Panechte incipit .i. tintúd Duiblitrech h-Úi Húathgaile forsin Pandecht Círine tría góedeilg inso sís. Do ardgabalaib in domuin & do chróebaib coibniusa in domain & día h-ilchenélaib & do numir a m-bérla & do aíssib a n-airech & dia n-anmannaib & do æssaib in domuin & do numir cacha áesse. Do réir in septín inso.
- Cétna amser bethad bind,
ó thús domuin co dílinn,
dá cét cethracha immalle,
dá blíadain is dá míle.- Is d' æs tánaissi, ní tár,
ó dílinn co Abrahám
nói cét ó chíanaib, is cet,
dá blíadain is dá fichet.- Ochtmoga blíadan co m-blaid,
fiche blíadan do blíadnaib,
cét ar thrí mílib namán
ón chétchruthad co Abrám.- Ó Abrám co tempul nDé
nói cét blíadan, búan in ré,
do réir ríagla, is lór a fat,
cethri blíadna ochtmogat.- Atát cóic blíadna is cóic cét
ó Abrám, ní h-immarbréc,
cor' dluiged Muir Romuir rúad
ría Móise cona mórslúag.
- Ó Móisi co tempul trén
cethri chét blíadan at-bér,
a nóe sechtmogat fri sein,
is ceirtiddein chomáirim.- A cúic sechtmogat trí chét
ó ro-toglad Tróe na trét,
íar n-áis Moíse, íarair lat,
in chúiced blíadain trichat.- Tricha ocus cethri blíadna
ar ocht cétaib cóemríagla
ó Abrám co togail Tróe
cen imroll, cen immargóe.- Ó rotoglad Tróe na tor
co ro-chumtaiged tempol
do blíadnaib, ní sæb in sét,
óenchóeca ar óen fri óenchét.C.