Corpus of Electronic Texts Edition
Mac Carthaigh's Book (Author: [unknown])

Annal MCB1232

1232

MCB1232.1

1. {folio 21b} K. A.D. Moccxxxii. Domhnall God Cairbreach mac Domhnaill Moir do teacht ar tarruing Maghnusa I Cobthaigh a Coill th-Sealbhaigh, & tri mic I Mhatgamna, Muirceartaigh mic Donnchadha na h-Imirci Timcill, do marbhadh dó.

MCB1232.2

2. Conncubur mac Aedha mic Ruaidhri mic Toirrdealbhaigh I Concubuir do marbhadh leisna Tuathaibh & moran eli faris.

Annal MCB1233

1233

MCB1233.1

1. Kl. A.D. Moccxxx3. Aedh mac Ruaidhri mic Toirrdealbhaigh I Concubuir do marbhadh le Feidhlimidh mac Cathail Crobhdeirg.


p.98

MCB1233.2

2. Tadhg Duibheagha Mag Carrthaigh do dalladh la Cormac Liathanach & la Domnall Mag Carrtaigh.

Annal MCB1234

1234

MCB1234.1

1. K. A.D. Moccxxxiv. Iarla An Churraigh do marbhadh a cath Cille Dara.

MCB1234.2

2. Ruaig Tragha Li la Gallaibh ar Gaeidhilaibh dar marbhadh Diarmaid mac Cormaic Liathanaigh, & in Gasguineach O h-Eidirsgeoil, & Muirceartach a bratair.

Annal MCB1236

1236

MCB1236.1

K. A.D. Moccxxx6. Tuagmugha & Connachta do milleadh leisin Giusdis & le Mac Uilliam.

Annal MCB1237

1237

MCB1237.1

K. A.D. Moccxxx7. Diarmaid mac Donncaidh Moir na h-Imirci Timcill h-I Mathgamna do eg an bliadhain-sin.

Annal MCB1241

1241

MCB1241.1

K. A.D. Moccxli. Muirceartach mac Domnaill Moir I Briain do eg.

Annal MCB1242

1242

MCB1242.1

K. A.D. Moccxlii. Donncadh Cairbreach O Briain, airdri Tuagmugan, & Toirrdealbac a mac d[apos ]faghbail baiss.

Annal MCB1243

1243

MCB1243.1

K. A.D. Moccxl3. Ricard a Burc & Gearalt mac Muiris do eg.

Annal MCB1244

1244

MCB1244.1

K. A.D. Mccxl4. Cormac Liathanac Mag Carrthaigh do ég a n-aibid na manach liath, & Domhnall Ruadh, a mac, do marbhadh le Seaan mac Tomais arna tidhlucadh do Domnall Gall da dearbraithir fein dó a Seannait.


p.100

Annal MCB1247

1247

MCB1247.1

Kl. A.D. Moccxluii. Cormac Finn mac Domnaill Moir Mec Carrthaigh do éag ina longport fein a Muigh t-Seanglaissi, & talam-cumsgughadh mor do teacht a n-Eirinn & a n-Albain & a m-Breathnaibh an bliagain-sin.