Corpus of Electronic Texts Edition
Fragmentary Annals of Ireland (Author: [unknown])

Annal FA 240

FA 240

850 K. iiii. Loch Laoigh i crich Umhaill do elodh.

Annal FA 241

FA 241

851 K. u. Rioghdhál f-fear n-Eireann i Árd Macha edir Maoil Seachlainn & Madadan, Uladh, & Diarmaid & Fethghna go samhadh Padraicc, & Suairleach Indeidhnén go c-cléirchibh Midhe.

Annal FA 242

FA 242

854 K. ii. Indreachtach ua Finnachta, comarba Coluim Cille, (& Diarmada sapientissimi) do marbhadh do shladaighibh Saxanacha og dol do Roimh, & mairidh a fhuil eannag sain béos isin ionadh in ro marbadh, i g-comhurtha a dhioghalta do Dhia for an lucht ros marbh.

Annal FA 243

FA 243

Isin bliadain si ra tocuireadh righ Lochlann dochum Maoil Seachlainn d'ól, & ro bhoí fleadh lánmhór ara chionn. Agas gach ní ra gheall Lochlann do comhall cona luighe. Acht cheana ni ra chomhail a bheag ar n-dul a tigh Maoil Seachlainn amach, acht ra ghabh a g-cédóir ag ionradh fearainn Maoil Seachlainn. Acht ceana ní feachtnach rainig leis an cogadh sin.

Annal FA 244

FA 244

852 K. ui. Isin bliadain si dno ro treigsiot sochaide a m-baitis Críostaidhachtsa & tangattar malle risna Lochlannachaib, gur airgsiot Ard Macha, & go rugsat a maithius as. Sed quidam ex ipsis poenitentiam egere, et uenerunt ad satisfactionem.

Annal FA 245

FA 245

852 K. ui. Da abb Ard Macha, Forannan, epscop & sgriba & anchoire, & Diarmaid, sapientissimus Scotorum, quieuerunt.

Annal FA 246

FA 246

854 K. ii. Cearbhall mc. Dunlaing, Osraighe (cliamhuin Maoil Seachlainn, .i. dearbhshiur Chearbhaill og Maoil Seachloinn, .i. Land, ingean Dunlaing; & dna ingean Maoil Seachlainn og Cearbhall), do chur do Maoil Seachlainn i Mumhain do cuinnghidh giall ar n-ég a rígh, .i. Ailgeanan.

Annal FA 247

FA 247

856 K. iiii. Cath do thabhairt d'Aodh, do rígh Ailigh, .i. don righ as fearr


p.98

eangnamh 'na aimsir, do loingius na n-Gall n-Gaoidheal, .i. Scuit íad, & daltai do Normainnoibh íad, & tan ann ad-bearar cidh {MS page 37} Normainnigh fríu. Maidhidh forra ré nd-Aodh, & cuirthear a n-deargár na n-Gallghaoidheal, & cinn imdha do bhreith do Aodh5 leis; & ra dhlighsiot na h-Eireannaigh an marbhadh soin, uair amhail do nidis na Lochlannaig, do nidis-siomh.

Annal FA 248

FA 248

855 K. iii. Sloigheadh la h-Aodh mc. Neill do innradh Uladh, acht cheana ní réidh rainig dó, uair tugsat Ulaidh maidhm for Cinél n-Eogain, & ro marbhadh Flaithbeartach mc. Néill & Conacan mhac Colmain ann cum multis aliis.

Annal FA 249

FA 249

Isin aimsir si acht bheag tainig Rodolbh cona shlogaibh d'innradh Osraighe. Ra thionoil dno Cearbhall mc. Dunlaing slogh 'na n-aghaidh, & tug cath dhóibh, & ro mhaidh forsna Lochlannachaib. Ra chuadar imorro buidhean mhór do lucht na madhma fora n-eachoibh i t-tiolaigh n-áird, & ra bhattar ag feghadh an mharbhtha immpu, & ad-chonncuttar a muinntear féin 'ga marbhadh amhail na marbhdais cáoirigh. Ra ghabh airéd mór iad, & as eadh do ronsat, a c-claidhibh do nochtadh, & a n-airm do ghabhail, & tuidheacht chum na n-Ossraigheach gur ro marbhsat dream dhíobh; gidh eadh ar aba ra cuireadh iad-saidhe ar c-cúla 'na maidhm; .i. ag Ath Muiceadha tugadh an maidhm si. Do rala imorro glifit sonn do Chearball fén, .i. a n-úair tabhartha an madhma, & sgaoilidh da mhuinntir úadh, dream dona Lochlannachaib do thoidheacht chuige & a erghabhail doibh. Acht tré fhurtacht an Coimdheadh fúair a fhoirithin: ra bhris fén a edach, & na ceangail ra bhattar fair, & ra chuaidh slán úaidhibh. As mór trá an t-ar tugadh ann so forsna Lochlannachaib.

Annal FA 250

FA 250

?851" K. u. Cath do bhrisedh do Saxanoibh forsna Normainnibh.

Annal FA 251

FA 251

Isin aimsir si tanagattar Danair, .i. Horm cona muinntir, d'ionnsoighidh Cearbaill mc. Dunlaing, go ro congnaidh Cearbhall leo i c-cean na Lochlannach, uair bá h-eagail leo a f-foruaisliughadh tre chealgoibh na Lochlannach. Ra ghabh dono Cearbhall go h-onorach chuige iad, & ro bhattar maille ris go minic og breith chosgair do Ghallaibh & do Ghaoidealaibh.

Annal FA 252

FA 252

?852 K. ui. Ar mór lá Ciarraighibh og Bealach Conglais for Lochlannachaib, ubi plurimi trucidati sunt permissione Dei.

Annal FA 253

FA 253

?852 K. ui. Ár dno la h-Aradha Cliach forsna gentibh cedna.


p.100

Annal FA 254

FA 254

Isin bliadain cédna ra chuirsiot fir Mumhan teachta d'ionnsoighidh Cearbhaill mc. Dunlaing go t-tiosadh na Danair leis, & tionol Osraighe da f-furtacht & do f-foirithin a n-aighidh na Normainneach ra badar 'ga n-ionnradh, {MS page 38} & 'ga n-argain an tan soin. Ra fhreagair dno Cearbhall sin, & ra fhuagair dona Danaraibh & d'Osraighibh toidheacht go léir d'furtacht fear Mumhan, & as eadh on do ronadh fair. Tainig iaramh Cearbhall reimhe d'ionnsoighidh na Lochlannach go slógh mór Danar & Gaoidheal.

O d' choncuttar na Lochlannaig Cearbhall cona shlúagh nó muinntir, ro ghabh adhuath & uamhan mór íad. Ra chúaidh Cearbhall i n-ionad árd, ra bhaoí ag agalladh a mhuinntire féin ar tús. As eadh ro ráidh, & se og feghadh na f-fearann f-fasaigthe imme: ‘Nach f-faicthi libh,’ ar sé, ‘mar ra fasaighsiot na Lochlannaig na fearann sa ar m-breith a chruidh, & ar marbadh a dhaoine? Madh treisi dhaibh iniu iná dhuinne, do ghenad na cédna 'nar t-tír-ne. Uair imorro ataim-ne socraidhe mór aniu, cathigheam go crúaidh 'na n-aighidh. Fáth oile ar nod cóir dhúin cathughad crúaidh do dhénomh: nar fhionnat na Danair failet maille frinn meatacht no miodhlaechus foirn. Uair ra téighemhadh, gídh maille sinn atád aniu, go m-bedís 'nar n-aghaidh doridhisi. Fath oile, gur ro tugad fir Mumhan i t-tangamar foirithin ar cruas forainn, uair is minic as namáidh íad.’

Ra agaill iar t-tain na Danair, & as eadh ra ráidh riu-saidhe: ‘Denidh-si calma aniu, uair as namhuid bhunaidh dhuibh na Lochlannaig, & ra chuirsit catha eatturibh & áir móra anallana. As maith dhuibh sinne maille ribh aniu 'na n-agaidh; & dna ní eile ann, ní fíu dhuibh treithe no laige do thuigsin dhuinne fhoraibh.’

Ra freagrattar uile edir Dhanaru & Ghaoidhealu na fionnfaithe treithe nó meatacht forra. Ro eirgeadur iar t-tain eirghe n-áoinfhir isin uair sin d'ionnsoigidh na Lochlannach. Na Lochlannaig imorro o do chonncuttar sin, ní cath ra iomruidhsiod do thabhairt, acht as teitheadh fona cailltibh, ar f-fagbail a maithiusa do ronsat. Ra gabhaid na caillte da gach leith forra, & ra marbadh a n-deargár na Lochlannach. Acht cheana conigi so ní ra fhuilngiottar na Lochlannaig don coimhlion so a n-Eirinn uile. A c-Cruachán i n-Eoganacht tugadh an maidhm si. Tainig Cearbhall go m-búaidh & cosgur amlaidh sin da thigh.

Ro h-iodhnaiceadh Horm iar t-tain cona mhuinntir o Chearbhall go Teamhrach. Rá fhear Teamhrach fáilte ris, & tug onóir mhór dhó. Ra chuaidh as sin dochum mara. Ra marbadh iar t-tain an t-Horm la Rodri, Breatan.

Annal FA 255

FA 255

860 K. ii. Hoc anno quieuit Mac Giallain ar mbeith .XXX. bliadain i n-aíne.


p.102

Annal FA 256

FA 256

{MS page 39} 853 K. i. Áindli sapiens Tíre da Glas .m.

Annal FA 257

FA 257

853 K. i. Carthach ab Tíre da Glas quieuit.

Annal FA 258

FA 258

853 K. i. Ailgeanan mc. Donngaile Caisil .m.

Annal FA 259

FA 259

853 K. i. Amlaibh mc. gh Lochlann do toidheacht i n-Eirinn, & rá giallsat Gaill Eireann dó.