Kl.
Claochlodh abbadh i n-Ard Machu {MS folio 211rb(323b)}.i. Cumusccach h. Eoradain i n-inad Duib da Lethe.
Meas mor fo Eirinn in hoc anno.
Mac Bríain do dul i ttech mac [expunct.] meic Maoil na mBó go ttug seoda et maoine iomda ass.
Creach la hEli et la h. fFogurta o Cluain M Nois & ra marbad dias ocon chill .i. o crois na screptra. Do ruachtattur na ba tre fert Cíarain trath eirge arna marach.
Kl.
Enair. Tedmanna mora i lLaignibh .i. an bolgach & an treagait gur ládh ar daoinedh secnóin Laigen.
Gairbith h. Catusaigh rí Bregh moritur.
Sluaighedh la Aodh h. Concupuir la righ Connacht isin Mumain gur to{i}scc Cill Dálúa et gur sgáoil catraigh Cinn Coradh et go ndúaidh na da bradan ro battur i ttipraid Cinn Choradh et gur muradh aige in tipra iar sin.
Ruaidri h. Flaithbertaigh do marbad d'Ua Concubair.
Kl.
Mac Eochadha rí Uladh mortuus est.
Tadg mac h. Concupair do marbad do mac Aodha meic Ruaidrí tre fell.
Kl.
Hic est annus postremus cicli magni. Dub da Leithe comarba Patraic quieuit.
Donnchadh mac Briain d'aithrighadh & a dol do Roim da ailitri co ndearbailt i n-aitrighe .i. i mainistir S{t}epain.{MS folio 211va(324a)}
Kl.
Orgain Cluana M Nois do Conmaicnibh et do Uibh Maine. Clúain Ferta d'argain dáibh arna marach .i. d'Aodh h. Ruairc rí Brefne et mac Taidg h. Ceallaigh et a mac. Tucc Aodh h. Concupair maidm forra arna marach tria rath Ciaráin go ff'argsat a muintir & a longa. Diarmaid mac Taidg h. Ceallaigh & a mac do marbadh la h. Concuphair ria cenn mbliadna. H. Ruairc d'éc tri rath Ciaráin.
H. Mathgamna rí Uladh per dolum occisus est.