Diarmait mac Aeda Sláne, Sinech Cró rodn-alt. No bertis Connachtai a bú-si, co tarat-si imchosait móir eter Diarmait & Guaire Aidne. Is and asbert-si:
- A Diarmait, a mallchobair | úamun Gúare fón-fodair,
ar it anmand cluithe cath | tair chucund a dunebath.
Leic do Díarmait na raid fris | in cath ni h-éol ní firdis ,
dénid cóir dó mar atá | foid chuci dotathlebá .
Rúanaid atberthe cosse | fris-seom ar met a náne ,
indiu is lobrán im-Mide | Diarmait mac Aeda Sláne.
Tricha tinne, tricha bó | furec ceneóil Fergusso,
ícdai dartaid h-i cind gait | inna forreith do Diarmait.(A).- Beit fir móra ar macáin bic | co tí ar cobair co Grip ,
bit daim ríata láig ar m-bó | co tí cobair Diarmato.A Diarmait.
Ro ícc ní di-ssi immorro in cossait sin. 1 Ro thinoil Diarmait slúagu & sochaide leis do inriud Connacht.
ISs ed iarom ludi Diarmait oc techt h-i Connachta co Cluain maic Nóis. Dorigensat íarom samud Cíaran cona n-abaid .i. Áedlug mac Commain, etla fri Dia fair co tísad slán d'inchaib a coraigechta-som. Ro idbair in ri iarom Tóim n-Eirc cona fodlaib feraind .i. Líath Manchan, amal fód for altóir do Dia & do Chíaran. & dobert teora trísti for ríg Midi dia cathed nech dia muntir {facs. page 116a}
Mac da certa cecinit
cid dig n-usci n-and. Conid de-sin na laim rí Midi a ascin & na laim nech dia muntir a bíad do chathim.
Ni fil Galand ro sói dath | dirsan son ar Talomnach.
Rí da Choncend, rí dá Chí | docher h-ir-rói Cendfotai,
Atá a lecht isind fan | inti mac Conaill Chuan.
IS de sin dano doráegart Díarmait a adnacul h-i Cluain maic Nois, conid iarom ro adnacht inti.
Dorat Diarmait laim dar Connachta remi co ránic Aidni. Ro thinol Gúairi firu Muman dia saigid. Roptar iat-so rig tancatár h-i forithin Gúari .i. Cuan mac Ennai ri Muman & Cuan mac Conaill rí H-úa Fidgente, & Tolomnach rí H-úa Líathan. Doratad iarom cath Chairnd Chonaill etorro il-lo cengiges, co ráemid for Gúari, corro lad ar cend and, im Chuan mac Énnai, ríg Muman & im Cuan mac Conaill, ríg H-úa Conaill & im Tholomnach rig H-úa Líathán.2
Mad cóir la Dia, ar Cámmine, in fer fil h-i comthairisim frimm-sa ní ro-thairise fri námtiu Conid ann atbert in t-aingel re Caimin inso, co n-debuirtt
Do tháet Guaire do aurgairi Chammini, & sléchtaid dó.
Doreilced didu t'irchor-sa or Cámmine: ni chomraim a ostud. Comluath sin, dano, for Cammine, & dobérat do réir duit in lucht máidfit maidm fort .i. dobérat do réir duit fochetóir .
Is de asbert Cammin:
- I m-bíat fáebra fri fáebra | ocus findne fri findne,
bidat aithrech, a Guairi | cléirchin fris' tarlais tinne.- IAR réir doarbart Mac De | fri athlad na óenúaire
cride Guaire fo chiunu | inna triunu fo Gúairiu .
Troisc lim-sa dano, for Gúaire fri Cammin, fri Dia co tarda itchi dam.
Lotár iarom a triur isin n-eclais .i. Cammini & Guairi & Cummini Fota. Eclas mór dorónad la Cámmin, is intí bátar. Batar iarom na clérig oc tabairt a chobsena for Gúari.
Maith, a Guairi, ar iat, cid bad maith lat do linad na ecailsi-sea h-i tám?
3Ropad maith lim al-lan di or & d'argut, & ni ar {facs. page 116b} saint in t-sáegail, acht dia thindnacul ar m'anmain do náemaib & ecailsib & bochtaib in domain.
Dorata Dia fortacht duit, a Gúaire! ar iat. Dobérthar in talam duit doidnais ar t'anmain, & bát nimidech.
Is bude lend, or Guaire. Ocus túsu, a Chammini, or Gúare, cid bad maith lat día linad?
Ocus tussu, a Chummine, or Guaire, cid bad maith lat día línad?
Ro fírtha tra uli a n-imráti dóib. Doratad in talam do Gúaire. Doratad ecna do Chummin. Dorata sóetha & galra for Cammine con na d-eochaid cnaim de fri araile h-i talam, acht ro legai & ro lobai ri aingces cech galair & cach threblaiti.
Co n-deochatar ule dochum nimi lía n-imratib.
Techid tra Gúaire assin cath for leith & a gilla irraith. Ro gab in gilla bratan ríamnaige, ro fon & dorat do Gúari. Conid and asbert Gúari:
- Atlochur do Dia i n-étad | innocht dom feis óenféccad:
rom-bui-se adaig aile | dombert secht m-bú Mac Maire.
Dolluid-seom tra do gíallad fri claideb do Diarmait intí Gúari.
Maith, or Diarmait, cid ara n-déni Guairi in féli ucut? .i. inn ar Dia fá inn ar daini ? Mád ar Día dobéra ní innossa. Mad ar dáine ni thibre, ol ata co feirg & londus mór.
Do tháet chucu . Ni dam! a Gúaire, ol in druth. Cingthe secha. Ni dam-sa, a Gúaire! or in clam. Rot-bia, or Guaire. Focheird a goo dó. Ní dam-sa! or a chéli. Focheird a scíath dó. Ní dam-sa! or a chéli aile. Focheird a brat & a delg & a cris dó.
Nit-ain, or Diarmait. Tair fón claideb.
Ní dam-sa, a Gúaire! for in céli Dé. An bic, a Diarmait, or Guaire, co tallur mo lene dím don chéle Dé.
Maith, or Diarmait, ro giallaisiu do ríg aile .i. do Mac Dé. As-so mo giall-sa duit-siu immorro.
Slechtaid {facs. page 117a} dano Diarmait fo thrí do Gúari. Níp anchobrai trá, or Diarmait, co n-digis ar mo chend-sa do
Dogéntar, or Gúaire.
Is andsin ro chan Sinech in molad-sa do Diarmait:
Ar Guairi:
- Cach mac tigirn timcraidi | tathut airle lim-sa de,
dothe desell in brogo | leis fudell mo rúanado .- Ní for brágtib dam na bó | clóthir colg mo ruanado,
{facs. page 117a}
is for rigaib focheird feit | indiu dubchend la Diarmeit. 4
- Ní for bhraighaibh damh na bó | promhthar colg mo ruanadhó
for bhraighdibh riogh focheard feid | a níth a duibhgeann ag Diarmaid.
- Gúaire mac Colmain in ri | ro chacc for craibu Adní,
ro lá búalta méit cind bó | ar óman mo ruanadó.- O ro breca bróenán cró | léni n-dendguirm n-Díarmató,
erred fir cluas catha | ni comtig cen ildatha.- O ro breca bróenán cró | brunni gabra Diarmató,
usce asa n-egar Grip | ni lusta fri sacarbaic,- O doleicter immasech | cranna fianna for cach leth,
ní po decmaic casal cró | for crand a duirnd Diarmató.
- O do sernatár gai bic | h-i tossuch an imairic,
is í dias cíta ric | a gabair ocus Diarmait.
Or si:5
- Adnuu ón, adnuu
da reis Sinich co cruu,
nocos-faicéb la biu
ata-biu com luu.
- Adnuu | ní ric Sinech co cruu,
ni fil occu 'cá imfho-chaid | cid nácid-fitir nuu.- 6 Diarmait rúanaid, maith in ri | forbrid ar cách tria lunni,
forbrid ar cach n-óen co gnáth | in rí co cuir broén ar cách.Cách.
Luid-seom iarom inti Gúairi do áenuch Talten arcend Diarmata, & míach árgit leis día thabairt do feraib H-erenn.
Maith, or Diarmait, in fer dotháet chucaib atethaid a innili oc a thig. Is sárugud dam-sa trúag nó trén isind óenuch do chuingid neich cuci.
Luid-seom didu co m-bói for láim Diarmata for foradaib bith isind óenuch. In la sin, tra, ni chuinnig nech ní cucai som. Bá machdad leiseom aní-sin.
(Medón lái arnabarach,) Maith, a Diarmait, or Guare, epscop do gairm cucum-sa co tard-sa mo choibsena dó. & co rom-ongthar'
Cid so? or Diarmait.
Cid nách mana éca let-so dam-sa, a Diarmait, áit h-i tát fir H-erénd, eter truag & tren, nach cuinnig nech díb ní chucum-sa.
Ní rogebthar fort, or Diarmait, {facs. page 117b} miach argait duit sunn út.
Atá airget immorro lim-sa, ol Gúairi.
Atraracht immorro Gúairi, & nos-tairbir assa díb lamaib, & asberat-som ba lethfota a lám ónd úair sin oc rochtain na céli n-Dé.
Dogniat iarom ógsid .i. Diarmait & Guaire, & ro gabsat fir h-Erenn intí Gúairi do chomarlid & do chind athchomairc 7 dóib ond uair sin tria bithu cein ro bo béo.
Bá maith iarom intí Guairi: is dó doratad tria ráth féli in bó co n-aib ítha & inna sméra 'sind fulliuch.
IS é doróni in firt n-amra h-i Cluain maic Nóis dia rucad-som dia adnacol di.
Tánic in drúth dia saigid, & ro gab algais de im athchuingid fair. Dorat-som a laim darsin forbaid immach, & ro gab lán a duirnd don ganium, & ro dibairc i n-ucht in druad, co n-dernad bruth óir dé. Conid hé sin enech dedenach Guairi.
Conid Cath Diarmata & Guairi Adni a scel sin anúas.