Corpus of Electronic Texts Edition
Cathréim Cellacháin Caisil (Author: Unknown)

Section 41

At-connaic triar chuigi & tri cinn ina lamhuibh & do fhiafraigset do Cellachain cuich iat. Cinn tri mac righ Corco Duibhne sin ar se .i. Cu Dubh mac Failbhe & Aedh mac Segda & Fianghal mac Conghail & cainfit clanna Cuirc meic Cairbri na cinn-sin ar Ceallachan.

Section 42

At-connaic fer ele cuigi & do fiafraig in cetna de. Cenn Donnchada meic Muircertaigh sin ar se .i. mac righ Eoganachta & cáinfid clanna Cairbri Cruithnigh in cenn-sin Ocus cenn Find meic Eidersceoil in cenn ele sin & cáinfid clanna Luighdech in cenn-sin Ocus na taispenad


p.21

dam-sa feasda iat or ni tualuing mhé beith ica bh-fegadh & gin gur gonad libh-se mhe is marbh mé do gonaibh na bh-fer ud & truagh nach bas fuaras na bh-farrad & at-bert in laid.

    1. 1] Dursan na cinn gan colla

    {page H 69}
    1. 1] Dursan na cinn gan colla§.
      2] ina§ silfid déara donna
      3] níor ghaoth§ gér fhortil na fir.
      4] do fhaoth marcraidh Shíl Eoghuin
    2. 1] Aodh mac Donnchada gan ceann.
      2] dursan fuil ara thaobh seang
      3] ó caoim Ó§ Chathail cneghach§.
      4] óig ghlan-iódhna flégháigh§.
    3. 1] Ceann t-Suibhne thugsabhar§ libh
      2] a bhuidhean-so do Ghallaibh
      3] Mac Suilebhain dherg gasuga§.
      4] dursan leam ó Mhaoil Ughra§.
    4. 1] Truagh leam ceann § fhuilt dlechtaigh§.
      2] Muircertach meic Muircertaicc
      3] go follus an geal glonnach.
      4] ar chumas na Lochlonnach.

    5. p.22

    6. 1] Aithreach liom a thoighecht liom§
      2] an deagh-fer ad-chiú gan cheann
      3] bá caomh-dhos a ród ríogha.
      4] Aonghus Óg mac Aisíoda
    7. 1] Ceann dá t-tugadar mná spéisi.
      2] Ceann deaghmeic righ na n-Déisi
      3] a thaobh a n-doghruing ré§ ghaibh.
      4] Aodh mac Dómhnaill í Fhaoláin
    8. 1] Fianghal mac Conaill Creachaigh.
      2] Mac oirrigh§ go n-árd-bhreathaib
      3] béid§ mna na n-Gall dá chaoinedh§.
      4] gé atá a cheann dá cómaoidheamh
    9. 1] Dob iomdha adhbhar deagh-sgeoil.
      2] ar Fhionn ar mac Eidersgeoil
      3] mór bh-fer dá ionnsoidhe ré§ gaibh.
      4] fear an cheinn-sin ad leth-laimh
    10. 1] Truagh liom§ cómaoidheam na chinn§
      2] deagh-mhac rígh Maighe c-Coinchinn

      p.23

      3] bá raon a n-debaidh lé gá.
      4] an deagh-fher Aodh mac Séaghdha
    11. 1] Ceann Donnchadha tug sibh libh
      2] a bhuidhionn-sa§ do Ghallaibh
      3] bhia temheal ar mo dhearcaibh.
      4] ó oighidh meic Muircertaicc.
    12. 1] Dursan ceann an§ bhur c-comhair
      2] Donchada meic Conchubhair
      3] fian oighe§ nár bhrigh na ba.
      4] Mac righ Ciarruidhe Luachra
    13. 1] Comaoin dibh goin an cinn§.
      2] deagh-mhac Réobhardain§ áluinn
      3] iomdha feart ó lamhaibh § athar.
      4] ar fud Mumhan na morttachar
    14. 1] Gaoth§ liom an ceann an bhúr laim.
      2] ceann Spioláin í Shuiliobhain
      3] ni doilge leam ceann eile.
      4] ceann Domhnaill í Neill bhúighe

    15. p.24

    16. 1] Lé rómhéd thaisbleántaoi dham
      2] do cheannaibh macaomh Múmhan
      3] ge taim§ beó do craidhedh§ sinn
      4] ní as mó a n-aríom ní fhéduim
    17. 1] Ma congbhuisi§ mé a c-cuibhreach.
      2] ó theasda an mharcrad Muimhneach
      3] truag nach ann fuaras mo ghoin.
      4] a measg shaoir-chloinn Sil Eóghuin
    18. 1] Déantar mh' óighedh as cead leam.
      2] is oighedh Dhuinn Cuain maraon riom
      3] ciodh pudhar teasda mo sheal.
      4] do shluagh Mumhan is dursan
    19. 1] Truagh gan Mór do teacht liom.
      2] inghion rígh Innsi Fionnghall
      3] mé do bheith ar breith a soir.
      4] noch an libh-si nach dursan.

      Dursan.


p.22

Section 43

ASa h-aithli sin do fhiafraigh Sitriuc do Ceallachan in bh-fuaslaicfitis Muimhnigh é. Créd in fuaslacad ar Ceallachan. Fuasculad nach bha tualaing iat-som dh' fhagail .i. na .v. catha déc do briseabhair-si orainne eraic in gach einfher dar marbad inntib Ocus da .c. dec do marbad a cath Sceith Neachtuin um Thomar Iarla le h-Olchobar mac


p.23

Cinnaedha eraic in gach ein-fir dhibh & fadhbh ar son na faidhbhe. Corcach & Luimnech & Port Lairgi & Caiseal ana n-duintibh dhuinn mar do batar againn roimhe. Mac gach righ & gach taisig a n-da coiced Mumhan duinn a n-gill ris sin. IS edh ro raidh Ceallachan {folio L 152a1}leagar mhisi & Donn Cuan a comhairli & Aistrechan mac Ailgisaig

p.24

gu cuirmis d' innisin na comhthadh sin h-e & innister duin cia port a bh-fuighter sib-si da bh-faghthar dhaibh iat. A n-Ard Macha ar Sitriuc or is ann berthar thusa dot coimhet. Do leicedh a comhairli iat & adubairt Ceallachan re h-Aistreachan na comtha-sin d' innisin do Muimnechaib Ocus at-bert in laid.

Section 44

    1. Innis a Aistreachain áin

{page H 70}

    1. 1] Innis a Aistreachain taim§
      2] d' feraibh Múmhan, is dá mnaibh

      p.25

      3] a rígh do beith a n-Áth Cliath.
      4] ag Sithrioch na c-céd c-crom-sgiath.
    2. 1] Béaraidh Sithrioch leis tar tuinn.
      2] soir go Lochluinn laoidheang-dhuinn.
      3] Muna ttugaid dó uile§
      4] sgéithe is cloidhmhe cúmhdaighthe§
    3. 1] a c-cuacha sa c-cuirn chama§
      2] a bhfailge sa bhfithciolla§
      3] a t-tabhairt dho Shithrioch tar t-tuinn.
      4] do chionn Cheallachain chleath-chuirr.
    4. 1] Braighde Múmhan cíos a h-iath.
      2] rachaid araon go h-Áth Cliath
      3] Mac gach taoisig is gach righ.
      4] ar fuidh§ Múmhan na moir-ghníomh.
    5. 1] Corcach is Luimneach longach.
      2] is Port Lairge lán-tonnach
      3] mar aon re Caisiol cladhach.
      4] do Shithrioch luath lan thoicthach§
    6. 1] Cath Sgeithe Neachtuin go calma.
      2] do bhris Olchumhar§ amhra
      3] mar cuiredh dá chéad déag.
      4] do Lochlonnaibh a luath-éag.
    7. 1] Béartar do Shitric trédachach§.
      2] ó thug se a éitheach
      3] a c-comhall sin alle.
      4] lé h-Éiric righ na n-Innse.

    8. p.26

    9. 1] Donnchadh a n-gimhlibh§ na n-Gall.
      2] Mac Cheallacháin na c-caomhlann
      3] braighde Mumhan leis go lí.
      4] ider thaoisioc is tréinrigh.
    10. 1] Ag sin an abair rinne
      2] Mac Turgéis go t-trénluinne
      3] muna t-tugaid sin alle§.
      4] go muirfe an airdri§.

      Innis. Ocus rl.


p.26

Section 45

Ocus raidh a Aistrechain re feruibh Muman gan na comhtha úd do tabairt uatha & cosnaid crich Mhuman & righaid Ceindeidig mac Lorcain & raidh riu na briathra tucsat in la do fhacbus-sa Caisil do chuimhnigud & cosnait sinne a nert lann & luirec. Ocus raidh re clannaibh Cuirc coimeirghi mhaith do dhenum. Ocus raidh re Donnchad mac Caeim toidhecht dar n-iarraid co h-Ard Macha. Ocus tecat Clanna Eogain ann ria g-cach & tabrad gach taisech maithi a thuaithi & a fherainn leis. Ticedh ann Donnchad mac Caeim meic Airt meic Cathail ria Clainn Echach Ocus ticeadh Mael Fothartaigh mac Floinn. ticedh Suilleban mac Mael Ugra ria Clanna Fhinghin. Ticedh ann Donnchad mac Duineachaid meic Fhianghusa. Ocus Ribardan mac Aissidha & Donnchad mac Domnaill & Donnchad mac Lorcain & Domnall mac Cathail & Eigirtac mac Cormaic & Cú Calma mac Cind Fhaelaid. Ticeadh Cuilen mac Aindiarraid & tabrad clanna Failbhe leis. Ticeadh Muircertach mac Murchada. Ticed Fogartach mac Fianamla gu maithibh Ua Muiredhaigh leiss. Ticed ann Domnall mac Diarmada & Fiana mac Feicine. Ticed ann Cuanachtach mac Con Gan Mathair & tabrad Eoghanacht Airrthir Cliach leis. Ticed ann Conaing mac Larcadha & tabrad Ua Cathbaidh leis. Ticed Fergal mac Elaigh & tabrad Clanna Sealbaigh leis. Ticed ann Anmchadh mac Dunchada. Ticed ann Flannabra mac Airindan meic


p.27

Flannabra & tabrad Ua Conaill leis. Ticed ann Ceithearnach mac Ceileachair meic Comáin. Ticed ann Ceann Faelad mac Duibh Da Boirenn & tabrad Ua Cairbri leis. Ocus adubairt an laid ann.

    1. Innis do clannaib Eoghuin

{folio H 72}

    1. 1] Innis do clannaib§ Eoghuin
      2] don fhuirinn fhéil-éolaicc
      3] a n-áirdrígh dá bhreith bo thuaidh.
      4] go ró Lochluinn leabhar-bhuain.
    2. 1] Innis d'Eoganuibh uile.
      2] idir righ & ró-dhuine
      3] mé dom bhreith ag Sitric tar tuinn.
      4] soir go Lochluinn laoidheang-dhuinn.
    3. 1] Muna thísiad suinn na sluaigh.
      2] fo chenn aoinn mhís bo thuaidh
      3] go roichid Árdmacha m-binn.
      4] Ni bh-fághaid sinn a n-Éirinn
    4. 1] Tionólaid clanna Chuirc cháoimh.
      2] Eóghanacht Chaisil chladh-cháoin
      3] sul rugadís tar muir amach
      4] a n-áirdrígh cródha cosgrach.
    5. 1] Tigidh Clanna Eóguin óig.
      2] d'iarraidh a rígh tre ró-mhóid
      3] ó Thuinn Chliodhna na t-treas t-trom.
      4] go h-Abhainn Dá Bho Bennchorr.
    6. 1] Donnchadh mac Caoimh na c-creac-ród.
      2] Mac áirdrígh na n-each n-árdh-óg
      3] tabhrad san sluagh gan oil.
      4] Clanna Eacach féil adhmhair.

    7. p.28

    8. 1] Tigedh ann Donnchad donn.
      2] ocus Súilliobhán súl-chorr
      3] maraon re Duinneachán dian.
      4] ocus Éigertach ar aon-rian
    9. 1] Tigedh ann Riórdán reábach.
      2] a shluagh chrodha comhramhach
      3] Tigedh lucht tíghe an righ libh.
      4] ceithre ched do chaoimh-feraibh.
    10. 1] Siól Eachach Siol Fhinghin fhéil.
      2] tigid uile ar aon-réin
      3] tigedh san sluagh tré bháidh.
      4] h- Meic Caille is Í Liathain.
    11. 1] H-Uí Chonaill & h-I Chairbre c-cruaid.
      2] tionólaid-sin líon a sluaigh
      3] tigid Í Chormaic ón tuinn.
      4] ar cheann Cheallachain chleath-chuir.
    12. 1] Ionnsaigh go Dún bán Bailc.
      2] baile a m-bid cearrda an chaomh-fuilt
      3] Is tabhair leat ó Loch Léin.
      4] an dá Eoghanacht d' aon-mhéin.
    13. 1] Raidh dam re Fergal fearrdha.
      2] déanaid tionól thréan-chalma
      3] sul bearthar uatha a loing.
      4] Ceallachan soir a hÉirinn.


p.28

Section 46

Ocus in tan tair leat Clanna Eogain d' agallad & do tinol cu h-aein-inad innsaigh romad gu {folio L 152a2} righ Dhail Cais ar Ceallachan .i. gu Ceinnédig mac Lorcain & raidh ris anmhain ag cosnum criche Muman cu nach dernat Connachta a cath-arcuin & abair re h-Uaithnig & re h-Urmhumain techt isin tinol Ocus innsaigh cu h-Eilibh & raidh ríu anmain ac cosnamh criche Mumhan & abair re a tigerna .i. re Cerbhall mac Dublaidhi meic Ceannamhain gurub ag Oilioll ar m-braithairsi Ocus innsaigh gu Clannaib Connla .i. gu sluaghuibh Osraidhi & raidh riu Muma do coimét o Bladhma bhudhes co muir & coimetad Ele gu


p.29

Bladma amail do-ní do gres Ocus innsaigh cu sluaguibh na n-Deisi & tecait & Muscraidi isin mhor-shlogad Ocus amar tháir leat Ceinneidig & Clanna Eogain d' agallad innsaigh dam-sa gu taisecaibh mo loingsi & tuc leat iat co Sruth na Maeili & madh da m-berar mhisi a h-Eirinn gu bh-faghat fir Mhuman a longa dom leanmain áir ni cora do laechraidh Lochlann crodhacht ag cosnamh ar crichi-ne ina do miledaib Muman calma do denum ag cosnamh a criche-seom & agar n-dighailt-ne orro. indsaigh ar tus co tri righuibh Corco Laighdi. gu Flann & gu h-Eiterscel & gu Cobhtach & gu Dubh Dha Boireann cu righ Iarthair O n-Echach. gu Seghdha & gu Failbhe & gu Conghal cu tri righuibh Corco Duibhne. gu Concubar mac Meic Bethaig gu righ Ciarraigi Luachra. gu Domnall & gu Baiscinn gu da righ Corco Baiscinn. gu Conchubar & gu Lochlainn gu da rig Corca Mruadh & tabhrat .X. longa gacha tricha .c. leo or as-e-sin coimtinol ar cabluigh-ne.

Section 47

AS a h-aithle-sin do gluais Aisdrechan roime gu Caiseal airm a rabhutar mileda Muman & do innis na scela-sin doibh .i. Ceallachan & Donn Cuan do ghabhail & na .IIII. fichit do cuaidh leo do marbad. Ba cumhthach cenn-trom ciamair do bas acu-som de-séin o' t-cualatar gabhail a n-glainn-righ & marbad a macraidi. Ro agaill Aisdrechan iat & ro innis na h-aitheasca do chan Ceallachan .i. a fuascalad a nert land ocus luirec & leathain-sciath & gan Muma do chur fa dhaeiri na fa docraiti do Danaruibh na do daer-Lochlannchuibh Ocus adubairt riu na briatra tucsat {folio L 152b1} an la do fhacuibh Ceallachan iat do cuimnigud & do innis doibh Ceallachan do breith cu h-Ard Macha da mhor-choimhet. O at-chuala Donnchad mac Caeim na comraitti-sin adubairt re clainn Cormaic Cais connailbhe do denamh & re Clannuibh Eogain innsaigid d' iarmoracht a righ & re clannuibh Cairbre coimheirghi & re clainn Luigdech lan-ghaisced & re clannuibh Ferghusa fir-uaisli & re clannuibh Ceallachain comdhuthracht & re clannuibh Taidg tren-choimhet & re clannaibh Fiachaigh Suidhe sair-thinol. Cidh tra ar Donnchad damad iat bur treoin & bur taisich-si do biaidh i laim ag Lochlannchaib do


p.30

thinoilfedh Ceallachan slóg da bar n-iarraid & do berad catha da bar cosnam or tuc-somh .v. catha dec ar Danaruibh ga bar cosnam .i. in ced-cath dibh a Luimnech & in dara cath a Corcaig & in tres cath oc Sliabh Crot. In cethramad a n-Durlus in coicedh a Caisiul in seissed a Port Lairgi in sechtmad a Muscraidi in t-ochtmad a n- Ard Osraidi in noemad a n-Glinn Corbraigi in decmad a Senghualainn cladh-aird Ua Conuill in t-aeinmad dec a Cromaid Ocus ceathra catha for Laighnib & for Osraidhi & ceilfider-sin ag laechraid Lochlann da ria Ceallachan dan cosnam leo.

Section 48

IS annsin ro chinnset a comairle um tinnscetal inn t-sluagaid-sin & do h-ordaiged acu beith caeicdiges on lo-sin ar Magh n-Adhar a m-biadh ar tir dibh & a m-biath ar muir dib do beith a m-Bel Atha Laigin. Cidh tra in la ro gheallsat a sluaig beith isna inadaib-sin do badar amail ro geallsad. Ba h-e lin do riachtadar co Mhagh n- Adar IIII. catha commora. Ocus do riacht Ceinnédig mac Lorcain & maithi Dail Cais ann Ocus do fhreasdail Ceinneidig iat in oigti-sin.

Section 49

Do eirghedar arnamarach & do raidh Ceinnédig gu rachaid leo. Adubairt Donnchad nach leicfitis leo ider h-e. Or is d' iarraid bur righ & da chosnam thiagmait-ne & ni beram tusa linn acht an oc imcoimhead an tire. Ma as edh ar Ceinneidig o nach ragh-sa ann cuirfet XX. c. libh-se & {folio L 152b3} anfat fein lín Muman do chosnumh & cuirfet mu thri dearbraitre lib-si & adubairt re h-ocláech maith da muinntir dul ar cenn a braithrech & at-bert fris. Ticed Coscrach & Lonngarcan & Congalach cu .XX. c. maraen ru. Ticed Assidha mac Assidha & .v. c. do Clannaib Cairtinn araen ris. Ticed and Deghadh mac Domhnaill meic Duinn & .v. C. ele lais Ocus do fhedar-sa ar Ceinneidig in ní is doigh leam do brisedh catha foruibh .i. gan righ romuibh do-genad sibh comhairli & fa coisenad sibh cath-lathair & o nac fuil righthar libh Donnchad mac Caeim & da bh-faghthar Ceallachan. tabar a righi fein dó Ocus tuc Ceinnédig a lamh a laimh Donnchada re bh-feruibh Muman & tucadar-san uili dha eis.


p.31

Section 50

Roghabh Ceinnédig aga radh re Donnchad calma do denamh & aca innisi dho a mhet do righuibh doghab righi Mhuman uime .i. Airtri & Cathal & Finguine & Cathal & Cui Gen Mathair & Cathal & Aedh & Flann & Cairbre & Crimhthan & Eochaid & Aenghus mac Nath Fraeich ic ar deghlad na deigh-fhir conudh en-ri déc ro ghabh righi Muman o Aengus gu Donnchad & da bliadain. l. fad a bh-flaithiusa conadh da forgeall sin at-bert an senchaide an laid .i.

    1. 1] Gur meala do righi rain & cetera.