Corpus of Electronic Texts Edition

Background details and bibliographic information

Ann[acute ]la Gearra as Proibhinse Ard Macha

Author: [unknown]

File Description

Gearóid Mac Niocaill

Electronic edition compiled by Benjamin Hazard

Funded by University College, Cork and
The Higher Education Authority via the LDT Project

1. first draft, revised and corrected.

Extent of text: 2085 words

Publication

CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College, Cork
College Road, Cork, Ireland — http:www.ucc.ie/celt

(2004)

Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G100018

Availability

Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.

Sources

    Manuscript source
  1. London, British Library, Additional MS 30512, ff.39rb-40rb; for details see Robin Flower (ed.), Catalogue of Irish manuscripts in the British Library [formerly the British Museum], volume 2, 470-3, 490.
    Editions
  1. Gearóid Mac Niocaill (ed.), Ann[acute ]la Gearra as Proibhinse Ard Macha, Seanchas Ardmhacha 3/2 (1958-9) 337-40.
    Secondary Literature
  1. Eugene O'Curry, Lectures on the manuscript materials of ancient Irish history (Dublin, 1861; repr. Dublin, 1878 and 1995).
  2. Paul Walsh, 'The dating of Irish annals', Irish Historical Studies 2 (1941) 355-75.
  3. Gearóid Mac Niocaill, The medieval Irish annals (Dublin: DIAS, 1975).
  4. Daniel P. Mc Carthy, The Irish Annals: their genesis, evolution and history (Dublin 2008).
    The edition used in the digital edition
  1. Gearóid Mac Niocaill, Ann[acute ]la Gearra as Proibhinse Ard Macha in Seanchas Ardmhacha. , Armagh, Armagh Diocescan Historical Society volume 3 ( 1959) pages 337-340

Encoding

Project Description

CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling Declaration

The present electronic text represents pp. 337-340 of Gearóid Mac Niocaill's edition, including his introduction with footnotes. Entries in Text C are dated by Mac Niocaill.

Editorial Declaration

Correction

Text proofread twice.

Normalization

The electronic texts represents the edited text. Text supplied by the editor [in square brackets] is tagged sup resp="GMN". Notes are tagged note type="auth" and numbered; Latin text is tagged.

Quotation

There are no quotations.

Hyphenation

Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break this break is marked after the completion of the hyphenated word.

Segmentation

div0=the whole text; div1=the annal; div2=the individual entry.

Interpretation

Names are not tagged. Such tagging may be envisaged in a future edition.

Canonical References

This text uses the DIV2 element to represent the Annal.

Profile Description

Created: Uilliam Mac an Leagha Date range: c. 1460-1475.

Use of language

Language: [GA] Text is in Irish.
Language: [LA] Some words are in Latin.

Revision History


Corpus of Electronic Texts Edition: G100018

Ann[acute ]la Gearra as Proibhinse Ard Macha: Author: [unknown]


p.337

Ann[acute ]la Gearra as Proibhinse Ard Macha

in eagar ag Gearóid Mac Niocaill

I l[acute ]mhscríbhinn Add. 30512; ff. 39rb-40rb, sa British Museum .i. British Library, at[acute ] na hann[acute ]la so; le f[acute ]il. Níl de theideal orthu inti ach 'Senchronic sunn', i l[acute ]imh sheanChathail Uí Chonchubhair; mas fíor do Robin Flower.1 Uilliam Mac an Leagha (fl. c. 1460-75) a scríobh an LS féin.2

Ní de réir blianta at[acute ] na himeachtaí éagsúla d[acute ]taithe, ach do réir an achair de bhlianta eatarthu. Sé an míniú is dóichí air sin, déarfainn, n[acute ] gur cuireadh le chéile an 'senchronic' seo as foinse a bhí d[acute ]taithe le calainni—sé sin, le sreath de KKK, gan bliain A.D. ag gabh[acute ]il leo, fé mar at[acute ] i dtosach Ann[acute ]la Inse Faithleann, nó BL Cotton Titus A XXV. Luíonn sé le dealramh go raibh sonraí compóide—aois na gealaí ar an 1 Ean[acute ]ir, cuir i gc[acute ]s—i dteannta cuid acu: féach tagraí d[acute ] leithéid fé na blianta 1086, 1103.3

D[acute ] ainneoin seo, is fuirist d[acute ]taí a chur i leith fhormhór na n-imeachtaí, mar t[acute ] dh[acute ] phonc dheimhneacha ann: cath Chluain Tarbh (1014) agus cathanna Stamford Bridge agus Hastings (1066). Níl le déanamh ach [acute ]ireamh siar agus aniar ó na pointí sin. Ní féidir sin a dhéanamh do leith an d[acute ] mhír thosaigh ar ar thugas (A) agus (B); is follas go raibh bearnaí sa bhun-téacs óna gcineann an téacs so idir (A) agus (B), agus idir (B) agus (C). Chun d[acute ]taí a chur ina leith siúd, caithfí dhul i dtuilleamaí foinsí eile; cheapas go mb'fhearr iad d'fh[acute ]gaint fé mar bhíodar.

Ó thaobh na d[acute ]taíochta dhe, réitíonn d[acute ]taí na n-ann[acute ]la so le d[acute ]taí ceartaithe AU suas go dtí 863; idir sin agus 819 t[acute ]id bliain chun tosaigh; agus t[acute ] 819 féin ceart.

B'í tuairim Robin Flower go mb'as proibhinse Ard Macha do na hann[acute ]la so;4 agus déarfainn go bhfuil an ceart aige. Níl tagairt iontu d'aon eaglaiseach ón dtaobh amuigh den tuaisceart. Ní fuirist a r[acute ] cathain a cuireadh le chéile iad, sa chrot ina bhfuilid anois againn, mar ní féidir bheith cinnte dhe go dtugann an d[acute ]ta deiridh (1134) terminus post quem dúinn: thiocfadh dhó go raibh a thuilleadh ann tr[acute ]th. Ó thaobh na teangan de níl de leid deimhneach iontu ar an d[acute ]ta ach an fhoirm 'dí' mar mhalairt ar 'd[acute ]' (dí bhliadhain/d[acute ] bhliadhain), malairt a bhí coitianta go leor sa Mhe[acute ]n-Ghaeilg, ach a bhí imithe i léig fé aimsir an D[acute ]in Dírigh. Ní dóigh liom, mar sin, go mbeadh dul amú orainn da ndéarfaimis gur i leath deiridh an 12ú céad nó i dtosach an 13ú céad a cuireadh le chéile iad.


p.338

Téacs (A)

SAA

Laogaire mac Neill iar feiss Temra annis uii & mensibus uii & diebus uii uixit .i. dule Dé .i. gaeth & grian & rl. do rat i rraith fri Laighnibh im mathem na Boramai dóib, corus marbsat iarum na dule sin. Oc Grellaig Da, Phil umorro hi Maig Life eter in da chnocc .i. Eriu & Alpu as marbh.

SAA

Is isin cuicedh bliadhain umorro a flaithiusa do luidh Patraic docum hErenn. Deda cosmailsi umorro Patraic & Mysi .i. se fichit bliadhain a n-aos simul; is inderb umorro a n-adnacul simul.

SAA

Coic cet bliadhain umorro acht di bliadhain o ghein Crist co b[acute ]s Patraic.

SAA

Secht mbliadhna ar cet umorro o b[acute ]s Patraic co bas Tibir imperatoris.

SAA

Deich mbliadhain o b[acute ]s Tibir {folio 39va} co b[acute ]s Ulltain Aird Breccain.

(B)

SAA

Bliadhna umorro eter Ultan & Oid mac Bric. Uii mbliadhna o bas Oida mic Bric co b[acute ]s Choluimb Cidle & Griguir papa na Romha.

SAA

Cethri bliadhna o b[acute ]s Coluimb Cille, co b[acute ]s Baitine abbatis Ia.

SAA

Da bliadhain o b[acute ]s Baithin co bas Cainnigh meic h. Thalann.

SAA

Da bliadhain o b[acute ]s Cannig co b[acute ]s Comgaill Bennchair.

(C)

Da bliadhain o do ronad cetul na canóine co b[acute ]s Aodha Ordnide meic Neill Frosaig.

Ocht mbliadhna fichet umorro o bas Aoda Ordnide co badad Neill Caille meic Aoda.

Ocus bliadhain ria mbadad Neill Caille ro baided Turgeis la Maolseclainn mac Mailruanaid.

Bliadhain o badad Neill co b[acute ]s Fedlimid meic Crimthainn.

Cuic bliadhna deac ó bas Fedlimid co bas Maoilseclainn meic Maoilruanaid.

Se bliadhna dec ó bas Maoilshechlainn co bas Aoda Finnleith meic Neill Caille.

Se bliadhna decc aili dano o bas Aeda Findleith co bas Saerbrethaig meic Connait.

Bliadhain uad-sen co b[acute ]s Flaind meic Lonain primecis hErenn.

Da bliadhain deac umorro o bas Flaind co cath Muigi Ailbhe i torcair Cormac mac Cuilindain.

Ocht mbliadhna o marbad Corbmaic co b[acute ]s Flainn meic Maoilsechlainn.

Tri bliadhna o bhas Flainn co marbad Neill Glun nDuibh meic Aoda Finnleith.

Se bliadhna o marbad {folio 39vb} Néill Glun nDuibh co b[acute ]s Cathail meic Concabair.


p.339

Bliadhain ar trichait umorro o b[acute ]s Cathail meic Concabair co marbad Congalaig meic Maoilmithig.

Deich mbliadhna o marbad Congalaig co marbad Fergail hUi Ruairc la Domnall mac Congalaig.

Cetri bliadhna uad-sen co cath Bili Suili Oir hi torcair Ualgarg h. Ruairc la Concabar mac (Taidhg) & co cath Cille Móna eter Domnall mac Congalaig & Domnall mac Muircertaig hUi Neill, ait i torcuir Ardgal rí Ulad.

Tri bliadhna iar sin co bas Concubair meic Thaidg righ Connacht.

Secht mbliadhna umorro o b[acute ]s Concabair co bas Domnaill meic Muircertaig righ Erenn in Ard Macha & co cath Temrach eter Maolsechlainn mac Domnaill & Glún Iaruinn & cu b[acute ]s Mughroin comarba Coluim Cille & Comaltan h. Clerig rí Ua Fiachrach Aidne & Agda mac Dubcind ri Tetba.

Deich mbliadhna o chath Temra co bas Erdaird meic Coisi primeces hErenn.

Ocht mbliadhna uad-sen co b[acute ]s Duib Da Lethe comarba Patraic.

Bliadhain post cath Glindi Mama la Brian for Gulla.

Coicc bliadhna post co cath Craibi Tulchai dú hi torcair Aod mac Domnaill ri Ailig & Echaid ri Ulad.

Se bliadhna iar sin co bas Cathail meic Concabair righ Connacht & Maoilsuthain hI Cerbaill airdecnaid hErenn.

Cetri bliadhna as sen co cath mBriain du hi torcair Brian {folio 40ra} & Murchadh a mac & M[acute ]ol Mordai mac Murchadha ri Laigin & Gilla Ciarain mac Gluin laruind & Siuchraid mac Lodair co maithib Gall & Lagin.

Di bliadhain iar tain co bas Meic Liacc primeccess hErenn & co cath Neill meic Eochadha & Neill meic Duib Tuinde dú hi torcair Niall mac Duib Tuinde & Domnall h. Loingsig ri Dail Araide.

Se bliadhna iar sin co b[acute ]s Maoilsechnaill meic Domnaill rig hErenn.

Di bliadhain iar sin co b[acute ]ss Cu[acute ]n h. Lothchain primecces hErenn & co b[acute ]s Maoilruanuidh hUi Ciarda rí Coirpri.

Tri bliadhna iar sin co b[acute ]s Maoilruanaidh hUi Maoldoruid & co marbad Gadra meic Dunaduig & co brissed bachla Ísu & co marbad Raon h. Maoilsechlainn rig Mide i cath Lecce Blada la Sitriucc mac Amlaib & la Dunchadh ri Breg.

Tri bliadhna dano iar sin co marbad Taidg meic Cathail meic Concabair & Domnaill Guirt rig Midi & co bas Gormfhlathi ingine meic Murchadha meic Find .i. mathair Sitruc meic Amlaib & Donncada meic Briain & co b[acute ]s Conmara meic Liac primollam hErenn.

Tri bliadhna trichatt iar sin co bas Neill meic Echadha & Neill meic Maoilsechnaill & Ciarain fir leginn Cenandsa.

Bliadhaina imorro iar sin co dul Donnchaidh {folio 40rb} meic Briain & Echmarcaig meic Ragnuill dar muir dia n-ailithri & co b[acute ]s Duib Da Lethe comarba Patraic & co marbad Grifrid meic Leobailin airdri Bretaine do Chan[acute ]n mac Iacco.

Bliadhain iar sin co b[acute ]s Donnchaidh meic Briain & Echmarcaig in ailithri.


p.340

Bliadhain iar tain co b[acute ]s Edbaird rig Saxan & co cath Arailt fri Lochlannuibh dú hi torcair tri mili do Lochlannuibh im in rig & noí mile do Shaxanuibh & co cath Arailt iterum fri Francu dú i torcair Arallt uadéin.

Bliadhain iar sin co cath Tuluig Adnaig hi torchair Aod h. Concabair.

Tri bliadhna iar sin co b[acute ]s Murcada meic Diarmata meic Maoil na mBo.

Da bliadhain iar sin co cath Odba dú hi torcair Diarmait mac Maoil na mBó & Tadg mac Gilla Patraic hUi Fhergaile & Cú Ulad h. Flathroi ri Ulad & gabail m[gap: extent: 2 or 3 letters]asida co n-[acute ]r Lagen la Conchobar h. Maoilsechlainn.

Bliadhain post co marbad Concubuir h. Maoilsechlainn do Murchad mac Flainn.

Se bliadhna uaidsen co bas Cellaig h. Ruanada ardollam hErenn.

Coic bliadhna iar sin co cath Mona Cruinneoice i torcair Donnchad h. Ruairc & Ceinnetig h. Briain

Di bliadhain iar sin co bas Tairrdelbaig I Briain & co cath Crincha ria mac nDomnaill Remuir for Maol{folio 40va}sechlainn mac Concabair & co cath Conachla ria Ruaidri h. Concabair du i torchair Aodh mac Airt. XX bliadhain imorro o cath Aoda hucusque; bliadhain aile deac cechtarde dib.

Se bliadhna iar sin co dallad Ruaidri h. Concabair dia modaib fein.

Aon bliadhain dec imorro o dallad Ruaidri co cath Muigi Coba.

XX bliadhain imorro o cath meic Cailig co rigi sin [acute ]r bliadhain ar xx. cechtarde.

Da bliadhain dec dano o cath Muigi Coba & o marbad Magnusa co tasc Muircertaig h. Briain.

Di bliadhain iar sin co bas Maelmoire h. Dunain.

Ocus bliadhain aile iar tain co bas Diarmuta h. Briain.

Bliadhain iar sin co bas Murcertuig.

Bliadhain post co marbad Neill meic meic Lochlainn.

Bliadhain iar sin co bas Domnaill h. Lochlainn.

Bliadhain iarum co bas Aeda h. Ruairc.

Tri bliadhna iar sin co maidm Colbtha ria nDiarmaid h. Maoilsechlainn for feruib Fernmuige.

Tri bliadhna iar sin co maidm Atha Trothil & co maidm Atha Fhirdia ria feruib Fernmuige for h. Briuin.

Bliadhain iar sin co bas Cellaig cmarba Patraic.

In bliadhain post maidm Craibe Tri Cruim ria Tigernan h. Ruairc.

In bliadhain post maidm na Segsa ria Tairrdelbach & maidm Osca ria Tigernan h. Ruairc.

Da bliadhain as sen co maidm Ratha Mailan ria nDonnchadh h. Cerbaill for Gallaib Atha Cliath hi torchair Ragnall mac Poil meic Amainn.

In bliadhain post ec Muircertaig comarba Patraic {folio 40vb} & abdaine do gabail do Niall & ordned Mailmedoc hUi Morgair & rl—.