Kl. Enair.
Comdal fer nErenn um Muircertach h. m-Briain i g-Caisil .i. go laochaibh et clerchibh & as annsin tug Muircertach h. Briain Caisil na righ a n-idbairt don Coimdhedh.
Sluaighedh fer nErenn la Muircertach h. m-Briain timcill Erenn .i. d'Eas Ruaidh & i c-Cinél Conaill & a n-Inis Eoghain & ra sgáoil Ailech, dar fertais Camsa i n-Ulltaibh, dar Sliabh Fúaid dha thigh. {MS folio 214rb(329b)}
Magnus do tiactain do gabáil Erenn.
Comrac da ceitem i c-Cluain M Nois .i. Muinter Tadgáin & Muinter Cinaoith & maoidhis ar Muintir Cinaoith & ra marbadh ann an Gilla Finn mac meic Uallacháin rí Síl Anmchadha.
Cathal h. Muirigen rí Teabtha do marbadh ó airter Teabtha.
Donnchadh mac Airt h. Ruairc rí Conmaicne occisus est a suis.
Kl. Enair for Cedaoin.
Domnall mac Tigernáin h. Ruairc rí Brefne & Connacht occisus est ó Muintir Eoluis.
Mugron h. Mungair fer leginn Aird Macha quieuit .i. athair Maoil Maodoig & Gilla Crist.
Síth bhliadhna do dhénumh do Muircertach h. Briain ré Magnus rí Lochlainne.
Kl. Enair.
Cormac mac Cuinn na mBocht do Mughdhornaibh Maigen comarba Ciaráin Chluana M Nois quieuit.
Cath Muighe Cobha. Sluaighedh la Muircertach h. mBriain go Leth Mogha uile & go Connachtaibh & go feroib Mide go ráncuttur Ard Macha & go rabatur caoigcidhis a longport ann co neagccuttur asidhe go Magh Coba gur roinnsit annsin & go ndeachaidh Muircertach h. Briain et Donnchadh h. Maoilsechlainn rí Mide & Domnall mac Ruaidri rí Connacht ar creachaibh i n-Dál Araidhe gur marbsat Dal Araidhe Donnchadh mac Tairdelbaigh h. Briain et Petta Demain h. Beolláin, et táinig iar sin rí Cineóil Eogain .i. Domnall mac meic Lochlainn do saighidh an lochta ro fagbat a Muigh Coba, cath Laigen & ermor fer Muman & araill d'feraibh Mide & do Connachtaib, gur fersat cath annsin gur raoinedh for Laignip & for Osraigib. {MS folio 214va(330a)} Ite annso rigs & taoisecha do rocrattur isin cath .i. Muircertach mac Gille Mocolmog rí Laigen & da mac h. Lorcain .i. Murchadh ri H. Muiredhaigh & a brathair mac Iarainn h. Fiacrach rí H. nEneclais, da mac Maoil Morda h. Domnaill & a brathair, Gilla Patraic Ruadh rí Osraighe.
Magnus rí Loclainne et na n-Innsedh, fer ro triall forbaisi for Erinn uile, do marbadh ar crech d'Ulltaibh.
Amalgaidh mac meic Aoda mic Ruaidri do marbadh da athair & dá mathair & da brathair a ndiogail a ndalta .i. Concupur mac Ruaidri h. Concupair ro marbsum.
Ben do breith da lenamh a n-aoinfecht isin bliadain & aon curp aca otha a mbruinne gu rruige a n-imlinn & a mbaill uile go cóir genmotha sin & aighidh caich diobh fri aroile & da ingin iad. ingnadh
Kl.
Gilla Crist h. Echtigern episcopus Cluana M Nois quieuit. oc fairi
Cu Uladh h. Cainnelabain d'esgur i tTraigh Baile & a éc a gcataigh.
Fiacra h. Flainn taoisech Síl Maoilrúanaidh occissus ó Conmaicnib.
Kl.
Concupar mac Mailseclainn {.i. mac Concupair} rí lete Midhe do marbadh ó Aib Briuin Brefne.
Muirgius h. Concennain rí h. nDiarmada moritur.
Domnall mac Amalgadha comarba Patraic quieuit.