674 K. i. Doer mc. Maoiltuile, rí Ciannachta, do mharbhadh.
675 K. ii. Cath i n-Airchealtra, i t-torchair Ceannfaoladh mc. Cruinmhail, rí Eireann. Fionnachta mc. Dunchadha uictor fuit. Unde dicitur:
- Ra iadhsad um Fhionnachta
fiana iarthar thíre;
ro maoladhmór a choire
um Cennfaoladh a ríghe.
676 K. iii. Colman Insi Bo Finne quieuit.
675 K. ii. Initium regni Fionnachta mheic Dunchadha, .xx. bliadain.
676 K. iii. Cosgradh Ailigh la Fionnachta.
677 K. u. Cath eidir Fionnacta & Laignibh ag Loch Gabhar fe ille fe anond, set tamen Fionnachta uictor fuit.
Ni do sgéluibh Fionnachta so síos.
I
An Fionnacht sa trá bá daidhbhir dochonaigh é ar tús. Ro bhaoí teach & bean aige: ní raibhe imorro do sheilbh aige acht áondamh & aonbhó. Feacht n-áon do rala rí f-Fear Ros fo sheachrán & mearughadh i g-comhfochraibh boithe Finnachta. Ní raibhe rempe riamh adhaigh bú measa inás an adhaigh sin do ghaillim & do sneachta & do dorchadadh, & an teach darbo ail don righ dul & da mhnaoi & da mhuinntir, níor ro cumgattar dola rá méid na doininne & na dorchadaidh, & bá íad a n-iomráite tairisiomh fo bhonaibh na c-crann. Ad chúala imorro Fionnachta íad forsna h-iomraitibh sin, úair nirbo chían o boith-siom ro bhattar an tan sin, & tainic ara c-cionn ar an t-slighidh, & as eadh ra raidh ríu: bá córa dhoibh toidheacht da bhoith-siom, cib innis ra bhaoi si, ina imtheacht 'na h-aidhche doirche doininne.
As eadh adubhairt an rí & a mhuinntir: Is fíor, as córa, ar síad, & as maith linn edir a radha rinn. Tangattar iar sin da thaigh, & ro bá móo méid an taigh iona a shaidhbhre. Do rad imorro Fionnachta buille a c-cionn a daimh, & buille oile a g-ceann {MS page 20} na bó. Ro iorlamhaighsit muinntir an rígh féin go tric & go tinneasnach do bhior & do choire, & ro chaithsiod gur bá saithigh. Ra chodlattar go maith iar t-tain go t-tainig an mhaiden.
Ro ráidh rí f-Fear Ros rá mhnaoí fén isin maidin, Nach fetar, a bhean, gerbo daidhbhir anallana an teach sa, conidh daidhbhre anossa, ar marbhadh a aonbhó & a áondaimh dhuinne? As fíor, tra, sin, ar an bhean. As eadh as cóir anos, a saidhbriugadh úainne. Cibé méid laighead do béra-sae don fhior, do bher-sa a cutruma da mhnaoí. As maith na n-abrae, ar an rí. Do rad tra an rí airge lánmhór bó & muca iomdha & caoirigh cona m-buachaillibh d'Fionnachta. Do rad dno bean an rígh do mhnaoi Fionnachta an cutruma cédna. Do radsad dono edaighe saineamhla & eich mhaithe dhóibh & gach ní ranagattar a leas don t-saoghal.
II
Níorbo cían iar t-tain tra go t-tainic Fionnachta marcshluag mór do thoigh sheathar dhó, arna chuireadh don t-síair, & friothaigid aice fair. Ag taidheacht doibh na n-imrim, as ann do rala do Adhamhnan 'na sgolaighe óg beith ag imtheacht na slighead cédna & ballán lán do lomom ara mhuin, & og teicheadh dhó résan marcsluagh don t-slighidh do rala a chos
As eadh ra ráidh Adhamhnan: A dheaghdhuine, ar sé, atá adhbhar dubh agam, uair tri meic leighinn maithe atáid i n-aointigh, & ataim-ne tri giolla aca, & as eadh bhíos giolla ar timchioll úainn ag iarraidh beathamhnais don choigior, & dhamh-sa ráinig iarraidh neithe daibh aniu; rá chúaidh dno an t-iordhalta ra baoi agam-sa doibh for lár, & anni as doilge ann, .i. an ballán iasachta do bhrisiodh, & gan á ic agom.
Icfad-sa an ballán, ar Finachta, & tug-sa lat an cuigear fuil ar do sgáth-sa anocht gan bíadh gonuige an teach da t-tiagaim-ne; & fogebhaid biadh & lionn againne.
Do righnead amlaidh sin; tugsat an ceathrar clerech eile, & ro cóirgheadh an teach leanna, leath an toighe do chlercibh & an leath aile do laochaibh. Aite Adhamhnáin ro lionadh é ó rath an Spiorad Nóibh, & spirit fhaistine, & as eadh ra ráidh: Budh Aird Rí Eireann, ar sé, an fear da t-tugadh an fleagh sa; & budh ceand crábhaidh & eagna {MS page 21} Ereann Adhamhnán, & budh e anmchara Fionnachta, & bíaidh Finnachta i feachtnaighe mhóir coro oilbhemnigh do Adhamhnan.
III
Níorbo cían d'aimsir iar sin co t-tainic Fionnachta & ri f-Fear Ros a chara féin leis d'ionnsaighidh bhrathar a athar, .i. Cionnfaoladh, do iarraidh fearainn fair. Do rad Ceandfaoladh ardmoeraigheacht na Mídhi uile ó Shionuinn go fairge dhó, .i. ar cheithri tuathaibh ficheat. Ro bhaoi Finachta fri ré n-aimsire amlaidh sin. Tainic da comairle fria charuid fén, .i. rí Fear Ross, cía do ghéanadh, uair nírbho lór lais mar ro bhoí. Do rad-saidhe dna comhairle crúaidh chródha dhó & as eadh ro raidh ris: Nach roinneadd Slighe Asail Midhe for dhó? Deana-sa an dara leith don Mhidhe corop tairisi dutrachtach dhuit, & mar bhús tairisi dhuit an leath sin, deana comdal frisin leath eile, & marbh a n-deaghdhaoíne, a suinn catha-saidhe; & ní namá bías lainrighe na Midhe agat, acht biaidh cidh ríghe Teamhrach béos madh ail leat.
Do righne iaramh Fionnachta an comhairle sin, & ra fhuagair cath iar sin for brathair a athar, .i. for Ceandfaoladh. Ó do cuala bean Cindfhaoladh
IV As é an Fionnachta sin ro mhaith an m-Boroma do Moling, arna tobhach lá ceathracaid rígh remhi sin anall, .i. o Thuathal Teachtmhar go Fionnachta. Tainig iaramh Moling o Laignibh uile d'iarraidhe maithmhe na Boromha for Fionnachta. Ra iarr tra Moling ar Finachta maithimh na Boromha fría lá & aidhche. Ra mhaith iaramh Finachta an Boromha fria lá & aidhche. Rob ionann ag Moling sin agas a maithimh tré bhithe: úair ní f-fuil 'san aimsir acht ló & aidhche. Bá dóigh imorro la Finachta as aonló & aonaidhche namá. Tainig Moling reimhe amach, & as eadh ro ráidh: Tugais cairde impe tré bhithe. Agus ané ro geall Moling neamh d'Fionnachta.
Ro thuig dono Finnachta gur mheall Moling é, & ad-rubairt fria a muinntir, Eirghidh, ar sé, i n-deaghaidh {MS page 22} an duine náoimh do chúaidh úaim, & abraidh ris nach t-tugus-sa acht cáirde aonlaoi & aonoidhche dhó; úair andar leam ro mheall an duine naomh me, úair ní f-fuil acht lá & adhaigh isin m-bioth uile. O ro fhidir Moling imorro go t-tiocfaidhe 'na dheaghaidh, ra rioth go tric tinneasnach go rainig a theach, & ní rugsad idir muintir an rígh fair.
Ad bearaid aroile go rug Moling dúan lais d'Fionnachta, .i. Fionnachta for Uibh Neill &c. (Atá sin 'sin Boroma 'sin liobur sa scriobhtha.) Ro maitheadh trá an Boroma do Moling ó sin go bráth, & ciar ba h-aithreach la Fionnachta, níor fhead a tobhach, uair as do chionn nimhe ro maith. Et hoc est uerius.
In .xu. anno ab hoc anno ro mhaith Fionnachta an Borumha. Tainig Adhamhnán fo cédóir d'ionnsaighid Finnachta tar éis Moling, & ro chuir clereach da muintir ar cionn Fionachta go t-tíosadh da agalladh. As ann ro bhoí Finnacta ag imirt fithcille. Tair d'agallad Adhamhnáin, ar an clereach.
Ní rachad go t-tair an cluiche si, ar Fionnachta.
Tainig an clereach d'ionsoighidh Adhamhnain, & ro innis freagra Fionnachta dhó. Eirghidh-si da ionsoighidh-siomh, & abair ris: gebhat-sa caogad salm an airead sin, & atá salm 'san caogaid sin & guidhfead-sa an Coimdheadh 'sin t-salm sain co nach gebha mac na úa dhuit-si, no fear do comhanma go bráth, ríghe n-Eireann.
Ra chúaidh dno an clereach, & ro ráidh re Fionnachta sin, & ní tharad Fionachta da fhóoídh, acht ro imbir a fhithcill go t-tárnaigh an cluiche. Tair d'agallad Adhamhnain, a Fionnachta, ar an clereach.
Ní ragh, ar Fionnachta, go t-tair an cluichi si.
Ro innis an clereach sain do Adhamhnán. Abair-si fris-siom, ar Adhamnán, gebhad-sa caogad salm in airead sin, & atá salm 'san chaoigaid sin, & iarrfad-sa isin salm sin & cuingfead-sa ar an c-Coimdhidh gairde saoghail do-samh.
Ra innis an clereach sin d'Finnachta, & ní tharad Fionnachta da fhóoidhe, acht ra imir a fhithchill go t-tarnaigh an cluiche. Tair d'agalladh Adhamnáin, ar an clereach.
Ní rag, ar Fionnachta, go t-tair an cluichi si.
Tainic an clereach & ra innis do Adamhnán fregra Fionnachta. Ergh-si da ionnsoigidh, ar Adamhnan, & abair fris, gebhad-sa an tears caogad, & ata salm san chaogaid sin, & guidhfead-sa an Coimdheadh 'san tsalm sain na fuighi-siomh flaithius nimhe.
Tainig an clereach reimhe go Fionnachta, & ra innis sin. Mar ro chúala Finnachta sain, ro chuir an fhithchill go h-oban úadh, & tainic d'ionnsoighid Adamhnain. Cid dod-tug annosa chugam, ar Adamnán, & na t-tangais risna teachtaireachtaibh eile?
As eadh fo deara damh, ar Fionnachta: an tomhaoidheamh do róinis remhe so orm, .i. gan mac na ua uaim do gabháil uaim, & gan fear mo chomhanma i righe {MS page 23} n-Eireann, nó gairde saoghail damh, edrom forom sain. An tan imorro ro gheallais-si neamh do ghaid form, as uime tanag go h-obann dot agalladh-si; úair ní f-fuil a fulang-saidhe agam-sa.
An fíor, ar Adhamhnan, an Boromha do maitheamh dhuit lá & aidhche do Moling?
As fíor, ar Fionnachta. Ro mealladh thú, ar Adhamhnan; as ionann sin & a maitheamh tré bhithe. Agus as amhlaidh ro bhoí 'ga athchossan, & ro raidh an láoidh:
Ro thairinn tra íar sin Fionnachta a cheann a n-ucht Adhamhnain, & do righne aithrighe 'na fhiadhnaisi; & ro logh Adhamhnan dó maitheamh na Boroma.
- Aniu ge chenglaid cuacha
an rí crínlath gan déda,
an búar do mhaith do Moling
dethbir don cingnis féda.- Damadh misi Fionnachta,
is gomadh mé flaith Temhra,
go bráth nochaattibherainn;
ni dingenainn a n-derna.- Gach rí nach maithenn a chíus
as fada bhíd a sgéla;
mairg do rad an dáil do rad:
antí as lag as dó as mela.- Do arnachtar do gháosa
as ar baosa go m-binne;
Mairg ríg ro mhaith a chíusa,
a Íosa nemhdha nimhe.- Sochla gach nech ó threabhus;
as mairg lenas do liatha;a's fada an dál sa 'ma caite:
ba faite go m-ba fiacha.- Dámhsa rí-si rúadhus crú,
ro thairnfin mo bhiodhbhadha;
ro thoigebhainn mo diongna;
robsa iomdha mh'iorghala.- Robdís iomdha m'iorgala;
mo bhriathra níbdís guacha;
robdís fíora mo dhála;
robdís lána mo thuatha.- Robdís iomfoigsi m'airde;
mo dhála robdís daingne;
an dál sa cia m-ba tecmaing
ní lecfainn re Laigne.- Guidhim-sa itge for Dhia
nachum tair bás nó baoghal;
gur ro therna aniu MoLing
ni dhech do rinn no d'fháobhar.
- Mac Faillen, fer dar muire,
ni claifidher daramúra;
ro fhidir rúna Meic Dé;
ro fhidir Mac Dé a rúna.- Tri chaogaid salm gach día
as edh gebhius ar Dhía;
tri chaoigaid bochtséol soirthe
as edh bíathus gach n-oidhche.- An bile búadha bisigh,
an fisidh gusna fessaibh,
long lerda fo fúair fáilte
tonn Berbha, bairce Breasail.- An long óir, as an inne,
an clár óir ósna clannaibh,
eigne Dubhghlaisi duinne,
fuaim toinne, tonn fria h-alla.Aniu.
678 K. ui. Mors Colgan mc. Failbhe Flainn, rí Muman.
678 K. ui. Cath edir .H. Cinnsilaigh & Osraighibh, in quo Tuaim Snamha, .i. Cicaire, rí Osraighe, occisus est. Faolan Seancustul, rí .H. c-Cinnsiolaig, uictor fuit. Unde: {MS page 24}
- An cath
la Tuaim Shnamha, nis eidir,
diambertfeachtus nad etail
Faolan cairde ar eigin.- Dó dos rad fo chosmaile;
ba brath a bronnadh;
go t-tug gialla Osraighe
o Átha Buana go Cumar.
678 K. ui. Cath Dhúin Locha.
678 K. ui. Cath Liag Maoláin.
678 K. ui. Cath i Calatros, in quo uictus est Domhnall Breac.
666 K. u. Faolan (.i. dalta Caoimghin) mc. Colmain, rí Laighean, .m.
679 K. uii. Quies Failbhe, ab Iae.
679 K. uii. Cath etir Fhionnachta fria Becc m-Boirche.
679 K. uii. Incipit Fianamail regnare for Laighnibh.
680 Kl. i. Colman, ab Beannchair, quieuit.
681 K. iii. Losgadh na riogh i n-Dún Ceithirn, .i. Dungal mc. Sganail, ri Cruithne, & Ceannfaoladh mc. Suibhne, rí Ciannachta Glinne Gaimhin; la Maol Dúin mc. Maol Fitrigh ro losgadh.
681 K. iii. Cath Maol Duin mc. Maoilfitrigh.
681 K. iii. Ciar ingean Duibhrea.