinne dhóibh, i mbeathaidh spioradálta gan an bás dá mbreith.
As na briathraibh
3105] se is iontuigthe go mbeidís na daoine domharbhtha
muna dteagmhadh dhóibh an peacadh do dhéanamh. Agus is i
bhfioghair na domharbhthachta soin atá aní léaghthar ar Chloinn
Israel .i. mar do mhaireadar a n-éadaighe gan chríonadh gan
chaitheamh do dhol ionnta ar feadh .40. bliadhan,
3110] amhail
léaghthar san ochtmhadh caibidil in Deuter. Óir amhail do
chongaibh Dia an t-éadach gan chaitheamh do dhol ann ar feadh
.40. bliadhan, mar an gcéadna do choimhéadfadh an duine beó i
bparrthas, dá n-anadh gan an peacadh do dhéanamh. Gidh eadh, ó
do-rinne an peacadh, do ghreamuigh an
3115] bás é, amhail adubhramar
thuas, per unum hominem, etc.
Do réir a ndubhramar thuas is follus gurab é an peacadh is cúis don
bhás, agus dá réir sin gurab déanmhas neith díleas dó é. Agus is
uime sina adeir Solamh san dara caibidil do Leabhar na hEagna,
invidia diaboli mors intravit in mundum
3120]
is lé hiomthnúth an diabhail táinig an bás isteach san domhan.
Agus is amhlaidh tháinig, amhail choin chonfaidh nó leómhan
loinn-fheargach do sgaoilfidhe fá shluaghaibh líonmhara dá marbhadh agus dá
míochórughadh, nach géabhadh ag tréan nó ag anbhfann díobh. Do
réir mar adeir Dáibhídh san .88.
3125] Salm, quis est homo qui vivet
et non videbit mortem cia an duine bhias beó, agus nach faicfidh
an bás? Dá chor i gcéill nach rachaidh eólach 'na bheathaidh gan
bhásughadh lé hiorghail na honchon úd. Agus fós ní áirmhim na
min-deabhtha do-bheir, acht is iomdha ruag-chath ro-mhór tug ar
an nádúir
3130] dhaonna. Agus bíodh a fhiadhnaise sin ar an seachtmhadh
caibidil in Genesi, mar a n-innistear gur thuit an cine daonna
uile acht ochtar na háirce. Mar an gcéadna do réir mar léaghthar
san naomhadh caibidil déag in Exodo gur báitheadh Pharao fá
mhuing na Mara Ruaidhe go sluaghaibh líonmhara leis. Agus
3135]
arís mar léaghthar san naomhadh caibidil déag in Genesi mar do marbhadh
lucht proibhinnse móire agus chúig gcathrach don chéad-ruathar
tug orra, go ndearna luaithreadh dhíobh acht Loth 'na aonar, do
fóireadh leis an aingeal. Agus léaghthar mar an gcéadna san .24.
caibidil don cheathramhadh leabhar do
3140]
Leabhraibh na Ríogh, go dtáinig isteach i bhflaitheas Dáibhídh
Ríogh, agus ré hathaidh aon-uaire gur mharbh deich míle agus trí
fichid do dhaoinibh. Léaghthar fós san ochtmhadh caibidil déag don cheathramhadh leabhar
do Leabhraibh na Ríogh, an tan táinig Sennacherib, Rí na hAsia,
i bhfoslongphort ré hucht
3145] Ierusalem, gur thuit naoi bhfichid
míle ar aon-láthair ris an mbás. Gá dtám ris, acht is iomdha
éacht aidhbhseach oile tug agus do-bhéaraidh ar an duine, ó thosach
an domhain go bruinne an bhrátha.
Adeir S. Thomas, ag sgríobhadh ar an gceathramhadh leabhar do
3150]
Mhaighistir na mBreath, go bhfuilid cheithre
'na gcuirthear i gceist annso, ar geineadh Muire i bpeacadh an tsinnsir.
Is móide is ionchuir an cheist se, aní adeir Pól san chúigeadh caibidil
gusna Rómhánchaibh, omnes in Adam peccaverunt do
3175] pheacuigheadar na huile
i nÁdhamh. Ionann sin ré a rádh agus go raibhe peacadh an tsinnsir ar an
uile dhuine ó Ádhamh. Mo fhreagra ar bhriathraibh Póil go bhféadaid siad
bheith fírinneach tar ceann go mbeith duine nó dís arna n-uisgeacht ó
pheacadh an tsinnsir. Agus is dearbhadh air sin aní léaghthar san seiseadh
caibidil in Genesi, mar a n-abair Dia ag labhairt
Tuig, a léaghthóir, tar a n-abraim, nach féadtar Matha ná Maoise ná aon oile d'ughdaraibh an Bhíobla d'éiliughadh tré fhaisnéis fhoirleithin dá ndéinid. Óir atáid dá shingin choitcheanna
Atá fioghair san Bhíobla ag teacht leis aní se, amhail léaghthar san
chúigeadh caibidil déag do leabhar Hester, mar
3245] rug Assuerus Rí
breath bháis i gcoitchinne ar an mhéid don chineadh Iúdaidheach
do bhí 'na fhlaitheas féin go huilidhe. Agus an tan do-chualaidh
an bhainríoghan onórach Hester do
Dá bhfiafruigheadh aon-duine an bhfuil suidhiughadh san
3285]
Scrioptúir ar pheacadh an tsinnsir do bheith ar na daoinibh, bíodh
a fhiadhnaise sin ar bhriathraibh Dé, amhail léaghthar san
seachtmhadh caibidil déag in Genesi, mar a n-abair, ag labhairt
ar shíol Ádhaimh, omnis anima cuius caro praeputii circumcisa non
fuerit, peribit anima illa de populo suo an uile anam ar nach
3290]
déantar timchill-teasgadh ar a fheóil, rachaidh an t-anam soin
amudha as a phobal féin. Dá chor i gcéill go mbiadh damanta.
Gidh eadh, ní héidir a mheas go mbeidís anaim na ndaoine nach
dearnaidh coir ghníomhach riamh damanta, acht tré olc éigin oile do
bheith ag leanmhain díobh. Is é sin an salchar sinnsir
3295] úd atá ag
snighe agus ag síolrughadh i síol Ádhaimh glún ar ghlún, dá
ngoirthear peacadh an tsinnsir, ionnus an neimh do ghabh Ádhamh as
an ngreim n-urchóideach úd do ith sé d'ubhall na haithne, do
ghalruigh agus do thruailligh é féin, go bhfuil gan leigheas ar
ndol i bpréimh agus i gcnáimh na clann-mhaicne ó
3300] shoin ile,
agus go mbiaidh go bruinne an bhrátha. Óir amhail téid an
bholgach ón athair san gcloinn, nó an lubhra, mar an gcéadna
táinig an galar gránna agus an neimh nathrachda agus an aingcis
uathbhásach úd .i. an peacadh ionnainne, an cineadh daonna, ón
athair ór síolruigheadh sinn .i. Ádhamh, ionnus gur
3305] chríonamair
leis an gcoir, agus gur thuit duille deagh-mhaiseach na
fíréandachta bunadhasaighe dhínn, agus nach fuil ionnainne acht
lomáin loma lochardha gan chroiceann gan díon gan duille, ag
críonadh lé coirthibh, agus ag ar losgadh lé luaith-ghrís na locht.
Óir amhail chríonas an crann ar lobhadh a fhréimhe .i. Ádhamh,
3310]
atámaid-ne crann an chinidh dhaonna ar gcríonadh. Gonadh aire
sin do-rinne file dh'áirithe an rannso:
- Fiodhbhaidh chríon cnámha mo cholna,
cumhdach fallsa feóil mo bhall,
úir gan taradh cré mo chalann,
3315] talamh mé agus anam ann.
Tuig, a dhuine, go bhféadtar peacadh an tsinnsir do mheas ar
dhá chor, mar atá rés an mbaisteadh nó 'na dhiaidh. Is ionann
iomorra peacadh an tsinnsir rés an mbaisteadh agus easbaidh nó
éagmais na fíréandachta bunadhasaighe do dhlighfeadh
3320] duine do
bheith aige. Agus is iontuigthe gurab ionann dál don chineadh
dhaonna rés an mbaisteadh agus do chloinn tighearna i ndiaidh a
n-athar do thuitim i dtréatúireacht. Óir caillid a bhfuil agus
a bhfearann tré mheirleachas a n-athar. Mar an gcéadna do
chlann-mhaicne Ádhaimh: do chaillsead a bhfuil
3325] agus a
bhfearann .i. grása Dé agus a ghlóire nó go n-aisigthear dhóibh
arís iad lé cairt an chreidimh agus lé bulla an bhaistidhe. Agus
is é aní céadna is iontuigthe a briathraibh Ieremias fáidh, mar a
n-abair san .31. caibidil, patres nostri comederunt uvam
acerbam, et dentes filiorum obstupescunt do itheadar ar
n-aithreacha searbh-chaora
3330] na fíneamhna fiadhánta, agus atá
déistin ar fhiaclaibh a mac. Dá chor i gcéill gur ith Ádhamh an
t-ubhall úd na haithne, fá searbh ré a íoc, agus go bhfuil a olc
agus a urbhaidh ag cumailt ré a chlann-mhaicne dá éis. Óir ní
chuirfid ainiarsma an ubhaill úd díobh gan bheith ag déanamh a
ndíotha agus a ndochair do shíor.
3335] Óir gach saoth agus gach teidhm
dá dtig orra, is do thoisg an ubhaill úd táinig. Agus is uime sin
adeir Solamh san seiseadh caibidil in Eccle., omnis labor
hominis in ore eius is i mbéal an duine atá a uile shaothar agus
ulc. Dá chor i gcéill gurab do bhéal Ádhaimh lér hitheadh an
t-ubhall táinig gach díoth agus gach
3340] dochar dá dtáinig agus dá
dtiocfaidh ar an nádúir dhaonna. Is ionann fós peacadh an
tsinnsir tar éis an bhaistidhe, agus fadódh do-ní abaigh ineamhail
an cholann ré déanamh gach uilc. Nó fós is ionann é agus claonadh i
n-aghaidh an réasúin dírigh. Óir táinig don othras úd do-rinneadh
ar Ádhamh gur fhás céim
3345] bacaighe sa nádúir, ionnus go mbí cromadh
ré cois gach aon-choisgéime aice, agus dá réir sin gur chlaon ó
bheith coimhshínte ré riaghail an réasúin, agus go dtig dhe sin
nach oirid dá chéile go meinic. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an
réasún agus ar na rannaibh íochtaracha, mar atáid chúig shiansa
na hanma agus na cúig céadfadha
3350] corpardha. Agus ní headh amháin,
acht ní thig an toil
Do measfaidhe ar fhéachain nár chóir, do bhríogh nach
3360]
raibhe san duine acht barrach lín, nó duille feadha, ar neamh-thábhacht,
agus dá réir sin nárbh fhiú dhó an choir úd Ádhaimh d'agra ná do
dhíoghail com-mór agus do-rinne. Agus is uime sin atá Iob ag
casaoid ar Dhia ris féin san treas caibidil déag, mar a n-abair,
contra folium quod vento rapitur ostendis potentiam tuam,
3365]
et stipulam siccam persequeris a Thighearna, is i n-aghaidh
duille fuaduighthear ré gaoith thaisbéanas tú do chumhachta, agus
ataoi ag inghreim ar bharrach thirim. Dá chor i gcéill dó
nacharbh fhiú dhó an uiread do dhíoghaltas agus do-rinne do
dhéanamh i ndiaidh coire Ádhaimh. Agus fós ar loighead aneith ar a
3370]
raibhe an fógra, mar atá toradh aon-chroinn amháin. Óir do
réir bharamhla, dá bhfógradh athair dá mhac gan toradh d'ithe,
agus go n-íosadh an mac an toradh tar
a chrois, níor chneasta don athair an mac do bhásughadh, ná do
chor ó oighreacht ar a shon sin. Mar an gcéadna, ar fhéachain,
níorbh fhiú do Dhia
3375] Ádhamh do chor a hoighreacht agus breath
bháis do bhreith air an céad-lá do cruthuigheadh é.
Mo fhreagra ar na réasúnaibh se nach truime an díoghaltas do-rinne
Dia ar Ádhamh ioná mar do thuill Ádhamh é, do bhríogh gurab
connradh do-rinne Dia ris dá dheóin ar
3380] choingheallaibh d'áirithe,
agus gur cheangail Ádhamh é féin agus a shliocht ré coimhéad na
gcoingheall soin. Agus is é coingheall do bhí eatorra, dá
gcoimhéadadh Ádhamh é féin i n-óigh-réir dá Chruthuightheóir,
nach fuighbheadh bás do shíor, agus go rachadh idir chorp agus anam
don fhlaitheas neamhdha. Gidh eadh, dá
3385] ndeachadh i n-anumhla ar
Dhia, go gcaithfeadh an bás céadna bheith i gcinneadh dá shíol
do thoisg a anumhla-san. Cuiridh Greaghóir naomhtha aní se síos
ag tráchtadh ar an treas caibidil do Leabhar Iob, mar a n-abair,
ad hoc homo in Paradiso positus fuerat, ut si se ad Conditoris sui
obedientiam vinculis caritatis
3390] coniungeret, ad caelestem angelorum
patriam quandoque sine carnis morte transiret. Sic enim est
immortalis conditus, ut tamen si peccaret, et mori posset; et
mortalis est conditus, ut si non peccaret, etiam non mori posset
is uime do cuireadh an duine i bparrthas, ionnus dá n-anadh i
bhfomós dá Chruthuightheóir
3395] féin ceangailte i ngéibheannaibh an
ghrádha, dorachadh sé uair éigin gan bhás colnaidhe d'fhagháil
go dúthaigh neamhdha na n-aingeal. Óir is amhlaidh do cruthuigheadh
é go domharbhtha, i gcruth go bhféadfadh bás d'fhagháil dá
bpeacuigheadh sé; agus is amhlaidh do-rinneadh somharbhtha é, i
riocht nach féadfadh an
3400] bás d'fhagháil dá bpeacuigheadh sé; agus
is amhlaidh do-rinneadh somharbhtha é, i riocht nach féadfadh an bás
d'fhagháil muna ndearnadh an peacadh. Tig Sant Augustine leis so
san cheathramhadh caibidil déag don leabhar ro sgríobh ar
Cheastaibh an tSein-reachta agus na Nuai-fhiadhnaise, mar a
n-abair, Deus hominem fecit, qui quamdiu non peccaret immortalitate
vigeret, ut sibi auctor esset aut ad vitam aut ad mortem do-rinne
3405]
Dia an duine i riocht go mbiadh domharbhtha an feadh do anfadh gan
pheacadh, ionnus gomadh é féin budh ughdar réna bheathaidh nó réna
bhás. Agus do réir a ndubhramar, ní hiongnadh a ndearna Dia do
dhíoghaltas ar Ádhamh agus ar a shliocht, ar a mhéid do thaisbéin
sé a neamhfhomós do Dhia ag
3410] coill a chána. Óir is truimide an
peacadh do-rinne, a usacht dó an fhógra tug Dia dhó do choimhéad.
Tig S. Augustine leis so san cheathramhadh leabhar déag ro sgríobh
ar Fhlaitheas Dé, mar a n-abair, quisquis homini damnationem
nimiam vel iniustam putat, profecto nescit quanta
3415] fuit in non
peccando facilitas cibé mheasas gurab trom nó gurab aimhcheart an
damnughadh do-rinneadh ar an duine, go fírinneach ní feas dó a
ro-usacht gan an peacadh do dhéanamh. As na briathraibh se is
iontuigthe nach daor agus nach iomarcach an bhreath rug Dia ar
Ádhamh agus ar a shíol. Agus
3420] fós, dá meastaoi mórdhacht agus uaisle
agus onóir agus cumhachta an tí tug an fhógra, agus méad a chumaoine
ar an tí dá dtug í, agus dearóile agus uirísleacht an tí ar ar
chuir na commaoine .i. an duine óir dá leantar go soiche a
phréimh é, do-ghéabhthar gurab don dúil is anuaisle atá san
chruinne atá arna dhéanamh .i.
3425] don talamh. Acht, gidh iomdha
commaoine do chuir Dia air, an mhéid go dtug anam réasúnta dhó ar
dheilbh agus ar dhéanamh Dé, ionnusgo raibhe i libhré agus i
suaitheantas Dé, agus go dtigeadh dhe sin créatúire na talmhan agus
aingil nimhe do bheith ag timpireacht dó, gidh eadh, mo thruaighe,
níor thuig
3430] méad na muirne do bhí ag Dia air, gan dol i n-uaill
agus i macnas, agus a chur roimhe féin dia do dhéanamh dhe féin,
agus fios uilc agus mhaitheasa do bheith aige. Agus saoilim gurab
de sin táinig an seanfhocal adeir nach fuil peata nach fuilngeann
bheith go maith acht an duine. Agus is é aní céadna so
3435] éagcaoineas
Dáibhídh san .48. Salm, mar a n-abair, homo cum in honore
esset non intellexit. Comparatus est iumentis insipientibus, et
similis factus est illis ar mbeith i n-onóir don duine, níor
thuig sé é. Atá arna choimmeas ré bromachaibh éigciallaidhe, agus
do-rinneadh cosmhail riú é. Dá chor i gcéill nar thuig
3440] Ádhamh
agus nár iomchuir mar budh díol an onóir fuair sé ó Dhia, agus go
dtáinig dhe sin a chor idir ainmhinntibh brúideamhla an tsaoghail
se agus 'na gcuibhreann fá thoirthibh na talmhan.
Is agá fhoillsiughadh so atá an fábhaill-sgéal nó an fáith-sgéal léaghthar ag S. Lúcás san chúigeadh caibidil déag, mar
3460] Is do chor aneithe céadna i gcuimhne dona daoinibh atá aní tarla
don rígh ro-uaibhreach Nabugadonasor, amhail léaghthar san
cheathramhadh caibidil do Leabhar Daniel, mar do chuir Dia tréna
anuaill féin as a ríoghdhacht é, agus fós mar do chuir i ngealtacht
é, ionnus go mbíodh i gcuibhreann na mbó fán
3465] bhféar, agus gur
fhás a fhionnfadh amhail chlúmh iolair, agus a ingne amhail ingne
éan; agus go raibhe amhlaidh sin ar feadh seacht mbliadhan, nó gur
thuig sé cumhacht Dé do bheith ós a chionn, agus gur thuig go
bhféadfadh do réir a thoile féin do dhéanamh ris gach n-aon.
3470] Tuig, a dhuine, as na sompladhaibh móra so nach foláir dhuit go
feithmheach bheith ar do choimhéad féin fá thoil Dé do dhéanamh.
Agus is móide is ineagluighthe dhuit a lámh throm do luighe ort, go
dtug sé dlighe agus reacht duit as a dtuigfir cionnus do-ghéana
tú a réir, mar is follus as an Scrioptúir agus
3475] a horduighthibh na
hEagailse naomhtha sheólas duit go laothamhail créad is indéanta
dhuit. Óir an t-óglách agá mbí a fhios
Mo fhreagra air so, ar dtús, dá chor i gcéill dona
3500]
daoinibh, dá mhéid eagna agus neart agus innmhe shaoghalta bhíos aca, go
ndlighid iad féin do choimhéad go haireach, agus gan bheith
lánmhar asta féin. Agus is uime sin adeir Ieremias naomhtha ag
labhairt ar Sholamh san naomhadh caibidil, non glorietur sapiens
in sapientia sua, nec fortis in fortitudine sua,
An dara hadhbhar fár fhuiling Dia d'Adhamh an fógra úd do
shárughadh, dá chor i gcéill dona daoinibh nach dlighid
3515]
bheith roi-dhíleas dá naomhthacht ná dá n-ionnracus féin, mar gur chlaon
Ádhamh do bhí ro-naomhtha an chuing do chuir Dia air féin. Agus
is ag cor aneithe céadna i gcéill atá aní adeir Pól, 1 Cor.10, qui
stat, videat ne cadat an tí atá 'na sheasamh, féachadh nach
tuitfeadh. Dá chor i gcéill gur
3520] beitte don tí bhíos naomhtha
eagla do bheith air fá thuitim i ndroch-staid. Is iontuigthe so
a briathraibh S. Augustine ar an .38. Salm, mar a n-abair,
aliter non potes esse perfectus, nisi scias hic te non posse
perfectum esse ní fhéadann tú ar chor oile bheith iomlán, munab
feasach thú nach féadann tú bheith iomlán
3525] annso .i. san saoghal.
An treas fáth fár thuit Ádhamh, dá chor i gcéill dona daoinibh
gurab meinic ghortuighthear Dia do sheachnadh na comharsan do
ghortughadh; mar is follus i n-Ádhamh, do-rinne míréir Dé do
dhéanamh réire Éabha. Agus atá Hieronymus
3530] 'na Eip. ad Heliodorum
ag tabhairt chomhairle dhúinn, créad is indéanta sa chás so, mar a
n-abair, si necessitas venerit, ut amor parentum sive filiorum
amori Dei comparetur, et non possit utrumque servari, odium in suos,
pietas in Deum observanda más éigean go mbiadh grádh na
dtuismhidhtheóiridhe agus na cloinne
3535] dá choimmeas ré grádh Dé, agus
nach féadtar gach grádh dhíobh do choimhlíonadh, coimhéid do
dhúthracht do Dhia agus t'fhuath
An ceathramhadh fáth, do bhríogh gur haithneadh dhe gan
buain ris an ubhall. Óir is móide bhíos dúil ag duine san ní,
bheith agá thoirmeasg air. Agus is de sin atá an seanfhocal
3560]
adeir go mbí neimh ar an aithne. Agus tig an file Laidneamhail
leis so, mar a n-abair, ag labhairt ar aní gcéadna:
nitimur in vetitum semper cupimusque negata
bí dúil againn do ghnáth saní bhíos arna thoirmeasg orainn, agus
sanntuighmíd aní bhíos agá dhiúltadh orainn. Agus is
3565] uime sin
adeir Ieremias san chéad-chaibidil do Leabhar na hEólchaire, ag
teacht tar chinn-leitribh an chinidh dhaonna .i. Ádhamh agus
Éabha, principes eius facti sunt velut arietes do-rinneadh a
bprionnsaidhe súd amhail reithidhe, ar sé, ag labhairt ar an
nádúir dhaonna. Ionann sin ré a rádh agus gurab móide do
Tig leis an sgéal so aní léaghthar ar mhaighistir chríonna agus ar
a dheisgiobal. Is eadh aithristear ann, gur fhiafruigh an
deisgiobal don mhaighistir créad tug ar Ádhamh ubhall na haithne
d'ithe tar fhógra nDé, agus a usacht dó a mhalairt do
3580] thoradh
d'fhagháil i bparrthas ré a chaitheamh. Is eadh do-rinne an
maighistir, dá mhéis agus a mbeóil ar a chéile, agus éanlaith
bheag bheó eatorra, do thabhairt don deisgiobal. Agus adubhairt
ris gan an dá mhéis d'osgladh ó chéile go ceann cheithre
n-uaire fichead, agus go dtiubhradh fuasgladh ar a cheist dó.
Do
3585] ghabh an deisgiobal na miasa, agus do-chuaidh i bhfód fá leith
ris féin. Agus do ghabh mian é na miasa d'fhoslogadh ó chéile
ar mbeith arna dtoirmeasg air, ionnus go mbiadh a fhios aige
créad do bhí eatorra. Do fhás a mhian com-mór sin go nár
fhuiling gan a bhfosgladh. Agus arna bhfosgladh dhó do
3590]
lingsead an éanlaith uaidh, go nach raibhe breith aige orra. Ar
dtoidheacht don mhaighistir dá ionnsaighe i gcionn laoi go
n-oidhche, do fhiafruigh dhe ar choimhéid na miasa gan osgladh.
Agus adubhairt-sean Ó a mhaighistir, ar sé, gabh agam. Níor
fhéadas gan a n-osgladh, arna mbeith arna dtoirmeasg oram.
3595]
Mar an gcéadna, a mhacaoimh, ar an maighistir, ar mbeith do
thoradh chroinn na haithne arna thoirmeasg ar Ádhamh, níor
fhéad gan a fhromhadh. As gach ní dá ndubhramar is follus gurab
móide dúil na ndaoine saní, bheith agá thoirmeasg orra, agus dá
réir sin gurab dona hadhbharaibh fár ith Ádhamh ubhall
3600]
na haithne, tré bheith arna thoirmeasg air.
Tuig, a dhuine, gurab cosmhail Ádhamh tar éis an pheacaidh ré
deóraidh do bhiadh ar díbirt as a dhúthaigh féin ag taisteall
coigcríoch, agus do-ghéabhadh bheith go maith ris i dtighthibh
ósda mar gheall ar dhíolaidheacht do thabhairt ar a shon. Óir
3605]
an deóraidh, cidh sámh leis an sódh do-gheibh sna tighthibh ósda,
is searbh agus is doiligh leis bheith agá dhíol. Mar an gcéadna
d'Ádhamh agus dá shíol, ar mbeith dhóibh arna n-athchor agus
arna n-ionnarbadh a parrthas i gcoigcrích na coire, do-gheibhid
sódh agus sádhaile i dtigh ósda an domhain se, áit i bhfuilid trí
3610]
hard-ósdóiridhe ré riar Ádhaimh agus a shleachta go miochair
muinnteardha .i. an diabhal agus an saoghal agus an cholann. Óir
do-gheibhid uaill agus glóir dhíomhaoin ón aidhbhirseóir, sainnt
agus cruas agus cruinniughadh ón tsaoghal, leisge agus drúis agus
craos ón cholainn.
3615] Is ar na trí hósdóiribh se labhras Eóin, mar a n-abair, omne
quod est in mundo aut est concupiscentia carnis, concupiscentia
oculorum et superbia vitae an uile ní dá bhfuil ar an saoghal ní
fhuil acht ainmhian na colna nó ainmhian súl, nó uabhar beatha
ionnta. Gidh eadh, an mhuinntear ré roinnid na hósdóire se,
3620]
is cruaidh an cúntas is éigean dóibh do thabhairt uatha ré
n-imtheacht dóibh as an dteach ósda .i. as an domhan. Bíodh a
fhiadhnaise sin ar lucht Sodoma agus Gomarra, agar chuirsead
na hósdóire se i gcarcair uathbhásaigh ifrinn iad, i ndíol a
dtugsad dóibh, amhail léaghthar san naomhadh caibidil déag in Genesi.
3625] Bíodh fós a fhiadhnaise ar Pharao agus ar a shluaghaibh do
báthadh san Muir Ruaidh tré éiliughadh na druinge céadna.
Fa-ríor is iomdha Balthasar an tráth so ar feadh an domhain ar a
n-imreann Dia an díoghaltas céadna úd do himreadh ar Bhalthasar,
an mhéid go gcoimhlíonann Dia a bhflaitheas ag críochnughadh a
ré, agus go gcuireann i meidh an bhreitheamhnais
3645]
i n-aimsir an bháis iad, agus nach faghann an tomhas cóir ionnta,
ar mbeith do cheann na coire ro-throm don mheidh. Agus marbhthar san oidhche
chéadna iad, an mhéid go mbeirthear breith bháis shíordhaidhe
orra. Agus roinntear a bhflaitheas, an mhéid go dtugthar a
gcuirp dona crumhaibh agus a n-anmanna
3650] d'il-phiastaibh ifrinn.
Agus is mar sin is éigean dóibh cúntas cruaidh do thabhairt dona
hósdóiribh adubhramar.
Gidh eadh, mo thruaighe, an duine leamh shaoileas cáirde
d'fhagháil óna hósdóiribh se, is meinic fheannaid agus
fhoghaid go hobann é, agus bheanaid a anam as i ngioll ris an
gcúntas, an tan
3655] is mó do chuirfeadh roimhe a mhacnas do leanmhain.
Bíodh a fhiadhnaise sin ar Holofernes, ard-chaiptín shluaigh na
hAssiria, amhail léaghthar san cheathramhadh caibidil déag do
Leabhar Iudith. Óir an uair is mó do shaoil a bhreath féin d'fhagháil
Bíodh a fhiadhnaise sin ar na hard-fhlaithibh is mó tháinig san
domhan riamh. Óir ní feas dúinn go bhfuil mac ar sliocht
Nabugodonasor ag gabháil flaitheasa na Caldee, ná ar lorg Cyrus
3680]
ar an bPersia, ná d'fhuil Darius ar an Méad, ná d'aicme
Alexander ar an nGréig, ná do shíol Shéasair ar an Róimh,
ná do shliocht Hannibal i gCarthago, ná do chineadh Codrus
ar cathraigh na hAithne. Óir fá héigean dóibh so uile, tar ceann
a neirt agus a gcumhacht, cúntas cinnte do thabhairt uatha iona
3685]
bhfuaradar do bhláth diommbuan na beatha so. Gonadh ag cor
aneithe se i gcéill adeir Baruc san treas caibidil, ubi sunt
principes gentium cáit i bhfuilid prionnsadha na gcineadhach?
Dá chor i gcéill gur thuiteadar san chúntas chéadna úd an
bháis. Agus mar an gcéadna is dá chor i gcéill nach déin an
3690]
onóir ná an flaitheas saoghalta caomhna ar na hard-fhlathaibh ón
gcúntas úd atá aní léaghthar ag Deuter .32., ubi sunt dii eorum
in quibus habebant fiduciam? Surgant et opitulentur vobis, et in
Fós, bídh an díol bheanas amach comh-docamhlach sin ionnus gurab
ionann dál don duine ar ndealughadh ris agus
3755]
don cheannaighe agá dteigéamhadh loing-bhriseadh do dhruim anfaidh ar muir. Óir an
tan fhásas anfadh ar an muir, agus bhíos an long i nguais a
sloigthe, teilgidh an ceannaighe an earradh bhíos istigh aige amach,
agus 'na dhiaidh sin buailtear an long fá charraig, agus raobthar
agus sloigthear ainnséin san muir í; agus
3760]
tig féin ar uairibh tarnocht i dtír, agus ar uairibh oile báittear é.
Mar an gcéadna, ar mbeith don duine ag loingseóireacht ar
mhuir mhailísigh an tsaoghail se, séididh gaoth na ngalar ar
Is beag fós nach ionann dál don duine agus don mheirleach dhamanta
bhíos cuibhrighthe ag triall ón phríosún gus an gcroich. Óir
amhail bhíos an meirleach damanta ag triall ón
3775] bpríosún gus an
gcroich, agus é cuibhrighthe, is mar sin bhíos an duine ag teacht
as an bpríosún .i. a broinn a mháthar, agus é cuibhrighthe i
bpeacadh an tsinnsir, damanta ré fagháil an bháis chorpardha tré
choir Ádhaimh, ag triall gus an gcroich .i. gus an mbás. Agus
meas féin, a dhuine, amhail nach bí
3780] lúth-gháir ar an meirleach úd
ag triall gus an gcroich, agus nach bí seadh ná suim i séadaibh
saoghalta ná i maoin ná i maitheas ar bioth dá bhfágbhann tar
'éis aige, mar an gcéadna dhlighir-se do dhéanamh, a dhuine,
do bhríogh gurab ionann bhar ndál. Agus cibé adéaradh nach
indéanta an coimmeas soin, do
3785] bhríogh go mbí bás an mheirligh go
grod, agus go bhfaghann an duine ré fhada, bíodh a fhios aige
nach obainne bás na croiche ar uairibh ioná an bás nádúrtha. Agus is
uime sin atá aní léaghthar ag Socrates .i. ar mbeith do lucht
chathrach na hAithne arna dhamnughadh ré bás do thabhairt dó, táinig
3790]
duine carad dá ionnsaighidh, agus adubhairt ris, Athenienses
te morte adiudicarunt rugadar lucht chathrach na hAithne
breath bháis ort. Adubhairt-sean ag freagradh dhó, et illos
natura agus rug an nádúir breath orra-san mar an gcéadna. Dá
chor i gcéill gurbh ionann dál dó féin, do bhí arna dhamnughadh
3795]
ré bás d'imirt air, agus dona daoinibh i gcoitchinne, ar
ghiorra na cairde bhíos ar a saoghal aca. Agus is uime sin adeir Dáibhídh
- 3810] Cidhbé agaibh is sia saoghal,
isé an t-eán agus é i sás:
ná maoidheadh sé a aga uainne,
ní fada ón té is buaine an bás.
Adeir S. Séam, ag cor ghiorra ré an duine síos, amhail
3815]
léaghthar san cheathramhadh caibidil dá Eip., mar a n-abair, quae est
enim vita nostra? vapor est ad modicum parens créad í ar
mbeathai-ne, acht deatach mhaireas go roi-ghearr. Dá chor i
gcéill gurab diombuan ré an duine. Agus atá Críost dá iarraidh
orainn faire do dhéanamh orainn féin, amhail
3820] léaghthar ag Marcus
san treas caibidil déag, mar a n-abair, omnibus dico vigilate
adeirim ribh uile faire do dhéanamh. Agus adeir fós ag Lúcás
san .21. caibidil ris an duine faire ghnáthach do dhéanamh, mar a
n-abair, vigilate itaque omni tempore déanaidh faire san uile
aimsir. Dá chor i gcéill
3825] nach bí uair ná tráth saor ag an duine
gan bheith i mbaoghal an bháis. Do réir mar adeir Críost féin
san .25. caibidil ag Matha, vigilate, quia nescitis diem neque
horam déanaidh faire, óir ní feas daoibh lá ná uair. Dá chor i
gcéill go mbímíd gach aon-tráth agus gach aon-aimsir i
mbaoghal an chúntasa d'iarraidh
Gidh eadh, teagmhaidh dhúinn amhail tarla don mhacaomh Fhrangcach.
Ag so an sgéal aithristear air .i. go raibhe ar tí síothchána do
cheangal ris an mbás, agus dar leis do taibhsigheadh
3835] dhó an bás
do thoidheacht dá ionnsaighidh, go ndubhairt nach raibhe ar breith
dhó gan teacht lá éigin dá fhios; gidh eadh, nach tiocfadh dá
ionnsaighidh gan forfhógra. Agus táinig dhe sin go dtug an
macaomh i bhfaill gan bheith dá ollmhughadh féin rés an mbás.
Agus go grod 'na dhiaidh sin
3840] do ghabh galar gáibhtheach é. Agus
an tan dobhádar a charaid 'gá fhoráileamh air aithrighe do
dhéanamh, adubhairt-sean nach raibhe guais air, do bhríogh go
raibhe do cheangal aige ar an mbás gan teacht dá ionnsaighidh gan
forfhógra. Agus fuair bás gan aithrighe amhlaidh sin. Óir níor
thuig sé gur
3845] bh'iad forfhógartha dísle an bháis na taoma agus
na tinnis tarla dhó féin rés an mbás. Mar sin do dhaoinibh óga
éigcríonna an tsaoghail se. Saoilid go mbíd do shíoth ris an
mbás, agus nach bí guais ná gábhadh ar bioth 'na gcionn féin.
Agus do-bheirid iad féin do bhaosradh agus do bhuile bhaothánta
na hóige,
3850] ionnus nach léir dhóibh a leas do dhéanamh. Agus tig
dhe sin nach taoibh ris an aon-bhás gcorpardha bhíd, gan na trí
báis do luaidheamar san chéad-trácht d'fhagháil.
Fós, do bharr air sin caillid a gclú tar a n-éis san tsaoghal.
Ionnus gurab ionann dál dóibh agus don mhadadh fhoiléimeach
3855]
ar a mbuailtear cloch. Óir an tan bhuailtear cloch ar an madadh,
gabhaid na madaidhe oile agá chreim. Mar an gcéadna, an tan
bhuailtear cloch an bháis ar an madadh úd .i. an peacthach,
gabhaid na madaidhe oile .i. na peacthaigh agá chreim agus agá
chnáimh-ghearradh .i. ag buain a chlú dhe. Óir
3860]
mar mharbhaid na muca mara an mhuc mhara oile do-gheibhid
créachtnuighthe, go ndéinid blogha béal-sgaoilte dhi, mar an
Adeir fós Solamh san treas caibidil in Eccle. gurab cosmhail ré
chéile an chríoch téid ar an bpeacthach agus ar an bromach, mar a
n-abair, unus est interitus hominis et iumentorum, et aequa
3870]
utriusque conditio is ionann é ag don duine agus dona bromachaibh,
agus is cudroma a gcoingheall leath ar leath. Óir teagmhaid trí
neithe dona bromachaibh d'éis a mbáis, theagmhas don pheacthach.
An céid-ní, longaid na madaidhe a bhfuil, ithid na crumha a
bhfeóil, agus beiridh a sealbhaidhe a gcroiceann leis. Mar an
3875]
gcéadna don pheacthach: sloigthear le honchonaibh ifrinn a fhuil
.i. a anam, agus creimid na crumha a cholann, agus gabhaid a
charaid a chroiceann .i. a mhaoin shaoghalta. Is ar aní gcéadna
labhras an marbh ag Dáibhídh, mar a n-abair, circumdederunt
me canes multi, consilium malignantium obsedit me do
3880]
thimchealladar iomad do madadhaibh mé, agus do shuidh comhairle na millteach i
bhfoslongphort rém ucht. Dá chor i gcéill go dtángadar
daosgar-shluagh deamhan ifrinn i bhfoslongphort réna ucht do
shlogadh a anma as. Atá mar an gcéadna an marbh ag casaoid ag
Dáibhídh ar an díol do-bheirid na crumha ar an
3885]
gcolainn, mar a n-abair, foderunt manus meas et pedes meos do tholladar mo
lámha agus mo chosa, ar sé. Atá mar an gcéadna an marbh ag
casaoid ar an díol do-bheirid a charaid ar a mhaoin shaoghalta
tar a éis, mar a n-abair Dáibhídh, super vestem meam miserunt
sortem do chuireadar crann-chur ar mh'éadach. Dá
3890]
chor i gcéill go roinnid a charaid maoin an tí do-gheibh bás eatorra
féin, agus nach cuirid éin-ní i sochar d'anam an mhairbh dhíobh.
Is é an t-éagcomhlann so atá ag anam an mhairbh agá chasaoid san .63. caibidil ag Isaias, mar a n-abair, circumspexi
Is 'na fhioghair sin atá aní léaghthar san treas caibidil in
Exodo, mar ar orduigh Dia do Mhaoise, do bhí 'na dhuine shaor ó
thalamh Madian, dol d'fhóirithin Chloinne Israel, do bhí i
mbroid na hÉigipte, agus nach d'aon-duine dá raibhe san
3935]
bhroid féin do orduigh a bhfóirithin. Mar an gcéadna ní haon-duine dá
mbí i mbroid phurgadóra fhóireas iad féin, ná an dream oile
bhíos maille riú, acht daoine saora ó thalamh Madian .i. an
dream bhíos ar an saoghal so, agus nach bí cuibhrighthe i
ngéibheannaibh na bpeacadh marbhthach.
3940] Bíodh a fhios agat, a léaghthóir, go measaim go gcreideann tú
purgadóir do bheith ann, agus dá réir sin léigfead díom don chur so
gan trácht foirleathan do dhéanamh uirre. Gidh eadh, cuirfead a dó
nó a trí d'áitibh as an Scrioptúir síos, as a dtuigfe an tí
do bhiadh 'na chonntabhairt go bhfuil purgadóir
3945] ann, agus dá réir
sin gurab cóir don druing bhíos beó ar an saoghal so lóir-ghníomh do
dhéanamh ar son na marbh do-chuaidh uatha i bpurgadóir, agus go
bhféadaid a saoradh óna bpianaibh.
Ag so an chéad-áit as an Scrioptúir, iona suidhtear purgadóir do
bheith ann .i. mar atá san dara caibidil déag don dara leabhar
3950]
do Leabhraibh na Macchabei, mar a n-abarthar, sancta ergo et
salubris est cogitatio, pro defunctis orare is naomhtha ar an
adhbhar soin agus is folláin an smuaineadh, guidhe ar na marbhaibh.
Gidh eadh, is follus nach ar na marbhaibh atá i n-ifreann
íochtarach labhras an áit se, do bhríogh nach tig do ghuidhe ná do dheigh-ghníomharthaibh
3955]
ar bioth osadh ná saor-dháil do thabhairt
dóibh. Agus fós ní ar na marbhaibh atá i bhflaitheas Dé
An dara háit as a suidhtear purgadóir do bheith ann, amhail
3960]
léaghthar san cheathramhadh caibidil ag Tobias, mar a
n-abarthar, panem tuum et vinum tuum super sepulturam iusti
constitue, ut pauperes inde refecti pro anima iusti Deum deprecentur
cuir th'arán féin agus t'fhíon féin ar uaigh an mhairbh, ionnus na
boicht sháiseóchar leis sin, go nguidhdís Dia ar son anma an
3965]
fhíréin. As so is iontuigthe nach ar na marbhaibh
bhíos i n-ifreann íochtarach labharthar annsúd, acht ar anam an
fhíréin. Agus fós ní ar na marbhaibh bhíos i bhflaitheas Dé
labharthar ann, do bhríogh go mbíd sásuighthe, amhail adubhramair,
do réir Dháibhídh san seiseadh Salm déag, mar a n-abair,
satiabor
3970]
cum apparuerit gloria tua biaidh mé arnam shásadh, an
tan bhus léir dhamh do ghlóire-se. Dá chor i gcéill go mbí
gach aon dá dtéid go flaitheas Dé sásuighthe, agus dá réir sin
nach bí riachtanas maitheasa ar bioth oile orra ó shoin amach.
An treas áit as a suidhtear aní céadna, do réir mar léaghthar san
3975]
seachtmhadh caibidil in Ecclo., mar a n-abair, mortuo non
prohibeas gratiam ná cuir toirmeasg ar ghrásaibh d'fhagháil
don mharbh. Is follus nach ar an marbh atá i bhflaitheas Dé
labhras an áit se, do bhríogh go bhfuil sé i seilbh na ngrás,
agus nach féadtar a dtoirmeasg air. Agus fós ní ar an marbh atá i
3980]
n-ifreann íochtarach labhras, do bhríogh nach fuil grása ná
furtacht 'na chionn. Agus ní chuireann éin-ní 'na aghaidh so
aní léaghthar ag Solamh san aonmhadh caibidil déag in Eccle.,
mar a n-abair, si ceciderit lignum ad austrum sive ad aquilonem,
in quocumque loco ceciderit, ibi erit dá dtuitidh an crann gus an
3985]
aird budh dheas nó gus an aird budh thuaidh, gidh bé haird iona
dtuitfidh, is ann bhias. Ionann sin ré a rádh agus cidhbé
dhíobh staid 'na bhfuighbhe duine bás, i staid an pheacaidh nó i
staid na ngrás, gurab ann bhias go síordhaidhe. Gidh eadh,
4005] Tuig, a dhuine, go bhféadtar a fhiafraighidh annso don mharbh
créad an riocht i bhfuil i bpurgadóir. Ag so freagra an mhairbh
do réir Dháibhídh Ríogh san .39. Salm, mar a n-abair,
circumdederunt me mala quorum non est numerus do thimchealladar
uilc díoáirmhe mé. Agus is uime sin adeir
4010]
Dáibhídh go haccaointeach aigmhéil, do réir mar léaghthar san .72. Salm,
ad nihilum redactus sum, et nescivi do cuireadh ar neimhfní mé,
agus gan a fhios agam. Agus fós is é an t-olc so theagmhas don
duine ré linn an bháis, do tharrngair Críost, do réir mar léaghthar
ag Matha san cheathramhadh caibidil déag,
4015] mar a n-abair, erit
tunc tribulatio magna, qualis non fuit ab initio mundi usque modo,
neque fiet biaidh an tráth soin buaidhreadh mór; a shamhail ní
raibhe ó thús an domhain go soiche so, agus ní dingéantar. Agus
is é microcosmos .i. an domhan beag mar atá .i. an duine go fáthach
thuigthear annso. Dá chor i gcéill nach
4020] bí acht cluiche in gach
olc oile theagmhas don duine i bhfail an bháis. Agus is é aní
céadna do tharrngair Dia dhúinn i gcoitchinne, do réir mar
léaghthar san .31. caibidil ag Deuter., mar a n-abair,
occurrent vobis mala in extremo tempore teigéamhaid uilc dhaoibh
san aimsir dhéidheanaigh. Agus is é an dochar
Is follus an díoth agus an díoghbháil do-ní an bás don duine as an
bhfioghair léaghthar ag Daniel san dara caibidil, mar a
dtráchtar ar an íomháigh do-chonnairc an rí, agá raibhe a
4035]
ceann d'ór, a lámha agus a hucht d'airgead, a bruinne agus a leasracha
d'umha, a sliasta d'iarann, agus an chuid oile dá cosaibh
d'iarann agus do chriaidh. Agus do-chonnairc cloch gan lámha agá
gluasacht ag toirléim do shliabh, agus ag teagmháil ré cosaibh na
híomháighe, gur choimmbris ó bhaitheas go bonn gach
4040]
ball di. Go fáthach, is í an íomháigh úd an duine, an t-ór úd uaisle na
fola, an t-airgead na saidhbhris, an t-umha an chlú shaoghalta,
an t-iarann an neart, an chré an tsomharbhthacht, an chloch an
bás, an sliabh an ceart diadha. As an bhfioghair se is iontuigthe
go raobann an chloch úd .i. an
4045] bás an íomháigh úd .i. an nádúir
dhaonna, idir uasal agus tsaidhbhir, idir dheigh-theastach agus
thréan agus anbhfann, ionnus nach fágbhann aon-bhall slán di, ón
chéim is airde don dúil dhaonna go soiche an tí is inísle dhi.
Cialluighidh fós an íomháigh an duine, amhail adubhramar. Óir amhail bhíos
4050]
an íomháigh gan radharc gan éisteacht gan uraghall, mar an
gcéadna don duine pheacthach, do réir Dháibhídh, mar a n-abair,
os habent, et non loquentur; oculos habent, et non videbunt; aures
habent, et non audient, etc., atá béal aca, agus ní laibheóraid;
atáid súile aca, agus ní fhaicfid; atáid cluasa aca,
4055]
agus ní chluinfid. Ionann dóibh iomorra bheith gan gníomhughadh léna
gcéadfadhaibh agus gan gníomhughadh sochrach na subháilceadh do
dhéanamh. Cialluighid mar an gcéadna na miotail éagsamhla agus
na boill éagsamhla úd na híomháighe,
Is tré aidhbhsighe na n-il-phian soin, agus tréna dheacracht a
bhfulang, fhiafruigheas Isaias go hiongantach dona daoinibh,
cia dhíobh do fhéadfadh áitiughadh i bhfarradh na péine
4075]
ifreannda soin, do réir mar léaghthar san .33. caibidil dá leabhar, mar a
n-abair, quis poterit habitare de vobis cum igne devorante, quis
habitabit ex vobis cum ardoribus sempiternis cia dhíbh fhéadfas
áitiughadh mar aon ré teinidh shloigthigh? cia dhíbh áiteóchas
mar aon ré luisneadhaibh nó ré gorthaibh
4080] síordhaidhe? As gach guais
díobh so do bheith i gcionn an duine, is maith fuair Dáibhídh
Rí a rádh i bpearsain an mhairbh, circumdederunt me mala, etca.
do thimcheallsad uilc díoáirmhe mé. Agus fós neartuighid briathra
Anselmus fírinne aneithe se, san leabhar ró sgríobh do
thruaghántacht an duine,
4085] ag faisnéis an chumhgaigh 'na mbí an
duine dá gach éin-leith ré linn an bháis. [lsquo ]Bí (ar sé) an
breitheamh feargach ós a chionn, agus ifreann osluigthe faoi. Bí a
choir roimhe, agus a phian 'na dhiaidh. Bí a choguas dá
chreim don taoibh istigh, agus a náire dá ghoin don taoibh amuigh.
Bíd na peacaidh ghníomhacha
4090] do-ní dá dheis, agus na peacaidh
do-ní ré faill dá leith chlí. Agus bíd na piana cóirighthe
timcheall a chos, agus a lámha agá dtarraing go heasaontach ag
na deamhnaibh. Ionnus go
Is trés an nguais se do bheith i gcionn an duine fhoráileas
Críost ar na daoinibh imirce na haithrighe do bheith urlamh
inimtheachta aca, ré dtriall a buailteachas na beatha so gus
4105]
an sean-bhaile síordhaidhe, maille ré ceasaibh agus ré cliabhaibh
crábhaidh agus caon-dúthrachta do bheith líonta go luchtmhar do
lón an lóir-ghníomha dhlighid do dhéanamh, iar ndortadh mheidhg
na mailíse a cornaibh an choguais lé gleann déarach an domhain se,
lé sruth-bhuinne uchbhadhach aigmhéil accaointeach
4110] na haithrighe.
Ag so mar adeir, ag teagasg an duine agus ag forfhógra na n-olc
bhíos ré tuirling air ré linn a bháis, do réir mar léaghthar ag
Matha san .24. caibidil, mar a n-abair, orate ut fuga vestra
non fiat hieme aut Sabbato guidhidh ionnus nach biadh bhar
dteitheadh san gheimhreadh ná san
4115] Sabbóit. Dá chor i gcéill
nach am teithidh dona daoinibh an tráth bheireas geimhreadh an
ghalair agus féil an bháis orra. Óir ní ar Dhia do ghuidhe ná
do ghairm do-bheirid amus ré linn na dtaom agus na dtinneas
do bhiadh agá dtreaghdadh, acht dá fhéachain cionnus do-
ghéabhdaois osadh nó ionnfhuaradh
4120] ó na teidhmibh bhíos agá
gcommbuaidhreadh agus ag measgadh a meanman tré olc na haingcise
'na mbíd. Neartuighid briathra an fháidh Ieremias leis so, mar
a n-abair san seachtmhadh caibidil déag, custodite animas vestras,
et nolite portare pondera in die Sabbati, id est in die quietis,
sive mortis caomhnuighidh
4125] bhar n-anmanna, agus ná hiomarchurthar
libh oireadha i ló na Sabbóite .i. i ló an chumhsanta, nó an
bháis. Dá chor
- Go dtí dhíot gan mh'anadh ann,
4135] peacadh, a Dhé, dá ndearnam:
gan teacht, a Choimdhe, as an gcol,
beart is doilghe ioná a dhéanamh.
Féadtar mar an gcéadna sgéala cruinne d'fhiafraighidh don
mharbh do thaoibh a anma i bpurgadóir, agus do thaoibh a chuirp
4140]
san uaigh, agus fós do thaoibh a chlú dá éis san tsaoghal. Agus
atáid chúig ceasta ré a gcor ar an marbh in gach gné dona trí
gnéithibh sin, agus do-bheir Dáibhídh Rí freagra ar gach ceist
díobh i bpearsain an mhairbh. Ag so síos na cúig ceasta bheanas
ris an anam.
4145] (1) An chéid-cheist is ionchuir ar an anam an tan thriallas as
an tsaoghal so .i. créad an cruth 'na mbí an t-árus 'na dtéid?
An mbí álainn nó deagh-mhaiseach? Adeir an t-anam ag freagradh
go truagh don cheist se, do réir Dháibhídh, posuerunt me in lacu
inferiori, in tenebris, et in umbra mortis do chuireadar
4150]
mé san loch íochtarach, i ndorchadas agus i sgáile an bháis. As an
dtuarasgbháil se do-bheir an t-anam truagh uaidh, is urusa a
mheas gurab dochraidh déistineach an chathair chomhnuighthe,
príosún peannaideach purgadóra.
(2) An dara ceist, créad an caidreabh fuair ar ndol i bpurgadóir?
4155]
Adeir-sean go truagh ag freagra, susceperunt me sicut leo paratus
ad praedam do ghabhadar mé (ar sé) amhail do ghéabhadh leómhan
ar a mbiadh inneall creiche do dhéanamh. Dá chor i gcéill
gurab borb easaontach an caidreabh do-bheirdís na deamhain dó.
4160] (3) An treas ceist, créad an cleasradh nó na cluicheadha nó an
caitheamh aimsire do bhiadh aige i bpurgadóir? Do fhreagair agá
rádh, multiplicati sunt qui tribulant me is fás atá ar an druing
bhíos dom buaidhreadh. Dá chor i gcéill nach bí ceól ná
aoibhneas ná urgháirdiughadh meanman i bpurgadóir,
4165] acht iachtach
agus osnadhach agus éagcaoine, cnead agus fail agus foghair-ghearán,
agus gnáith-phiana géara goirte goimheamhla, gan osadh gan
ionnfhuaradh ó shoin amach.
(4) An ceathramhadh ceist, créad an leabaidh nó an t-inneall
suain bhíos aige i bpurgadóir? nó an mbíd cuilceadha clúimh
4170]
nó leapthacha snáth-chaola sróill 'na thimcheall? Truagh sin, adeir
an marbh: ego autem in flagella paratus sum, et dolor meus renovatus
est semper bím-se agam' ollmhughadh trá rém sgiúrsadh, agus bíd
mo thinnis ag athnuadhadh do shíor. As so is iontuigthe nach bí
árach ag an anam bhíos i bpurgadóir ar shuan ná ar
4175]
shádhaile do dhéanamh an gcéin bhíos ann.
(5) An cúigeadh ceist, an mbí radharc aoibhinn, nó lubh-ghuirt,
náid moighe míon-sgothacha i bpurgadóir? Truagh sin, adeir an
t-anam: timor et tremor venerunt super me, et contexerunt me
tenebrae do ling crioth agus uamhan oram, agus atáim coimhfhitte
4180]
i ndorchadas. Dá chor i gcéill nach bí soillse i bpurgadóir.
Óir tar ceann go mbí teine phurgadóra loisgneach, ní bhí soillse
innte, do réir Ghreaghóir, mar a n-abair, concremationem habet
et non lucem bí comhlosgadh innte agus ní bhí solus.
Ag so síos na cúig ceasta chuirthear ar an marbh do thaoibh
4185]
a chuirp san uaigh. An chéid-cheist díobh, créad an biadh nó an
deoch bhíos aige san uaigh? Truagh sin, adeir an marbh: infixus
sum in limo profundi, et non est substantia atáim ceangailte i
láib an ghrinnill, agus ní fhuil forus ann. Dá chor i gcéill
go raibhe múchta i n-úir na talmhan fá mhuir mhailísigh an
4190]
tsaoghail se, agus dá réir sin nach bí biadh ná deoch aige, acht é
i ngorta ghnáth ag seargadh agus ag feódhughadh, nó go dtuiteann
'na luaithreadh as a chéile, an mhéid nach creimid na crumha agus
na ciaróga dhe.
An dara ceist chuirthear air, do thaoibh a theangadh, mar
4195]
atá, an mbíd labhartha líomhtha nó acfuinn uraghaill innte? Truagh sin,
adeir an marbh: adhaesit lingus mea faucibus meis atá mo theanga
i leanmhain dom brághaid, nó dom chuláiribh. Dá chor i gcéill
go mbí a theanga féin gan lúth gan labhra i ndiaidh an bháis san
uaigh.
4200] An treas ceist, cionnus bhíos radharc a shúl? Truagh sin, adeir
an marbh: dereliquit me virtus mea, et lumen oculorum meorum non
est mecum do thréigeas mo bhríogh, agus ní fhuil solus mo
dhearc agam. Dá chor i gcéill go rabhadar na súile dall aige
san uaigh.
4205] An ceathramhadh ceist, cionnus atá tadhall a lámh nó a chuirp?
nó an mbí agá nighe agus agá niamh-ghlanadh féin i bhfothraigibh
do bhláthaibh maoth-áille an mhachaire? Truagh sin, adeir an
marbh, ag tagra go tuirseach doiligh ré Dia: super me confirmatus
est furor tuus, et omnes fluctus tuos induxisti super
4210]
me do comhdhaingnigheadh dásacht t'fheirge oram, a Dhé, agus tugais
do thonna uile thoram. Dá chor i gcéill gurab é fothragadh
do-gheibheadh, bheith múchta i gcriaidh, agus í ag trothlughadh
agus ag críonadh a chuirp.
An cúigeadh ceist, cionnus atá a chorp fá shaidhbhreas nó fá
4215]
shéadaibh saoghalta? nó an bhfuil sróll nó sigir nó purpuir nó
biosóir fána chneas san uaigh? nó an bhfuil ór nó ionnmhas 'na
sheilbh innte? Truagh sin, adeir an marbh: respice in me et
miserere mei, quia unicus et pauper sum ego féach mé agus déana
truaighe umam, óir is mé an truaghán is aonaránaighe agus is
4220]
boichte ar bioth.
Ag so síos na cúig ceasta chuirthear ar an marbh do thaoibh a
chlú dá éis san tsaoghal. An chéid-cheist, cionnus atáid an
drong dhuit agá mbíodh onóir ort san tsaoghal? Truagh sin, ar an
marbh: omnes videntes me deriserunt me; locuti sunt
4225]
labiis, et moverunt caput gach aon do-chíodh mé, do ghabhdaois ag
fochuidbheadh fúm; do labhradaois dá mbéalaibh agus do chroithdís
a gcinn oram. Agus is uime sin adeir sé so, dá
4230] An dara ceist, cionnus do-geibhthear ort an drong do bhíodh agat'
adhmoladh ar an saoghal, agus ag déanamh duan agus dréacht duit?
Truagh sin, ar an marbh: qui laudabant me, adversum me iurabant
an dream do bhíodh agam' adhmoladh, do mhionnuigheadar im aghaidh.
Ionann sin ré a rádh agus gur dhearbhuigheadar
4235] gurbh olc é.
An treas ceist, cionnus do-geibhthear ort an lucht tuillimh agus
tuarastail do bhíodh agat? Truagh sin, adeir an marbh: qui iuxta
me erant, de longe steterunt an dream do bhíodh im fhochair, is
fada uaim sheasaid. Dá chor i gcéill nach bí
4240]
cuimhne ar chumann aca dhó.
An ceathramhadh ceist, cionnus atáid duit na caraid ar a gcuirtheá
cumaoin? Truagh sin, adeir an marbh: amici mei et proximi mei
adversum me appropinquaverunt, et steterunt mo charaid agus mo
chomharsain, do dhruidsead riom, agus do sheasuigheadar
4245]
im aghaidh. Dá chor i gcéill nach bí cuimhne ar chumann ná ar
chommbáidh ag na cáirdibh go meinic ris an marbh, dá dhlúithe agus
dá dhíoghraisighe bhíd dó ré linn a bheatha.
An cúigeadh ceist, cionnus atáid do chlann ná do bhean
4250]
phósta dhuit? Truagh sin, adeir an marbh, ag éagcaoine ar Dhia ris féin:
longe fecisti notos meos a me; posuerunt me abominationem sibi do
chuiris, a Dhé, (ar sé) mo dhaoine aitheanta i bhfad uaim, agus
atá gráin aca oram. Dá chor i gcéill gurab annamh bhíos luadh ná iomrádh ag mnaoi
4255]
ná ag cloinn ar an duine ó dho-gheibh bás,
amhail do bhiadh gráin mhairbh aca air. Agus do réir a ndubhramar,
is follus go mbí an fhírinne ag an marbh, an tan adeir,
circumdederunt me mala quorum non est numerus do lingeadar uilc
díoáirmhe im thimcheall. Agus ó tharla gach guais ghráineamhail díobh
4260]
so i gcionn an mhairbh, dlighidh a bhean agus a chlann
agus a charaid truaighe do bheith aca dhó. Agus go háirithe is
córaide dhóibh sin do dhéanamh, go mbí an marbh féin agá nguidhe
do ghnáth, ag faisnéis an éigin 'na mbí féin, agá rádh réna
charaid, erue me
4280] De profundis clamavi ad te, Domine; Domine exaudi vocem meam,
Psalmo .129. as na hionadhaibh doimhne do éigheas ort, a
Thighearna; a Thighearna, éist mo ghuth. Léaghthar ag
S. Augustine san leabhar Ceast ro sgríobh ar Exodo, gurab mór
an chonntabhairt 'na mbí mórán do dhaoinibh do leith na
4285] hanma,
do bhríogh nach faicthear é san chorp, ná d'éis dealuighthe
ris an gcorp dhó. Agus táinig dhe sin go rabhadar trí seachráin
phrinnsiopálta nó shunnradhacha sna daoinibh i dtimcheall
tuigseana staide na hanma.
An céid-sheachrán lé measaid nach bí an t-anam síordhaidhe.
4290] Agus
is ag aithfhriotal bhriathar na muinntire se atá aní léaghthar ag
Solamh san dara caibidil do Leabhar na hEagna, mar a n-abair,
ex nihilo nati sumus, et post hoc erimus tanquam non fuerimus, ar
siad atámaid-ne arnar mbreith do neimhfní, agus 'na dhiaidh so
beimíd mar nach rabhamar ann riamh. Dá chor i gcéill, dar leó
féin, amhail do-rinneadh an t-anam do neimhfní, go gcuirthear
4295]
arís ar neimhfní é tar éis na beatha so. Adeir fós Dáibhídh Rí,
do réir bharamhla ní is gar do thuigsin an chomhráidh sin, mar
An dara seachrán .i. a admháil go bhfuil an t-anam do-mharbhtha,
4320]
agus a shéanadh nach fuil purgadóir ann. Agus is é fáth fá séanaid
an drong leanas an seachrán so purgadóir, do bhríogh go dtuigid
as an aonmhadh caibidil déag in Eccle. ag Solamh, nach fuil ann
acht dá áit, i ndiaidh na beatha so, réna n-áitiughadh, mar atá
ifreann nó flaitheas Dé, agus dá réir sin
4325] nach fuil purgadóir ann.
Gidh eadh, is amhlaidh is iontuigthe an áit úd Solaimh, nach fuil
d'éis na beatha so ann acht dá áit réna n-áitiughadh go
síordhaidhe, mar atá ifreann íochtarach nó flaitheas Dé. Agus do
bhríogh nach ionadh réna háitiughadh go síordhaidhe purgadóir, ní
fhuil buain ag briathraibh Sholaimh
4330] ria, do bhríogh nach biaidh
aon-duine ag áitiughadh purgadóra ó ló na breithe amach.
An treas seachrán .i. a rádh nach foghnann commaoine náid deigh-
ghníomha na ndaoine bhíos ar an saoghal dona marbhaibh. Agus is
uime adeirid sin, mar adeir Dáibhídh, ag labhairt ar
4335]
Dhia, reddet unicuique iuxta opera sua roinnfidh ris gach n-aon do
réir a oibre féin. Agus dar leó-san, dá réir sin, madh maith nó
madh saith oibreacha cáich, ní théid i sochar nó i ndochar do
dhruing oile; agus dá réir sin adeirid nach tabhair guidhe ná
maith-ghníomhartha na mbeó furtacht don druing bhíos i
4340]
bpurgadóir. Gidh eadh, is olc thuigthear briathra Dháibhídh
leó. Óir ní abair Dáibhídh san áit úd nach roinnfidh ris na daoinibh acht do réir
a ngníomh féin amháin, acht is eadh thuigeas, go gcaithfidh gach
aon glóir d'fhagháil do réir a dheigh-ghníomh, nó piana do réir
a pheacaidh, maille ré hé féin do
4345] thabhairt cúitighthe uaidh, nó
ris na daoinibh oile ar a shon. Óir an tan do-ní duine oile
cúitiughadh ar son an fhéichimh ris an éilightheóir, bí an féicheamh
saor óna fhiachaibh. Óir is ionann do dhuine é féin do dhéanamh
díolaidheachta, agus duine oile ar a shon, do réir mar adeir an
riaghail dlighidh san seiseadh
4350] leabhar qui facit per alium, perinde
est ac si per se ipsum faciat an tí ghníomhuigheas maille ré duine
oile, is ionann dó agus é féin do dhéanamh an ghníomha. Dá réir
sin, an drong bhíos i bpurgadóir, fuasgaltar iad do ghníomh a
gcarad, mar gomadh iad féin do-ghéanadh an gníomh. Agus atá
gnáthughadh laothamhail
4355] na heagailse somholta ag teacht leis so,
agus agá chor i ngníomh. Do réir a ndubhramar, is follus gur
bréagach na trí baramhla úd adubhramar. Agus is uime sin adeir Dáibhídh
i bpearsain an mhairbh, de profundis clamavi ad te, Domine, etc.
Gidh eadh, féadtar a fhiafraighidh annso, cia an drong bhíos
4360]
i bpurgadóir? nó créad na hadhbhair fá mbíd innte? Atáid trí
hadhbhair fá mbíd na fíréin i bpurgadóir. An céad-adhbhar
dhíobh, tré phéin na bpeacadh marbhthach dhearmadtar 'na
bhfaoisidin. An dara hadhbhar, trés na peacaidhibh marbhthacha
chuirthear síos 'na bhfaoisidin, is nach roicheann leó
4365]
lóir-ghníomh do dhéanamh san tsaoghal so. An treas adhbhar tréna
bpeacadhaibh sologhtha. Agus is truime pian an chéad-adhbhair
Féadtar a fhiafraighidh annso créad fá ndéin an marbh
4380]
éigheamh i bpurgadóir. Mo fhreagra air sin go bhfuilid trí hadhbhair fá
ndéin sé éighmhe. An céad-adhbhar, tré mhéid a thinnis, do réir
mar adeir Dáibhídh i bpearsain an mhairbh, dolores inferni
circumdederunt me do thimchealladar doilgheasa ifrinn mé. Agus
tig S. Augustine leis so san .44. Seanmóir ro
4385]
sgríobh gusna bráithribh ar an bhfásach, mar a n-abair, clamant quotidie qui
iacent in tormentis, clamant, et pauci sunt qui respondeant, ululant
et non est qui consoletur eos, etc. an dream atá 'na luighe i
bpianaibh, bíd ag éighmhe go laothamhail, ag éighmhe, agus is beag
bhíos ré freagra do thabhairt orra. Do-níd
4390] nuall-ghubha, agus
ní fhaghaid fear a gcomhfhurtuighthe ná meisnigh do chor ionnta.
Ó a bhráithreacha ionmhaine (do ráidh S. Augustine) is mór an
mhíothrócaire agus an chruadháil agus an neamhdhuineatacht dúinn,
mar bhíd go laothamhail ag éigheamh orainn an dream do fhulaing
dochar ar ar son ré linn
4395] a mbeatha, agus do chuir comaoin orainn,
agus anois nach cúram orainn lámh do thabhairt leó. Ó go fírinneach
is mór an neamhdhuineatacht é! Óir féach an t-easlán 'na luighe
agus é ag éighmhe, agus tigid leagha dá chomhfhurtacht. Agus an
tan sgréachas an mhuc, coimhrithid na muca oile agá fóirithin.
Agus an tan thuiteas an
4400] t-asal i dtuinn, lingid na daoine dá
gach leith go héasgaidh dá thógbháil. Gidh eadh, an tan bhíos
anam an fhíréin ag
An dara hadhbhar fá ndéin an marbh éighmhe, agá éagcaoine a ghéire
ghoineas agus ghalruigheas teine phéine purgadóra é.
4410] Óir adeir
S. Augustine san leabhar ro sgríobh don aithrighe fhírinnigh agus
bhréige, gurab iongantach géire an chéasta do-ní teine phurgadóra,
agus fós, nach éidir pian do bheith ar na corpaibh i dtalmhain is
coimmeas neimh agus géire ré goimh theineadh purgadóra. Agus ní
hiongnadh sin do mheas, mar go n-abair
4415] Sebastian naomhtha go
bhfuil an uiread do bharr teasa ag teine phurgadóra ar theinidh
an tsaoghail se, agus atá ag teine an tsaoghail ar theinidh
bhíos dealbhtha ar pháipéar nó ar mhaide.
An treas adhbhar fá n-éigheann an marbh i bpurgadóir, tré
4420]
mhéad an fhuinn bhíos air ré fagháil na glóire bhíos d'easbaidh air
an tan soin. Agus is ag cur fhoiréigin an fhuinn sé i gcéill atá
aní léaghthar ag Dáibhídh, mar a n-abair, sicut cervus ad fontes
aquarum, ita desiderat anima mea ad te, Deus amhail bhíos an
fiadh ag triall d'ionnsaighidh na dtobar bhfíor-uisge ar
mhéad
4425] a fhuinn dóibh, is mar sin bhíos mian ar mh'anam-sa ré
triall chugat, a Dhé. Dá chor i gcéill, amhail bhíos do mhian
ar an bhfiadh dol d'fhagháil fhionnfhuaraidh gus na srothaibh,
ar mbeith dhó lán do theasbhach d'éis a shaothair, gurab mar
sin don anam bhíos lán do theasbhach ó theinidh phurgadóra,
4430]
go mbí lán d'fhonn ré triall go flaitheas Dé d'fhagháil
fhionnfhuaraidh na glóire. Agus is móide is inmheasta méad an
fhuinn se do phéin, aní léaghthar ag S. Augustine san treas
caibidil in Enchiridio, mar a n-abair, o quanta poena est
privari civitate et regno Dei ó créad é a mhéad do phéin bheith i
Atáid sé dronga ar a n-éighmhid na mairbh. Ar dtús, éighmhid
siad ar Dhia, agá rádh, do réir Dháibhídh, mar a n-abair, educ
de carcere animam meam treóruigh as an gcarcair mh'anam féin.
Gidh eadh, tuig, a dhuine, go bhfuilid dá
4450]
charcair ag Dia, mar atá carcair fá chomhair na ndaoine
ndamanta bhíos gan dáil chabhra 'na gcionn, agus carcair oile fá chomhair
na druinge bhíos i ngioll ré díol na bhfiach bhíos orra. Is ar an gcéad-charcair
se labhras Iob san seachtmhadh caibidil, mar a n-abair,
ag labhairt ar an tí théid i n-ifreann
4455] íochtarach, qui
descenderit ad inferos non ascendet, nec revertetur ultra in
domum suam an tí rachas síos, ní ragha suas, agus ní mó fhillfeas
'na theach féin. Dá chor i gcéill nach bí furtacht ná fuasgladh
i gcionn an tí chuirthear i gcarcair ifrinn íochtaraigh, do réir
mar do cruthuigheadh linn san seachtmhadh caibidil
4460] déag d'Eochair-sgéith
an Aifrinn. Agus is ar an dara carcair labhras Isaias san
.24. caibidil, mar a n-abair, ag labhairt ar an druing ar a mbí
saor-bhroid phurgadóra, claudentur in carcere,
Is i bhfioghair aneithe céadna atá aní léaghthar ar Ionas san
dara caibidil, mar do bhí ag éighmhe ar Dhia, ar mbeith dhó i
mbroinn an mhíl mhóir, agus maille ris sin gur fóireadh as
4475]
é. Mar an gcéadna don fhíréan bhíos i mbroinn na carcrach úd
purgadóra, ré mbeith ag éighmhe ar Dhia, go sgaoiltear aiste é,
an mhéid go ndéin Dia gléas réna fhuasgladh. Agus is i
bpearsanaibh na marbh so labhraid na Machabaei, san cheathramhadh
caibidil don chéid-leabhar dá Leabhraibh, mar
4480] a n-abraid, nunc
clamemus in caelum, et miserebitur nostri Deus noster déanam
éighmhe anois go neamh, agus do-ghéana ar nDia féin truaighe
dhúinn. Agus is eadh adeirid, an tan éighmhid:
Pater de caelis, Deus, miserere nobis a Athair do neamh, a Dhé,
déana trocaire orainn. Fili, Redemptor mundi, Deus,
4485]
miserere nobis a Mheic, a Fhuasluightheóir an domhain, a Dhé, déana
trócaire orainn. Spiritus Sancte, Deus, miserere nobis a
Spioraid Naoimh, a Dhé, déana trócaire orainn. Tuig, a dhuine,
go dtig dona héighmhe laothamhla so do-níd na mairbh i
bpurgadóir, croidhe Dé do thoidheacht orra,
4490] ionnus go ngríosann
sé na fíréin dá bhfuasgladh.
An dara feacht éighmhid na mairbh, ar na naomhaibh atá i bhflaitheas Dé, ag iarraidh furtachta orra. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san .40. caibidil in Genesi ar Ioseph. Óir an tan do bhí dáileamh Pharao agá bhreith as an bpríosún,
An treas drong ar a n-éighmhid na mairbh .i. ar na sagartaibh.
Oir bíodh a fhios agat, do réir S. Augustine san naomhadh
4505]
caibidil déag in Enchiridio, go dtugaid aifrinn na sagart furtacht
dona hanmaibh bhíos i bpurgadóir, mar a n-abair, negandum non
est defunctorum animas relevari, cum pro illis sacrificium mediatoris
offertur ní séanta go dtugthar saor-dháil d'anmaibh na marbh,
an tan offráiltear iodhbairt an eadargánaidhe ar a son.
4510] Gidh eadh,
mo thruaighe, atáid trí dronga do shagartaibh ar a mbí gearán
trom ag na marbhaibh bhíos i bpurgadóir.
An chéad-drong dhíobh, na sagairt ghlacas leagáid nó déirc tré
ghuidhe orra, agus léigeas tar ceal an ghuidhe sin, nó chuireas
dís nó triúr fá aon-aifreann amháin, an tan do
4515] bhiadh
d'fhiachaibh orra aifreann do rádh ar son gach aoin díobh.
An dara drong .i. na sagairt ghlacas déirc na marbh, agus téid i
bpeacadh mharbhthach do rádh an aifrinn, do bhríogh nach téid
aoin-ní dá ndéin sin i sochar don mharbh, acht substaint an
4520]
aifrinn amháin, an mhéid ghníomhuigheas sí uaithe féin. Óir do
réir Eóin san naomhadh caibidil, mar a n-abair, peccatores non
exaudit Deus ní éisteann Dia ris na peacthachaibh. Agus dá réir
sin measaim gurab leamh éigcríonna don tí do bhiadh i
mbroid ag rígh nó ag prionnsa, meirleach ré mbeith easgcáirdeas an
4525]
ríogh nó an phrionnsa do chur uaidh d'iarraidh maithmheachais ar
an bprionnsa. Óir dobudh dócha dhó barr broide do chur air ioná
saor-dháil ar bioth d'fhagháil. Mar an gcéadna don ní thuas do
réir Lyra agus Greaghóir naomhtha. Gidh eadh, más
An treas drong do shagartaibh ar a ndéinid na mairbh casaoid, na
sagairt ghlacas suim airgid tré shuim aifreann do rádh, agus nach
abraid na haifrinn go hiomlán, nó chuireas ar
4560] ceal iad ar feadh
aimsire, nó chuireas cúram a ráitte ar shagartaibh sgaoilte uatha
féin, nó chuireas a chúram ar shagartaibh ar bioth oile, ar shuim
is lugha ioná an tsuim do ghlac sé féin ar son a ráitte. Agus cibé
sagart don druing se thuillfeas casaoid na marbh, is trom an
bhreath bheireas Greaghóir
An ceathramhadh drong ar a n-éighmhid na mairbh .i. ar na
hoighreadhaibh fhágbhaid dá n-éis, do-bheir faill 'na
bhfurtacht. Agus is eadh adeirid riú, aní léaghthar ag Iob san
naomhadh caibidil déag, mar a n-abair, miseremini mei, miseremini
mei, saltem
4580] vos, amici mei, quia manus Domini tetigit me déanaidh
trócaire oram, déanaidh trócaire oram, go háirithe a lucht is caraid
damh, óir do bhean lámh an Tighearna riom. As na briathraibh se
is iontuigthe gurab mór an tsúil bhíos ag na
marbhaibh ré furtacht a gcarad agus na druinge ar a gcuirid
commaoin, agus go háirithe an
4585] drong agá bhfágbhaid a mbeatha tar
a n-éis, mar atáid na hoighreadha. Agus fa-ríor, féadtar a rádh
ré druing dhíobh so chailleas ar an marbh chuireas commaoin orra,
aní adeir Dáibhídh Rí san .77. Salm ag labhairt go fáthach ar an
druing úd, et obliti sunt benefactorum eius agus tugadar i
ndearmad a
4590] dhearlaicthe súd. Dá chor i gcéill nach tugaid
cúitiughadh don mharbh i ndíol a ndearna do tharbha agus do
throimleas dóibh ré linn a bheatha. Agus is ar na hoighreadhaibh
do-ní faill fá fhuasgladh do thabhairt ar a sinnsearaibh atá an
marbh ag éagcaoine go truagh i Leabhar Iob, mar a n-abair, quare
persequimini me sicut Deus,
4595] et carnibus meis saturamini créad as
a bhfuiltí agam' inghreim amhail Dia, agus sibh aga bhar sásughadh
dom fheólmhach? Dá chor i gcéill, amhail nach fuasglann Dia a
purgadóir iad go déanamh díolaidheachta dhóibh féin nó do dhruing oile ar a
4645] An cúigeadh drong ar a n-éighmhid na mairbh .i. ar na seiceadúiribh
nach díolann go cóir an leagáid fhágbhaid ré a tabhairt ar a
n-anmaibh. Agus fós, is iomdha modh ar a ndéinid faill. Óir bí
cuid díobh nach tabhair déirc ar chor ar bioth uatha, agus drong
oile nach tabhair acht cuid don déirc
4650] uatha, agus drong nach déin
acht droich-dhíol fiach, maille ré droich-earraidh do thabhairt
uatha. Óir dá bhfágbhadh an marbh buiséal cruithneachta ré a
thabhairt ar a anmain, ní thabhair an droich-sheiceadúir uaidh
acht cruithneacht chaoch nó gheinte, nó bhíos lán do chogal nó
do phiséan nó do shalchar
4655] oile. Ní thabhair i ndíol an leanna
uaidh acht súghán nó iair-lionn; nó ní thabhair i ndíol na caorach
uaidh acht an splíonach is measa don tréad; agus mar sin dó ris gach
ní oile. Agus bí dream oile dhíobh chuireas an leagáid ar cáirde,
agus nach díolann í do láthair, do réir thoile an mhairbh. Gidh
eadh, is daor an
4660] bhreath bheireas an dlighe canónta ar na ceithre
drongaibh se do réir mar léaghthar san .95. Canóin do Chomhairle
Choitchinn na Carthago, mar a n-abarthar, qui oblationes
defunctorum aut negant ecclesiis aut cum difficultate reddunt,
tanquam egentium necatores excommunicentur an dream shéanas ar
an eaglais
4665] offrála nó tiodhlaicthe na marbh, nó réna deacair a
dtabhairt uatha, déantar a gcoinneal-bháthadh mar lucht dún-mharbhtha
na druinge bhíos easbadhach. As na briathraibh se is
iontuigthe gurab díol coinneal-bháitte agus malluighthe an dream
chailleas ar
4725] An seiseadh drong ar a n-éighid na mairbh .i. ar na Críostaidhthibh
i gcoitchinne. Agus is iad na mairbh do-ní na héighmhe se, na
mairbh dhíocháirdeacha atá i bpurgadóir, ris nach ráinig a
gcommaoin do chur ar an druing oile, agus ag nach bí caraid
speisialta ar bioth do ghuidhfeadh orra. Agus is i bhfioghair an
mhairbh dhíocháirdigh se atá aní
4730] léaghthar san chúigeadh caibidil
ag Eóin, mar do shlánuigh Críost an parailiseach do bhí coimh-díocháirdeach
soin nach fuair ar feadh .38. mbliadhan aoin-neach
do chuirfeadh a lámh faoi dá chur san tobar shláin-íce.
Agus is ag éagcaoine an díocháirdeasa soin adubhairt ré Críost,
Domine, hominem non habeo
4735] a Thighearna, ní fhuil duine agam
do-bhéaradh lámh liom. Mar an gcéadna adeir an marbh
díocháirdeach do ghníomh, nach bí neach ag tabhairt láimhe leis
féin. Agus is ar an anam so labhras Ieremias san chéad-chaibidil
do Leabhar na
- Síol Ádhaimh, gion gur thréig tnúdh,
léig id ghrádhaibh ar a ngaol:
clann deit gach duine don tsíol,
4780] is meic Ríogh uile gach aon.
Tuig, a léaghthóir, go bhfuilid seacht gcinéil mharbh ann. An
céid-chinéal, mar atáid na hainchreidmhigh. Agus ní thiaghaid
maith-ghníomhartha na mbeó i sochar dhóibh so, d'easbaidh gan
an creideamh do bheith aca ré linn a mbeatha, óir
4785] do réir Phóil
san aonmhadh caibidil déag gusna hEabhraidhibh, mar a n-abair,
sine fide impossibile est placere Deo ní héidir toil Dé do
dhéanamh gan an creideamh. Dá réir sin ní fhoghnann don eiritic
gníomh ar bioth dá ndéin ré flaitheas Dé do thuilleamh ná do thuar
an gcéin mhaireas, nó fós, más ann
4790] chríochnuigheas a laithe, ní
théid commaoine na mbeó i sochar ná i saor-dháil dó.
An dara cinéal, na creidmhigh mhíghníomhacha. Agus ní théid
commaoin na mbeó i sochar dhóibh mar an gcéadna, ar mbeith
d'oirbhire Dé orra. Óir bí fíoch Dé ris gach n-aon
4795]
choilleas a reacht, do réir Sholaimh san .41. caibidil in Ecclo., mar a
n-abair, vae vobis impii, qui dereliquistis legem Altissimi
monuar dhaoibh, a éadtrócaireacha, do thréig reacht an tí is
ro-airde.
An treas cinéal marbh, na naoidhin nach baistear. Agus ní
4800]
théid commaoine na mbeó i sochar dhóibh sin, do bhríogh go mbí
An ceathramhadh cinéal, na leinbh bhaistear. Agus ní fhuil
riachtanas aca ré commaoinibh na mbeó. Adeir S. Thomás ag
sgríobhadh ar an gceathramhadh leabhar do Mhaighistir
4830]
na mBreath, bíodh nach tabhair an t-aifreann éin-ní nua dona naoidheanaibh
éagas iarna mbaisteadh, thairis sin mar sholus dona beóaibh
dleaghair a rádh, ionnus gomadh cumhain leó dá bhíthin sin
luaighidheacht Chríost. Óir an tan at-chíd aifreann agá rádh ar
an naoidhin éagas iarna baisteadh, agus
An cúigeadh cinéal, na mairtírigh. Agus ní dhleaghair commaoine
na mbeó do bheith orra so ar mbeith i seilbh na glóire dhóibh.
Agus is uime sin adeir S. Augustine: iniuriam facit martyri qui
orat pro martyre do-ní éagcóir ar an mairtíreach
4845] an tí ghuidheas
ar an mairtíreach. Óir dobudh mór an éagcóir ar an mairtíreach a
chur i gconntabhairt sealbh na glóire do thuill sé do bheith aige.
An seiseadh cinéal, na fíor-chráibhthigh chaomhnas agus
choimhéadas do shíor a n-iris agus a n-ionnracas. Agus ní bhí
4850]
riachtanas ré commaoinibh na mbeó aca, óir tré bheith gan tsal gan
teimheal, téid siad ar neamh gan fhuireach iar n-éag dhóibh.
Agus is dá chur sin i gcéill do taisbéanadh neamh do Stiabhna
naomhtha ré linn a chlochta, amhail léaghthar san seachtmhadh
caibidil do Ghníomharthaibh na nApstal;
4855]
agus do taisbéanadh neamh d'Eóin, amhail léaghthar san cheathramhadh
caibidil do Leabhar na dTaidhbhreadh.
An seachtmhadh cinéal, na creidmhigh bhíos fíréanda go coimseach nó
go meadhónach, agus is iad so bhíos i n-éigean chommaoineadh na
mbeó, agus dá dtéid siad i sochar. An
4860] cinéal iomorra marbh so, ar
mbeith i bpurgadóir dhóibh, bíd i ngeall nó i n-éigean a
bhfuasluigthe ar mbeith i bpéin dóibh, agus féadtar a
bhfurtacht, do bhríogh nach bíd damanta go síordhaidhe. Agus
atáid trí hadhbhair fá dtéid na mairbh se i bpurgadóir, mar atáid
na peacaidh shologhtha, na peacaidh
4870] Féadtar a fhiafraighidh annso, créad as a dtugthar furtacht leis
an mbeó ar an marbh bhfíréanda bhíos i bpurgadóir. Mo fhreagra
ar an gceist se, gurab iomdha adhbhar fá ndligheann an beó furtacht
ar an marbh bhfíréanda. Ar dtús, is cneasta dhó an marbh do
chabhair trés an maith do-rinne an marbh dhó ré linn a bheatha.
4875]
Óir dlighidh gach maith a luaighidheacht.
An dara hadhbhar, airleagadh an ghrádha. Óir amhail tug an tí is
marbh grádh agus commaoin ré linn a bheatha don tí fhágbhas dá éis
ar airleagadh, mar an gcéadna dlighidh an beó mhaireas an
t-airleagadh céadna do dhíol ris an marbh,
4880] maille ré grádh agus
ré commaoin do thabhairt dá chionn dó.
An treas adhbhar, an t-éigean 'na mbí an marbh, do bhríogh nach
bí ar a chumas féin saor-dháil ar bioth do thabhairt dó féin, agus
nach fuil pian ar talmhain is coimmeas diachair agus doilgheas ris an
bpéin fhuilngeas; agus go mór-mhór tréna beith
4885] fad-dálach. Óir
an phian do chúiteóchadh neach ré haon-lá amháin ré linn a
bheatha, is éigean dó bliadhain do thabhairt i bpurgadóir agá
cúiteachadh. Agus is é so is iontuigthe a briathraibh Dé, san
cheathramhadh caibidil ag Ezech., mar a
An ceathramhadh hadhbhar, do bhríogh go dtéid commaoine na mbeó i sochar speisialta don mharbh ar a gcuirthear í, agus i
An cúigeadh hadhbhar, do bhríogh go dtabhair Dia don bheó luach
na commaoine chuireas ar an marbh. Gonadh uime sin adeir Dáibhídh,
oratio mea in sinu mea convertetur tillfidhear
4935]
mh'urnaighthe féin im choim féin. Dá chor i gcéill go bhfilleann Dia roinn do
shochar na guidhe do-ní an fíréan air féin, ré mbeith ag guidhe ar
an marbh dhó. Is é aní céadna mhaoidheas Críost ag Matha san
seachtmhadh caibidil, mar a n-abair, in qua mensura mensi fueritis
remetietur vobis cibé tomhas do-bhéarthaoi uaibh,
4940]
an céadna thomhaisfidhear dhaoibh. Dá chor i gcéill an dream roinneas
cruadháil ris na marbhaibh, go roinnfidh féin cruadháil riú; agus an
dream roinneas cinéal riú, go roinnfidhear cinéal ríu-san mar an
gcéadna, do réir Mhatha san chúigeadh caibidil, mar a n-abair,
beati misericordes, quoniam ipsi misericordiam consequentur
4945]
is beannuighthe na trócairigh, óir greamóchaid siad-san trócaire.
Gidh eadh, a chontrárdha sin tig don éadtrócaireach ainiochtach,
amhail adeir S. Séam san dara caibidil, iudicium sine misericordia
fiet illi qui non fecerit misericordiam breitheamhnas gan trócaire
do-ghéantar ar an tí nach diongna trócaire.
4950] As na briathraibh se is
iontuigthe go roinneann Dia lom ceirt ris an druing n-ainiochtaigh
sin chailleas ar na marbhaibh.
An seiseadh hadhbhar fá ndligheann an beó commaoine do chur ar an marbh, do bhríogh go mbí an marbh ar neamh ag guidhe ar an tí chuireas commaoine air, ré mbeith i bpurgadóir
Tuig go bhfuilid cheithre modha ar a bhféadtar furtacht do
thabhairt dona hanmaibh bhíos i bpurgadóir, do réir mar
léaghthar ag Decre. 13. qu. 2. cap. Animae Sanctorum. An chéad-mhodh,
lé haifreannaibh, do réir S. Augustine san
4965] naomhadh caibidil
déag in Enchiridio, mar a n-abair, negandum non est defunctorum
animas relevari, cum pro illis sacrificium mediatoris offertur ní
beitte agá shéanadh go dtabharthar saor-dháil d'anmaibh na
marbh, an tan offráiltear iodhbairt an eadargánaidhe ar a son. Tig
S. Augustine arís ar aní gcéadna san
4970] .69. Eip. ad Aurelium,
mar a n-abair, oblationes pro animabus defunctis ipsos vere
aliquid adiuvare credendum est is inchreitte go fírinneach go
dtugaid na leagáide dháiltear ar anmannaibh na marbh saor-dháil
éigin dóibh. As na briathraibh se S. Augustine is iontuigthe go
mbí anam an mhairbh i ndiaidh an
4975] bháis i n-áit éigin 'na
bhféadtar saor-dháil do thabhairt dó, lé cuidiughadh na mbeó.
Agus is follus gurab é an t-ionadh soin purgadóir.
An dara modh, lé guidhe na bhfíréan, do réir S. Augustine san
.44. Seanmóir, mar a n-abair, ag labhairt réna chommbráithribh
4980]
Críostaidhe, ora pro defunctis, ut, dum fuerint in aeterna vita, pro
te orare non negligant guidh arna marbhaibh, ionnus an tan bhiaid
san bheathaidh mharthanaigh nach tugdaois faill ar ghuidhe ar do
shon. Tig Dionysius leis so san seachtmhadh caibidil in Eccle.
Hierar., mar a n-abair, quod autem iustorum
4985] preces etiam in vita
ista, et nedum post mortem, iis prosint qui digni sunt, Scripturae
nos edocet sacrosancta traditio atá naoim-mbeóloideas
An treas modh, lé déirc, do réir S. Augustine san .32. Seanmóir ro
sgríobh do bhriathraibh an Apstail, mar a n-abair,
4995]
non est negandum defunctorum animas pietate suorum viventium
relevari, cumpro illis eleemosynae in ecclesia fiant ní beitte agá shéanadh go
dtugthar saor-dháil d'anmaibh na marbh lé buidheacht a gcarad
mbeó, an tan do-níthear almsana san eaglais ar a son. Tuig, a
dhuine, as na háitibh se S. Augustine, gur chreid
5000] sé go cinnte
purgadóir do bheith ann, 'na mbeidís anmanna na bhfíréan i
ngioll ré díol na bhfiach nachar dhíoladar féin ré linn a
mbeatha. Agus fágbhaim fá bhreathnughadh gach aon-duine agá
mbeith ciall fhalláin, cia is córa, teist an phríomh-ughdair
dhearbhtha S. Augustine atá 'na iolar ós na héanaibh agus 'na
5005]
ghréin ós reannaibh nimhe, idir dhoctúiribh eagnaidhe na
heagailse, agus agá ndearnsad il-mhílte do dhoctúiribh eagnaidhe
fromhadh ar a oibreachaibh, agus do bhí naomhtha 'na bheathaidh,
agus do bhí fós leath as-toigh do cheithre céad bliadhain
d'aimsir na n-apstal do chreideamhain, nó an bráthair bréige
Luitér,
5010] nó an canánach cealgach coinneal-bháitte Cailbhín, nó
gach millteach míorúnach oile dá leanann dá slighthibh saobha
seachránacha?
An ceathramhadh modh, lé trosgadh; amhail léaghthar ag Decre .13.
qu. 2. cap. Animae: ieiunia viventium sunt auxilia
5015]
defunctorum is congnamh dona marbhaibh troisgthe na mbeó.
As so is iontuigthe go dtéid troisgthe na mbeó i sochar dona marbhaibh. Adeir Petrus
Damianus san tseanmóir ro sgríobh d'Ord na Beatha, go raibhe
gnáthughadh san mainistir 'na
5025] Is iontuigthe loisgnighe na teineadh úd as an sgéal léaghthar ag
Vincentius, san dara leabhar do Sgáthán na mBéas, mar a léaghthar
go raibhe abb i mainistir dh'áirithe agá raibhe mac dearbhráthar
dhó 'na choimhthionól mar aon ris. Dála an abbadh, an tan do
mhothuigh é féin ag drud ré deireadh a ré, do
5030] sholáthair an
abdhaine don mhac óg anarsaidh sin, dobudh mac dá dhearbhráthair,
tar a rabhadar do mhanchaibh críonna cian-aosta san gcoimhthionól.
Acht cheana, go grod 'na dhiaidh sin fuair an t-abb bás, agus do
ghabh an manach óg ceannas an choimhthionóil, agus lá dar éirigh
sé amach go grod 'na dhiaidh
5035] sin do shiubhal lubhghuirt na
mainistreach, agus ré dtriall dó láimh ris an dtobar do bhí san
lubhghort, do-chualaidh guth agus glór daonna go truagh tuirseach ag
iachtaigh agus ag éagcaoine san tobar. Agus leis sin do
fhiafruigh-sean cia do bhí ann. Do fhreagair an guth, agus
adubhairt: Ó a mheic, ar sé, mise anam
5040] an abbadh. Créad an
riocht 'na bhfuile? ar an manach óg. Atáim, ar an t-anam,
agam' chéasadh annso i dteinidh phurgadóra, tré mar do thoghas
tusa it abbaidh tar mh'éis féin, tar na manchaibh oile budh sine
agus budh ineamhla ioná thú. Agus biaidh mé san phéin se nó go
bhfógra tusa an abdhaine uait,
5045]
agus go dtí abb oile it ionadh ar thogha an choimhthionóil.
Iongnadh liom, ar an macaomh, a rádh go ngoillfeadh teas ort, agus
tú i dtobar fhionnfhuar fhíor-uisge. Truagh sin, ar an
t-anam, éirigh don mhainistir, agus tabhair leat an cainnleóir
práis is tighe agus is truime dá bhfuil ann, agus cuir san tobar é,
agus do-chífir
5050] an t-oibriughadh do-ghéana an teas atá im
thimcheall-sa air. Leis sin do-chuaidh an manach óg san
mainistir, agus tug an cainnleóir leis, agus do theilg san tobar é. Agus ní luaithe
5060] Is follus as an sgéal so gurab adhbhal méad an teasa bhíos i
dteinidh phurgadóra, agus dá réir sin gurab mór an phian bhíos ar
na hanmaibh bhíos innte. Agus ó atá an t-amhgar so ar anam an
fhíréin i bpurgadóir, guidhim thú, a dhuine thrócairigh, déana
comhairle Sholaimh, do thabhairt fhuasgalta d'anam an
5065] mhairbh,
amhail theagaisgeas sé san seachtmhadh caibidil in Ecclo. mar a
bhforáileann déirc do thabhairt don bhocht, d'fhuasgladh an
mhairbh, an tan adeir, pauperi porrige manum tuam, ut proficiatur
propitiatio et benedictio tua, et mortuo non prohibeas gratiam
soich do lámh don bhocht, ionnus go rachadh do
5070] bhuidheacht agus do
bheannacht i dtarbha, agus ná cuir toirmeasg ar ghrásaibh
d'fhagháil don mharbh. Créad is iontuigthe as na briathraibh se
Sholaimh, acht go ndleaghair don Chríostaidhe thrócaireach
furtacht agus fóirithin do thabhairt d'anam an mhairbh
fhíréanda bhíos i bpurgadóir, maille ré déirc agus ré deigh-ghníomharthaibh
5075]
do dhéanamh ar a shon? Agus is iontuigthe go
héigeantach as na briathraibh se Sholaimh purgadóir do bheith
ann, mar a n-abair gan toirmeasg do chur ar ghrásaibh
d'fhagháil don mharbh. Óir madh i bhflaitheas Dé bhíos, ní
féadtar na grása do dhealughadh ris, ná eisean do dhealughadh ris na
5080]
grásaibh, do réir Mhatha san .25. caibidil, mar a n-abair,
ag labhairt ar na marbhaibh fíréanda, ibunt hi in vitam aeternam
rachaid so san bheathaidh shíordhaidhe. Dá chor i gcéill, nach
éidir, ar ndol i bhflaitheas Dé dhóibh, grás ná glóir do
dhealughadh riú. Agus fós, ní bhíd i ngeall ghrás ná ghlóire
5085]
nuaidhe d'fhagháil ann, ar mbeith sásta dhóibh. Óir mar is
túsga théid an t-anam ar neamh, agus is léir dhó lonnradh an
Féadtar a fhiafraighidh annso a ndleaghair go héigeantach udhacht
an mhairbh do choimhlíonadh ar gach aon-chor. Do-bheir
5105]
Richardus san .45. Distinct., ag sgríobhadh ar an gceathramhadh
leabhar do Mhaighistir na mBreath, freagra ar an gceist se, agus
is eadh adeir, go ndleaghair, acht muna raibhe an t-udhacht
contrárdha do dhlighe na nádúire, nó do dhlighe Dé, nó do dhlighe
chille nó thuaithe, do réir mar
5110] léaghthar ag an dlighe, Extra de
Testa. (cap. Iudicantis): voluntas testatoris debet per omnia
adimpleri dleaghair toil an
5115] An chéad-drong, daoine riaghalta; do bhríogh nach bí sealbh
shaoghalta aca, agus go mbí a dtoil ceangailte ar thoil a
n-uachtaráin.
An dara drong, amadáin; do bhríogh nach bí saoir-mheas na toile ar a gcumas, lé bhféadfadaois bail nó caoi chneasta do chor ar éin-ní.
5120] An treas drong dá ngoirthear mic mhuinntire, ar nach déantar
lámh-sgaoileadh. Ionann sin ré a rádh agus na mic nach bí sgaoilte
ó lámh-smacht a n-aithreach. Óir an mhuinntear so, ní bhí éin-ní
ar a gcumas, agus ní fhéadaid udhacht do dhéanamh uime sin,
acht amháin muna dteagmhadh amhantar, dá ngoireann
5125]
an dlighe castrense, dhóibh.
An ceathramhadh cinéal nó drong, úsairidhe coitcheanna. Ní fhéadaid
an drong so udhacht do dhéanamh go dlisteanach, gan cuir agus
teannta do thabhairt uatha ré haiseag iomlán do thabhairt dá gach
rann ré a raibhe a malairt in gach breis-díol
5130] dár bheanadar-san
díobh, do bhríogh nach bí ceart san bhioth aca ré coimhéad an
bhreis-díola bheanaid amach.
Is iomdha fós fáth oile as nach dleaghair an t-udhacht do
choimhlíonadh, mar atá dá bhfágbhadh duine ré hudhacht ní nach
leis féin, ní móide ceart an tí agá bhfágbhann eisean dá
5135] fhágbháil
ré hudhacht aige. Óir dá bhfágbhadh Ó Laoghaire Leath Cuinn
ag Ó Chruimín, ní móide ceart Uí Chruimín ar Leith Cuinn sin.
Mar an gcéadna don ní thuas. Dá bhfágbhadh fós neach ré hudhacht
aní nach biadh aige, ní dhleaghair díol do dhéanamh ar a shon.
5140] Dá bhfágbhadh mar an gcéadna neach a oighreacht ré hudhacht ag
neach oile seach a fágbháil agá oighre díleas, agus gan cúis
gcneasta aige réna chur ón oighreacht, ní dleaghair an t-udhacht
soin do choimhlíonadh, dá mbeith gurab ag an eaglais do fúigfidhe
an oighreacht. Gurab uime sin adeir
5145] ciste an chrábhaidh, agus
ainceóir na heagailse, agus biattach na mbocht agus na
mbaintreabhthach, furtuightheóir na bhfann agus díonathóir na
ndílleacht, agus leasuightheóir na locht, agus an
Féadtar a fhiafraighidh annso, an bhfuil d'fhiachaibh ar na
seiceadúiribh an tiomna nó an t-udhacht do chor i ngníomh
5160]
do láthair iar n-éag an tiomantóra? Do-bheir Richardus freagra ar
an gceist se, agus is eadh adeir: an tan chumas an t-udhachtóir
aimsir chinnte ré coimhlíonadh an tiomanta, nach bí d'fhiachaibh
ar an seiceadúir an t-udhacht do choimhlíonadh rés an aimsir
gcinnte chumas an t-udhachtóir féin, acht munab
5165]
follus do lucht a léir-mheasta go dtéid moill do chur air i ndochar don mharbh,
agus an tráth is léir sin, atá d'fhiachaibh ar an seiceadúir i
gcoguas a coimhlíonadh do láthair. Gidh eadh, do dhlighe ní
féadtar a choimhéigniughadh gus an aimsir ro cinneadh leis an
udhachtóir. Acht cheana, an tan
5170]
nach cumann an t-udhachtóir aimsir
chinnte, agus bhíos ar chumas an tseiceadúra an tiomna do
choimhlíonadh go saor-dhálach, bí d'fhiachaibh air do láthair
a choimhlíonadh; do réir mar léaghthar ag Decre. ff. de Re. Iur.:
in omnibus in quibus dies non ponitur, praesenti die debetur in
gach uile ní
5175] 'snach cuirthear lá, dleaghair an lá bhíos do láthair
aní. Ionann sin ré a rádh agus gidh bé ní ghealltar, agus gan
cairde ná ceann cinnte aimsire do ghabháil ris an tí dá ngealltar
é, fásaidh ceart saní ghealltar don tí dá ndéantar an geallamh,
do láthair i ndiaidh an gheallaimh do dhéanamh. Agus dá
5180] réir sin,
an geallamh do-bheir an tiomantóir ar leagáid d'fhágbháil dá éis,
fásaidh ceart do láthair san leagáid ag an tí dá ngealltar í, iar
n-éag an tiomantóra. Agus adeir Glossa gur
Féadtar a fhiafraighidh annso, an dtéid an righneas chuirthear ar
dhíol na leagáide i ndochar don mharbh. Do-bheir
5195] Richardus
freagra ar an gceist se, agus is eadh adeir, go dtéid, agus atáid
dá réasún chuige sin. An céad-réasún díobh, gurab luathaide
ghuidheas an eaglais ar an marbh, í do bheith ar nglacadh na
leagáide, tréna bheith d'fhiachaibh uirre a los na leagáide an
ghuidhe do dhéanamh. An dara réasún, do
5200] bhríogh nach fuil dá
luaithe díoltar an leagáid, nach luathaide sa chách do-gheibh an
marbh éadtromughadh ó phéin phurgadóra é. As gach ní dá
ndubhramair sna trí foicheastaibh sin thuas, is léir a luime do
locht, agus a aidhbhsighe d'urchóid, don druing léigeas díobh gan
udhacht an mhairbh do choimhlíonadh.
5205] Agus is inmheasta sin as an sgéal léaghthar i n-imtheachtaibh
Shéarlais Mhóir. Ré dtriall iomorra do shluagh Shéarlais
trés an Navarr, do chathughadh ré Múrachaibh, do bhí ag gabháil
neirt ar an Spáinn go foiréigneach. Ré dtriall san turus soin
dóibh, tarla galar éaga do ridire dá raibhe ar an sluagh, agus ní
raibhe do mhaoin an tan soin dá chóir acht acht an t-each ar a
5210]
mbíodh ré linn a shláinte ag déanamh feadhma; agus do thiomain sé
don eaglais ar a anmain í, agus do fhágaibh ar láimh dhearbhráthar
dhó féin í, réna dáil don eaglais. Acht cheana, is eadh do-rinne
an dearbhráthair a congbháil aige féin. Gidh
5215] eadh, i gcionn .30.
lá táinig anam an ridire do labhairt ris agus dá iomcháineadh agus is
eadh adubhairt: a fhionghalaigh, ar
5230] Féadtar a fhiafraighidh annso, cia an dream ar nach rigthear a leas
guidhe, agus nach téid i bpurgadóir, acht thriallas do láthair
d'éis a mbáis ar neamh. Mo fhreagra go bhfuilid trí dronga
théid ar ball d'éis a mbáis ar neamh, mar atá an dream éagas do
láthair d'éis an bhaistidhe, na mairtírigh, agus na firéin fhíor-chráibhtheacha.
5235]
Is i bhfioghair na dtrí n-aicme se atáid an triúr
dar hosgladh neamh ar mbeith ar talmhan dóibh,
mar atá Críost iarna bhaisteadh, do réir Lúcáis san treas
caibidil; agus Stiabhna iarna chlochadh, do réir Lúcáis san
ochtmhadh caibidil do Ghníomharthaibh na nApstal; agus Eóin, do
réir mar
5240] adeir sé féin san cheathramhadh caibidil do Leabhar na
dTaidhbhreadh, vidi et ecce ostium apertum in caelo ad-chonnarc,
agus féach, dorus osluigthe ar neamh. As an bhfioghair se is
iontuigthe, gach aon do-gheibh bás do láthair iarna bhaisteadh, nó
gach aon do-gheibh bás tré mhartradh, nó gach aon bhíos
5245] fíréanta
ionnraic, amhail do bhí Eóin Bruinne, go n-osgaltar do láthair
iar mbás dorus nimhe roimhe, agus nach téid i bpurgadóir. Gidh
eadh, an dream dá leanann sal na sein-chion, agus ar a mbí teimheal
truaillithe nó meirg míomhaiseach ó mhuirt na mímhéine ar a gcoguas,
nach ráinig leó do sgrios
5250] le sguaib sgiamh-ghloin sgoith-líomhtha an sgrúduighthe sgagtha
Féadtar a fhiafraighidh annso créad as a ndéin an eaglais
onóir agus offráil ar na marbhaibh se, i gcionn an seachtmhadh lá,
5260]
agus i gcionn mhíosa, agus i gcionn bhliadhna? Ar dtús is uime
do-níd i gcionn an seachtmhadh lá, ionnus go maithfidhe dhóibh
na huile pheacaidh do-rónsad ré linn a mbeatha, do-níthear do
sheacht laithibh na seachtmhaine, nó ionnus go maithfidhe
dhóibh na huile pheacaidh do-rónsad lé a gcorpaibh, bhíos arna
5265]
ndéanamh dona ceithre dúilibh, agus léna n-anmaibh agá mbíd
trí bríogha, mar atá toil agus tuigse agus meabhair. Is uime fós
do-níd an cuimhniughadh míosa, 'na mbíd na deich lá fá thrí,
ionnus go nglantaoi na mairbh ó gach teimheal dá mbí orra
tréna gciontaibh a los neamhchoimhéada chreidimh na Tríonóide,
5270]
agus tré shárughadh na deich n-aithneadh. Is uime mar an gcéadna
do-níthear an cuimhniughadh bliadhna, ionnus go rachadh an
marbh ó bhliadhnaibh an amhgair go bliadhnaibh na síordhaidheachta;
agus fós, i ndíol gach uilc agus gach anchaithimh
aimsire dá ndearnsad na mairbh i mbliadhain a mbeatha.
5275]
Féadtar iomorra bliadhain do thabhairt ar ré an duine. Óir
amhail bhíd cheithre ráithe san bhliadhain, atáid cheathra
cotcha i ré an duine, mar atá aos macaoimh, aos ógáin, feardhacht,
agus seanórdhacht, fhreagras do cheithre ráithibh na bliadhna,
mar is follus do lucht a léir-mheasta. Gidh eadh, ní foláir don
5280]
tí do-ní an offráil nó an t-eineach so ar na marbhaibh, grádh
Dé agus na comharsan do bheith aige, agus é féin do bheith san
ghrádh. Óir ní ghabhann Dia asgaidh fhir an anchroidhe.
Agus is mar dhearbhadh ar na gnáthuighthibh agus ar na nósaibh
réamhráitte do bheith somholta adeir Ambrosius, Super Obitum
An céad-adhbhar dhíobh, do bhríogh gurab í sin toil Dé.
5300]
Óir is iomdha ní do-ní Dia, nach áil leis daoine do dhéanamh
lorgaireachta. Bíodh a fhiadhnaise sin ar aní léaghthar i
mbeathaidh na n-aithreach ar Antonius naomhtha. Óir, ar
mbeith dhó ag lorgaireacht ar staidibh daoine oile, agus agá chor
i n-iongnadh créad as a gcuireadh Dia an cor so nó an cor
5305]
oile dhíobh, do-chualaidh an guth do neamh agá rádh ris, a
aire do thabhairt dó féin, agus gan bheith ag fiafraighidh ar
staidibh cáich.
An dara hadhbhar fá bhfuaduigheann Dia na hóga as an
mbeathaidh se, ionnus nach rachdaois i n-olcaibh ó bheith i
5310]
gcaidreabh na ndroch-dhaoine. Agus is uime sin adeir Solamh,
5315] An treas adhbhar, ionnus an t-ógán agá mbí droch-fhuadar
faoi, nach fuighbheadh leath a ré, d'eagla go mbiadh nísa mheasa.
Agus is uime sin adeir Dáibhídh Rí, viri sanguinum et dolosi non
dimidiabunt dies suos an dream bhíos fuileach (nó do-ní dortadh
fola) agus bhíos cealgach, ní fhaghaid leath a laitheadh. Dá
chor i gcéill, an dream agá mbí dúil i ndún-mharbhadh agus i
bhfeall agus i mbeartaibh gráineamhla oile, go gciorrbhann Dia
a laithe, ionnus nach beidís ag sír-dhéanamh uilc. Agus go bhfios
damh, is maith thig leis aní se an rann do-rinne file dh'áirithe,
mar a n-abair:
- 5325] Dá mbeith go bhfuighbheadh fear fill
seal dá ré 'na ré aoibhinn,
atáid cách dá chor i gcairt
nach gnáth a dhol gan díoghailt.
An ceathramhadh hadhbhar, ionnus nach leandaois ainbhearta
5330]
a n-aithreach; do réir S. Augustine san treas ceist déag don
Leabhar Ceast ro sgríobh ar an sein-reacht, mar a n-abair,
infantes in Sodomis simul cum parentibus cremati sunt, ne diu
viventes exempla parentum consequerentur do loisgeadh na
naoidhin i Sodoma mar aon réna dtuismhightheóiribh, d'fhaitcheas,
5335]
dá mairdís i bhfad, go leanfadaois sompladha a
sean agus a sinnsear.
An cúigeadh hadhbhar, tré pheacaidhibh na dtuismhightheóireadh.
Óir díoghlaidh Dia go meinic ar an saoghal so coirthe na
sinnsear ar an sliocht tig uatha, gus an treas glún nó an
5340]
ceathramhadh glún, do réir an bhagair do-ní sé féin, mar a
- Ní bhí a chlann ó neach i neart
'gon tí bhus gann breath ar bhocht;
a ndéinid na haithre d'ulc,
5355] don lucht as a haithle is olc.
Bíodh a fhiadhnaise sin ar mhórán d'uaislibh an oiléin se na
hÉireann, agá ndeachaidh báthadh ar mhórán dá dtighthibh
onóracha, ionnus nach fuil acht ainbhfine agá n-áitiughadh don
chur so; agus iad féin an mhéid maireas dá n-iarmhar i
5360]
moghsaine agus i mbochtacht, ag íoc uabhair agus aindlighidh, drúise
agus droich-bheart, fill agus fionghaile a sean agus a sinnsear.
Gonadh uime sin do-rinne Maolmhuire Ó hUiginn, aird-easpog
Thuama, an rann so:
- Fuilngidh Dia dúthaigh a sean,
5365] tré anuabhar Mhac Míleadh,
críoch ainglidhe fá n-iadh tonn,
fá riar ainbhfine eachtronn.
Ag so mar thig leis aní se thuas an aislinge do-chonnairc
Adhamhnán, fear lán don Spiorad Naomh, do réir mar léaghthar
5370]
i Leabhar Leacaoin, vae, vae, vae, viris Hiberniae insolae
mandata Domini transgredientibus. Vae regibus et principibus, qui
non dirigunt sapientiam et veritatem, et diligunt iniquitatem. Vae
doctoribus qui non docent veritatem, et consentiunt vanitatibus
Tuigthear fírinne aneithe se as aní léaghthar san dara caibidil
déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar do-rinne
5390]
Dia díoghaltas ar an adhaltrannaigh Bersabe: an mac rug sí
i n-adhaltrannas do Dháibhídh d'éag go grod i ndiaidh a
bheirthe, i n-íoc na coire do-rinneadar a thuismhidhtheóiridhe.
Is trés an nguais se do bheith ó Dhia i ndiaidh na bpeacadh so
adeir Pól go hiongantach san deachmhadh caibidil gus na
hEabhraidhibh,
5395] mar a n-abair, quam horrendum est incidere in
manus Dei viventis créad é a mhéid d'uathbhás, teagmháil i
lámhaibh an Dé bheo! Dá chor i gcéill gurab mór is ineagluighthe
dona peacthachaibh fearg Dé do thuilleamh, agus méad an chumais
atá ag Dia ar dhíoghaltas do dhéanamh orra. Uime sin atá Greaghóir
5400]
naomhtha ag teagasg na ndaoine san .13. Homil., ag
sgríobhadh ar an soisgéal darab tosach sint lumbi vestri praecinti,
mar a n-abair, nemo Dei longanimitatem negligat, quia tanto
districtiorem iustitiam in iudicio exigit, quanto longiorem ante
iudicium patientiam prorogavit ná tugadh aon-duine faill i
bhfad-aradhnacht
5405] Dé, óir cion a bhfuil d'fhad-dáil 'na
fhoidhide ag cur a bhreitheamhnais ar cáirde, atá sé do chaoile
'na cheirt-bhreitheamhnas. Gidh eadh, is eadh shaoilid an líne
nó an lucht comhaimsire
Tuig, a dhuine, gur gnáthach ceachtar do cheithre hainiarsmaibh
5425]
urchóideacha ag toidheacht ar dhuine do thoisg an
adhaltrannais. An céad-ainiarsma dhíobh, bochtacht antoisgtheach,
chuireas duine as a chonách saoghalta, agus bháidheas
i n-ainfhiachaibh éadtarbhacha é. Agus is iomdha barraidhe
bogásach bladhmannach do breódh agus do buaileadh don sgiúirse
5430]
se rénar linn féin i nÉirinn, agar fhulaing Dia dhóibh tré
mhilleadh bhan bpósta dul tar bharr a ngealltadh.
An dara hainiarsma, teasgadh ainmheach ball. Óir is meinic
fhuilngeas Dia súil nó chos nó lámh do chaill don adhaltrach
i n-íoc an pheacaidh, agus mar rabhadh do dhaoinibh oile ré
5435]
bheith ar a gcoimhéad ar an gcoir gcéadna.
An treas anfhochain, bás obann gan aithrighe, mar atá a losgadh i dteinidh, nó a bháthadh i n-uisge, nó a ghoin lé harm, nó a n-ionnshamhla oile do bhásaibh aibéile obanna dá bhreith.
An ceathramhadh hainiarsma, gan mac do bheith ag gabháil
5440]
a oighreachta. Agus muna mbeith eagla a easgcáirdeasa do
tharraing orainn, is iomdha comhartha follus cinnte do fhéadfamaois
Acht cheana, mar rabhadh don léaghthóir, cuirfead síos
5445]
ann so, acht ciodh leasg leam a luadh, beagán don druing rér
bhean (fa-ríor) dochar na dála so, ar mbeith gan mac ag gabháil
oighreachta ar aon díobh; mar atá Gearóid, Iarla Chille Dara;
Tomás Builtéar, Iarla Urmhumhan agus Osraighe; Domhnall Mhág
Carrthaigh, Iarla Bhéil-innse; Muiris Mac Gearailt, Tighearna
5450]
na nDéiseach; agus Rolont Iústás, Tighearna Chríche
Iústásach; Éamonn Mac Giobúin, dá ngairthí an Ridire Fionn;
agus an Calbhach Ó Cearbhaill, dá ngairthí Tighearna Éile.
Agus muna mbeith go raibhe an drong adubhart chomh-follus soin
ciontach san choir se go bhfuilid a ngníomha san ngné sin
5455]
i mbéalaibh cáich go coitcheann, do fhúigfinn iad mar gach
lucht oile gan labhairt orra. Gonadh uime sin do-rinne file
éigin an rann so:
- Gach rí colach do-ní drúis,
coir chuireas a shúil do niort;
5460] is é an gníomh soin tar gach sgéal
cheileas a shéan is a shliocht.
Is amhlaidh thuigim gurab i ndíoghaltas adhaltrannais
Ruaidhrí mhic Thoirdhealbhaigh Uí Chonchubhair, ríogh
Connacht, agus adhaltrannais Dhiarmada Mhic Mhurchadha, ríogh
5465]
Laighean, do dheónuigh Dia Gaoidhil do dhealughadh ré
hard-fhlaitheas Éireann, agus Gaill do dhéanamh gabháltais orra.
Óir léaghthar ar Ruaidhrí Ua Chonchubhair nachar lór leis seisear
leannán do bheith aige gan a thoil féin do bheith aige ar gach
mnaoi 'na dhúthaigh 'na gcuirfeadh dúil, gémadh pósta nó
5470]
neamhphósta do bhiadh sí. Agus is follus do thaoibh Dhiarmada
Mheic Mhurchadha gurab tré mhnaoi Thighearnáin Uí Ruairc do
bhreith leis tarla gach dochar dá ndearnaidh sé dhó féin agus
d'Éirinn. Gá dtám ris, is iomdha flaitheas foirleathan, agus
ríogh-fhuil
Bíodh a fhiadhnaise sin ar aní tharla dona trí hard-fhlathaibh
se síos a los na coire se: Ag so a n-anmanna: Sardanapalus
rí na Persia, Rodericus rí na Spáinne, agus Vortigernus rí na
5480]
Breatan Móire. Is eadh tarla don chéid-fhear, caiptín dá
mhuinntir féin do bhuain a chinn de, ar mbeith dhó i measg
an bhantrachta i n-earradh mhná, agus é ag sníomh choigíle,
agus an líne ríoghamhail do dhul i mbáthadh do bhíthin an
mhíghníomha soin; nó do réir dhruinge oile é féin dá losgadh féin
agus a ionnmhasa
5485] mar aon ris i dtor dhaingean do hiadhadh lais
féin air.
Is eadh tarla don dara fear .i. Rodericus do dhéanamh, dúil
do chur i mnaoi iarla onóraigh don Spáinn, agus an t-iarla do
chor ar eachtra don Aiffric. Agus ar mbeith don iarla san
eachtra soin tarla don rígh míghníomh do dhéanamh ré mnaoi an iarla.
5490]
Agus ar bhfilleadh óna thurus don iarla, fuair sgéala an
mhíghníomha soin, agus do-ní gearán agus éagnach ar an rígh ré
huaislibh na Spáinne fán míghníomh sin, agus do-rinne féin agus
iad féin ceangal ré chéile, agus do chogradar Múraigh do thabhairt
isteach ar an Spáinn. Agus iar gcinneadh ar an gcomhairle sin
dóibh, téid
5495] an t-iarla tar a ais don Aiffric, agus tug sluagh
líonmhar Múrach leis don Spáinn dá gabháil, agus tug féin agus na
Múraigh gona ranntaibh cath don rígh Rodericus, gur marbhadh
Rodericus agus urmhór a shluagh san chath, gur ghabhadar na
Múraigh orlamhas na Spáinne tuairim chúig céad bliadhain do dhruim
5500]
an mhíghníomha soin. Agus ní tháinig lorg ná sliocht ar
Rodericus san Spáinn ó shoin.
Is eadh tarla don treas fear .i. Vortigernus, flaitheas na
Breatan Móire do leónadh réna linn, agus Saxanaigh do ghabháil
neirt uirre d'fhulang Dé, i ndíoghail na coire do-rinne an rí,
5505]
mar atá inghean Hengistus, caiptín Gearmáineach, do bheith 'na
leannán leaptha ar sgáth a beith pósta aige, do chongbháil tar
ceann a mhná pósta féin.
Is iomdha a shamhail oile so do sgéalaibh budh éidir do chur
síos annso, do sheachna na fad-dála fhúigfidhear linn don chur
5510]
so gan chur síos. Agus is truagh an doille agus an dorchadas
doiléir dásachtach, agus an dúire dhoitheagaisg don druing ad-chí
an ciorrbhadh cinidh, agus an folmhughadh flaithis, agus an
ruathar-chlódh ríogh-fhola, tig don mheasgán mhearbhaill úd dá
ngoirthear mear-ghrádh na meirdreach, agus nach déinid iad féin
5515]
d'anacal air. Ag so an teist do-bheir Hieronymus in Epist. ar
choir na drúise, o ignis infernalis luxuriae, cuius materia gula,
cuius flamma superbia, cuius scintilla prava colloquia, cuius fumus
infamia, cuius cinis inmunditia, cuius finis gehenna ó a theine
ifreannda na drúise, darab adhbhar an craos, darab lasair an
5520]
díomas, darab drithleanna doibhriathra, darab deatach míochlú,
darab luaithreadh neamhghlaine, darab críoch an bhráith-theine!
As so is iontuigthe créad é a mhéad do dhíoth do dhuine bheith
drúiseach, agus créad na dochair do-ní sí dhó.
An seiseadh hadhbhar fá bhfuaduigheann Dia na daoine óga
5525]
leis leath as-toigh dá n-aois, do chionn nach fiú na daoine
bhíos beó tar a n-éis, na deagh-dhaoine do bheith eatorra. Do
réir mar adeir Pól, ag labhairt ar na hapstalaibh agus ar na
fíréanchaibh dá dtugadh bás i ndiaidh Chríost ar son a gcreidimh, amhail
5530]
léaghthar san aonmhadh caibidil déag gus na hEabhraidhibh,
mar a n-abair, quibus dignus non erat mundus an dream nacharbh
fhiú an domhan a mbeith ann. Dá chor i gcéill gur mhaith an
t-adhbhar fár fhulaing Dia martradh na n-apstal agus na
bhfíréan, do bhríogh nacharbh fhiú olc na druinge do bhí beó dá
n-éis iad féin do bheith eatorra. Ag so do réir Augustine,
De Vita
5535] Christiana, fáth oile fá mbeireann Dia daoine leis go
luath, mar a n-abair, vocantur ante tempus boni, ne diutius
vexentur a noxiis; mali vero et impii tolluntur, ne diutius bonos
persequantur gairmthear ré n-aimsir na deagh-dhaoine, ionnus
nach beidís ní budh faide dá mbuaidhreadh ag na droch-dhaoinibh.
5540]
Beirthear iomorra na dodhaoine agus na héadtrócairigh, go nach
Is dearbh gurab cóir bróin-fhleadh nó torramh do dhéanamh
ar na marbhaibh ré linn a mbáis, do réir S. Dinís, san ochtmhadh
caibidil ro sgríobh ar ard-fhlaitheas na heagailse, mar a n-abair,
convenienter adsint poenitentes exequiis mortuorum, ut discant et
5555]
attendant mortis contemptum is cneasta dona
haithrigheachaibh bheith do láthair thorraimh na marbh, ionnus go
dtugdaois dá n-aire tár agus tarcaisne an bháis.
Tuigim mar an gcéadna gurab somholta dul i sochraide na
marbh dá n-adhnacal. Ar dtús, fá somholta idir Phágánchaibh
5560]
féin na mairbh d'onórughadh agus d'iomchar ré a n-adhnacal.
Bíodh a fhiadhnaise sin ar Dionysius Halicarnassensis san
chúigeadh Leabhar, mar a léaghthar, an tan fuair an ridire
rathmhar ro-chródha, agus an caiptín cosgrach caith-iorghalach,
agus an baránta bríoghmhar beó-ghalach .i. Brutus bás, go dtugadar
5565]
uaisle na Rómhánach do mhodh agus d'onóir dhó, ré linn a
Is eadh is cluiche caointe ann, gol-gháirthe guirte gáibhtheacha
5575]
agus eólchaire éagcuibhdheasach ainmheasardha do dhéanamh
dhóibh, maille ré stothadh a bhfolt agus a bhfionnfaidh, ré
sgríobadh agus ré sgrios a ndealbh, agus ré traost-bhualadh trom-
ainmheach a gcorp fá lár agus fá lán-talamh; agus fós áireamh agus
iomrádh a n-éacht agus a n-áitheas do dhéanamh; do réir mar is iontuigthe a
5580]
briathraibh Oisín san duain diagánaigh do-rinne,
darab tosach Mór anocht mo chumhaidh féin, mar a luaidheann bás
Osgair a mheic. Ag so síos na roinn as a dtuigthear créad is
cluiche caointe ann, i n-aimsir na bpágánach i nÉirinn:
- Sgreadais mac Rónáin annsoin,
5585] agus tuitis go talmhain;
buailis fá lár a chorp chain,
tairrngis a fholt 's a fhionnfaidh.- Dobhínn ag féachain a chréacht,
agus ag áireamh a éacht;
5590] fá mór an cás dúinn annsoin,
mar fuair bás fánar lámhaibh.
Léaghthar mar an gcéadna san seachtmhadh caibidil don
treas leabhar ag an ughdar darab ainm Alexander ab Alexandro
go ndearna an t-ard-fhlaith Alexander Mór an uiread soin
5595]
d'onóir ré linn adhnaicthe Hephaestion duine uasal do bhí 'na
fhior chumainn aige féin go dtug fá-deara múir na cathrach
Moltar mar an gcéadna Iulius Caesar, do réir mar léaghthar
ag Valerius san chúigeadh Leabhar, tré mar do loisg go honórach
ceann Phuimp an tan do chuir rí na hÉigipte chuige é. Óir
5605]
is é fá nós adhnaicthe dona Rómhánchaibh ar na himpiribh
agus ar na daoinibh móra do bhíodh aca, a gcuirp do losgadh,
agus caol-tuir chneas-aolta chloch, dá ngairthí pyramides, do
thógbháil ar áitibh na dteinteadh 'na loisgthí cuirp na
n-ard-fhlaitheadh. Agus is uime sin do-rinne Caesar, mar onóir do
5610]
Phuimp, a cheann do losgadh, do bhríogh gurab é sin gné
adhnaicthe is onóraighe do bhí idir na Rómhánchaibh an tan
soin.
Moltar fós, do réir na háite céadna, Hannibal codhnach
chathrach na Carthago san Aifric, tré mar do adhnaic sé, diaidh
5615]
i ndiaidh, na trí hard-chaiptíne do Rómhánchaibh do bhí na
náimhdibh aige .i. Paulus, Gracchus, agus Marcellus.
Léaghthar mar an gcéadna san dara caibidil don dara
leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a ndearna Dáibhídh Saul
do chaoineadh, agus do fhoráil ar an bpobal Iúdaidheach a
5620]
chaoineadh, agus fós mar do chuir síos do láthair an phobail a
cheannas feadhna agus a chródhacht agus a dhaonnacht agus a
mhaith-ghníomhartha ó shoin amach.
Is somholta fós an t-adhnacal do dhéanamh, do bhríogh go
n-áirmheann an eaglais idir na hoibreachaibh trócaire corpardha
5625]
é. Atá mar an gcéadna an scrioptúir agá mholadh, do réir mar
Léaghthar san .23. caibidil in Genesi go raibhe Abraham
ro-chúramach timcheall adhnaicthe a mhná .i. Sara, agus mar do
cheannuigh ionadh adhnaicthe dhi. Léaghthar fós san .50.
caibidil don leabhar chéadna mar do-chuaidh Ioseph d'adhnacal
5640]
chuirp a athar féin ón Éigipt go críochaibh na Canaan, maille
ré sochraidibh móra, gur chuireadar i n-uaigh a shean-athar
Abraham é.
Léaghthar ag Tobias san cheathramhadh caibidil ní thig leis
5645]
aní gcéadna, mar a ndubhairt Tobias mór ré Tobias óg, a
mhac, cum acceperit Deus animam meam, corpus meum sepeli an tan
ghlacfas Dia mh'anam, adhnaic mo chorp. Dá chor i gcéill
gurab somholta na mairbh d'adhnacal.
Léaghthar fós san aonmhadh caibidil déag ag Eóin gur
5650]
adhnaiceadh Lazarus lé Muire agus lé Marta. Léaghthar fós, san
ochtmhadh caibidil do Ghníomharthaibh na nApstal, gur hadhnaiceadh
go honórach Stiabhna naomhtha, do réir mar deirthear
san áit chéadna, sepelierunt Stephanum viri timorati, et fecerunt
planctum magnum super eum do hadhnaiceadh Stiabhna lé
5655]
fearaibh faitcheasacha, agus do-rónsad nuall-ghubha mór ós a
chionn.
Léaghthar fós ag Valerius Maximus san aonmhadh caibidil déag
don chéid-leabhar, ar Simonides, gur adhnaic duine marbh ar an
tráigh, agus go dtáinig dhe sin gur saoradh é féin óna bháthadh
5660]
agus óna mharbhadh i dtigh do bhí ar dtuitim ar dhruing mhóir,
rér dhealuigh Dia go hiongantach é sul do leagadh an teagh
ar chách dá marbhadh.
Léaghthar san dara caibidil don dara leabhar do Leabhraibh
na Ríogh briathra asarb iontuigthe gurab buidheach Dia don
5665]
druing do-ní na mairbh d'adhnacal. Ag so mar adeir an ríogh-fháidh
Dáibhídh ag labhairt ris an druing lér hadhnaiceadh
Saul, benedicti vos a Domino, qui fecistis misericordiam hanc cum
domino vestro Saul, et sepelistis eum. Et nunc retribuet vobis
quidem Dominus misericordiam et veritatem is beannuighthe
5670]
sibhse ón Tighearna, sibhse do-rinne an trócaire se ar bhar
dtighearna féin Saul, agus do adhnaic sibh é. Agus anois
dáilfhidh dhaoibh go deimhin an Tighearna trócaire agus fírinne.
As na briathraibh se is iontuigthe go roinneann Dia trócaire agus
ceart ré duine trés an marbh d'adhnacal.
5675] Fiafraighidh S. Augustine san leabhar ro sgríobh don chúram
dleaghair do dhéanamh timcheall na marbh, agus S. Thomas san
.45. Dist., ag sgríobhadh ar an gceathramhadh leabhar do
Mhaighistir na mBreath, an bhfuil tarbha d'anmaibh na marbh
a gcuirp d'adhnacal go honórach i gceall-úir, nó i n-ionadh
5680]
choisreacdha? Gidh eadh, sul fhreigeóram don cheist sin,
An céad-nós. Is amhlaidh do-nídís na Rómhánaigh, na
cuirp do losgadh agus na cnámha do thaisge agus tuir do thógbháil
5685]
ar áitibh na dteinteadh, amhail adubhramair, do réir Plinius
san .54. caibidil don seachtmhadh leabhar.
An dara nós. Is eadh do-nídís na Massagetae, do réir
Ieronimus san .36. caibidil mar a sgríobhann i gcoinne
Iovinian, is eadh iomorra do-nídís, na seanóiridhe do thachtadh, agus a
5690]
gcuirp do bhruith agus d'ithe, d'eagla a gcraos-shloigthe
do chonaibh nó do mhadraibh.
An treas nós. Is eadh do-nídís na Tibareni, na seanóiridhe
searcacha agus na hathlaoich ionmhaine do bhíodh aca do chrochadh
go hard, ionnus nach roichfeadh cú ná gadhar ná muc
5695]
ná beathadhach allta oile iad, dá sraoilleadh nó dá sreang-tharraing
as a chéile.
An ceathramhadh nós. Is eadh do-nídís na Hyrcani, na daoine leith-bheó do chor fána fiachaibh agus fána fraochmhadraibh dá gcognamh agus dá gcreim-leadradh.
5700] An cúigeadh nós. Is eadh do-nídís na Caspii cuirp na
marbh do thabhairt do bheathadhachaibh confadhacha, dá
gcosgairt agus dá gcreat-raobadh.
An seiseadh nós. Is eadh do-nídís Cine Scuit ón Sceithia,
an marbh d'adhnacal fá úir, agus an tí fá dile agus fá díoghraisighe
5705]
leis an marbh d'adhnacal mar aon ris.
An seachtmhadh nós. Is eadh do-nídís na Bactri, coiléin óga do bheathughadh d'aon-toisg i gcomhair chorp na marbh do chognamh agus do chraos-longadh.
An t-ochtmhadh nós. Is eadh do-nídís lucht na hÉigipte,
5710]
gach marbh d'adhnacal 'na thoigh féin, nó dá mbeith gan teagh
ndíleas aige, a chur i dteagh an tí is measa dhó i bhfuil, do
réir Thuil Sigir san chéid-leabhar dá Leabhraibh Ceast.
An naomhadh nós. Is eadh do-nídís na Neviae, do réir
Alexander ab Alexandro, san seachtmhadh caibidil don .3.
5715]
leabhar, an marbh d'adhnacal fá úir maille ré hadhmoltaibh
agus ré comhgháir chaointe agus ré píobaireacht do bheith roimhe
gus an eaglais. Agus do-chím an nós so agá ghnáthughadh
i gConnachtaibh. Óir bíd mná timcheall an mhairbh ag
tabhairt teasta agus formolta air, agus bíth píobaire ag seinm rés an
5720]
gcorp ag triall gus an gcill.
An deachmhadh nós, do réir na caibidleach céadna. Is
eadh do-nídís lucht na hÉigipte, an tan do éagadh an rí do
bhíodh ós a gcionn, sagart do chur do reic agus d'fhaisnéis
ghníomh an ríogh, do láthair chomhdhála coitchinne na hÉigipte. Agus
5725]
an tan fá threise dhá mhíghníomhaibh ioná dá mhaith, do
bhreathnughadh na sochraide sin, is eadh do-nídís i ndíoghail
a mhíghníomh, gan onóir adhnaicthe do thabhairt dá chorp.
Gidh eadh, an tan fá threise dhá mhaith ioná dá mhíghníomhaibh,
do hadhnaicthí go honórach é, maille ré séad-chomharthaibh
5730]
suaitheanta do thógbháil ós a chionn.
An t-aonmhadh nós déag. Is eadh do-níthí i gcathair na hAithne, an tan do mharbhadh duine é féin, an lámh lé
An dara nós déag. Is eadh do-nídís na Macedones, amhail
léaghthar ag an ughdar gcéadna soin san .27. caibidil don
chúigeadh leabhar, an tí do marbhthaoi i rinn iorghaile nó
chatha, a chor i dteannáil nó i dteinidh threathan-mhóir thréan-lasrach,
5740]
agus an sluagh go huilidhe do theacht 'na
gcipeadhaibh agus 'na gcóirighthibh fá thrí go ciorcalda timcheall
na teineadh 'na mbídís cuirp na marbh torchaireadh i rinn iorghaile
amhail adubhramair. Agus is eadh do-nídís drong dona
5745]
sluaghaibh sin, a gceinn-bheirte do theilgean san teinidh dá
gcomhlosgadh mar aon ré corpaibh a gcompán, agus drong oile
sréin a n-each, agus drong oile a gcloidhmhe, agus drong oile a
n-airm dhiubhraigthe, mar atáid a ngearr-ghaoithe agus a sleagha
agus a soighde, agus drong oile cuid dá n-éadálaibh agus dá maoinibh
5750]
saoghalta, agus sin uile mar onóir do chorpaibh na marbh
bhíos san teinidh, agus mar chomhartha lúth-gháire tréna fheabhas
do chríochnuighsead na mairbh sin a mbeatha.
An treas nós déag. Is eadh do-nídís i nÉirinn i n-aimsir
na gcuradh agus na Féine, sul táinig solus an chreidimh chuca,
5755]
sna mairbh d'adhnacal fá úir. Gidh eadh, is iomdha cor ar
a gcuirthí leó iad. An céad-chor, uaigh nó feart talmhan
do dhéanamh go bhfad agus go leithead an chuirp, agus bonn a
chos ris an aird soir agus a bhaitheas ris an aird siar, agus carn
cloch do chor ós a chionn, dá ngairthí leacht, mar atá feart Mhaothagáin
5760]
i nUíbh Fathaigh. An dara cor, na mairbh do chor
fá úir, agus mion-rátha do chloidhe na dtimcheall, agus gan lia ná
leacht ós a gcionn. Agus atáid trí dronga chuirthear sna
mion-ráthaibh se, mar atáid aois ealadhna, mná, agus leinbh. Agus
- Feart aon-doruis d'fhior go n-aoi,
feart go ndíbh ndoirsibh for mhnaoi;
fearta gan doirse cheana
for mhaca, for ingheana,
5770] cnuic for allmharchaibh ána,
ocus múir for mhór-phlágha.
As an rann so is iontuigthe nach bíodh acht aon-dorus ar fheart
an fhir ealadhna, agus dá dhorus ar fheart na mná, feart na leanbh
gan aon-dorus, cnuic for allmharchaibh uaisle, agus cladh-mhúir
5775]
for lucht ghalar ngráineamhail. Cor oile ar a gcuirthí iad, mar
atá go lia agus go leacht; agus is líonmhar atáid na fearta so i
nÉirinn.
Gné oile adhnaicthe do bhíodh i nÉirinn ré linn na págántachta,
na mairbh do chur 'na seasamh, agus carn criadh agus cloch
do thógbháil ós a gcionn go ciorcalda comhchruinn, agus a n-airm
5780]
d'adhnacal mar aon riú. Agus is mar sin do hadhnaiceadh mórán
d'uaislibh na hÉireann anall-ód, agus go háirithe Mogh Néid,
amhail léaghthar i gcath Mhuighe Tualaing ag Dearg Dhamhsa
draoi, do-rinne an rann so:
- 5785] Feart Mhogha so ar Maigh Tualaing,
gona ruibhne ré a ghualainn,
gona lúirigh luaidheas goil,
is gona chath-bharr chumhdaigh.
An ceathramhadh nós déag. Is eadh do-nídís na Críostaidhthe,
na mairbh d'adhnacal i gceall-úiribh coisreacdha, do
5790]
réir mar léaghthar ag Decre. 13. qu.2. cap. Diocesani. Do-bheir
Greaghóir naomhtha freagra ar an gceist úd S. Augustine, agus is
eadh adeir, gurab sochrach dona fíréanchaibh bheith adhnaicthe i
gceall-úiribh coisreacdha, agus gurab
Féadtar a fhiafraighidh annso, an ceaduightheach caoi do
dhéanamh i ndiaidh na marbh? Mo fhreagra air sin go bhfuilid
dá ghné chaointe ann, mar atá caoineadh measardha agus caoineadh
neimhmeasardha. Agus is ceaduightheach do neoch, agus fós atá
5815]
sé somholta, caoi do dhéanamh ar an gcéad-mhodh. Agus is
uime sin adeir Pól san dara caibidil déag gusna Rómhánchaibh,
flete cum flentibus déanaidh caoi lé lucht an chaointe. Dá
chor i gcéill gurab somholta caoi mheasardha do dhéanamh i
ndiaidh
Tuig, a léaghthóir, nach eadh amháin dhleaghair caoi
mheasardha do dhéanamh i ndiaidh na ndaoine an tan
do-gheibhid bás i bpeacadh mharbhthach; acht fós atáid trí
5845]
hadhbhair fá ndlighmíd caoi i ndiaidh na bhfíréan an tan
do-gheibhid bás. An céad adhbhar dhíobh, tréna loighead do
dhaoinibh maithe fhágbhaid tar an n-éis san tsaoghal. An dara
hadhbhar, do dhéanamh truaighe agus comhpáise don tí éagas,
d'eagla go mbeith fuidheall péine ré a íoc i bpurgadóir air. An
5850]
treas adhbhar, do chaoineadh an anfhorlainn agus an ainiarsma atá
i ndiaidh na nádúire daonna, dá dtig gan tearmann do bheith ag
aon-duine ón bhás, dá fheabhas nó dá olcas. Gidh eadh, tuig,
5875] Tuigthear fírinne aneithe céadna as an naomhadh caibidil
déag do Levitico, mar a n-abair Dia, ag teagasg aneithe céadna
don chineadh Iúdaidheach, super mortuo non incidetis carnes
vestras ná gearrthar libh bhar gcuirp ós cionn an mhairbh. Dá
chor i gcéill nach dleaghair dona Críostaidhthibh caoi ainmheasardha
5880]
do dhéanamh ar mhodh na bpágánach, amhail adubhramar
romhainn. Tuigthear fós fírinne aneithe céadna a briathraibh
Críost, do réir mar léaghthar san ochtmhadh caibidil ag Lúcás,
an tan do-chonnairc sé prionnsa na sionagóige ag caoi go
hanorduighthe tré bhás a inghine, is eadh adubhairt, nolite flere,
5885]
non est mortua puella, sed dormit ná déanaidh caoi, ní bhfuair
an inghean bás, acht 'na codladh atá sí. Dá chor i gcéill, go
Féadtar a fhiafraighidh annso, an ceaduightheach do neoch
lúth-gháir do bheith air tré bhás duine oile? Mo fhreagra air,
más deagh-dhuine an tí éagas, go bhféadtar lúth-gháir do bheith
i ndiaidh a bháis, an mhéid go dtéid sé ar neamh do ghuidhe ar
5900]
son na mbeó fhágbhas tar a éis san tsaoghal. Gidh eadh,
dleaghair tuirse do bheith 'na dhiaidh, an mhéid go mbíd an
dream fhágbhas tar a éis i ngioll a mhaitheasa. Agus is uime
sin dobhádar deisgiobail Mhártain naomhtha ag caoi 'na dhiaidh
an tan fuair sé bás. Agus madh droch-dhuine do-ghéabhadh
5905]
bás, dleaghair lúth-gháir do bheith 'na dhiaidh. Bíodh a
fhiadhnaise sin ar aní do-rónsad Clann Israel i ndiaidh Pharao
do bháthadh san Muir Ruaidh, amhail léaghthar san chúigeadh
caibidil déag in Exodo, mar a n-abraid Clann Israel, cantemus
Domino, gloriose enim magnificatus est, equum et ascensorem
5910]
proiecit in mare adhmolmaid an Tighearna, óir do móradh go
glórmhar é, do theilg an marcach agus an t-each san muir. As so
is iontuigthe go bhféadann duine lúth-gháir do bheith air tré
bhás an droch-dhuine, go háirithe tré bhás an duine bhíos
dío-choisge doitheagaisg 'na olcaibh. Léaghthar san chúigeadh
5915]
caibidil déag do leabhar Iudith go raibhe lúth-gháir mhór ar
lucht chathrach Betulia tré dhícheannadh Holophernes, do bhí i
bhfoslongphort réna n-ucht. Léaghthar san cheathramhadh
caibidil do leabhar Hester go raibh lúth-gháir ar Chloinn
Israel tré chrochadh Aman, dobudh námha dhóibh, san chroich ro
5920]
ollmhuigh féin ré Mardocheus do chrochadh. Léaghthar mar an
5930] Bíodh a fhios agat, a dhuine, go bhfuilid sé hadhbhair fá
ndleaghair dhúinn caoi do dhéanamh. An céad-adhbhar, trénar
gcoirthibh dísle féin. Agus is uime sin adeir Dáibhídh, exitus
aquarum deduxerunt oculi mei, quia non custodivi legem tuam
do threóruigheadar mo shúile triall na n-uisgeadh, tré mar nár
5935]
choimhéadas do reacht. Dá chor i gcéill do rabhadar a shúile
'na dtobraibh ag teibearsain déar 'na srothaibh aidhbhseacha
uatha, ag síor-chaoineadh a chean agus a pheacadh féin.
An dara hadhbhar, tré bheith dhúinn ar deóraidheacht an
domhain se. Agus is uime sin adeir Dáibhídh Rí, heu mihi, quia
5940]
incolatus meus prolongatus est och, is truagh mise, ó tá mo
dheóraidheacht agá cor i bhfad. Dá chor i gcéill gurbh fhada
ris féin do bhí sé ar deóraidheacht agus ar díbirt an domhain se,
gan triall dá dhúthaigh .i. go flaitheas nDé. Agus mar an
gcéadna do dhlighfeadh gach aon caoi agus diombáidh do dhéanamh
5945]
tré bheith dhóibh i bhfad ar an saoghal so, agus gan acht
proinn-teagh peannaideach, agus féar-bhoth fhulachta, agus árus
urchradhach ann. Is iomdha iaramh ard-fhlaith oirdheirc iomráitteach
ráinig féige nó fíor-mhullach flaithis an tsaoghail, agus tug
meadhar-chuairt mheasgáin mhearbhaill fá dhobhair-cheó ndorcha agus fá
5950]
bhreachtradh mbréige na beatha so, dá siabhradh lé saobh-dholbhaibh
síthe, agus dá gcor i néall agus i n-anbhfainne tré
iomad a n-annsa dhó; agus fós, gurab eadh fuaradar dá chionn, an
domhan ag
- Dámadh linn buar an bheatha,
ór agus eich uaibhreacha,
5965] 's gach ní ar domhan budh áil d'fhior,
folamh ar ndáil fá dheiriodh.
An treas adhbhar fá ndligheann duine caoi do dhéanamh,
d'eagla na péine ifreannda. Agus is é sin tuigthear a briathraibh
Ieremias, san chéad-chaibidil do Leabhar na hEólchaire,
mar a n-abair, ag labhairt go fáthach ar anam an pheacthaigh,
5970]
plorans ploravit in nocte ar mbeith ag caoi dhi, do chaoi sí
san oidhche .i. san pheacadh. Dá chor i gcéill go ndligheann
duine, an tan theagmhas sé i n-oidhche na hurchóide .i. i staid
an pheacaidh, caoi do dhéanamh d'eagla na péine ifreannda.
An ceathramhadh hadhbhar fá ndligheann duine caoi do
5975]
dhéanamh .i. tré pháis Chríost. Agus is uime sin adeir Dáibhídh
Rí, fuerunt mihi lacrimae meae panes die ac nocte, dum dicitur
mihi quotidie: Ubi est Deus tuus? fá hiad mo dhéara fá harána
dhamh do ló agus d'oidhche, an tráth adeirthear riom, cáit i
bhfuil do Dhia-sa? Dá chor i gcéill, an tan do-chonnairc sé féin
5980]
go réimhfhéagsanach do spioraid fháidheamhail, go raibhe a
bhara fá Mhac nDé toidheacht i gcolainn ré bás d'fhulang,
agus go mbeidís an cine Iúdaidheach, an mhéid nach creidfeadh do
Chríost díobh, agá fhiafraighidh i modh fhochuidbhidh dona
hapstalaibh agus dona fíréanchaibh cáit i mbiadh a nDia, go dtigeadh
- Níor thuairgeas mh'ucht d'iarraidh maithmhe,
níor mhúineas damh dia do chruaidh
feacadh mo ghlúin, a Dhé, dhuid-se;
5995] mo shúil, is lé a huisge uaim.
Gidh eadh, is mór do-bheir Isaias aithbhear dona daoinibh, go
fáthach réimhfhéagsanach, tré Chríost do thabhairt i ndearmad,
amhail léaghthar san .57. caibidil mar a n-abair, iustus perit,
et non est qui recogitet in corde suo do cailleadh an fíréan,
6000]
agus ní fhuil neach d'athsmuainfeadh 'na chroidhe é. Agus
fós atá Dáibhídh Rí san .77. Salm ag déanamh na casaoide
céadna ar an druing do-bheir Críost i ndearmad, agus a
dhearlaigthe, an tan adeir, obliti sunt benefactorum eius tugadar
i ndearmad a dhearlaigthe. Dá chor i gcéill nach cumhain ris na coireachaibh
6005]
cloch-aigeantacha commaoine Chríost orra, maille réna
pháis do chaoineadh ná do chuimhniughadh.
An cúigeadh hadhbhar, tré anfhorlann a chomharsan. Óir
an tan at-chífeadh duine a chomharsa ag gul nó ag caoi, tré
adhbhar iomchubhaidh, is somholta dhó féin comhghul do
6010]
dhéanamh ris, do réir Phóil san dara caibidil déag gusna
Rómhánchaibh, mar a bhforáileann aní céadna, agá rádh, flete
cum flentibus déanaidh gul ré lucht an ghola.
An seiseadh hadhbhar fá ndligheann duine gul do dhéanamh,
tré iomad fuinn nó mianghusa do bheith ar neach ré dul ar
6015]
neamh, is dúthaigh dá gach aon-duine. Óir is follus go mbí
Nescio qua natale solum dulcedine cunctos ducit, et immemores non sinit esse sui.
6020] ní feas damh, ar sé, créad an mhilse bhíos san bhfonn
ndúthchasa, ag tarraing na n-uile, agus nach léigeann dóibh
bheith neamhchuimhneach orra féin. As na briathraibh se Óibhid
is iontuigthe go mbí dúil ag gach neach 'na dhúthaigh féin,
agus go mbí súil tar a ais aige ré triall innte as a dheóraidheacht.
6025]
Tig Dáibhídh Rí leis aní gcéadna, ag labhairt
i bpearsanaibh Chloinne Israel, ar mbeith dhóibh i gcoigcrích
san bhroid Bháibhiolónda, mar a n-abair san .136. Salm, super
flumina Babylonis, illic sedimus et flevimus, cum recordaremur tui
Sion do shuidhmís ós aibhnibh na Báibhiolóine, agus annsin do
6030]
ghuilmís, an tan do chuimhnighmís ort-sa, a Shión. Dá chor i
gcéill, an tan dobhádar Clanna Israel i mbroid Bháibhiolóine,
go n-éirghidís amach ar bhruachaibh na na n-innbhear, agus ar
tholchaibh uaigneacha na tíre, do dhéanamh doghra agus déar-chaointe,
an tan do smuaindís a mbeith i mbroid agus i ndocamhal
6035]
na Báibhiolóine; agus fós, an tan do smuaindís ar cheól agus ar
chluicheadhaibh agus ar chaitheamh aimsire chathrach Ierusalem,
agus ar gach n-aoibhneas agus ar gach n-urgháirdiughadh aigeanta
dá mbíodh aca innte, ar iomad a sóidh agus a sádhaile, a mbídh agus
a n-éadaigh, a n-óir agus a n-airgid agus a maitheasa ar-cheana. Agus
6040]
do bharr ar gach ní oile, is ro-mhór do ghoilleadh
orra bheith i n-éagmais theampaill ghlé-mhaisigh ghrianánda
Sholaimh 'na gcleachtadaois bheith ag déanamh iodhbarta do Dhia
uile-chumhachtach, agus gan aca 'na ionadh soin san bhroid sin na
Báibhiolóine, acht bheith dá n-aimhdheóin ag feitheamh ar
6045]
iodhbartaibh amhghlana agá ndéanamh do láimh-dhéibh nó do
bhréig-dhealbhaibh do réir an ghnáthuighthe geintlidhe. Agus
mo thruaighe, ní mó do bhí adhbhar caoi aca-san trés an adhbhar
soin ioná an t-adhbhar caoi atá anois ag cineadhaibh bochta na
hÉireann, trés an inghreim agus trés an gcoimhéigniughadh atá
6050]
agá dhéanamh orra, agá sárughadh ré hiodhbairt luach-mhóir an
Ní mó an mian do bhí ar Ionas ré bás d'fhagháil sul do-chífeadh
an comhruathar do bhí fá Dhia do thabhairt ar lucht
chathrach Ninive, ioná an fonn do dhlighfeadh gach Éireannach
do bheith air fá bhás d'fhagháil sul dobhéardaois ar an gcreideamh
6060]
gcoitcheann gcian-aosta gCatoileaca, atá i seilbh
a sean agus a sinnsear, ó do plannduigheadh lé Pádraig naomhtha é,
do dhealughadh riú. Ag so mar adeir Iob san cheathramhadh
caibidil, tolle, Domine, animam meam, melior est mihi mors
quam vita tógaibh mh'anam, a Thighearna; is fearr dhamh
6065]
bás ioná beatha. Adeir Elias naomhtha ionnshamhail an
chomhráidh chéadna, an tan do bhí an bhainríoghan urchóideach
Iesabel ag inghreim air féin agus ar gach n-aon do
ghabhadh leis, amhail léaghthar san naomhadh caibidil déag don
treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a n-abair, sufficit
6070]
mihi, Domine; tolle animam meam is lór dhamh, a Thighearna;
tógaibh mh'anam leat. Dá chor i gcéill gur mhaith leis bás
d'fhagháil sul do-chífeadh na huilc do bhí ag teacht ar
chathraigh Ierusalem. Agus tig Tobias ar aní gcéadna san
treas caibidil, mar a n-abair, expedit enim mihi mori magis
6075]
quam vivere go dearbhtha is mó is oireamhnaighe dhamh bás
d'fhagháil ioná bheith beó. Dá chor i gcéill gur chomhartha
buidheachais do bheith ag Dia air gan é féin do bhreith ar na
holcaibh do bhí ag toidheacht ar chathair Ierusalem.
Is i bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar san cheathramhadh
6080]
caibidil in Genesi, mar rug Dia Abel ar a raibhe cion aige leis
don tsaoghal, sul dobhéaradh ar na holcaibh táinig 'na dhiaidh.
Léaghthar mar an gcéadna san .22. caibidil don cheathramhadh
Fa-ríor, is eadh shaoilim nach daoire na dochair do imir Dia,
beag nach, ar phobal Israel, ioná an daor-dháil fhuilngeas do
6100]
thoidheacht ar phobal imshníomhach Éireann, ionnus go bhféadaid
go dlightheach a n-amfhorrán féin d'fhionnachtain, agus a
gcomhmbroid do chasaoid ré Dia, amhail do-rinne Dáibhídh
Rí anall-ód, ré mbeith don phobal Iúdaidheach fá éagcomhlann.
Ag so mar adeir Dáibhídh san .59. Salm, ostendisti populo tuo
6105]
dura, potasti nos vino compunctionis do thaisbéanais daor-dháil
dot phobal féin, agus tugais dhigh d'fhíon na comhghoine
dhúinn. Féadaidh gach Catoilice Éireannach a rádh mar an
gcéadna, tré bheith fá inghreim éagcoimsigh na n-éagcráibhtheach,
ag diúltadh d'fháis-chreideamh fhollásach Cailbhín agus
Lúitéir agus lochta a leanamhna. Uime sin is beitte
d'Éireannchaibh Dia do ghuidhe, mar aon ris an ríogh-fháidh
Dáibhídh, mar a n-abair san .78. Salm, ne memineris
iniquitatum nostrarum antiquarum; cito anticipent nos misericordiae
tuae, quia pauperes facti sumus nimis ná cuimhnigh, a Thighearna,
ar sean-urchóide;
6115]
tigeadh go luath do thrócaire romhainn, óir atámaid arnar
ndéanamh go ro-bhocht. Mar an gcéadna is cóir d'Éireannchaibh
Féadtar a fhiafraighidh annso, an ceaduightheach do dhuine
6120]
a iarraidh ar dhuine oile do bhiadh ag fagháil bháis, toidheacht
dá thaisbéanadh dhó i ndiaidh an bháis? Do-bheir S. Thomás
freagra ar an gceist se san .22. hairteagal don treas
Quodlibet, mar a n-abair go bhfuil dá adhbhar fá n-iarrthar
ar an marbh é féin do thaisbéanadh i ndiaidh an bháis. An céad-adhbhar,
6125]
tré chonntabhairt nó tré amharas do bheith ag duine ar
staid na beatha atá ag teacht; agus cibé duine do iarrfadh ar an
marbh teacht dá thaisbéanadh féin ar an modh so, is peacadh
ro-throm dhó é. An dara hadhbhar, ionnus gurab móide do-
ghéantaoi an beó do thoghairm ré guidhe ar an marbh, a fhios
6130]
do bheith go cinnte ag an mbeó, créad an staid 'na mbiadh an
marbh. Agus atá an modh so somholta, do réir an sgeóil
innistear ar S. Thomás agus ar a chommbráthair cuinge agus
crábhaidh, darbh ainm Ronán. Is eadh aithristear ann, gur
ghealladar ar-aon dá chéile, cibé dhíobh is túsga do-ghéabhadh
6135]
bás, toidheacht d'fhoillsiughadh a staide don dara fear. Agus
go grod 'na dhiaidh sin fuair Ronán bás; agus i gcionn chúig
lá ndéag i ndiaidh a bháis do thaisbéin é féin do S. Thomás,
agus do innis dó gurab é féin do bhí ann, agus gurab do chomhall
a gheallaimh tháinig. Agus do fhiafruigh S. Thomás de créad
6140]
an riocht 'na raibhe. Do fhreagair-sean agus adubhairt go raibhe
agá phianadh i bpurgadóir, agus gurab uime do bhí agá phianadh,
tré fhaillíth do thabhairt i dtiomna charad dó, do fhágaibh sé
ar a iocht. Agus do iarr ar S. Thomás dul do chuartughadh
a leabhar, agus go bhfuighbheadh an tiomna ann, agus a chor i
6145]
gcrích do réir aigeanta an tí dar thiomna é, agus go bhfóirfidhe
é féin a purgadóir amhlaidh sin. Léaghthar ionnshamhail an
sgeóil chéadna ar Shéarlas Mhór, rí Frangc, agus ar iarla
Carno, do bhí 'na chaoimh-leannán ionmhain aige féin.
An chéid-ghné dhíobh, crumha; do réir Isaias san chaibidil
6150]
déidheanaigh, mar a n-abair, ag labhairt ar an druing bhíos i
n-ifreann, vermis eorum non morietur ní fhuighbhe a gcruimh
súd bás. Dá chor i gcéill go mbí cruimh an choguais ag creim na
hanma do shíor i n-ifreann.
An dara gné, teine bhith-bheó; do réir na caibidleach céadna,
6155]
mar a n-abair ignis eorum non extinguetur ní múchfaidhear a
dteine súd. Dá chor i gcéill nach téid traothadh ar an dteinidh
bhíos ag céasadh na n-anam do shíor i n-ifreann; agus fós, go
mbí an teas bhíos innte comh-foiréigneach agus comh-foirtill sin
nach féadfaidhe a mhúchadh. Is córaide a mheas go mbí teine
6160]
fhoiréigneach dhomhúchta i n-ifreann, an fábhaill-sgéal
léaghthar ag Lúcás san seiseadh caibidil déag, mar a luaittear, ar
mbeith don tsaidhbhir shádhail agá iomlosgadh i lasrachaibh
luisneamhla ifrinn, gur iarr ar an mbocht darbh ainm Lazarus, ré
mbeith i n-ucht Abraham dhó, deór uisge do léigean ara theangaidh; agus
6165]
dá léigeadh eas na habhann, ní thiubhradh
ionnfhuaradh dhó. Gonadh uime sin adeir file éigin an rann so, ag
luadh an fhábhaill-sgeóil chéadna:
- Siris mar athchuinghe air
braon do bharr mheóir dá mhéaraibh:
6170] bíodh go ndáilfeadh eas don fhior,
ní bháidhfeadh teas na teineadh.
Agus fós, amhail adubhramar, do réir Ghreaghóir, ní bhí soillse
Agus an rann oile se adeir an file céadna:
- 6175] Gidh teinntidhe, ní teach te,
teach ifrinn ar a fhuaire:
a dhorus ar a dhuibhe
ní solus, gidh sneachtuidhe.
- 6180] Do-bhéar dhaoibh ré ndol san bheirn
tuarasgbháil tighe ifeirn:
all bruach-dhubh roighéar riasgach,
goibhéal uathmhar il-phiastach.
Tuigthear a briathraibh Chormaic naomhtha chráibhthigh mhic
6185]
Cuileannáin an dá ghné phéine do luaidheamar, mar atáid piasta
uathmhara agus teine loisgneach do bheith i n-ifreann, do réir mar
léaghthar san laoidh darab tosach Trí fódáin nach seachantar
do-rinne sé agus é ré bruinnibh báis. Ag so mar adeir ag faisnéis
ainriochta na n-anam ndamanta bhíos i n-ifreann:
- 6190] Leaca troma teinntidhe
'gá dtoirneamh go lár;
piasta ifrinn éidighe
'gá gcognamh go cnámh.
An treas gné phéine; bréantas nó murgughadh, do réir
6195]
Dháibhídh, mar a n-abair, ignis et sulfur et spiritus procellarum, pars
calicis eorum is cuid dá gcorn súd teine agus raibh agus séideadh
borb-thonn. Dá chor i gcéill gurab cuid do phéin na n-anam
bhíos i n-ifreann na toinn-cheatha bréana briomstóin éirgheas
don teinidh ifreannda.
6200] An ceathramhadh gné phéine, fuacht; do réir Iob san .24.
caibidil mar a n-abair, ag labhairt ar na hanmaibh bhíos i
Agus cidhbé adéaradh nach bí sneachta ná raibh nó a n-ionnshamhla oile dáríribh i n-ifreann, bíodh a fhios aige nach doichreitte a mbeith ann comh-maith agus atá an teine ann. Óir
- Ní féadtar a bhfulang sin,
sneachta garbh tré ghaoith gheimhridh,
6220] gríos na huamhadh gach ré n-am
bhíos 'na fhuaradh don anam.
- Atá teine ar nach téid smál
6240] i mbrugh ifrinn ar adádh:
sneachta nach sil ré teinidh
i dtigh leaptha Luiceibhir.
An cúigeadh gné, gorta; do réir mar léaghthar san .65. caibidil ag
Isaias, mar a n-abair, servi mei comedent, et vos esurietis
caithfid mh'óglácha-sa biadh, agus biaidh ocras oraibh-se. Dá
6245]
chor i gcéill, an dream bhíos i n-ifreann, go mbíd dá
gcéasadh do ghorta, agus nach faghaid biadh ré a fhromhadh. Agus
is ag cor aneithe se i gcéill atá aní léaghthar ag Lúcás san
seiseadh caibidil déag ar an mbocht darbh ainm Lazarus agus ar an
saidhbhir sádhail, mar a n-innistear go raibhe an saidhbhir céadna
6250]
comh-mór sin agá chrádh agus agá chéasadh ag an íota do bhí air i
n-ifreann, ionnus go raibhe go grod gáibhtheach ag éighmhe ar
Lazarus, do bhí i n-ucht Abraham, 'gá iarraidh air deór
bheag uisge do léigean do bharr a mheóir chuige ar bharr a
theangadh, do thabhairt ionnfhuaraidh dhó ón teasbach tarta 'na raibhe.
6255]
Agus ní hiongnadh a mheas go mbí easbaidh bídh ar an
druing bhíos i n-ifreann, agus nach bí a bhara fúthaibh éin-ní
don fhír-bheathaidh fholláin .i. don ghlóir shíordhaidhe, do
bhlas go bráth, ná tré shaoghal na saoghal.
An seiseadh gné, an ciorrbhadh agus an crapall agus an cruadh-chuibhreach,
6260]
an crochadh agus an céasadh agus an creat-raobadh, an
sníomh agus an sústadh agus an slat-bhualadh, an briseadh agus an
breódh agus an boirb-leadradh, do-bheirid daosgar-shluagh
deamhnaidhe dorrdha dubh-ghnúiseach an diabhail ar na hanmaibh
damanta daor-dhálacha dúra domhaiseacha, bhíos agá n-il-phianadh i
6265]
n-ifreann. Agus is iontuigthe fírinne aneithe se a
briathraibh Mhatha san ochtmhadh caibidil déag, mar a labhrann ar
an bpeacthach nach tabhair cúitiughadh san tsaoghal so uaidh, agus
An seachtmhadh gné, uathbhás; do réir Iob san deachmhadh
6280]
caibidil mar a n-abair, ag labhairt ar ifreann, ubi nullus ordo, sed
sempiternus horror inhabitat áit 'snách fuil ordughadh ar bioth,
acht 'na n-áitigheann uathbhás síordhaidhe. Dá chor i gcéill
nach bí modh ná ordughadh dá choimhéad i n-ifreann, agus nach bí
cion seoch a chéile i gcomhair aon-duine dá mbí ann, acht
6285]
amháin madh iad bhus éadtruime coirthe, bí saor-dháil ag an mac tar an
athair, agus ag an inghin tar an mháthair, ag an gcumhail
gcoimhdeachta tar an mbainríoghain, agus ag an moghaidh tar an
rígh. Agus go bhfios damh, is mór an t-adhbhar uathbháis don
druing bhíos i n-ifreann an t-anordughadh sin bhíos orra do
6290]
mheas. Gidh eadh, atá adhbhar uathbháis is mó ioná soin i
n-ifreann i gcionn gach aoin dá mbí ann, mar atá bheith agá
malairt ó ghuais go guais agus ó ghábhadh go gábhadh, gan osadh
aon-uaire d'fhagháil, amhail adubhramair.
An t-ochtmhadh gné, dorchadas; do réir Mhatha san .22.
6295]
caibidil, mar a labhrann ar an mbreith bheirthear ar an
bpeacthach, agá rádh, ligatis manibus et pedibus eius, mittite eum
in tenebras exteriores ar gceangal a lámh agus a chos, cuiridh
san dorchadas is foirimeallaighe é. Dá chor i gcéill go bhfuil
dorchadas i n-ifreann atá foirimeallach, amach ó fhlaitheas Dé,
6305] Is iomdha gné phéine oile do fhéadfamaois do chur síos, do réir an
Scrioptúra, do bheith i n-ifreann, muna mbeith gurab líonmhar ré
a n-áireamh iad, agus go gcaithfeamaois an aimsir riú agá
bhfaisnéis. Gidh eadh, is iontuigthe géire agus neimhneachas péine
ifrinn as an dara comhartha chuireas Matha síos san .22.
6310]
caibidil úd, mar a n-abair, ag labhairt ar ifreann, ibi erit
fletus et stridor dentium biaidh annsin caoi agus díosgadh
fiacal. Dá chor i gcéill go mbí do ghéire agus do ghoimh na
péine ifreannda gurab éigean dona hanmaibh déar-chaoineadh
agus díosgadh fiacal do dhéanamh tré thruime a dtreabhlaide agus
a dtinnis ann.
6315] Tuig, a dhuine, go bhfuilid cheithre hadhbhair speisialta fá
mbí doghra agus doilgheas ar na hanmaibh i n-ifreann. An céad-
adhbhar, tré mar chaillid dá n-éis a maoin agus a maitheas ar an
saoghal. Óir an tan do-gheibh an peacthach bás, ní fhéadann a
bheag nó a mhór dá mhaitheas do bhreith leis go hifreann,
6320]
amhail adubhramair thuas. Agus is uime sin adeir Dáibhídh, ag labhairt
ar an bpeacthach, cum interierit homo non sumet omnia, neque
descendet cum eo gloria eius an tan do-ghéabhaidh an duine
bás, ní bhéaraidh gach éin-ní leis, agus ní thurnfa nó ní rachaidh
a ghlóir síos leis. Dá chor i gcéill gurab éigean don
6325]
pheacthach gach ní 'na mbí dúil aige ar an saoghal d'fhágbháil
dá éis an tan do-gheibh bás. Tuig, a léaghthóir, gurab mar
imdheargadh do-bheir Dáibhídh duine d'ainm ar an bpeacthach
annso; óir tug Dia duine d'ainm ar an diabhal mar iomad
iomcháinte air, do bhríogh gur mheas nach raibhe créatúir san
6330]
chruinne is measa agus is anuaisle, nó is urchóidighe, ioná an
duine, an tan bhíos go holc. Ag so mar adubhairt Críost ris an
diabhal, amhail léaghthar san treas caibidil déag ag Matha, inimicus
homo hoc fecit is é an duine easgcáirdeamhail do-rinne
An dara hadhbhar doilgheasa bhíos ag an anam i n-ifreann, tré mar
chaitheas an aimsear go héadtarbhach, do réir Ieremias san
chéad-chaibidil, mar a n-abair, transiit aestas, et facta est
6345]
messis, et non salvati sumus do-chuaidh an samhradh thorainn, agus
do-rinneadh an foghmhar, agus níor fóireadh sinn. Dá chor i
gcéill go dtéid earrach na hóige, agus samhradh na sláinte, agus
foghmhar sochrach na soibhéas tharsa, agus nach bí a bheag nó a
mhór do lón an ionnracais i n-iothlannaibh aigeanta na n-anam
6350]
ndamanta ré hucht gheimhridh an bháis. Agus dá réir sin bí
doghra agus doilgheas orra, ag éagcaoine na gorta spioradálta 'na
mbíd i n-ifreann, agus fós ag éagcaoine bheith i n-éagmais na
beatha suthaine agus ag iomaithbhear orra féin trés an bhfaill
tugsad 'na saothrughadh ré linn a mbeatha.
6355] An treas adhbhar doilgheasa bhíos ag an anam i n-ifreann, tré
bheith ar díbirt agus ar deóraidheacht i gcoigcrích ifrinn i gcéin
óna chrích bhunaidh agus óna athardha dhílis .i. flaitheas Dé.
Agus is uime sin adeirid go hiarghnóitheach accaointeach, do réir mar
léaghthar ag Dáibhídh san .136. Salm, mar a n-abair,
6360]
quomodo cantabimus canticum Domini in terra aliena cionnus
chanfam duain an Tighearna i dtalamh choigcríche? Dá chor i gcéill nach bí
fonn ceóil ná subhachais ar na hanmaibh i n-ifreann, ar mhéad a
ndoilgheasa tré ghéire a bpian, agus fós arna gcur ar athchur
agus ar ionnarbadh ann óna dtír dhúthchais agus óna
6365]
gcathair chomhnuighthe féin .i. flaitheas Dé.
An ceathramhadh hadhbhar fá mbí doilgheas agus doghra ar na
hanmaibh i n-ifreann, tré mhéad an amhgair bhíos orra ann, do
réir mar léaghthar ag Isaias san .65. caibidil mar a n-abair
Dia ag labhairt ar an druing dhamanta bhíos i n-ifreann, fumus erunt
6370]
in furore meo biaidh siad 'na ndeataigh im fheirg-se.
Dá chor i gcéill go gcoimmeasgann iad idir il-phianaibh ifrinn,
amhail do bhiadh doighir dheataigh agá gcommbuaidhreadh iar
n-éirghe a smúit-theinidh fhlich dhó.
Ag so mar adeir S. Augustine, ag labhairt ar uathbhás ifrinn,
6375]
amhail léaghthar san dara caibidil don leabhar ro sgríobh ar na Trí
hÁrusaibh, illic poena horroris, poena foetoris, poena timoris,
poena tenebrarum, severitas tortoris, praesentia daemonum, feracitas
bestiarum, crudelitas ministrantium, dilaceratio immortalium vermium,
dolor sine remedio, vincula sine solutione, mors aeterna, poena sine
6380]
fine, absentia Christi, quoad visionem eiuc, quae omnia supradicta
superat, et omnibus poenis est intolerabilior atá annsoin, ar
sé, ag labhairt ar ifreann, pian uathbháis, pian bhréantais, pian
eagla, pian dorchadais, géar-smacht an chéastúnaigh, aon-láithreachas
na ndeamhan, dásacht na mbeathadhach, cruadh-dháil na
6385]
n-amhus, raobadh na gcrumh ndomharbhtha, tinneas gan leigheas,
géibhinn gan sgaoileadh, bás síordhaidhe, pian gan chrích, éagmais
Chríost maille ré gan é d'fhaigsin, ní do sháruigh na huile
phiana réamhráitte, agus is dofhuilnge dona huile phianaibh.
As so is iontuigthe éagsamhlacht agus urghráin phian ifrinn. Is
6390]
iontuigthe fós as, tar a bhfuil do ghoimh i bpianaibh gníomhacha
ifrinn, gurab mó do phéin easbaidh na glóire ioná iad uile. Is uime
sin adeir Chrysostomus, san seachtmhadh Homil. déag go
- Atá teine i dtigh na bpeacthach,
6415] pian gach crithir dá gcuir dhí;
mairg atá fá theas na teineadh,
s nach feas cá lá is deireadh dhí.
Ag so tuarasgbháil ifrinn agus amarrán na n-anam ann, do réir
Cyrillus Alexandrinus, san óraoid do-rinne do thriall na hanma,
6420]
mar a n-abair, huc merguntur animae peccatorum in omne aevum
crematurae, quem ad modum Iob tradidit, in terram noctis aeternae,
ubi non lumen, non mortalibus vita, sed iugis aegritudo, sed maeror
incessabilis, sed planctus per noctes: vae illic aeternum: illic heu
me: illic ingemiscunt assidue, nec illic miseretur: clamant e profundis,
6425]
et nemo flectitur: lamentantur, et nullus eripit, exclamant
Ag so mar an gcéadna an teist do-bheir Hugo de Sancto Victore ar
ifreann, san .23. caibidil don cheathramhadh leabhar ro sgríobh
don anam, infernus lacus est sine mensura, profundus sine fundo,
plenus ardore incomparabili, plenus foetore intolerabili,
6440]
plenus dolore inenarrabili: ibi miseria, ibi tenebrae, ibi ordo nullus,
horror aeternus, ibi nulla spes boni, nulla desperatio mali; omnis
qui est in eo, odit se et omnes alios, ibi omnia genera tormentorum,
quorum minimum maius est omnibus his tormentis, quaecumque in hoc
saeculo fieri possunt loch, ar sé, ifreann gan tomhas, doimhneas
6445]
gan fhorus, lán do theas dochoimmeasta, lán do bhréantas
do-fhulaing, lán do thinneas do-inniste: áit 'na bhfuil
truaghántacht, áit 'na bhfuil dorchadais, áit 'snach fuil aon-ordughadh,
uathbhás síor, áit 's nach fuil aon-mhuinighin mhaitheasa,
'snach fuil aoin-éadóchas uilc, gach aon dá bhfuil
ann fuathuighidh é féin agus na
6450]
huile oile; ann atáid na huile chinéil phian, agus an phian is
ro-lugha dhíobh, is mó ionáid na huile phiana fhéadtar d'imirt ar neach san tsaoghal so.
Dá bhfiafraigheadh neach, cia an áit don domhan 'na bhfuil
ifreann, ní feas dúinn go cinnte é, do réir S. Augustine san dara
6455]
leabhar déag ro sgríobh ar Genesi, mar a n-abair, in qua parte
mundi infernus sit, scire neminem arbitror, nisi cui Domini Spiritus
revelaverit measaim nach feas d'aoin-neach cia an rann san
Tuig, a léaghthóir, go mbí deithbhir idir phianaibh na bpeacthach
i n-ifreann, ionnus an tí is truime coire san tsaoghal,
6470]
gurab é bhus géire pian thall; do réir Ghreaghóir .4. Dialog., mar a
n-abair, unus gehennae ignis credendus est, sed non uno modo
omnes cruciat peccatores; unius cuiusque enim quantum exigit culpa,
tantum illic sentiet poenam is inchreidte gurab éin-ghné amháin
bhráith-theine bhíos ann, gidh eadh, ní ar aon-mhodh
6475]
amháin chéasas sí na peacthaigh; óir do réir thruime choire gach aoin,
an truime chéadna phéine mhothóchas ann. Tig Ephraim leis aní
gcéadna san treas caibidil ro sgríobh ar an bhfíor-aithrighe,
mar a n-abair, sicut sunt peccatorum differentiae, ita sunt et
cruciatuum varietates: aliter enim cruciatur adulter,
6480]
aliter fornicator, aliter homicida amhail, ar sé, atá idirdhealughadh
idir na peacadhaibh, is mar sin atá éagsamhlacht na bpian: ar chor
oile iomorra chéastar an t-adhaltrach, ar chor oile an táitheach,
ar chor oile an dún-mharbhthach. Tig Greaghóir naomhtha leis
so san .47. caibidil don naomhadh leabhar ro
6485]
sgríobh dona Béasaibh, mar a n-abair, licet gehenna cunctis una sit, non tamen
cunctos una eademque qualitate succendit bíodh, ar sé, gurab aon-
bhráith-theine amháin atá ag na huilibh, más eadh ní ar aon-cháil
amháin ionann loisgeas na huile. As so is iontuigthe nach ionann
loisgeas an bhráith-theine na ciontaigh i
6490]
n-ifreann, tar ceann gurab ionann an bhráith-theine innte féin do
réir a substainte; agus dá réir sin nach ionann truime phian na
Adeir Isidorus san .31. caibidil don chéid-leabhar do sgríobh
6495]
don Ard-mhaith, go mbí pian ar leith ar an intinn, agus pian fá
leith ar an gcorp. Ag so mar adeir, duplex damnatorum poena est
in Gehenna, quorum et mentem urit tristitia, et corpus flamma
atáid, ar sé, dá phéin ar an druing dhamanta san bhráith-
theinidh, pian díobh loisgeas an intinn lé toirrse, agus pian oile lé loisgthear
6500]
an corp lé lasair. As so is iontuigthe nach bí
saor-dháil i ifreann ag anam an chiontaigh, agus nach biaidh agá
chorp an tan roichfeas ann.
Adeir Scotus san dara ceist don .44. Distinct. ar an
gceathramhadh leabhar do Mhaighistir na mBreath, go bpiantar an
6505]
t-anam ann féin agus 'na uile bhríoghaibh. Ag so mar adeir,
anima in se ipsa et in omnibus facultatibus cruciatur céastar,
ar sé, an t-anam ann féin, agus 'na uile acfuinnibh. As so is
iontuigthe go gcéastar an toil, an tuigse agus an mheabhair. Is
cneasta iomorra a mheas go gcéastar an toil, an mhéid go
6510]
gcongbhathar uaithe gach ní dá mbeith a dúil, agus go ndáiltear
dhí dá haimhdheóin gach ní budh fuath lé. Céastar mar an gcéadna
an tuigse, do bhríogh gurab léir dhí gach sochar do chaill sí,
agus gach dochar dá mbí dh'áirithe aice. Céastar fós an
mheabhair, do bhríogh nach meileann acht míorath na
6515]
meanman darab meabhair í. Tuig fós do réir Scotus san áit chéadna go gcéastar
an corp mar aon réna chéadfadhaibh, agus an mhéid bheanas ris
na céadfadhaibh corpardha. Ag so suidhte fá seach orra. Ar dtús,
don amharc, do réir Iob san chúigeadh caibidil mar a labhrann ar
an druing ndamanta bhíos i n-ifreann.
6520]
Ag so mar adeir, per diem incurrent tenebras teigéamhaid ar
ló i ndorchadasaibh. Dá chor i gcéill, an dream bhíos i n-ifreann, go mbíd i ndoighir
dhorcha agus i ndoilbh-cheó do shíor, ionnus nach faicid ní san
bhioth budh solus ná sásadh dá súilibh, ná budh geall ré radharc do
bheith aca. Agus dá réir
Biaidh mar an gcéadna an béal 'gá phianadh i n-ifreann, tré
6550]
bhlasadh na gorta, mar adeir Dáibhídh Rí san .58. Salm, mar a
n-abair, ag labhairt ar an ngorta bhíos ar na ciontachaibh i
n-ifreann, famen patientur ut canes fuileóngfaid ocras mar
mhadradha. Dá chor i gcéill go mbia pian an bhlasaidh ar
bhéalaibh na ndamantach tré mhéad a n-airce lé híota agus lé hocras i
6555]
n-ifreann.
Biaidh arís pian an tadhaill ar na ciontachaibh i n-ifreann, do
réir Mhatha san .25. caibidil mar a n-abair, ite maledicti in
ignem aeternum imthighidh, a dhream mhalluighthe, san teinidh
shíordhaidhe. Dá chor i gcéill go mbia pian tadhaill ar anmannaibh
6560]
na gciontach i n-ifreann, maille ré goradh teineadh,
Gá dtám ris, ní héidir léir-mheas do dhéanamh ar aidhbhsighe agus
ar éagsamhlacht phian ifrinn. Agus fós, is lór do ghoimh
6565]
ionnta nach bí fuaradh ná furtacht, lagadh ná laghdughadh, seitheamh ná
socamhal ag neach ionnta. Do réir mar adeir Cyprian naomhtha san
leabhar ro sgríobh do Demetrian, mar a n-abair, in inferno
nullum est solatium, nulla consolatio, nulla diminutio poenarum ní
fhuil, ar sé, aon-aiteas, aon-chomhfhurtacht,
6570]
ná aon-laghdughadh pian i n-ifreann. Agus fa-ríor gidh
doiligh gach díoth, agus gidh adhbhal gach anfhochain dar áirmheas
go soiche so, is barr ar gach broid dá mbí ann bioth-bhuaine
agus síordhaidheacht na sár-dhochar do luaidheadh linn go ró so
do bheith ann. Óir ní théid caitheamh ná críochnughadh ar
6575]
phianaibh ifrinn, agus bíd agá n-athnuadhadh do shíor. Do réir
mar adeir Bearnard naomhtha
san chúigeadh caibidil do leabhar na Naomh-smuaineadh, mar a
n-abair, sicut ignis in inferno consumit ut semper reservet,
tormenta aguntur ut semper renoventur amhail, ar sé, chaitheas
an teine i n-ifreann, ionnus go ndiongnadh
6580]
coigilt do shíor, mar
an gcéadna gníomhuighthear na piana ionnus go ndiongantaoi a
n-athnuadhadh do shíor. Do-bheir S. Augustine sompla ar aní
se san .23. leabhar do sgríobh ar Fhlaitheas Dé, mar a dtráchtann
ar na sléibhtibh atá san Sisilia bhíos ar losgadh do shíor, agus
thairis sin bheireas as gan
6585] chaitheamh do dhol ionnta. Mar an
gcéadna do bhráith-theine agus do phianaibh ifrinn.
Tar gach teist n-adhuathmhair dá dtugamar ar ifreann go soiche so,
cuirfeam síos an tuarasgbháil do-bheir Bearnard naomhtha air, do
réir mar léaghthar san tseanmóir ro sgríobh ar
6590] an bhfeidhm
spioradálta, mar a n-abair, o gehennalis regio fugienda, ubi
ignis ardens, frigus urens, vermis immortalis, foetor intolerabilis,
mallei percutientes, tenebrae palpabiles, confusio peccatorum,
innodatio vinculorum, et horribilis daemonum tremor ó a fhlaithis
6600] Mo thruaighe, is maolughadh meisnigh, agus is mana mór-chumha, agus
is maoithe mheanman, bheith ag machtnadh agus ag midheamhain ar an
muinntir misgnigh mór-ghothaigh meisg-bhriathraigh sin, an tan
do-bheirid brosgar biodhbhadh do lomradh agus do losgadh lochta an
leasa sin Lúicifeir. Áit i mbíd
6605] anmanna amhghlana na bpeacthach
ndamanta agus frasa fír-ghéara foghadh ag fearthain orra, agus
beara bairr-dhearga bruith-neimhneacha ar bioth-luamhain tríotha,
agus cliatha cinn-ghéara crainn-reamhra catha ag cuar-lúbadh
ionnta. Iomdha ámh annsin, fa-ríor, féinnidh fras-ghonta, agus
curaidh créachtnuighthe, agus
6610] laochraidh láimh-ghearrtha, agus
triatha ar tuisleadhaigh, taoisigh throm-ghonta agus máil ar
meirtnighe, brughaidh broinn-teasgtha agus foirbhfir fhiair-ghearrtha,
buidhne brat-chorcra agus colna cros-bhuailte, cinn go
comharthach agus súile saobh-dhalla, beóil ag bán-ghlasadh agus
dóide drom-ghonta, bruinne ag bolgfadhaigh agus
6615]
cosa ar cam-luamhain, troighthe truaill-ghearrtha agus slaod-óglaoich sínte
seac-mharbha! Iomdha ann fós buidhean bhriste bhearnach gan
bharánta, agus tréad tuilighthe toll-airbheach gan taoiseach, agus
torathar taobh-nocht truaghánta gan treóraighe, agus aicme aigmhéil
easbadhach gan aoghaire, agus connlán cneadhach
6620] ceasnaidheach gan
chodhnach, agus deibhléan doim dearóil gan díon-athair! Iomdha
ann mar an gcéadna amaid arrachta éidigh odhar-ghorm, agus oill-
phiast atmhar ainmheach uaith-bhéalta, agus gríobh ghreannach
ghob-lom ghearánach, agus badhbh béil-reamhar bhreac-ghlas
bhréin-fhiaclach, agus brain-éan bir-ingneach broinn-chiar
6625]
bán-shúileach, agus bineach brónach bán-chrothach beag-croidheach, agus
glámh garbh-ghothach greadhnach grod-fhoclach! Atáid fós ann
dlúimhe donn-ruadha drithleacha ag dearg-losgadh,
Féadtar fós tuille tuarasgbhála do thabhairt ar ifreann, agus a
mheas nach fuil ann acht slighe gacha sluaigh, conair gacha catha,
6660]
agus raon gacha ruathair, agus tor gacha troda, agus cathair gacha
coinbhliochta, agus ionadh gacha hiombuailte, agus longphort gacha
ladrainn, agus uaimh il-phiastach gach uaith-bhéaltais, agus ár-mhagh
gacha himreasna, agus dúir-theach duaibhseach daor-dhálach gacha
Iomdha ann fós rioth reann, agus siadhán soighnéan, agus nuall-
fhoghar néall, agus foghar-mhuirn agus fothram, agus néall-ghul
niatta náimhdidhe, ag rabhadh agus ag réamhfhaisnéis gacha onfaise
agus gacha iommbáitte dá mbí ar anmannaibh orchradhacha ann; agus
6690]
iad i n-inne aigianta eisinnill an áruis imshníomhaigh sin, dá
n-oirleach agus dá n-easargain, lán d'anaoibh intinne agus
d'iarghná inmheadhónaigh aigeanta: agus iad daingean dlúith-iatta
fá choimhthriall cogaidh, ag rian agus ag ro-thuitim leis an
daosgar-shluagh ndísgir ndoichineóil ndeamhnaidhe, bhíos go neartmhar
6695]
neimhleasg, gan sgíoth gan tathamh gan tionnabhradh, 'na
gcró-bhuaile chumhaing, agus 'na bhfóir neimhnigh námhad 'na
dtimcheall, go ndéinid brúireach agus cuar commbuaidheartha cumaisg
dhíobh, agus go gcuirid ainn-séin i ndoighir dhorcha dhonn-
ruaidh dhubh-lasrach dá n-únfairt agus dá n-iomlosgadh
- Gion go mbeith, ní beag an teidhm,
6710] fuacht nó teas i dtigh ifeirn,
glór na ndiabhal is a ndath,
lór do phianadh na bpeacthach.
Cuirfeam síos annso a trí nó a ceathair d'áitibh as an Scrioptúir
mar chleathaibh ceangail ar an bhfál bhfírinne se do chuireamair
6715]
óna naomh-aithribh, do bhréagadh agus do ghabháil na
bpeacthach óna míghníomhaibh lé faisnéis na n-olc n-ifreannda
dhóibh. Ag so mar adeir Ieremias san naomhadh caibidil, Ecce
ego cibabo populum istum absinthio, et potum dabo eis aquam fellis
do-ghéan-sa an pobal úd do bhiathadh lé bormont, agus do-bhéar
6720]
deoch dhóibh d'uisge domblais. Tuigthear fós rann oile do
phianaibh ifrinn a briathraibh Isaias san .34. caibidil, mar a
n-abair, et convententur torrentes eius in picem, et humus eius
in sulphur fillfidhear a bhuinneadha súd i bpic, agus a thalamh
i raibh. Dá chor i gcéill, na heasa agus na hinnbheara bhíos ag
6725]
sileadh agus ag snighe i n-ifreann, go ndéantar a gclaochlódh
i bpic tré fhuacht, agus an úir bhíos ann i raibh lé teas na
teineadh ifreannda bhíos ag comhlosgadh na n-anam. Tig Solamh
leis so san .21. caibidil in Ecclo., mar a n-abair, stupe
collecta synagoga peccantium et consummatio illorum flamma ignis
barrach tiomsuighthe
6730]
cruinniughadh na bpeacthach, agus lasair
theineadh is caitheamh dhóibh. Dá chor i gcéill nach mó bhíos
an barrach abaigh ré fadódh do ghabháil ón teinidh, ioná bhíos
anam an pheacthaigh ré hadhnadh lé teinidh ifrinn. Agus fós iar
mbráth, an tan
Measaim, a léaghthóir, cibé Críostaidhe caon-dúthrachtach
6745]
do-bhéaradh dá aire na guaise réamhráitte reacthar do bheith i
bpianaibh ifrinn, go ngéabhadh anbhuain aigeanta agus criothnughadh
croidhe é; agus mar gur chuir ar Slánuightheóir milis Iosa
allus fola dhe, tré orghráin résan mbás gcorpardha, amhail
léaghthar ag Lúcás san .22. caibidil, is mó sa chách dhligheas
6750]
an peacthach bocht uamhan agus imeagla do bheith air, iar gclos na
nguasacht so atá 'na chionn, agus oireagar innill do chur air
féin 'na n-ucht. Cia an duine díchéillidhe dúr-aigeantach nach
biadh ar a choimhéad orra agus nach géabhadh gráin rompa iarna
gclos? Gonadh uime sin adeir Cassianus in Confess. th.
6755]
per .3. Quis egro fidelium haec audiens et talia sciens non contremiscat?
Digito ignem modicum tangere horremus, et pedibus coniici? uime
sin, ar sé, cia an Críostaidhe, iar gclos a n-ionnshamhla súd,
agus iarna bhfios, nach coimhchrithfeadh? Is déistineach linn
6760]
buain ré teinidh mbig lénar méar, agus cionnus nach beimís
Is í an ghuais se do-ní Pól do bhagar, amhail léaghthar san
deachmhadh caibidil gusna hEabhraidhibh mar a n-abair, horrendum
6765]
est incidere in manus Dei viventis is uathbhásach teagmháil i
lámhaibh an Dé bheó. Uime sin adeir Dáibhídh Rí san dara Salm,
servite Domino in timore déanaidh feidhm don Tighearna i
n-eagla. Dá chor i gcéill, gach foghnamh dá ndéin duine do
Dhia, gurab amhlaidh dhligheas a dhéanamh do
6770]
dhruim fhaitcheasa.
Dá bhfiafruigheadh neach créad as ar dheónuigh Dia na teasta agus
na tuarasgbhála urghránna uathbhásacha úd do-bheir an Scrioptúir
agus na haithreacha naomhtha ar il-phianaibh ifrinn, is eadh is
fáth dhó, do mhusgladh meanman na bpeacthach a
6775] suan seachmaill
agus a néall neamhfhaire, ionnus an drong dhíobh nach saothruigheann
subháilce ar ghrádh na glóire, go ndiongnadaois a ngníomhughadh
d'eagla na bpian úd. Óir amhail do-ní an rí críonna fuireachair,
ar mhaith réna ríoghdhacht, do stiúradh a fhlaitheasa go críonna,
príosúin nó carcracha do
6780] chor 'na chathrachaibh, agus crocha do
chur ar chnocaibh a thíre, do mhúchadh mheirleachais
díbhfeargach agus lochta foghluighthe a dhúthaighe, dá gclódh ó
chlaonadh nó ó choill a reachta, mar an gcéadna do-ní Dia an
uaimh ifreannda gona pianaibh do bhagar ar na peacthachaibh dá
n-iomchlódh óna n-olcaibh.
6785] Léaghthar sompla cosmhail ris so ag Ammianus, san .23. leabhar,
ar rígh do bhí ar an bPersia, darbh ainm Cambyses. Dobhí
iomorra breitheamh breabóideach, darbh ainm Sisamnes, ag an rígh
se, rug claoin-bhreath mar gheall ar chumaoin fuair ó neach don
dá rann do bhí i n-imreasan, agus an tan fuair
6790]
an rí deimhin air sin, rug breith bháis ar an mbreitheamh, agus
Léaghthar mar an gcéadna ag Diodorus Siculus san chúigeadh
leabhar déag, go dtug Artaxerxes, rí na Persia, fá-deara mórán
dona huachtaránaibh do bhí faoi féin do chosgairt, agus a
gcroicinn do chrochadh ós cionn na cathaoireach 'na
6800]
gcleachtaoi leó bheith ag déanamh breitheamhnais, mar shompla don druing
tigeadh dá n-éis, dá gcongbháil i n-eagla, dá dtiocfadh iad dá
gcoimhéad féin neimhchiontach. Léaghthar san seiseadh caibidil déag
do Leabhar na Nuimhreach gur dheónuigh Dia Core Dathan agus
Abiron mar aon ré dá fhichid déag oile do shlogadh
6805]
san talamh tré shárughadh reachta Dé. Is follus fós as an seachtmhadh caibidil in
Genesi gur báthadh an cine daonna uile go haon-ochtar tréna
n-olcaibh. Is dearbh mar an gcéadna as an naomhadh caibidil déag
in Genesi gur sloigeadh líon Sodoma agus Gomorra go lucht
chúig gcathrach san talmhain, tré
6810]
fheirg nDé do thuilleamh.
Is do theagasg na ndaoine, agá fhoráileamh orra marthain i
n-eagla Dé, atá aní léaghthar ag Matha san deachmhadh caibidil
mar a n-abair, nolite timere eos qui occidunt corpus, animam
autem non possunt occidere, sed potius timete eum, qui potest et
animam et
6815] corpus mittere in gehennam ná bíodh eagla oraibh rés an
druing mharbhas an corp, óir ní fhéadaid an t-anam do mharbhadh,
acht bíodh eagla oraibh rés an tí fhéadas an t-anam agus an corp
do chor san bhráith-theinidh. As so is iontuigthe go ndleaghair
dhúinn eagla Dé do bheith orainn tar omhan chréatúra san
6820]
gcruinne.
Is ag foráileamh eagla Dé do bheith orainn atá aní léaghthar ag Plutarchus, in Opusculis, ar Romulus, an céid-phrionnsa lér
6830] Tig leis so an fábhaill-sgéal léaghthar ag Lúcás san seiseadh
caibidil déag, mar a n-iarann an saidhbhir sádhail, agus é i
n-ifreann, ar Abraham, an bocht Lazarus do chur lé rabhadh go
teach a athar féin, do thabhairt teasta agus tuarasgbhála ifrinn dá
bhráithribh, dá gcor ar a gcoimhéad. Ag so briathra an
tsaidhbhir ré Abraham,
6835]
rogo te, pater, ut mittas eum in domum
patris mei; habeo enim quinque fratres, ut testetur illis ne et ipsi
veniant in hunc locum tormentorum guidhim thú, a athair, ar sé,
go gcuirtheá é sin go teach mh'athar féin; óir atáid cúigear
dearbhráthar agam, go dtugadh tuarasgbháil dóibh, ionnus nach
tiocfadaois sin gus an ionadh so na bpian.
6840]
As so is iontuigthe
gurab mór an sás duine do chongbháil ón olc, na piana ifreannda, is
sgiúrsadha ag Dia ré smachtughadh na bpeacthach, do bhagar air.
Tig S. Bearnard leis so in Floribus, mar a n-abair, et sane
si amor Dei te tenere non potest, saltemm teneat et terreat timor iudicii,
6845]
metus gehennae, laquei mortis, dolores inferni, ignis
urens, vermis corrodens, sulphur foetens, torrens flamma, et omnia
mala tartaria agus go dearbh, ar sé, muna fhéada grádh Dé do
chongbháil, go háirithe congbhadh agus orghráineadh uamhan an
bhreitheamhnais, eagla na bráith-theine, gaisteadha an bháis,
tinnis ifrinn, teine
6850]
ag losgadh, cruimh ag coimhchreim, raibh ag
bréanadh, buinne lasrach, agus na huile olca ifreannda thú. As
so is iontuigthe gurab ursa chongbhála ré cathughadh ris na
holcaibh, smuaineadh ar na críochaibh guasachtacha atá i gcionn an
duine.
Is uime sin atá Dia ag ordughadh go mbiadh cuimhne ag na
6855]
daoinibh ar a gcríochaibh déidheancha, amhail léaghthar san .32. caibidil
ag Deut., mar a n-abair, ag labhairt ar na peacthachaibh, utinam
saperent et intelligerent, ac novissima providerent dob fhearr
liom go n-eagnuighidís agus go dtuigdís, agus go n-oirchilltí
leó a neithe roi-dhéidheancha. Dá chor i gcéill gomadh mian
6860]
leis na daoine do chuimhniughadh ar na críochaibh guasachtacha
atá rompa, mar atá an bás, breitheamhnas, agus piana ifrinn agus
tréigean na glóire. Uime sin atá Bearnard naomhtha san seiseadh
caibidil do leabhar a Naomh-smuaineadh ag teagasg an pheacthaigh,
agus agá sheóladh dhó cionnus do fhéadfadh é
6865]
féin do dhídean ar na guaisibh réamhráitte. Ag so mar adeir, antequam puteus te
absorbeat, poenitere; priusquam infernus te rapiat, peccata tua
luge; priusquam in profundum inferni mergaris, negligentias tuas
plange, ubi iam non est locus confessionis. Quare? Quia in inferno
nulla est redemptio sul
6870]
shloigfeas an churr thú, déana
aithrighe; sul fhuaideóchas ifreann tú, caoi do cheana; sul
bháidhfidhear i bhfodhomhain ifrinn tú, caoin do sheachmaill:
áit anois 'snach fuil ionadh maithmheachais, áit 'snach fuil
anois ionadh subhachais, mar nach fuil cead aithrighe; áit 'snach
fuil anois cead leasuighthe,
6875]
áit 'snach fuil anois ionadh
faoisidneach. Créad an t-adhbhar? Do bhríogh nach fuil aon-fhuasgladh
i n-ifreann.
A chara ionmhain, is córaide dhúinn teagasg S. Bearnard do
ghabháil annso, gurab eadh iarras féin ar Dhia, cabhair do
thabhairt dó, ré bhféadfadh na baoghail chéadna do sheachnadh.
6880]
Ag so mar adeir san chúigeadh caibidil do leabhar a Naomh-
smuaineadh, subveni mihi, Deus meus, priusquam ad tormenta
perveniam, priusquam me devoret ignis gehennae, priusquam sine
termino crucier in inferno a Dhé, cabhair mé, sul roichfead gusna
pianaibh, sul shloigfeas teine an bhrátha mé, sul chéasfaidhear
6885]
gan chrích i n-ifreann mé, agus sul thiocfar i ndáil na bpian.
Atá S. Augustine ag teagasg aneithe céadna dhúinn, agus agá
sheóladh
6910] Is saobh an seachrán don pheacthach shaoileas é féin do thriall
go saor-dhálach ar neamh tré shádhaile agus tré shaidhbhreasaibh,
agus gan duadh ná docamhal d'fhulang do thuar ná do thuilleamh
an fhlaithis neamhdha; agus a mhionca fá héigean dona naomhaibh
agus dona fíréanchaibh ulc agus amfhorrán, broid agus
6915] bochtacht,
díbirt agus deóraidheacht, fuacht agus íota agus ocras, agus il-iomad
anfhorlann oile d'fhulang do cheannach nimhe dhóibh féin!
Agus is ag meas aneithe céadna do Ghreaghóir naomhtha i Homilia
dh'áirithe, mar a n-abair, cum recognosco Iob in sterquilinio,
Ioannem esurientem in eremo, Petrum extentum in patibulo,
6920]
Iacobum decollatum ab Herode gladio, cogito qualiter Deus in
Tuig, a dhuine, ó tá an bealach baoghail se rés na daoinibh
6945]
eatorra agus rochtain ar neamh, nach foláir dhuit inneall do chor ort
féin, ré haistear aireach do dhéanamh go neamh. Déana ar dtús
comhairle Phóil, san treas caibidil go Colo., mar a n-abair,
exspoliantes vos veterem homine induite novum iar mbuain an
Is i bhfioghair na druinge sin atá aní léaghthar san seachtmhadh
caibidil do leabhar Iudicum, mar do-rinne an caiptín Gedeon, ré
6975]
hucht dulta ar siubhal sluaigh, fromhadh ar a laochraidh. Ar
mbeith iomorra ag triall tar abhainn d'áirithe, tug dá aire an
sluagh ag ól uisge, agus gach aon díobh do léigeadh a bhruinne ré
lár, agus do chuireadh a bhéal ar an mbuinne dá ól, do thilleadh
don bhaile iad, arna mheas dá bhíthin sin nach rabhadar infheadhma;
6980]
agus gach aoin oile nach cuireadh acht a dhearna fán
uisge dá ól, rug leis san eachtra é. Mar an gcéadna do-ní Gedeon
mór, ar dTighearna Íosa Críost. Cuiridh a tuarastal an drong leathas
6995] Is córaide iomorra don duine gan iocht do bheith aige as na
heasgcáirdibh se ré mbí a roinn, mar atá an diabhal agus an saoghal
agus an cholann, gurab anfhlatha éigneacha iad ré foghail agus ré
fíor-lot do dhéanamh dhó. Do réir Michaeas san treas caibidil,
mar a n-abair, comederunt carnem populi mei, et pellem
7000]
eorum
desuper excoriaverunt do itheadar feóil mo phobail féin, agus do
bheanadar a chroiceann buin-sgionn de. Dá chor i gcéill go
mbíd na hanfhlaithe úd ag creim agus ag créachtnughadh an duine,
agus ag buain tlaicht taitneamhaigh na ngrás de lé cloidheamh na
coire. Is i bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar
7005] san chúigeadh
caibidil dona Cainticibh, mar a bhfuil anam an pheacthaigh ag
éagcaoine a amarráin féin ré Dia, agus ag iomchasaoid ar an
hanfhlaithibh úd. Ag so mar adeir, invenerunt me custodes
qui circumeunt civitatem; percusserunt me: tulerunt pallium meum
custodes murorum fuaradar an fhorfhaire mé,
7010] bhíos ag gabháil
timcheall na cathrach; agus do bhuaileadar mé, agus rugadar lucht
forchoimhéada na múr mo mhatal leó. As na briathraibh se is
iontuigthe gurab amhlaidh bhíd na hanfhlaithe úd ag taisteal mar
lucht braith timcheall an duine, dá fhéachain an bhfuighdís
éislinn nó éadaingean air, ré dol 'na sheilbh
7015] go sáruightheach,
agus ré hargain do dhéanamh air. Agus go háirithe ní bhí socht
ná seitheamh ar an aidhbhirseóir do shíor,
Dá dteagmhadh dhuit, a dhuine, bheith i seilbh na bpeacadh soin,
is eadh dhleaghair dhuit, a gcur as do sheilbh, ar eagla
7040]
go dtiocfadh feadhmannach fír-chinnte Dé .i. an bás, go
bhfuighbheadh sé i nglacadh agat iad, agus go dtiocfadh dhe sin
t'fhagháil chiontach i sárughadh an dlighidh. Agus is do
theagasg an duine go fáthach atá an chomhairle thug Iacob
naomhtha dá mhuinntir, do réir mar léaghthar san .35. caibidil in
Genesi, mar a n-abair,
7045] abiicite deos alienos qui in medio vestri
sunt, et mundamini, et mutate vestimenta vestra teilgthear libh
uaibh na dée comhaightheacha atá in bhar measg, agus glantar sibh,
agus déanaidh malairt ar bhar n-éadach. An réim céadna is cóir
dona daoinibh i gcoitchinne do choimhéad, mar atá láimh-dhée
Lúicifeir .i. na
7050] peacaidhe marbhthacha do ruagadh agus do sgrios
a hárusaibh na hanma, agus iad féin d'fhothragadh agus
d'ionnladh a tobar fhionnfhuar
Is córaide dhúinn sin do dhéanamh, aní léaghthar ag S. Augustine
in Sermone S.Vincentii, mar a n-abair, duplicem aciem
7060]
producit mundus contra milites Christi: blanditur enim ut decipiat, aut terret
ut frangat do-ní an domhan dá rinn d'inneall i n-aghaidh
dhíolmhaineach Chríost: óir do-ní sáimh-chealgadh dá mealladh,
nó cuiridh uathbhás orra do bhriseadh dhíobh. Tig Solamh leis
aní gcéadna san chúigeadh caibidil do Leabhar na
7065] hEagna,
mar a n-abair, spes impii tanquam fumus qui a vento
diffusus est, et tanquam memoria hospitis unius diei praetereuntis
dóchas an pheacthaigh amhail deataigh sgaipthear lé gaoith, agus
amhail chuimhne aoighidh aon-laoi amháin ag triall. Dá chor i
gcéill nach fuil do thádhbhacht i ré an pheacthaigh ar an
7070]
saoghal so, ar a dhiombuaine, acht mar an deataigh téid ar ceal do láthair,
nó mar chuairt deóradh nach anfadh acht feadh laoi, agus gan a bhara faoi tilleadh go
bráth arís. Is é aní céadna thug ar Esau a oighreacht do reic ar
chorn bhracháin, do réir mar léaghthar san chúigeadh caibidil
fichead in Genesi, mar a n-abair,
7075]
en morior, quid mihi proderunt
primogenita féach, atáim ag fagháil bháis, créad an sochar do-
ghéanadh mh'oighreachta dhamh? Mar sin, an tan do bhí i nguais
bháis ón tart, do mheas nach raibhe tarbha dhó féin sna sealbhaibh
saoghalta do bhí 'na chomhair, agus rug an corn bracháin do roghain
tar na hoighreachtaibh
7080] do bhí 'na chomhair. Agus mar gur thréig
sé na hoighreachta do bhí 'na chomhair, do sheachna an bháis
chorpardha, is mó sa chách dhleaghair dhúinne bréagáin bheaga
shoghluaiste an tsaoghail se do thréigean, d'eagla bháis na
hanma do theacht díobh. Mar sin do thoicce an tsaoghail,
7085]
do réir Cicero, de Amicitia, mar a n-abair, fortuna tanquam
Is córaide sin do dhéanamh, an teagasg do-bheir Dáibhídh Rí san
.61. Salm mar a n-abair, divitiae si affluant, nolite cor
7100]
apponere dá raibhe saidhbhris ag lingeadh chugaibh, ná cuiridh bhar
gcroidhe ionnta. Ionann sin ré a rádh agus nach cóir dona
daoinibh dá dtabhair Dia saidhbhris, bheith airceasach 'na
dtimcheall, dá gcor i sochar leith-leasach dhóibh féin, acht a
mheas nach fuil acht reachtas nó stíobhardacht aca ré a dhéanamh
7105]
orra, agus a riachtanas féin do bhuain asta, agus a mbeith tar
a riachtanas do roinn ré bochtaibh agus ré deibhléanaibh Dé.
Tuigthear so a briathraibh Basilius naomhtha san oraoid do sgríobh
gus na toictheachaibh, mar a n-abair, ag labhairt ris an saidhbhir,
nonne spoliator es, qui quae dispensanda accepisti propria reputas
7110]
an é nach foghlaighe thusa, shaoileas gurab sealbh dhíleas duit
féin na neithe fuarais ré stíobhardacht do dhéanamh orra? As na
briathraibh se is iontuigthe nach fuil acht coillidhe nó creachaire
san toictheach choigleas a mhaoine 'na chomhair féin amháin, agus
nach roinneann ris an mbocht iad.
7115] Tuigthear aní céadna a briathraibh S. Bearnard, ag sgríobhadh go
haird-easbog Senion, mar a n-abair, nostrum est (pauperes
clamant) quod effunditis: nobis crudeliter subtrahitur quod vos
Is córaide sin do dhéanamh aní adeir Críost, san .25. caibidil ag
Matha, mar a n-abair, ite maledicti, etc. imthighidh romhaibh,
a dhream mhalluighthe, san teinidh síordhaidhe, atá
7150]
arna hollmhughadh don diabhal agus dá ainglibh. Óir do bhí ocras oram,
agus níor biathadh libh mé; do bhí íota oram, agus ní
Is córaide don tsaidhbhir so do dhéanamh, an droch-thuar do-ní
Solamh dhó tré chruinniughadh an chonáich go haindlightheach,
7170]
do réir na caibidleach céadna, mar a n-abair, qui acervat ex animo
suo iniuste, aliis congregat, et in bonis illius alius luxuriabitur
an tí chruinnigheas óna intinn go haindlightheach, do dhruing
oile thionóileas, agus bí neach oile macnaiseach 'na mhaoin. Dá
chor i gcéill gur meinic bhíos duine oile ag
7175]
borradh lé badhgaireacht i ngeall ar an saidhbhreas do-níthear do chnuasach
leis an sanntach. Agus is é leasughadh dhleaghair do dhéanamh ann
so, an conách, is craoiseach don diabhal ré créachtnughadh na
n-anam, do chaitheamh ris féin dá mharbhadh, maille réna dháil
do bhochtaibh Dé.
7180] Is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san seachtmhadh caibidil déag
don chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar atá gurab lé
cloidheamh anfhathaigh Goliath féin do dícheannadh lé Dáibhídh
é. Mar an gcéadna, ó's arm don aidhbhirseóir an
Is cóir dhúinn mar an gcéadna sinn féin do chaomhna ar an diabhal,
maille ré guidhe do dhruim umhlachta do dhéanamh go Dia. Agus is
móide is indéanta dhúinn sin, an gealladh tug Dia don druing do-ní
guidhe do dhruim umhlachta; do
7205] réir mar léaghthar san .35.
caibidil in Ecclo., mar a n-abair, oratio humiliantis se nubes
penetrabit, et non descendet donec Altissimus aspiciat tollfaidh
urnaighthe an umhail na neóill, agus ní thurnfa go dtuga an tí
is ro-airde dá aire í. Tig Críost leis so san .23. caibidil ag
Matha, mar a n-abair, qui se
7210] humiliaverit, exaltabitur an tí
do-ghéana é féin d'inísliughadh airdeóchar é. Tig Dáibhídh
leis so san .101. Salm, mar a n-abair, respexit Dominus in
orationem humilium, et non sprevit precem eorum tug an Tighearna
dá aire urnaighthe an umhail, agus níor tharcuisnigh a ghuidhe.
Is iontuigthe as na háitibh
7215] se go mbí Dia buidheach do lucht na
humhla agus an chrábhaidh, agus dá réir sin gurab airm dhísle ré
dídean na hanma ar aimsighthibh an aidhbhirseóra iad.
Is cneasta dhúinn mar an gcéadna sinn féin do chaomhna ar
cheilg-mhianaibh na colna. Agus is uime sin dár dteagaisg-ne
7220]
mhaoidheas Pól go gciorrbhadh a cholann féin, amhail léaghthar
san naomhadh caibidil don chéid-Eipistil gusna Coirintibh, mar a
n-abair, castigo corpus meum, et in servitutem redigo
smachtuighim mo cholann féin agus cuirim fá bhroid í. As na
briathraibh se is iontuigthe go ndleaghair don duine a cholann agus
7225]
a chéadfadha do chuibhreach ón olc. Ar dtús, a choimhéad ó
choir na drúise, do réir Mhaoise san .20. caibidil in Exodo,
mar a n-abair non concupisces uxorem proximi tui ná sanntuigh
bean do chomharsan. Tuig, a léaghthóir, mar adeir gan a
sanntughadh, gurab mó sa chách adeir gan míghníomh do dhéanamh ré
7230]
mnaoi phósta ná ré mnaoi neamhphósta. Agus is eadh adeir Pól san
seiseadh caibidil don chéid-Eipistil gusna Coirintibh, fornicarii
regnum Dei non possidebunt ní ghéabhaid lucht an tátha sealbh
fhlaitheasa Dé. As na briathraibh se is iontuigthe go gcaillid
lucht an tátha a gcuid do sheilbh fhlaitheasa Dé,
7235] agus dá réir
sin go mbíd damanta go déanamh aithrighe dhóibh.
Dlighidh fós an duine an craos do sheachna, do bhríogh go dtabhair
Críost a mhallacht do lucht an chraois, do réir mar léaghthar san
seiseadh caibidil ag Lúcás, mar a n-abair, vae vobis qui
saturati estis, quia esurietis mallacht daoibh, a
7240] dhream atá
sáthach, óir biaidh ocras oraibh. As so is iontuigthe gurab
malluighthe an dream do-ní iad féin broinn-líonta ré biadhaibh
soineamhla tar a n-acfuinn, chuireas iad ó bheith infheadhma ré
foghnamh do dhéanamh ré Dia. Do-bheir Dia a mhallacht mar an
gcéadna do lucht an chraos-óil,
7245] do réir mar léaghthar san
chúigeadh caibidil ag Isaias, mar a n-abair, vae vobis qui
potentes estis ad bibendum vinum, et viri fortes ad miscendam
ebrietatem mallacht daoibh, a dhream bhíos cumhachtach ar ól
an fhíona, agus a fhiora bhíos tréan ar chumasg na meisge. As
na briathraibh se is iontuigthe gurab
Dlighidh fós an duine cosg do chor ar amharc ainmhianach a shúl.
Agus is uime sin adeir Matha san chúigeadh caibidil, si oculus
tuus scandalizat te, abiice eum ex te dá dtuga do shúil
7255]
masla dhuit, ruagthar leat uait í. As na briathraibh se is iontuigthe
dhúinn go ndleaghair smacht do chur ar an súil dá toirmeasg ar
amharc aindlightheach do dhéanamh, dá dtiocfadh lot ar n-anma.
Is meinic thig dhi iomorra daoine ionnraca do ghríosadh ré déanamh
uilc. Bíodh a fhiadhnaise sin ar aní
7260] léaghthar san aonmhadh
caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh ar Dháibhídh,
mar tháinig don tsilleadh thug ar Bersabe a chor ó bheith
ionnraic go beith 'na adhaltrannach. Is do chor an duine ar a
choimhéad ar an nguais se na súl adeir Críost san chúigeadh
caibidil ag Matha, mar
7265] a n-abair, qui viderit mulierem ad
concupiscendam eam, iam moechatus est in corde suo an tí fhéachfas
ar mhnaoi réna sanntughadh, do-ní annsoin céileachas 'na
chroidhe. As sin is iontuigthe gurab mór an ghuais 'na mbí an
duine do thaoibh na súl, agus dá réir sin go ndleaghair dhó faire
innill do dhéanamh
7270] air féin, d'eagla go dtiocfadh créachtnughadh
a choguais di.
Dlighidh mar an gcéadna an duine a bhéal do choimhéad ó dhroch-ráittibh,
mar atáid bréaga agus baoth-fhocail, agus go mór-mhór,
ón ithiomrádh. Agus is córaide do neach an t-ithiomrádh do
sheachnadh, an bagar díoghaltach do-ní Dia air, tré fhodhord
7275]
nó tré ithiomrádh do dhéanamh, do réir Dháibhídh, san .100. Salm,
mar a n-abair, detrahentem secreto proximo suo, hunc persequebar
an tí ithiomráidheas ós íseal a chomharsa, do-ghéan inghreim air.
Ionann sin ré a rádh agus go mbí Dia go cinnte ar dhruim na druinge
do-ní an t-ithiomrádh. Agus is trés
7280] an ngoimh se do bheith san
ithiomrádh do-ní Dáibhídh an t-ithiomráitteach do choimmeas ré
huaigh, amhail léaghthar san .13. Salm, mar a n-abair,
sepulcrum patens est guttur eorum is uaigh osgailte a mbraighde
súd. Dá chor i gcéill,
Ní hiad na céadfadha so amháin dhligheas an duine do choimhéad ó
olc, acht a uile chéadfadha ar-cheana, agus fós a smuaintighthe.
Agus is córaide dhó sin do dhéanamh, go mbí d'fhiachaibh air
cúntas do thabhairt do Dhia ré hucht an bháis,
7295] do réir Lúcáis
san seiseadh caibidil déag, mar a n-abair, redde rationem
villicationis tuae tabhair cúntas do ghabháltais féin uait. Dá
chor i gcéill go fáthach, amhail adubhramar thuas, gurab éigean dá
gach neach cúntas do thabhairt do Dhia ré hucht an bháis, ní
headh amháin 'na dhoibheartaibh, acht
7300] mar an gcéadna 'na
dhroch-smuaintighthibh, do réir Sholaimh san chéad-chaibidil
do Leabhar na hEagna, mar a n-abair, in cogitationibus impii
interrogatio erit biaidh fiafraighe ar an bpeacthach 'na
smuaintighthibh. Ionann sin ré a rádh agus go mbeanfaidhear cúntas
'na smuaintighthibh dhe. Tig Matha
7305] leis so san deachmhadh
caibidil, mar a n-abair, vestri capilli capitis omnes numerati
sunt in caelo atáid uile ruainneach bhar gcinn arna n-áireamh
ar neamh. Ionann sin ré a rádh agus go mbí gach mion-smuaineadh
dá ndéin an duine, idir mhaith agus olc i leabhar cúntasa Dé, ré
cúitiughadh do thabhairt dá chionn.
7310] Adeir fós Matha san dara
caibidil déag gurab éigean dá gach neach cúntas do thabhairt uaidh
in gach uile bhréithir dhíomhaoin dá n-abair. Agus do reir a
ndubhramar gurab éigean do neoch cúntas do thabhairt 'na
smuaintighthibh agus 'na bhriathraibh díomhaoine, is mó sa chách
bheanfaidhear cúntas 'na mhí-ghníomhaibh
7315]
dhe.
Is i bhfioghair an chúntasa so atá aní léaghthar san .22. caibidil don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh,
Do bharr ar gach anfhochain oile dá mbí orra, do-bheir an
7335]
t-aidhbhirseóir 'na ndaoirseachaibh don pheacadh iad, an tan
aontuighthear leó a dhéanamh. Is uime sin adeir Eóin san
ochtmhadh caibidil, qui facit peccatum servus est peccati an tí
do-ní peacadh, is daoirseach don pheacadh é. Dá chor i gcéill
gurab i moghsaine nó i sglábhaidheacht bhíos an peacthach
7340] ceangailte
lé téadaibh cruaidh-righne na coire; do réir Sholaimh san
chúigeadh caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair,
funibus peccatorum suorum quisque constringitur ceangailtear gach
neach lé téadaibh a pheacadh féin. Is iontuigthe as a ndubhramar
gurab saidhleóir nó giall-choimhéadaighe don
7345] diabhal an peacadh;
agus mar is túsga do-bheir an diabhal an duine aontuigheas don olc
ar chumas an pheacaidh, is eadh do-ní ris, a cheangal go docht
lé géibheannaibh iarnaidhe na hurchóide. Agus is 'na fhioghair so
atá aní léaghthar san .33. caibidil don dara leabhar do
Pharalipp. mar do chuir taoiseach
7350] na hAssiria Manasses Rí do
láthair iarna ghabháil i nglasaibh. Mar sin do-ní an taoiseach
úd .i. an diabhal .i. an peacadh is
Léaghthar san dara caibidil déag úd ag Lúcás gur chuir
7365]
Ioruaith dias do choimhéad Pheadair, iar mbeith san bpríosún dó. Mar an
gcéadna do-ní an t-aidhbhirseóir ris an duine, an tan bhíos i
bpríosún an pheacaidh, cuiridh dá amhus ainshearcacha dá
choimhéad agus dá chumhdach dhó féin, mar atá an saoghal agus an
cholann; agus fós bíd ceathrar oile 'na bhfochair sin, ag forfhaire
7370]
an pheacthaigh, agá choimhéad i gcarcair na coire.
An céad-choimhéadaighe dhíobh, an mhuinighin bhíos ag duine as a
bhríoghaibh corpardha agus as a mhaoinibh saoghalta. Is 'na
fhioghair so atá aní léaghthar san treas caibidil don chéid-leabhar
do Leabhraibh na Ríogh, mar do-chuaidh Samuel, ar
7375]
mbeith 'na mhacaomh dhó, an tan do ghairm Dia é, i ndáil
7380] An dara coimhéadaighe, an dóchas bhíos ag duine ré leasughadh do
dhéanamh i ndeireadh a ré. Is air so labhras Solamh san .37.
caibidil in Ecclo., mar a n-abair, praesumptio nequissima multos
perdidit is mór do chuir an t-andóchas ro-urchóideach amudha.
Ionann sin ré a rádh agus gurab mór dona
7390] daoinibh damantar trés an
ndóchas bhíos aca ré huain aithrighe d'fhagháil i n-aimsir an
éaga, agus dá bhríogh sin do-bheir i seachmall a déanamh 'na ham.
An treas coimhéadaighe, an gean bhíos ag neach ar an
7395] bpeacadh. Bí
iomorra an uiread soin do cheangal ag an bpeacadh ar an duine, go
gcuireann ar a chumas féin é, ionnus nach féadann dealughadh ris.
Agus is dá chur so i gcéill atá aní léaghthar san cheathramhadh
caibidil déag ag Lúcás, ar an tí úd lér pósadh bean, tug do
fhreagra go haindiúid ar theachtaire a thighearna, nár fhéad
teacht ar a chuireadh; agus is eadh fa-deara
7400] soin, mar do bhí
ceangailte i lúbaibh na locht. Agus is 'na fhioghair so atá aní
léaghthar san seiseadh caibidil déag do Leabhar na mBreitheamhan,
mar a léaghthar, an tan do-chuaidh Samson do shuirghe ris an
meirdrigh Dalila, gur chuireadar na Filistínigh lucht forfhaire
ar gheataidhibh na cathrach d'fhastódh
7405] Samsoin astoigh. Mar an
gcéadna, an tan téid an duine do shuirghe ris an antoil, cuirid na
heasgcáirde úd do luaidheamar thuas mar atá an diabhal, an saoghal
agus an cholann, droch-dhúile
Agus is dá chur so i gcéill atá an finn-sgéal filidheachta
chumas ughdar dh'áirithe ar an mathghamhain mór, mar atá go
7420] raibhe
'na pheata ag duine uasal, agus gur chuir an duine uasal, tré iomad
ceana air, ós cionn choire mheala é. Agus níorbh áil leis-sean
an mhil do fhromhadh; agus gabhais an duine uasal agá bhrodadh
agus agá choimhéigniughadh ré hól na meala. Gidh eadh, níorbh
fheirrde dhó. Leis sin beiris an duine uasal
7425] ar chluasaibh
air, agá tharraing go heasaontach ré fromhadh na meala; agus tré
iomad déistine rés an mil tug an mathghamhain súghadh foirtill
foiréigneach ar a chúlaibh, gur léig a chluasa uaidh i lámhaibh an
duine uasail. Leathais ainn-séin an duine uasal a lámha timcheall
a chuirp, agus tógbhais ós cionn an
7430] choire é, agus tomthar leis a
cheann san choire go cúláiribh. Gidh eadh, mar do-chuaidh an
mhil fá chúláiribh an mhathghamhna, do ghabh agá hól go
hainmheasardha. Agus an tan do mhothuigh an duine uasal é go
híotmhar iomarcach agá hól, do ghabh agá bhrodadh uaithe, agus
níor ghluais seisean leis sin. Cuiris ainn-séin
7435] an duine uasal a
dhá láimh i n-earball an mhathghamhna, agus do-bheir tarraing
tar ais air. Agus léigis an mathghamhain an t-earball lais, mar
gurbh usa leis a chaill ioná an mhil do thréigean iarna fromhadh
dhó.
An dáil chéadna theagmhas do mhórán do dhaoinibh óga an
7440]
tsaoghail se. An tráth bhíd i n-ionnracas is leasg leó mil na
mailíse agus na míghníomh do fhromhadh. Gidh eadh, an tan bhlasaid
í, agus léigid óna cleachtadh fá chúláiribh a gcoguais í, is usa
leó a gclú agus a gconách saoghalta agus a sláinte chuirp agus anma
An ceathramhadh coimhéadaighe, faitcheas na breithe aithrighe do
chuirfeadh an t-oide faoisidneach ar an bpeacthach.
7450]
Amhail iomorra do-ní fiadh-chapall don chapall mhín ó neamh-aithighe na
cuinge, agus tré bheith ar an bhfásach mar aon ris an ngroigh
dhó, ionnus an tan bheirthear do láthair na hudhama é, gabhaidh
crioth agus anbhuain é, agus saoilidh nach bí teacht ón bhfeidhm
sin aige féin; mar an gcéadna don duine théid ó
7455] bheith mín
ceannsa fá chuing chrábhaidh agus fá udhaim ionnracais ar sgor
uaibhrigh na hantoile fá fhásaighibh fiadhamhla an pheacaidh, an
tan bhíd oireamhain na heagailse, mar atáid eagnaidhigh agus lucht
síolta agus seanmórtha na suibhisgéal ag iarraidh a chuirthe fá
chuing aobhdha na haithrighe, gabhaidh
7460] crioth agus gráin é,
d'eagla thruime na breithe aithrighe; agus tig de sin go meinic go
n-anann fiadhánta, go nach faghthar ar ná obair ionmholta uaidh.
Agus is ar an tí bhíos san riocht so labhras Isaias san .57.
caibidil, mar a n-abair, cor impii quasi mare fervens croidhe
an pheacthaigh amhail fhairrge ar fiochadh. Ionann
7465] sin ré a rádh, agus amhail
bhíd tonna anfadhacha ar luasgadh agus ar luadhaill, ag tuargain a
chéile san muir, agus ag coimmeasgadh a chéile druim ar dhruim,
gurab mar sin bhíos muir na mímhéine agus fairrge an pheacaidh lán
d'anfadh uaille agus urchóide i n-aigian na hintinne, go
gcommbuaidhearthar croidhe an chiontaigh leó; agus
7470] go dtig dhe
sin nach iontaobha leis dol fá bhreith charad ná chléirigh, ná a
gcomhairle do dhéanamh, iar mbeith damanta dhó do bhreith a
choguais féin.
Léaghthar san dara caibidil déag do Ghníomharthaibh na nApstal, an tan do gabhadh Peadar, gur cuireadh dá ghéibheann
7495] Tuig fós, amhail léaghthar san dara caibidil déag thuas do
Ghníomharthaibh na nApstal, gur orduigh Ioruaith dias ré
forchoimhéad Pheadair, do ló agus d'oidhche, an gcéin dobhaoi
san bpríosún. Mar an gcéadna do-ní an diabhal ris an bpeacthach,
an gcéin bhíos i gcarcair na coire nó i mainnir na mí-mhéine,
7500]
cuiridh dias dá fhorchoimhéad, mar atá an saoghal agus an cholann,
do ló agus d'oidhche .i. 'na shláinte agus 'na ghalar; ionnus an
tráth thig aingeal na comhairle móire, mar atá Críost, dá
chuireadh ré triall as an dochraide sin, nach léigeann eagla na
forfhaire sin dó aonmhachtain dol ar fheis bheannuighthe
7505] na glóire
suthaine; agus fós go dtabhair diúltadh do Chríost do-bheir
cuireadh dhó, agus go leanann do chomhairle na ceitheirne bhíos
'na thimcheall, mar atá an cholann agus an saoghal.
Do réir mar is iontuigthe as an bhfábhaill-sgéal léaghthar ag
7510]
Lúcás san cheathramhadh caibidil déag, mar a luaittear an cuireadh
tugadh lé duine dh'áirithe do mhórán, agus do éimdheadar go
háirithe triúr dol ar an gcuireadh. An céid-fhear, an tí do
cheannuigh chúig cuingreacha damh, agus adubhairt go rachadh dá
bhfromhadh. Ag so an sanntach, do-ní comhairle an tsaoghail,
7515]
agus chuireas a chúig céadfadha, nó chreanas iad ré feidhm do
dhéanamh don tsaoghal, agus anas i mbroid aige. An dara fear, an
tí do cheannuigh baile. Ag so an díomsach, 'na mbí uaill-mhéin ré
forlamhas flaithis agus ré haird-chéimibh saoghalta d'fhagháil,
agus bhíos i ndaoirse ag an diabhal. An treas fear,
7520]
an tí lér pósadh bean, agus do loim-dhiúlt dol ar an bhfeis. Ag so an
drúiseach, bhíos i moghsaine ag measgán mhearbhaill mhacnasa na
colna. As an bhfábhaill-sgéal so is follus go mbí an céid-fhear
úd .i. an saoghal, agus an treas fear .i. an corp, ag congbháil
anma an pheacthaigh i gcathair ghriobháin na
7525] coire, as nach léir
dhó a leas do lorgaireacht, tré aimhréidhe áruis na hurchóide,
agus tré dhoilbh-cheó dhoiléir an pheacaidh. As gach ní dá
ndubhramar is iontuigthe, an tan do-ní duine peacadh marbhthach, go
mbí an t-anam ceangailte fá bhroid na n-easgcarad so
luaidheamar, agus go háirithe go mbí an cholann
7530] 'na chealg-námhaid
chinn teallaigh aige, agus gurab í is doichte agus is
docraide cheanglas agus chréacht-loiteas é, do
réir Boethius 3[ordm ] de Consolatione, mar a n-abair, nulla pestis
efficacior ad nocendum quam familiaris inimicus ní fhuil pláigh
is éiffeachtaighe ré dochar do dhéanamh ioná an easgcara
mhuinnteardha.
7535] Is uime sin do-ní Augustine naomhtha éagnach agus iomchasaoid
air féin, san seachtmhadh leabhar ro sgríobh ar an bhFaoisidin,
mar a n-abair, ligatus sum non ferro alieno, sed mea ferrea
voluntate do bhádhas ceangailte, ní lé hiarann comhaightheach,
acht lém thoil iarnaidhe féin. Dá chor i gcéill
7540] an tan fá hóg
é, go gcuibhrigheadh an cholann le huaill agus lé hainmhianaibh
é. Agus mo thruaighe, is iomdha duine, go
Atá fábhaill-sgéal ag Lúcás san seiseadh caibidil déag ar an
7545]
bhfeadhmannach do chuir cuid a thighearna amudha, mar a
ndubhairt, fodere non valeo, mendicare erubesco ní fhéadaim
romhar do dhéanamh; is nár liom iarratas do dhéanamh. As so is
iontuigthe, an tí chuirthear a feadhmannas lé Dia tréna olcaibh, go
mbí an céad-ghlas úd fá bhrághaid a mheanman,
7550]
mar atá tréigean na maitheasa, ionnus nach féadann oibriughadh do réir na beatha
gníomhaighe, ná na beatha cráibhthighe. Tuigthear fós go mbí an
dara géibheann fá anam an pheacthaigh, an tan cheangailtear i
gcoir na colna é, do réir an fhábhail-sgéil léaghthar ag Lúcás
san cheathramhadh caibidil déag, mar
7555] a luaidheann go dtug an tí lér
pósadh bean loim-dhiúltadh dá thighearna fá dhol ar cuireadh leis,
an tan adubhairt, uxorem duxi, ideo non possum venire do phósas
bean, ar an adhbhar soin ní fhéadaim teacht. Go fáthach, créad is
iontuigthe as an samhlughadh so, acht an tí cheangailtear lé coir na colna,
7560]
go mbí glas-shnaidhm dosgaoilte aice ar a anam, go
raobthar lé hord na haithrighe í. Agus is maith an teagasg do-bheir
Dáibhídh Rí don duine ré hé féin do choimhéad ón ghábhadh
so, mar a n-abair ris an duine san .33. Salm, declina a malo et
fac bonum claon ón olc agus déana maith. Óir dá seachantar an
7565]
t-olc leis agus an mhaith do dhéanamh, ní heagail dó teagmháil
i ngaistibh an pheacaidh. Gidh eadh, an tí théid tar chomhairle
an ríogh-fháidh, is guais dó go dteigéamhaidh i bpainntéar an
pheacaidh.
Is trés an nguais se do bheith i gcionn an duine, fhoráileas
7570]
Críost ar na daoinibh i gcoitchinne bheith ar a gcoimhéad i
n-oirchill ar na holcaibh se, mar a n-abair riú san .24.
caibidil ag Matha, estote parati, quia nescitis diem neque horam
bíthe ollamh, óir ní feas daoibh lá ná uair. Dá chor i gcéill gurab
Idque ipsum quod vivo, velut rapidissimus amnis,
7600]
qui sursum exoriens semper ad ima fluit.
An Ghaoidhealg:
A briathraibh an ughdair se is iontuigthe gurab diombuan beatha nó ré an duine ar an saoghal so, mar go samhailtear leis
- Cosmhail mo bheatha ré heas,
fáth dom chor i gceas ag triall,
mar éirgheas d'fhoiléim aníos,
7605] téid ar a hais síos go grian.
7615] Tar ceann go dtugthaoi ré fhada d'aithreachaibh an tsein-reachta,
mar go maireadh fear dhíobh seacht gcéad bliadhain, agus
fear oile ocht gcéad bliadhain agus neach oile naoi gcéad bliadhain
agus ós a chionn, amhail adubhramar san chéid-leabhar, más eadh,
is follus gurab luaithe bhíos an bás ag cor na ndaoine
7620]
fá ghreim anois ioná anall-ód. Agus saoilim gurab dá chur so i gcéill atá
aní léaghthar ag Ezec. san naomhadh caibidil, mar do
taidhbhrigheadh dhó aingeal go gcosaibh agus go sgiathánaibh, agus
go bhfacaidh é ar dtús ag céimniughadh léna chosaibh agus dá éis
sin ag eitill léna sgiathánaibh. Go fáthach, is é an
7625] t-aingeal úd
teachtaire Dé .i. an bás, agus is eadh chialluighid na cosa ar a
gcéimnigheadh, an maill-triall do-níodh anall-ód ag cor na
n-ard-aithreach fá ghreim; na sgiatháin iomorra lé ndéanadh
eitill, an luas do-ní sna haimsearaibh se, lé gcuireann na daoine
fá ghreim dá bhfuadach leis; ionnus
7630] gurab ionann sgiobas dá sgríb
an naoidhin agus an leanbh agus an macaomh, an t-ógán, an fear, an
seanóir, agus an t-athlaoch. Gonadh dá éagcaoine sin adeir Iob
san naomhadh caibidil, dies mei velociores sunt cursore is luaithe
mo laithe ioná reathaidhe. Dá chor i gcéill nach éasga
chríochnuigheas an reathaidhe a
7635] réim ag triall go ceann a sgríbe
ioná mar chríochnuigheas an duine bocht a bheatha san réim
aimseardha so, mar go n-aimsigheann an bás ar gach aon-fhód é.
Gonadh dá chor sin i gcéill atá Virgil ag tabhairt teasta ar an
éag, mar a labhrann ar bhás a chodhnaigh. Ag so mar adeir:
7640]
Illa rapit iuvenes, prima florente iuventa,
non oblita rapit sed tamen illa senes.
- Ní léigfe an bás, buan an ghoimh,
mairg is ciontach fá a chomhair,
7645] do lucht an bheatha, is dearbh dhóibh,
an leanbh seacha ná an seanóir.
Léaghthar ag Plutarchus i mbeathaidh Romulus go ndearnaidh
Romulus teach tearmainn, fá dídean do gach aon ar a mbiadh guais
nó coir bháis, acht go roicheadh ann. Mar an gcéadna
7650]
do Romulus mhór .i. Dia uile-chumhachtach, do-rinne teach tearmainn i
gcomhair an chinidh dhaonna, mar atá bioth-chuimhne an bháis.
Óir ní san bhás chorpardha atá guais, acht i mbás na hanma; agus
fós, is é gnáth-smuaineadh an bháis chorpardha tearmann is dísle
againn dár ndídean ar bhás na
7655] hanma. Agus is 'na fhioghair sin
atá aní léaghthar san .21. caibidil don treas leabhar do Leabhraibh
na Ríogh ar Achab. Óir, an tan do mhothuigh é féin i nguais tré
fheirg nDé do thuilleamh, do-chuaidh dá chumhdach féin ar
coimirce agus ar tearmann an luaithridh, maille réna chrothadh air,
agus ré luighe
7660] ann. Dá chor i gcéill gurab mar an gcéadna
dhleaghair dona daoinibh do dhéanamh, mar atá luaithreadh na
somharbhachta do chrothadh ar a gcoguasaibh, agus luighe ar léir-
mheas do dhéanamh ar gach anfhochain dá dtig do thoisg an bháis orra.
Is uime sin adeir Iob san deachmhadh caibidil ag iarraidh
7665]
anacail ar Dhia do bhíthin bheith san teach tearmainn úd, mar atá i
smuaineadh na somharbhthachta agus na luaithe dá
Is cosmhail iomorra so leis aní léaghthar ag Ammianus san .23.
leabhar, mar a n-abair go bhfuil neimh dh'áirithe
7675]
loisgneach ann, lasas do láthair boill an tí ré mbeanann sí; agus gurab eadh is
leigheas di, luaithreadh nó cré do chrothadh ar an mball bhíos
galrach, agus go n-íocann do láthair é. Mar an gcéadna, an tan
lingeas neimh nathrachda an pheacaidh san anam, go leighistear lé
crithir do chuimhne an bháis é, an
7680] mhéid go dtig do chuimhne an
bháis an mheanma do mhusgladh ré déanamh aithrighe. Is i
bhfioghair aneithe céadna so atá aní léaghthar ag Matha san dara
caibidil, mar do hoffráileadh leis na draoithibh miorr d'Íosa san
Bheithil mar asgaidh, do chor na somharbhthachta i gcuimhne dhó.
Íoc-luibh iomorra
7685] an mhiorr, lé gcaomhantar cuirp na marbh gan
truailleadh. Mar an gcéadna don íoc-luibh úd, mar atá cuimhne an
bháis, do-ní caomhna agus cumhdach ar an gcoguas, ionnus nach
léigeann dó truailleadh do ghabháil.
Léaghthar ag Ortellius in Theatro go mbíd na cnámha i
7690]
gcrích dh'áirithe mar mhonadh, agus go gcuirid mar óir-chiste i
dtaisgidh iad. Créad is iontuigthe as so, acht gurab é meas lucht
na críche sin ar chuimhne an bháis, gurab ionnmhus agus óir-chiste
é, mar go mbíodh meas óir nó ionnmhusa aca ar na cnámhaibh do-
bheireadh an bás 'na gcuimhne?
7695] Go bhfios damh, is suaithnidh somholta aní do-rinne an feallsamh
Diogenes, do réir mar léaghthar in Apoph. An tan
- 7740] Úir mo charad seoch úir oile
ní aithnim, is í san uaigh;
ag so im láimh é, 's ní aithnim,
cnáimh an té do aithninn uaim.
Ó atá an anfhochain se go coitcheann i gcionn na ndaoine,
7745]
ré hucht imirce do dhéanamh as an saoghal so, is eadh dhlighid, a
n-earradha ionaonaigh ionnracais agus a gceasa caon-dúthrachta
crábhaidh do thógbháil, agus trom-lód liosta na locht d'fhágbháil
dá n-éis, agus gan anmhain ré léir-thionól gacha truise talmhaidhe
dá mbí aca, acht deithneas agus deithbhir do dhéanamh ré triall,
7750]
amhail do-rinneadar Clanna Israel, ré mbeith ag triall as an
Éigipt dóibh; do réir mar léaghthar san dara caibidil déag in
Exodo: tulit populus conspersam farinam antequam fermentaretur do
thógaibh an pobal an mhin chomhchroitte, sul do cuireadh gabháil
innte. As so is iontuigthe go raibhe deithbhir lán-mhór
7755]
ar phobal nDé ré himtheacht a hanbhroid éagcoimsigh na hÉigipte agus ré
rochtain Tíre Tairrngire. Mar an gcéadna dhligheas gach aon
deithbhir agus dícheall do dhéanamh ré triall a hÉigipt
urchóidigh an tsaoghail se go Tír Thairrngire an fhlaitheasa
neamhdha, atá dhá tuar agus dá tairrngire dhúinn
7760] ó thús an domhain.
Gidh eadh, a dhuine, is móide is in-eagluighthe dhuit guais na
slighe atá romhat, gurab láimh ré ceann sgríbe do bheatha iarras do
námhaid árach ort. Is iontuighthe sin as aní léaghthar san .33.
caibidil in Genesi, mar a gcuirthear síos nár iarr Esau árach
ar Iacob an gcéin do
7765] fhuirigh i bhfochair Laban, dar
chliamhain é. Gidh eadh an
Léaghthar san aonmhadh caibidil déag in Levitico fioghar as a
dtuigthear gurab diomdhach Dia don druing nach cuireann
7795]
inneall aithrighe orra féin go beith ré hucht éagtha dhóibh, mar a
n-áirmheann an eala idir na hainmhinntibh amhghlana, acht giodh
cruthach caomh-álainn í, do bhríogh nach canann ceól náid séise
síth-bhinne acht an tan bhíos ré bruinnibh báis. Mar an gcéadna
is inmheasta go coitcheann gurab anam amhghlan
Measaim gurab ar an druing do-ní Dia bagar go fáth-rúnda san .29.
caibidil ag Ieremias, mar a n-abair, gladio, fame, et peste
consumam eos caithfead amach iad lé cloidheamh, lé gorta, agus lé
7805]
pláigh. Dá chor i gceill, tré bheith seachmallach fá shláinte
a n-anmann, go n-imeóradh smacht géar-ghonta lé trí
sgiúrsadhaibh neimhneacha orra, mar atá cloidheamh, gorta, agus
pláigh. Go fáthach, is eadh chialluighid na trí hairm se lé
ndéantar lot an pheacthaigh, na trí báis do luaidheamar san
chéid-leabhar, mar
7810] atá an bás corpardha, bás na coire, agus bás na
péine, fhuilngeas Dia do thoidheacht ar an éagcráibhtheach i
ndeireadh a ré.
Ar dtús, fuilngidh cloidheamh an bháis chorpardha do bhualadh
air, lé dteasgthar an t-anam dá chorp, ar mbeith d'fhaobhar
an chloidhimh sin i n-áirithe ag gach aon, do réir
7815]
Phóil san naomhadh caibidil gusna hEabhraidhibh, mar a n-abair, statutum
est hominibus semel mori do horduigheadh dona daoinibh bás
d'fhagháil aoin-fheacht amháin. Dá chor i gcéill nach téid
aon-duine as ó bhuille an chloidhimh úd an bháis chorpardha,
agus dá réir sin go mbuailtear buille báis leis ar an
7820]
bpeacthach mar chách.
An dara sgiúirse lé ndéantar an peacthach do phríomh-lot, gorta,
mar atá bás na coire. Óir, mar is iad na biadha corpardha is
oileamhain chorpardha don cholainn, do ruagadh a hocrais uaithe,
mar an gcéadna is é grás Dé is oileamhan spioradálta
7825]
don anam, do ruagadh íota na hantoile agus ocrais na hurchóide uaithe. Agus is
í an ghorta so atá ag Dia dá bagar ar na peacthachaibh úd, amhail
léaghthar san .65. caibidil ag Isaias, mar a n-abair, ag
labhairt ris an druing sin, servi mei comedent, et vos esurietis
íosfaid mh'óglacha-sa, agus biaidh ocras oraibh-se.
7830] Dá chor i gcéill go dtabhair sásughadh spioratdha grás dona
fíréanchaibh do-ní feidhm friochnamhach dhó féin, agus do-bheir go
deithbhireach dearna ré dubháilcibh agus ucht ar aithrighe, agus
rénar milis mianghusach bheith ag crúdh a chumainn agus ag diúl a
dhíoghraise, an tan bhíos ag tál trócaire orra. Bí an peacthach
7835]
cheana ag feódh, agus ag dol i seirg-lighe, d'easbaidh na ngrás
do-bhéaradh oileamhain spioratdha dhó, dá dtiocfadh a choguas
do bheith slán soinnmheach ré saothrughadh soighníomh do-bhéaradh
sláinte dá anam, agus lé bhféadfadh ballán sláin-íce na beatha
suthaine do shlogadh go haigian an anma.
7840] An treas sgiúirse, pláigh .i. bás na péine. Agus is í an phláigh
se do-ní Dia do bhagar ar na peacthachaibh dúra domhúinte, ris nach
fiú leasughadh na locht do dhéanamh, ná eatal aithmhéile amháin do
thabhairt mar ainsile do Dhia i n-íoc a n-uilc. Ag so mar
adeir, san chaibidil déidheanaigh ag Isaias, ignis eorum non
7845]
extinguetur ní múchfaidhear a dteine súd. Ionann sin ré a rádh
agus go mbí pláigh na péine ifreannda 'na torn teintidhe gan
traothadh, ag losgadh agus ag lonn-bhruith an luchta nach tabhair
lámh fá leasughadh a locht san bheathaidh se.
Is iontuigthe as aní léaghthar san dara caibidil déag do
7850]
Leabhar na dTaidhbhreadh nach bí tearmann ag druing ar bioth, dá n-airde i
gcéimibh saoghalta, ó na sgiúrsadhaibh se. Ag so mar adeir Eóin
san chaibidil chéadna, ecce draco magnus rufus, habens capita
septem, et cornua decem, et in capitibus eius diademata septem
féach dragún mór ruadh, 'gá bhfuilid seacht gcinn, agus
7855]
deich n-adharca, agus seacht rígh-mhionna ar a cheannaibh. Go
fáthach, is é an dragún dearg-ruadh úd at-chonnairc Eóin an
bás folamhail; agus na seacht gcinn chorónta úd, na seacht gcéime
onóra bhíos corónta san mhaitheas phuiblidhe, mar atáid Pápa,
Impir, Rí, Prionnsa, Diúice, Marquéis, agus Iarla; na deich
7860]
n-adharca, na cumhachta bhíos ag an mbás ar na seacht drongaibh
se; agus cuirthear an uimhir chinnte, a deich, ar son nuimhreach
- Truagh, a bháis, do neart,
nach gabh ceart ná cóir,
mar chuirthear fád smacht
7870] ríoghraidh na n-at n-óir.
Gidh eadh, ní hé an bás corpardha is ionchuir i suim san áit se,
acht bás aigmhéil na hanma. Ní mó is iad galair gháibhtheacha an
chuirp is oircheas d'éagcaoine, acht aingcise anbháile na hanma,
agus fiabhrais an pheacaidh. Is córaide a mheas gurab
7880]
fiabhrais na peacaidh, aní léaghthar ag Ambrós naomhtha san cheathramhadh
leabhar dá leabhraibh foirceadail, mar a sgríobhann ar an
gceathramhadh caibidil ag Lúcás. Ag so iomorra mar adeir,
febris nostra avaritia est, febris nostra luxuria est, febris
nostra libido est, febris nostra ambitio est, febris nostra
7885]
iracundia est ar bhfiabhrais-se an tsainnt, ar bhfiabhrais-ne an
mhian-bhruith, ar bhfiabhrais-ne an drúis, ar bhfiabhrais-ne
an uaill-mhian, ar bhfiabhrais-ne an fhearg. As na
briathraibh se is iontuigthe gurab iontsamhluighthe na peacaidh agus
na prímh-fhiabhrais ré chéile. Agus atáid sé gnéithe fiabhrusa ann lé
7890]
gclaoidhtear an cholann go sonnradhach. Agus atáid sé gnéithe
peacadh ann fhreagras dóibh sin, ó ngeintear othrais na hanma,
do réir mar chuirfeam síos annso.
An céid-fhiabhras díobh, dá ngoirthear quotidiana .i.
fiabhras creathach chuireas saoth sealaid gach n-aon-lá. Agus atá
7895]
fiabhras spioraddha ann fhreagras dó sin, dá ngoirthear craos, lé
ndéantar turnamh na hanma. Atá fábhaill-sgéal ag Lúcás san
seiseadh caibidil déag ar an saidhbhir sádhail ar a raibhe an
fiabhras so, dá dtáinig a bhás agus a adhnacal i n-ifreann. Óir
an fleadhughadh laothamhail do-níodh, fá fochain bháis spioratdha
7900]
dá anam é. Mar an gcéadna, gach aon bhroinn-líonas é féin go
hairceasach gach aon-lá, bí an fiabhras céadna air, agus tig éag na
hanma dhe.
An dara fiabhras, dá ngoirthear erratica .i. fiabhras seachráin
dá dtig a lúth agus a láthar do chaill do neach. Agus atá
7905]
fiabhras spioratdha ann fhreagras dó sin, dá ngoirthear leisge, cheanglas
céadfadha an chuirp agus acfuinne na hanma, ionnus nach léigeann do
neach lúth ná luadhaill do dhéanamh, ré déanamh maitheasa do Dhia
ná dá chomharsain; agus dá bhíthin sin tig bás na hanma dhe.
7910] An treas fiabhras, dá ngoirthear tertiana, gné fhiabhrais
chuireas taom tamaill gach dara lá ar an othar; agus bí fuacht
foiréigneach i dtús a theadhma, agus teas ainmheasardha dá éis sin.
Atá fiabhras spioratdha ann dá ngoirthear formad, 'na mbíd na cáile
céadna. Ar dtús iomorra bí fuacht oighreata an
7915]
fhuatha ann, lé múchtar teas grádha Dé agus na comharsan i dtoil an tnúthaigh. Bí
fós teas forloisgthe na feirge i n-aigneadh an tnúthaigh, agus dá
thoisg sin tig lot na hanma dhe.
An ceathramhadh fiabhras, dá ngairthear continua .i. fiabhras
leaptha. Gnáth-thaom iomorra sin, ó nach faghthar faothamh
7920]
go fagháil bháis nó shláinte don othar. Agus atá fiabhras
spioratdha ann fhreagras dó so, dá ngairthear sainnt, bhíos ag
sámh-chnaoi agus ag seargadh an tsanntaigh do shíor. Agus is ar
an sanntach so labhras Solamh san .14. caibidil in Ecclo. mar
a n-abair, non satiabitur pane sed indigens, et in tristitia erit super
7925]
mensam suam ní sáiseóchar é lé harán, acht go n-easbaidh,
agus biaidh i dtoirrse ar a bhord féin. Ionann sin ré a rádh agus
nach sáiseóchaoi ar a bhord féin an sanntach lé harán .i. leis an
saidhbhreas do bhiadh aige, agus go mbiadh i dtoirrse ar bhord
na péine ifreannda. As so is iontuigthe go marbhann fiabhras
7930]
na sainnte an t-anam nach faghann faothamh uaithe san
bheathaidh se.
An cúigeadh fiabhras, dá ngairthear quartana .i. fiabhras
creathach tig ar neach an ceathramhadh lá; agus is gnáth tinneas
cinn ar an tí ar a mbí. Agus atá fiabhras spioratdha ann
7935]
fhreagras dó so, dá ngairthear díomas. Agus amhail bhíos deatach
ag dol i gceann an tí ar a mbí an fiabhras so, óna leanntaibh
loisgneacha bhíos 'na ghoile, go mbuaidhearthar ceann an othair
leó, mar an gcéadna bhíos deatach díomusa ag éirghe ón aol-ghoradh
uabhair bhíos ag éirghe a grinneall chroidhe an
7940] díomsaigh, go
mbuaidhearthar mullach meanman an díomsaigh lé huaill atmhair i
n-aigeantaibh a mhéine. Gonadh uime sin adeir Dáibhídh Rí
ag labhairt ar na díomsachaibh san .73. Salm, superbia eorum qui
te oderunt ascendet semper éirghidh suas do ghnáth díomas na
druinge fhuathuigheas tú. Dá chor i gcéill,
7945] an dream rénar
fuathmhar Dia a los an díomusa, go mbí deatach dhubháilceadh agus
doimhéine ag éirghe a híochtar amhghlan a n-aigeanta, go measgthar
an mheanma leó; agus tig don urdhubhadh aigeanta sin, go ngabhann
diúdán iad, agus de sin nach féadaid triall go díreach i raon na
haithrighe, acht bheith ag cais-iompódh
7950] ar a gceanaibh, agus agá
n-únfairt 'na n-olcaibh féin do ghnáth.
An seiseadh fiabhras, dá ngoirthear hectica .i. fiabhras do-bheir
teas mailíseach i mballaibh an duine, dá dtig an t-othar do
sheargadh agus do shámh-chnaoi, go gcailleann a lúth agus a
láthar, go spealtar amach ainn-séin é, go n-éagann amhlaidh sin. Atá
7955]
fiabhras spioratdha ann fhreagras dó sin, dá ngairthear drúis,
'na bhfuilid na cáile céadna. Agus is ar an bhfiabhras so na
drúise labhras Iob san .31. caibidil, mar a n-abair, ignis est
usque ad perditionem devorans teine í (ar sé) chraos-shloigeas go
críoch-caitheamh. Dá chor i gcéill go mbí an fiabhras úd pheacaidh
7960]
na drúise ag fadódh agus ag folosgadh go folaightheach
i mballaibh an drúisigh agá sheargadh, go spealtar fá dheóidh dhe
gach blás dá mbí air, mar atá a choguas, a chlú agus a chonách
saoghalta, agus fós somhaise agus sláinte a chuirp. Is uime sin
adeir Iob san chaibidil chéadna, pepigi foedus cum oculis meis,
ut ne cogitarem
7965] quidem de virgine do cheangail mé connradh rém
shúilibh, ionnus nach smuaininn ar mhaighdin idir. Dá chor i
gcéill go raibhe an uiread soin d'uamhan agus d'imeagla air ré
fiabhras pheacaidh na drúise, nach eadh amháin do chuir roimhe a
sheachnadh do ghlór agus do ghníomh, acht fós gur chuir roimhe
álghus agus
7970] accobhar a intinne do thoirmeasg ó smuaineadh ar
pheacadh na drúise.
Cuiridh Críost riaghail chinnte síos, lé bhféadfadh an duine é
féin do leigheas agus do lór-choimhéad óna fiabhrasaibh réamhráitte,
agus óna leithéidibh oile, amhail léaghthar ag Matha san
7975] seiseadh
caibidil déag, mar a n-abair, qui vult venire post me abneget
semetipsum, et sequatur me an tí rénar toil teacht im dhiaidh-se,
diúltuigheadh dó féin, agus leanadh mise. Is follus gurab riaghail
chinnte ré slánughadh agus ré sár-chaomhna a duine ón uile
pheacadh, stiúradh a mheanman agus a chéadfadh do
7980] thabhairt do
Chríost, agus triall ar a threóir in gach slighe 'na seólfadh an
duine; agus dá ndearna soin, is dearbh gurab i slighe na
subháilceadh agus na síor-shláinte thriallfas, agus mar an gcéadna
go gcuiridh cúl ris na coiribh go coitcheann. Óir ní héidir a
Tuig fós, do réir na riaghlach thuas, an tí thréigfeas é féin mar
cheannach ar Chríost, nach inmheasta go dtréigfidhear Críost leis
ar ainmhian san bhioth do chuirfeadh i gceachtar dona
fiabhrasaibh réamhráitte é; do réir mar adeir Eóin san
8010]
treas caibidil don chéid-Eip. ag labhairt ar Chríost omnis qui in eo
manet non peccat an tí anas ann ní dhéin peacadh. Is follus as
so, an tí chomhnaidheas i gCríost, nach déin peacadh. Is follus as
an chaibidil chéadna nach bí aithne ar Chríost ag an tí
pheacuigheas, agus nach mó at-chíthear Críost leis. Ag so
8015]
briathra Eóin, et omnis qui peccat non vidit eum, nec cognovit eum
agus gach aon (ar sé) do-ní peacadh, ní fhaiceann é, agus ní mó
aithnigheas é. As a ndubhramar is follus gurab treóraighe
8020] Cuiridh S. Augustine síos san .176. Seanmóir ní lé ndearbhthar
so, mar a n-abair, Si unusquisque nostrum subdere suas passiones
sibi studeat, ac super eas stare consuescat, ex ipsis sibi gradum
construit quo possit ad superiora conscendere. Elevabunt nos si
fuerint infra nos, et vititis nostris scalam nobis facimus, si
8025]
vitia ipsa calcamus. Nam cum bonitatis auctore non ascendet malitia, nec
cum magistro humilitatis superbia, nec cum filio virginis libido
atque luxuria. Non, inquam, ascendunt vitia post virtutum parentem,
nec peccata post iustum, nec infirmitates nec morbi possunt ire
post medicum dá ndearna (ar sé) gach aon againn a dhícheall
8030]
réna shiansadhaibh do chur fána chumhachtaibh féin, go gcleachtfadh
seasamh ar a muin, cóirighthear leis céim dhíobh dhó féin, lé
bhféadfadh dol suas gusna huachtaraibh. Airdeóchaid suas sinn dá
rabhaid fúinn. Do-nímíd dréimire dhúinn féin dár lochtaibh, dá
ngabhthar linn dár gcosaibh sna lochtaibh
8035]
céadna. Óir ní théid an mheabhail suas mar aon ré hUghdar na maitheasa, ná an t-uabhar
mar aon ré Maighistir na humhlachta, ná an drúis agus an mhian-bhruith
mar aon ré Mac na Maighdine. Ní theid suas, adeirim,
na lochta i ndiaidh Athar na subháilceadh, ná na peacadha i ndiaidh
an Fhíréin. Fós, ní fhéadaid na
8040] héagcruais ná na galair dol i
ndiaidh an Leagha. As na briathraibh se S. Augustine is
iontuigthe, cibé thurnas a cheana féin, agus chuireas fána smacht
iad, agus nach giallann dóibh, agus fós leanas lorg Críost, nach
féadaid na coire bheith mar aon ris.
Cidhbé rénar maith an raon díreach do leanmhain ar a lorg,
8045]
tugadh dá aire aní léaghthar ag Eóin san seiseadh caibidil, mar a
n-abair Críost, descendi de caelo, non ut faciam voluntatem meam,
sed eius qui misit me do thurnas do neamh, ní ré déanamh mo
thoile féin, acht do dhéanamh toile an tí do chuir uaidh mé. Is
follus as na briathraibh se cia an ród díreach is inleanta ar
Agus an mhéid bheanas ris na sé fiabhrasaibh do luaidheamar thuas,
cuirfeam annso síos sé riaghlacha cinnte fhreagras dóibh,
8060]
mar atá riaghail i n-aghaidh gacha fiabhrusa dhíobh.
An chéid-riaghail, i n-aghaidh an chéid-fhiabhrusa, mar atá an
craos: do réir Ezec. san cheathramhadh caibidil, mar a n-abair,
cibus tuus quo vesceris erit in pondere an biadh ré n-oilfidhear
thú, biaidh do réir thomhais. Ionann sin ré a rádh agus gurab do
8065]
réir mheidhe na measardhachta dhleaghair do duine é féin do
shásadh do bhiadh agus do dhigh. Agus dá ndearna sin do ghnáth
do réir cháile agus chaindigheachta bídh agus dighe, ní heagail dó
an fiabhras úd an chraois.
An dara riaghail, i gcoinne an dara fiabhrusa, mar atá an
8070]
leisge: do réir Sholaimh san chúigeadh caibidil in Ecclo., mar a n-abair,
ne tardes converti ad Dominum, et ne differas de die in diem ná
déana moill fá thilleadh gus an dTighearna, agus ná cuir cairde ó
ló go ló. Ionann sin ré a rádh agus go ndligheann an duine gan a
leas do chor ar ceal ná ar cairde, acht deithbhir agus
8075]
deithneas do dhéanamh ris gach feidhm fíréanta fhéadfas do ghníomh-ghnáthughadh
ré coimhlíonadh thoile Dé do dhruim díchill agus
díoghraise. Agus dá ndearna soin, ní heagail dó lot ná leónadh ó
fhiabhras na leisge do theagmháil dó.
An treas riaghail, i gcoinne an treas fiabhrusa, dá ngoirthear
8080]
formad: do réir Phóil san .13. ca. don chéid-Eipistil gusna
An ceathramhadh riaghail, i gcoinne an ceathramhadh
8090]
fiabhrusa, dá ngairthear sainnt: do réir Mhatha san naomhadh caibidil déag, mar
a n-abair, si vis perfectus esse, vade, vende omnia quae habes, et
da pauperibus, et habebis thesaurum in caelo, et veni, sequere me
mása thoil leat bheith iomlán, imthigh, díol na huile neithe atá
agat, agus dáil do bhochtaibh iad, agus do-ghéabhair
8095]
ionnmhas ar neamh; agus tar, lean mise. Gidh eadh, an dream nach leanann Críost,
is meinic milleadh agus míorath ag teagmháil dóibh san saoghal so; ní
áirmhim an anfhochain thall. Is i bhfioghair aneithe se atá aní
léaghthar san cheathramhadh caibidil déag do Leabhar na Nuimhreach,
ar Chloinn Israel,
8100] mar atá méad na ndochar ndíoghaltach do-rinne
Dia dhóibh trí dhíbhfeirg, tré gan leanmhain do chomhairle
Mhaoise ar an bhfásach, ionnus go rabhadar ar siadhán agus ar
seachrán seachnóin an fhásaigh ré ré .40. bliadhan, agus gan acht
uidhe .40. lá uathaibh go Tír Thairrngire, agus nach ráinig leó
a rochtain ó shoin. Mar
8105] sin dona daoinibh ar fásach an tsaoghail
se, ré triall go Tír Thairrngire an fhlaitheasa neamhdha: an tan
nach leanaid do chomhairle Chríost, ná dá réir do dhéanamh, ní
bhíd acht ag praip-ionntódh ar na peacaidhibh, agus ag cais-fhilleadh
ar na coiribh, go ngabhann diúdán ó na dubháilcibh iad, go nach féadaid
8110]
an chonair chóir do choimhéad ar lorg Críost go neamh.
Agus an tí thoigeóras Críost do leanmhain, gabhadh ar a lorg tré
bhealach bheannuighthe na bochtachta. Is iontuigthe as an riaghail
se, gurab é leigheas dhleaghair do dhéanamh i gcoinne fhiabhrais
na sainnte, an bhochtacht fhírinneach do leanmhain; agus is ionann
8115]
sin agus Críost féin do leanmhain. Óir ní raibhe sealbh shaoghalta
8140] An cúigeadh riaghail, i gcoinne fhiabhrusa an uabhair: do réir
Sholaimh san .29. caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a
n-abair, humilem spiritu suscipiet gloria glacfaidh an ghlóir
an t-umhal ó spioraid. Ionann sin ré a rádh agus go mbí an
ghlóir d'áirithe ag an druing bhíos umhal ó spioraid. Agus
8145]
gach dream 'gá mbí an ghlóir d'áirithe aca, bíd saor ófhiabhras an
uabhair. Contrárdha iomorra dá cheile atá ceann innmhe an díomsaigh
agus an umhail. Óir síos téid an díomsach i n-ifreann, agus suas
ar neamh théid an t-umhal. Is iontuigthe sin a briathraibh
Lúcáis san dara caibidil mar a labhrann ar na
8150]
crothaibh éagsamhla 'na gcuireann Dia an dá dhruing úd. Ag
An seiseadh riaghail, i gcoinne fhiabhrusa na drúise: do réir
Phóil san chúigeadh caibidil don chéid-Eip. go Timoteus,
mar a n-abair, teipsum castum custodi coimhéid tú féin
geanmnaidh. Dá chor i gcéill, cibé choimhéadas é féin go gasta
8160]
geanmnaidh, go mbí saor ó fhiabhras na coire se .i. na drúise.
Tuig, a dhuine, gur choimhéid Críost go cinnte gach riaghail
díobh so, do bhríogh gurab é fein is liaigh ré leigheas gach
othrais anma dá mbí ar an duine, agus go mbeanann ris an liaigh
gcineólta na sioróipe agus na seirbh-dheocha sláin-íce do
8165]
fhromhadh rés an othar, ionnus gomadh lughaide a dhéistin an liaigh
dá bhfromhadh roimhe, agus fós, gurab móide do bhiadh fios a
mbríogh ag an liaigh, é féin dá bhfromhadh rompa, agus mar an
gcéadna fios na ngalar do bheith aige. Gonadh uime sin adeir
Petrus Chrysologus san .150. Seanmóir, medicus qui
8170]
non fert infirmitates, curare nescit, et qui non fuerit cum infirmo infirmus,
infirmo non potest conferre sanitatem an liaigh nach iomchrann na
héagcruais, ní heól dó leigheas do dhéanamh; agus an tí nach
biaidh éagcruaidh leis an easlán, ní fhéadann sláinte do thabhairt
don othar. Ionann sin ré a rádh agus go
8175]
ndleaghair galar comhpáise
agus truaighe do bheith aige don othar. Gonadh uime sin do fromhadh
lé Críost, maille ré truaighe do bheith aige dhóibh ré linn gach
uilc agus gach anfhorlainn dá dteagmhadh dhóibh, mar atá fuacht
agus íota agus ocras, tár agus tarcaisne, aithis agus iomcháineadh,
díbirt agus deóraidheacht, bochtacht,
8180] broid, braighdeanas agus bás;
agus fós, do fromhadh leis féin gach anfhochain díobh.
Is móide is inmheasta gurab liaigh Críost, agus gurab íoc-luibh na hamarráin, aní léaghthar ag S. Augustine, ag sgríobhadh
Is uime sin adeir S. Augustine san ionadh réamhráitte thuas, novit
medicus quid salutiferum quidve contrarium petat aegrotus. Aegroti
estis, nolite ergo dictare quae vobis medicamenta velit apponere
bídh a fhios ag an liaigh créad aní is folláin nó a
8210]
chontrárdhacht iarras an t-othar. Othair sibh, ar an adhbhar soin ná
deachtuighthear libh don liaigh na leighis is toil leis do chur
ribh.
As so is iontuigthe nach dleaghair dhúinn locht d'fhagháil ar
aon-smacht bhus toil ré Dia do dhéanamh orainn, agus nach
8220]
dleaghair dhúinn bheith íogmhar éagcaointeach tré leigheas dá ghéire agus dá
ghoirte chuirfeas rinn. Óir is meinic bhíos an galar comh-guasachtach
soin gurab éigean don liaigh losgadh, gearradh cneis,
agus teasgadh ball do dhéanamh ar an othar, do shúil réna shláinte
d'aiseag dhó. Mar an gcéadna do-ní
8225] Liaigh na hanma ris an tí
shaoileas do shlánughadh. Uime sin adeir Hieronymus ag sgríobhadh
gó a charaid éagcruaidh, artis est medicinae aliquoties ignibus
et ferro curare. Quid mirum si Dominus nostrarum medicus animarum
turbinibus excutiat, calamitatibus purgat beanaidh ris an ealadhain leighis ar
8230]
uairibh leigheas do dhéanamh lé teintibh agus lé hiarann.
Créad an t-iongnadh dá ndearntaoi leis an dTighearna, Liaigh ar
n-anmann, sguabadh le hiomghaothaibh, glanadh le hamhgaraibh?
Ionann sin ré a rádh agus mar go bhfuilngeann an t-othar
corpardha iomad fualaing tré shíneadh láimhe an leagha corpardha, mar
8235]
cheannach ar shláinte a chuirp, mar an gcéadna is mó sa
chách dhleaghair don tí ar a mbí othras na hanma foidhide do
dhéanamh ris gach síneadh láimhe dá dtabhair Liaigh na hanma dhó,
dá ghéire agus dá ghoimheamhlacht do bhiadh an síneadh láimhe,
bíodh gomadh gnáth-ghalar goithneach géir-neimhneach, nó
8240]
caill chloinne nó chonách é.
Is córaide dá gach othar sin do dhéanamh gurab do thuar a shláinte
ghortuighthear leis an liaigh é. Gonadh uime sin adeir Hieronymus
san Eipistil do sgríobh go Hamandus, non parcit medicus ut parcat,
saevit ut misereatur ní choigleann an
8245] liaigh go gcoigleadh;
gabhaidh dásacht é go ndearnadh trócaire, nó go ngabhadh truaighe
é. Ionann sin ré a rádh agus nach gabhann gan síneadh láimhe,
sioróipe agus seirbh-dheocha do thabhairt don othar, dá neamh-thoil,
do shúil ré coimhéad agus ré coigilt a shláinte dhó; agus
fós, go ngabhann fearg agus dásacht
8250]
an liaigh ris, ar a leas, an tan bhíos ag diúltadh aneith budh
An chéad-mhodh dhíobh, lé tréidheanas, nó lé trosgadh. Ag so réim
leighis do coimhéadadh lé hElias ré ré .40. lá go rochtain
shléibhe Oreb dhó. Mar an gcéadna do Mhaoise, agus
8270]
do Chríost féin. Do choimhéid fós Eóin Baiste réim tréidheanais
feadh a ré. Do choimhéadadar fós na hil-mhílte do naomh-aithreachaibh
agus do naomh-óghaibh an tsein-reachta agus na Nua-fhiadhnaise,
an réim se an troisgthe agus an tréidheanais, mar is
follus a mórán d'áitibh an Scrioptúra, agus a mórán do stairibh
8275]
do sgríobhadh lé roighne ríogh-ughdar na heagailse, budh liosta ré a
gcur síos annso. Agus ní headh amháin is iontuigthe annso,
tréidheanas nó trosgadh do dhéanamh ó bhiadh nó ó dhigh, acht fós
ó gach sódh agus ó gach sáimhrighe shaoghalta oile ó shoin
8305] Is córaide do neoch trosgadh do dhéanamh ó iomad bídh agus dighe, a
mhionca do-chuaidh fleadhachas bídh agus dighe i ndochar don
druing do shainnteóchadh iad. Bíodh a fhiadhnaise sin ar
Holofernes, dar beanadh a cheann agus é ar meisge ar lár a
shluaigh, amhail adubhramar thuas romhainn, do réir mar
8310]
léaghthar san treas caibidil déag do Leabhar Iudith; agus ar Ammon mac
Dáibhídh Ríogh, do marbhadh lé muinntir a dhearbhráthar, ar mbeith
don Ammon chéadna ar meisge agus é ag caitheamh fhleidhe, amhail
léaghthar san treas caibidil déag don dara
Is córaide fós do neoch tréidheanas do dhéanamh ó sháimhrighe agus
ó rath shaoghalta, a mhionca do-chuaidh neach i n-olcaibh ó
chonách agus ó onóir shaoghalta dá rochtain. Bíodh a fhiadhnaise
sin ar Shaul, do bhí go maith sul ráinig i bhflaitheas na
8325]
n-Iúdaidheach, amhail léaghthar san naomhadh caibidil don chéid-leabhar
do Leabhraibh na Ríogh. Gonadh uime sin adeir an fáidh
Daniel agá iomchasaoid, quia proiecisti sermonem Domini, et
proiecit te Dominus ne sis rex super Israel do bhríogh (ar sé)
gur ruagais uait comhrádh an Tighearna, do ruaig an Tighearna
8330]
thusa, go nach budh rí ar Israel tú. Neartuighid briathra Chrysostomus
naomhtha, san chéid-leabhar ro sgríobh de Curialium Nugis, lé
fírinne aneithe se, mar a n-abair, noverca virtutis prosperitas:
baculis suis applaudit ut noceat, et infelici successu
fortunatis obsequitur, ut in fine perniciem preretur conviviis suis;
8335]
ab initio propinans dulcia, et cum inebriati fuerint, letale virus
miscet, et siquid deterius est quo specie sui clarescit, amplius
eo stupentibus oculis densiorem infundit caliginem leas-mháthair
na subháilceadh an conách: is amhlaidh do-ní toirn-chleas go
n-urchóideadh; agus is lé triall neamhchonáich do-ní feidhm dona
8340]
toictheachaibh, ionnus fá dheireadh go n-oibrigheadh milleadh léna
fleadhaibh; ar dtús ag ól-toghairm a milis-deoch, agus iar mbeith
ar meisge dhóibh do-ní cumasg neimhe marbhthaighe tríotha; agus dá
raibhe nísa mheasa ioná a chéile dheallruigheas tréna ghné, is
mó sa chách iar ngabháil mhachtnaidh na súile dhoirtear dlúith-néall
8345]
dorcha orra é. As na briathraibh se Chrysostomus is
iontuigthe gurab eagail don druing ibheas brogóid na beatha so i
dtús a ré do bhríogh gurab gnáth ris an saoghal searbhóga
Féach Dáibhídh Rí, feabhas na teasta do bhí air sul ráinig sé i
bhflaitheas, amhail léaghthar san seachtmhadh caibidil don chéid-
leabhar do Leabhraibh na Ríogh mar do marbhadh leómhan leis, ar
mbeith ag ionghaire chaorach dhó; agus fós mar do-rinne
8355]
iomad do neithibh tásgamhla oile. Gidh eadh, ar mbeith 'na rí dhó do-rinne
adhaltrannas ré Bersabe, bean Urias, amhail leaghthar san
aonmhadh caibidil déag don dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh.
Féach mar do thuit Solamh, ar mbeith 'na rí dhó, tar a bhfuair
d'eagna agus do shubháilcibh ó Dhia, ionnus
8360] gur tháith é féin go
héigceart ré mnáibh deórata, tug air adhradh do láimh-dhéibh i
n-aghaidh reachta Dé, amhail léaghthar san aonmhadh caibidil déag
don treas leabhar do Leabhraibh na Ríogh.
Féach Achab, ar mbeith 'na rí dhó, mar thug Iesabel inghean
8365]
ríogh Sidoniorum mar mhnaoi, thug air íodhal-adhradh do
dhéanamh, amhail léaghthar san seiseadh caibidil déag don treas
leabhar do Leabhraibh na Ríogh. Gidh eadh, is eadh dhleaghair don
tí leanas lorg Achab san olc, a lorg mar an gcéadna do leanmhain
san aithrighe, agus do-ghéabhaidh mar sin aiseag a
8370]
shláinte spioratdha, amhail fuair Achab, do réir Hieronymus, san Eipistil
ro sgríobh go Oceanum, mar a n-abair ag labhairt ar Achab,
ieiunabat in sacco et ambulabat demisso capite, et salvatus est
do throisg sé i sacc, agus do shiubhail sé maille réna cheann
crom, agus is mar sin do slánuigheadh é. Is lé haithrighe fós
8375]
do dhéanamh do turnadh fearg Dé ré fuirinn chathrach Ninive. Is
amhlaidh fós do fóireadh an puibleacán. Is amhlaidh mar an gcéadna
fuair Nabugodonosor aiseag a fhlaitheasa, amhail léaghthar ag
Daniel san cheathramhadh caibidil. Uime sin, gach aon leanfas
'na lochtaibh a lorg, leanadh i leasughadh a
8380]
mbeart iad.
Féach mar do saobhadh Gedeon, Ezechias, Manasses,
Nabugodonasor agus na céada oile tré fhlaitheas saoghalta dá
rochtain. Gidh eadh, ní hionann so agus an sochar tig don
bhochtacht, do réir Mhatha san chúigeadh caibidil, mar a
n-abair, beati pauperes
8385]
spiritu, quoniam ipsorum est regnum
caelorum is beannuighthe na boicht ó spioraid, óir is leó flaitheas
nimhe. Tig Solamh leis so san deachmhadh caibidil in Ecclo.,
mar a n-abair, pauper propter scientiam et religionem gloriam
adipiscitur greamuighidh an bocht tré eólas agus tré iris an
ghlóir. Dá chor i gcéill, an tí
8390] bhíos bocht do dhruim eólusa
agus fhíréandachta, gurab sealbh dhíleas dó an ghlóir shíor.
Gidh eadh, ní hí so sealbh do-bheir Solamh san chaibidil
chéadna don tsaidhbhir, mar a n-abair, dives ob divitias suas
in honore est atá an saidhbhir tréna mhaoinibh féin i n-onóir.
Ionann sin ré a rádh agus gurab í an
8395] onóir shaoghalta is sealbh don
toictheach. Is do chor aneithe se i gcéill atá an fábhaill-sgéal
léaghthar ag Lúcás san seiseadh caibidil déag mar a n-innistear
go dtugadh sealbh na glóire i n-ucht Abraham don bocht Lazarus,
agus gur cuireadh an saidhbhir sádhail dá bhruith san bhráith-theinidh,
i ndíol na saidhbhreas
8400] saoghalta fuair san bheathaidh
se, mar nár chuir i nglóir do Dhia ná i soileas a chomharsan iad.
Is córaide a mheas gurab é lorg Lazarus is inleanta ré seilbh na
glóire do ghreamughadh agus ré sláinte spioratdha do chaomhna agus
do choimhéad, an réim do choimhéid Críost féin, mar atá na
saidhbhris shaoghalta do thréigean ar bhochtacht, do réir Lúcáis
8405]
san naomhadh caibidil mar a n-abair, vulpes foveas habent, et
volucres caeli nidos, Filius autem hominis non habet ubi caput
reclinet atáid uamha ag na sionnchaibh, agus neid ag éanlaith
nimhe, gidh eadh, ní fhuil ionadh a chinn do chlaonadh ag
8410]
Mac an duine. As so is iontuigthe gur fromhadh tréidheanas na bochtachta
lé Críost, mar shompla dhúinne ré seachnadh na saidhbhreas, mar
leigheas dar n-anmannaibh, agus ré tuar seilbhe na glóire suthaine.
An dara modh ar a ndéin Dia leigheas spioratdha, lé
8415]
gcaomhnann agus lé ndáileann sláinte anma don duine i n-aghaidh na ngalar
spioratdha bhíos ar a thí, lé purgóidibh persecution agus
buaidheartha, lé braighdeanas, lé díbirt, agus leis gach anfhochain
oile fhuilngeas Dia do thoidheacht ar a fhíréanaibh féin. Is
iomdha sompla san Scrioptúir agá shuidhiughadh so. Léaghthar
8420]
san .7. caibidil in Genesi go ndearnsad a chlann fanámhad fá
Naoi, ar mbeith ar meisge dhó ó chaoraibh na fíneamhna dithe iar
dturnamh na díleann. Léaghthar san treas caibidil déag in Genesi
gur fhógair Dia do Abraham dol ar díbirt as a dhúthaigh, agus
teach a athar agus a fhialas do thréigean. Léaghthar
8425]
ag Pól san chúigeadh caibidil go Galatas, gur fhuiling Isaac inghreim óna
bhráthair Ismael. Léaghthar san .27. caibidil in Genesi go
ndeachaidh Iacob ar díbirt d'eagla a bhráthar Esau. Léaghthar
san .37. caibidil gur dhíoladar a bhráithre Ioseph. Léaghthar
san .18. caibidil don chéid-leabhar do Leabhraibh na
8430]
Ríogh go
raibhe Saul ar tí Dháibhídh Ríogh do mharbhadh. Féach fós, cia
dona fáidhibh da nacharbh éigean fromhadh dighe domblasta inghreama
agus anfhorlainn an tsaoghail se, mar is follus do thaoibh Elias,
Ezechiel, Daniel, Tobias, Amos, Ionas, Iob, agus il-iomad
oile. Féach fós mar do fromhadh na sioróipe
8435] céadna lé Críost
féin, mar is follus do réir Mhatha san dara caibidil, 'na
dheóraidheacht don Éigipt, i n-il-iomad amarráin oile do
fuilngeadh leis ó am a thuismidh go huair a lámhuighthe ré hucht a
chéasta; agus sin uile mar shompla dona daoinibh ré fromhadh na
gcorn gcéadna, do chaomhna agus do choimhéad a
8440]
sláinte spioratdha dhóibh.
An treas modh ar a ndéin Dia leigheas spioratdha, lé gcaomhnann
agus lé ndáileann sláinte spioratdha dona daoinibh, mar atá lé
sgaoileadh fhola. Mar sin tarla d'Abél do marbhadh lé Cain,
amhail léaghthar san .4. caibidil in Genesi. Is amhlaidh
8445]
tarla dona naoidheanaibh, amhail léaghthar san dara caibidil ag Matha,
mar do marbhadh lé muinntir Ioruaith iad, agus cheithre
Is i bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar san dara caibidil don
cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na Ríogh, ar mbeith d'uisge
Ierico searbh, do theilg Eliseus salann ann, agus do bhí glan
8490]
soimhilis dá éis sin. Mar an gcéadna, an tan táittear ar
ngníomhai-ne ré gníomhaibh Críost, bí an luaighidheacht chéadna
aca, do réir a gcéime féin.
Atá fioghair oile ag teacht leis aní se léaghthar san treas caibidil
déag don cheathramhadh leabhar do Leabhraibh na
8495]
Ríogh: an tan do
thogair Ioas Rí teannadh ar a bhogha lé soighid do dhiobhragadh
as, tig Eliseus an fáidh, agus cuiris a dhá láimh do chongnamh
lais san bhogha. Mar an gcéadna do-ní Dia ris na fíréanaibh, an
tan chuirid rompa féin cathughadh do dhéanamh i n-aghaidh na
ndubháilceadh. Óir tar ceann gurab
8500] é Dia is prímh-ghníomhuightheóir
prinnsiopálta ré déanamh na ndeagh-oibreadh, más
eadh, ní háil leis gan comhoibriughadh na bhfíréan. Agus is uime
sin adeir Pól i n-eipistil d'áirithe, coadiutores Dei sumus
lucht conganta do Dhia sinn, ar sé. Agus adeir an Pól céadna
san treas caibidil don chéid-Eip. gusna
8505] Coirintibh, ag teacht
leis aní gcéadna, na briathra so, unusquisque propriam mercedem
accipiet secundum laborem suum do-gheóbhaidh gach aon-duine
tuarastal do réir a oibre féin. As so is iontuigthe go bhfuil
éigeantach ag gach aon comhoibriughadh do dhéanamh ré Dia, ré
greamughadh fhlaithis Dé.
8510] Tuig, a dhuine, go bhfuilid trí theachta lé forfhógra an bháis.
An céid-teachtaire, na guaise iomdha atá i gcionn an duine; agus is
tréna n-éagsamhlacht sin adeir Solamh san naomhadh caibidil
8525] An dara teachtaire, galair; mar is follus a mórán do thaomaibh agus
d'easláintibh marbhthacha tig ar dhuine. Agus dá gcuireadh duine
i n-iongantas, créad as a bhfuaradar an drong do bhí ria ndílinn
ann ré fhada, féadtar sé réasúin do thabhairt ris. Ar dtús,
feabhas na gcoimplex, ar mbeith i ngar don phréimh ór
8530]
fhásadar dhóibh. An dara réasún, measardhacht na hoileamhna do chaithdís.
An treas réasún, falláin an bhídh. An ceathramhadh réasún, an fios
do bhí ag Ádhamh ar nádúir na luibheann, lé seóladh dá shliocht cia
dhíobh budh falláine. An cúigeadh réasún, an suidhiughadh sáimh
do bhí ar na haird-reannaibh
8535]
an tan sin. An seiseadh réasún, dia- ordughadh Dé.
An treas teachtaire, éiglidheacht an chuirp agus claochlódh na
gcéadfadh. Gidh eadh, atáid neithe ann oirneas an arsaidheacht.
Ar dtús, eólas foirbhthe ar na neithibh diadha, amhail adeir Iob
san dara caibidil déag, mar a n-abair, in antiquis est sapientia,
8540]
atá an eagna sna seanaibh. An dara ní, críonnacht
chríochnuightheach sna neithibh saoghalta, amhail adeir Iob san
dara caibidil déag, in his qui multo sunt tempore est prudentia
atá an chríonnacht san druing chaitheas iomad aimsire. An treas
ní, modh cádhais don arsaidheacht, amhail léaghthar san
8545]
naomhadh caibidil déag do Levitico: coram cano capite surge
Atáid trí neithe ionchomhartha do leith an bháis chorpardha. An
céid-ní, go ndleaghair do neach go haontuightheach feitheamh ris
an mbás gcorpardha, do bhríogh go dtabhair suaimhneas dóibh ó
iomad d'ainiarsmadhaibh saoghalta, amhail léaghthar ag Solamh
8565]
san dara caibidil in Ecclo., cuncti dies eius laboribus et aerumnis
pleni sunt bíd a uile laithe súd lán do shaotharaibh agus
d'amhgaraibh. Dá chor i gcéill gur thuar suaimhneasa don
fhíréan bheith dealuighthe ré buaidhreadh agus ré cathughadh an
tsaoghail an tan do-gheibh bás; agus fós, mar do-gheibh sealbh
8570]
an tuarastail thuilleas ar an saoghal, amhail adeir Eóin san
cheathramhadh caibidil déag do Leabhar na dTaidhbhreadh, beati
mortui qui in Domino moriuntur is beannuighthe na mairbh do-gheibh
bás san Tighearna. Agus ní héigcneasta sin do rádh, do bhríogh
gurab i ndiaidh an bháis do-gheibhid a
8575] dtuarastal. Agus atá
Críost, san dara caibidil déag ag Lúcás, dár dteagasg, agá
iarraidh orainn inneall do chur orainn féin ré glacadh an tuarastail,
mar a n-abair, sint lumbi vestri praecincti, et lucernae ardentes
in manibus vestris bídís bhar bhfordronna ceangailte, agus
lóchrainn ag lasadh 'nar lámhaibh. Dá chor i
8590] An dara ní dhleaghair dhó, bás cháigh do ghabháil chuige go
soirbh, ar mhórán d'adhbharaibh. An céad-adhbhar dhíobh, do
chionn gurab toil ré Dia a mbás, agus nach dleaghair do neach
bheith doirbh fá thoil nDé do choimhlíonadh. An dara hadhbhar,
do bhríogh gurab é créatúir Dé an tí éagas, agus nach dleacht do
8595]
neach doirbheas dá ghabháil fá Dhia do dhéanamh a dhíola féin dá
chréatúir. An treas adhbhar, do bhríogh gur orduigh Dia bás dá
gach aon-duine, agus dá réir sin nach dleaghair do neoch doilgheas
do ghabháil tré thoil nDé do choimhlíonadh. An ceathramhadh
hadhbhar, do bhríogh go saorann an bás corpardha
8600]
an duine ó iomad d'amhgaraibh na beatha so, agus dá réir sin gomadh córa don
chomharsain lúth-gháir do bheith orra ná doilgheas tréna gcaraid
do rochtain san sáimhrighe nach fuaradar san bheathaidh se. An
cúigeadh hadhbhar, do bhríogh go bhfaicthear do Dhia créad aní
is fearr dá gach neach, agus mar
8605]
sin nach dleaghair do neach
doilgheas do bheith air tré Dhia do bhreith a charad as an
mbeathaidh se san bheathaidh shuthain. An seiseadh hadhbhar, do
bhríogh go ndéin an chumhaidh dochar éadtarbhach don tí chaoineas
a charaid éagas i staid mhaith. An seachtmhadh hadhbhar as nach
dleaghair do
8610] neach cumhaidh do dhéanamh i ndiaidh an tí théid
uaidh, más tré iomad gráidh i ndiaidh an tí éagas. Óir is meinic
bhíos grádh ainmhianach éagmaise ag neach, dá dtig faill do thabhairt
i ngrádh Dé, tar mar budh dlightheach dhó, agus go dtig dhe sin,
Is i bhfioghair an bháis aontuighthigh do dheónuigh Críost
d'fhagháil dó féin tré fhomós dá Athair, fhuilngid daoine
cráibhtheacha bás d'fhagháil dóibh féin ón tsaoghal, i gcroich
8655]
naomh-chuinge riaghalta. Agus is uime sin adeirid daoine go
coitcheann go mbíd an drong do-bheir a naomh-uidhe isteach fá
chuing riaghalta marbh ón tsaoghal, do bhríogh go mbíd
dealuighthe ris an saoghal amhail mharbh. Is uime sin adeir Pól,
2. Cor. 6[ordm ], quasi morientes, et ecce vivimus amhail
8660]
dhaoine do bhiadh ag fagháil bháis, agus féach, is beó sinn, ag labhairt
air féin agus ar gach druing riaghalta leanas a lorg. Dá chor i
gcéill tar ceann go mbíd marbh tré bheith iomsgartha ris an
saoghal, go mbíd beó, an mhéid go mbíd táitte maille ré grásaibh
ré Dia. Gidh eadh, a chontrárdha sin theagmhas
8665]
don pheacthach bhíos beó dar leis féin, ag bog-fhás i mbladhmann, agus ag
léimnigh go lúthmhar ó locht go locht bí marbh dáríribh 'na anam
do bhreitheamhnas Dé, amhail léaghthar ag Ezech. san .18.
caibidil, anima quae peccaverit ipsa morietur an t-anam do
pheacuigh, do-ghéabhaidh féin bás. Agus is
8670]
uime sin adeir Eóin
san treas caibidil in Apo. ag labhairt ris an bpeacthach bhíos
i mí aoibhill na n-ainmhian ag reabhradh, nomen habes quod vivas,
et mortuus es atá dh'ainm ort bheith beó, agus ataoi marbh.
Dá chor i gcéill don pheacthach bhíos ar cuthach i gcaithis na
gcean, dá fheabhas sláinte
8675] chorpardha bhíos aige, agus dá mhéad
do mhaoin tsaoghalta, agus dá airde a ghairm san réim aimseardha,
gur dhuine marbh dáríribh é. Ní hionann agus na fíréin fhíor-
chráibhtheacha chrochas iad féin i naomh-chuing riaghalta, bhíos
dáríribh beó tar ceann go bhfaghaid bás ón tsaoghal. Agus fós, ní
8680]
héigcneasta a mheas go bhfaghaid bás do leith an tsaoghail,
do bhríogh go ndéinid gach ní is dlightheach don easlán ré hucht
an éaga. Ar dtús do-níd tiomna. Óir tiomnaid a n-anam do Dhia,
a gcorp don uaigh, a mhaoin tsaoghalta don
Léaghthar ag Matha san naomhadh caibidil na briathra so, Domine,
filia mea modo mortua est, veni et impone manum tuam
8715] super eam, et
vivet a Thighearna, fuair mh'inghean bás anois; tair agus cuir
do lámh fein uirre, agus budh beó í. Tuig go ndearnaidh Críost trí
neithe ré linn na míorbhaile se do dhéanamh. Ar dtús, do chuir
as an dteach an tsochraide do bhí ann, idir storgánaidhe,
oirfideach agus phíobaire. Mar an gcéadna go
8720]
spioratdha, an tan bhíos ré haithbheóadh inghine an phrionnsa, .i. anma an duine, is
inghean do Phrionnsa nimhe, an mhéid gurab é do chruthuigh í, is
éigean miana colnaidhe, áineasa agus antláis, mire agus macnas na
hanma do thafann a horlár aigeanta an duine, sul do-ghéantar
aithbheódhadh air.
8725] Is i bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar san ochtmhadh caibidil
déag ag Lúcás, go dtug Críost achmhasán don dall nach facaidh ó
aimsir a thuismidh, fá bheith ag sír-éighmhe. Mar an gcéadna
do-ní ris an bpeacthach bhíos dall ó dhoilbh-cheó na coire, an
tan bhíos ag éighmhe, ag maoidheamh na
8730]
huaisle agus na maith-ghníomh nach bí ann. Óir ní théid Críost d'aithbheóadh an anma
go ruagaid píobairidhe, nó an barr buabhaill bladhmainn bhíos
ionnta, ag maoidheamh na maitheasa nach bí ionnta. Ní théid fós
d'aithbheóadh na hanma go ruagthar an chóisir bhíos san tigh,
mar atá na droch-cáile
8735] oile bhíos ann, idir uabhar, shainnt,
drúis, craos, fuath, agus formad, agus gach fos-mhuinntear oile
pheacaidh bhíos i n-árus na hanma. Ní théid Críost
d'aithbheóadh inghine an phrionnsa go ruagthar an tsochraide sin.
Agus is 'na fhioghair sin atá
An dara ní do-bheir árus na hanma ionshuidhte ag Dia, agus dhíbreas
gach daosgar-shluagh dá mbí innte .i. an fhaoisidin.
8790] Agus is 'na
fhioghair so atá aní léaghthar san treas caibidil déag do leabhar
Iudith, mar a léaghthar gur bhean Iudith a cheann do Holofernes,
agus gur díbreadh a shluagh lé, ré linn bheith i bhfos-longphort
ré hucht chathrach Betulia dhó. Go fáthach, is í an chathair úd
Betulia anam an pheacthaigh, Iudith an
8795] fhaoisidin, Holofernes
gona shluagh an diabhal gona dhaosgar-shluagh. Agus mar do fóireadh
cathair Betulia lé ceannas feadhna Iudith, lér dícheannadh
Holofernes, agus lér díbreadh a shluagh, fóiridh an fhaoisidin anam
an pheacthaigh ó anbhroid an aidhbhirseóra agus an daosgar-shluaigh
dhubháilceadh bhíos 'na
8800]
thimcheall.
An treas ní, an lóir-ghníomh do-níthear sna lochtaibh. Gonadh uime
sin atá aní léaghthar san dara caibidil déag ag Tobias, mar a
gcuirthear síos an réim is inleanta do dhéanamh an lóir-ghníomha, mar
a n-abair, bona est oratio cum ieiunio et
8805] eleemosyna is maith an
urnaighthe mar aon ré trosgadhagus ré déirc. Is é so iomorra an
t-ollmhughadh chleachtas Críost do dhéanamh, ré hárus na hanma do
dhéanamh ionshuidhte dhó féin. Agus is dá mhaoidheamh gurab é féin
ollmhuigheas árus dó féin atá aní léaghthar ag Solamh san naomhadh
caibidil do
8810] Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair,
sapientia aedificavit sibi
Léaghthar go ndubhairt Críost, iar n-aithbheóadh inghine an
phrionnsa, biadh do dháil di. Tuig go ndleaghair don tí bhíos arna
aithbheóadh trí neithe do dhéanamh. Ar dtús, dlighidh
8820]
éirghe óna lochtaibh. Uime sin adeir Pól san chúigeadh caibidil go Ephesios,
ag labhairt ris an tí bhíos 'na chodladh i suan na locht, surge qui
dormis, et exsurge a mortuis éirigh, a dhuine atá it chodladh, agus
éirigh ó mharbhaibh. Dá chor i gcéill, an tí bhíos i suan na
locht, go ndleaghair dhó éirghe
8825] ó mharbhaibh .i. ó staid an
pheacaidh mharbhthaigh lé haithbheódhadh na haithrighe.
An dara ní: dlighidh triall go neamh lé deagh-oibreachaibh i rian na
haithrighe. Agus is ar an rian so na haithrighe labhras Isaias san
.30. caibidil, mar a n-abair, haec est via, ambulate in ea
8830]
ag so an tslighe, triallaidh innte. Dá chor i gcéill gurab eadh
dhligheas an t-aithrigheach, triall i ród na ndeigh-ghníomh go
neamh. Agus is é so ní do-rinne an milltéan meic do bhí ag an athair
muinntire, iar gcaitheamh a mhíre féin dona maoinibh saoghalta tug a
athair dhó, amhail léaghthar san chúigeadh
8835] caibidil déag ag Lúcás,
mar a n-abair, surgam et ibo ad patrem meum éireóchad (ar sé) agus
rachad i ndáil mh'athar féin. Agus tar ceann gur chaith a chuid
go díobhlásach diombalach, do ghabh an t-athair go lúth-gháireach
leis, agus tug onóir mhór dhó, iar n-admháil a olc féin dó-san.
Mar sin iomorra do-ní Dia ris
8840] an bpeacthach, dá dtabhair ciall agus
céadfadha agus gach sochar saoghalta oile dá dtabhair dhó. An tan
mhusglas Dia a mheanma ré déanamh aithrighe, agus thuigeas é féin,
tillidh ar Dhia, agus gabhaidh ris mar mhac, iar n-admháil a chean
dó, agus gabhaidh an t-Athair ris, agus do-bheir onóir na ngrás dó.
8845] An treas ní: dlighidh an tí do-níthear d'aithbheódhadh biadh do
chaitheamh do thrí haránaibh. Ar dtús, dlighidh proinn do
Tabhair dot aire, a dhuine, nach dleaghair aoin-ghné dona trí
gnéithibh don laibhín bhíos ann do chur san arán spioratdha chaittear
leis an aithrigheach, acht bheith slim, 'na arán ghlan,
8910] gan cumasg
laibhín nó gabhála do bheith ann. Ar dtús, ní cóir laibhín na glóire
díomhaoine do bheith i n-arán shlim na shubháilceadh agus na
soighníomh bhíos ag an aithrigheach dá iodhbradh do Dhia. Gonadh uime
sin atá aní léaghthar san dara caibidil do Levit., mar a n-abair
Dia, omnis oblatio quae fertur Domino,
8915] sine fermento erit an uile
iodhbairt dáiltear don Tighearna, ní bhia laibhín innte. Cuiridh
Pól apstal réasún ris so mar a
Tuig go bhfuilid trí dronga do-ní faill san bhfaoisidin, is ríogh-
ród don aithrigheach ar neamh. An chéad-drong dhíobh
9015] cheileas a
gceana féin agus nochtas ceana cáich, amhail do-rinne an Fairisíneach,
do réir mar léaghthar san ochtmhadh caibidil
An dara drong, an drong nach cuireann san bhfaoisidin acht a
naomhthacht agus a neimhchionta féin; agus fós, shéanas ar an
9035]
oide faoisidne, an tan do-ní foirfhiafraighe dhíobh i ngnéithibh na
bpeacadh marbhthach, nach bíd féin ciontach ionnta. Óir dá
bhfiafraighe do neoch dhíobh an mbí ciontach san uabhar, adeir nach
tarla féin i n-uabhar riamh, tar ceann nach tiobhraidh foidhide do
neach dá mhéad. Agus dá bhfiafraigheadh dhe, an ndearnaidh fearg
riamh, adéaradh nach dearnaidh riamh, acht i gcruth chóir .i. i modh
smachta. Agus dá bhfiafraigheadh
9040] dhe, an ndearnaidh craos-ól
riamh, adéaradh nach dearnaidh, acht ar son na cuideachtan, agus mar
chosnamh ar a chlú. Agus dá bhfiafraigheadh dhe, an ndearna
sainnt, nó cruas, nó
9045] cruinniughadh, adéaradh nach dearnaidh, acht mar
chothughadh air féin agus ar a shliocht, agus do sheachna an
riachtanais. Agus mar sin dóibh, ag séanadh gach peacaidh oile ó shoin
amach. Gidh eadh, an dream cheileas a gceana san bhfaoisidin ar an
gcor so, ní treóróchar ar neamh iad, do réir mar adeir Solamh
9050]
san .28. caibidil do Leabhar na Seanfhocal, mar a n-abair,
An treas drong, inniseas neithe nach beanann ré hadhbhar. Óir bí iomad
díobh, agus dá rabhaid ag ceisneamh nó ag casaoid
9065]
ar neach oile, iarraid mar uain ar an oide faoisidneach, agá saoilfidís cion comhairle do
bheith ar an tí ar a mbí casaoid aca; agus an tan téid dá
bhfaoisidin ris, gabhaid ag faisnéis gach leattruim agus gach éagcóra
dá ndéin an tí oile orra, ionnus an aimsir do dlighfidhe dhóibh réna
bpeacaidhibh féin do nochtadh,
9070] gurab amhlaidh chaithid í ag
réimhsgéalaigheacht, ag reic locht a gcomharsan. Gidh eadh, ní hé so
ordughadh is ionchoimhéadta don aithrigheach, an tan bhíos agá
fhaoisidin, acht lom-nochtadh do dhéanamh ar a lochtaibh féin, agus
mar sin do-ghéabhaidh sochar na faoisidne, do réir mar do thuar
9075]
Solamh, san seiseadh caibidil déag do Leabhar na Seanfhocal, mar a
n-abair, revela Domino opera tua, et diriget cogitationes tuas
nocht don Tighearna do ghníomha féin, agus do-ghéana treórughadh ar
do smuaintighthibh. As a ndubhramar, is follus nach inneall
treóruighthe d'anam an aithrighigh ré triall
9080] ar neamh na trí loicht do
luaidheamar, ná ceachtar dhíobh.
Atáid toirmisg mhóra ag an bpeacthach ag déanamh na haithrighe éadtarbhach. Ar dtús, do-ní sé éadtarbhach í, an
Léaghthar i Leabhar na Seacht dTiodhlaictheadh sompla thig leis na
neithibh céadna soin, mar atá go raibhe meirleach
9145] dh'áirithe, agus ar
mbeith ag teitheadh rés an dtóir do bhí 'na dhiaidh dhó, mar do-chonnairc
nach raibhe dol as uatha aige, do leath é féin ar an
dtalmhain i bhfioghair chroise, agá rádh gur mhaith an díol air
féin a bhásughadh, tréna mhéad agus tréna mhionca do-rinne míréir
Dé. Agus leis sin caoidhis,
9150] ag faoisidin a pheacadh féin, agus ag
guidhe na tóire um fheirg nDé do dhíoghail air féin, maille ris gach
ball dá bhallaibh do theasgadh fá leith dhe. Agus do-rinneadh
amhlaidh sin ris. Agus tarla fán am soin díthreabhach san bhfásach
do bhí 'na ghar, ag tabhairt a bheatha go huaigneach aithrigheach
as, i bpeannaid
An dara díoth do-ní an peacadh don aithrigheach, mar atá na saidhbhris
spioratdha bhíos ag déanamh sláinte agus soileasa dá anam, cailltear
leis do bhíthin an pheacaidh iad. Gonadh
9175] uime sin adeir Solamh san
naomhadh caibidil in Eccle. na briathra so, qui peccaverit in uno,
multa perdit an tí pheacuigheas i n-éin-ní, caillidh mórán, mar
atá grádh Dé, mhúchtar san anam ar ndéanamh meirdreachais ré
heasgcáirdibh Dé, mar atá an diabhal agus an saoghal agus an cholann.
Óir ní fhoghnann
9180] feidhm dá ndéin neach do Dhia, an tan mhúchtar
grádh Dé san anam lé hoighreadh na hurchóide. Gonadh uime sin adeir
Greaghóir san .27. Homilia, nihil habet viriditatis ramus boni
operis, si non manet in radice caritatis ní fhuil glaise san bhioth
i ngéig na deagh-oibre, muna gcomhnaidhe sí i bpréimh
9185] an ghrádha.
As na briathraibh se is iontuigthe go milleann an peacadh marbhthach an
aithrighe, agus dá réir sin go gcailleann an tí do-ní éin-pheacadh
amháin marbhthach sochar na haithrighe. Óir an tí chailleas grádh
Dé, caillidh na grása, agus an tí chailleas
- 9215] dives eram dudum, fecerunt me tria nudum:
alea, vina, Venus tribus his sum factus egenus.
do bhádhas saidhbhir anall-ód (ar sé), gidh eadh, do-rinneadar trí
neithe nocht mé: díslidhe, fíon, agus bean trí neithe lér cuireadh i
riachtanas mé. Is 'na fhioghair so atá aní léaghthar
9220]
ag Lúcás san chúigeadh caibidil déag mar a n-innistear gur chaith an milltéan
mic do bhí ag an athair muinntire an mír d'oighreacht a athar ráinig
é go craosta diommbalach, lé drúis, lé craos, agus lé himirt, gurbha
héigean dó dol i n-imchian choigríche
Tig fós don pheacadh dalladh an aithrighigh, as nach léir
9250] dhó an
chonair chóir ré triall go neamh. Atá Solamh ag neartughadh
fírinne aneithe se san dara caibidil do Leabhar na hEagna, mar a
n-abair, excaecavit eos malitia eorum do dhall a mailís féin iad,
ar sé, ag labhairt ar na peacthachaibh. Dá chor i gcéill go
luigheann néall náimhdidhe na locht ar
9255] rosgaibh a réasúin, as nach
féadaid lorgaireacht do dhéanamh ar a leas, ar mbeith dall dóibh.
Gonadh uime sin adeir Sophonias san chéad-chaibidil, ambulabunt ut
caeci, quia Domino peccaverunt
Dallaidh fós an tsainnt an t-aithrigheach, amhail léaghthar ag
Tobias san dara caibidil, mar do thuit otrach na háinle ar a
9280]
súilibh, lér dalladh é. Is eadh chialluigheas an otrach úd lér
dalladh Tobias, an saidhbhreas saoghalta, lé ndalltar an sanntach.
Gonadh uime sin adeir Pól san treas caibidil go Philipp., omnia
arbitror ut stercora ní fhuil meas agam ar na huilibh acht mar
otrach. Dá chor i gcéill nach raibhe do mheas aige ar na
9285]
maoinibh saoghalta, acht mar otrach. Léaghthar ag na hughdaraibh sgrúdas
nádúir na mbeathadhach gurab é modh ar a ndéin an t-iolar sealg ar
an bhfiadh, tuirling ar thráigh, nó i n-ionadh bhíos lán do
luaithreadh, agus é féin d'únfairt ann, agus teacht rés an bhfiadh,
agus bheith ag spréachadh an luaithridh nó na
9290]
gainmhe fána shúilibh,
agus a dhalladh mar sin go bhfaghann árach ar a mharbhadh ar an
gcor sin. Mar an gcéadna do-ní an diabhal ris an sanntach: doirtidh
fá rosgaibh a réasúin gréithe geanamhla an tsaoghail se, nó luaithreadh
na locht dtalmhaidhe,
Dallaidh an treas prímh-pheacadh .i. an drúis, an duine. Is 'na
fhioghair sin atá aní léaghthar san seiseadh caibidil déag do Leabhar
na mBreitheamhan, mar a n-innistear go ndearnadar na Feilistínigh
an mheirdreach Dalila d'inneall ré bréagadh
9300] Samsoin, do bhí ag
cathughadh go calma 'na n-aghaidh; agus mar thug aonta do Dalila,
do bhréag a rún uaidh. Iarna chlos uaidh gurab 'na fholt do bhí a
neart, do ghabh agá sháimh-chealgadh go miochair muinnteardha, go
dtáinig dhe sin gur chuir a cheann 'na hucht, agus gur chodail
ann; agus leis sin gur bearradh a fholt lé,
9305] agus gur lingeadar dá
bhríogh sin na Feilistínigh air, gur dalladh leó é, gonadh dhe sin fá
dheireadh táinig a bhás. Go fáthach, is iad na Feilistínigh na
deamhain, agus Dalila an drúis; Samson an neimhchiontach, agus an
neart mór do bhí ann an chalmacht bhíos san neimhchiontach ré
cathughadh ré haimsighthibh an
9310]
aidhbhirseóra.
An ceathramhadh peacadh dá dtig mealladh an aithrighigh .i. an tnúth.
Óir ní hait ris an dtnúthach, agus ní léir dhó, maith dá mbí 'na
chomharsain, ná sonas ná saidhbhreas dá mbí aige, go dtéid ar
gcúlaibh i gcruth nach bí éin-ní ann rér bheitte
9315] tnúth do dhéanamh.
Gonadh i bhfioghair an tnúthaigh atá aní léaghthar san treas caibidil
don chéid-leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a n-innistear nachar
fhéad Heli lóchrann an Tighearna d'fhaigsin, gur múchadh é. Mar
an gcéadna ní fhéadann an tnúthach sonas ná ana ná ágh a chomharsan
d'fhaigsin, go
9320] múchtar san chomharsain iad.
An cúigeadh peacadh, an craos. Agus is ris an gcraosach shamhailtear
an dall úd, do bhí dall ó do geineadh é, ar a léaghthar ag Eóin san
naomhadh caibidil. Óir mar thug an dall doille ris a broinn a
mháthar, is mar sin beag nach do-bheir
9325] an duine an craos a broinn a
mháthar leis. Agus mar sin ní hiongnadh an craosach do bheith dall,
agus a thoidheacht don doille sin nach tabhair an t-aithrigheach
amus ar raon na haithrighe ré triall ar neamh.
An seiseadh peacadh lé ndalltar an peacthach, an fhearg.
An seachtmhadh peacadh, an leisge, chialluighthear lé
9355]
harsaidheacht na hurchóide. Dallaidh sí ruisg réasúin an aithrighigh. Gonadh 'na
fhioghair so atá aní léaghthar in Genesi san .27. caibidil mar a
n-innistear go raibhe Isaac tré arsaidheacht dall, agus dá réir sin
go raibhe neamhaistreach. Mar an gcéadna, an dream bhíos dall ó
shein-pheacadh na leisge, ní bhíd aistreach
9360] ré triall i slighe na
subháilceadh. Agus fa-ríor, bí drong mhór dhíobh nach mothuigheann
an easbaidh se do bheith orra, i gcosmhaileas mhná Seneca, amhail
léaghthar ag Seneca san .50. Eip. go Lucillus, mar a n-abair,
an bhean leamh, Harpaste, atá agam-sa (ar sé) do dalladh go
hobann í, agus ní feas dí í féin
9365] do bheith dall; acht is eadh adeir
réna feadhmannach gurab dorcha
Tig fós don pheacadh sgannradh an ghrádha. Gonadh aire sin adeir
Ieremias san chéad-chaibidil do Leabhar na hEólchaire, mar a
n-abair, ag labhairt ar an diabhal do-ní argain na hanma,
9390]
na briathra so, manum suam misit ad omnia desiderabilia eius do chuir
sé a lámh san uile ní soimhianuighthe do bhí aige súd. Dá chor i
gcéill, an tan ghabhas an diabhal sealbh san duine ris an bpeacadh,
go ruagann grádh Dé uaidh, agus dá réir sin, gach
9395] subháilce dá mbí 'na
leanmhain. Óir ní fhéadann subháilce fhírinneach san bhioth bheith
san Chríostaidhe, an tan ruagthar grádh Dé as a anam; agus do bhríogh
go ruagthar grádh Dé as anam an duine, ruagthar dá réir sin gach
subháilce oile bhíos ann. Gonadh uime sin adeir S. Augustín na
briathra so san chúigeadh Seanmóir ar bhriathraibh an Tighearna, adde
Tig mar an gcéadna don pheacadh go ngníomhuigheann searbhas i
meanmain an pheacthaigh. Gonadh uime sin adeir Ieremias san dara
caibidil, mar a n-abair, scito et vide quia
9480] malum et amarum est
dereliquisse te Dominum Deum tuum bíodh a fhios agat agus féach
gurab olc agus gurab searbh dhuit do Thighearna Dia féin do
thréigean. Dá chor i gcéill gurab searbh íoc na péine i ndíol an
pheacaidh. Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san treas
caibidil déag don dara leabhar
9485] do Leabhraibh na Ríogh, mar do bhí fuath
agus déistin agus gráin ag Ammon ar a shiair Tamar i ndiaidh
mhíghníomha do dhéanamh ria, ionnus nach raibhe blas san bhioth aige
uirre, trés an searbhas do bhí aige san choir do-rinne ria. Agus is
uime sin adeir Solamh san chúigeadh caibidil do Leabhar
9490]
na Seanfhocal, mar a n-abair, ne attendas fallaciae mulieris ná
tabhair th'aire do mhealltóireacht mhná. Dá chor i gcéill don
duine, ciodh milis ris aonta mná d'fhagháil ré déanamh mímhéine, go
mbí searbhas aithmhéile air iar ndéanamh an mhíghníomha. Agus ní
hiongnadh sin, do bhríogh gurab
9495] gearr sólás an pheacaidh, agus gurab
buan a mhairg 'na dhiaidh, ionnus go dtig dhe sin go mbí anfadh na
hurchóide agus measgadh na meabhla ag tonnadh agus ag tonn-luasgadh
mheanman an pheacthaigh. Gonadh dá chor so i gcéill atá aní
léaghthar as Isaias san .57. caibidil, mar a n-abair, cor impii
quasi mare
9500] quod quiescere non potest croidhe an pheacthaigh amhail
mhuir nach féadann cumhsanadh. Dá chor i gcéill, amhail bhíos an
mhuir ag luadhaill agus ag luasgadh ó thuinn go tuinn, gurab mar sin
bhíos an peacthach ag luadhaill agus ag luasgadh ó locht go locht, an
tan nach bí ionnracas na haithrighe mar angcaire
9505]
agá fhastódh; agus mar sin nach éagcosmhail ré chéile inneall
Tig arís don pheacadh an duine do chor amudha as an ród díreach go neamh. Is uime sin adeir Dáibhídh Rí ag labhairt
Léaghthar sgéal bheanas ris aní se i Leabhar na Seacht
Tig dhe fós oirbhire Dé do thoidheacht ar an duine, amhail léaghthar
san .28. caibidil in Deuter., mar a ndéin Dia bagar ar
9685]
an duine agá rádh, si nolueris audire vocem Domini Dei tui ut custodias et facias
omnia mandata eius, venient super te omnes maledictiones istae.
Maledictus eris in civitate, maledictus in agro, maledictum horreum
tuum, maledictae reliquiae tuae. Maledictus fructus ventris tui, et
fructus terrae tuae muna éistidh tú ré guth
9690] do Thighearna féin Dia,
ré coimhéad agus ré gníomhughadha aitheantadh uile, tiocfaid na
mallachta so uile ort. Budh malluighthe thú san chathair, budh
malluighthe thú san bhfearann, budh malluighthe th'iothlann, budh
malluighthe do thaise, budh malluighthe toradh do bhruinne agus toradh do
9695]
thalmhan. Adeir arís san chaibidil chéadna na briathra so, ag
déanamh an bhagair chéadna, adiungat tibi Dominus pestilentiam,
donec consumat te de terra. Percutiat te Dominus egestate, febri, et
frigore, ardore et aestu et aere corrupto donec pereas. Sit caelum
quod supra te est aeneum, et terra quam calcas ferrea. Tradat te
9700]
Dominus corruentem ante hostes tuos. Domum aedifices, et non habites
in ea. Plantes vineam, et non vindemies eam go mbuailidh Dia
uireasbaidh ort, lé riachtanas, lé fiabhras agus lé fuacht, lé teas
agus lé teasbhach agus lé haieór truaillidhe, go gcailltear thú. Go
raibhe an t-aieór atá ós do chionn 'na phrás, agus an talamh ar a
9705]
saltrann tú iarnaidhe. Go dtiodhlaicidh an Tighearna thú ar dtuitim
do láthair do námhad. Go dtógbhaidh tú teagh, agus nár áitighe tú é.
Go bplannduighidh tú fíneamhain, agus nár dhearnaidh tú foghmhar
uirre. As na bagrachaibh móra so do-ní Dia ar an duine trés an
bpeacadh is iontuigthe gurab tuar
9710] feirge Dé do thuilleamh an peacadh.
Óir ní héidir a mheas nach gríosann an peacadh Dia ré déanamh
díoghaltais, mar go mbagrann bás agus caill chloinne agus conáich ar
an tí do-ní é; ionnus gurab aithreach ré Dia an duine ar eacht ar
bioth do dhéanamh, amhail adeir sé féin san seiseadh caibidil in
Genesi, poenitet me
9715] fecisse hominem is aithreach liom an duine do
dhéanamh. Agus is urusa so do thuigsin as an díoghaltas do-rinne
ar an bpeacthach, mar go dtug tonn doifhreastail díleann dá bháthadh
i ndíoghail
Léaghthar ag an druing sgrúdas staid na nádúire nach bí cailg i rígh na
mbeach, agus thairis sin, cibé ainmhidhe do-ní dochar dhó, go lingid
na beich oile air, agus go ngabhaid dá gcailgibh ann,
9730] mar dhíoghaltas
ar an éagcóir do-ní ar a rígh féin. Mar an gcéadna, tar ceann go
bhfuil Dia ceannsa sochma sochroidheach, más eadh, an tan ghoilleas
neach air, gabhaid a chréatúiridhe ag déanamh díoghaltais ar an tí
ghoilleas ar Dhia. Gonadh uime sin adeir Solamh san chúigeadh
caibidil do Leabhar na hEagna,
9735] ag deimhniughadh aneithe se, na briathra
so, armabit creaturam ad ultionem inimicorum suorum do-ní a
chréatúir armtha ré díoghaltas do dhéanamh ar a náimhdibh. As so is
iontuigthe go mbíd craoiseacha agus cailge agá chréatúiribh ré
díoghaltas do dhéanamh ar an druing ghoilleas ar Dhia san bpeacadh.
9740] Léaghthar ag Vincentius, san leabhar dá ngoirthear Speculum
Historiale, iar ndol do Fhrangcaibh i n-anmhacnas ar Dhia, agus ar
lingeadh ar iomad locht do dhéanamh dhóibh, go dtáinig saithe do
chuileógaibh móra anaithne ar feadh na Fraingce, do dhéanamh iomaid
luit dá ngortaibh agus dá dtoirthibh, dá dtáinig
9745] gorta mhór san
bhFraingc as a los soin. Agus na cuileóga so, an tan do ghlacadh
duine 'na lámhaibh iad, do-gheibheadh ar eite chlé na cuileóige an
focal so ira .i. fearg, agus ar an eite dheas Dei .i. Dé. Dá chor
i gcéill gurab tré mhíréir Dé do dhéanamh agus i ndíoghail a
fheirge tángadar.
9750] Léaghthar fós ar aní gcéadna ag Antonius naomhtha, san dara roinn
dá Shuim, san cheathramhadh caibidil déag don deachmhadh tiodal, an
tan táinig Attila Mór, rí na Hunnorum, d'argain agus do
chreachadh na Fraingce, do bhí ar lingeadh i lochtaibh an
Léaghthar fós sgéal míorbhaileach ar aní se, amhail chuirthear síos san
leabhar dá ngoirthear Speculum Exemplorum, mar atá go raibhe
peacthach trom dh'áirithe do bhí ag drud ré deireadh a ré, agus nach
fuair neach uaidh ucht do thabhairt ar aithrighe,
9775] agus go dtáinig gur
thaisbéin Críost tré iomad trócaire é féin dó, agus gur nocht a
chréachta dhó, dá ghríosadh ré déanamh aithrighe. Gidh eadh, do
ghabh seisean go haindiúid doitheagaisg ag éimdheadh aithrighe do
dhéanamh. Agus mar do-chonnairc Críost an dobhuidheachas do bhí ann,
do ghabh fearg é, agus leis
9780] sin cuiris a lámh 'na thaobh dhearg, agus
do-bheir cuid dá fhuil féin as a thaobh, agus croithis ar an
bpeacthach í, agus adubhairt, bíodh an fhuil sin mar fhiadhnaise ar
thusa do bheith damanta go dlightheach. Agus leis sin téid Críost a
hamharc cháich, agus gabhaidh an drong do bhí timcheall an othair ag
ionnlat a
9785] dheilbhe, ag buain na fola dhe. Gidh eadh, níor fhéadadar,
acht do lean mar oil i n-úir an uilc do bhí ann de go bhfuair bás.
As a ndubhramar go ró so is follus go ndéin Dia díoghaltas ar na daoinibh tréna bpeacaidhibh, agus go ndéin oirnise do chréatúiribh
Tuig, a dhuine, an tan bhíos an duine ag triall tré alltar na
hurchóide agus tré fhásach an pheacaidh, nach féadann an ród do
dhíorghadh go cathair nimhe. Gonadh ar an druing se labhras Dáibhídh
Rí san .106. Salm, mar a n-abair, erraverunt
9800] in solitudine, viam
civitatis habitaculi non invenerunt dobhádar ag dol amudha ar an
bhfásach, ní bhfuaradar fios chathrach an aittreibh. As so is
iontuigthe, an dream bhíos i siadhán agus i seachrán an pheacaidh,
nach féadaid an rian díreach go neamh dh'amus. Uime sin, cibé bhíos
ag triall tré fhásach an pheacaidh, ag dol
9805] ar siadhán, teagmhaidh i
lámhaibh ladrann ar uairibh é, agus i n-iomad do ghuaisibh oile. Dá
réir sin, is eadh is indéanta don taisteallach bhíos ar turus,
greamughadh do chuideachtain mhaith, agus leanmhain díobh do shíor.
Go fáthach, is í an tslighe anaithnidh se ród na beatha so go bás.
Uime sin, is éigean
9810] dá gach neach bhíos ré triall innte treóraighe
d'fhagháil ré heólas na slighe do dhéanamh dhó, nó, dá dtréigidh
an t-eólaighe, atá sé caillte. Is 'na fhioghair so atá aní léaghthar
san cheathramhadh caibidil déag do Leabhar na Nuimhreach, mar a
n-innistear, an tan do thréigeadar Clanna Israel ceannas
9815]
feadhna Mhaoise agus a threóir go Tír Tairrngire, gur éagadar a n-urmhór
san slighidh. Mar an gcéadna, an dream nach leanann do Chríost mar
threóraighe, ag triall tré fhásach an tsaoghail se gus an mbás, téid
amudha, agus ní roichid go Tír Tarrngaire na
Léaghthar in Exodo, an tan do chongaibh inghean ríogh na hEthiopia
Moyses ré bheith 'na chéile aice féin, do-rinne sé dá
10005] íomháigh,
mar atá íomháigh dhíobh darbh ainm oblivio .i. dearmad, agus an dara
híomháigh darbh ainm memoria .i. meabhair. Tug an chéid-íomháigh
d'inghin ríogh na hEthiopia, agus an dara híomháigh dhó féin.
Do measadh iomorra gur mhac d'inghin ríogh na hÉigipte darbh ainm
Thalamut Maoise.
10010] Gidh eadh, gan amharas do budh mac mná Eabhraidhe
é. Go fáthach, is é Maoise an saidhbhir; agus is é rí na hEthiopia
rí an dorchadais .i. an saoghal; agus is í an inghean phósas ris an
saidhbhir an tsainnt. Agus mar do shaoil inghean ríogh na
hEthiopia gurbh í inghean Pharao máthair Mhaoise, agus nárbh í
10015]
acht bean Eabhraidheach, mar an gcéadna ní hé an sonas saoghalta
is máthair don tsaidhbhir, acht bochtacht agus amhgar agus amarrán, an
bhean Eabhraidheach. Gonadh uime sin adeir Iob san cheathramhadh
caibidil déag, homo natus de muliere, brevi vivens tempore, repletur
multis miseriis iar mbeith don
10020] mhac arna bhreith ó mnaoi, agus ré
marthain ré ghearr dhó, líontar d'iomad d'amhgaraibh é. As so
is iontuigthe, tar ceann go saoileann an toicceach ré fhada, sonas,
socracht agus sáimhrighe d'fhagháil dó féin, gurab meinic gurab
duadh agus doghraing, amhgar amarrán agus anfhochain theagmhas dó. Is
eadh
10025] chialluighid an dá íomháigh úd: an chéid-íomháigh, an dearmad,
do-bheir inghean ríogh na hEthiopia .i. an tsainnt, i gcommaoinibh
Dé orainn, agus i mbochtacht Chríost, dá dtig go meinic an
Críostaidhe do leanmhain do mhnaoi choigcríche mar atá an tsainnt,
lé gcongbhaighthear go meinic é i gcoigcrích na
10030] coire, i n-imchian
óna thalamh díleas féin, flaitheas Dé. Agus uime sin is cneasta do
gach aon aithris do dhéanamh ar Mhaoise, maille ré coimhéad an dara
híomháighe úd, dá ngoirthear an
Tabhair dot aire, a dhuine, nach diommolann Dia na saidhbhris, acht
an dúil shanntach bhíos ag an duine réna sealbhughadh; amhail adeir
Dáibhídh Rí san .61. Salm, mar
10040] a n-abair, divitiae si affluant,
nolite cor apponere dá lingid na saidhbhris oraibh ná cuiridh bhar
gcroidhe ionnta. Gonadh uime sin adeir S. Augustine ag teacht leis
aní gcéadna na briathra so, non damnat divitias unde mereamur coelum,
sed cor appositum, quod non expedit ní dhamnuigheann Dia
10045]
na saidhbhris, lé gceannchar linn neamh, acht damnuighidh an croidhe
chuirthear ionnta, mar nach oircheas, acht chumhduigheas iad. Dá
chor i gcéill nach san saidhbhreas bhíos an locht, acht i gcroidhe
an tí do-ní aindíol éigcneasta dhe. Óir dá raibhe saidhbhreas ag
neach, agus go gcreanfadh ré
10050] déirc, ré daonnacht agus ré hoineach do
dhéanamh ar dhílleachtaibh agus ar dheibhléanaibh Dé é, atá somholta
go mór. Gidh eadh, an tí chuireas cruinniughadh agus connlughadh air,
agá chumhdach go ham a chuirthe i soileas leith-leasach dhó féin,
agus gan an stíobhardacht chóir do dhéanamh air do réir thoile Dé
do-bheir
10055] dhó é, atá indiommolta go mór. Agus an drong lé roinneann
Dia na saidhbhris shaoghalta, agus shaoileas gurab sealbh dhíleas
dóibh féin iad, agus dá réir sin nach cuireann i sochar do réir thoile
an Tighearna iad, acht do réir a dtoile féin, tiocfaidh lá an
chúntasa, mar a mbeanann Dia sorthan díobh in gach sochar
10060]
dá dtug dhóibh, idir chéill, céadfaidh agus chonách saoghalta. Nó dá
saoileadh an saidhbhir go leamh gurab sealbh dhíleas dó é, ná éin-ní
dá bhfuil aige, atá sé meallta. Agus is uime sin adeir Dáibhídh Rí
san .23. Salm, ag bréagnughadh an mheasta bhíos ag an saidhbhir
sanntach air féin, na briathra so, Domini est
10065]
terra et plenitudo eius,
orbis terrarum et universi qui habitant in eo is leis an dTighearna
an talamh agus a lucht, an chruinne
Is cneasta an samhlughadh do-ní Anselmus naomhtha, thig leis aní se
san leabhar ro sgríobh dona Samhluighthibh, mar a n-abair gurab
cosmhail an duine ré muilleóir do ghlacfadh muileann ó thighearna, ar
choingheall go mbeith d'fhiachaibh air dlighe
10075] an mhuilinn do
thabhairt don tighearna, agus cíos cinnte do bheith dhó féin mar
chothughadh óna thighearna; agus go measfadh an tighearna go
bhfuighbheadh féin cruithneacht agus gach arbhar somholta oile ón
muilleóir, i ndlighe nó i ndualgus an mhuilinn, agus 'na dhíol sin
gurab eadh do-bhéaradh an muilleóir uaidh,
10080] cáithleach, nó lóch, nó
neithe éadtarbhacha oile; agus arna fhionnachtain sin don tighearna go
gcuirfeadh an muilleóir dá cheangal agus dá chor i bpríosún, i
ndíol shochair an mhuilinn do chor amudha. Mar an gcéadna do-ní
Dia ris na daoinibh: do-bheir muileann .i. maoin shaoghalta dhóibh i
ngeall ar dhlighe
10085] do dhíol as, mar atáid boicht agus dílleachta agus
daoine éagcruaidhe agus gach drong oile bhíos i riachtanas do
chothughadh agus do bhiathadh lé déirc, lé daonnacht agus lé
hoineach. Gidh eadh, an dream do-bheir sin i bhfaill, agus do-ní
cruas agus connlacht agus cruinniughadh agus coimhéad ciste ar na
sealbhaibh saoghalta, agus
10090] chongbhas ó bhochtaibh agus ó
dheibhléanaibh Dé iad, agus nach tabhair do Dhia, i ndlighe an
mhuilinn, acht cáithleach cruais agus lóchán lochta agus loim-cheisnimh,
cuiridh Dia dá gceangal iad i n-am an éaga, agus mar
do-gheibh sochar an mhuilinn dá chor amudha leó, cuiridh dá
gceangal agus dá gcuibhriughadh, dá
10095] gcor i bpríosún pheannaideach
ifrinn dá bpianadh go síordhaidhe iad. Gidh eadh, bíodh a fhios agat,
a léaghthóir, nach éigean do gach aon-duine dubh-dhruim do chor ris
an saidhbhreas saoghalta, agus nach bí sé ar a gcumas, do réir na
cuinge chuirid orra, a thréigean go hiomlán. Óir an drong bhíos ré
cothughadh agus ré
10100] cathughadh, ar a mbí cúram saoghalta, ní fhéadaid
an maitheas
Agus is cosmhail an t-inneall dhleaghair don Chríostaidhe do chur
air féin, ré triall i raon bhaoghlach na beatha so, agus an t-inneall
10150]
chuireas an caiptín críonna ar a shluagh, ré triall i mbealach
bhaoghlach dhó, mar atá dá chórughadh do dhéanamh dhíobh, an céad-
chórughadh i dtosach agus an dara córughadh i ndeireadh; ionnus, dá
gcailltí córughadh dhíobh, go bhféadfadh an dara córughadh
cathughadh do dhéanamh. Go fáthach, is é an céad-chórughadh
10155]
bríogha spioratdha na hanma, agus na subháilce; an dara córughadh, an corp gona
chéadfadhaibh. Is ag cor aneithe se i gcéill atá aní léaghthar ag
Matha san .26. caibidil, mar a n-abair Críost ré hucht na páise,
spiritus quidem promptus, caro autem infirma atá an spioraid ollamh,
agus an cholann éiglidhe.
10160] Dá chor i gcéill go mbí calmacht san
choguas ré cathughadh ris na dubháilcibh, agus go mbí an cholann
aibrisg éiglidhe. Is i bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar ag
Genesis san .32. caibidil. An tan do bhí Iacob ag teitheadh ré
Laban dá dhúthaigh féin, agus do chuir Esau a dhearbhráthair
luigheachán air, is eadh do-rinne
10165] Iacob, dá chórughadh do dhéanamh
dá bhuidhin. Gidh eadh, do chuir Rachel an bhanfhlaith sgiamhach
i gceannas feadhna na céad-bhuidhne, agus Lia, an bhean ghiom-shúileach,
i gceannas feadhna na buidhne déidheanaighe, agus mar sin
ní bhfuair Esau ann féin cur chuca. Mar an gcéadna go fáthach, is
é Laban an saoghal,
10170] Rachel grás Dé, Lia an toicce thalmhaidhe,
Iacob an duine, agus
Agus is 'na fhioghair so atá aní léaghthar san .40. caibidil in
Genesi, mar ar fhaisnéis Ioseph do dháileamh Pharao go mbiadh
arna réidheachadh i gceann trí lá, as an bpríosún 'na
10195] raibhe, agus agá
chur 'na innmhe féin arís. Go fáthach, is é an dáileamh so Pharao
an peacthach bhíos i bpríosún an pheacaidh, agus na trí lá úd trí
cotcha na haithrighe, mar atá brón-chombrúdh, faoisidin, agus lóir-ghníomh,
lé gcuirthear neach 'na innmhe féin, mar atá i staid an
ionnracais arís, go triall ar neamh dhó. Agus
10200] is i bhfioghair na
dtrí rann so na haithrighe atá aní léaghthar san .24. caibidil don
dara leabhar do Leabhraibh na Ríogh, mar a léaghthar go dtugadh a
rogha do Dháibhídh Rígh, pláigh trí lá d'fhulang, nó gorta agus
inghreim easgcarad seacht mbliadhna; agus rug do rogha pláigh thrí lá
d'fhulang. Go fáthach, is eadh
Léaghthar ag Pól san naomhadh caibidil don chéid-Eipistil ro sgríobh
gusna Coirintibh, currite ut comprehendatis rithidh i riocht go
ngreimeóchthaoi. Dá chor i gcéill nach é gach éin-rioth fhóireas
ré greamughadh nimhe; do réir mar adeir
10275] Pól san chaibidil chéadna,
omnes quidem currunt, sed unus accipit bravium rithid uile (ar sé),
gidh eadh, is aoin-fhear do-gheibh an geall. Dá chor i gcéill,
tar ceann go mbíd na huile chreidmheacha ag coimhling ré flaitheas
Dé do ghreamughadh, nach faghann é acht an tí do-ní buain-sheasamh i
10280]
saothrughadh na subháilceadh amháin. Dá bhríogh sin, ní foláir do
neach a fhios do bheith aige go cinnte créad an t-inneall dleaghair
don Chríostaidhe do chur air féin ré déanamh choimhleanga i raon na
haithrighe, ré glóir nimhe do ghreamughadh mar gheall.
10285] Tabhair dot aire ar dtús go bhfuilid trí neithe do-bheir ar neach
rioth go maith .i. eagla, muinighin, agus grádh. Óir dá raibhe neach
ag gabháil tré bhealach bhaoghail, do-ní deithbhir ré triall,
d'eagla ladrann nó mheirleach do bhreith air dá mhilleadh san
slighe. An dara ní do-bheir ar neach rioth do dhéanamh
10290] san slighidh,
dá raibhe dóigh ag an tí ritheas, tuarastal mór d'fhagháil dá
chionn. An treas ní do-bheir air rioth go héasgaidh, an tan bhíos
grádh agus mian air, a charaid d'fhaigsin. Mar an gcéadna go
spioratdha, an dream agá mbí eagla a n-easgcarad ar an saoghal orra,
do-níd deithbhir ré triall ar
10295] neamh. Tuig gurab iad easgcáirde na
hanma adeirim annso;
An dara ní chuireas d'fhiachaibh ar neach coimhling éasgaidh do
dhéanamh ré dol ar neamh, muinighin mhór as mhéad an tuarastail
ghealltar don aithrigheach ar neamh. Amhail léaghthar ag Dáibhídh
san .16. Salm, mar a n-abair, satiabor cum
10305] apparuerit gloria tua
budh sásuighthe mé an tan bhus léir dhamh do ghlóir-se. Agus atá
Isaias ag teacht leis aní se sa 40 caibidil, mar a n-abair, ag
labhairt ar an druing se agá mbí súil ré neamh do shealbhughadh
dhóibh do shochar
10310] a subháilceadh, agus go dtig dhe sin bríogh agus
beódhacht, meisneach agus meanma do ghabháil dóibh, a los na
buaidheartha bhíos 'na gcionn, go ndéinid dá bhríogh sin deithbhir
ré triall i raon na subháilceadh i ród na haithrighe go neamh. Ag so
mar adeir, qui sperant in Domino, mutabunt fortitudinem, assument pennas
10315]
ut aquilae, volabunt, et non deficient an dream chuireas a
ndóigh san Tighearna, do-ghéanaid malairt neirt, géabhaid ortha féin
eiteadha amhail iolar, do-ghéanaid eiteall, agus ní coirfidhear iad.
As so is iontuigthe go sporthar na fíréin leis an dóigh bhíos aca a
geall mhór do bhreith, trés an gcoimhling do-níd go
10320]
neamh.
An treas ní lé ngríostar neach ré déanamh luais, an fonn bhíos aige
ré faigsin a charad ar neamh. Gonadh 'na fhioghair so atá aní
léaghthar ag Eóin san .20. caibidil, mar a n-abair, currebant
ambo simul, sed praecucurrit Ioannes Petro do ritheadar
10325]
araon i
n-aoinfheacht, gidh eadh dobudh luaithe Eóin ioná Peadar. Agus
is é dob fháth ris sin, do bhríogh gurbh annsa ré hEóin Críost
ioná ré Peadar. Uime sin, do bhríogh gurab é Eóin budh teó grádh
do Chríost, dobudh túsga gus an dtomba é ioná Peadar. Gonadh uime
sin adeir S. Bearnard
10330] na briathra so, qui ardentius amat, currit
velociter et pervenit citius an tí is teó ghrádhuigheas, rithidh go
luath, agus tig ní
Atáid chúig neithe éigeantacha ré rioth do dhéanamh go maith. An
céid-ní dhiobh, é féin d'éadtromughadh ré hucht an reatha. Agus
is amhlaidh fhéadfas é féin d'éadtromughadh,
10365] ualach trom an
pheacaidh do chur dhe. Do bhríogh go n-abair
10415] Agus is é so do-rinne Elias, an tan do chuir an crios leathair tar
a fhordronna, amhail léaghthar san cheathramhadh leabhar do
Leabhraibh na Ríogh; agus is amhlaidh do-rinne Eóin Baiste, amhail
léaghthar ag Matha san treas caibidil. Is follus gurab usaide do
neach rioth do dhéanamh, a éadach do cheangal go cunnail
10420]
'na thimcheall. Óir dá bhfágbhadh sgaoilte 'na dhiaidh é, do
theigéamhadh i laithigh, nó i ndris, nó i gcloich, nó i n-achrann
éigin oile é. Mar an gcéadna go fáthach, muna ndearna an duine a
mhiana féin do chonnlughadh lé crios caon-dúthrachta agus crábhaidh,
is eagail dó go dteigéamhaidh i laithigh na drúise,
10425] nó i ndriseógaibh
deilgneacha na saidhbhreas saoghalta, nó i gclochaibh slios-gharbha
na sainnte, nó i n-achrann urchóideach na n-olc oile ó shoin amach
é. Is ag cor na drúise i gcosmhaileas ris an laithigh atá aní
léaghthar ag Dáibhídh Rí mar a n-abair, eripe me de luto, ut non
infigar tógabh mé as an
10430] laithigh, go nach saileóchaoi mé. Is ag cor
an tsalchair bhíos i gcoir na drúise i gcéill atá Dia san dara
caibidil do Leabhar na hEólchaire mar a n-abair, ag labhairt ris an
drúiseach, quam vilis facta es nimis, iterans vias tuas, et maculata
est iniquitate tua créad é a dhearóile ataoi, ag triall id raonaibh
féin, agus a shailche
10435] atá ót olcaibh féin. Dá chor i gcéill go
ndéin láib na drúise duine lóduighthe leasg, ré triall i ród na
haithrighe. Agus is ag casaoid ar an lucht so go fáthach atá Peadar
san dara caibidil
An dara ní thoirmeasgas an rioth céadna, luaithreadh na
10445]
glóire díomhaoine. Gonadh uime sin adeir Críost ag Matha san deachmhadh
caibidil, excutite pulverem de pedibus vestris croithidh an
luaithreadh dá bhar gcosaibh. Dá chor i gcéill, an tí thogras dol
san choimhling úd, go ndleaghair dhó luaithreadh na glóire
díomhaoine do sgrios do mhianaibh a mheanman,
10450]
ar eagla go séidfeadh an díomas fá rosgaibh a réasúin iad, agus go dtiocfadh dhe sin a
dhalladh go spioratdha, ionnus nár léir dhó an ród inleanta
d'aimsiughadh. Óir ciodh suarrach ar fhéachain an lot do-ní,
millidh go mór eachtra an aithrighigh. Gonadh uime sin adeir S.
Bearnard, ag labhairt ar an nglóir ndíomhaoin,
10455]
leviter volat, leviter penetrat, sed non leve vulnus infligit inanis gloria is
éadtrom do-ní eitill, is éadtrom thollas, gidh eadh, ní héadtrom an
chréacht do-ní an ghlóir dhíomhaoin. As so is iontuigthe go
ndleaghair don aithrigheach bheith ar a choimhéad ar an nglóir
ndíomhaoin, lé ndéantar othar don
10460] anam, agus lé gcuirthear dá réir
sin ó bheith ionaistir i slighe na haithrighe é.
An treas ní thoirmeasgas an choimhling se, driseóga na saidhbhreas
saoghalta. Óir an tí bhíos ag rioth tré dhriseógaibh, is gnáth
oilbhéim nó tuiseal dá leagadh, dá thoirmeasg ó rioth
10465] do dhéanamh.
Mar an gcéadna, an tí theagmhas i ndriseógaibh na saidhbhreas
saoghalta, teagmhaidh leagadh go meinic dhó, ionnus nach bí inreatha i
raon na haithrighe. Is córaide an samhlughadh so do dhéanamh, mar
adeir Críost féin san treas caibidil déag ag Matha, san bhfábhaill-
sgéal luaidhtear ann,
10470] aliud cecidit inter spinas do thuit cuid
oile don tsíol idir na dreasaibh. Ionann sin ré a rádh do réir
Chríost agus idir na saidhbhreasaibh. Agus atá Ieremias san
chaibidil chéadna ag luadh aneithe céadna, mar a n-abair ris na
daoinibh shaoileas
An ceathramhadh ní thoirmeasgas rioth an aithrighigh, clocha dúra
díochoisgthe an chiontaigh, nach faomhann a leas do
10480] dhéanamh, agus
nach cuireann inneall reatha air féin i raon na haithrighe. Is i
bhfioghair aneithe se atá aní léaghthar san .5. caibidil ag
Isaias, mar a n-abair, ag labhairt ar an ollmhughadh do-rinne Dia
ar a fhíneamhain féin dominus plantavit vineam electam,
et sepivit eam, et elegit lapides ex ea do phlanduigh an tighearna
fíneamhain toghtha, agus do chuir fál uimpe, agus do thogh
10485] sé na
clocha aiste. Go fáthach, is é Dia nimhe an tighearna phlanduigheas
an fhíneamhain toghtha, mar atá cruinniughadh na bhfíréan; agus is é
fál chuireas 'na timcheall, buinne beannuighthe na ngrás bhíos dá
gcumhdach ó bheith 'gá bhfoghlughadh ag aimsighthibh il-chleasacha
an aidhbhirseóra, agus ag sáimh-chealgadh
10490] na saidhbhreas
saoghalta, agus ag cluanaireacht cheilg-mhian na colna. Agus is eadh
chialluighid na clocha úd chnuastar as an bhfíneamhain, na coirigh
chloch-aigeantacha bhíos go haindiúid amhnáireach ag leanmhain dá
lochtaibh féin, agus nach gabhann teagasg san mbioth greim dhíobh, ré taisteall
10495]
ná ré triall i raon na haithrighe, tré thruime chlochamhail
na coire bhíos 'na hualach ar an anam, do-ní líog láithreach dhíobh
lé gcomhnaidhid gan chorraighe i gcarcair na coire. Agus is móide
is indiommolta iad gurab dá ndeóin go droich-mhéin anaid ann, agus
nach é Dia is ciontach riú, agus gur fhoráil orra
10500] malairt chroidhe,
mar a n-abair san .36. caibidil ag Ezec., auferam vobis cor
lapideum et dabo vobis cor carneum béaraidh mé uaibh an croidhe
clochdha, agus do-bhéar croidhe
10505] colnaidhe dhaoibh. Dá chor i
gcéill nach é féin is ciontach ré croidhe dúr doi-theagaisg do bheith
ag an bpeacthach, agus go dtiobhradh croidhe colnaidhe dhóibh, ré
déanamh crábhaidh agus feadhma do Dhia, do bhríogh gurab é an croidhe
colnaidhe is maotha agus is sochma ré saothrughadh na subháilceadh,
agus dá réir sin ris an duine do dhéanamh ionaistir i raon na
haithrighe. Measaim gurab eadh do-ní an t-aidhbhirseóir amhail
do-ghéanadh duine díbhfeargach,
An cúigeadh ní thoirmeasgas an rioth, gainimh na leisge. Óir an tí
bhíos ag triall tré ród na gainmhe, ní fhéadann rioth
10530] do dhéanamh,
do bhríogh go mbíd a chosa ar uairibh 'gá slogadh san ghainimh,
agus seal oile 'gá srianadh siar uaidh. Go spioratdha, an tí bhíos
san leisge, bí láimh ré láib na locht. Amhail iomorra bhíos an
ghainimh láimh ré láib na mara, mar an gcéadna bhíos an leisge láimh
ré láib na locht oile. Agus amhail bhíd langach
10535] lobhair agus cuasa
san ghainimh, ré slogadh chos an tí bhíos ag triall innte, mar an
gcéadna bíd cuasa ceilge, agus langa lobhair locht san leisge, dá
dtig toirmeasg do chur ar rioth an aithrighigh bhíos ag triall go
neamh. Gonadh 'na fhioghair sin atá aní léaghthar san dara caibidil
in Exodo, mar a léaghthar gur mharbh
10540] Maoise an t-Éigioptach,
agus gur fholuigh san ghainimh é. Mar an gcéadna don duine, an tan
mharbhas an t-Éigioptach .i. an t-anam, do-ní a fholach fá
ghainimh na leisge, ionnus nach bí corraighe as na coiribh air, acht
bheith adhnaicthe i n-urchóid, amhail do bhí an t-Éigioptach.
10545] Tuig, a dhuine, gurab eadh dhligheas gach Críostaidhe do
Atáid chúig adhbhair fá ndleaghair do dhuine deithbhir do dhéanamh
i raon na haithrighe. An céad-adhbhar dhíobh, trés an luas atá sna
meirleachaibh atá ar tí a bhaoghluighthe, mar
10585] atá an diabhal, an
saoghal, agus an cholann; do réir mar adeir Ieremias san
cheathramhadh caibidil do Leabhar na hEólchaire, mar a luaidheann an
luas atá i náimhdibh na hanma. Ag so mar adeir: velociores sunt
inimici mei aquilis caeli is luaithe mo náimhde ionáid iolair an
aieóir. Dá réir sin nach
10590] foláir don duine deithbhir do dhéanamh ré
triall i raon na haithrighe, ag coimhling ris na cealgairibh úd,
d'eagla a chuirthe fá ghreim dhóibh. An dara fáth deithbhire atá
ag an duine, fad na slighe. Gonadh 'na fhioghair sin atá aní léaghthar
san naomhadh caibidil déag don treas leabhar do
10595] Leabhraibh na Ríogh,
mar a labhrann an t-aingeal ré hElias, fá haithghein don
aithrigheach, agá rádh, surge et comede, restat adhuc tibi grandis
via éirigh agus ith, atá raon fada romhat. Mar an gcéadna go
fáthach adeirthear ris an aithrigheach, ré triall go neamh dhó. An
treas fáth deithbhire atá ag an aithrigheach,
10600] giorra ré na beatha ré
triall aige, do réir mar adeir Iob san cheathramhadh caibidil déag,
breves dies hominis sunt is gearr laithe an duine. Dá chor i
gcéill nach foláir don duine deithbhir do dhéanamh ré triall san
turus úd na haithrighe, ar ghiorra na ré bhíos aige. An ceathramhadh
fáth deithbhire, mór-luaigheacht
10605]
an ghill bhíos aige ré a ghreamughadh a los na coimhleanga.
Gonadh ag cor aneithe se i gcéill atá aní léaghthar ag Pól san naomhadh caibidil don chéid-Eipistil
gusna Coirintibh, mar a n-abair, omnis qui in agone contendit ab
omnibus se abstinet, ut corruptibilem coronam accipiat; nos autem
incorruptam an uile
10610] dhuine bhíos i n-éigean ag gleic, congbhaidh
é féin ó gach éin-ní, go nglacfadh coróin shothruaillithe; sinne
cheana coróin dothruaillithe. Dá chor i gcéill, mar go bhfaghaid
daoine mórán duaidh agus doghrainge ag saothrughadh agus ag soláthar na
séad sothruaillithe saoghalta, is mó sa chách dhleaghair don
aithrigheach
10615] duadh agus doghraing do chur air féin, ré greamughadh na
coróine síordhaidhe úd na glóire, agus dá réir sin go ndleaghair dhó
deithbhir
10650] Is iad an dream iomorra is gnáth d'fhagháil tuislidh san gcoimhling
se lucht an díomusa, do bhríogh go mbí an díomas nó an t-uabhar 'na
chnocaibh arda atmhara, ag folach an riain
Gidhbé thoigeóras dol ar marcaigheacht go neamh, mar atá
10665]
é féin do chur i gcuing riaghalta, agus a anam do chur ar muin anma a
phréaláide, ní foláir dhó togha do dhéanamh ar an each, d'eagla,
dá mbeith an t-each sgáthmhar, nó dá mbeith tuisleadh nó taoibh-righne
innte, go bhfuighbheadh féin leagadh dhi, nó ná roichfeadh
ris ceann na sgríbe do rochtain 'na rioth. Óir dá
10670] raibhe an phréaláid
sgáthmhar neimhsheasmhach 'na chuing, nó dá raibhe taoibh-righin i
saothrughadh na subháilceadh, nó tuisleadh d'fhagháil i
míghníomhaibh nó i n-ainmhianaibh oile, is eagail don tuata nó dhon
chléireach chuireas a mhuinighin ann, agus do-ní eisiompláir dhe,
gurab tuar tuislidh dhó féin
10675] greamughadh dhe.
Is amhlaidh atá an ghlóir shíordhaidhe agá foráileamh orainn ag Dia,
amhail bhíos buachaill an táibhirne ag fógra an fhíona maith bhíos
'na shoiléar, agus agá fhoráileamh ar gach aon, go rithid cách dá gach
éin-leith chuige do fhromhadh an fhíona.
10680] Gonadh san chruth chéadna
atá Dáibhídh Rí san ochtmhadh Salm déag ag reic agus ag faisnéis na
milse úd atá i bhfíon na beatha .i. i bhfleidh nimhe, mar a
n-abair, desiderabilia super aurum et lapidem pretiosum, et
dulciora super mel et favam atáid soimhianuighthe tar ór agus tar
chlochaibh uaisle, agus is milse iad
10685] ioná mil agus cíor mheala. Dá
chor i gcéill, mar go rithid daoine dá gach aoin-leith do fhromhadh
an fhíona úd mholtar lé buachaill
Tabhair dot aire, a léaghthóir, nach dleaghair don tí bhíos
10710]
ag coimhling rioth i n-aghaidh na gaoithe. Ar dtús ní dlighthear dhó
rioth i n-aghaidh na gaoithe anoir. Ionann sin ré a rádh agus nach
dleaghair dhó aghaidh do thabhairt ar an bhfolaidheacht ór fhás
féin, d'eagla go bhfásfadh bogás agus bladhmann, macnas agus
mómhaireacht aiste é, do chuirfeadh toirmeasg air ó rioth na
10715]
coimhleanga úd, do bhríogh nach urusa do neoch rioth i ród na
humhlachta, an tan bhíos ag maoidheamh a uaisleachta agus a
fholaidheachta féin. Ní dleaghair dhó rioth i n-aghaidh na gaoithe
aniar, d'eagla go mbeith sonn-ghaoth na sainnte ag séideadh 'na
choinne. Ní dleaghair dhó rioth i gcoinne na gaoithe adtuaidh,
10720]
d'eagla go mbiadh easgal oighreata nó gaoth ghoith-neimhneach
Ní foláir fós don tí bhíos ag coimhling gan codladh do ghabháil
ghreama dhe; agus fós, slighe thirim ghlan d'aimsiughadh, agus na
10735]
róid shalcha 'na mbí láib agus lathach do sheachnadh. Is é ní dá
dtig na róid do bheith tirim, ga gréine na ngrás do bheith ag
taitneamh ar orlár ionnracais an aithrighigh. Agus is é do-ní an
tslighe fliuch salach, fearthain an pheacaidh thig a néall náimhdidhe
na coire, lé bhfolchar grian na ngras ar orlár anma
10740] an pheacthaigh.
Agus is ag cor aneithe se i gcéill atá Dáibhídh san deachmhadh Salm,
mar a bhfoillsigheann go mbíd slighthe na bpeacthach salach do-imtheachta
do shíor. Ag so mar adeir, ag labhairt ar an bpeacthach,
agus go háirithe ar an tí bhíos salach i bpeacadh na drúise,
inquinatae sunt viae illius in omni tempore
10745]
atáid a shlighthe súd
salach gach éan-am. Óir an bealach nó an ród lán 'na mbí triall
agus aithighe iomad bó nó capall, bíd lán do rocaibh agus do logaibh,
lán do mhuirt agus do mhúilleach, do-ní an tslighe do-imtheachta
don tí bhíos ag triall. Mar an gcéadna don pheacthach agá mbí
aithighe na ndeamhan ó aonta do
10750] thabhairt dona holcaibh, bí an raon
dochraidh do-imtheachta agá anmain, ionnus gur meinic do-gheibh
leagadh 'na lochtaibh, ionnus go lingid aimsighthe an aidhbhirseóra air,
agus go gcuibhrighthear leó é, ionnus dá bhíthin sin nach bí cur ná
cumas aige ar aistear do dhéanamh i rian na haithrighe go neamh. Gidh
eadh,
10755] ní hé an ród do-imtheachta so, nach conair chóir go neamh, do
ghabh Dáibhídh Rí, an tan do thogair coimhling do dhéanamh go
Atá ní oile is iontugtha dhúinn dar n-aire, iar gcríochnughadh na
coimhleanga úd, nach féadaid dream ar bioth dhul isteach i
bhflaitheas nimhe, acht lucht éigne do dhéanamh, agus do-ní
10810]
sárughadh agá ghabháil. Do réir mar adeir Matha san aonmhadh
caibidil déag, regnum caelorum vim patitur, et violenti rapiunt illud
do-níthear éigean ar fhlaitheas nimhe, agus is lucht éigne
fhuaduigheas í. Dá chor i gcéill gurab sluagh soighníomh
dhleaghair don aithrigheach do chur i bhforbhais nó i bhfoslongphort
10815]
ré hucht flaithis nimhe do bhuain amach, agus iad
armtha lé hiol-fhaobhraibh na haithrighe.
Ní foláir fós dóibh dréimire seacht rongadh do bheith aca, ré múir-lingeadh
ar neamh. Is é so go fáthach an dréimire do-chonnairc an
t-ard-athair Iacob, amhail léaghthar san .28. caibidil
10820]
in Genesi, mar a bhfacaidh na haingil ag dol suas agus anuas i
gcéimibh an dréimire, agus mar a bhfacaidh druim Dé ris. Dá chor i
gcéill, an dream shuidheas ré foslongphort fíréantachta, ré hucht
nimhe do ghabháil, go mbíd aingil ag teacht lé tiodhlacadh do
nimh chuca, agus ag triall tar a n-ais, ré faisnéis
10825]
gach feadhma fíréanda dá ndéinid na haithrighigh do Dhia. Agus is eadh
chialluigheas druim Dé d'fhaigsin don ard-athair, mar chuireas
Dia roimhe dá dheóin sealbh an fhlaitheasa neamhdha do thabhairt
dona fíréanchaibh, tré chródhacht agus
Ag so an rioth arna chríochnughadh ag an duine. Gidh eadh, ní foláir
do neoch a fhios do bheith aige créad an sochar
10885] atá san saothar so
fhoráiltear ar an aithrigheach do chur air féin, ré buaidh do bhreith
ar a náimhdibh agus ré flaitheas Dé do bhuain ar éigean amach, mar
cheannach láimhe i ndíol an dúthrachta do-ní an duine fíréanda do
Dhia. Éist ré hEóin san dara caibidil in Apocal. mar a n-abair,
ag aithfhriotal bhriathar nDé, vincenti
10890]
dabo manna absconditum, et nomen novum do-bhéar an plúr atá i bhfolach, agus gairm nua, don
tí bhéaras buaidh. Dá chor i gcéill, an dream bhíos calma ag
cothughadh an chrábhaidh, go mbí a bhara fá Dhia an plúr atá i
bhfolach, mar atá an ghlóir shíordhaidhe nach léir dhúinn san
bheathaidh se, do thabhairt
10895]
dóibh; agus fós gairm nua, mar atá rí do
dhéanamh ar neamh dhe, agus comhoighre do Chríost do dhéanamh dhe.
Is ag luadh aneithe se atá Dáibhídh Rí san seiseadh Salm déag, mar a
n-abair, satiabor cum apparuerit gloria tua budh sásuighthe
Is iomdha sochar do-gheibh an fíréan ar neamh, budh liosta ré a luadh
uile. Gidh eadh, cuirfeam dá áit nó trí as an scrioptúir
10970] síos, as a
dtuigfidhear a mhéad d'innmhe bheith ar neamh. Ar
Agus guidhmíd Dia ré sinn féin do stiúradh tar gach bearnain bhaoghail,
agus tar gach guais, go gcríochnuighthear an rioth úd linn, agus go
ngabhthar sealbh fhlaithis Dé linn, mar a bhféadfam an geall
coimhleanga atá dá thuar agus dá thuilleamh linn do ghreamughadh
11000]
agus do bheith 'nar seilbh go síordhaidhe.