Corpus of Electronic Texts Edition
Aimirgin Glúngel tuir tend (Author: Gilla in Chomded Ua Cormaic)

p.125

  1. 1] Aimirgein Glúngel tuir tend,
    2] cét-ugdar amra Éirend,
    3] ba breithem, ba coimgnid cain,
    4] ba file, ba fír-senchaid.
  2. 5] I n-aimsir meic Leite lóir
    6] Fergusa ruibnig ríg-móir
    7] in darna fer gláime glé
    8] Sen mac Áige é-side.
  3. 9] Bríg Ambáe ben Blaí Briugad
    10] in tres saí, bid sír-chuman;
    11] in cethramad saí srethach
    12] Connla Connacht caín-brethach.
  4. 13] Is é in Connla cétna cóir
    14] co n-nirt Spirit Naím nert-móir
    15] ro-lá conflicht ro-s-conaig
    16] risna druídib díthoraid.
  5. 17] At-bertatar na drúide
    18] athesc n-étig n-imthnúide,
    19] conid íat ro gní nime
    20] is talam co tromthige.
  6. 21] At-bert Connla co céill n-glicc:
    22] dénaid dúind is creitfimit
    23] coro taitne in grían atúaid
    24] dar lind lera lethan-rúaid.

  7. p.126

  8. 25] Ór ná cumgaid, ar Connla,
    26] for gním n-ard co n-imdolma,
    27] is ferr dúind táeb risin fer
    28] do-rigne im cach náem núa-nem.
  9. 29] Cid ima n-geibthe in bur leith
    30] gníma Meic Dé? Ní deig-breith,
    31] ní re fertaib ro fallta,
    32] ór ná techtaid cumachta.
  10. 33] Ba h-é in cúiced sáer-chaín súad
    34] Sencha mac Cáelchlaín ón chúan;
    35] ba hé in sessed garta glain
    36] a mac Fachtna féthamail.
  11. 37] Sencha mac Oilella ard,
    38] ba hé in sechtmad saí sáer-garg;
    39] in t-ochtmad, comall caín cas,
    40] mac Maín, Morand mór-amnas.
  12. 41] In nómad, ní fíam follaig,
    42] Neire mac fíal Findchollaig;
    43] in dechmad ba nertmar nath
    44] in Find Fechtnach Feradach.
  13. 45] In t-áenmad fer déc ba-déin
    46] ba h-é Fíthal co fír-chéill
    47] tarraid ré Láegaire ar leirg
    48] ó ré Chormaic cloidim-deirg.
  14. 49] Sencha mac Cáelchlaín cen chol
    50] athair Fachtna, in fer fír-dron;
    51] Fachtna, fer co líthaib Dé,
    52] athair Fíthail, finnid-se.

  15. p.127

  16. 53] Cét-ugdair Éirend uile,
    54] fesa Fótla folt-buide—
    55] tucsat críchad ar gaís n-gil
    56] ó Fíthal co h-Aimirgein.

    Aimirgein.

  17. 57] Ro deilig Día dígrais dron
    58] do cach fir díb-sin sainmod
    59] co m-bered breith taitnim tricc
    60] rachta aicnid amnas-glicc.
  18. 61] Aimirgein Glúngel ba gáeth
    62] ní bered bretha co báeth;
    63] fesa Féine leis tar ler
    64] roscada féige filed.
  19. 65] Mac Áige dá m-bered bréic
    66] ástais bolga arin m-bláith-géic,
    67] dá ráided fír rib arís
    68] bolga-sin no sergatis.
  20. 69] Ro thidnaic Día, deilm cen gáe,
    70] gaís aicnid do Bríg Ambáe
    71] coná bered, ba mín mod,
    72] acht breith fír ro fosugad.
  21. 73] Connla caín-brethach ba caín,
    74] lán do rath in Spirit Naím
    75] coná ruc bréic ó ro baí
    76] ná ainbreth ná imargaí.
  22. 77] Sencha mac Cáelchlaín calma,
    78] ba h-í a aiste adamra
    79] ná bered breith, foirbthe fair,
    80] cen oidche re h-urscrútain.

  23. p.128

  24. 81] Acus a mac Fachtna find,
    82] dá m-bered bréic, bad derb lim,
    83] tuited mes cach muine mín
    84] uile uile in n-aidche-sin.
  25. 85] Mad i n-aimsir blechta báin
    86] no h-indised í i n-irdáil
    87] no séntais baí láega lis
    88] riu táeba ní tobraitis.
  26. 89] Nó dá n-impód fri breith fír
    90] ba h-óg arís in mes mín
    91] scardais fri sáetha laíg lis,
    92] baí báetha ro bligitis.
  27. 93] Sencha mac Oilella úaig
    94] trí ailche leis ri breith m-búain.
    95] Ní bered breith saír suba
    96] cen trí ailche astuda.
  28. 97] Fíthal mac Fachtna ba flaith;
    98] fír n-aicnid leis ba lán-maith,
    99] coná bered breith m-berta
    100] résin n-intlecht n-aicenta.
  29. 101] Cid Morand, do chreit do Día,
    102] ba breithem rán, ba ríg-nía;
    103] móite ro fúaig 'ma rig rath
    104] ó fúair in n-id n-ilbúadach.
  30. 105] Ugdair na gaíse glaine
    106] cen béim baíse báeglaige,
    107] tucsat mór do díamair dam;
    108] cen dán íarraith ní annam.

    Aimirgein.


  31. p.129

  32. 109] Finntar fégtar na filid,
    110] daíne deiligthe in dligid;
    111] do-fégthar cumma cumtaig
    112] don Gaídilc at glan-ugdair.
  33. 113] Ba file díb Fergus fíal.
    114] Fergus Fíannaind, gleórda in grían,
    115] i n-inis Fíannaind, ferr de,
    116] rop é in chíall-find Cíarraige.
  34. 117] Feircheirtne file, deilm n-dil,
    118] úa-side Dedad meic Ssin;
    119] Néide fúair comamra aíb
    120] ard-mac Adna meic Uithir.
  35. 121] Athairne amnas ba h-áith.
    122] Ro lín a chlú clúasa cáich;
    123] ocus a mac Fergna fíal,
    124] ropo dalta co n-daig-míad.
  36. 125] Cét-chuit chumtaig ar gaís n-glic
    126] cech ugdair díb-sin sloindmit
    127] fond Senchais Móir, lorg lethach,
    128] fúair mac Áige il-brethach.
  37. 129] Imthórmach Senchasa sain
    130] ri Dubthach mac úa Lugair
    131] ocus fri Fergus filid;
    132] ra-n-dedlus ra dáer-finib.
  38. 133] Imart n-Áirechta cen acht
    134] ugdaras Connla Connacht;
    135] cuit Fíthil fúair deg-dath n-dron
    136] Aí Emnach cen imreson.

  39. p.130

  40. 137] Tailbretha Fachtna, is cert caín,
    138] meic Sencha meic Cáelchlaín;
    139] athair dó in Sencha senna,
    140] ní Sencha mac Oilella.
  41. 141] Airig Moraind delbaim dóib:
    142] Cóir Féine Bic ocus Móir,
    143] Midba Breth ocus Caire Breth;
    144] Morand ros-lá ima sech.
  42. 145] Formna Senchasa Móir
    146] nónbar ro chumtaig co cóir;
    147] Náefis, canóin cáemda cain
    148] re fesaib náemda in nónbair.
  43. 149] Pátraic, Beinén, Cairnech cain,
    150] Láegaire mac Néill nertmair,
    151] Fergus file, gáire glan,
    152] ocus Dáire Ulad.
  44. 153] Ocus Muman cen meirg
    154] Corc mac Luigdech co láim deirg;
    155] Dubthach úa Lugair don lind,
    156] saí in Bérla Rus mac Trichim.
  45. 157] Náe suíde sin nír sáeb snas,
    158] ríaglaigset co sáer senchas
    159] íarna thúr dóib tre gaís n-gil
    160] as cach aís ó Aimirgein.

    Aimirgein.

  46. 161] Tríar nár geibed Banba bras
    162] i n-airde is i n-airechas
    163] mar fácbait 'ca reic man-roind
    164] ria Cáin Pátraic meic Calproind:

  47. p.131

  48. 165] In cét-fer, fer coimgne cain
    166] re scélaigecht do Scotaib;
    167] fer cerda, ní monar mall,
    168] áer is molad na mór-rann.
  49. 169] Breithem re breithemnas m-bil
    170] a fesaib a fásaigib
    171] rigit roscada filed,
    172] má do-fégthar fír-dliged.
  50. 173] Ó tháinic Pátraic, mod mas,
    174] tucsat don fir airechas,
    175] d' fir in Bérlai Báin, ferr de,
    176] do chind cháid na canóine.
  51. 177] Ó ruc Aimirgein gáeth grind
    178] cét-breith ar tús i n-Éirind,
    179] ba la fileda ná-ma
    180] bretha sáerda senchasa.
  52. 181] Cosin n-imacallaim áin
    182] Feircheirtne is Néide nem-náir,
    183] ní damthea do neoch dliged
    184] acht a brethaib bard-filed.
  53. 185] Cach flaith cundail ro-chúala
    186] dub-labra na Dá Thúara.
    187] Rucsat, ar síat, ar sligid
    188] úaind in fecht-sa fis filid.
  54. 189] As-bert Concobar cen chol:
    190] léicid as bar n-imreson;
    191] cách in fecht-sa arin bith bras
    192] úaib co bráth fon m-breithemnas.

  55. p.132

  56. 193] Geibed cách a dréchta de
    194] —is ed téchta in túaslaicthe.
    195] Ná berat foscad filid
    196] acht a roscad rodligid'.
  57. 197] Ó sin 'le ní rucsat breith
    198] filid a l-labrad ar leith,
    199] acht a cuit and amar cách
    200] in tan ná fégtha in fír-fáth.
  58. 201] Amail ro gabsat, búan blad,
    202] Bretha Fachtna meic Senchad,
    203] Bretha Moraind, mitte fíach,
    204] is Gúbretha Caratníad.
  59. 205] Bretha Echach meic Luchta,
    206] Bretha Bríge réill-rachta,
    207] Breth Doet Neimtheine íar n-alt,
    208] Bretha Eógain meic Durrthacht.
  60. 209] Bretha Dían Cécht ó leigib.
    210] Cuit cáich i m- Brethaib Neimid
    211] acht ba fer cerda, guth glan
    212] Indse Elga ard-ollam.
  61. 213] Persanda na m- Breth Nemed
    214] ótá tosach co dered:
    215] Athairne, ba comall n-glan,
    216] Dagda, Morand, Morrígan.
  62. 217] Neire mac Findchollaig fíal,
    218] mac Adna Néide, ba níam,
    219] Senbec sídech saí senma,
    220] Cend Fáelad mac Oilella.

  63. p.133

  64. 221] Derg Scaleda, mind meda,
    222] ocus in Find Scaleda;
    223] ba días báige i n-gaís cen gus,
    224] dá mac dáime Ír mór-gus.
  65. 225] Senchán Toirpéist ba rind ráid.
    226] Báethgalach húa Búirecháin,
    227] Forannán, Máel Tuile tair
    228] bráithre buile Báethgalaig.
  66. 229] Cináeth úa Con Mind cen chol
    230] is é ro theip in tre-focol
    231] ri srethaib co gríanna glan
    232] a Brethaib níamda Nemed.
  67. 233] Auraicept na n-Éices n-ard
    234] ro chum Feircheirtne fíam-garg
    235] i n-Emain Macha co m-blaid
    236] i r-ré in fír-chaím Conchobair.
  68. 237] Ro-n-athnaig, ba rith renna,
    238] Cend Fáelad mac Oilella;
    239] i n-Daire Luráin ro-lá
    240] i r-ré Domnaill meic Áeda.
  69. 241] Fénius Farsaid, céim co cloth,
    242] h-é ro ben in m-bobeloth
    243] cen lúad ar laic-litir lé,
    244] aipgitir na Gaídilce.
  70. 245] Ogma mac in Dagda duinn
    246] ro ben beitheluis n-ogaim.
    247] Do-rala na secht m-beithe
    248] do Lugaid na láech-breithe.

  71. p.134

  72. 249] Úa Cormaic trén ó Thulaig
    250] ar túr eólais imchubaid,
    251] ríaglas runna íar lurg lir
    252] do cach urd íar n-Aimirgein.

    Aimirgein Glúngel.