Corpus of Electronic Texts Edition
Chronicon Scotorum (Author: [unknown])

Annal CS1126

Kl.

Enna mac Murchadha {.i. mac Donnchadha} ri Laigen moritur.

Sluaighedh la Toirdealbach h. Concupair go ttug {MS folio 216vb(334b)} rige Laigen et Gáll da mac fén do Concupur.

Murchadh h. Maoilseclainn i Midhe.

Morlongport la Tairdealbach a n-Urmumhain ó Lughnusadh go feil Brighde & ro airg fect asin longport sin Tír Conaill & a fect aile go


p.280

Mona Móir & go Glenn Maghair & fecht go deisgert Osraighe & ro cuir ár Osraighe um h. Caróc.

Domnall Fionn h. Dupda do badhadh ag tabairt creche ó Cinel Conaill.

Annal CS1127

Kl.

Giolla Crist h. Maoileóin abb Cluana M Nois topar ecna & deirce, cenn soma & saidbriusa na hErenn, quieuit.

Murchadh h. Maoilseclainn d'aitrioghadh. Domnall a mac 'na ionadh. Domnall d'aithrighadh a ccinn ráithe et Diarmaid h. Maoilseclainn 'na n-ionadh a ndís.

Cath eidir da righ Uladh dú a ttorchair Aodh h. Mathgamna & Niall mac Duinnslebhe h. Eochadha.

Annal CS1128

Kl.

Giolla an Coimdeadh mac Cuinn Dealbhnaigh tanaisi abbadh Cluana M Nois quieuit.

Annal CS1129

Kl.

Maghnus mac meic Lochlainn rí Cineoil Eogain & an tuaidhsgitt do marbadh ó Cinel Maien.

Ceallach comurpa Patraic & airdepscop Erenn d'éc a n-Ard Patraic & a adnacal i lLis Moir.

Teasbach mór isin bliadhain gur mill na guirt.

Altoir daimhliag móir Cluana M Nois d'fhoslugadh & seóid do breith este .i. carrachan tempuil Solman tuccadh o Maolseclainn mac Domnaill et cuidin Donnchadha meic Flainn {MS folio 217ra(335a)} ogas na trí seóid tuc Toirdealbach h. Concupair .i. bledhe argaid et copan argaid et cross óir thairis et corn co n-ór et corn h. Riatai rig Arad et cailech argaid & niam óir fair cona teisc et copan argaid Ceallaigh comarba Patraicc.

Annal CS1130

Kl.

Diarmaid h. Fallamain taisech Clainne Uadach moritur.

Goll Cluana h. Airectaigh moritur.

Seóid Cluana M Nois d'foillsighudh ar Gallaibh Luimnigh iarna ngaid do Giolla Comghain & ra crochadh é ig Dún Cluana Ithair iarna tidnacal ó Concupur h. Briain o righ Muman. Ro sir tra an Gilla Comgain sin Corcaigh & Lios Mor & Port Lairge do dol dar muir &


p.282

an lóng a ffaghbadh ionadh ní fagbadh sech gaoith seolta & fogebdís na longa archena. Dethber on dano ar na fhastadh Ciaran an long i ttrialladhsom tect tairis et do radsom gubitir fri bas indsein co n-aicedh Ciaran cona bachaill ic fastádh gacha luinge i ttrialladh dot tairis. Ra morusttur tra an Coimde an tí naom Ciaran isin firt sin.

Cu Aifne h. Concupair rí h. fFailge moritur.

Maidm re Tigernan h. Ruairc for airter Midhe dú a ttorchair Diarmaid h. Maoilseclainn rí Airtir Mide et Aongus o Caindealbain rí Laoguire et Cochall Fliuch mac meic Senain rí Gaileng et alii multi.

Mess dimór gach toraidh in hoc anno.{MS folio 217rb(335b)}