Corpus of Electronic Texts Edition
Do chomramaib Laigen inso sis (Author: Flann mac Máel Máedóc)

p.117

Do chomramaib Laigen inso sis. (Aus Rawlinson B 502, S. 88a).

Fland mac Mælmædóc .cc.

  1. Éol dam i n-dairib dréchta
    in Midaig múaid móréchta,
    échtaigtis glonnaib gaile
    do læchraid lúaith Lorcmaige.
  2. Læchrad Lagen, lúad nad chres,
    nírbo chiúin a comathches,
    fri h-Ultu, fri Mumain múaid
    is fri Leth Cuind claidebrúaid.
  3. Is mó áirim, airdi báig,
    an ro-marbsat Laigin láin,
    an ro-beotar buidnib drenn
    do ócaib amraib h-Érenn.
  4. Orddaigem céin as ada
    a catha his a comrama,
    tuirmem chena, cróda in clú,
    a n-elgnos, a n-ardéchtu.
  5. Ro-ort Labraid Loingsech Móen
    Cobthach diarbu chomainm Cóel,
    co trichait ríg réil, rob rath,
    i m-bruidin Túamma Tenbath.
  6. Robí Núadu, noithech scél,
    mac húi h-Iëir Etarscél,
    ba do Mumain a mada
    dia mairt ós Leirg Labrada.
  7. Læchdu ócaib co n-áine
    Cet mac Mágach meic Dáire,
    fo-cheird glonnaib, gairgiu guin,
    ailich hi cenn Conchobuir.
  8. His í-seo ind ail almaib cúan
    ro-fitir h-Eireo adrúad,
    inchind Meis Gegra gnáthaig
    forfácbad for iláthaib.
  9. Ailill mac Máta móinig,
    is aurdaire isna láidib,
    ardrí Ái, ba hán in gein,
    is é robí Amargein.
  10. Hit hé cauraid clóite ferg
    ro-beotar Lugaid réo nderg,
    na trí Rúadchind, réim ngaile,
    hit é beotais Conaire.
  11. Conaire coimsid h-Elgga
    ort i m-bruidin Dá Dergga,
    at é rom-beotar ar daig,
    na trí Rúadchind do Laigneib.
  12. Ba gairgge gnímaib gossa
    h-écht meic Cairpri meic Rossa,
    scothais a chenn cléithi de
    do Choin Caulaind Murthemne.
  13. Marbais Ailill a dalta,
    ba scél n-ingair n-indatta,
    ailis Ailill, écht ba dóich,
    a sleig hi Fergus mac Róich.
  14. Ro-gáir bríg bressa buille
    an ro-lamair Liguirne,
    guin Airtt Óenfir, ardd bine,
    hi cath magrúaid Muccrime.
  15. La Mess Gegra, gáir cach thuir,
    trén gním ós allaind Étuir,
    guin Meis Deäd, díth co feirg,
    íar tabairt úad a gíallcheird.
  16. Ro-fessa a scéla cen bréic
    tria chomram na fían for Féic,
    ro-fig Fothaid, ní deolaid,
    ann for Ailill mac n-Eogain.

  17. p.118

  18. Éol dam aided, aidble druing,
    Dáire meic Cormaic h-úi Chuind,
    rombí Fothaid laindrech lúain
    Mogsaile ó Beluch Gabrúain.
  19. Glanna glan gas co n-gail grinn
    Cáilte coslúath gilla Find,
    hi cath Ollorba cen meth
    ron-geguin Fothaid Airgtech.
  20. Áed mac Fidaig, ferg féne,
    ro-char ingin Breg Éle,
    fo-cher d'urchur láma Find
    do sleig Fíacclaig meic Conchind.
  21. Iath mac Cáilte crodaib crád,
    ro-geguin Fíachraich Cassán
    h-isin chath clúite flaithe
    túaid hic Temraig co n-daithe.
  22. Dá Rúad Róirenn, réim n-gaile,
    beotar Fíachaich Sraptine,
    Sárnia mac Cirb cétaib n-gíall
    ro-gegain Eochaid Dumplían.
  23. Lám Echdach meic Énnai áin
    robí Bécc mac Lethderggáin
    hir-Ráith Béicce cen timmi,
    trí chócait eecess immi.
  24. Iss é tria gaile gretha
    beb Laidcenn mac m-Bairceda,
    ba de sain sóiset fo thúaid
    ó Inis Coirthi clethrúaid.
  25. Clothrí Insi finni Fáil
    Níall mac Echdach Mugmedáin,
    fo-cheird Saxan sreith
    ó Eochaid mac Ceinselaich.
  26. In cath i n-íath Dara déin
    ar-gab Lægaire mac Néill,
    nassa fír na n-dúla de,
    ba de ar-bath Lægaire.
  27. Brión Badgna bertaid graig
    mac Echdach meic Muiredaig,
    læch do Laignib ro chúala
    rombí hi cath Damchlúana.
  28. Crimmthann mac Énna co nhír
    geguin Ailill Molt in ríg,
    hi cath Ocha, ard a chlú,
    is comram for Connachtu.
  29. Ailill mac Dúnlaing, deilm læch,
    robí Óengus mac Nadfráech,
    diargæt Mumu mílib srath
    isin chath i c-Cell Osnad.
  30. Lochéne lonn letrad chath
    imbert choilgg for Cummascach,
    his Rón Cerr íar cúrad chrech
    robí Áed mac n-Ainmerech.
  31. Dúnchad mac Murchada múaid,
    Áed mac Colgan chlaidebrúaid,
    marbsat Fergal, finn a gné,
    hi cath adrúad Almaine.
  32. Fiäch Ailbe airm i ngart
    geguin Cór mac Cinnabrat,
    i cath læchda Liäch uill
    diar slassa Muman mórdruing.
  33. Drong in so, senchas nád oll,
    fri tuirim lúad Lagenglonn,
    ní éicsem h-uile do glé
    cid fri sægul sechtmaine.
  34. A catha íar slúagaib slat,
    d'ernmus a n-dorigensat,
    a n-ár for drongaib derga,
    a n-dírmann, a n-díbergca.

  35. p.119

  36. A slúaig, a cauraid cholma,
    a fessa, a táne, a togla,
    a tuir, a trebaind trérig,
    a fíanna co fírfénnib.
  37. Fíanna Find, fáth cen timme,
    h-úi Báiscne brecctais rinne,
    fíanna Foilnge, forom n-glé,
    fíanna Fothaid Canainne.
  38. Is mór tria gaile glíäid
    gegnatar ann tria gníäid,
    mac Connaid ar cúrad crád,
    Marcán ocus Máelodrán.
  39. Labraid Loingsech línib glec,
    Crimthann ocus Bresal Brec,
    Núadu Necht, ba núal co nem,
    ocus Cairpre Niäfer.
  40. Mess Gegra din gabuir glúair,
    Find file mac Rossa Rúaid,
    Cú Chorb, cethrur, clú nád sáeb,
    ocus a h-indhúa Cathær.
  41. Bresal Bélach brosnaid chath
    ocus Énna Gensalach,
    Eochu mac Énna co n-gail
    is Dúlang din Forcarthain.
  42. Ailill, Illann, erctais rath,
    ocus Brandub mac Echdach,
    fer dobeir bann ar cach m-búaid,
    Áed mac Colgan chlaidebrúaid.
  43. Is mór m-blíadna m-bresta blóir
    ó flaith prímda Partholóin,
    co taurscur mac Míled máir
    dochum Érenn a h-Espáin,
  44. Ó flaith h-Ébir, méit n-ada,
    co flaith Fíachach Fir Mara,
    ó flaith Fíachach fri fessa
    co flaith meic níthaig Nessa.
  45. Ó flaith Conchobuir Emna
    co flaith Donnchada Temra,
    dáig rofes, ní bríathar bras,
    connách ecnaid cen éolas.

    E.