Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of Loch Cé A.D.1014-1590 (Author: [unknown])

Annal LC1459

LC1459.0


9] Kl. Ianair; naei m-bliadna dhec ar da .xx., ar .cccc.
10] ar mile, ais an Tigerna.

LC1459.1

O Briain, righ Tuadhmuman,
11] dh'ec.

LC1459.2

Glaisne mac Chonchubhair I Raighilligh do marbad
12] la clainn Rughraide Meg Mathgamna.

Annal LC1460

LC1460.0


13] Kl. Ianair; tri fichid bliadan ar .cccc. ar mile ais
14] an Tigerna.

LC1460.1

Aodh Ruadh O Domnaill, righdamhna Cenel
15] Conuill, do leigean as a laimdechos.

LC1460.2

Mag Samraghan
16] dh'ec .i. Eoghan.

Annal LC1461

LC1461.0


17] Kl. Ianair; bliadain ar tri xxit, ar .cccc. ar mile, ais
18] an Tigerna.

LC1461.1

Maidhm mor do thabhairt a ///Cind maghair
19] an bliadain si ar .H. n-Domnaill .i. Toirrdhealbach
20] Cairbrech, do clainn Neill I Domnaill, ocus O Domnaill
21] do gabail and, ocus a scathad na diaidh sin; ocus
22] Aodh Ruad mac Neill Gairb do righadh na inadh do
23] chomairle De ocus daoineadh.

LC1461.2

Feidhlim mac Eoghain I Neill
24] dh'ec.

LC1461.3

O Conchobair Donn dh'ec, .i. Aodh. Tadhg, mac
25] Cormaic mic Diarmada mec Carrthaigh, dh'ec.

LC1461.4

Aongus
26] Macraith dh'ec.

LC1461.5

Mac Cathmail dh'ec, .i. Brian.

Annal LC1462

LC1462.0


27] Kl. Ianair; da bliadain ar tri .xx. ar .cccc. ar mile
28] ais an Tigerna.

LC1462.1

Brian mac Pilip Meg Uidir do marbadh
29] re Cenel Eoghain an bliadain sin.

LC1462.2

Mainisdir prathar
30] mionur do tionnsgnadh a Muineachan in hoc anno.

Annal LC1463

LC1463.0


31] Kl. Ianair; ocus tri bliadna ar tri fiched ar
32] .cccc. ar mile ais an Tigerna.

LC1463.1

Iarla Desmumhan, .i.
33] Semus, ceinnlitir Gall an deiscert, ocus comrair


p.166


1] einigh ocus gaisgidh na n-Geraltach, dh'ec in hoc anno.

LC1463.2


2] Tadhg mac Eoghain I Conchobair dh'ec an bliadain si.

LC1463.3


3] Mac Donnchada Tire h-Oilella, .i. Tadg mac Tomaltaig
4] Moir, mortuus est.

LC1463.4

Enri mac Feidhlim I Raigilligh
5] do marbad do Donnchad Mag Uidir.

Annal LC1464

LC1464.0


6] Kl. Ienair; ceitri bliaghna ar tri fiched, ar .cccc.
7] ar mhile, aois an Tigerna.

LC1464.1

Conn mac Neill I
8] Dhomhnuill, riodhamhna Chineil Conuill, ocus Aonghus
9] mac Neill I Dhomhnuill do mharbadh le h-Eignechan
10] .H. n-Domhnuill a bh-Fhinn Dhruim.

LC1464.2

Tadhg mac Toirrdealbaigh
11] Ruaidh I Chonchubair, leith ri Connacht, d'ég .i.
12] duine do bá tuigse t-treighe a g-Connachtaibh iona aimsir
13] fein.

Annal LC1465

LC1465.0


14] Kl. Ienair; chúig bhliaghna ar tri fiched ar ceitri
15] ced ar mhile aois an Tigherna.

LC1465.1

Ir Magranuill, .i. mac
16] Cathuil Ruaid, mortuus est in hoc anno.

LC1465.2

Gormlaith
17] Chaomhanach ingen mheic Murchadha, bean I Neill .i.
18] Einri mheic Eoghuin I Neill, d'ég.

LC1465.3

Mac Ribhertuigh d'ég
19] .i. Cú Chonnacht.

Annal LC1466

LC1466.0


20] Kl. Ienair. Sé bliaghna ar thrí fichit ar cheithri ced
21] ar mhile aois an Tigherna.

LC1466.1

Ri Tuaghmhumhun, .i. Tadhg
22] O Briain, coinneal ghaisgidh ocus engnumha Leithe Mógha,
23] mortuus est in hoc anno.

LC1466.2

Maidhm ar Ghalluibh la
24] O Conchubhair Fhailge, .i. Conn mac an Chalbaigh, ionar
25] marbadh Seadhun mac mheic Tomais ocus moran eile.

LC1466.3


26] Righ Oirghiall d'ég, .i. Feidhlim mac Briain mheg Mhathuna.

Annal LC1467

LC1467.0


27] Kl. Ienair. Seacht m-bliaghna ar tri .xx., ar .cccc.
28] ar mhile, aois an Tigherna.

LC1467.1

Iarla Deasmhumhun, .i. Tomas
29] mac Sémuis mheic Geróid Iarla, do mhilledh a n-Droicheat
30] Atha leis an ///n-Giustis núadh.

LC1467.2

Mac Donnchada Tíre
31] h-Oilella, .i. Ruaidhri mac Conchubhuir mheic Donnchadha,
32] mortuus est in hoc anno.

LC1467.3

Mag Ranuill, .i. Cathul Og


p.168


1] mac Cathuil Ruaid, mortuus est in hoc anno.

LC1467.4

O Cathain
2] .i. Maghnus ar an m-bliaghuin chédna.

LC1467.5

O Ruairc .i.
3] Tighernan, cinnlitir ocus coimhedaigh ///t-Slechta Aodha
4] Finn, mortuus est in hoc anno.

LC1467.6

An Gilla Dubh mac
5] Cormuic Bhallaigh do mharbadh le Máoil Seachluinn mac
6] Taidhg mheic Briain mheic Donnchada.

LC1467.7

Mac Con Mara,
7] tigerna Chloinne Cuilen, .i. Seadhun mac Meiccon mheic
8] Síoda, mortuus est.

LC1467.8

Cathul mac Cathail Ruaid Meggranuill
9] mortuus est in hoc anno.

LC1467.9

Domhnull
10] O Mórrdha, righ Láoidhisi, mortuus est.

LC1467.10

O Cinneidigh
11] Donn, .i. Seadhun mac Tomais, leith ri Urmhumhun,
12] mortuus est.

LC1467.11

O Máille, .i. Tadhg mac Diarmada,
13] mortuus est in hoc anno.

LC1467.12

O Máol Chonuire, .i. Torna
14] mac Maoilín, mortuus est.

LC1467.13

Ri Oirghíall d'ég, .i.
15] Eoghun mac Rúghruidhe.

LC1467.14

Maidhm Croisi mhuighe Croinn
16] la mac Uilliam Chloinne Riocuird, .i. Uilliog Ruadh mac
17] Uilliog an Fhíona, air O Cheallaigh ocus ar Riocurd a
18] Burc, dú ar thoitedur iomarcadh daoinedh.

LC1467.15

O Ceallaigh
19] Maine d'ég, .i. Aodh mac Briain.

LC1467.16

O Raigilligh d'ég, .i.
20] Cathul mac Eoghuin, caidhcís ria nodluig.

Annal LC1468

LC1468.0


21] Kl. Ienair.; ocht m-bliaghna ar thri .xx., ar .cccc. ar
22] mhile, aois an Tigherna.

LC1468.1

Mag Carrtuith Mór, .i.
23] Domhnull mac Taidhg mheic Domhnuill Óig, mortuus
24] est
in hoc anno.

LC1468.2

Bean an fhir chédna, .i. Sadhbh ingen
25] Uillic mheic Riocuird Óig, d'fhaghuil bhais.

LC1468.3

O Ceallaigh
26] tigherna O Maine, .i. Aodh mac Uillíaim meic Mhaoil
27] Seachluinn, do éc.

LC1468.4

Iarla Deasmhumhun, .i. Tomas mac
28] Sémuis mheic Geróid, do ///dhí-cheannud a n-Droicheat Átha.

LC1468.5


29] Mac Donnchada Thíre h-Oilella d'ég, .i. Rúaidhri mac
30] Conchubhuir.

LC1468.6

Magranuill .i. Cathul d'ég.

LC1468.7

Baile I Raighilligh
31] ocus mainistir an Chabháin do losgudh le Galloibh.


p.170

LC1468.8


1] Torna O Mháol Chonuire d'ég.

LC1468.9

O Cathan d'ég, .i.
2] Maghnus.

Annal LC1469

LC1469.0


3] Kalluinn Ienair; naoi m-bliaghna ar thrí .xx., ar .cccc.
4] ar mhile, aois an Tigherna.

LC1469.1

O Cerbuill .i. Donncudh
5] mac Taidhg mheic Taidhg mheic Ruaidhri mortuus est.

LC1469.2


6] Brian Maineach mac Donnchuidh mheic Aodha Mheg
7] Uidhir do mharbhudh la Emunn Mag Uidhir agus le cloinn
8] Filib Mheg Uidhir. Eogun mac Aodha Mheg Uidhir do
9] mharbhudh la cloinn Filib chédna.

LC1469.3

Sluaigheadh lá O
10] n-Domhnuill, .i. Aodh Ruadh, a n-Iochtar Chonnacht, ocus
11] a m-bráighde do ghabhail dó; ocus sluaigh Iochtuir
12] Chonnacht do bhreith lais a g-cenn mic Uilliam Burc,
13] ocus a n-dul assin a g-Cloinn Riocuird, ocus an
14] Machuire Riabhach, ocus Baile an Chláir, .i. Baile Mheic
15] Uilliam, do losgudh léo.

LC1469.4

Mac Uilliam ocus O Briain
16] do bhreith orrthu, ocus mac I Chonchubhuir Chorcumrúadh
17] do mharbudh leo; ocus O Domhnuill do theacht da thigh
18] fa bhuaidh.

LC1469.5

O Gadhra d'ég .i. Eoghun mhac Tomultaigh,
19] ocus Eogan Óg a mac d'ég.

Annal LC1470

LC1470.0


20] Kl. Ianair; deic m-bliadna ar tri .xx., ar .cccc. ar
21] mile, aeis in Tigerna.

LC1470.1

Mac I Conchobair Fhailge, .i.
22] Tadhg mac in Chalbaigh mic Murchada, do dhul dh'ec
23] obann.

LC1470.2

O Conchobair Corcumruad, .i. Conchobar mac
24] Briain Oig, do marbad isin Leth Indse co droch comairlech
25] le clainn a derbrathar fein, .i. le clainn Donnchada
26] I Conchobair.

LC1470.3

Pilip mac Tomais mic Filip Meg
27] Uidir dh'eg.

LC1470.4

Ruadhri Bacach O Neill do marbad a
28] Tobran le cloinn Airt agus le cloinn Bhriain Óig.

LC1470.5


29] Maidhm do thabhuirt do chloinn I Neill, .i. clann Einri,
30] ar chloinn Airt agus ar chloinn Bhriain Óig, ionar
31] marbhudh Einri mac Airt; ocus bí Airt I Neill ocus


p.172


1] Toirrdhealbach Ruad mac Briain Óig.

LC1470.6

Mac Donnchaidh
2] an Choruinn do marbudh, .i. Brían mac Taidhg, la mac
3] Donnchuidh Thíre h-Oilella, .i. Tadhg mac Briain.

Annal LC1471

LC1471.0


4] Kl. Ianair; aen bliadain deg ar tri .xx. ar .cccc.
5] ar mile ais an Tigerna.

LC1471.1

Tadhg mac Toirdhealbaigh
6] mic Murchada na Raithnighe, tigerna Aradh, d'eg.

LC1471.2


7] Caislen na h-Oghmaidhi do gabhail leis O Neill, .i. Enri
8] mac Eogain, ocus slicht Airt do chur a Tir Conaill.

LC1471.3


9] Ruadhri mac Donnchaidh mic Aedha Meg Uidhir do
10] mharbad le Colla mac Aodha Meg Uidir. Donnchad
11] Óg mac Donnchaid mic Aodha do lenmuin Colla, ocus
12] Colla ocus a mac do marbad.

LC1471.4

Aodh, mac Briain mic
13] Pilip na Tuaighe Meg Uidhir, dh'ec.

Annal LC1472

LC1472.0


14] Kl. Ianair; da bliadain deg ar tri .xx. ar. cccc. ar
15] mile aeis an Tigerna.

LC1472.1

O Cathan, .i. Ruadhri mac
16] Maghnais I Cathain, dh'ec.

LC1472.2

Mac Suibhne Fanad do
17] marbad a maidm an Tapadhain, .i. Maol Muire.

LC1472.3

Clann
18] Meg Radhnaill, .i. Concubar ocus Mael Sechlainn ocus
19] Cathal Og, dh'ec.

LC1472.4

Gofraidh O Cathan agus Cormac
20] mac Uibhilin, ocus Rugraidhe mac Uibhilin, dh'ec.

LC1472.5


21] O h-Eidirsgeoil Mor, .i. Fingean, do dul deg 'na tigh fein
22] iar n-denamh oilethri san Seam, ocus a mac .i. Tadg
23] mac Fingein dh'ec co h-aitirech ria cind mis iar m-bas
24] a athar, iar teacht on oiletri cedna.

LC1472.6

Baile na
25] Gaillmi do losgudh.

LC1472.7

Mac Feorais dh'ec, .i. Tomas.
26] Mainistir na m-Brathar Minur do tinndscnam a Dun
27] na n-Gall in bliadain cedna.

Annal LC1473

LC1473.0


28] Kl.Ienair; tri bliaghna déug ar tri .xx. ar .cccc. ar
29] mhile áois in Tigerna.

LC1473.1

Donnchadh mac Aodha Mag
30] Uidhir do dhol d'ég.

LC1473.2

Ruaidhri mac Airt I Neill d'ég


p.174


1] an bhliaghuin si, ocus foghmar an laoi dhuibh.

LC1473.3

O Cinneidigh
2] .i. Diarmait mac mheic Taidhg, tigerna Urmhumhan
3] Uachtaraighe, d'faghuil bhais.

LC1473.4

Mag Eochagan, .i. Cúchoigriche,
4] tighearna Cheinil Fiachaidh, do marbhudh le
5] ///cloinn Fherguil.

LC1473.5

Mathghamhain, mac Toirrdhealbhaigh
6] meic Briain I Bhriain, d'fhaghuil bais an bliaghuin si;
7] riodhamhna Tuaghmhumhan.

LC1473.6

O Conchubhuir Fhailge .i. Conn
8] mac an Chalbaigh meic Murchaidh, uachtaran einich
9] ocus engnamha ///ghaoidheal Laighean, d'faghail bháis iona
10] longfport féin.

LC1473.7

O Mathghamhna an Fhuinn Iartharuigh, .i.
11] Conchubhar, mac Diarmada, meic Domhnaill, meic Fínghin
12] meic Diarmada Móir, do dhul d'ég gu h-aithrigheach iona
13] longfport fein an Ard an Tennail.

LC1473.8

Mac I Eidirsgeoil
14] Mhoir, .i. Diarmait, d'fhaghail bháis.

LC1473.9

Mac Meg Carrthuigh
15] Móir, .i. Cormac mac Taidhg mheic Domhnaill Óig,
16] tanuiste Desmhumhan, d'fhaghuil bháis an bhliaghuin si.

LC1473.10


17] Mac mheic Domhnuill na h-Albun .i. Gilla Esbuig mac
18] Alustrainn mheic Domhnuill mheic Eoin na h-Ile, do ec
19] in hoc anno.

LC1473.11

O Conchubhair Connacht d'fhaghuil bhais an
20] bhliaghain si, .i. Feilim mac Toirrdhealbaigh Óig,
21] leithri O Muiredhaigh, do thuitim lé Síol g-Ceallaigh Atha
22] Líag.

Annal LC1474

LC1474.0


23] Kalluinn Ienair; ceithre bliaghna dég ar thri fiched
24] ar .ccc. ar mhile áois an Tigherna.

LC1474.1

O Madagan .i.
25] Murchad mac Eoghuin, tigherna Shil n-Anmchada,
26] d'faghuil bhais an bhliaghuin si.

LC1474.2

Mac I Bhriain .i. Tadhg
27] mac Conchubhuir, agus Diarmuid mhac an Easbuig
28] I Bhriain, do thegmhail a g-coimeasgur re cheile, agus
29] Tadhg do chur laimhe a n-Diarmuid da ghabhail, ocus
30] tug Diarmaid builledh do chloidheamh do Thadhg gur
31] lic a inchinn amach an ait an bhuillidh. Gabhuis Tadhg
32] eisein agus aincios 'na dhiaigh sin é, ocus beiris leis a


p.176


1] laimh é, ocus teasda Tadhg iarum, ocus crochuis O Briain
2] Diarmaid a g-cionaidh marbtha a meic; ocus do ba do
3] mhóirscéluibh Dal g-Cais an dis sin torchair.

LC1474.3

Easbug
4] Daire d'ég, .i. sair Niocol.

Annal LC1475

LC1475.0


5] Kl. Ienair; cuig bliaghna dég ar thrí .xx. ar .cccc. ar
6] mile áois an Tigherna.

LC1475.1

Aaodh mac Neachtain I
7] Dhomhnuill, riodhamhna Chineoil g-Conaill, do bhathut
8] a g-coite ar bhun Bhanna.

LC1475.2

Aodh mac Eoghuin I Neill do
9] dhul d'ég an bhliaghuin si.

LC1475.3

Mac Murchada, rí Laighean,
10] .i. Domhnall Riabhach mhac Geruilt, d'fhaghuil easgair dar
11] brisiudh a chos, agus a bhás do theacht de sin.

LC1475.4

O Ferghuil
12] d'eug, .i. Seadhun mac Domhnuill.

Annal LC1476

LC1476.0


13] Kl. Enair; sé bliadnae .x. ar tri .xx.it ar cethri ced
14] ar mile áiss an Tigernai.

LC1476.1

O h-Uiccinn, .i. Brían mac
15] Ferghail Ruaid, cend scoile Erenn ocus Alban, do dol
16] dh'ec an bliadain si.

LC1476.2

O h-Eghra Riabhach, .i. Uilliam
17] mac an Esbuicc, dh'éc in bliadain si.

Annal LC1477

LC1477.0


18] Kl. Enair. Seacht m-bliadnai .x. ar tri .xx.it ar .cccc.
19] ar mile oeiss in Tigernai.

LC1477.1

Sluaiged la h-Ua Neill
20] a Tir n-Oedhai, ocus an tír do milled ocus do loscadh
21] lais.

LC1477.2

Oedh mac Donnchada mic Tomaiss Még Uidhir
22] dh'ec.

LC1477.3

Brien mac Concopair Óic mic Concopair Ruaid
23] Mecc Uidhir dh'ec aighthe nodlacc.

LC1477.4

Plágh mor do teacht
24] a cuan Essai Rúaid, da n-dechaid moran doene a Tir
25] Conaill, ocus co h-airighi Mac an Bhaird.

Annal LC1478

LC1478.0


26] Kl. Enair; ocht m-bliednai .x. ar tri .xx.it ar .cccc.
27] ar mile oeiss in Tigernai.

LC1478.1

Corbmac Mag Carthaigh do
28] spochad re cloinn ///Diermadai an Dúnaidh.

LC1478.2

Mac an
29] Baird Tiri Conuill, .i. Gofraid, do dol d'écc an bliadain


p.178


1] sin don phláidh.

LC1478.3

An barún Delbhnai d'éc don plaidh.

LC1478.4


2] Goeth mor isin bliadain si co gar don nodluicc na
3] díeigh.

LC1478.5

Mac Rithbhertaigh, .i. Cithruad, d'ég.

LC1478.6

O Cobthaig
4] dh'ec, .i. Muircertach Bacach.

LC1478.7

Eassaonta mhór do fháss
5] etir Chloinn Maol Ruanaidh ocus Magh Luirc co h-uilidhe.
6] Mac Diarmada, .i. Conchobar mac Conchobair mic
7] Dhiarmada, ocus a braitri feissin, .i. slicht Conchobair
8] mic Dhiarmada, ocus Ruaidri Óg mac Ruaidri
9] Chaoich mic Dhiarmada .i. tanaisde Mhoighe Luirg an
10] tan sin, do éirghe a n-aghaid a chéli, ocus an tír dob
11] ferr do bhí an Erinn ar a méid féin do mhilled dhóibh
12] dibhlínaibh. Mac Diarmada cona braitribh do tharruing
13] mic Uillíam Búrc .i. Ricard O Cuairscidh ar chuid
14] Ruaidri mic Diarmada don tír, ocus gan anmhuin a
15] córaidh na a comtrom ris. An tir do mhilledh do Mac
16] Uilliam etir chill ocus tuaith, ocus gan do mhaith do
17] dhénum dhó isin tír acht a milledh, ocus a b-fhágbáil
18] aimhréidh ag imtheacht dhó. Sligech do gabháil do Mac
19] Uillíam don chur sin, ocus a mac d'fhágbáil na
20] bardacht dó. Iar n-imthecht mic Uillíam, imorro, as
21] Magh Luirg, ocus íar m-beth tri hoidhche an Ard Laodhach
22] ag cnám ocus ag coimmilled egluse ocus aois ealadan
23] mic Dhiarmada, tanic Ruaidri mac Diarmada don
24] tír, ocus ro shuidhidh a caoraighecht im Ard Charna, ocus
25] assin co Búill ar gach taoibh, ocus téid fein ar
26] Cruachán ocus ro goired tigerna dhe ar beolaibh
27] Conchobair mic Conchobair mic Diarmada. Ocus ro
28] gabadh an charruic leis iarsin; ocus ro bhói a trén na
29] tíre osin amach. Ocus ro marbadh, imorro, aon mac
30] mhic Diarmada ar an carruic don chur sin, .i. Tadhc
31] mac Conchobair mic Diarmada, d'urchor do shoighid.