Corpus of Electronic Texts Edition
Annála Connacht (Author: [unknown])

Annal 1535


1]

1535.1

Calann Enair. V. bliadna x. ar xx. & v. cet & mile ais an
2] Tigerna.


3]

1535.2

Murcertach mac Donnchada meic Murchada & a dhias mac
4] .i. Sean{folio 81c} Glas & Fergal do marbad le h. nEgra mBuidhe
5] arna cur amach co meplach do neoch da muintir fein a Maigh
6] Imlech in hóc ando.


7]

1535.3

Mac Suibhne Thíre Bághaine .i. Maolmuire mac Nell
8] Meic Huibne do marbad per dolum lena derbrathair a ndorus
9] caislein Rathain.


10]

1535.4

Eignecan mac Domnaill h. Domnaill do marbad le clain
11] h. Baigill mur an cetna co nemmaith.


12]

1535.5

Maoilsechlainn mac Cairbre h. Birn, ant enmac taoisigh dobo
13] mó sonus et sáibhres et dobo mo clú daonachta & deighenigh
14] et ant enmac leighinn dobo coimhdheisi et dobad clisti ann gac
15] uile eladain da roibhe a cúig coicedhoibh Erenn, do marbad
16] le clainn Cathail Meic Diarmata oidhci fheli Brenainn a Mullach
17] na Sithi, ant enfer dobad coitchinne cumaidh & cíantuirsi ag
18] áos egna & eládna na hErenn, & bennacht De & na ndamh le
19] anmoin.


20]

1535.6

Inghen h. Neill .i. Siubhán ingen Coinn meic Énrí meic
21] Eogain ben Maghnusa h. Domnaill, d'fagbail bais as lár a haoisi
22] & a hinme & a huile maithessa, & a hadnacal co honorac a manisdir
23] Duin na nGall.


24]

1535.7

Maidm mor do tabairt le Mac Amhlaib an bliadain-si inar
25] marbad tigerna na Claonglaisi & Mac Gibun & corughad mor do
26] Chlainn tSíthig, et marbthar ann fós mac Maoílmuire meic
27] Briain Meic hSúibhne consable Meic Amhlaibh a tosac an
28] imbuailti.


29]

1535.8

Tomás mac Iarla Cilde Dara do chengal re Gáoidhelaib
30] dheisceirt Erenn an bliadain-si a n-aghaid an Ghiuisdis hSasanaigh
31] tar éis a mainér & a bhailted do buain do mac an Iarla et he fein
32] & gac rann da roibhe aige d'innarba asin Midhe, & a cur{folio 81d}
33] a n-ucht hSiol mBriain & h. Choncobair Fhailghe et cocad maith
34] aige gá dhenam.


35]

1535.9

Is ann sin tanic duine cumhochtach do muintir Righ Saxan
36] a nErinn .i. Loard Linard; & tanic a cend meic an Iarla & tuc
37] cheilg uime et do gheall parrdún dó a hucht an Righ, et ruc leis


p.688


1] a Saxanuibh hé; et gabtar mac an Iarla et curthar a tur an
2] Righ hé a mbraighdenus et tanic Loard Linard a nErinn arís.


3]

1535.10

Et fuair an Giúsdis do bi abus bas .i. Uilliam Sgemeltun
4] et gabais Loard Linard fedhmannus an Righ chuige. Et tuc
5] clann Iarla móir Cille Dara chuige fora inchaib fein .i. clann
6] Geróid meic Thomais, Semus & Oiliuér, Seán & Risderd, & ar
7] mbeith doibh for taobad & for inchaib Loard Linard & siad na
8] coimedecht fein do gab a n-aoínecht iad & do chuir d'innsoigid
9] Righ Sasan iad, & curthar a tur an Righ iad mur a roibe oigre
10] na hiarlochta .i. Tomas mac an Iarla; & ar mbeith tuilled &
11] bliadain a laimh dóibh fein & do Tomas do cuired docom bais
12] a cethrur iad a fíadhnaise luchta na catrach; & ni thanic do
13] Ghallaib Erenn fer a aosa fein dobad mó do sgel do thaob
14] daonachta et cendois fédhna ina in Tomas-sin mac ann Iarla,
15] & ni mo senmoir da tanic a ndeired na haimsire ina a girre do bi
16] slicht na hiarlachta da sgris a hErinn & tren Erenn uile aca re
17] fado d'aimsir roime sin. Gurob mesa a cinn bliadna sibh, a
18] chethernnadha dona duilp, is balech do dallabhair sinn.