Corpus of Electronic Texts Edition
Sex Aetates Mundi (Author: Dublittir Ua hUathgaile)

Section 3

Sex aetates sunt mundi, id est ó Ádam co dílinn in chétna æs, ó dílinn co Abrám ind æs tánaisi, ó Abrám co Dauíd in tres æs &c.

De Babilonia hoc carmen.

    {folio 43vb}
  1. Babilóin ro-clos h-i céin,
    dind ro-chumtaig Nín mac Béil
    ar sír-ecla slait na slóg,
    cathir dírecra dímór.
  2. Cethrochair in chathir chain,
    dona flathib fót n-ortain,
    súairc solus, sét co n-glaine,
    co cét n-dorus n-umaide.
  3. Sesca mór-míli immacúaird,
    rob hé a tomus, nirbu dúairc,
    do chémendaib uird ellaig
    ar rémendaib ro-thennaib.

  4. p.19

  5. Cóica cubat tigi a m-múir,
    annsa a thogail do nach dúil,
    dá cét cubat, comul n-glé,
    súas i n-aér i nh-airdde.
  6. Fichi cetharríad, cóem dúib,
    talldais for mulluch a m-múir,
    gním cen nach cleith cumuing lib,
    etir dá sreith do thigib.
  7. Ní dernad ríam tíar thair
    etir selbaib síl Ádaim,
    foclaim, ar is cangen chóir,
    dún dangen mar Babilóin.

    Babil.

  8. Tic sruth n-Éofrait dar a lár,
    de bæ gléo-throit is gléo-dál,
    conde roforbad a fóir
    is ro-toglad Babilóin.

    Babil.

  9. Do-dechaid Cír lín a slúaig
    dochum in t-srotha ruitrúaid,
    ro scáil, ro fadail 'masech,
    co m-ba sét soraid soinmech.
  10. Luiditar tría bríg m-brotha
    innund for slicht in t-srotha
    co dorus in tigi móir
    i m-bái in rí 'sin Babilóin.

    Babilóin.

  11. Íar sin ro-airg cathraig Nín
    cona rígraid, cona ríg,
    Ballasair, ba h-ardd a blad,
    robo mac do Negussar.
  12. Negussar co lúathi a h-ech,
    mac-side Labudsardech,
    Labudsardach crúaid i cath
    ba mac Euilmoradach.
  13. Euilmoradach fodéin
    ba mac Nabcodoin nár féil,
    is h-ic Nabcodon cen fell
    ro airggeth ar thús Salem.
  14. Ruc brait móir a cathraig n-Dé
    ocus ro mill a aidme,
    ro-síachtatar lais dia thaig,
    læchaib, cléirchib, mnáib, maccaib.
  15. Sechtmoga do blíadnaib dóib
    i n-doíre 'sin Babilóin,
    co tánic Cír, comul n-glé,
    co ro fúaslaic a ndoíre.
  16. At-rubairt friu Cír íar sin:
    'Éirgid dia bar tír feissin,
    ocus imthigid co tenn
    co rissid Hierusalem'.
  17. Íar sin do-chúatar fodes
    dochum a tíre cen chess,
    cor' chumtaigset cathraig n-Dé
    etir aidmi ocus tige.
  18. Íar sin insaigis Cír cain
    ríge for feraib domuin
    tricha blídan bái a glóir
    's a h-ardrígi i m-Babilóin.

    Babil.

  19. Luid íar sin Cír lín a slúaig
    cosin Scithia n-úabrig n-úair,
    ic íarair chána ní is sía
    ro marb rígan na Scithia.
  20. Cethri flathiusa cen on
    ar méit neirt, ba cain comol,
    ro gabsat in domun n-dóid,
    amal innises canóin.
  21. Flathius na n-Asarda n-án
    co tánic Cír mó cech mál,
    {folio 44ra}
    flathius Med is Pers, ba glicc,
    conas-tánic Mac Pilipp.
  22. Flathius na n-Gréc n-gribda a n-gáir
    conas-táncatar Rómáin,
    Rómáin raid h-i r-rígi íar sain
    co tici déad in domuin.
  23. Inad in tuir Nemrúaid náir
    ar lár in maige Sennáir,
    sluind im sruth n-Éofrait co n-glóir
    ro cumtacht in Babilóin.

    Ba.