?912 K. iiii. Buadach mc. Gossain, righdhamhna Úa m-Bairrche, .m.
?912 K. iiii. Dianim inghean Duibhghiolla, bean Dunluing, .m. Unde dicitur:
- Díanim, díon ar n-daoíne,
ros cacht greim Rígh na n-dúile;
dursan táobh seda súaithnigh
do bheith i n-uairthigh úire.
Inreadh Osraighe la Cormac, rí na n-Déisi, & cealla iomdha milleadh, & ceall manach. Ro marbhsat Osraighe dearbhrathair an Chormaic, .i. Cuileannan. An tan ro bhaoí Cormac ag millead Osraighe, táinig Maol Ruanaidh mc. Neill, mac an rígh ro bhaoí remhe forsna Déisibh, & dream do Osraighib leis, dar éis Chormaic, go dunadh an Cormaic, & tainig an Cuileannan adruphramar reamhainn 'na n-aighidh & do rad deabhaidh doibh; & ro marbadh Cuileannan 'san deabhadh sain. Ag iompodh do Cormac ro chúala an sgél sin, & ad-chonnairc fén édach a bhráthar a láimh an lochta ro marbh é; ba dubhach dobrónach iar t-tain Cormac.
Isin m-bliadain si ro marbhadh Domnall mc. Bráonáin mc. Cearbhaill go trúagh ar lár a dhaingin fén, & gér sháoil Díarmaid gomadh fearde dhó
912 K. iiii. Sarughadh Árdmacha do Cearnachán mc. Duilgen, eadh ón, {MS page 70} cimidh cimidh .i. bráighe do bhreith este asin c-cil, & a bádhagh i l-Loch Cirr. Cearnachán iar sin do bhádhagh do Niall Glúndubh in eodem lacu, i n-dioghail sharaighthe Árdmacha.
912 K. iiii. Maoil Brighde imorro mc. Maoil Domhnaigh, ab Lis Móir, .m.
?913 912 K. iiii. Flann mc. Laoighe, ab Corcaighe, .m.
?913 Cormac, epscop Saighre.
913 K. ui. Tiobraide, ab Imleacha, .m.
913 K. ui. Maol Brighde mc. Tornáin, comharba Phádraicc & Coluim Cille, go n-iomad cleireach Eireann leis, i m-Mumhain d'athchuingidh ionnmhais ar maithibh Muman, da thabhart i fuaslagadh braide Breaton; & fuair-siomh sain; & tug lais an m-braid t-truaigh sin ar m-bádhadh a long, & arna c-cur-siomh i t-tír, & ar t-toidheacht dóibh ar iomgabhail Danar & Lochlannach.
?913 Maol Moedhoc, princeps ab Drommór, .m.
?913 Tiobraide, epscop Chluana Edhneach, .m.
?913 Líothach, ab Chluana Eidhneach.
913 K. ui. Cathraoineadh ré Maol Mithig mc. Flainn11 & re n-Donnchadh .H. Maoil Seachlainn for Lorcán mc. n-Dunchadha & for Fogartach mc. Tolairg, dú i t-torchair ile.
Lachtnán mc. Cearnaigh, rí Duin Nar Laoighsi, .m.
?913 Maol Patraicc mc. Flathróe, rí Ratha Domhnaigh, .m.
?913 912 K. iiii. Etalbh, rí Saxan tuaisgirt, .m.
914 K. uii. Flaithbheartach mc. Ionmainen i righe Caisil.
914 K. uii. Cobhlach lánmhór Lochlannach do ghabhail ag Port Lairge, & fochla Osraighe, .i. tuaisgeart Osraige, d'ionnradh dhóibh, brad mór & iomad bó & eallaigh do bhreith dhóibh gonuige i longa.
Tángattar san bliadain sin slóigh móra Dubhghall & Fionnghaill doridhisi d'ionsoighthe Saxain, ar rioghadh Sitriuca .H. Iomair. Ro fuagrattar cath for Saxain, & as eadh ón na ro fuirgeattar Saxain, acht tangattar fo cédúair d'ionsoighthe na b-págánach. Ro cuireadh cath cruaidh feochair eattorra, & ba mór brígh & bruth & cosnamh ceachtar n-ae. Ro todhaileadh mór fola saorchlann 'san cath sa; gidh eadh is iad Saxain rug búaidh & cosgar ar marbadh deargár na b-paganach. Úair ro ghabh galor rígh na b-paganach, & rugadh asin chath é go coill baoí comhfhocraibh dóibh, & ba marbh ann sin é.
Oittir, dno, an t-íarla ba móo muirn 'san chath sa, ó ro connairc ár a mhuinntire do chur dona Saxanaibh, as eadh do righne, teicheadh fo caillidh n-dlúith bhaoi i comhfocraibh dhó, & in neoch ro mhair da muinntir leis. Tangattar dronga diomhóra Saxan 'na dheaghaidh, & ro ghabhsat 'mun c-caillidh 'ma c-cuart. Ro iorail imorro an Riogan orra an chaill uile do theasgadh da c-claidhmhibh & da t-túaghaibh: & as eadh ón do righneadh amhlaidh. Ro trasgradh an caill ar tús, & ra marbhad uile na paganaigh ro battar 'san c-caillidh. Ra marbhaid tra amlaid sin na paganda lasin Rioghan, go ro leath a clú ar gach leith.
Do rigne Edeldrída tría na gliocas{MS page 71} féin sidh fria Fiora Alban, & re Breathnuibh, gibé tan tiugfáidís an cineadh cédna da h-ionsoighidh-si, gur ro eirghidis sin do congnamh lé. Damadh chuca-somh nó tháosdaois, gur ro eirgeadh-si leo-sumh. Céin ro bhás ime sin, ro lingsiot Fir Alban & Breatan fo bhailibh na Lochlannach, ra mhillsiod & rá airgsiod íad.
Tainig rí Lochlannach iar t-tain, & ra airg Sraith Cluaidhe, & ra airg an tír. Acht ní ro cumaing namaid do Sraith Chluaidhe. non plus