Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of Loch Cé A.D.1014-1590 (Author: [unknown])

Annal LC1519

LC1519.0


16] Kll. Enáir; ix. m-bliadna dhéc ar .u. ced ar mile ais in
17] Tigerna.

LC1519.1

Iusdaiois na h-Erenn .i. Geróid Iarla Chille
18] Dara, .i. Geróid Óg mac Geróid, do dhul fó thóghairm righ
19] Saxan iar na thochuired soir tre ionnlachaibh ocus tre
20] edarchossaoidibh Ghall Erenn fair; ocus bá h-omhnach
21] imeglach lá cách a thurus la h-iolar na n-aimleis ocus na
22] n-iomchossaoidibh.

LC1519.2

Pestilencia magna in hoc anno, ocus
23] nuimer mor do Ghalloibh Atho Cliath do ég don teidhm sin.

LC1519.3


24] Roiberd mac Tommais mhic in Iarla, .i. fer a aoisi
25] fein ba ferr ainm ocus áirem ocus uaisle do Geraltachaibh
26] Midhe, dh'éc don phláig sin.

LC1519.4

Mac an t-Shadhbhaoisigh,
27] .i. Raibhilín .i. fer fá mó oinech ocus ágh do
28] Ghalloib Erenn ina aimsir fein olchena, d'ég íar ná
29] thoffonad as a dhuthaid la cumhachtaibh Iarla Chille
30] Dara, ocus lá forgall in prióra Mhég Aonghusa; ocus
31] a thir go sescur sóinmech ag an prióir dia aimhdheoin


p.230


1] go b-fhuair sium bás; ocus ní budh machtnad ge ma
2] deolchaire a thíre no ghébad báss, .i. Trícha Ced na Soillsi.
3] Emonn Tadhbhaois .i. a mac do ríghad 'na ionadh, gen
4] go b-fhuair a dhuthaid go réidh; fer séin fa mó daonnacht
5] ocus daigh einech do Ghalloibh Erenn acht ge ro bernadh
6] fó na inmechus é.

LC1519.5

Feidhlim mac Maghnusa h-I Conchobair,
7] tigerna Iochtair Connacht, fer dércech daonnachtach
8] fri damuibh ocus deóraighibh, do ég in hoc
9] anno.

LC1519.6

Mac Uillíam Clainni Ricaird, .i. Ricard Óg
10] mac Uilléig a Búrc, .i. fer beothlasach buanchonáigh,
11] mortuus est. Uilliam mac Uillig a Búrc do ríghad
12] día éis.

LC1519.7

Donnchad Caománach, fer rathmar ro chonáigh
13] do lán mhaithibh Laigen, in hoc anno.

LC1519.8

Maoilín mac
14] Torna h-I Mhail Conaire, ollam Shíl Muiredhaigh, fer
15] lán do rath ocus d'éxsi, ocus fer do thoghadar Goill
16] Geraltach tar ollamhnaibh Erenn, fer do ghebadh seoid
17] ocus maoine o gach aon d'uaislibh Erenn for a siredh,
18] ocus do beredh sum go h-anoirches an ní no ghebhedh, a ég a
19] Mainistir Derg a Tethbha.

LC1519.9

Fercertne O Curnín, fer
20] grádha Eogain h-I Ruairc, ocus cend egna ocus éixsi a
21] fhine fein, mortuus est.

LC1519.10

Domhnall Glas O Curnín
22] mortuus est.

LC1519.11

Comorbo Chlúano Conmaicne, .i. cend
23] oinigh ocus daonnachta ocus aoidhedhchaire cell Conmaicne,
24] iar b-forbudh a óisi no nís uille, quieuit in
25] Cristo.

LC1519.12

O Neill .i. Art Óg mac Cuinn h-I Neill mortuus
26] est.

LC1519.13

Conn mac Cuinn a derbrathair do righad 'na
27] ionadh; acht chena nir bo h-inann mathair dhóibh.

LC1519.14


28] Tadhg mac Briain mic Tomaltaigh h-I Birn, tanusde
29] .H. m-Briuin Shionna, mortuus est.

LC1519.15

Sámradh ocus
30] fóghmar falcmar fír fhliuch an bhliadain sin; bliadain
31] chalad chessachtoch, acht ger bhó cesnodach tedhmandach
32] h-í.

LC1519.16

Tadhc Ruadh mac Maoilechlainn h-I Cheallaigh, fris
33] in abarthói Tadhc in Chaladh, mortuus est.

LC1519.17

O Conchobair


p.232


1] Ruadh, .i. Eogan mac Feilimidh Finn, rí go b-freasabra,
2] in hoc anno.

Annal LC1520

LC1520.0


3] Kll. Enair; fiche bliadan ar .u. ced ar mile ais in
4] Tigerna.

LC1520.1

Pláig mhór a tossach na bliadna sa an
5] Erinn.

LC1520.2

Iuisdís Saxsanach in Erinn, ocus Iarla Chille
6] Dara a Saxanaibh bheós.

LC1520.3

Mac Uillíam Chlainni Ricaird
7] .i. Uilliam Burc dh'éc in hoc anno. Ricard a Búrc, .i.
8] a dherbrathair eli, 'na ionadh; clann siein Uillig a Burc
9] dibhlinaibh.

LC1520.4

Mac Uilliam Burc, .i. Maoilir mac
10] Tepóid, do mharbad per dolum la clainn t-Sheoinín
11] Mhoir mic mic Sheoinín.

LC1520.5

Muiris mac Tomais mic
12] an iarla, rogha Gall n-Geraltach uile do mhéin ocus
13] d'innsoighthe, do marbad la Conn mac Mhaoilechlainn
14] h-I Mhordha et alii multi.

LC1520.6

In gilla Dubh mac Uillíam
15] mic Colla mic Dubhgáill, consdápla Maighe Luirg,
16] mortuus est.

LC1520.7

Uillíam mac Uilliam Mic Siurtán
17] mortuus est.

LC1520.8

In Gilla Dub Mhág Pilip mortuus est.

LC1520.9


18] Mág Aonghusa, .i. Domnall mac Oedha mic Airt,
19] mortuus est. Félim an Einigh Mhág Oenghusa, .i. a
20] derbrathair eli, do righad ina ionadh.

LC1520.10

Cairbre, mac
21] Concobair mic Cairbri mic Cormaic h-I Birn, cónsal
22] ocus cinnlitir maicne Mhuireghaigh, moritur in
23] hoc anno.

LC1520.11

Maidhm do thabairt ar Feraibh Manach le
24] clainn t-Sheain mic Cathail h-I Raighilligh, inar marbad
25] ocus inar báidhed deichnebar ar fichit im Pilip mac
26] Emuinn mic Tómáis Mhég Uidir ocus imon a mac,
27] ocus im Ghilla Patraic mac Pilip mic Toirrdhealbaigh
28] cona braithribh, .i. Emonn ocus Toirrdhelbach mac
29] Flaithbertaigh mic Tomáis Óig, ocus mac Gilla Ruaidh .i.
30] Goffraigh, ocus mórán eli.

Annal LC1521

LC1521.0


31] Kll. Enáir; bliadain ar fhichit ar .u. ced ar mile ais


p.234


1] in Tigerna.

LC1521.1

Maidhm mór do thabairt a Tír Mhaine
2] Mic Echach ar .H. Conchobair Ruadh, .i. Tadhg Buidhe
3] mac Cathail Ruaidh, ocus ar .H. Cellaigh .i. Maoilechlainn
4] mac Uillíam, ocus ar Mac n-Dubhgaill .i.
5] Donnchad mac Toirrdhelbaigh a cónsabal díbhlínibh. Is
6] amlaid forcaomnagar sin, .i. dul dóibh for innsaiged
7] ar shlicht Donnchada I Chellaigh, ocus creacha do
8] ghabháil dóibh, ocus slicht Donnchada I Chellaigh cona
9] coimthinól do breith forra. Cidh tra acht ro brissedh
10] forra isin Iffernaigh do t-shinnrad. Ro gabadh O Conchobair
11] ann, ocus ro marbad O Cellaigh ocus a mac .i.
12] Tadhg. Ro marbad Mac Dubhgaill ann dno, ocus ro
13] gabadh a mac .i. Alusdar, ocus ro marbad ann
14] Conn Citech mac Oedha mic Eogain h-I Conchobair;
15] ocus ni h-urusa a áiremh gach ar thuit ann
16] edir mharbad ocus ghabáil. Il-imad ech ocus éidedh ocus
17] erradh do bhéin díbh gan atghabháil forro.

LC1521.2

Mag Oenghusa
18] .i. Félim an Enigh mac Aodha mic Airt, cenn daonnachta
19] slechta Conaill Cernaigh, mortuus est. Emonn Buidhe
20] mac Aodha do righad 'na ionadh.

LC1521.3

Rugraidhe mac
21] Eignecháin h-I Domnaill do marbad la Galloib ag Dún
22] Delgain, ocus é faré .H. Neill .i. Conn mac Cuinn.

LC1521.4


23] Mag Mhathghamna .i. Remann mac Glaisni dh'éc.

LC1521.5

O
24] Cathán .i. Tomáss mac Aibhne dh'éc.

LC1521.6

Maol Ruanaid
25] mac Cormaic Mic Diarmada dh'éc in hoc anno.

Annal LC1522

LC1522.0


26] Kll. Enair for Cedaoin; dá bhliadain ar fichit ar .u.
27] ced ar mile ais in Tigerna.

LC1522.1

Cogad mór ar n-eirghe a
28] rann iartharach na h-Eorpa an tan sin etir chinedh na
29] g-Criosdaigh, .i. Rómhánaigh ocus Edáilligh ocus Almáinnigh
30] ocus Spainnigh ocus Saxsanaigh d'én rann ocus d'én
31] comairle, i n-agaid rí Franc a aonur acht Albanaigh
32] amháin i rann rí Franc, ocus morán cath ocus écht do
33] iomluad etorra; ocus is amlaidh fuaromar o lucht


p.236


1] sgaoilti sgél ocus chuartaighthi cuan gur ab ag Francachaibh
2] do bhí búaid an chogaid sin a n-agaid na n-uile chinél.

LC1522.2


3] Cogad adhbail ar n-eirghe a n-Erinn féin an bhliadain sin,
4] ocus go h-áirighthe isin tuaiscert .i. etir .H. Neill ocus
5] .H. Domnaill; ocus mac Uilliam Chlainni Ricaird ocus
6] Gaill ocus Gaidel Chonnacht, ocus Síol m-Briain ocus
7] Síl g-Cerbhaill ar g-cengal ris .H. Neill dochum in chogaid
8] sin. O Neill do theacht sluag mór go maithibh Uladh,
9] ocus fecht Albanach ocus mórán do Ghalloibh Midhe,
10] ocus gallóglaech Iarla Cille Dara a Tir Chonaill,
11] ocus caislén Bheoil Atha Senaigh do ghabhail dó, ocus Bun
12] Drobhaoisi ocus Bél Leicthi do loscud, ocus imthecht
13] slán don chur sin; ocus teacht slúag mór go gar 'na
14] dhiaidh sin doridhis a Tír Chonaill, ocus breith ar creich
15] a Cinn Mhaghair, ocus a lán don tír do mhilled.

LC1522.3

O
16] Domnaill ocus Maghnus .H. Domnaill do cruinniugad
17] shlúaig mhóir an aen áit, ocus a n-dul a Tír Eogain, ocus
18] creacha mora ocus marbhtha do denum dhoibh.

LC1522.4

O Neill
19] do cruinniugad shlúaig mhóir an aoin ionad, ocus mac
20] Uillíam Clainne Ricaird .i. Ricard mac Uilleg mic
21] Uillig mic Uillig an Fhiona, ocus Goill ocus Gaoidel
22] Connacht, ocus O Cerbhuill ocus clann h-I Briain do
23] cruinniugad ina comdháil; ocus ro gealladar a g-coinne
24] a cheli a Tír Chonaill; ocus tánic an sluag Connachtach
25] sin go Sligech, ocus tánic O Neill go Cinél Móáin
26] ocus fecht Albanach aige fá mac Mic Dhomnaill, .i.
27] Alustar, ocus fá mhóran do Ghalloibh Midhe ocus do
28] gallóglaechaibh Laighnecha. Dala h-I Domnaill ocus
29] Chinel Conaill, o nach rabadar comtrom daoined re
30] cechtar don da t-shlúaigh sin, issí comairle do rinnedar
31] innsoiged oidhche do thabairt ar .H. Neill; ocus do
32] righnedar coisighe da marcshlúagh maille re na g-cóirighthibh.
33] Ocus do bhi O Neill a b-fhaslongport ag Cnoc an Bhobha,


p.238


1] ocus ro innsaighedar Conallaigh a h-én comairle iad gan
2] chongnum coigcrich aca; ocus do brisedar ar O Néill
3] an oidhche sin, ocus ro marbad móran dá muinnter
4] etir Albanchaib ocus Erennchaib, ocus go h-áirighthi
5] moran do Ghalloibh Midhe ocus do gallóglaechaibh
6] Laighnech, ocus do Chlainn t-Shíthigh; ocus O Neill
7] d'imthecht a g-coir mhadhma íar n-dithugad a mhuinntire;
8] ocus O Domnaill d'fhilled iar m-búaid g-coscair maille
9] re h-iomad édalaibh ech ocus éidigh ocus airm; ocus gan
10] comnaide do dhenum doib no gur ghabhadar foslongport
11] ag Beinn Ghulbain; ocus an dá mac Uillíam, ocus an
12] dá O Conchobair, ocus Mac Diarmada, ocus O Cerbhaill
13] ocus clann h-I Bhríain do bheith sluag ro mhór
14] a timchell t-Shligigh, ocus mar fuaradar derbh sgéla an
15] mhadhma sin do thabairt ar O Néill, ger mhór culad
16] ocus daoine ambói ann, ro inntódar tar a n-ais día
17] tírib; ocus ní fess d'O Domnaill a n-imtecht no go n-deachadar
18] tar Coirr Sliabh; ocus ro turnad an chombáidh
19] chogaid sin don dul sin.

LC1522.5

Rúgraidhe mac Goffradha mic
20] Aodha Gallda, ocus mac Mhég Cellaigh na Breiffne, do
21] marbad lé sluag h-I Neill a n-ucht Sgairbhe Indsi in
22] Fraoich.

LC1522.6

Mac Suibhne Thíre Bóghuine, .i. Brían an
23] Chobhlaigh, ocus Diarmaid mac Taidhg Caim h-I Chleirigh,
24] ocus Aodh mac Mic in Bhaird, ocus a lán eli fós do
25] mharbada g-caislén Bheoil Atha Senaigh le slúag h-I Neill.

LC1522.7


26] Domnall mac Donnchada I Ruairc, sói dhuine uassail
27] 'na dhuthaid féin, do marbad le clainn Feilim h-I
28] Ruairc.

LC1522.8

Domnall mac Seam h-I Chatháin, saormacaom
29] a chinedh féin ocus fer einigh choitchinn d'eicsibh ocus
30] d'aois eladhna, do marbad an bhliadain si.

LC1522.9

Mag Cormán
31] .i. Maoilechlainn, an t-é dob ferr tuicsi ocus tech


p.240


1] n-aoidhed don aos grádha, dh'éc in hoc anno.

LC1522.10

Domnall
2] Cleirech mac Seain mic Aibhne h-I Chatháin, .i. cenn
3] einigh ocus engnuma in tuaiscirt a teisd ocus a
4] tabartus, ocus a tuaruscbáil, do mharbad la clainn
5] Gilla Phádraic mic Mhaghnusa h-I Chatháin .i. a
6] altronna ocus a chairdi-ssidhe Criost.

LC1522.11

Rugraidhe
7] mac Aodha Óig mic Aodha Ruaidh Mhég Mhathghamna
8] dh'ec in hoc anno.

Annal LC1523

LC1523.0


9] Kll. Enáir for dhardaoin. Tri bliadna fichet ar .u.
10] ced ar mile ais in Tigerna.

LC1523.1

Doinend mhór a tús na
11] bliadna sin, ocus cogad ádhbail ar fedh na h-Eorpa ar
12] muir ocus ar tír, ocus go h-áirighte etir O Neill ocus
13] O n-Domnaill, ocus O Domhnaill do bheith ar edh an
14] erraigh sin a b-fhoslongport a n-Glionn Fhinne, ocus
15] Maghnus O Domnaill do dhul go h-Albain, ocus tocht
16] slan iar criochnugad a chuarta.

LC1523.2

O Domnaill do dhul
17] fá dhó a Tir Eogain an bhliadain sin, ocus tocht slán
18] iar milledh mhoráin, ocus síth do dhenum dhóibh deredh
19] bliadna, ocus gan écht oirrderc do dhenum etorra
20] acht mar sin.

LC1523.3

O Catháin, .i. Donnchad mac Seain h-I
21] Chatháin, an t-í budh mó clú einigh ocus uaisle dá
22] chinedh fein a comaimsir ris dh'éc, ocus dá thigerna
23] do ghairm a n-aghaid a chéli 'na ionad, .i. Sean mac
24] Tomáis h-I Chatháin ocus Goffraidh mac Goffradha h-I Chatháin,
25] ocus íad araon a cogad ocus a n-imressain,
26] ocus ag milled an tíre ar gach taobh fan tigernus.

LC1523.4


27] Mac h-I Briain .i. Tadhg mac Toirrdhelbaigh, fer a
28] aossa dob ferr enech ocus uaisle ocus rér mhó egla
29] a escarad, ocus dob ferr do chend dámh ocus deoraidh,
30] ocus is lugha do dhiultfed re dreich n-duine um ní dhá
31] n-iarrfed, do marbadh go mí-rathmar d'én urchor do
32] ghunna leisin n-Giuisdís .i. Piarrus Ruad Buitler,


p.242


1] mar is gnath sói d'fhagail anasc.

LC1523.5

Mac Gilla Eain,
2] .i. Lachluinn Mór mac Echainn, do mharbadh a b-fhioll
3] leisin ridire mac Mic Ailín a m-baile rígh Alban in
4] hoc anno.

LC1523.6

Mág Thigernain, .i. Fergal mac Gilla
5] Iossa Óig, mic Gilla Isa mic Briain, dux Thellaigh
6] Dhúnchada, fer dércech daonnachtach, d'fhaghail bháis
7] ina bhaile féin, ocus a derbrathair do ghabhail a ionadh
8] dhá éis.

LC1523.7

Eogan, mac Fédhlim mic Dhonnchada Óig mic
9] Thigernain Óig h-I Ruairc, do bháthad ar loch Glenda
10] Éda in hoc anno.

LC1523.8

Rossa, mac Ruaidri mic Briain mic
11] Fhélim Mhég Uidir, d'fhagail bháis a m-braighdenus ag an
12] g-comarba Mhág Uidir, .i. Cu Connacht.

LC1523.9

Aodh mac Airt
13] h-I Thuathail, an mac a aoisi budh mó clú enigh ocus
14] uaisle da fhine féin, do marbad le Brannachaib an
15] bliadain sin.

LC1523.10

Mac Conmidhe, .i. Maoilechlainn mac
16] Seain mic Solaim, ollam h-I Neill, mortuus est.

LC1523.11


17] Sloigeadh adhbail la h-Iarla Cille Dara, .i. Geroid Óg
18] mac Geróid, ocus la Galloib Midhe, ocus la .H. Neill,
19] .i. Conn mac Cuinn mic Enri mic Eogain, ar .H. Conchobair
20] Fhailghe ocus ar Conall O Mordha, ocus ar
21] Ghaoidelaibh Laigen. Na Gaidel sin uile d'anmain ar
22] síth h-I Neill etorra ocus an t-Iarla, tar eis árnaidh
23] na n-Gaoidel sin do chur ar laim h-I Neill, ocus O
24] Neill do chengal na síthe; ocus géill ocus braighde
25] na n-Gaoidel sin d'fhaghail d'O Neill na urláimh, a n-geall
26] re gach agra da n-dingnadh an t-Iarla orra do mholadh
27] h-I Neill, ocus a sgarthain reidh síthech re chéli an tan
28] sin.

LC1523.12

O Máille, .i. Cormac mac Eogain h-I Mhaille,
29] féichem coitchend enigh ocus uaisle Iarthair Connacht,
30] mortuus est. Domnall mac Tomáis h-I Maille do
31] gabháil a ionadh.

LC1523.13

Indsoiged le .H. n-Domnaill, go


p.244


1] g-comaonta thíre ocus choigcrice, go Breiffne h-I Ruairc.
2] Gach nech do b'innsluagad dá raibh isin tír ar a chinn
3] do chuadar le na g-creachaib a n-diamraibh ocus a
4] n-immdhorchaib dá n-imchumdach. O Domnaill d'imtheacht
5] an tíre go h-uilidhe, co nár fhaguibh ní ar bith
6] gan milled dá bailtibh ocus dá h-arbhonnaibh don dul sin.

Annal LC1524

LC1524.0


7] Kll. Enáir for Aine, ocus bissex fuirre; ceitri
8] bliadna .xx. ar .u. ced ar mile ais in Tigerna.

LC1524.1

Doinend
9] mhór ocus ár for sbréidh a tús na bliadnu.

LC1524.2

Dis mac
10] h-I Dhomnaill, .i. Niall Garb ocus Eogan, do chengal
11] combágha re cheli i n-aghaid h-I Dhomnaill, ocus a m-beth
12] tamall mar sin ag buaidhred an tíre, no gur cuired
13] futha fein dul i n-agaid a cheli, ocus Eogan do ghabáil
14] bhaile Neill, .i. crannóg Loch Bethad, ocus h-í ar a
15] inchaib p-féin, ocus Niall d'fágbáil an tíre; ocus
16] innsaighed fada do thabairt ar an m-baile dhó, ocus celg
17] do dhénum a g-comfhogus dó. Eogan d'fagail a fessa
18] sin, ocus Niall d'innsoiged dhó; ocus a n-dul fá cheli
19] annsin, ocus Eogan do marbad don láthair sin, ocus
20] Niall do lot, ocus a dhul dh'éc don lot sin fá chend
21] aimsire girre 'na dhiaidh sin; ocus ni h-urusa a radha
22] go tánic lucht a n-aosa do Cheniul g-Conaill budh mo
23] d'échtaib ina an dias sin. An ced mhí do t-shamradh
24] do righned na marbtha sin.

LC1524.3

Sémus mac Briain Uaine
25] h-I Ghallchubhair, adhbur comhorba na Cairrge, dh'ec in
26] hoc anno.

LC1524.4

Diarmaid mac an Gilla Duibh h-I Bhríain,
27] fer a thigernuis fein dob ferr 'na aimsir do chenn dámh
28] ocus deoraidh, ocus do bud mo muirer ocus dob fhír
29] áidhbhle enech, ocus dob fherr d'fer reidhighthe carad ocus
30] escarad, ocus is mo do saoiled d'anmain re h-inmhe a
31] dhuthaidhe, ocus is mó do budh compánach coitchend don
32] aois ealadna, d'fhaghail bhais ongtha ocus aithrighe a


p.246


1] m-Baile Mhég Dubhda, ocus bennacht lais docum nime.

LC1524.5


2] Sloiged lá .H. n-Domnaill a Tir Eogain, dar loisc
3] ocus dár imthig in tír, ocus teacht slán iarum.

LC1524.6


4] Sloiged leisin n-giuisdís, .i. Geróid Óg mac Geróid
5] Iarla Chille Dara, ocus leis O Neill .i. Conn mac
6] Cuinn, a Tír Chonaill dochum h-I Domnaill a mí medhóin
7] fhóghmhair, ocus slóiged eli ag .H. Domnaill na n-oirchill
8] do cosnum a críche fein, ocus moran Albanach ar
9] teacht chuige fón am sin, .i. clann Eoin Chathánaigh,
10] ocus mac Domnaill Gallógláech, ocus daoine uaisle eli
11] as Alban. In giusdís ocus .H. Néill do ghabáil fhasslongpuirt
12] a Port na Tri Námad, ocus O Domnaill co
13] na shlúaig do dhul go Druim Lighen; ocus geallad
14] buailti do bheith etorra ar na mhárach. Maghnus .H.
15] Domnaill ocus Albanaigh do dhul do chaithed shlúaig
16] Ghall an oidhche sin, ocus mac h-I Bruin do mharbadh leó,
17] .i. an Calbach mac Bruin mic Thaidhg, écht mór na
18] dhúthaid fein; ocus cuinne t-shíthe do shnadhmadh etorra
19] ar na mhárach, co n-derna an giúsdís sith eidir .H. Néill
20] ocus .H. Domnaill, ocus é féin a slanaibh etorra;
21] ocus do ríghnedh síth ocus cairdess Crist mar an
22] cedna eidir an n-giusdís ocus .H. Domnaill; ocus iar
23] b-fhilled don ghiúsdís ocus d'Ua Néill fuaradar Aodh
24] mac Neill mic Cuinn mic Aodha Buidhe, mic Briain
25] Bhallaigh h-I Neill, slúag mór ag milledh thíre h-Eogain;
26] ocus ó d' chuala sidhéin na slúaga sin ele do bheith chuige
27] do cuir a th-shlúaigh fein roime lé na chrechaib ocus lé na
28] n-édálaibh, ocus do an féin a b-fad na n-diaidh ar begán
29] daoinedh, no go rug trom an t-shluáig eli fair, ocus gur
30] innsaighedar é iar na fhaghail a m-baogal, gur marbadh
31] leó ar an lathair sin é; ocus ní thánic do Chinél Eogain
32] re h-aimsir fhada a commaith a n-uaisle ocus a n-einech,


p.248


1] ocus a g-clú do chosnum ós cinn a chlainn mhaicne, ocus is
2] lugha do léig luidhe dhá escairdibh air, ocus is ferr do
3] chossuin a crích dhúthaid féin gus an uair sin. Oir dob
4] eissidhéin cinnliter a chinidh ocus fír thopur na féli,
5] ocus cend uidhe an uird fhilidh, ocus rélta t-solus
6] t-shoinenta t-shlechta Oedha Buidhe h-I Neill; ocus fóss
7] ní forbonn linn re radha nar fháguibh sé an Erinn
8] d'uaislibh Gall ná Gaoidel díghbáil budh mó den aois
9] ealadhna na an t-Aodh sin mac Néill mic Cuinn, et rl.

LC1524.7


10] Mac Uibhilín, .i. Cormac, ocus mac Seain Duibh Mic
11] Domnaill, do lot ocus do ghabáil a h-aithle an mharbhtha
12] sin le muinnter h-I Néill.

LC1524.8

Inghen h-I Domnaill .i.
13] Gormlaith ingen Aodha Rúaidh, ben Aodha mic Neill
14] mic Cuinn, .i. ben einigh choitchinn ocus clu t-shaoghalta do
15] chosnum, ocus do bud mó cumaoin ar órduibh ocus ar
16] aois ealadhna, do dhul dh'éc a mí mhedhóin earraigh; ocus
17] amail tucadar an lánshamuin sin coimidecht daonnachta
18] ocus clú dhá chéli isin t-shaogal co h-aimsir a
19] m-báis, go d-tucuid a n-anmanna coimidecht glóire dá
20] cheli a b-fhlaithius Dé.

LC1524.9

Mac Donnchada Thíre h-Oilella,
21] .i. Ruaidri mac Tomaltaigh mic Briain, d'fhaghail bháis,
22] ocus cogad mór edir Clainn n-Donnchada fá thigernus
23] an tíre, ocus Mac Donnchada do dhénum do Chormac
24] mac Taidhg mic Briain.

LC1524.10

O Conchobair Ciarraidhe .i.
25] Conchobar mac Conchobair do dhul ar creich a
26] n-Dúthaid Ealla, ocus Cormac Óg mac Cormaic mic
27] Thaidhc do bhreith fair, ocus brissedh ar .H. Conchobair
28] ocus é féin do lot ocus do ghabáil ann; ocus Conchobar
29] mac Diarmada mic in Ghilla Dhuibh h-I Briain do mharbadh
30] ann, ocus Diarmaid mac Cormaic h-I Mháille, .i. écht
31] mór na dhuthaid fein, do marbad ann fós.

LC1524.11

Mág
32] Carrthaigh Riabach, .i. Domnall, mac Fínghin mic


p.250


1] Diarmada, do dul ar siobal creiche a n-Glionn Fhleisce,
2] ocus breith co h-anordaighthi air ag fágbáil an ghlenna;
3] ocus é fein do ghabáil, ocus cuid dá dhainibh do bhuain de.

LC1524.12


4] Mag Raghnaill .i. Cathal Óg mac Cathail do marbad a
5] b-fhill ar faithche a bhaile fein la clainn I Mhaoil
6] Mhiadhaigh.

LC1524.13

Mac Suibhne Thíre Bóghuine, .i. Niall mac Eogain,
7] an cónsopul dob ferr lámh ocus do bud cruaidhe coscur,
8] ocus dob ferr tech aoidhed ocus budh mó muirer ocus
9] muinter, ocus is lía dho briss do bernadhaibh baogail
10] dá chlannmaicne fein, do dhul dh'éc iar n-ongad ocus iar
11] n-aithrighe na caislén féin .i. a Rathain.

LC1524.14

Inghen h-I Bhríain .i.
12] Mór ingen Toirrdhealbaigh mic Taidhg h-I Bhríain, ben
13] Donnchada mic Mhathghamna h-I Bhríain, ben tighe
14] aoided coitchinn, do dhul dh'éc in hoc anno.

LC1524.15

Aibhilín
15] ingen Ridire in Ghlenna, ben h-I Conchobair Chiarraidhe,
16] deighbhen dércech daonnachtach, do dul dh'éc.

LC1524.16

Toirrdhelbach
17] mac Félim Buidhe h-I Conchobair do marbad
18] per dolum la Toirrdhelbach Ruadh, mac Taidhg Bhuidhe
19] mic Cathail Ruaidh.

Annal LC1525

LC1525.0


20] Kll. Enair for Dhomnach; u. bhliadna ficet ar .u. ced
21] ar mile ais in Tigerna.

LC1525.1

H. Domnaill .i. Aodh mac Oedha
22] Ruaidh, ocus .H. Neill .i. Conn mac Cuinn, do dhul docum na
23] comairle móire a g-cend an ghiusdís a tús na bliadna
24] sin, ocus égnech ocus iomthagra mhór do dhenum dóibh ré
25] 'roile, ocus filledh dhóibh aimréidh d'aimdheoin a g-cairdibh
26] Gall ocus Gáidel díbhlínaibh; ocus mórán do mhilled
27] etorra don chogad sin.

LC1525.2

Síth do dhénum doibh iarsin a
28] tús fóghmhair mar aderadh an Giúsdís ocus Maghnus O
29] Domnaill.

LC1525.3

Gnim uathmar granna do dhenumh a n-Erinn
30] in bhliadain si .i. easpug Leithghlinne do marbad a
31] mebail la Mac an Abaid Mac Mhurchada, ocus é


p.252


1] faris féin maille ré gradh mór ocus re síthcháin, ocus
2] an chuid ar a rug Iarla Chille Dara do lucht lamhaighthi
3] an ghnioma sin, rug leis íad gus an áit a n-dernadh an
4] droch comairle sin, ocus tuc fódera a b-fhendadh beó ar
5] tús, ocus a n-abaighe ocus a n-ionathar do bhuain asda,
6] ocus a loscad ina b-fhiadhnuse díbhlínaibh.

LC1525.4

H. Catháin .i.
7] Sean mac Tomáis do marbad do chuid dá chinedh fein .i.
8] mac Ruaidri an Rútta h-I Catháin ocus mac Goffraigh
9] h-I Chatháin, oidhche lúghnusa do shunnradh.

LC1525.5

Easpuc Cille
10] Dalúa .i. Toirrdhelbhach mac Mathghamhna h-I Briain
11] dh'éc, .i. an Gaoidel is mó fuair ocus is ferr tuc uadh é
12] diambui a comaimsir fris, ocus fer einigh choitchinn
13] comoirderc da gach oen an t-espuc sin, ocus fer
14] chosanta a chóra a tír ocus a g-coicrich do dheoin ocus do
15] aimdheoin, ocus fer slúaig mhóir do chur a g-cend a chéle
16] go minic do milled a escarad ocus do chendsugad a
17] bhídhbhad, conách raibhe a g-comfhogus dó na dhuthaid fein
18] iná i n-duthaid eli na comfhogus mac Gaidel nar ghabh a
19] thuillmhe ocus a thuarusdal uadh; ocus ní ele fós do b'é
20] an t-espuc sin .H. Briain an t-écht ós gach echt ocus
21] an esbud os gach esbudh da d-tarla re h-ealadan an én
22] aimsir ris.

LC1525.6

An deganach mac Briain Ruaidh Mic
23] Conmidhe, fer thighe oeided coitchinn dá gach oen, ocus a
24] mac .i. Cerbhall Mac Conmidhe, dh'éc in hoc anno.

LC1525.7


25] Inghen h-I Dhuibhgendain .i. Caiterfhina do dhul dh'éc
26] iar n-ongad ocus iar n-aitrighe im fhéil Coluim Cille,
27] ocus a h-annlucad go h-onorach a mainistir Duin na
28] n-Gall in hoc anno.

Annal LC1526

LC1526.0


29] Kll. Enair for Luan. Sé bliadna .xx.et ar .u. ced ar
30] mile ais in Tigerna.

LC1526.1

Mac h-I Ruairc .i. Tadhc mac
31] Eogain do marbad a meabail lá muinter a derbráthar
32] fein.

LC1526.2

O Néill .i. Conn ocus Maghnus O Domnaill


p.254


1] do dhul a g-cend an ghiúsdís do dhenum shíthe Conaldach
2] ocus Eoganach, ocus iar tinól mhórain do mhaithib
3] Gall ocus Gaoidel da sídhugad nír bheidir a sídugad
4] annsin, ocus tancodar aimreidh dá tighibh.

LC1526.3

H. Raighilligh
5] .i. Eogan do dhul dh'éc, ocus cogad mór etir a chinedh fá
6] tigernus an tire, no gur goiredh .H. Raighilligh d'Fergal
7] mac Seain do mholadh an ghiúsdís ocus mhóráin do mhaithibh
8] Gall ocus Gaoidel, ge dho bhadar daoine bu shine ná h-é
9] ag cur chuige.

LC1526.4

Cogad mór ar n-eirghe a n-Iochtar
10] Chonnacht an bhliadain sin, ocus a n-urmhór uile do
11] chengal re chéli i n-aghaid h-I Dhomnaill, fa Brian mac
12] Félim h-I Conchobair ocus fá mac Cathail Óig h-I
13] Conchobair, ocus fa t-shliocht Cormaic mic Donnchada,
14] ocus Iochtar Cairbri do creachad leo; ocus O Domnaill
15] do brissedh na Gráinsighe, ocus dul a Muigh Luirg
16] do 'na dhiaidh sin ocus an tír do mhilledh ocus do loscud
17] lais. An t-Shíl Conchobair ocus an Chlann n-Donnchadha
18] sin do bhí ar an g-cogad do cruinnechadh ocus teacht go
19] Sligech dhóibh, ocus cur go maith dochum an chaisléin no
20] gur marbadh duine maith da muinter .i. Ruaidri Ballach
21] mac h-I Airt. Imthecht dóibh an lá sin ocus cruinneachad
22] doibh fá chend gairid arís, ocus teacht co Sligech
23] do mhilled gort ocus do chur dochum an bhaile, ocus O
24] Domnaill d'fhagail sgéla a m-beith mar sin, ocus a
25] ghluasssacht chucu ocus breith orra, ocus a madhmugad
26] lais, ocus cuid mhór dá n-dáinedh do bhuain díbh, ocus
27] édáil mhór ech ocus airm ocus eidigh.

LC1526.5

O Neill .i. Conn do
28] theacht slúag mór do toirmesc oipri caisléin do
29] thinnscuin Maghnus O Domnaill do denum a Purt na
30] Tri Namad, ocus Maghnus do thegmháil re tús an t-slúaig,
31] ocus mac Seain h-I Neill .i. Enrí do ghabáil leis,
32] ocus O Neill d'imthecht a g-coir mhadhma.

LC1526.6

O Catháin .i.
33] Goffraigh mac Goffradha do marbadh a n-ucht Bealaigh


p.256


1] in chamáin le mac h-I Neill .i. Niall Óg, an ced mhí do
2] t-shámradh, ocus Niall féin do ghabáil fá chend athghairid
3] iarsin leis O Neill, ocus a bheith 'na chimidh.

LC1526.7

Sean
4] mac Oedha mic Diarmada, an bheithir bheodha bhith
5] oirrderc, do marbad le slicht h-I Conchobair Ruaid
6] iar ná fhagail a m-baogal for Mullach Croiche.

LC1526.8

Slóigeadh
7] lá h-Iarla Chille Dara fa machaire Chonnacht ar
8] forgall h-I Conchobair Ruaid, gur ghabhustar Baile
9] Thopair Bríghdi ocus Caislén Riabach Chlainni Faghartaigh,
10] ocus ro thídlaic d'O Chonchobair Ruadh iad.

LC1526.9


11] Lommargain h-I Conchobair la clainn Ruaidri Mic
12] Diarmada ag Cuirr in Droichit, ocus cúigfer no t-sheisfer
13] da muinter d'fhágbáil dóibh-siom.

LC1526.10

Argain t-shlechta
14] Taidhc Mic Branáin ocus Tuathla .H. Conchobair na
15] chinadh síeín, ocus Ruaidri mac Cuinn Mic Branáin do
16] mharbadh la clainn Eachmharcaigh Mic Branáin.

LC1526.11

Mors
17] Mhég Amhalgaidh la h-Ua Maoil Sechlainn, dar sarugad
18] an Iarla.

LC1526.12

Slóigedh la Brian O Ruairc a muinter
19] Eoluis, gur gabh nert fer g-Conmaicne ocus Chinél
20] m-Bibhsaigh don dul sin.

LC1526.13

Mac h-I Chatháin .i. Goffraigh
21] mac Donnchada, adhbar tigerna a thíre féin, do dhul ar
22] siobal creiche a n-Glend Choncadhuin a mi Enáir do
23] shinnradh, ocus é fein d'fhagbail, ocus nach b-fríth én
24] fhocul dá sgélaibh no go b-fríth a chorp an t-shechtmhuin
25] déighenach don chorghus ar a chinn; ocus Enrí mac Neill
26] mhic Briain, tigerna Baile na Brághad do marbad ann,
27] ocus mórán eli do marbadh ocus do lethad ann maille
28] riú dá muinter.

LC1526.14

Maidhm do thabairt do mac mic
29] Piaruis Buitiléir ar chlainn Emuinn mhic Tomáis
30] Buitileir, dú inar marbad Conchobar Óg mac Conchobair
31] Choeich h-I Dhomnaill, do bhí na chónsabal gallóglaech


p.258


1] ocus na láimh maith go minic, ocus go h-airighthi an lá
2] sin, oir nir leic a nert ocus méd a menma ocus febhus
3] a laimhe dhó anacal do ghabáil iar ná thaircsin dó, ocus do
4] tuit imat do dhaoinib móra maithi sa maidhm sin do
5] mharcshlúagaib ocus do ghallóglaechuibh.

LC1526.15

O Dochartaigh .i.
6] Echmharcach, tigerna Innsi h-Eogain, dh'éc a n-err a
7] aoissi in hoc anno, ocus cogad mor etir a chinedh fá
8] thigernus an tíre, ocus tigherna do dhenum do Geralt
9] mac Domnaill mic Fhélim h-I Dhochartaigh.

LC1526.16

Sloiged la
10] .H. n-Domnaill a Tír Amhalgaid do chongnum lé slicht
11] Ricaird a Búrc, ocus Caorthannán ocus Cros Mhaoilína
12] do ghabáil leis, ocus a m-brissedh dhó, ocus bráighde ocus
13] édála imdha do tabairt asda sin, ocus síth d'fhagbáil
14] etir shlicht Ricaird a Búrc ocus Bairédachaibh; ocus
15] foslongport do dhénum dhó ar a fhilledh fá chaislén
16] Cúl Mhaile, ocus síth ocus bráighde do bhuain do t-shliocht
17] Cormaic Mic Donnchada annsin, et reliqua.

Annal LC1527

LC1527.0


18] Kll. Enáir for mhairt. Seacht m-bliadna fichet ar
19] .u. ced ar mile ais in Tigerna.

LC1527.1

Mac Donnchada Thíre
20] h-Oilella .i. Cormac mac Taidhg mic Bríain do dhul dh'éc,
21] ocus cogad mór idir Chlainn n-Donnchadha fá thigernus
22] an tíre 'na dhiaidh, no gur goiredh Mac Donnchada
23] d'Eoghan mac Donnchada mic Murchada.

LC1527.2

Brian mac
24] Félim mic Maghnusa h-I Conchobair dh'éc in hoc anno.

LC1527.3


25] Domnall mac Félim mic Thoirrdhelbaigh Charraigh h-I
26] Conchobair mortuus est.

LC1527.4

O Cleirigh.i. an Gilla Riabach
27] mac Taidhg Caim, sói re h-eladhain ocus fer saidhbris mhóir,
28] d'fhaghail bháis a n-aibíd san Fróinséis a mí mhedhoin in
29] erraigh.

LC1527.5

Domnall mac an Espuic h-I Ghallchubair do
30] marbad le cuid do t-shlicht Aonghuis h-I Ghallchubhair
31] an bhliadain si.

LC1527.6

In Doctúir mac Eogain I Duinnshleibhe,
32] sói re leighes ocus annsna h-ealadhnaibh eli durmhór,
33] ocus fer conáigh mhóir ocus tighe aoided, dh'éc an tress


p.260


1] lá ría b-fhéli Froinsias.

LC1527.7

Mag Uidhir do dhul dh'éc an
2] bhliadain si, ocus tigerna do dhenum don chomhorba
3] Mhág Uidir 'na ionadh .i. do Chú Connacht mac Conconnocht
4] mic Briain.

LC1527.8

Toirrdhelbach mac Eignecháin
5] I Dhomnaill mortuus est.

LC1527.9

Félim mac Goffradha mic
6] Seain Luirg h-I Domnaill mortuus est.

LC1527.10

Sloigedh leis
7] O n-Domhnaill a Mágh Luirg, ocus an tír do mhilled etir
8] arbhar ocus fhoirgnem, ocus an caislén mór ocus caislen
9] an Bennada do ghabáil dó, ocus caislén an Chalaidh,
10] ocus Baile na h-Uamha, ocus an Caislén Riabach do
11] ghabáil dó; ocus a m-brissedh iarsin, ocus marcach
12] maith do marbad do muinter h-I Domnaill a n-ucht an
13] Bhelaigh Bhuidhe .i. Oedh Buidhe mac an Dubhaltaigh h-I Gallchubhair.

LC1527.11


14] Caislen Liffir do thinnscna le Maighnus O
15] n-Domnaill in cedoein iar b-fhéil Brénainn, ocus a
16] crichnugad le cuid don t-shamhrad sin etir obair crainn
17] ocus cloiche, ocus cogad h-I Neill fair.

LC1527.12

Maghnus O
18] Domnaill do dhul ar siubal creichi a n-Glionn Fhéile ar
19] Oedh m-Buidhe O n-Domnaill, ocus creach do thabairt lais,
20] ocus dias marcach dá muinter do marbad .i. mac
21] Domnaill mic Fhélim mic Aonghusa Óig h-I Ghallchubair,
22] ocus mac Briain Chaoich mic Domnaill mic in Deganaigh.

LC1527.13


23] Tommás mac Maghnusa Mhégg Uidir dh'éc .i. soi
24] chléirigh ocus dhuine thuicsigh tréighighe re Laidin ocus re
25] Gaoidilige, ocus dob ferr cóip leabar Laidne ocus
26] Ghaoidilge a comhgar dhó, ocus fer muirir mhóir d'iomchur
27] ocus tighe aoidhed do chongmáil.

LC1527.14

Ruaidri mac Murchada
28] mic t-Shuibhne do marbad da bráitribh p-fein in
29] hoc anno.

LC1527.15

Uilliam mac Aindriass Mhég Craith .i. fer
30] saidhbris mhóir ocus biatach maith, ocus a bhen, dh'ec an


p.262


1] én ló con oidhche in bhliadain sin.

LC1527.16

Caitilín ingen Chuinn
2] mic Domnaill h-I Neill, ben craibhtech dheigh einigh do bhí
3] ag fheraibh maithi .i. ag O Raighilligh ar tús ocus ag O Ruairc
4] 'na dhiaidh sin, d'fhaghail bháis an bhlíadain si iar n-ongad
5] ocus n-aithrighe.

LC1527.17

Iarla Chille Dara ocus mac Iarla
6] Urmhuman do dhul a Saxanaibh tré imthnúth ocus tre
7] innlach a chéle, ocus a inadh fein a n-Erinn do fhágbáil ag
8] barún Delbhna, .i. giusdís na h-Erenn an tan sin in t-Iarla
9] sin Cille Dara.

LC1527.18

Domnall mac Fergail mic
10] Domnaill h-I Birn, dux in leithe síos do thir Briúin,
11] ocus a bhainchele .i. Lassairfhíona ingen t-Sheain mic in
12] Prieóra, mortui sunt. Tadhg mac Cairbri mic in
13] Prieóra h-I Birn do ghabáil na taoisighechta tar éis
14] Domnaill ar bélaib shinnser shlechta Cormaic h-I Birn,
15] amail is dú do dhegh airilniudh, ocus Maoil Sechluinn O
16] Birn a brathair eli do ghabáil na tanaisdechta.

LC1527.19

Mor
17] ingen Mhaoilechlainn Mhic Cápa, uxor h-I Ainlighe .i.
18] an bhen dob ferr tánic a g-Cenel Doffa mic Oenghusa re
19] cian d'aimsir, buime dhámh ocus dheoraidh na h-Erenn,
20] aithghin Mhóire Muman ar chlú ocus ar crabadh ocus ar
21] chaondúthracht, ben is mó tuc d'offráil ocus d'almsanaibh
22] bídh ocus édaigh do bhochtaibh ocus d'aidhilgnechaibh an
23] Choimdidh ocus dá gach aon no rigedh a less a fhaghail, a
24] h-ég ar lár a longpuirt féin a port Locha Leisi, et
25] sepulta est a n-Oilfinn fá dhíden Dé ocus Phádraic.

LC1527.20


26] An Prióir Óg O Fergail .i. Tomáss mac Emuinn mhic
27] Rossa, tigerna Chalaidh na h-Anghaile, ocus an cúiged
28] cuibhrendach dob ferr do bhói do Chlannuibh Rugraidhe, do
29] marbadh la clainn Emuinn h-I Chellaigh ocus le slicht
30] Félim mic Gilla na Naom h-I Fergail, ocus a triur mac
31] maille friss per dolum.

LC1527.21

Forbhuise chúig seachtmhuineadh
32] no assé la clainn Ruaidri mic Diarmada, ocus lá
33] clainn Taidhg mic Ruaidri mic Diarmada, ocus la
34] Mac n-Dubhghaill ocus le slicht h-I Conchobair Ruaid,


p.264


1] ocus re slicht Félim Fhinn, ocus le slicht Taidhg mic
2] Branáin, for Chaislén Riabach Chlainni Faghartaigh, ocus
3] muc ingnad crainn do dhenum chuige dhoibh do h-shailghibh
4] degh dhaingne daracha, ocus sailghe fada fír mhóra ar luth
5] fúithe.

LC1527.22

Diarmaid mac Taidg Ruaid, ocus marcach
6] maith do bhunadh Chlainne Maol Runaid, do mharbad amach
7] assan g-caislén, ocus an mhuc do gherradh fá dheoidh la
8] Tuathal Ruad.

Annal LC1528

LC1528.0


9] Kll. Enáir for Cedaoin; bissex fuirre. Ocht
10] m-bliadna fiched ocus .u. ced ocus mile aois an Tigerna.

LC1528.1


11] Inghen h-I Briain .i. Finnghuala ingen Conchobair, an bhen
12] is mó do chossuin do chlú a comaimsir ría do thaobh chuirp
13] ocus anma, do dhul dh'éc iar g-caithem a h-aoissi ocus a
14] h-inme re h-oinech ocus re daonnocht ar tús, ocus iar
15] m-beith bliadain ar fhichit a n-aibíd an tress uird ag
16] denum crábadh ocus daonnachta ocus degh oiprighthe do
17] thaobh Dhé ocus an t-shaoguil.

LC1528.2

H. Bríain .i. Toirrdhelbach
18] mac Taidhc, an Gaoideal dob fhaide re h-uaisle ocus
19] re h-enech a Leth Modha uile, ocus oigri díles Briain
20] Boruma ar chongmhail chogaid re Galloib, d'faghail bháis
21] iar n-ongad ocus iar n-aithrighe, ocus a mac do rigad na
22] ionad .i. Conchobar mac Toirrdhealbaigh.

LC1528.3

Mac Diarmada
23] Mhoighe Luirg .i. Cormac mac Ruaidhrí mic Diarmada,
24] féichem coitchenn ar einech ocus ar fhéile d'aois
25] ealadna, ocus mír cruadha cogaid ocus cothaighthi Connacht
26] an Cormac sin, ocus fer chosanta a criche fein
27] ar a essgcairdibh é, ocus a ég iar n-ongad ocus iar
28] n-aithrighe a n-err a aoissi; ocus a dherbráthair .i.
29] Diarmaid do ghabháil a ionad dia éis.

LC1528.4

Conn mac Neill
30] mic Airt h-I Neill, cennfedhna maith do Chinél Eogain,
31] do mharbad la mac Airt Óig h-I Neill, ocus dias mac


p.266


1] h-I Neill .i. Enrí ocus Cormac, do bhí a láimh ag .H. Neill
2] a b-fad roime sin, do thabairt do clainn Cuinn mic
3] Neill, ocus clann Cuinn do crochad na deisi mac righ
4] sin.

LC1528.5

Caislén Cúl Mhaoile do ghabhail ar Mac n-Donnchada
5] da dherbrathair fein .i. do Muircertach Mac
6] Donnchada mac Murchada, ocus Mac Donnchada
7] fein ocus a mac .i. Murchad do ghabhail fá chend goirid
8] 'na dhiaidh sin leis O n-Dubhda, ocus le Muircertach
9] Mac n-Donnchada, ocus mac eli do Mac Donnchada
10] do mharbad ann .i. Donnchad.

LC1528.6

Sloiged leis O n-Domhnaill
11] maille re h-Albanchaib móra fa Alusdar mac
12] Eóin Chathánaigh a Muigh Luirg, ocus an Bealach Buidhe
13] do gerradh dhoibh, ocus cíos ocus bráighdi d'fhaghail on tír,
14] ocus teacht slán.

LC1528.7

O Ruairc .i. Eogan mac Tigernáin,
15] tigerna na Breifne, ursa chothaighthe einigh ocus uaisle
16] t-shleachta Aodha Finn, d'fhaghail bháis an bhliadain
17] sin a n-aibíd san Froinséis iar n-ongad ocus iar
18] n-aithrighe.

LC1528.8

Mac Suibhne Fanad .i. Domnall Óg mortuus
19] est iar g-cur aibíde an uird Muire uime la fhéli
20] Muire isin n-geimhredh.

LC1528.9

Gaoth mhór isin m-bliadain si
21] an aoine ria nodlaic, ionnus gur leg mórán d'oiprechaibh
22] crainn ocus cloiche ocus iomad do crannuibh, ocus go
23] h-áirighthi do bris mainistir Dhúin na n-Gall, ocus do
24] bris ocus do fhuadaig a lán d'arrtroighibh ar muir ocus
25] ar tír.

LC1528.10

Muiris mac Dhonnchada h-I Bigleighind, sói re
26] leighius, d'fhaghail bháis an bhliadain sin.

LC1528.11

O Maoil Mhíadhaigh
27] .i. Cathal mac Domnaill mic Uaithne Bhuidhe, taissech
28] Theallaigh Cerbhallain, mortuus est.

Annal LC1529

LC1529.0


29] Kll. Enair for Aoine. Nói m-bliadna fiched ocus
30] .u. ced ocus mile ais in Tigerna.

LC1529.1

Conchobar Óg O
31] Baighill, tanusde a thalman féin, do mharbadh lá clainn


p.268


1] h-I Bhaighill in hoc anno.

LC1529.2

Iarla Dessmuman, Semus,
2] an t-aon mac Goill fá mo clú oinigh ocus uaisle do bhí an
3] Erinn, ocus do bhoi 'na ursain cogaid re Galloib ocus
4] re Gaoidhelaibh, ocus dob ferr do chend dámh ocus deoraid,
5] dh'éc a lár a aoisi ocus a inme do ghalur opann thrí
6] n-oidhche im fheil san Seain.

LC1529.3

Félim mac Conchobair h-I
7] Bháighill do mharbad la clainn h-I Bhaighill in hoc anno.

LC1529.4


8] Mac mic Dhubhghaill na h-Alban do mharbadh la h-Aodh
9] m-Buidhe .H. n-Domhnaill a n-dorus chaisléin Chúile mhic
10] an Tréin d'én bhúille cloidhem.

LC1529.5

Caislén Chúil mic an
11] Trein do gabáil fá chend gairid 'na dhiaidh sin le Mághnus
12] .H. n-Domnaill, ocus a brissedh ass a h-aithle do thoradh
13] na comairle.

LC1529.6

O h-Uiginn .i. Domnall Cam, saoi re
14] dán ocus re foghluim, dh'éc in hoc anno.

LC1529.7

Mac h-I
15] Uiginn .i. Aodh mac Glaisne, sói re dán, mortuus est.

LC1529.8


16] Brian Ballach mac Neill mic Cuinn do mharbad le
17] Cormac Mac Uibhilín, ocus ó ar mhuinnterus Briain
18] féin, ocus síad ag fagbáil Chairrge Ferghuis.

LC1529.9

An
19] Cosnamach mac Fergail mic Donnchada Dhuibh Mic
20] Aodhagáin, .i. an fer fá h-uirrderca a b-feinechus ocus
21] a b-fhilidhecht re breithemnus tuaithi a tíribh Gaoidel,
22] mortuus est et sepultus est a n-Oilfinn.

LC1529.10

Domnall
23] mac Eoin mic Domnaill mic Birrthagra, adhbar olloman
24] Tuaiscert Uladh re bérla feinechuis, mortuus est et
25] sepultus est ag Carraig Ferghuis.

LC1529.11

Sémus mac Ruaidri
26] mic Birrthagra, mac fhuirmhigh a ealadna fein, mortuus
27] est.

LC1529.12

Mac Ailín .i. Cailín mac Gille Espuig, én rogha a
28] n-oirir ghaoidhelaibh uile ar engnum ocus ar einech, dh'éc.

LC1529.13


29] Domnall mac Aodha mic Domnaill Mic Aodhagáin .i.


p.270


1] Mac Aodhagáin Urmhuman .i. cend éigsi Leithe Modha ar
2] eigsi ocus ar fhilidecht, mortuus est.

LC1529.14

Mac Fheoruis
3] Dhúin Móir .i. Maoilir mortuus est.

LC1529.15

Muirchertach
4] mac Maghnusa Mic Diarmada Ruaidh ocus Conchobar
5] mac Giolla Marrtain do marbad an Oilfind, ocus
6] Ruaidri Buidhe mac Donnchada Dhuibh ocus Emann mac
7] Dubhghaill do gabail ann leis O Conchobair Ruadh.

Annal LC1530

LC1530.0


8] Kll. Ienair for h-shatharn; x. m-bliadna xx.et ocus .u.
9] ced ocus mile ais in Tigerna.

LC1530.1

Caitilín ingen Murchada
10] mic t-Shuibhne, ben I Dhochartaigh, mortua est.

LC1530.2


11] Roiss ingen h-I Chatháin, ben Fhélim I Dhochartaigh, do
12] dhul dh'éc in hoc anno.

LC1530.3

Slóiged leis .H. n-Domnaill a
13] mí mhedhóin t-shamrad a coiged Connacht, dár gabadh
14] lais trid choilltib Conchobair ar fad ocus assin a
15] n-Uachtar Thíre, ocus tar Búill budhdhess, ocus tríd an
16] tánuisdecht a Moigh Luirg, ocus tar Cara Dromma
17] Ruisc soir doridhis; ocus Muinter Eoluis do mhilledh
18] ocus do loscud lais, ocus cuid dá dhaoinibh do buain de
19] im chaislen Liathdromma .i. Maghnus mac Firdhorcha
20] Mic Shuibhne ocus mac Mic Coilín .i. Toirrdelbach
21] Dubh, ocus gabáil assin ariss tar Sinuinn siar, ocus do
22] mhachaire Chonnacht, ocus do droichet Atha Modha tar
23] Suca, ocus Clann Chionnmaigh do creachad ocus do
24] loscud lais .i. bailti Mic Dáibhíth .i. Glinnsce ocus Cill
25] Chrúáin, ocus édála imdha do thabairt assan tír.
26] Baile an Topair do mhilledh ocus do loscud don dul sin
27] lais, ocus cíoss cossanta d'fagbháil ar .H. Conchobair
28] Ruad .i. sé pinginne isin g-cethromain dá dhúthaid; ocus
29] filled tarais don Bhealaigh Buidhi iar milled Muighe
30] Luirg, ocus gan díghbhail do dhénum dhó.

LC1530.4

Sorcha ingen
31] Aodha Óig mic Aodha an Einigh mic Neill mic Cuind, uxor


p.272


1] hi Neill .i. Cuinn mic Cuinn mic Enrí, mortua est.

LC1530.5

Mac
2] Artáin dux Chineoil Fhoghartaigh mortuus est.

LC1530.6

Mac
3] Domnaill Gallóglaech .i. Colla mac Colla, consapal tire
4] h-Eogain mic Neill, mortuus est.

LC1530.7

Cathal mac Ruaidri
5] Óig mic Ruaidhri Caoich Mic Dhiarmada, sáoi chinnfhedhna
6] do chrechairecht ocus do chendsugad a escarad ar gach
7] taoibh dhe, mortuus est.

LC1530.8

Cumsgraich mac Maol Ruanaidh
8] mic Conchobair Mhég Rághnaill mortuus est.

LC1530.9

Teach
9] crandghaile dob ferr do bhí an Erinn ag Mac Conshnama
10] ar Loch Aillinne do loscud lais O n-Domnaill, ocus an
11] Bhreiffne uile ó t-shhlíabh siar do mhilledh dhó.

LC1530.10

Creach
12] mhór do dhénum d'Aodh Bhuidhe O Dhomnaill a n-Gaileng.

LC1530.11


13] Sloiged eli leis .H. n-Domhnaill a mí mhedhóin an fhoghmhair
14] ar mac Uillíam Búrc, dár milledh cuid don tír, ocus
15] síth do shnadhmad doib iarsin, ocus teacht slan acht óg
16] mharcach maith don t-shlúaigh .i. Aodh mac Conchobair
17] Riabaich h-I Dhuibhidhir.

LC1530.12

Rugraidhe, mac Eogain mic Aodha
18] Bailbh mic t-Sheain h-I Dhochartaigh, écht mór 'na dhuthaid
19] féin, mortuus est.

LC1530.13

Mac Uilliam Chlainni Ricaird
20] .i. Ricard mac Uilleg Finn mic Uilleg Ruaidh mic
21] Uilleg an Fhína, cinnlitir Gall ocus Ghaoidel Uachtair
22] Connacht, ocus an t-é dob ferr oinech ocus uaisle, ocus
23] bhudh daingne recht ocus riagail tánic do t-shliocht
24] Uillíam Cuncúr re cian d'aimsir, d'faghail bháis do ghalur
25] aithgherr an mhí déighionach don errach.

LC1530.14

Caipidil na
26] m-brathar mionúr a n-Dún na n-Gall an bhliadain sin,
27] ocus O Domnaill dá d-tabairt amach uile ó thús co déredh
28] ar a chosdus fein maille re caithem mór ocus re
29] sochraidhecht adhbail ónorach.

LC1530.15

Espuc Oilefinn .i. an t-espuc
30] Grégech d'faghail bháis, ocus ni h-oilbheim don


p.274


1] daonnacht an t-ég an espuic Grégaigh.

LC1530.16

Comhfhorba
2] Choluim Cille a n-Glionn Cille .i. Donn mag Niallussaigh
3] mortuus est.

LC1530.17

Iarla Chille Dara .i. Geróid mac Geróid
4] do bhí a fhad fá ríasd ag righ Saxan do theacht a n-Erinn
5] ocus Giuisdis Saxanach do thocht leis, ocus iad ag
6] milled mhóráin fá Ghaoidhealaibh. O Raighilligh do ghabáil
7] dóibh ocus é ar teacht 'na g-cenn fein.

LC1530.18

Inghen Mic in
8] Bhaird .i. Una dh'ec.

LC1530.19

Inghen h-I Bhaighill .i. Róis ingen
9] Toirrdhelbaigh mic Neill Ruaid, ben dércach deighenigh,
10] mortua est.

LC1530.20

Síle ingen h-I Fallamain uxor Cairbri
11] mic in prióra h-I Birn, ben dércach dhaonnachtach
12] deigh dealbha nar dhiult dámh na deoraidh, mortua est.

Annal LC1531

LC1531.0


13] Kll. Enáir for Domnach; en bliadan dég ar fichit,
14] ocus cuig ced ocus mile ais in Tigerna.

LC1531.1

O Siaghail
15] ollam leighis Innsi h-Eogain mortuus est.

LC1531.2

Caislen
16] Bheoil Leice do ghabáil d'Aodh Bhuidhe O Dhomnaill, ocus
17] buaidhred an tíre do theacht ass sin go mór.

LC1531.3

Donnchad
18] mac Toirrdhelbaigh mic Taidhc h-I Briain,
19] tánusde Tuadhmhuman, cennfedhna maith ocus fer
20] d'énmha einigh ocus uaisle, dh'éc in hoc anno.

LC1531.4

Mag
21] Carrthaigh Riabach .i. Domnall mac Fínghin mic Diarmada,
22] tigerna óg Cairbri, ocus fer einigh coitchinn
23] d'éigsibh ocus d'aois ealadna, ocus tigerna do bu ro
24] mhaith reacht ocus riagal, ocus tuc gairm scoile
25] d'feruibh Erenn, do dhul dh'éc in hoc anno.

LC1531.5

Mac h-I
26] Dhochartaigh .i. Niall mac Conchobair Charraigh mortuus
27] est.

LC1531.6

Diarmaid mac Seain mic Aodha mic Mhaol Ruanaidh
28] .i. an t-é dob ferr uaisle ocus daonnacht día
29] choirpfhine fein, dh'éc.

LC1531.7

Cogad mór a Tír Conaill an
30] bhliadain sin idir O n-Domhnaill ocus a mac .i. Mághnus.
31] O Domnaill do chur t-shlúaigh mhóir an aon áit ocus dul


p.276


1] a n-dúthaidh Mhaghnuis, ocus an tir do mhilledh dhó; ocus
2] mac Donnchada Choeich Mhég Uidhir, duine uassal
3] maith d'Feruibh Manach do mharbadh ar an slóiged; ocus
4] Maghnus do theacht a tír Aodha ocus morán do mhilledh
5] innti, ocus araile.

LC1531.8

Mac Mic Uibhilín .i. Cormac, cend
6] fedhna maith ocus fer einigh choitchinn, d'fhagail bháis co
7] h-obann in hoc anno.

LC1531.9

Sloiged leisin n-giuisdís t-Shaxsanach
8] .i. Uillíam Sgemeltún a Tír Eogain, ocus O Domnaill
9] do dhul 'na g-conne, ocus caislén Cinnaird do
10] brissedh ocus an tir do mhilledh; ocus Brían mac
11] Lochluinn mic t-Shuibhne, consapal Iarla Urmhuman, do
12] mharbadh a m-bruighin ar an sloiged sin fein.

LC1531.10

Iollann
13] Buidhe mac Mhaoilechlainn mic Iollainn Mic in Legha
14] Ruaidh, sói na ealadain fein, dh'ec an bhliadain sin.

LC1531.11


15] Síle ingen Chairbre h-I Birn, ben a h-aossa féin dob
16] ferr do bhaintoisseachaibh Shíl Muireghaigh ina coimré,
17] d'fagbail bháis, ocus a h-adhlucad a Ross Chommáin a
18] n-othurlighe a sinnser.

LC1531.12

Tuathal O Domnalláin ó
19] Mhachaire Mhaonmhoighe mortuus est.

LC1531.13

Gilla Padraic
20] mac Adhuimh Mic in Bhaird mortuus est.

Annal LC1532

LC1532.0


21] Kll. Enáir for Luan: dhá bhlíaduin dhéc ar fhichit
22] ocus .u. ced ocus mile.

LC1532.1

O Domnaill do dhul a g-cend
23] an ghiuisdís .i. Uillíam Sgemeltún an bhliadain si, ocus
24] rann ocus cengal do dhenum ris, ocus an giuisdís
25] Sacsanach do thocht a Tír Eogain, ocus Dun Genuinn do
26] brissedh dhó, ocus an tir do mhilledh.

LC1532.2

Iarla Chille Dara
27] .i. Geróid mac Geróid do thocht ass Sassanaibh ocus é 'na
28] ghiuisdís ón rí.

LC1532.3

O Domnaill do dhul a Muigh Luirg ocus
29] Mac Domnaill leis .i. Alusdar mac Eoin Chathánaigh,
30] ocus creacha ocus loiscthi do dhenum dhoibh, ocus sith do
31] dhenum go luath 'na dhiaidh sin dóibh.

LC1532.4

Clann h-I Neill .i.
32] clann Airt Óig .i. Domnall ocus Tuathal, do bhói


p.278


1] a b-fhad a m-braighdenus ag O Néill, do crochad lais in
2] hoc anno.

LC1532.5

Eogan mac Thigernain mhic Eogain h-I
3] Rúairc, sói dhuine uassuil ar a chulaidh fein, do mharbad
4] le clainn I Mhaoil Mhiadhaigh a m-baile na m-bráthar a
5] n-Druim Dhá Eithíar.

LC1532.6

Mac Mhég Fhlannchaidh .i.
6] Toirrdhelbach do mharbad dia dhias derbráthar féin
7] a n-dorus baile Mhég Fhlannchaidh, ocus Brian
8] O Ruairc do mhilledh mhoráin a n-Dartraighe trídsin.

LC1532.7


9] Inghen Mhic Shúibhne Fhánad .i. Máire, .i. ben h-I Bháighill,
10] d'fhagail bháis go h-obann .i. a h-escur dá h-each
11] a n-dorus a baile fein.

LC1532.8

O Maol Conaire .i. Torna mac
12] Torna mortuus est, ocus O Maol Conaire do ghairm na
13] ionad do Conchobar mac Domnaill Rúaid h-I Mhaoil
14] Conaire, ocus a dhul dh'éc go luath 'na dhiaidh sin.

LC1532.9

Caislén
15] Aird na Riadh do ghabáil le clainn h-I Dhubhda ar
16] mac Seain a Búrc, ocus cogad etorra p-féin ocus
17] sliocht Ricaird a Búrc, ocus mórán creach ocus
18] marbhtha do denum etorra in hoc anno.

LC1532.10

O Cerbhuill .i.
19] Maol Ruanaidh, an Gaoidel do b'uaisle ocus do b'
20] oirrderca a Leth Modha, ocus is mó do mhill fá Ghalloibh
21] ocus do lessaigh fá Ghaoidelaibh, d'fhagail bháis in hoc
22] anno.

LC1532.11

Comorba Fídhnacha .i. Brian mortuus est.

LC1532.12


23] Mac Uidhilín .i. Ualtar mac Geróid do mharbadh a
24] n-egluis Dhúin Bó, ocus Conchobar mac h-I Chatháin, fer
25] toictech tromchonáigh, do loscud, ocus Mac Con Uladh
26] .i. Sémmus mac Airt Mic Con Uladh do ghabail ann.
27] Clann Domhnaill Chleirigh h-I Chatháin do ríne na gnioma
28] sin.

LC1532.13

Mac iarla Urmhuman .i. Tomáss mac Píaruis
29] Ruaid do marbad a n-Ossraighe le Diarmaid mac
30] Gilla Phádraic, adhbar righ Ossraighe; ocus ní mór nar bhé
31] sin écht Mhaoil Mhóire, daigh nír bho cian íarsin gurro
32] tairbhreth Diarmaid lé na derbráthair féin, .i. lá Mac
33] Gilla Phadraic, don Iarla Urmhuimnech, ocus ro cenglad


p.280


1] Diarmaid lás an iarla a n-díghuil a mhic ocus gach uilc
2] airchena da n-dernadh le Diarmaid roime sin riam.

LC1532.14


3] Dubhchabhlaigh, inghen Conchobair mic Ruaidri Bhuidhi .i.
4] ben Conchobair Óig mic Muircheartaigh Mic Diarmada
5] Rúaid, mortua est.

Annal LC1533

LC1533.0


6] Kll. Enair for Mairt; tri bliadna dég ar xx.it ar
7] .u. ced ar mile ais in Tigerna.

LC1533.1

Mac Diarmada
8] Mhoighe Luirg .i. Diarmaid an Einigh mac Ruaidri Óig
9] mic Ruaidri Chaoich Mic Diarmada, do mharbadh per
10] dolum la clainn Eogain mic Thaidhg mic Ruaidri Mic
11] Diarmada, .i. bráithre Mic Diarmada féin, ocus fá
12] mór an t-écht sin, óir ní raibhe a comaimsir ris a n-Erinn
13] fer a thigernuis do budh mó oinech ocus uaisle, ocus
14] dob ferr do cend dámh ocus deoraidh, ocus ann gach uile
15] mhodh duine mhaith ináss; fer lán do aithne ocus d'eolus
16] ocus d'eladhain, ocus da gach maith áirchena; lá fhéile
17] Brénuinn ros-dí-chendad a Lios Aodháin a crich Airtigh,
18] ocus Eogan mac Taidhg Mic Diarmada do rioghadh ar
19] crích Chlainni Mhaol Ruanaidh 'na dhiaidh.

LC1533.2

Caislén Sligighh
20] do ghabáil le Tadhg Óg mac Taidhg mic Aodha h-I Chonchobair
21] ar indsaiged oidhche, íar bh-faghail th-sheolta ocus
22] chuir amach air ó chuid do lucht coiméta in chaisléin
23] fein.

LC1533.3

Caislen Aird na Riadh do ghabáil lé clainn Tommáis
24] a Búrc ar chlainn h-I Dhubhda san oidhche mur an
25] cedna.

LC1533.4

Crech mhór do dhénum d'O Dhomnaill ar .H.
26] n-Eghra m-Buidhe idir dhá abhuinn.

LC1533.5

Niall mac Murchada
27] Mic Shuibhne do mharbad ar droichet Sligigh .i. an t-óg
28] macaom dob ferr do t-shliocht Donnchada Mhóir, in hoc
29] anno.

LC1533.6

Muircertach mac Feilim mic Toirrdhelbaigh
30] Charraigh do chrochad la .H. n-Domhnaill ar faichthi caislein


p.282


1] Enaigh, ar n-diultad an bhaile do thabairt ass dá chloinn
2] ocus dá bráithribh fein.

LC1533.7

Maol Ruanaidh Óg mac Mhaol
3] Ruanaidh I Cherbhuill dh'éc in hoc anno.

LC1533.8

O Maol Mhuaidh
4] .i. Domnall Caoch mac in Chosnamaigh do mharbadh a b-fhioll
5] le na derbráthair fein, ocus le mac a derbráthar,
6] ar faichthi Loinn Eala, ocus O Maol Mhuaidh do ghairm dá
7] dherbráthair .i. do Chathaoir.

LC1533.9

Emonn mac Cuinn mic
8] Néill do mharbadh le clainn Mhég Uidhir.

LC1533.10

Feilim Bacach
9] mac Néill mic Cuinn dh'éc in hoc anno.

Annal LC1534

LC1534.0


10] Kll. Enáir for dhardaoin; ceitri bliadna deg ar
11] fichit ar .u. ced ar mile ais in Tigerna.

LC1534.1

Mac Diarmada
12] Mhoighe Luirg, .i. Eogan mac Taidhg mic Ruaidri
13] Mic Diarmada, d'fhagail bháis an bliadain sin ar
14] Cairrig Mic Dhiarmada iar n-ongad ocus n-aithrighe,
15] ocus Aodh mac Cormaic mic Ruaidhrí Mic Diarmada
16] do ghabháil tigernuis Mhoighe Luirg 'na dhiaidh, ocus é 'na ab
17] a mainisdir na Búille; ocus Cairrig Mic Dhiarmada
18] do ghabáil le clainn Taidhg mic Ruaidri Mic Diarmada
19] an uair sin .i. do Ruaidri ocus do Thomaltach. Cogad
20] ocus imressuin d'fhás isin tír dhe sin.

LC1534.2

Mac mic
21] Eochada .i. Donnchad mac Mhaol Muire mic Eochada,
22] adhbhar ollaman Laigen gan immresuin ocus fer a
23] t-shaothair fein dob ferr ann gach uile ghné don
24] ealadhuin, ocus dob ferr do thighessach, do marbad
25] go tupaistech den urchur do gha le derbraithribh a mathar
26] féin .i. clainn I Tuathail.

LC1534.3

Toirrdhelbach Dubh
27] O Dimusaigh do mharbad a b-fhioll le na bráthair féin
28] .i. le Muircertach Óg O n-Diomusaigh ar slánuibh Dé
29] ocus Eibhín naoim.

LC1534.4

Muircertach Óg féin do mharbadh
30] go luath 'na dhiaidh sin le .H. Mórdha tre chumachtuibh
31] Dé ocus Eibhín.

LC1534.5

Eogan mac Aodha Buidhe mic Neill mic
32] Cuinn, an mac righ dob ferr do shliocht Aodha Buidhe, do


p.284


1] mharbad le h-Albanchaib d'en urchur do t-shoighid ar
2] Loch Cuan.

LC1534.6

Iarla Chille Dara, .i. Geróid mac Geróid
3] mic Thómmais, do dhul a Saxuibh fá thoghairm righ
4] Saxsan, ocus an t-Iarla do chur dochum báis .i. an t-aon
5] mac Goill do budh mó do sgél do bhí a n-Erinn 'na aimmsir
6] féin; ocus mac an Iarla .i. Tomáss do milled
7] mhuinnteri righ Saxsan a n-Erinn le cogadh .i. gach uile
8] duine dhá raibhe ag muinechadh ass ri Saxsan ar fedh
9] na Midhe a m-bailti do brissedh ocus a m-bráighde do
10] bhuain díbh; ocus airdesspacc Bhaile Atha Clíath do marbadh
11] le mac an Iarla ar an cogad sin. Ocus giuisdís Sassanach
12] do theacht a n-Erinn on rí, ocus bailti mic an
13] Iarla do brissed d'urmhór, ocus an Mhidhe uile do
14] milled etir chill ocus tuaith, ocus uilc imdha do dhenum
15] etorra; ocus Magh Nuaad do ghabáil leisin n-giuisdís
16] h-Shacsanach, ocus echta móra do muinter mic an Iarla
17] do mharbad ann.

LC1534.7

O Conchobair Ruad .i. Tadhc Buidhe
18] mac Cathail Ruaidh d'fhagail bháis an bhliadain sin, ocus
19] O Conchobair do ghairm do Thoirrdhelbach Ruad .i. dá
20] mac 'na ionadh.

LC1534.8

Brian mac Seain I Mhaoil Mhuaidh do
21] mharbadh a b-fhioll le cuid dá chinedh féin.

LC1534.9

O Gallchubair
22] .i. Emmonn mac Eoin mic Tuathail d'fhagail bháis obuinn
23] in hoc anno.

LC1534.10

Cormac mac Fergail Mic in Bhaird, sói
24] re dán ocus duine dob ferr tainic dá chinedh fein do
25] thaobh dheirce ocus dhaonnachta, d'fhaghail bháis do ghalur
26] obann iar n-ongadh ocus n-aitrighe.

Annal LC1535

LC1535.0


27] Kll. Enair for Aoine; u. bliadna dh'éc ar xx.it ar
28] .u. ced ar mile.

LC1535.1

Tommás mac Iarla Cille Dara do
29] cengal re Gaoidhelaib Deiscirt Erenn an bhliadain si,
30] ocus é a n-aghaid an ghiuisdís, tar éis a mhainér ocus a
31] bhailte do bhuain do mac an Iarla don ghiuisdís, ocus é


p.286


1] féin ocus araibhe do rann aige d'innarbad asan
2] Midhe, ocus a g-cur a n-ucht Shíl m-Bríain ocus h-I Chonchobair Fhailghe;
3] ocus cogad mór maith agá dhenum
4] aige. Is annsin tánic duine cumachtach do muinter
5] rí Saxsan a n-Erinn .i. Loard Lionard, ocus tanic a
6] g-cend mic an Iarla, ocus tuc ceilg uime, ocus do
7] gheall pardún a h-ucht an righ cuige, ocus ruc lais a
8] Sassanaibh é.

LC1535.2

Gabtar mac an Iarla, ocus cuirther
9] a Tur an righ é a m-braighdenus, ocus tánic Loard
10] Lionard
a n-Erinn arís tar ais, ocus fuair an
11] giuisdís do bhí abhus a n-Erinn bás .i. Uillíam Sgemeltún;
12] ocus gabhus Loard Linard fedhmantus an rígh a
13] n-Erinn chuige, ocus tuc clainn Iarla Mhóir Chille
14] Dara chuige for a inchaib fein .i. clann Géróid mic
15] Tomáis .i. Sémus ocus Oliuer, Sean ocus Risterd;
16] ocus iar m-beth dhóibh for taobadh ocus for inchaib
17] Loaird Línaird, ocus siad na coimidecht féin, ro gabadh
18] a n-aoineacht leis; ocus do chuir d'indsaiged ri Saxan
19] íad, ocus cuirter a Tur an rí íad mur araibhe oigri na
20] h-iarlachta .i. Tomáss mac an Iarla. Iar m-beith
21] imorro tuilled ocus bliadain a laim dhoibh p-féin
22] ocus do Tomáss a Tur an righ do cuiredh chum báis iad
23] a b-fhiadhnuse luchta na catrach; ocus ní thanic do
24] Ghallaib Erenn riam fer a aossa fein do budh mó do
25] ghníom ocus d'écht do thaobh uaisle ocus oinigh ocus
26] chenduis fhedhna iná an Tomáss sin mac an iarla; ocus
27] ní mó senmoir da d-tánic a n-deiridh aimsire ná a ghirre
28] do bhí sliocht na h-iarlachta dhá sgrioss a h-Erinn, ocus
29] trén na h-Erenn uile aca re fada d'aimsir roime sin.

LC1535.3


30] Muircertach mac Donnchada, mac Murchada, ocus a
31] dhiass mac .i. Sean Glass ocus Fergal, do mharbad le
32] .H. n-Eghra m-Buidhe ar ná chur amach go meabhlach do neoch


p.288


1] dhá mhuinnter fein a Maigh Imleach in hoc anno.

LC1535.4

Mac
2] Suibhne Bághuine .i. Maol Muire, mac Neill Mic Shuibhne,
3] do mharbhadh a b-fhioll le na derbrathair féin
4] .i. Niall Mac Suibhne la fhéile Poil ocus Pedair, a
5] n-dorus chaisléin Mic Shuibhne féin .i. Rathuin.

LC1535.5

Eignechán
6] mac Domnaill h-I Domnaill do mharbadh le clainn
7] h-I Bhaighill mur an cedna go nem-maith.

LC1535.6

Maoileachluinn
8] mac Cairbre h-I Birn do mharbadh le clainn
9] Chathail mic Ruaidri Mic Diarmada, ocus fa mór an t-écht
10] é, oir is terc má dho bhí a n-Erinn mac taoisigh a
11] inmhe dob fherr a n-egna ocus a n-oinech ocus a n-oirrdercus
12] ináss.

LC1535.7

Conchobar mac Eogain mic Dhonnchada,
13] ocus Aodh mac an Chanánaigh do marbad le clainn
14] Taidhg mic Ruaidri Mic Dhonnchada ó Chuil Deghaid
15] a Cill Fhraiss.

LC1535.8

Inghen h-I Neill .i. Siubhan ingen Chuinn
16] mic Enrí mic Eogain, ben Mhaghnusa I Dhomnaill,
17] d'fhagail bháis a lár a h-aoisi ocus a h-inme ocus a
18] maithiusa an bhliadain sin, ocus a h-adhlucadh go h-onorach
19] a mainistir Dhúin na n-Gall.

LC1535.9

Maidhm mor do tabairt
20] do Mac Amhlaoibh an bhliadain si dú inar marbad
21] tigerna na Claon Ghlaisi ocus Mac Gibún, ocus córugad
22] mór do Chloinn t-Shíthaidh, ocus marbhthar ann bhós mac
23] Maol Muire mic Briain Mic Shuibhne consabal Mic
24] Amlaibh a tosach an imbualta.

Annal LC1536

LC1536.0


25] Kll. Enair for shatharn. Se bliadna dhéc ar .xx. ar
26] .u. ced ar mile ais in Tigerna.

LC1536.1

Bliadain ghalrach eslán
27] an bliadain sin, ocus il-tedhmanna innte .i. pláidh
28] coitchend ocus galar brec, ocus pláigh bhuindech ocus


p.290


1] galar na leaptha co h-imaircech.

LC1536.2

Echt is mó na gach
2] eile echt na aimsir fein, ocus esbad is mó na gach
3] esbad eli a n-Erinn isin m-blíadain si, .i. Cormac Óg mac
4] Cormaic mic Thaidhc Mheg Carrthaigh .i. aon rogha
5] Ghaoidhil Leithi Modha Nuadadh, d'fhagail bháis iar m-breith
6] bhuadha ó dhoman ocus ó dhemun, et sepultus est a g-Cill Chré

LC1536.3

Mac Dáibhíth .i. Tomáss mac Dáibhíth mic Emuinn
8] dh'ec in hoc anno.

LC1536.4

Mac Goisdelbh .i. Sean Dubh dh'éc in
9] hoc anno.

LC1536.5

Tommáss .H. h-Uiginn, .i. oide Fer n-Erenn
10] ocus n-Alban re dán, dh'éc an bhliadain si.

LC1536.6

O Cellaigh
11] do marbad in hoc anno, ocus Donnchad mac Emuinn
12] 'na ionadh ar Thír Mhaine.

LC1536.7

Maithe Iochtair Chonnacht
13] .i. Tadhc Óg mac Taidhg mic Aodha, ocus Tadhc mac
14] Cathail Óig h-I Conchobair, ocus Clann n-Donnchada
15] ocus clann h-I Dhúbhda, do dhul ar t-shlicht Ricaird a
16] Búrc ar tarruing in espuic Bairéd; ocus caoraighecht
17] an tíre do dul rompadh a d-termann Oirimh, ocus an t-espuc
18] dá lenmain ar an termann, ocus an chaoraighecht
19] do thabairt do d'innsoiged an t-shlúaigh; ocus gan aisec
20] do thabairt uathaib a n-onóir naoim na neimidh dhóibh.

LC1536.8


21] Mainistir Dromma Dhá Eithiaghar do loscud san oidhche
22] iar collad do chách, ocus mórán do mhilledh innti.

LC1536.9

Feidhlim
23] mac Feidhlim h-I Ruairc d'fhagail bháis a n-geimhil ag
24] Brian O Ruairc, mac Eogain mic Thigernáin.

LC1536.10

Comhorba
25] Dromma Oirbhealaigh .i. Cathal mac Seoinín mic
26] th-Sheain h-I Mhaoil Mho Chéirghe, fer beothlusach buan
27] chonáigh, d'fhagail bhais an bhliadain sin.

LC1536.11

O Conchobair do
28] ghairm do Tadhg Óg, mac Taidhg mic Aodha mic Thoirrdelbaigh
29] Charraigh h-I Chonchobair; ocus nír bh'é sin an t-ainm
30] ba gnath leisin t-é bhudh tigerna a n-Iochtar Chonnacht
31] do t-Shíol Conchobair, acht Mac Domnaill mic


p.292


1] Mhuirchertaigh do gairthí don t-é bá tigerna ar Iochtar
2] Chonnacht díbh; acht chena is d'fhoruaisliugad a aicme,
3] ocus do dherrscnugad dona righuibh roime, do róine sium
4] an claochlódh comanma sin do ghairm dhe.

LC1536.12

An t-Ua Conchobair
5] núa sin, ocus mac Cathail Óig h-I Chonchobair,
6] do dul ar siobhal innsoiged a g-Clainn Ghoisdealbh, ocus
7] co rucadar na slúaga sin a timcheall Chille Cholmáin
8] .i. baile mic Rugraidhi mic Goisdelbh; ocus tánic fein ar
9] láim h-I Conchobair ass an m-baile, maille re luirech
10] comhfhromtha do bhí aige .i. lúirech Mic Fheoruis. Ocus
11] tuc Ua Conchobair an bráighe sin leis co Sligech; ocus
12] ni mor do creachuibh fuaradar acht sin amháin. Ocus
13] fuair a lán fhuasclad ass in m-bráighid sin.

LC1536.13

Conchobar
14] Garbh mac Cathail Mic Dhiarmada do mharbad le mac
15] h-I Birn ar an g-Coill Áimhréidh.

LC1536.14

O Ruairc do thairring
16] do Ruaidri mac Taidhg Mic Diarmada a timchell
17] chaisléin Chendmhoighe, ocus an baile do brissedh dhóibh,
18] ocus na bharda do mharbadh .i. Cathal mac Cormaic Oig,
19] ocus Fergal mac Briain, ocus ambói ann ó sin amach.

LC1536.15


20] Ruaidri na d-Tulán mac Diarmada mic Ruaidri Mic
21] Diarmada, ocus clann Chathail mic Ruaidri Mic
22] Diarmada, do ionnarbad ass Magh Luirg le Ruaidri
23] mac Taidhc Mic Diarmada, ocus cuid do chur a Tuadhmhumain
24] díbh, ocus cuid eli a Tir Conaill, tre mharbad
25] Mhaoil Seachlainn h-I Birn do bhói na derbh comhdalta ag
26] Rúaidri Mac Diarmada.

LC1536.16

Cogad suthuin sirbhuan
27] eidir .H. n-Domnaill ocus maithi Iochtair Connacht
28] acht Brian O Ruairc amháin, gan a chongnum re nechtar
29] dhíbh an tan sa.

LC1536.17

Slúag mór le .H. n-Domnaill .i. Mag
30] Uidhir ocus mac h-I Neill .i. Niall Óg mac Airt, ocus
31] mac h-I Raighilligh .i. Aodh mac Mhaoil Mhórdha, co n-éirghe
32] amach h-I Raighilligh; ocus ní thánic clann h-I Domnaill


p.294


1] ann bhudheisin; ocus ro ansat a timcheall Maghnusa h-I
2] Domnaill, oir ní thánic isin trom shocraide sin, óir do
3] bhí a n-esaonta re na athair. Ocus tangadar clann
4] t-Shuibhne, ocus O Baighill, cona b-fhianlach áigh ocus
5] irgaile isin tinól sin h-I Domnaill, amail bá bés
6] dóibh. Gluaisis an slúag sénta so ullamh sin am deoigh
7] laoi o Áth Senaigh, gur ghabhadar sossad ocus sith longport
8] eidir dhuibh ocus Drobhaois; ocus tar éis a tomhaltuis
9] do chaithed dhóibh, do chuiredar lucht foraire ocus
10] fuirecruis do choimhét an t-slúaig ar ceist ammuis
11] longpuirt do thabairt orra do t-Shíol Conchobair cona
12] tinól; óir do bhadar cruinn an éin ionadh a Sligech, ocus
13] geallad buailti aca d'O Dhomnaill. Ocus issé do chúaid
14] isin fhoraire ar tús O Baighill, oir do budh dóigh lais co
15] b-fuighedh sé drem éigin da lucht imresna ocus iomarbhágha,
16] a n-Iochtar Chonnacht, ag teacht do tabairt
17] amuis longpuirt ar an slúaig sin h-I Dhomnaill.
18] Ocus do chuaidh muinnter Aodha Buidhe h-I Dhomnaill a
19] b-foraire mur an cedna; ocus do buailedh O Baighill ocus
20] iad fein fá cheli a g-creapuscal na maidne moiche; ocus
21] do innsaigh muinter mic h-I Dhomhnaill a g-coinne ocus
22] a g-comairrchis h-I Bhaigill cona mharcslúaig, a richt
23] droinge éigin d'Iochtar Chonnacht. Ni ar bhuga na ar
24] bhuan teithed do ghabh O Baighill chuige a ionnsoiged da
25] esgcairdibh, oir bá derbh deimin leis gurab íad do bhói
26] chuige. Acht chena rucusdar O Baighill bann diochra
27] deghthapaid na g-coinne ocus na g-comairrchis, ocus nír
28] an ar a n-einech gan dul ina mesc go nem-choimédach, go
29] b-fhuair a oighed co trochamhail tupaisdech lé na fior
30] chairdibh bhudhéin; ocus is lán mhór an uiresbudh do
31] bhochtuibh ocus daidhilgnechuibh, danbfhannibh ocus dollamhnaibh
32] an t-écht sin .i. Níall O Baighill. Acht chena nír
33] toirmisc an t-aird écht sin triall na tindscedal an

p.296


1] t-shligedh sin um .H. n-Domhnaill, ocus téid iar tocht an
2] laoi dá ionnsoiged co Findír, gur ghabh comnaidhe ocus
3] comoirisemh isin maighin sin go h-eirghe ghreine iar ná
4] mhárach. Teid marcsluagh mic Cathail Óig, .i. muinter
5] Airt, ó Shligech d'innsaighed Braghad Cuillídh. Gabhuid
6] cuid do mharcsluaig an t-sluaigh, ocus tiaghuid a g-cóir
7] iomruagad ré roile a m-Bealach Dhúin Iaruinn. Marbhthar
8] marcach do muintir Airt isin tachur sin, ocus
9] dealaighid re cheli. Anuidh .H. Domnaill na foslongport
10] féin an oidhche sin, ocus eirghis isin maidin ar ná marach,
11] ocus téid co Fersat Ranna an Liagáin do dhul tairis
12] a Cúil Irra. Do bhí O Conchobair cona thinól a Sligech
13] ag ordughad a muintire do dhul a g-coinne h-I Dhomnaill
14] go Fersuid Randa in Liagáin, mar ar marbadh
15] Liagán laochmhilidh do Fhomhorchaib le Lugh Lamhfada, ag
16] teacht d'innsoiged chatha Moighe Tuired, mar a rabhadar
17] Fomoruigh ag saiged a g-cís chána for feruibh Erenn re
18] cian d'aimmsir roime sin, conidh uadha do h-ainmnighed
19] an fersat sin. Ocus an fedh do bhói an lán mara isin
20] b-fersuid do bhí na sluaga sin ag breith breithi ar a cheli,
21] ocus issí comairle do rinne O Conchobair o nach raibhe
22] coimlion daoinibh re .H. n-Domhnaill gan tachur fris ag
23] an b-fersuit, ocus ar n-dul d'O Dhomnaill a n-ordugad,
24] ocus ar suidhiugad a ghonnadh mór re h-ucht na feirste,
25] no gu fagad co neamh-fuirithe ó a n-ionud eile. Teid
26] .H. Domhnaill tair an bh-fersait íar na fágbháil gan
27] chosnamh gan chothugadh, agus téid dréam do maithibh
28] iochtair Chonnacht d'iarradh iomruagtha ar mhuinnter

p.298


1] I Dhomhnuill. Ní h-íomchomhaireach do freagradh an t-iaratus
2] sin an úair do ionnsuigheadar co meanmnach
3] mí-cheillidh a cheile. Marbhthar eucht adhbhul mhór do
4] Chloinn Dondchaidh ar an iomruagadh sin .i. Máoileachluinn
5] mac Taidhg mheic Ruaidhri; agus d'urchur do ghonda
6] ro marbhudh é. Marbhthur marcach eile do mhuinnteir
7] I Dhomhnuill d'urchar do gha ann .i. Semas Ballach mac
8] Neill mheic Seain. Dealaid ré roile. Téid O Dómnuill
9] a n-dúthaidh shlechta Briain I Chonchubhair, agus
10] do bí trí h-oidhche aig milledh arbha agus ag losgudh bhailtibh
11] agas mhonaibh. Do bí O Conchubhair ag Bél an Droichit a
12] bh-fhaslongport. Téid O Domhnaill tair traigh síar a
13] d-Tír Fhiachrach Mhúaidhe, agus millidh móran arbha
14] agas bailedha, agus dá ghach earnail maitheasa archeana
15] innte, óir do bí an tír ar a g-comus féin acht cuid da
16] caislénáibh; agus do rug air mhóran do chaoruidheacht
17] an tíre timcheall t-Shleibhe Gamh. Tiagaid tar Múaidh
18] síar ar tarruing th-sleachta Riocaird a Burc, andíaígh
19] choda do chaoruidheacht Chloinne I Dhubhda. Gabhthur
20] ingen Bhaitéir a Burc leó .i. bean Eoghain I Dhubhda
21] mailli re na creich. Do bí dá mhéd d'édaluibh agus
22] d'aircibh fúair O Domhnaill, co d-tabharthaoi mart nó dha
23] mart ar aon bhonn ann, agus nach faghtháoi sin féin orra.
24] Mac Diarmada agus clann Taidhg mheic Diarmada
25] agus clann mheic Daibhi do teacht do chongnamh ré
26] h-Iochtar Connacht a n-agaidh h-I Dhomhnaill. Triallaidh
27] O Domhnaill tar a ais íar n-dénamh a thosga agus a
28] thuruis isin tír sin amhuil ba lonn lais; agus do bí a
29] n-urlaimhe ag na maithibh sin iochtair Chonnacht gu
30] d-tiobhradáois tachur d'O Dhomhnaill ag teacht tair a ais
31] dho, agus ní thugadar acht líamhan iomrúagaidh, oir nír
32] fhuiridh O Domhnaill ó dho fhág Tír Fhiachrach no co
33] n-deachaidh co Drúim Chliabh, agus do bí a g-coirithibh a
34] g-comhnaidhe ar an g-comhfhad sin. Marbhtur marcach do

p.300


1] muinntir mic Cathail Óig I Chonchubhair ar an íomruagadh
2] sin ag dul tar Fersait Ranna in Liagain don t-sluaigh
3] .i. Aodh mac Briain mheic Aodha, ocus mac Mic Diarmata
4] do thrómlot and .i. mac Eoghuin mic Taidhg. Téid
5] O Domhnaill da thigh gan umhla gan orraim d'fhaghail ó
6] mhaithib iochtair Chonnacht don dul sa amhuil ba
7] neamhgnáth.

LC1536.18

Mac Donnchada do ghairm do Dhondchadh
8] mhac Taidhg mheic Ruaidhri meic Conchubhair mheic Taidhg
9] mheic Tomultuigh meic Muirgheasa meic Dondchadha,
10] agus gan Mac Donnchadha féin dég, agas sé a n-éarr
11] a áoisi íar na dhalladh .i. Eoghan mac Donnchadha meic
12] Murchadha; agus cogad ac cloinn Eoghain re Mac
13] n-Donnchadha fan ainm sin, agus gan ní súaithnidh do
14] mhilledh eaturra fós.

LC1536.19

An Giolla Dubh mhac Aodha mic
15] Rúaidhri Bhallaigh mic I Chonchubair d'faghail bháis an bhliadhain sin.

LC1536.20


16] Slúaighedh le .H. Conchobair Sligigh ocus
17] le .H. Ruairc ocus le mac Cathail Óic .H. Conchobhair,

18] ar tarruing Mic Diarmata agus chloinne Taidhg Mic
19] Diarmada, ar Thóirrdhealbhach Ruad annsna Túathaibh,
20] agus Muinntir Ainlighe do thabhuirt bhragat dóibh agus
21] gan a milledh dhóibh eidir chill is tuaith; agas a n-dol
22] assin a Maineachuibh, agus gach aon fa caruid d'Ua
23] Chonchubhair dhibh do mhilledh acht arainic mac I Ruairc,
24] óir ní do mhilledh neach do chuaidh, acht dá fhechuin
25] an b-fedfadh síothchain do dhénamh eidir Mac n-Diarmada
26] guna bhraithribh agus O Cunchubhuir Ruad guna
27] rann cogaid don dul sin. Gabhuit an sluagh sin caislén
28] an Turraic agus brisid é. Tig Donnchadh mac Emainn
29] I Cheallaigh chuca do bhraghait deagla a dhuthaidhe féin do
30] mhilledh. Triallaidh an sluagh sin iar n-denamh a d-turuis


p.302


1] amhuil bá luinn leó, agus berur na bráigde sin co
2] Sligech .i. mac I Ainlighe agas mac I Cheallaigh; agus
3] do bheirid leo comhla bhreac an chaisléin sin do
4] ghabhudur chunn na cur re caislen Sligigh.

LC1536.21

Sluagh eile an
5] bhliaghuin si leis an n-gibhsdis t-Saxanach annsa Mumhain
6] síar, dar gabh Carruic O g-Coinneall agus dar bhris
7] droicheat Murchaidh I Bhriain; agus mas fíor do bi
8] cuid do Dhonnchadh mac I Briain andsna gníomhaibh
9] sin.

LC1536.22

H. Ruairc do ghairm do Bhrian mac Eoghain mic
10] Tigernáin.

LC1536.23

Caislen an Cairthe do leagadh an bhliagain
11] si lé .H. Rúairc.

LC1536.24

Mac Uilliam Chloinne Riocuird .i. Sean
12] mhac Riocuird mhic Emainn dég an bhliagain si, agus
13] cogad mór eidir Chloinn Riocuird fan tigerntus; agus
14] da mac Uilliam do ghairm isin tír .i. mac Uilliam
15] do ghairm do Risderd Bhacach mhac Uilliam, agus mac
16] Uilliam eile do ghairm d'Uillioc mac Riocuird Óig; agus
17] Uillioc na Cenn ac congnamh le Risdeard m-Bacach.

LC1536.25


18] Donnchadh Dubh mac Conchubhair mic Ruaidhri Bhuidhe, fear
19] saibhreis agus tighe oidedh coitchinn, d'fhaghail bais ongtha
20] agas aithrighe.

LC1536.26

Mag Fhlannchaidh taoisech Dartraighe
21] .i. Ferudhach mhac Uilliam, sgél mór don daonnacht
22] agus don einech, d'fhaghail bhais.

LC1536.27

O Raighilligh .i. Fearghul
23] mhac Seuin mheic Cathail, rí .H. m-Briuin m-Breifne
24] agus Conmaicne, fear fíal firinneach foighidnech, dég
25] íar comaoin agus th-shacarbaic.

LC1536.28

Domhnall mac Donnchadha
26] I Cheallaigh, cennfeghna maith agus tanuisde
27] O Maine o Charuidh gu Grein, agus mac a dearbrathar
28] mailli ris .i. Eigneachan mac Maoileachluinn mic
29] Donnchadha I Cheallaigh, a m-marbhudh a bh-fhill maraon lé


p.304


1] Maoileachluinn mhac Uilliam Mheic Máoileachluinn
2] I Cheallaigh ó fhedhuibh baile Atha Luain, ar furcongradh
3] chloinne Taidhg mic Donnchadha I Cheallaigh .i. clann
4] derbhráthar Domhnaill budhdhéin.

LC1536.29

Clann mic Uilliam
5] Chloinne Riocuird .i. Seun Dubh agus Rémonn Ruadh, edhon
6] días mac Riocuird mic Uilliog, do marbadh lé cloinn
7] Riocuird Óig mic Uillig Ruaidh Mheic Uillig an Fhíona an
8] Achadh Draoinín, ar m-breith a d-tóruighecht forru a
9] h-aithle chreach an tíre do theghlomadh dhóibh.

LC1536.30

Mac Goisdealbh
10] .i. Seun mac an Ghiolla Dhuibh, neach deirluictech daonnachtach
11] deigh chennuisfeghna, do marbadh do f-Píarrus
12] Mac Goisdealbh agus do chuid do lucht Airtigh in
13] hoc anno.

LC1536.31

O Conchubhuir Fhailghe .i. Brian mac Cathair
14] do dibeirt as a dhúthaidh, agus a chaisléin uile
15] do bhrisedh, agus móran da muintir do marbhudh inntibh
16] leis an n-gibhstís t-shaxsanach .i. Loard Linard; agus fos
17] tré fhormut agus tre imdheall derbhráthar I Chonchubhair
18] fein .i. Cathair Rúadh, do rinne sin uile.

Annal LC1537

LC1537.0


19] Kalluinn ghénair for Luan; bisech fuirri; seacht
20] m-bliaghna .x. ar fhichit agus cúig ced agus mile áois
21] an Tigherna.

LC1537.1

Taisech mhuinntire Cionaith, .i. Tadhg mac
22] Aodha mic Aodha mic Contshnamha, d'fhaghail bhais in hoc anno.

LC1537.2


23] O Gadhra .i. Eoghan mac Diarmata mheic Eoghuin,
24] tigherna Chúil O bh-Fhinn, dhec in hoc anno.

LC1537.3

Mac
25] Uilliam Burc .i. Teaboid mac Uillic mic Eumainn in
26] Cristo quieuit, agus cogudh fa na inbhe da éis.

LC1537.4

Sluaigedh
27] leis O Neill .i. Conn O Neill, ar Thrían Conguil, dár
28] mhill agus dar chreach móran don tír, agus mac I Néill
29] do ghabhail a m-Bél Feirste ar deiredh an t-sluaigh, agus
30] O Néill do theacht dá thigh iarumh; agus tigherna thrín
31] Conguil .i. Níall Óg mac Néill mic Cuinn d'fhaghuil bháis


p.306


1] gu h-obunn fón ám sin; agus O Néill do fhilledh arís a
2] d-Trían Conguil. A mhac do bí a láimh d'faghuil dó, agus
3] imresuin fa thigherntus Thrín Conguil.

LC1537.5

Mac I Raighilligh .i.
4] Brían mac Ferghuil, eucht mór agus duine úasul maith,
5] do marbadh le muinntir an giuisstis, ar teacht doib
6] ar chreich a c-cloind Mhathghamhna.

LC1537.6

Mac Mic Shuibhne
7] .i. Mael Mhuire do marbadh le cloind Murchada Mic
8] Shuibhne sa bliadhoin sin.

LC1537.7

Coccadh idir Aedh Bhuidhe Ua
9] Domnaill agus Maghnass O Domnaill agus cland I
10] Baeidhill, agus caislen Dúin na Gall d'faghbail d'Aedh,
11] agus a bheth na buaidhriud mor a t-Tir Conuill; agus cuid
12] do shliocht in esbuic I c-callchubhair do mharpad le cloinn
13] I Baeidhill .i. mac Toirrdhelbaigh Óicc mic Briain, agus
14] diass mac Eogain Ballaigh mic Briain, co t-tuilled
15] maille friu.

LC1537.8

Sluaigedh lasan giuistiss a n-Ib Failge,
16] agus caislen in Daingin, .i. in t-en baile do ba daingne
17] ionadh agus ordughad i n-Eirinn do bhrisiodh dó, agus
18] échta agus edála móra d'facchail annsin; agus bailte
19] I Conchobair uile do bheith ar a comus, agus in tír
20] do milledh doibh.

LC1537.9

O Domnaill .i. Aed Dub mac Aedha
21] Ruaidh, mic Néill Ghairb mic Toirrdhelbaigh in Fhíona,
22] tigerna Tíre Conuill agus iochtuir Connacht, agus
23] Fer Manach agus chineoil Moáin agus Innsi Eogain,
24] agus do chuir a lán do tigernusuibh eile fa smacht, mar
25] tá Mag Luirg agus machaire Chonnacht, agus Clann
26] Connmaigh, agus tír Amalgaid agus Conmaicne cúile,
27] agus Goistealba agus Cúil O f-Finn, ocus don taebh thoir
28] mar in cedna .i. clann Aedha Buidhe acus in Rúta, occus
29] Oirecht I Chatháin; or ni raibhe ein tír aca sin nár


p.308


1] cenduichc co minic é, maille re cíoss díoc co umhal.
2] Acus ni h-éidir a ríom na a fhaisneiss gach andernaid
3] do crechaib ocus do madhmannuibh ar a esccairdibh
4] conuicci sin; ocus do saeiledh gur b'é an t-Aedh Eanccach
5] do tairngedar fáidhi ocus fissidh é. Ocus ni tanuic do
6] sliocht Ghaeidhil Ghlaiss na coimaimsir neach as mó do
7] tinnlaic d'éigsibh ocus d'ollamnaib ocus dorttaibh Dé
8] na an t-Aedh sin; ocus in cuigedh lá do mí Iuil fuair sé
9] báss, ar n-dol a n-aibid san Froinsias a maineistir Dúin
10] na Gall, da toil ocus da aentaidh féin maille résún
11] maith; ocus Dardaein ar aoi laiti seachtmaine ternó
12] ont shaechcal iar na ongadh, occass iar n-aitrighe do
13] moladh na h-eglaisse; ocus a mac .i. Machcnus O Domnaill
14] do ríchcadh 'na ionad do chett occus do chomhairle Chonallach
15] acus comarbad Coluim cille, amhail fa dual dó.

LC1537.10


16] Sluaigedh laiss O n-Domnaill .i. Machcnus i n-iochtar
17] Connacht, a mí mheadhoin fhochcmoir, dar mill mórán
18] arbha acus dar loisc accus dar imthigh ichtar Connacht
19] .i. Tír Fhiachrach acus Cairbre, occus in dá Luichcne,
20] acus in Corand, acus Tír Oilella roime anuass. Ocus
21] gabhtur baile I Eghra Riabhuichc laiss don dul sin, acus
22] tuc eineach d'O Eghra féin ar m-beith for a chomus, cu
23] tucc laiss a m-braigdenus é.

LC1537.11

Mág Uidhir .i. Cú Connacht
24] mac Con Connacht mic Bhriain, tigherna Fer Manach,
25] fer dércach daennachtach, do bá mó clú láimhe ocus
26] uaisle ocus einech da d-tainic do sliocht na c-Colla re
27] cian d'aimsir, ocus do cuir o Chluain Éis co Cael
28] Uisqi fa umhla ocus fa smacht; ocus do ba maith in


p.310


1] smacht sin, oír ní tainic na duthaid féin re treimse
2] d'aimsir tigerna dob ferr recht ocus riacchail ocus
3] ass mo do choisc bitbenuichc occus aess uilc, ocus do
4] chuir na tírta na suidhe co socair sithchanta, ocus as mó
5] dár eiridh sonus ocus saibhres re a linn. A marbad
6] a b-fioll a c-Creachán for Loch Erne le slicht Tomáiss
7] Még Uidhir ocus le slicht Toirrdhelbaigh Méig Uidhir
8] an bliadain sin; ocus a adhlacadh ar t-túss i n-Daiminis,
9] ocus a thócbáil a c-cionn athaid iar sin leis na bráitribh
10] mionura, ocus a tabairt co mainister Dúin na Gall,
11] ocus araile.

LC1537.12

Mac Aedha mic Neill mic Cuinn mic
12] Aedha Buidhe .i. Niall, adbar tigerna trin Concchail,
13] ocus fer d'énmha uaisli ocus einicch, ocus ler cosmuil
14] lenmain luircc a shinnser a c-clú ocus a c-caithemh a leth
15] le díl damh ocus deoraidh, égess ocus aess ealadna,
16] ocus ar einech ocus ar uaisle; a m-marbadh le Albanchaib.

LC1537.13


17] O Conchobair Failge do gabail a duthaide féin
18] do nemthoil in giuistiss ocus a braitrech féin .i. clann
19] I Conchobair; occus cuid da n-daeinibh do buain díbh, ocus
20] treisie a thíri féin uile do ghabail dó amail bud cóir.

LC1537.14


21] Barún Dealbna .i. Risderd mac Cristoir mic Tomais,
22] sgiath didin ocus cliath ghaeithe Ghall re Gaeidheluibh,
23] ridire cródha cogthach, do dhul deg na baile fein ier
24] m-buaidh ongtha ocus aitridhe; acht gerb iomdha guasacht
25] gliadh as ar ternó conuicce sin.

LC1537.15

Mac I Maeileaclainn,
26] .i. Sémus mac Murchada, do marbad le
27] mac I Conchobair Fhailge, neach bud mo clú ocus
28] caithreim na comaeis do Cinel Fhiachaidh mic Néill.

LC1537.16


29] Mac I Raighilligh .i. Cathaeir Modardha, mac Seáin
30] mic Caithail, do marbad a t-tóraidhecht le Saxanchuibh.


p.312

LC1537.17


1] Mac I Dochartaigh .i. Niall Caech, mac Gerailt mic
2] Domnaill mic Feilim, do marbadh a n-greiss oighche le
3] Rudraidhe mac Feilim I Docartaigh, a m-Baile na
4] g-Cananach for termann Doiri; ocus aderid nach maith
5] frioth é.

LC1537.18

O Flannacain Thuaith Ratha .i. Giolla Isae,
6] ocus a mac, do marbadh leisin c-cuid oile da cinedh co
7] nemmaith, ocus uilc iomdha do beth da n-denam a
8] b-Feruibh Manach a h-aitle baiss Méig Uidhir.

LC1537.19

Creacha
9] ocus loscad do denadh don Calbach O Domnaill ar
10] clainn Amlaeib, ocus crech eile do dhenam ar O Cathain
11] dó.

Annal LC1538

LC1538.0


12] Kl. Ianair for Mairt; ocht m-bliadna dec ar .xx.
13] acus cuig ced acus mile aoiss in Tigerna.

LC1538.1

Cogad ar
14] n-eirge etir Mac n-Diarmada, .i. Aedh mac Cormaic
15] Mic Diarmada, ocus Ruaidhri mac Taidhg Mic Diarmada.
16] Ruaidhri do ghuidhe d'oirseoiredh an baile, ocus
17] seoladh d'faghail uatha ar an m-baile do gabháil; ocus as
18] amlaid do cumadar dó teacht docum in baile san
19] oighche, ocus dréimeredha do chur leisin c-carruic; ocus
20] do chuadar asttech ocus do gabhadar Mac Diarmada
21] ocus a mac .i. Mael Ruanaidh. Ocus do bádar leth
22] bliagain a laim, ocus do cuaidh foirm etorra, ocus así
23] foirm do cuaidh etorra .i. O Conchobair Donn ocus
24] O Beirn, ocus maithe na tíre maille friu; ocus as
25] amlaid do rinnedar sin leth tigernais, ocus an carraic
26] co na saeirsi o Aedh Mac Diarmada do Ruaidhri Mac
27] Diarmada ar fed a betha fein.

LC1538.2

Mac I Domnaill .i.
28] Aedh Buidhe mac Aedha mic Aedha Ruaidh, ridamna tíre
29] Conaill, neach lán d'aithne occus d'eineach ocus d'eolus an


p.314


1] ealadhanuib, occus dob ferr do baránta laime a
2] n-gortaibh gliadh ocus a m-bernadhuibh baedhail, ocus ass
3] mó do saeiled do rochtain tigernaiss a tíre fein do
4] reir airgenadh ocus tréghe tigerna, da t-tucadh dia
5] saeghal dó, ar b-faghail baiss in bliadhain sin do galar
6] aithgerr a c-Cill O d-Tónair, ier c-comaein ocus corp
7] Crist, in aeine ier b-féil Pádraic.

LC1538.3

Niall mac Cuinn
8] mic Airt I Neill, mac rígh maith ar a raibhe uaisle ocus
9] eineach, do marbadh le mac Neill I Neill ar greis oighchei
10] a g-Caislen na Omuidhe, ar b-faghail sheolta cora amach
11] air o cuid éigin da muintir féin; ocus Niall O Neill
12] do brisiodh in caislein na diaidh sin, ocus beth andiaid
13] an marbta sin ar a mac fein.

LC1538.4

Mac Meg Clanncaigh,
14] adhbhar taisigh Dartraidhe .i. Cathaeir, mac Feradhaigh
15] mic Uilliam Meg c-Clanncaidh, mortuus est a n-Dun
16] Gairbri a mi Mai.

LC1538.6

Sloighed las O Domnaill .i. Maghnus
17] i n-ichtar Connacht, dar gabhad caislen Sligidh
18] leis co áithesach, do bi fa sheol maith bardad ocus
19] ordonáis, ocus do bí a b-fad roime sin a gabháil re na
20] athair gan gabháil; ocus ar n-gabháil in caislein sin
21] téid O Domnaill a Moigh Luirg, ocus millter in tír
22] leis gu léir; ocus iar b-filledh tar a aiss dó, ar
23] t-teacht timcell caislein I Gadhra .i. Ruaidhri mic Céin,
24] marbhtar mac maith I Domnaill co tubuistech d'urchor
25] do ghonna, .i. Niall Garbh, mac Maghnusa mic Aedha
26] mic Aedha Ruaidh; ocus tángadar slán acht sin, iar
27] milledh Moighe Luirg ocus ichtair Connacht acht in
28] cuid tanuic le umla docum I Domnuill díbh, ocus ruc[gap: erased/extent: three MS lines]

LC1538.6


29] Dealb Muire ro miorbuilech do bi a m-baile Atha
30] Truim, dar creidedar Eirennuigh uile le cian d'aimsir
31] roime sin, do shlánuidhed doill ocus bodhair ocus
32] bacaigh, ocus gach ainches archena, do losgadh le Saxanchuibh;


p.316


1] ocus an Bachall Iosa, do bi a m-Baile Atha cliath, ag
2] dénamh feart ocus miorbuile iomdha i n-Eirinn o aimsir
3] f-Padraic gus an ré sin, ocus do bi a laim Criost
4] féin, do loscadh le Saxanchaib mur in cedna; ocus ni
5] h-eadh amáin, acht ni raibhe croch naomh na dealb Muire,
6] ná iomáig oirrdirc i n-Eirinn, ar a n-deachaid a c-cumachta,
7] gan losgadh, ocus ni mó do bí a c-cumachta ar
8] ord dona seacht n-orduibh nar sgrisiodar. Ocus in
9] pápa ocus in eglais toir ocus abus do beth a coinnelbáthad
10] na Saxanach trid sin, ocus gan suim na toradh
11] do beth aca san air sin, ocus araile; ocus ni derb
12] liom nach ar an m-bliadhain am diaidh thúas atá losgadh
13] na mionn sin.

LC1538.7

Brian mac Eogain mic Conchobair mic
14] Ruaidhri Buidhe dh'ec in bliadain se.