Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of Loch Cé A.D.1014-1590 (Author: [unknown])

Annal LC1499

LC1499.0


27] Kll. Enair; noi m-bliadna dhéc ocus ceithri fichit
28] ocus ceitri ced ocus mile ais an Tigerna.

LC1499.1

Gnim mor
29] do ghenum lé righ Alban dár bhó comainm Sémus
30] Sdíbhard, .i. Eoin Mór mac Domnaill, ri Indsi Gall,


p.200


1] ocus Eoin Cathánach, ocus Alusdar Ballach do riaghad
2] inn aon croich.

LC1499.2

Mac Diarmada Mhoighe Luirg, .i.
3] Tadhg mac Ruaidri Óig mic Ruaidri Chaoich, .i. fer
4] cossanta clú a ardaicme fein d'uaisle ocus d'oinech
5] ocus d'oirrdercus, ocus imdhídnightheoir Shiol Muireghaigh
6] ocus fer g-Connacht, dh'éc iar m-breith bhuadha ó
7] dhomun ocus o dhemun.

LC1499.3

Cormac mac Domnaill mic
8] Briain I Uiginn do marbadh go timpeisdech den
9] urchur do shoighid lá Clainn Fheoruis in bliadain sin.

LC1499.4


10] Ricard Óg mac Ricaird h-I Chuairsceith do mharbadh
11] isin ló cedna, .i. an cedaoin iar g-cincis.

Annal LC1500

LC1500.0


12] Kll. Enáir; cuig ced ocus mile bliadan aois an
13] Tigerna.

LC1500.1

O Ruairc, .i. Felim, do dhul dh'éc in hoc
14] anno.

LC1500.2

Tomáss mac Briain mic Filip na Tuaidhe
15] Mhég Uidir do marbadh la clainn Tomáis Óig mic
16] Thómáis Óig mic Tomais Mhóir Mhég Uidhir.

LC1500.3

O Broin
17] Láighisi do mharbadh .i. Catháir mac Dúnlaing.

LC1500.4

An
18] Barrach Mór do mharbadh le na derbráthair fein, .i.
19] Dáibhith Barra.

LC1500.5

Espuc Doire dh'ec, .i. Domnall .H.
20] Fallamain, ocus brathair minúr.

Annal LC1501

LC1501.0


21] Kll. Enair; bliadain ar .u. ced ar mile.

LC1501.1

Maidhm
22] Sleibh Betha la h-Aodh mac Rémainn Mhég Mhathghamhna,
23] inar marbadh Tomás Óg mac Tomais Óig Mheg Uidhir
24] co n-ár dí-airmhe uime.

LC1501.2

Rugraidhe mac Cathair mic
25] Cuinn mic in Calbaigh, .i. mac h-I Chonchobair Fhailghe,
26] dh'éc.

LC1501.3

Niall mac Airt h-I Neill dh'éc.

LC1501.4

Caislén Sligigh
27] do ghabáil le dreimire, .i. le clainn Ruaidri mic Toirrdhelbhaigh
28] Charraigh h-I Conchobair; ocus an Calbach
29] Caoch mac Domnaill mic Eogain do marbad ann, ocus
30] Sean mac Ruaidri mic Toirrdhelbaigh do thuitim leis


p.202


1] in g-Calbach an oidhche sin.

LC1501.5

Aibhne mac h-I Chatháin do
2] marbad la Brian Finn O Catháin.

LC1501.6

Toirrdhelbach mac
3] Cuinn mic Enrí mic Eogain h-I Neill do mharbad la
4] Mag Mathghamna, .i. Rossa mac Maghnusa.

Annal LC1502

LC1502.0


5] Kll. Enáir; da bliadain ar .u. ced ar mile.

LC1502.1

Maidhm
6] na Tulcha Finne do thabairt la clainn Neill h-I Bhaighill
7] ar .H. m-Báighill. O Báighill féin, .i. Niall, ocus a dhias
8] mac, .i. Rugraidhe ocus Domhnall Ballach, ocus drong
9] mor dia muintir do marbad ann.

LC1502.2

Dá ab do bhí
10] a n-imressain fá abdhaine Essa Ruaidh, .i. Art O
11] Gallchubair ocus Eoin O Loisde, d'fhaghail bháis fá aon
12] ló con oidhche an bliadain sin.

LC1502.3

Domnall mac Briain
13] h-I Uiginn, .i. oide sgol Erenn re dán, dh'éc in hoc anno.

Annal LC1503

LC1503.0


14] Kll. Enáir; tri bliadna ar .u. ced ar mile.

LC1503.1

Mac
15] h-I Domnaill, .i. Donnchad mac Aodha Ruaidh, do
16] sgathad le na derbrathair féin .i. Domnall, do ched
17] a athar fein ocus dá comairle.

LC1503.2

Mac Uillíam Burc,
18] .i. Tepóid mac Uáitéir, dh'ec.

LC1503.3

Maidhm Bheoil Atha na
19] n-Garbhán le Ricard a Búrc co na bráithribh ar Mac
20] Uillíam Iochtair ocus ar Mhainechaibh, dú in ro
21] marbadh Ruaidhri Mor mac Súibhni.

Annal LC1504

LC1504.0


22] Kll. Enáir; ceitri bliadna ar .u. ced ar mile.

LC1504.1


23] Maidhm Chnuic Thúagh do tabairt an bhliadain si .i.
24] Geróid iarla, giúsdís na h-Erenn, do thinól Ghall ocus
25] Gaoidel chúiged Laigen ocus Leithi Cuinn, ocus teacht a
26] g-Clainn Ricaird, ocus Mac Uillíam Clainni Ricaird
27] ocus O Briain do thinol shlúaigh mhoir eli, ocus teacht
28] 'na g-coinne go Cnoc Thúagh, ocus cath do chur etorra
29] ann inar marbad morán do maithibh Gall ocus Gaoidel,
30] co nach d-tucadh a commór do chath isin aimsir dheighenach
31] etir Ghallaibh ocus Ghaoideluibh.

LC1504.2

Maghnus mac


p.204


1] Briain mic Donnchada, .i. ab mhainisdrech na Tríndóide
2] ar Loch Cé; comhrair ocus cisde coimhéta einigh ocus
3] engnuma na h-Erenn an fer sin, ocus an t-aon duine
4] is mo do tidhluic ocus do thoirbhir d'fhiledhaib ocus
5] d'oirfidechaib, ocus do aos gacha cerda dá d-tánic
6] o Thomaltach na Cairrge inuass, do h-éc a g-Cill Duibhdhúin,
7] et sepultus est an Oilén na Trindóide ar
8] Loch Cé; ocus is buille dí-chendta ar aois ealadna na
9] h-Erenn an t-éc sin mic Mic Donnchada.

LC1504.3

Conchobar
10] mac Ruaidri mic Diarmada, .i. rigdamna oirrderc
11] oirbertach a ard aicme .i. an mac righ bá treissi ocus
12] bá tuaruscbhálaighe tánic dhá dhuthaidh re cian d'aimsir,
13] do marbadh lá slicht Tomaltaigh an Einigh mic Conchobair
14] mic Diarmada, a m-Bealach na n-Urmhointech.

LC1504.4


15] Maoilechlainn mac Donnchada mac Murchada dh'éc
16] in hoc anno.

Annal LC1505

LC1505.0


17] Kll. Enair; u. bliadna ocus .u. ced ocus mile.

LC1505.1

Aodh
18] Ruadh mac Neill Ghairb h-I Domnaill, .i. an t-oen
19] Ghaoidel is mo do ghabh nert ocus treisi dhá tánic do
20] th-shlicht Neill .ix. Ghiallaigh, ocus ésga immlán einigh
21] ocus uaisle an Tuaiscirt, fer dhár ghiallsat Fir
22] Mhanach ocus Cenél Móain ocus Iochtair Chonnacht,
23] do dul dh'éc an bhliadain si; ocus ni ró linn re radha
24] nach raibhe re linn an Erinn Gall na Gaoideal do budh
25] treisi ar Leith Cuinn ináss; ocus tri seachtmhuine ria
26] Lughnasa fuair báss ongtha ocus aitrighe a n-Dún na
27] n-Gall, iar m-beith ceithre bliadna ocus dá fhichet a
28] tigernus Tire Conaill; ocus a mac do ríghad 'na
29] ionad, .i. Oedh Dubh mac Oedha Ruaidh.

LC1505.2

Findghula inghen
30] Ruaidri Óig mic Ruaidri Choeich, .i. ben t-Sheain mic
31] Taidhg mic Briain Mic Donnchada, dh'éc.

LC1505.3

Mag
32] Carrthaigh Riabach, .i. Fínghin, dh'éc.

LC1505.4

Cairbri mac


p.206


1] Briain h-I Uiginn dh'ec do bhiodhg.

LC1505.5

Aindriass Mhág
2] Craith dh'éc.

LC1505.6

Seaan a Búrc do mharbadh le clainn Uillig
3] a Burc.

Annal LC1506

LC1506.0


4] Kll. Enair. Sé bliadna ocus .u. ced ocus mile aois
5] an Tigerna.

LC1506.1

Mac Uibhilín .i. Bhaltair, fer einigh
6] choitchinn ocus cend fedhna ro mhaith, do marbadh an
7] bliadain si la Domnall mac Seain h-I Chatháin ocus la
8] Cloinn Bhloscaid.

LC1506.2

Páidín .H. Maol Conaire .i. fithighir
9] fer n-Erenn re filidhecht ocus re senchus, d'fhaghail bháis
10] obuinn an bhliadain sin, .i. luidhe slán ar a leabaid ocus
11] a fhagail marbh ar maidin.

LC1506.3

Domhnall O Croidhén, .i.
12] cendaighe saidhbheir daonnachtach, d'fhagail bháis obuinn
13] an bliadain si ag éisdecht aiffrinn a mainistir Dhúin
14] na n-Gall.

LC1506.4

Conchobar mac Ruaidri mic Donnchada
15] do marbadh lá h-Eogan mac Tigernáin h-I Ruairc, a
16] m-Baile an Dúin an bhlíadain sin.

Annal LC1507

LC1507.0


17] Kll. Enair. Seacht m-bliadna ocus .u. ced ocus
18] mile aois an Tigerna.

LC1507.1

Mac Conmidhe .i. Solamh, sói
19] Erenn ré dán, ocus fer thighe aoided coitchinn ocus
20] chonáigh mhóir, do dul dh'éc in hoc anno.

LC1507.2

Mainistir
21] Bhaile in Dúin do thinnscna la Tomáss O bh-Ferghail.

LC1507.3


22] Félim Mag Uinnsionnáin dh'éc.

LC1507.4

Mág Craith, .i. Tomáss
23] dh'éc.

LC1507.5

O Cuill, .i. Cend Faola, dh'éc.

LC1507.6

O Dálaigh Finn, .i.
24] Goffraid, dh'éc.

LC1507.7

O Dálaigh Cairbrech, .i. Oenghus, dh'éc.

LC1507.8


25] O Géráin .i. Sean : hi omnes poetae hoc anno in Cristo
26] dormierunt.

Annal LC1508

LC1508.0


27] Kll. Enáir. Ocht m-bliadna ar .u. ced ar mile aois
28] in Tigerna.

LC1508.1

Caislén Inis Sgeillionn do ghabháil do .H.
29] Dhomnaill .i. Oedh Óg mac Aodha Ruaidh, ocus Pilip mac
30] Briain Mhég Uidhir do brissedh a chaisléin fein ar egla
31] h-I Dhomnaill.

LC1508.2

Goffraidh .H. Catháin do marbad le


p.208


1] slicht Maghnusa h-I Chatháin.

LC1508.3

Espuc Ath Conaire dh'éc
2] i. Tomáss O Conghaláin.

LC1508.4

Espuc Cluana Mic Nois dh'éc,
3] i. Uáiter a Bhlac.

LC1508.5

Tigernán Óg, mac Eogain mic
4] Tigernáin h-I Ruairc, do marbadh le Sean mac Tigernáin
5] Fhinn I Rúairc.

Annal LC1509

LC1509.0


6] Kll. Enair; ix. m-bliadna ar .u. ced ar mile aois in
7] Tigerna.

LC1509.1

O Néill, .i. Domnall rí Thire h-Eogain, dh'éc
8] in hoc anno, ocus Airt mac Oedha h-I Neill do rigad
9] 'na ionad.

LC1509.2

O Baoighill, .i. Emon Buidhe mac Neill h-I
10] Bhaoighill, do marbad d'én urchur do gha le Conchobar
11] Óg O m-Báighill, a comescur oidhche a Luachrus da shunnrad.

LC1509.3


12] Pilip mac Briain mic Philip Mhég Uidhir dh'éc.

LC1509.4

Eogan
13] mac Cuinn mic Aodha Buidhe dh'ec.

LC1509.5

Art, mac Cuinn
14] mic Enrí mic Eogain h-I Neill, do ghabhail le h-Airt in
15] chaisléin mac Neill mic Airt, ocus a thabairt d'O
16] Dhomnaill.

Annal LC1510

LC1510.0


17] Kll. Enáir; x. m-bliadna ar .u. ced ar mile aois in
18] Tigerna.

LC1510.1

O Fialáin, .i. Fergal mac Eogain, súi re dán,
19] d'fhaghail bháis.

LC1510.2

Eogan mac Briain h-I Uiginn, oide fer
20] n-Gaoidel re dán, dh'ég.

LC1510.3

O Domnaill, .i. Oedh Óg mac
21] Aodha Ruaidh, do dhul as lár a inmhe ocus a aoisi dochum
22] na Rómha in hoc anno.

LC1510.4

Sloigedh lá Geróid Iarla Chille
23] Dara a cuigid Muman, go maithib Gall ocus Gaoideal
24] Laigen lais, dar chumhdaigh caislen d'aindeoin Gaoidel
25] Muman ag Carraig Cítal. Lenus .H. Domnaill é
26] begán búidne tríd an Midhe, ocus assin don Mhumain,
27] ocus tiaghuid ar siobal in Ealla, ocus gabhuid caislén
28] Chinn Tuirc, ocus airgid in tír; ocus tiaghuid a n-Desmumain
29] mhóir ocus gabaid caislén na Pailíse, ocus
30] caislen Chois Mhainge; ocus tegaid slán tar a n-ais a
31] g-condáe Luimnigh. Do niad aitinól slóig iarsin, ocus
32] cruinnighid Geraltaigh na Muman im Shémus mac Iarla


p.210


1] Dessmhuman, ocus Goill na Muman áirchena, ocus
2] Mág Carrthaigh Riabach, ocus Cormac Óg mac Cormaic
3] mic Thaidhg, ocus Goill ocus Gáidhel Mhidhe ocus Laigen.
4] Tiaghaid go Luimnech. Tinólaidh Toirrdhealbach mac
5] Taidhg h-I Briain ri Tuaghmuman, ocus Mac Con Mara,
6] Sil Oedha ocus Clann Ricaird, mor slúag eli ina n-agaid,
7] ocus teid in t-Iarla co na sluaig tre Bhealach na
8] Fadhbaide, ocus tré Bhealach an Ghamhna, go ránic droichet
9] crainn do righnedh lé .H. m-Briain ar Sionuinn; ocus
10] brissder an droichet leó, ocus anaid a b-fhoslongport
11] oidhche isin tír, ocus do ní .H. Briain foslongport ele
12] re na taobh ann. Cuiris an t-Iarla ar ná mhárach a
13] t-shlúagh a n-ordugad, ocus cuiris Gaill ocus Gaoidel na
14] Muman a tús, ocus cuiris Goill na Midhe ar deredh
15] a shlúaigh. Tuirlingis .H. Domnaill an begán buidhne
16] do bhí a mesc Gall, ocus gabhus an aithghirre trí mhóin na
17] m-bráthar dochum Luimnigh; ocus ionnsaighit na slúaga
18] sin t-Shíl m-Briain na slóigh sin ele, ocus marbtar
19] leo an barún Cint, ocus an Bérnmhálach, ocus daoine
20] maithi eli; ocus ní raibhe annsin do Ghalloibh ina do
21] Ghaoidelaibh én duine bud mó clu laime ná .H. Domnaill
22] ag tabairt deridh an t-slúaigh Ghall sin lais.

Annal LC1511

LC1511.0


23] Kll. Enáir; xi. ar .u. ced ar mile ais in Tigerna.

LC1511.1


24] O Conchobhair Fhailghe, .i. Cathaoir mac Cuinn mic in
25] Chalbaigh, féchem coitchend dh'écsibh ocus d'aois ealadhna,
26] ocus cend fedhna ro mhaith for Ghalloibh ocus Ghaoidelaibh,
27] do mharbadh le cuid dá chinedh fein, .i. le clainn Taidhg
28] h-I Conchobair ocus le clainn t-Sheain Bhallaigh h-I
29] Conchobair, laim re Mainistir Fheoruis.

LC1511.2

Dubhtach
30] mac Dubhtaigh h-I Duibhghendáin, sói Erenn re senchus,


p.212


1] ocus fer saidhbhris mhoir, dh'éc in bhliadain si.

LC1511.3

Sloiged
2] leis O Neill .i. Art mac Aodha a Tír Chonaill,
3] dár loisc Glenn Fhinne ocus ó t-Shuiligh anall; ocus
4] benus braighde d'O Dhochartaigh.

LC1511.4

Cénel Feradaigh do
5] creachad le Mághnus O n-Domnaill an bliadain si.

LC1511.5


6] Mac Donnchadha Thíre h-Oilella, .i. Sean mac Taidhg mic
7] Briain mic Donnchada, coinneal ghaile ocus gaiscid
8] Chlainni Mhaol Ruanaidh, ocus feichem coitchend congmhála
9] dh'ecsibh ocus d'aois ealadna Lethe Cuinn, d'fhaghail bháis
10] ina longport féin a m-Baile an Dúin; ocus ni h-imlán
11] ro chaithestar an bhlíaduin sin a tigernus.

LC1511.6

Fergal mac
12] Taidhg mic Briain, .i. adhbhar righ O n-Oilella, do marbadh
13] an bhliadain cedna sin le clainn Ruaidhri mic Diarmada.

LC1511.7


14] Espuc an dá Bhreiffne, .i. Tomáss mac Ainntriú Mhég
15] Brádaigh.

LC1511.8

Clann Cathail mic Ruaidri mic Fhéilimidh
16] Chleirigh do mharbadh a Tuillsge le clainn Taidhg Bhuidhe
17] mic Cathail Ruaidh, .i. Ruaidhri Ruadh ocus Brían, ocus
18] Tadhg ocus Cathal.

Annal LC1512

LC1512.0


19] Kll. Enáir; dhá bliadain dhec ar .u. ced ar mile
20] ais in Tigerna.

LC1512.1

O Domnaill do theacht ón Róimh íar
21] bh-forbadh a oilitri, ocus íar b-fhaghail onóra móire for a
22] chuairt o rí Saxan.

LC1512.2

O Cléirigh, .i. Tadhg mac Tuathail
23] mic Taidhg Caim h-I Chléirigh, .i. sói re senchus ocus fer
24] thighe aoided coitchinn, dh'éc iar n-ongad ocus n-aitrighe.

LC1512.3


25] Niall mac Cuinn, mic Aodha Buidhe mic Briain Bhallaigh,
26] tigerna Trín Congail, ocus fer enigh choitchinn, ocus
27] médaighthe ord ocus egailsibh ocus gach maithessa
28] áirchena, ocus ana oirrter Erenn, do dhul dh'éc in
29] hoc anno.

LC1512.4

Sloigedh lá Geróid Iarla Cille Dara .i.
30] giúsdís na h-Erenn a Trian Congail, dár ghabh caisslen


p.214


1] Bheoil Fersde, ocus dár bris caislén mic Eoin, ocus
2] dár airg na Glinne ocus mórán don tír; ocus tuc
3] mac Neill mic Cuinn a m-braighdenus lais.

LC1512.5

Cogad
4] mór edir O n-Domnaill .i. Oedh, ocus O Néill .i. Art
5] mac Aodha, ocus cogad etir O n-Domnaill ocus Mac
6] Uillíam Búrc, .i. Emonn mac Ricaird; ocus fosdais
7] O Domnaill .u. ced dhéc tuadh a Tír Chonaill ocus a
8] coiged Chonnacht, ocus a b-Feruibh Manach. Gluaisis
9] O Domnaill ó Dhoire began sluaigh, ocus gabhus caislén
10] Beoil in Chlair a g-cocrich Luighne ocus Gaileng; ocus
11] fágbhus bharda ann, ocus teid tar ais a Tír Fhiacrach.

LC1512.6


12] Cruinnighis mac Uillíam Búrc, ocus suidhis imón
13] m-baile; ocus iar na clos sin d'O Dhomnaill ionnsaighis
14] an baile doridhis, ocus fágbhus mac Uillíam in
15] baile, ocus téid do chur lóin ocus bharda a g-caislen
16] Eisgrech abhann a Tír Fhiacrach.

Annal LC1513

LC1513.0


17] Kll. Enair; tri bliadna dhec ocus .u. ced ocus
18] mile ais in Tigerna.

LC1513.1

Mairghrég ingen Conchobair
19] h-I Bríain, .i. ben h-I Ruairc, .i. an t-én bhen dob ferr do
20] chend dámh ocus deoraid dá d-tánic o Brían Bhóruma
21] anuass, do dhul dh'ec iar n-ongad ocus n-aitrighe.

LC1513.2


22] Donnchad mac Conchobair h-I Briain, .i. in cend
23] fedhna dob ferr do Dhál g-Cais na comaimsir a leith
24] re laim ocus re h-uaisle, do mharbadh a n-greis oidhche
25] le clainn Toirrdhealbaigh mic Conchobair h-I Bríain.

LC1513.3


26] O Domnaill .i. Oedh do dhul ar cuairt a g-cend rí
27] Alban an bliadain si.

LC1513.4

Rossa mac Maghnusa Még
28] Mhathghamna, tigerna Oirgíall, mortuus est.

LC1513.5

Tadhc
29] mac Maoileaclainn I Cheallaigh, tigerna O Maine,
30] mortuus est.

LC1513.6

Maighister Muiris O Fícheallaigh, doctuir
31] diadhachta, ocus se 'na airdespuc a Tuaim, ocus
32] an fer do bud mó clú crabadh ocus cléircheachta


p.216


1] thoir iná bhus, do dul dh'ec an bhlíadain si.

LC1513.7

Geróid
2] Iarla Chille Dara, .i. giuisdís na h-Erenn, .i. an t-oen
3] duine rob ferr clú, ocus ro bud mó nert ocus oirrdercus,
4] ocus is mo do righne do ghabháltus ar Ghoeidhelaib,
5] ocus do bris do caislenaibh na n-Gaoidel, ocus dob
6] ferr smacht ocus recht ocus riagail, ocus is mo tuc
7] da airnéis fein a toirbertus d'feraibh Erenn tanic do
8] Ghalloibh a n-Erinn riam, d'fhagail bháis ola ocus ongtha
9] ocus aitrighe a Cill Dara, ocus a annlucad a d-Tempul
10] Crist a m-Baile Atha Clíath maille re tuirsi truim
11] urmhóir Ghall ocus Gháeidel Erenn 'na dheoidh.

LC1513.8

Slóigedh
12] mor la .H. Néill, .i. Art mac Oedha, a Trían Congail,
13] dár loisc Magh Line, ocus dár creach na Glinne; ocus
14] rug mac Neill mic Cuinn ocus mac Uibhilín ar chuid
15] don t-slúaig, ocus marbtar Oedh mac h-I Neill don
16] troid sin. Tegmaid an slúag ocus an tóir dá cele
17] íar na mhárach, ocus marbhtar mac Uibhilín, .i. Risderd
18] mac Rúgraidhe, ocus drong dh-Albanchaib, ocus tig .H.
19] Neill tar ais iarsin.

LC1513.9

Slóigedh la rí Alban go maithibh
20] Alban uime dá raibhe tri .xx. mile fer conganta a
21] g-crich t-Shaxan, ocus loiscis an crioch ar gach taobh dhe.
22] Cruinnighis loard Seomarlin ocus a mac, ocus cliár
23] t-Shaxan ina n-agaid, ocus tucadh cath etorra, ocus
24] maighid ar Albanchaib, ocus marbhtar rí Alban, ocus
25] Mac Ailín, ocus an t-airdespuc, .i. sanct Aindrías,
26] ocus morán do thigernachaibh Alban, ocus morán
27] daoineadh eli.

LC1513.10

Art mac Aodha h-I Neill, .i. tigerna
28] Thíre h-Eogain gan imressain, b-faghail bháis ongtha ocus
29] aitrighe a n-Dun Genainn. Art mac Cuinn h-I Neill
30] do rigad ina ionad.

LC1513.11

Art mac Néill mic Airt h-I
31] Néill mortuus est.

LC1513.12

Caislén Dúinliss do ghabáil


p.218


1] d'Ua Dhomnaill ar chlainn Geróid mic Uibhilín, ocus a
2] thabairt do clainn Ualtair mic Uibhilín.

LC1513.13

Foslongport
3] do dhenum la .H. n-Domnaill im Shligech o feil Brighde
4] go cincís, ocus gan buadhachad dhó an uairsin.

LC1513.14

Eogan
5] .H. Máille do marbad lucht tri long a Tír Bhóghaine
6] an bliadain sin.

LC1513.15

Eogan Ruadh mac Suibhne do marbadh
7] le clainn a derbrathar féin, ocus le Donnchad mac
8] Toirrdhealbaigh h-I Bhaigill.

LC1513.16

Niall mac Cuinn mic
9] Aodha Buidhe dh'éc lá cásg do shundradh.

Annal LC1514

LC1514.0


10] Kll. Enair; cethra bliadna dhec ar .u. ced ar mile
11] ais in Tigerna.

LC1514.1

Cathal Óg, mac Domnaill mic Eogain
12] h-I Conchobair, do mharbadh a b-fhioll gránna do mac a
13] athar fein, .i. Eogan mac Domnaill; ocus issé an
14] Cathal Óg sin mac a aossa is mó tuc ocus fuair
15] tanic do t-shlicht Bríain Laighnigh mic Toirrdhealbaigh
16] Moir; ocus ni h-é sin amháin geall do bermaoisne iná
17] lucht ar cerde dhó, acht nach tánic do chined Gáeidhil
18] Ghlais ina comaimsir féin a commaith an uaisle, an
19] aithne, ocus an einech, ocus is dillechta truagh an
20] ealadan dá éis gan fer a h-iomchair iná h-altruim
21] mar Chathal aice.

LC1514.2

Eogan mac Domnaill mic Eogain
22] do crochad leis .H. n-Domnaill fá cheann tri lá 'na
23] dhiaidh sin.

LC1514.3

Mac Uillíam Búrc .i. Emon mac Ricaird
24] do mharbadh le clainn Uáiter a Búrc a b-fhioll gránna
25] a mainistir Ratha Branduibh.

LC1514.4

Caislén na Cuilentraighe
26] do brissedh, ocus an choill mhór do gerradh ocus d'argain,
27] d'Iarla Chille Dara, .i. Geróid mac Geróid, ar Laoighis
28] h-I Mhórdha.

LC1514.5

Mac Toirrdhealbaigh Óig mic Domnaill,
29] consápla gallóglaech, do marbadh le Laoighis.

LC1514.6


30] Caislen Chúile Rathain do brissed la .H. n-Domnaill.

LC1514.7


31] Caislén na h-Oghmuighe do brissedh la .H. Neill in hoc
32] anno.

LC1514.8

Maidhm do thabairt d'Ua Néill ar chlainn


p.220


1] Domnaill h-I Neill ocus ar clainn Airt h-I Neill,
2] ocus morán d'echaib ocus do éidedh ocus do dhaoinibh
3] do bhuain díbh.

LC1514.9

Slóigedh le Geróid Iarla Chille Dara
4] ar .H. Raighilligh, gur bris caislen an Chabáin; ocus
5] O Raighilligh do madhmachad leis; ocus ro marbadh
6] O Raighilligh isin maidhm sin, Aodh mac Cathail I
7] Raidhilligh, ocus morán do maithib a muintire maille
8] fris; ocus ro gabadh Mac Cába.

LC1514.10

Slóigedh la Semus
9] mac Iarla Dhesmuman ocus leis Uá Cerbhaill ar
10] Phiarrus Buitlér, ocus loiscis an Trian Medhonach
11] go h-imlán; ocus beridh Piarrus Buitler fair lion
12] a t-shlúaigh, ocus clann Tomáis mic Iarla Cille Dara,
13] ocus gallógláoich ocus gaiscedaigh, ocus il-imad marcslúagh
14] do muinter an Iarla maille riú orra, ocus
15] ro imghedar orra dia n-aimdheoin.

LC1514.11

Crecha móra do
16] dhenum dh'O Dhomnaill a n-Gaileng, dar loisg ocus
17] dár airg an tir go Cruachán Gaileng; ocus marbhtar
18] O Rúaán lais ann, ocus mórán eli maille fris.

LC1514.12


19] Maidhm lá .H. Neill ar Aodh mac Domnaill h-I Neill,
20] ocus ar Conn mac Neill mic Airt, dar marbh ocus dár
21] ghabh morán dá muinter, ocus dar bhen a n-eich ocus a
22] n-éidigh dibh, innus gur an tigernus Chinéil Eogain gan
23] imressain aige osin amach.

LC1514.13

Cogad dh'érghe etir .H.
24] n-Domhnaill ocus .H. Neill, ocus moran do bhuannadhaib
25] d'fhasdódh ar gach taoibh dhoibh; ocus a m-beith a b-fhad a
26] b-foslongport ar aghaid a cheli; ocus sith do dhénum
27] doibh, ocus tocht a g-cend a chéli ar droichet Arda Sratha
28] dhoibh, ocus cairdes Criosd do dhenum ann. Inis Eogain
29] ocus Cénel Móáin ocus Fera Manach do leigen la .H.
30] Néill don dul sin, ocus a mac ro bhói re cian d'aimsir
31] roime sin a laim ag .H. Domnaill do leigen amach
32] d'innsoiged h-I Neill.

LC1514.14

Clann Geróid mic Uibhilín do marbad
33] a b-fhioll la clainn Ualtair mic Uibhilín, ocus an tír


p.222


1] do creachad ocus do loscud do mac Neill mic Cuinn
2] mic Oedha Buidhe tríd an n-gnim sin.

LC1514.15

Sloigedh la Geróid
3] Iarla Cille Dara isin Mumain, dár loisc h-I Chonaill
4] ar mac Iarla Dhesmuman. Cruinnighis mac an Iarla
5] lín a thinóil, ocus O Bríain go maithib Tuaghmuman do
6] chongnum leis, ocus gidhedh ro immthidh an slúag go
7] sénamail riasiú rugsat inait agallmha air.

LC1514.16

Cobhlach
8] do bhádaib ocus do longuibh faidi do tharruing d'O
9] Dhomnaill ar Loch Eirne, ocus bheith na comnaidhe a
10] b-fhad ar Inis Sgeillend. Airgis ocus loisgis oilén
11] Cuil na n-Oirer, ocus do ní síth 'na dhiaidh sin riú, ocus
12] tig slán dá thigh.

Annal LC1515

LC1515.0


13] Kll. Enair; u. bliadna dhéc ar .u. ced ar mile ais
14] an Tigerna.

LC1515.1

Creacha móra do dhénum d'O Dhomnaill ar
15] clainn Diarmada Ruaidh a n-imell Choillte Conchobair.

LC1515.2


16] Slóigedh la .H. Neill a g-Clainn Aodha Buidhe, dár loisc
17] ocus dár creach cuid mhór don tír, ocus tig mac Neill
18] mic Cuinn a g-cenn I Neill, ocus gabhus tuarusdal uadha;
19] ocus indtóis O Neill iarsin.

LC1515.3

Crecha móra do dhenum
20] d'O Domnaill ar sliocht Briain Mhég Uidir, ocus a
21] n-ithe uile aca p-fein; ocus sith do denum riú ass a
22] h-aithle.

LC1515.4

Caislén Aine do ghabáil ar t-Shean mac Iarla
23] Dhesmuman do t-Semus mac an Iarla; ocus suidhis
24] annséin fá chaislén Loch Gair, ocus do bhí a cumgach
25] mhór aige no gur cuiredar Síl m-Bríain ocus Sil
26] g-Cerbhaill ocus Cenél Aodha uadha é.

LC1515.5

Oedh, mac Neill
27] mic Cuinn mic Aodha Buidhe h-I Neill, do dhul ar creich
28] don Choill Ulltaigh, ocus crech do ghlacad dhó and. Lenus
29] Niall mac Briain mic Niall Ghallda a d-toraighecht é,
30] ocus marbhtar Niall mac Bríain, ocus airgter in choill
31] go h-iomlán, ocus anaigh nert Trín Congail uile ag


p.224


1] Oedh mac Neill don t-siobal sin.

LC1515.6

Menma Mhág
2] Carmaic, ro-ferleighinn do bhí 'na espuc a Ráth Bhoth,
3] in Cristo quieuit.

LC1515.7

Domnall mac Aodha Ruaidh h-I
4] Dhomhnaill do mharbadh la h-Aodh m-Buidhe .H. n-Domhnaill,
5] sa Tuaith Bhladhaidh, in bhliadain sin.

Annal LC1516

LC1516.0


6] Kll. Enair; se bliadna dhéc ar .u. ced ar mile ais
7] in Tigerna.

LC1516.1

Caislen Sligigh do ghabáil le .H. n-Domnaill,
8] iar m-beith athaid fhada a cogad ris; ocus is amlaid
9] ro gabadh é .i. ridire francach tánic dá oilitri dochum
10] purgadóra Patraic, ocus tuc O Domnaill onóir mhór
11] ocus tidhluicthe dhó; ocus do chuir an ridire long lán d'ordonás,
12] ocus gunna mór brisde caisléin uirrthi dochum
13] h-I Dhomnaill; ocus suidhis fán m-baile, ocus brissis
14] an baile sul fuair é, ocus do ber einech dona bhardaib.
15] Ocus teid assin a Tir Oilella ocus gabhaiss caislén Cúl
16] Mháile, ocus caisiol Locha Dergáin, ocus Dún na Móna;
17] ocus fágbus bharda a g-cuid díbh, ocus do bheir braighde
18] lais ón g-cuid eli; ocus do bhí Sligech trí blíadna dh'éc
19] ag .H. Dhomnaill don dul sin no gur gabh Tadhg Óg mac
20] Taidhc mic Aodha air é iarsin.

LC1516.2

Mac Donnchada an
21] Choruinn ocus mac Mic Donnchada do mharbadh ag
22] teacht a g-cend t-slúaig h-I Domnaill le Donnchad mac
23] Toirrdhealbaigh h-I Bháighill.

LC1516.3

Caislén I Cerbhaill, .i.
24] Leim h-I Bhánáin, do ghabáil lé h-Iarla Chille Dara, .i.
25] Geróid Iarla, iar na shárugad fo a athair; ocus ní
26] h-urusa go d-tanic isin aimsir sin caislen ro bud
27] cruaidhe cosnum ocus congmáil ináss, no gur brissedh
28] timchell na bharda é.

LC1516.4

Maidhm mor do thabairt


p.226


1] d'Emonn mac Tómáis Buitlér ar Phiarus Buitler,
2] ocus ar mac mic Phiaruis, ocus mórán dá muinter
3] ocus da m-buannadhaib do bhádhad ocus do marbadh.

LC1516.5


4] O Dochartaigh .i. Conchobar Carrach O Dochartaigh mortuus
5] est.

LC1516.6

Caislen mic Shuibhni .i. Ráth Maolán do
6] thuitim in hoc anno.

LC1516.7

O Domnaill do dhul fá dhó a Tír
7] Eogain ar sloigedh in bhliadain sin.

LC1516.8

Mág Carrthaigh
8] Mór, .i. Cormac Lagrach mac Taidhg, tigerna Desmhuman,
9] an t-e is ferr fuair a thigernus ocus is mo fuair
10] do chogad no go raibhe na thigerna gan imressain, ocus
11] dob ferr do chend dámh ocus deoraidh, ocus dob fherr
12] recht ocus riagail do righraid Leithe Modha, do dhul
13] dh'éc.

LC1516.9

Toirrdhealbach mac Briain Uaine h-I Ghallchubhair,
14] comarba na Cairrge, mortuus est.

LC1516.10

Mac
15] Briain Chaoich mic Taidhg mic Eogain do marbad a b-fhioll
16] do mac Taidhg na Tuaighe mic Fhélim mic Eogain, ocus
17] do shliocht an Cherrbaigh.

LC1516.11

Ben h-I Treabhair .i. Caiterína
18] iní Criodacáin, ben dércech dhaonnachtach, mortua est.

LC1516.12


19] Uilliam mac Donnchada h-I Fhergail, .i. espuc na
20] h-Anghaile, dh'éc.

Annal LC1517

LC1517.0


21] Kll. Enair. Seacht m-bliadna dhéc ar .u. ced ar
22] mile ais in Tigerna.

LC1517.1

Donnchad mac Toirrdhealbaigh
23] h-I Bhaighill d'fhagail bháis dupusdig .i. lucht báid dá
24] muinter ocus é fein do dhul go Toraich, ocus gaoth
25] dia b-fhuadach fon b-fairrge siar, ocus nach b-fríth en
26] fhocul dá sgeluibh óshin alle.

LC1517.2

Sean mac Cuinn mic Enrí
27] mic Eoguin h-I Neill dh'éc.

LC1517.3

Pilip mac Toirrdhealbaigh
28] Még Uidir dh'ec aoine chásg do shundradh.

LC1517.4

Barún
29] Sláine dh'éc a Saxanaib, .i. Crisdóir Plemenn.

LC1517.5

Art
30] mac Aodha mic Domnaill h-I Neill do marbadh le Niall
31] mac Cuinn mic Neill mic Airt.

LC1517.6

O Duibhghendain Chille


p.228


1] Rónain, .i. Matha Glass mac Dubhthaig, dh'éc in hoc
2] anno.

Annal LC1518

LC1518.0


3] Kll. Enair; ocht m-bliadna dhec ar .u. ced ar mile ais
4] in Tigerna.

LC1518.1

Oedh Balbh, mac Cuinn mic Enrí mic Eogain h-I
5] Neill, dh'éc.

LC1518.2

Clann h-I Neill .i. clann Domnaill mic Enrí
6] mic Eogain, do dhul ar creich ar Brían mac Cuinn mic
7] Enrí, ocus Brian do bhreith orra ag Domnach an Eich,
8] ocus maidhm mór do thabairt orra, ocus Oedh mac
9] Domnaill do ghabáil and. Mac Cathmhaoil ocus morán
10] do mhaithibh Chinél b-Feradhaigh do marbad ann.

LC1518.3

An
11] deganach Mhág Uidir, .i. Oedh mac Rossa mic Tomáis
12] Óig .i. mac in espuic, dh'ec.

LC1518.4

Mac Suibhne Fánad dh'éc,
13] .i. Ruaidri mac Maol Muire, im chaisc do shunnradh.

LC1518.5


14] Félim mac Briain mic Conchobair Óig Mhég Uidir
15] dh'éc.