707
Do-rónad sluaiged issin bliadain tánaiste leis i Connachtaib corro losc ocus corro innrestair co Mág Muirisce. Do-rónad dana mór-sluaiged leis issin tres bliadain do dílárugud Laigen. Ro tinólad iarum sochraite lán-mór Leithe Chuinn lais co ráinic i nn-Úib Faeláin. Ocus ba h-é fa ríg Laigen in tan-sin Faelán. Ocus mar at-chuala-saide in scél-sin .i. Congal do gabáil longpuirt
Congal féin imorro mar at-chuala na techta chuice ro gab étach deróil imme ocus ro shuid immesc na n-aithech amail bitis iat a deg-dáine-sium iat. Ocus tucad eirín ceirce chuice ar m-brissiud a coise. Ocus ro búi ac frithgnam mór ac cengal choise ind eirín. Mar at-chonncatar na techta sin .i. deróile shuidigte indríg ocus éitche in t-slóig iss ed ráidset eturru féin: ní dénaim-ne ní di'n ríg-siu nach dá sluag. Mad ár n-innmus imorro nó ár n-aisceda do thabairt dó ní delb dúinn itir. Rucait na techta ar n-acallaim Chongail i tech saluch ocus tucad muc ina fionna dóib do biud. Ocus táncatar rempaib arna márach d' innsaigid Laigen ocus Faeláin ocus ro innisetar a scéla. Ocus iss ed ro ráidset nár ba ní Congal ocus a sluag. ocus nár ba rí ocus nár thabarta bráigde ná tigernus dóib.
Imthúsa Congail imorro. Ar n-imthecht na techta ro tinóiled a maithe chuice ocus do-rónsat a comairle. Ocus iss í comairle do-rónsat dul fó Laignib ocus a n-dógh ocus a l-loscad ocus a m-marbad. Ocus do-rónsat amlaid-sin .i. ro loiscset ocus ro aircset Mág Laigen uile ocus ro marbsat derg-ár dáine. Acht chena ní ro thócaib in rí cenn dóib. Uair ní tharat dá úidh itir iat acht is nemhní do-rigne díob. Ar dá fáth ón .i. ar scélaib na techta ocus ar in madmaim do-rat lá féile Mártain reime for Fogartach.
Ro búi tra Congal fri ré leth- bliadna ac dógh ocus ac innriud Laigen amlaid-sin ocus ní tharat Faelán cath ná debaid dóib. Conid aire-sin chairig Congal co mór ríg Laigen. Co nn-ebairt:-
- Cid dás ón cid dás in ríg
nad aig eochu as a tír:
de ghregaib námat is lán
Life Laigen la Faelán
Ocus adubairt dana:-
- Céilebair dam a Life
lór ron-anas-sa it ghnáis:
álainn berrthán filed fort
rob slán co folt a Dún Náis- Ro berrad Life Laigen
la Congal cantais suirisc:
ba h-inann deimes dirruisc
dia m-berrtha ocus Mág Muirisc
Acht chena ro búi aen-laech lán-gharc lán- bheoda di Laignib in tan-sin .i. Cuan Fithise a ainm. Ocus no marbadh sé sochaide di mhuintir Chongail cach lái ocus don-gonadh sochaide ocus ticedh slán ó Leith Chuinn uile cen guin cen forgam ar luaithe a eich. Uair cid mór d'echaib maithe no léigthea fria ní beirtís fuirri.
Lá n-aen ann tánaic Congal do acallaim Chuain Fithise ocus glenn eturru. Ocus ro ráid Congal fris: cid fodera duit in ingreim ghaibi dom' shluag. Iss ed ro ráid Cuan: is fiarfaigid dar cubus ón sain ar Cuan. Uair ra fitir tu conid dúr in n-ingreim gheibi dom' shluag ám. Iss ed ro ráid Cuan conid ar in n-ingreim romóir do-gní-siu ar m' atharda-sa atú-sa acat ingreim-siu. Ocus dámad immar mise cách duit ní bud maith do thurus a l-Laignib. Is fíor ám sin ar Congal. Ocus ní braise duit a rád uair atát do ghníma mar atát t' focail. Cid tám cen charatrad do dénam {folio 65b}meise ocus tusa ar Congal. Ocus ro bud charatrad tarbach dot' atharda sin. Acht is amlaid-sin do- génainn caratrad frit dá crechtá-sa in tech-sin frium-sa ar a dá luach. Ná h-abair-se sin itir a rí bar Cuan: do-beirim mo bréithir ná bia in tech-sa ar maithius fó nech do Leith Chuinn ac ingreim Laigen ocus meise im bethaid. Ar do chubus diu frit a Chuain ar Congal Can a chinél ind eich-sin. Ocus can as a fuair sí in róluas út fil innti. Dar mo chubus ón ar Cuan is láir nach rómaith im chaistial-sa féin fos-ruc í. Ocus is ann ro h-ailed ocus ro lesaiged im ferann-sa.
Ro scarsat fói-sin .i. in rí ocus Cuan. Ocus ro ghairm in rí a deg-marcaig féin chuice ocus ro ráid friu: lenaid Cuan indiu ar sé co dorus a chaisteoill féin ocus ní bia docair diu dáib ar sé breith
- Airpéite na hóca-sa
iar n-innriud ind Lifi-se
álainn fogar ina caithise
im chenn Chuain Fhithise
Imthúsa imorro Laigen. Ro thinóilset itir laechu ocus chléirig in n-én-inad. Ocus nír ba maith a menma ar milliud a tíre ocus ar marbad Chuain. Ocus ro bátar cá rád nár bud urusa dóib cath do thabairt do Chongal ar a chruas féin ocus ar imat a sluag. Ocus iss ed ro ráidset co tibérthai sáire a chloinne ocus a chiniuil ó rígaib Laigen co bráth do'n mhílid no muirbfedh Congal ocus co tibérthai nem ó na cléirchib do.
Ro gab imorro mílid do Laignib dar cenn nime ó na cléirchib do ocus sáire dá chinél ó na rígaib tuidecht co longport Congaile do marbad Chongail. Ocus is amlaid tánaic ocus dá gái dímóra ina láim mar bud dá reic no biadh. Ind uair iarum do-riacht tiugh in t-sluaig do fiarfaig fer díob de: A ócláig ar sé inn áil duit ga díob-sin do reic. Is áil ar sé amail mesfus ind rí cechtar de. Táncatar rempa dar na buidne ocus dar na dóirseoireda conice bail i m-búi in rí ocus tuc in mílid buille do ghái dímór díob ina ucht do'n ríg. Ocus ba dímáin ón. Uair do búi d' amainse ind ríg co raibe clár cruaid-iubair comlethan{folio 66} re a ucht co ro ben re a smeich ocus is annsaide do-rála in gái ocus a inar sróill dar in clár. Ocus iss ed ro ráid in mílid Laignech ac tabairt in buille issin ríg: A rí ar sé mes dam in gái-se. Iss ed ro ráid in rí ar tabairt in fhorgaim inn: Fég lat ar sé in ferr é antás in clár fuil etrom ocus é.
Ro éirgetar imorro cúlchométaide ind ríg do marbad in míled. Co nn-debairt in rí: suidid ná marbaid etir é. acht ro fiarfaig
Ocus is ann do-rála in rí ind uair-sin fó bun darach ocus snechta mór ann ocus mes abaidh fuirri ind am-sin. Ocus ar m- beith do'n laech Laignech ar in láthair ro gab format drong do na míledaib immón fedhmannus do-ratad dó. Co nnd- ebairt fer do mhuintir Chongail: is ferr dam ar sé a dherbad in chúlchoimétaide tairise út ac ríg Eirenn. Diubraicfet ind aball-sa ar amus chinn ind ríg ocus dá tecmad in t-aball i cenn ind ríg seochu ní luga no tecmad cloch nó crann ina chenn. Ro diubraic iarum ar amus chinn ind ríg ind aball. Ro fritháil imorro in cúlchoimétaide Laignech sin co ro roinn in n-aball ar dó do chlaidium co tarat buille do'n fhiur do diubraic ina chenn co ro marb. Ro impád in rí dá tig iar m-buaid choscair ocus iar n-dígail a senathar for Laignib.