Corpus of Electronic Texts Edition
Fragmentary Annals of Ireland (Author: [unknown])

Annal FA 380

FA 380

870 K. i. Diarmuid, ab Fearna, quieuit.

Annal FA 381

FA 381

870 K. i. Dub da Thuile, ab Leith Mocaomhóg.

Annal FA 382

FA 382

870 K. i. Maol Odhar, epscop & ancore, ab Daimhinsi, quieuit.

Annal FA 383

FA 383

870 K. i. Cumsud, ab Disirt Ciaráin Bealaigh Dúin, epscop & scriba, quieuit.

Annal FA 384

FA 384

870 K. i. Comgan mc. Fota, ab Tamhlachta, quieuit.

Annal FA 385

FA 385

870 K. i. Cobhthach mc. Muireadhoigh, ab Cille Dara, sapiens & doctor. De quo dicitur:

    1. Cobthach Cuirrigh cuiretaigh,
      damhna rígh Life lennaigh,
      dursan mac mór Muiredhaigh,
      bá liach ó caoimhfionn Ceallaigh.

    2. p.140

    3. Clethe Laighen leighnidhe,
      sáoi slán, seaghainn, sochlach,
      retla ruirthech reidh-Righe,
      comharba Conlaith, Cobthach.
    4. Cobthach.

Annal FA 386

FA 386

870 K. i. Maongal, epscop Cille Dara, quieuit.

Annal FA 387

FA 387

870 K. i. Isin bhliaghain si tainig Aodh mc. Neill i l-Laignibh, go madh do dhioghail an an oglaoich adubhramur romhuinn, do marbadh lá Laighnibh, nó dno go madh do thobhach cíosa. Ro innristar Laighne ó Atha Clíath go Gabhrán. Tainig dno Cearbhall mc. Dunlaing, rí Osraighe, & Cennétig mc. Gaithin, ri Laoighsi, don leith oile do Laighnibh, & an méd ro fhedsadar edir losgadh & airgain & marbadh, do ronsattar, go rangattar Dún m-Bolg, & ro gabsat longport ann sain, .i. Cearbhall & Cennetigh.

Ra thionolsad Laighin iar t-tain 'má rígh, .i. 'ma Muireadhach mc. m-Brain, & cidh esidhe bá cruaidh, cosgrach, glic, úair as fada ro bhaoí for ionnarba a nn-Albain, bá aicintidhe dó crúas & eangnamh; & as eadh ro smuainseadar aca gurab córa dhoibh dol a c-ceann Laighsi & Osraighe battar i n-Dún Bolg, ionás dola i g-ceann righ Eireann baoí og Bealach Gabhrain, & dola 'sin aidhche fon longport. Teaghaid iaramh Laighin, & a maille riu, go cruaidh sonairt {MS page 56} na c-corughadh go Dun m-Bolg, bail a rabhattar a námhaid. Borb a met; is iongnadh an cuingioll dáonda, úair ro chuattar Laighin i muinighin naoimh Brighide go rugdaois búaidh & cosgar do Osraighe & do Laoighis. Ro chuattar dno Osraighe i muingin naoimh Ciarain Saigre, 'ma búaidh & cosgar do bhreith do Laighnibh. Ro bhattar Laighin go diochra og atach naoimh Brighide, gur ro marbhdais a namhaide[gap: extent: three or four lines left blank]

Is eadh tra tangattar Laighin don leith a rabha mac Gaithini don longport. Ní a n-imgabáil do righne mac Gaithin, acht as 'na n-aghaidh go cruaidh feochair tainig, amuil bá bés dó. Do gnitear tra cathughadh cruaidh cródha leath for leath ann sin. As cian ro clos gair na f-fear og imirt diocumaing forra, & fogar na stoc n-deabtha, & ro gabh an talamh criothnugadh go n-deachattar a n-eachradha & a n-iumainte i n-gealtacht, & bá tairmeasg mór d'eangnam na laoch sin. Acht cheana an lucht ro bhoí don t-sluagh i scailpibh carrag tangattar a n-aighidh na n-iuminte go ro fostattar mór dhiobh. Ba mór an muirn sin, & ba mór a f-fogar 'sin áeir úasda. An airead ro bás imi sin ro bhaoí Cearbhall og teagasg a mhuinntire, úair bá tosach oidhche fair, & ro ráidh: ‘Gib eadh o t-tíosad na


p.142

namhaid chugaibh, na gluasadh neach uaibh asa inad cathaisi, & congbaidh sibh go crúaidh risna naimhdibh.’

Ro chuaidh-siomh Cearbhall & socraide lais d'ionnsoighidh mhac a sheathar, .i. Cennedigh, ro bhaoí i n-eigean mór edir a naimhdibh; & ro toguibh a ghuth cruaidh ar aird, & ro bhaoí ag neartadh a mhuinntire a c-ceann Laighean (& ra cualattar Laighin sin), & dno ro bhattar an mhuinntir 'ga neartadh-somh. Ro earb ra dís dá muinntir faire & forchoimhéd dó. Ro diubairg Laoighisi leithgha fotha-sidhe gur ro marbh an dara fear dibh, .i. Folochtach, secnab Cille Daire. As mór tra an toirm & an fothrom baoí eaturra an uair sin, & ra tógaibh Badb ceann eaturra, & baoí marbadh mór eaturra sáncán. Ro sguichsiot tra Laighin on longport, & ro bhattar ag breith a gh leó, & o na ra fhéd an a shlúagh d'fostadh 'na fharradh, ro ling ar a each, & tainig a n-diaig a mhuinntire. As deimhin linn gonadh tré miorbhail naoimh Brighde & Sein Chiaráin ro sgaoilsiot amlaidh sin; & cía ro marbadh saorclanna eaturra, ní rabha ár mór ann. Ní ra leig Cearbhall na Cennedig da muinntir leanmhuin Laighean ar fhaitchius. Ro marbadh 'san ló arnamarach dream do Laighnibh ro bhattar for seachrán.

Tangattar Cearbhall & Cenneidigh 'na c-cath ceangailte coraighthe tre lár a námhad go Gabhran, d'ionnsoighidh gh Eireann, .i. Aodha Finnleith (deirbhsiur Cearbaill a bhean-saidhe, & mathair an Cennedigh í), & innisid do gh Eireann amhaill do ralla doibh, .i. longport do ghabhail forra, &c. {MS page 57} Do rónsad comhradh tairisi, & ro dheighlisiod iar t-tain.

Laighean ní h-eadh do righne freagra maith do thabhairt for gh Eireann, acht as cuimhniugadh na n-dearnsad ris do righne, & ní tharad [gap: extent: space for one word left blank] giaill.

Annal FA 388

FA 388

870 K. i. Isin bliadain si do ronsad na righ Lochlann forbaisi for Sraith Cluaidhe i m-Breathnaibh ré ceithre miosaibh ag forbaisi dhoibh fuirre; fa dheoigh tra iar f-forrach an lochta ro bhaoí innte do ghorta & d'íotaidh, ar t-traghadh go h-iongnadh an tobair ro bhaoí aca ar meadhon: ro cúas forra iar t-tain. Rugad tra ar tús gach maithius ro bhui innte. Rugad slogh mor eiste i m-braid. [Dupaltach Firbisigh ro sgriobh 1643] inquit transcriptor primus.9

Annal FA 389

FA 389

871K. ii. Maonghal, ab Beannchair, quieuit.


p.144

Annal FA 390

FA 390

871 K. ii. Dubhthach, ab Cille Achaidh, epscop & scriba & anchoire, quieuit.

Annal FA 391

FA 391

871 K. ii. Ailill, epscop & ab Fobhair, quieuit.

Annal FA 392

FA 392

871 K. ii. Cú Rúi, ab Insi Clothrann, saoí seanchusa Eireann, .m.

Annal FA 393

FA 393

871 K. ii. Amhlaoibh & Iomhor do thoidheacht aridhsi a h-Albain go h-Ath Cliath, & brad mór Breatan & Alban & Saxon léo; da chéd long a lion.

Annal FA 394

FA 394

871 K. ii. Toghail Dhúin Sobhairge, quod antea numquam factum est.

Annal FA 395

FA 395

871 K. ii. Ailill mc. Dunlaing, Laighean, a Northmannis interfectus est.

Annal FA 396

FA 396

871 K. ii. Maol Muad mc. Finnachta, Airthir Life, .m.

Annal FA 397

FA 397

871 K. ii. Flaitheamh mc. Faoilchair do bhadhadh do mhuinntir Lethghlinne.

Annal FA 398

FA 398

871 K. ii. Inreadh Connacht la Cearball & Dunchadh, i t-torchair Buachail mc. Dunadhaigh.

Annal FA 399

FA 399

871 K. ii. Inreadh Mumhan dna la Cearbhall dar Luachair síar.