Corpus of Electronic Texts Edition
Der Tribut des Königs von Ess Rúaid (Author: [unknown])

p.115

  1. Atá sunn senchus nách súaill
    do rígh Eassa ro ghloin Rúaidh,
    gach ní dlighes, ní dúaithnid,
    is sires ó phríomhthúathaib.

  2. p.116

  3. Dá dabaigh décc do lionn maith,
    a thrí urdáil do deghbraith,
    cét muc, cét mart arna mhes,
    céd brat, céd matal móirdhes.
  4. Trí céd bairghen co ma trí,
    cíos Cairpri sin don airdrí
    gacha bliadhna, líth gan locht,
    'sa adhlacadh coa ardport.
  5. Dartraighe ocus Túath Rátha,
    Fir Luircc co n-ilur fátha,
    do rígh Erne, rúathar nglé,
    bíadh úathaib gacha ráithe.
  6. Cenél Luighdhech, ní dlecht díbh
    acht comaitecht re hairdrígh,
    a tríath chuca ar cúairt ar sin
    gan bíadh d'iodhlacadh úaithibh.
  7. As edh fodera dóib sin
    gan bíadh d'iodhlacadh úaithibh,
    a líonmaire thúaid ga toigh
    is burba an t-slúaigh ó Thoraigh.
  8. Atád trí túatha 'na tír,
    cíos nó cáin ní dlegar dhíbh,
    clann Murchada an lámaigh luinn,
    clann Dálaigh is clann Domhnaill.
  9. As uime nach dlegait soin
    cíos nó cáin do rígh úathaibh,
    dáibh as dúthaig an ríghe,
    ní chráidh cách a coimhdíne.
  10. Anúair nách leis Temair tend
    ocus airdríghe n-Érenn,
    do rígh Eassa Rúaidh ní dlecht
    cíos ná cáin ná comhuidecht.
  11. Ge deach rí Conaill a c-céin
    ar slúaiged rí Temhra tréin,
    ní héiccen beires ó thoigh
    acht do thuillemh túarastoil.
  12. Dá t-tegmadh a c-cath cend i c-cend
    slúagh Conaill is rí Érenn,
    cecha marbthar díobh 'sa c-cath
    dlighid a íoc rí Temrach.
  13. Ní dlegait lón leo for sét
    laochradh Conaill na c-cóemhcéd,
    acht an c-céin rabhaitt amuigh
    rí Érenn da b-friotháilimh.
  14. Ge mór doníad for conair
    ní dlecht a accra oruibh,
    túarustal rí cúiccid crúaidh
    dligid rí Essa ríoghrúaidh.
  15. Túarustal trí n-uirrigh n-oll
    da gach uirrigh a Conall
    re taobh a thecht slán da thoigh
    gan dál, gan agra orthoibh.
  16. Is túarustal uirrigh díobh
    gacha tóisigh tre bioth síor,
    túarustal tóisigh amuigh
    da gach énbrucchaid úathaibh.
  17. Adhbair asa n-dleghait soin
    clanna Conaill Gulbain gloin,
    do chinn t-slóighidh nách dlecht díobh
    is ar cródhacht a c-caithgníomh.
  18. Pátraicc dofáccaibh dóibh soin,
    úadh do sgríobadh i l-leabraib,
    gach ní dleghait línibh lá
    Críst da choimét mar atá.
  19. Atá.