Gabhail Diarmada la Gentibh.
864 K. uii. Eidgin Brit, epscop Cille Dara, scriba & anchore, .cxiii. anno aetatis suae quieuit.
864 K. uii. Maonach mc. Connmaigh, ab Rois Cré, .m.
864 K. uii. Domhnall .H. Dunlaing, ríghdhamhna Laighean, .m.
864 K. uii. Cearmait mc. Catharnaig, rí Chorca Baiscinn, .m.
865K. ii. Tadhg mc. Diarmada, rí .H. Cinnsiolaigh, do mharbhadh da bhraithribh féin.
Ár for Lochlannachaib la Flann mc. Conaing, rí Cianacht.
866 K. iii. Deargár na Lochlannach & a m-buaidhreadh uile 'san bliadain si la h-Aodh mc. Néill, rígh Eireann. Maidhm lánmhór la h-Aodh forsna Lochlannachaib ag Loch Feabhaill. Innisit dno na h-éoluigh gurob í a bhean as móo ro greis Aod i c-ceann na Lochlannach, .i. Land ingean Dunlaing: & as i-sidhe ba bean do Maoil Seachloinn reimhe, mathair mc. Maoil Seachlainn, .i. Flainn. Ba h-í mathair Cennedigh mc. Gaithine í, .i. ri Laoighsi. As mór tra rá scriobhadh na f-fuarattar Lochlannaig d'ulc 'san bhliadain si, cidh móo fuarattar o Aodh Finnliath mc. Néill.
{MS page 46} 866 K. iii. Milleadh & innreadh Foirtreann la Lochlannachaib, go rugsat braighde iomdha léo i n-gill ra cíos; ro bás go fada iar t-tain ag tabhairt cíosa dhóibh.
866 K. iii. Ár for Gallaibh oc Mindroichit la Cennedigh mc. Gaithine, rí Laoighsi, & la tuaisgirt n-Osraighe.
867 K. iiii. Is in aimsir si tangattar Aunites, .i. na Dainfir, go sluaghaibh diairmhidhibh leo go Cáer Ebroic, gur ro thoglattar an cathraigh, & go n-deachattar fuire, & ba tosach imnidh & docrach móir do Breatnaibh sin; uair ní fada d'aimsir remhe so ro bhaoí gach cogadh & gach glífit i Lochlainn, & as as so ro fhás an cogadh sain i Lochlaind: .i. da mhac ócca Albdain, rí Lochlann, ro ionnarbsat an mac fa sine, .i. Raghnall mc. Albdain, ar eagla leo é do ghabail righe Lochlann tar éis a n-athar. Go t-tainic an Raghnall cona thri macaibh go h-Insibh Orc. Ro thairis iaramh Raghnall ann sin, & an mac ba sóo dhó. Tangattar imorro na mc. ba sine go sluagh mór léo, ar t-tionol an t-sluaigh sin as gach aird, ar na líonadh na mc. sin do dhíomus & do mhearsacht, um eirge i c-ceann Frangc & Saxan. Ra shaoilsiod a n-athair do dhol i Lochlainn fo cédóir dara n-éis.
Ra earail iaramh a n-díomus & a n-ogbadata orra iomramh reampa dar an Ocian Cantaibreachda, .i. an mhuir fil eidir Eirinn & Espain, go rangattar Espain, & go n-dearnsad ulca iomdha i n-Espain edir argain & innreadh. Tangattar iar t-tain dar an Muinceann n-Gadianta, .i. bail i t-téid Muir Eireann isin ocian imeachtrach, go rangattar an Afraic; & cuirid cath risna Mauriotánuibh, & tuitid deargár na Mauriotána. Acht cheana,
In tan ro bhaoí 'ga rádh sin as ann ad-chonnairc cath na Mauritana chuca: & mar ad-chonnairc an mac ro ráidh na briathra reamhainn sin, ro ling go h-oban 'san chath, & tainic d'ionnsoighidh rígh na Mauriotana, & tug buille do cloidheamh mhór dhó go ro ghad a lamh dhe. Ro cuireadh go crúaidh ceachtar an da leath 'san chath sa, & ní rug neach diobh cosgar da chele 'san cath sin. Acht táinig cách diobh d'ionnsaighidh a longpoirt ar marbhadh {MS page 47} sochaidhe ettura. Ra fhuagair imorro cách ar a chéle thoidheachth arnamhárach dochum an chatha.
Ro iomgabh imorro ri na Mauritana an longport, & ro éla isin oidhche ar n-gaid a laimhe dhe. O thainig tra an maidin ro ghabhsat na Lochlannaig a n-árma, & ro choirighsiod iad go crúaidh béodha dochum an chatha. Na Mauritana imorro, o ro airighsit a rí d'éludh, ro theichsiod ar marbadh a n-deargair. Ro chuattar iar sin na Lochlannaig fon tír, & ro airgsiot & ro loisgsiod an tír uile. Tugsad dna slúagh mór dhíobh a m-brait léo go h-Eirinn: .i. siad-sin na fir ghorma. Uair is ionann Mauri & nigri; Mauritania is ionann is nigritudo. As inbeachtain ma térna an treas duine do Lochlannachaib edir in neach ra marbhaid & ro baidhit dibh 'san muincinn muridhe Gaditanna. As fada dna ro badar na fir ghorma sin i n-Eirinn. As ann atá Mauritania contra Baleares insulas.
865 K. ii. Eclipsis solis in callandis Ianuarii.
865 K. ii. Ceallach mc. Ailella, ab Cille Dara & ab Iae, dormiuit in regione Pictorum.
865 K. ii. Mainchine, epscop Lethglinne, quieuit.
865 K. ii. Tuathal mc. Artgossa, prímhepscop Foirtreann & ab Duin Cailleann, .m.
865 K. ii. Guin Cholmain mc. Dunlainge, rí Fothart Thíre; do mharbadh da chloinn féin.
865 K. ii. Tighearnach mc. Focarta, rí fear m-Breagh.
866 K. iii. Isin bliadain si tainig Tomrar iarla o Luimnioch go Cluain Fearta Breanainn, (duine aindreannda, agarbh, aindgidh eisidhe do Lochlannachaib), andar leis fo ghebhadh brad mór 'sin chill sin. Gidh eadh ní mur ra sháoil fuair, uair táinig seal beag fios reimhe, & ro theichead go maith reimhe i n-eathraibh, dream eile i sescuibh, dream oile 'sin teampul. An dream imorro fora rug-som ar an urlár & isin relic, ro marbh-som. Ro bhaoí dno Cormac mac Elothaigh, saoí eagna Eireann, comharba sen-Chiarain Saighre, 'sin teampal sin. Rá sháor Dia & Brenainn íad amhlaigh sin. Marbh imorro do dhasacht an Tomrair 'sin bliadain si ar n-imirt do Bhrenainn miorbhal fair.
?866 K. iii. Isin bhliaghain sin ro chuadar na righ Lochlann i m-Mumhain & slúagha móra léo, & ra indrisid go cródha an Mumhain: gidh eadh cheana tugadh deargár forra ann. Úair tainig Cinnetigh mc. Gaithin, rí Laoighsi. Mac esidhe do {MS page 48} Land ingin Dunlainge, isidhe dno mathair Flainn mc. Maoil Seachlainn, & as í ba bean an tan sa d'Áodh mc. Néill, righ Teamhrach. Is é an mac Gaithin ba gairge & ba cosgracha for Gallaib 'san aimsir si i n-Eirinn. Tainig iaramh an Cinnetigh si & Laoigheas go n-dreim do Osraighibh maille ris, go longport na Lochlannach, gur ro marbhsat deargár a n-deaghdháoine ar lár an longpoirt. Is ann sin ad-chonnairc Cinnedigh fear da muinntir féin, & dias Lochlannach ag triall a chinn do bheim dhe, tainig go tric da shaoradh, & ro bhean an da ceann don dís sin, & ro sháor a fhear muinntire féin. Tainic remhe Cennedigh go m-buaidh & cosgar.
As ann-sidhe do rala an chreach Lochlannach i n-aighidh Chinnedig co n-édaluibh mora occa. O ro chúalattar na maithe úd do mharbadh, ro fhagsad a g-creich & a n-édala, & tangattar go crúaidh béodha i n-aighidh Cinnedigh. Ro thoghbhaid gotha allmhardha bharbardha ann-saidhe, & stuic iomdha badhphdha, & socuidhe 'ga rádh, Núi, nú. Ro diobhairgid iaramh saighde iomdha eaturra, & leathghae, & ra ghabhsat fa dhéoigh fora c-cloidhmhibh troma tortbhuilleadha. Gidh eadh tra ro bhaí Día ag furtacht do mac Gaithin cona mhuinntir; ro fhoruaslaighid na Lochlannaig, & ra fhagsat a lathraigh imbúalta: rá chuadar ass i maidhm ar marbhadh a n-deargár.
Dream oile ni dheachattar i f-fad ara f-fainne, ar f-fulang gorta moire dhóibh, no ara náire léo techeadh. In uair ad-conncattar sluagh meic Gaithin occ tionol an mhaithiusa ro fhagsad-somh léo, tangattar 'na n-deaghaidh. Mur ro chonnairc mac Gaithini esidhe, ro ghabh fotha
Ro mharbhsat dno an lucht sa, .i. mac Gaithin cona mhuinntir, deargár áosa grádha righ Lochlann i n-aird aile 'sin Mumhain, .i. marcshluagh rígh Lochlann. Is 'na dhioghail ra mharbhsat na Lochlannaig slúagh mór cléreach ra baoi7 fein, acht as íar m-búaidh ongtha & aithrighe.
Isin aimsir sin rug clú mór Maoil Ciaráin eidir Ghaoidhealuibh ara mence buadha do bhreith dhó do Lochlannachaib.