AOIS CRIOST, 1602.
Aois Criost, Mile, Se céd, a dó.
Iar sraoinedh madhma Cinn t-Sáile lá Gallaibh for Gaoidhealaibh (amhaíl ro scriobhadh chena) an tres lá do mhí Ianuarii, & for an uathadh Spáinnech do muintir rígh na Spainne do-rala a maille friú an tan sin, Ro ghabh deinmne, & dásacht, & utmoille mór menman Ua Domhnaill (Aodh Ruadh) co ná ro thuil & ná ro loing h-i raimhe fri ré tri lá & teóra n-oidhche iaramh go ro ben ceill dia chabhair i n-Erinn conadh í airle ro chinn i n-ecmhaing na ree sin (tre comhairle Uí Néill gion gur bhó lainn lais-sidhe a comhairlécchadh dó) Ere d'faccbháil, & dol don Spainn d'ionnsaighidh an righ an 3. Pilip do chuinghidh fuilleadh sochraitte, & comhfhurtachta uadhaibh, uair ro badh dóigh lais-siomh gur bhó hé rí na Spainne aon ro badh mó co nicfeadh a fhóirithin, & lás ar lainne congnamh lás an c-cách nó chathaighfeadh dar cenn an chreidimh catolice Rómhanaigh do gres & araill ele tria na bháidh fri Gaoidhealaibh ar a t-tocht cétus do ghabháil Ereann as in Spainn amhail as follas isin leabhar dianidh ainm in Leabhar Gabhala.
O ro sgrúd-somh an chomhairle íshin báttar iatt do-raegha-somh ina chaoímhtheacht do dhol for an echtra sin, Remann a Búrc mac Seain, captin Aodh Muss mac Robeird, & Flaithrí mac Fithil Uí Mhaoilchonaire athair togaidhe
Do-dheachaidh imorra Ua Domhnaill co na fiallach i luing h-i c-cuan an chaisléin an 6. lá do mhí Ianuarii, & ro-s-iomluaidh tinfedh na céd ghaoithe du-s-fainicc trias an f-fairrcce f-fraoch aigmhéil go ro ghabhsat cuan an 14. la don mis cedna i c-comhfhochraibh don Chruinne, baile oirdearc ei-sidhe h-i ríoghacht na Galiseis in Spainn & bá h-ann-sidhe baoí Tor Breogain fris a raiti Brigantia ro cumhdacht feacht riamh lá Breoghan mac Brátha, & bá h-assaidhe tangattar clann Milidh Espáinne mic Bile mic Breoghain do céd gabhail Ereann for Thuathaibh De Dhanann. O do ruacht Ua Domhnaill i t-tír isin c-Cruinne ro gabh for taistel an bhaile, & do-chóidh do dhéghain Tuir Breogain. Bá faoiligh-siomh dia rochtain i t-tír an dú sin ar ro badh dóigh lais gur bhó célmhaine mhór maithes dó a thochar gusan maighin as ar ghabhsat a shinsir nert & cumhachta for Erinn feacht riamh.
Ro geallaitt innsin uile lás an Rígh dó-somh, & fuair airmhidin mhór uadha nach dóigh go f-fuair Gaoidheal riamh i n-deireadh aimsire a comhmór d'onóir ó nách rígh n-aile.
Iar n-dénamh a thoscca amhlaidh sin d'Ua Domhnaill fris in rígh, Ro chuinnigh an rí fair soadh tar a aís don Chruinne & airisiomh ann-sidhe com bó fúirithe dó tocht ina frithing. Do-róine siomh inn sin, & baoí h-i f-foss go léicc go mí August ar c-cionn. Bá crádh cridhe, & bá saoth menman lá h-Ua n-Domhnaill a fhod ro bháttar Gaoidhil gan furtacht gan fóiridhin uadha & rob' imchian lais baoí an armáil ro gealladh dhó gan rochtain go h-aon mhaighin, Ro triall doridhisi do dhol do lathair an righ dia fios créd an t-essnádhadh nó an t-iomfhuireach baoí for an sochraide ro gealladh lais, & ó do ruacht-somh don bhaile dianidh ainm Simancas (dá léicce o Ualladolíd do chuirt an rígh) bá sedh do dheónuigh Dia, & do chedhaigh a h-ainshén & a h-écconach, a misccaith, & a mallacht d'Inis Éiremhóin, & do Ghaoidhelaibh glan Bhanbha archena go ro gabh galar a écca, & easláinte a
Ruccadh dna a chorp go Ualladolíd (go cúirt an rígh) h-i c-ceithirriadh cumhdachta go n-drongaibh dí-rimhe do Stata, do chomhairle & do gharda an righ ina uirthimcheall go lochrannaibh lasamhnaibh, go sudrallaibh solustaibh do chéir caomhalainn ar comhlasadh dá gach leith dhe. Ro h-adhnacht iaramh i Mainistir .S. Fronseis isin c-capittil do shonnradh co miadhach mór onorach ionnas as airmhidnighe ro h-adhnacht aoin neach do Ghaoidhelaibh riamh. Ro ceilebradh oiffrinn & hymna iomdha, claiscetail, & cantaice ceoilbhinne do ráith a anma, & ro gabhadh a éccnairc amhail ro badh dir.
Monuar tra ro badh liach do sochaidhibh mhuich-erchra an tí testa annsin ar bá he-sidhe cenne coinne & comairle áthcomhairc, & iomagallmha ermhóir Gaoidhel Ereann cidh fri sídh cidh fri coccadh. Tighearna tothachtach toirbhertach go f-forsmalta flatha, & co n-dluthucchadh reachta, leó ar nert, & cumhachta go t-tomhaithemh & co f-forspraic i n-gníomh, h-i m-breithir, co ná lamhtha a urtuasacht itir, ar bá h-eiccen cecib ní nó fhorchongradh do dhenamh fair fó chédóir amhail ad-beireadh a bheoil. Colum ar chennsa, & ar ailghine fri neimhedh, eccalsa, & ealadhan, & fri gach n-aon ná frith tairisedh friss & ro badh riarach dhó. Fer ro dhing a ómhan & a imeccla ar chách a c-céin & a f-foccus, & for nár lá nách aon imeccla ittir Tigherna diochuirthe díbherccach, mudhaighthe meirleach, mhórtha mhac m-bethadh &
- Ticfa fer an éngha aird,
do-bhéra golmaircc in gach tír,
budh é sin an donn diadha,
is biadh .x. m-bliadhna 'na rígh.
Bá trógh tra ro bás ag Gaoidhealaibh Ereann iar n-écc Uí Domhnaill, doigh ro chlaochlaisiot a n-airrdhe & a n-aigenta, oir do-rattsat a milettacht ar miodhlachas, móirmhenma ar mheirtnighe, & uallcha ar inísle. Ro sgaith a n-gráin, a n-gaiscceadh, a n-gal, a n-gérraiteacht, a c-cosgar, & a c-cathbhuaidh iar ná oidheadh, Tallsatt céill dia c-cabhair gur bhó h-eigen dia n-urmhór dol for iocht eccrat, & ainffine, & araill ele for eisreidheadh & for sgaoíleadh, ní nama ar fud Ereann, acht seachnóin na c-cennadhach go coitchend ina n-aittreabthachaibh bochta d'innime dearoile, & dronga ele ag creic a n-amhsaine lá h-echtar chenelaibh go ro marbhaitt, & go ro mudhaighitt drechta dearmhara do shaorchlandaibh soichenelchoibh fer n-Éreann i n-aile criochaibh cianibh comhaighthibh, & ro badh ádhbha aineoil & eccalsa andúthchasa robtar Rómha adhnaicthe dóibh, ar aba écca an aoín fhir sin do érna uadhaibh. Acht chena ro badh eimhilt, & ro badh diochumhaing ríomh nó aisnéis do na mór olcaibh ro shíolaidh, & ro shíorchlandaigh i n-inis Ereann a los écca Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill an tan sin.
Iar sccaoíleadh do Ghaoidhelaibh iar maidhm Chinn t-Saile amhail remhebertmar ro chuir an Iustis an Presidens, iarla Tuadhmumhan, & iarla Cloinne Riocaird
Ro h-éistedh aithescc na t-teachtadh lasan Iustis & lasna maithibh archeana & ro h-aontaighedh dóibh amhail ro cuinnighsiot. Iar naidhm & iar nasccadh a c-coingeall dóibh dibhlinibh tánaicc Donn Ion hi c-cenn an Iustis, & ro fiadhaigheadh go h-onorach é lás an Iustis, & las na maithibh báttar ina fharradh. Do-thaod an Iustis an Presidens, & Donn Iohn go Corcaigh, & do sgaoílsiot cach dia t-tighibh as a h-aithle.
Imthusa iarla Tuadhmumhan tanaic-sidhe dia tir iar m-beith athaidh fhoda ina h-éccmhais h-i Saxoibh, & h-i c-campa Chinn t-Saile, & níor bó cian ro bhaoí h-i f-fos iar rochtain dó dia duthaigh an tan ro ionnsaigh na daoíne uaisle ro baoi ag aidhmilledh, & ac lot a tíre, o ro clos leó Donn Ion do tocht i n-Eirinn gusan uair sin. Ro badh diob-sidhe Toirrdhealbhach, mac Mathghamhna, mic Thoirrdhealbhaigh, mic Mathgamhna Uí Briain, & Conchophar mac Domhnaill mic Mathgamhna mic Briain Uí Bhriain. Bá h-eigin dhoibh-sidhe na bailte baoi ina n-orlaimh gus a t-tairrngedis cuid aitthreabthach, & aesa anffainn an tire dia saighidh (.i. Doire Eoghain & Baile an Chaislein) da chor in orlaimh dhaoíne c-comhthrom lás nár lainn lot tíre inntibh no eistibh. Do-rattadh focal, & cairde caicthidhisi on iarla doib-siomh le ceileabhradh dá c-cairttibh, & leis an tir d'fagbháil, & gan soadh tar a n-ais doridhisi gan ced an Iustis & na comhairle.
Dála na n-daoine uasal riasiu ro chaithsiot deiredh a f-focail ro triallsat
Iar sccaoileadh & iar m-básucchadh na n-daoíne uasal, & na f-foghladh sin lás an iarla do-chóidh go Luimneach, & as-sidhe go Corcaigh h-i c-cenn an Iustis. Ro fhorchongair an Iustis for an iarla dol go Bérre go t-tribh mílibh saighdiúir a maille fris, dus an c-caomhsadh ammus do thabhairt ar Ua Suillebhán m-Berre, & ar na daoinibh uaisle báttar ina farradh .i. drong do shíol c-Carthaigh, captin Tirial, Mac Muiris Ciarraighe O Concobhair, & Ridire an Glenna. Ni thard an t-iarla i n-eislis an fhorcongra sin, acht luidh reimhe gan anadh gan airisiomh go rainicc Mainistir Bendtraighe i n-duthaigh cloinne Eoghain Uí Shuillebháin. Báttar clann Eocchain ag congnamh lasan iarla i n-aghaidh Uí Suillebháin dóigh do-bhen Ó Suillebháin Dún Baoí & Berre dia n-athair-siomh do bhreith na comhairle toir & abhus, & baoí aga rádha gur bhó dó ro badh dleacht cíos d'faghbháil i m-Benntraighe.
Bá sé ionad a raibhe O Suillebhán co na shlógh an tan sin ag Ceim an Ghabhair
Tadhcc Caoch mac Toirrdhealbhaigh mic
Briain, mic Donnchaidh mec Mhathghamhna do mharbhadh go teccmhaiseach d'urchor peileir lá a mhach fein i m-Bérre a mí Maii na bliadhna so. Bá h-amhlaidh do-rónadh an marbhadh sin. An
President, & iarla Tuadhmumhan,
& an gobernóir
ciarraigheach .i. Sir
Serlus Uelment & tighearnaidhe na Mumhan do neoch
bhaoí dhiobh ag congnamh lás an b-prionnsa do thabhairt a n-aighthe uile ar
Bhérre, & ar Ua Suillebháin. Tarla do Thadhcc Caoch gur bhen sé long cendaighe amach ar an f-fairrge rias an tan sin. Ro iarr Ó Suillebháin iasacht na luinge sin ar Thadhg dia cur don Spainn do chuingidh cabhra ar rígh na
Imthusa iarla Tuadhmumhan iar n-dol dó-sidhe go Corcaigh h-i c-cenn an Iustis as í comhairle ro chinn an Iustis, an t-iarla do thionntúdh doridhisi go slóghaibh lais gusan oilén in ro fháccaibh-siumh garasún ria sin .i. Oilén Faoít, & coblach co n-ordanás do chor timcheall ar muir go rangattar h-i c-comhfhochraibh Dúin Baoí go ro ghabsat caladhport, & gabhaitt oilén dianidh ainm Baoí Bherre, & ro marbadh leó a bharda (im a c-caiptín Risderd mac Rosa mic Connla Meg Eochaccain).
O Suillebháin imorro iar m-bein an bhaile sin de, do-chuaidh co na buar, & cona bhótháintibh, co na mhuinntearaibh, & co na imirgibh ar cúlaibh a chnoc cenngharbh i n-diamhraibh, & i n-droibhélaibh a thíre. Baoí an t-iarla co na shlócchaibh, & O Suillebháin co na socraide ag caithemh, & ag comhfhuabairt aroile go h-aimsir na Nodlacc. Do-rónsatt an da shluagh sin forbhais & fosslongport aghaid ar aghaidh isin n-Glenn Garbh & bá do dicenn daingin Uí Suillebháin an glend sin. Báttar a dhaoíne ag edarsccarad go h-incleite gan athcomharc la h-Ua Suillebháin. Ro imthigh uadh cettus captin Tirial, & rob' eiccen dó-somh badhéin imthecht gan fhios, gan airiucchadh don iarla ar saoire na Nodlacc. Bá sedh a c-cedna h-uidhe as an n-Glenn Garbh go Baile Muirne, an dara h-oidhche i c-coiccrich duithche Uí Chaoímh & Mhég Amhlaoibh. An tres oidhche i n-Ard Pattraicc. An cethramhadh oidhche ag Sulchóid, an cúicceadh oidhche, & an seisedh oidhche i m-Bel na Coilleadh, an
Rob' éiccen d'Ua Suillebháin, d'Ua Choncobhair Ciarraighe, & d'Uilliam Burc mac Seain na Semar co na m-becc bhuidhin (uair ní rabhattar-sidhe uile, acht easbhaidh ar tri céd) anmhain acc Echdhruim Ó Maine le h-iomghuin, & ré h-iombualad, cothughadh lé cathlathair, & fromhadh a f-fíorgaiscceadh fris na h-il-chédaibh báttar
Mac Conmara Fionn, Sean mac Taidhcc, mic Conmeadha d'écc, 24. do mhí Fhebhru & Domhnall a mhac do gabh a ionad.
Toirrdealbhach mac Mathghamhna, mic an espuic Uí Bhriain do mharbhadh hi Maineachaibh le Sean a Búrc mac Riocaird, mic Seain ó Dhoire mec Lachtna.
Mac Bruaidedha, Maoilin Ócc, mac Maoilin, mic Conchobhair d'écc an lá déidhenach do mhí Dhecember. Ní bhaoí i n-Erinn i n-én pearsain Senchaidh, file, & fer dana do b'ferr inás. Asé do chum na duanta senchasa so i n-dán díreach.
Sluaiccheadh lá Niall n-Garbh Ua n-Domhnaill go n-Gallaibh & go n-Gaoidhealaibh amaille fris as an Fhraochmagh i t-Tir Eoghain ar foráilemh an Iustis baoi hi
Sloiccheadh ele lá Niall Ua Domhnaill do Ghallaibh, & do Ghaoidhelaibh ina fharradh go Breifne Uí Ruairc go t-tucc buar dí-rimhe lais.
King Semus do ríoghadh i n-ionad na bainríoghna Elizabeth an cethramhadh lá fichet do Mharta, 1602, do réir airmhe na Saccsan, & do reir rímhe na Romhan as 1603. & as ei-sidhe an seiseadh Sémus do rioghaibh Alban
Imthusa Í Neill & na n-Gaoidheal ro ansat i n-Erinn iar maidhm Cinn t-Sáile, bá sedh ro thioncoiscc, & ro aithin Ua Domhnaill Aodh Ruadh díobh ria n-imtheacht dó don Spainn calma do dhénamh acc cosnamh a n-athardha fri Gallaibh go t-tíosadh-somh sochraitte lais dia f-fóirithin, & airisiomh isin iomshuidhe i m-báttar ar ro badh becc a t-tesbaidh gé ro meabhadh forra. Ad-bert friu dna nár bhó h-urasa dóibh iompudh ineallmha dia t-tír dia madheadh ro badh lainn leó, ar nó beittís a naimhde & a m-bíodhbhadha agá t-tóraigheacht, & acca t-toccraim, & an drong robtar grádhach carthanach impa acc tocht dóibh don Mumhain, gomdís misccnech miorúnach iad-sidhe dóibh ag tionntúdh dia t-tíribh, & go m-beittis aga f-fuabairt, & acc dénamh a n-édala, & acc cluiche & acc fanamhatt impaibh.
Ní ro ghabhsatt tra maithe Gaoidheal an chomhairle sin, & ní dhearnsat fair an ro chuinnigh chuca ó na baoí fein etorra. Acht as edh ro chinnsiot tionntúdh dia t-tíribh. Lottar iaramh ina m-brédibh slóigh gan cennas uadhaibh d'aoin tighearna acht gach tighearna, & gach toíseach fó leith co na thairisibh, & co na mhuintir dhílis ina lenmhain. Monuar amh níor bhó h-ionann menma, & meisneach, brígh & borrfadh, báigh, & barann do na Gaoidhealaibh ag filledh ina f-frithing an tan sin, & amhail ro bháttar ó thús acc dol for an eachtra sin. Ro fíoradh forchanta na flatha Uí Dhomhnaill, & gach ní ro thairrngir dóibh, ar ní namá ro choimhéirghettar a m-bíodhbhadha bunaidh ina n-aghaidh rempa, & ina n-diaidh do chathucchadh friú, acht ro éirghettar an t-aos carattraidh, & coimhchengail, & a c-comhrannta coccaid go m-báttar ag deabhaidh & acc diubhraccadh forra in gach conair iomchumhaing trés ar chingsiot. Nír bhó h-urusa dia n-aireachaibh & dia n-uaislibh dia n-óccaibh
Rudhraighe dna Ó Domhnaill mac Aodha mic Maghnasa bá h-aicce-sidhe ro fháccaibh Ó Domhnaill (an adhaigh ré n-imtheacht dó) cennas a mhuintire, a thíre, & a thalmhan, & gach neithe ro badh toich dhó go t-tíosadh-somh ina frithing doridhisi, & ro aithin d'Ua Neill, & do Rúdhraighe gomdís carattrach fri aroile amhail ro bháttar-somh fein ina n-dís. Ro thingheallsat dó-somh innsin.
Ro iadhsatt Cenel c-Conaill iarttain im dhamhna a f-flatha gér bhó sccaradh cuirp fri h-anmain lá a n-urmhór edarsccaradh fris an t-í ro badh cuingidh & ro badh forlamhaidh forra gó sin. Ro ghabh tra mac Ui Domhnaill Rudhraighe acc réimshéducchadh a muintire co seitreach síorchalma in gach conair dodhaing do-imtheachta, in gach gábhaidh, & in gach guasacht do-rala dóibh ó do fhágaibhsiot Cenn t-Sáile go rangattar i n-urthosach earraigh go h-Iochtar Connacht airm i rabhattar buar, & brugadha, crodh, & cethra Cheneoil c-Conaill seachnóin na tíre isin c-Corann h-i Luighnibh, & h-i t-Tír Fhiachrach Muaidhe. Bá maith an buachail & an taoghaire do riacht cuca-somh annsin, ar gér bhó h-iomda crodh coiccriche ro fhaccaibh Ó Domhnaill agá mhuintir acc sccaradh friú, ní ro léicc Rudhraighe a n-athchumaoín uadha dia aimhdeoin do shaighidh nach tíre as a t-tuccadh iatt, dóigh ro shern, & ro shrethnaigh a amhsa, & a óccbhaidh for bernadhaibh baoghail, & for enaighibh eisinnile na criche co ná lamhtha tocht thairsibh d'foghail no d'inghreim neich dia mhuintir-siomh.
Baoí dna Ó Gallchubhair Eoghan mac Seain acc iomchoimhétt Baile an Mhótaigh ó Ua n-Domhnaill o ro triall isin Mumhain gusan tan sin, & ó do riacht Rudhraighe chuca do-bhert an baile n-dó co m-baoí for a chumas.
Caistiall Bheóil Atha Senaigh i m-báttar iomchoimhéda ó Ua n-Domhnaill do ghabháil lá Niall n-Garbh Ua n-domhnaill, & lá Gallaibh iar ná bhriseadh, & iar ná bhlaidhrébadh lá gonna mór do-beartsat chuicce, & an barda do tearnúdh as ar eludh ó na baoí cobhair ná comhfhurtacht i c-comhfhoccus dóibh & bá isin earrach do shonnradh do gabhadh an caistiall h-íshin.
Inis Saimhér & Inis meic Conaill do gabháil lá h-Aodh m-Buidhe mac Cuinn Uí Dhomhnaill, & Corbmac mac Donnchaidh Óicc Mhég Uidhir do ghabháil lais bheós.
Niall Garbh co na dearbhraithribh, & go n-Gallaibh do dhol i n-artraigibh for Loch Eirne go ro gabhadh, & go ro briseadh leó Inis Ceithlenn. Ro gabhadh leó din Daimhinis, & Lios Gabhail, & ro fháccaibhsiot bharda indibh.
Mac Suibhne Baghaineach, Donnchadh mac Maoilmuire do thocht d'ionnsaighidh Neill Uí Domhnaill & na n-Gall. Niall, & Mac Suibhne do thochar ré druing do Shiol Uidhir, & do Chloinn Chaba dia ro marbhadh sochaidhe & Brian mac Dubhghaill Még Caba do gabhail leó.
Oilén Cille Tighearnaigh h-i Fearaibh Manach do gabhail lá Domhnall mac Cuinn Uí Dhomhnaill, & édala iomda do thabhairt as.
Creach lá h-Aodh m-Buidhe mac Cuinn Ui Dhomhnaill for Tuathal mac Feilim Duibh Uí Neill i n-duthaigh Sleachta Airt Ui Neill.
Sir Oliuer Lambert do theacht sluagh mór do Ghallaibh & do Gaoidhealaibh isin t-samradh do shonradh go Slicceach, & báttar h-isuidhe hi f-forbhaisi for
Dala Sir Oliuer do-chóidh-sidhe & Cathbharr co na t-tionól go ro creachadh leó ina m-baoí ina c-comhfhoccus do Fearaibh Manach, & do-beartsat éttala iomdha leó, & imsuidhsiot dia t-tighibh.
Ro h-aisneidheadh do Sir Oliuer an tertriall do-róine Rudhraighe Ó Domhnaill, & amhail ro chuinnigh for Ua Ruairc tocht lais dia toirmescc-somh don turus rémhebertmar. Ro mhédaigh a aincridhe ní bádh uille fris as a los gonadh aire sin ro thóchuir fuilleadh slóigh a h-Athluain ina dochum do dhioghail a mhisccne for Rudhraighe. O'd-chualaigh Rudhraighe go m-battar Goill Atha Luain ag tocht don leith anuas dia ionnsaicchidh, & Goill Shliccigh don leith ele, Ro
tiomaircedh a chrodh & a cethra, a innile, & a airnéis lais tar Coirrshliabh na Seghsa h-i Maigh Luircc, as-sidhe tar Sionainn h-i Muintir Eolais, & co
Sliabh an Iarainn h-i c-Conmaicne Réin co na tarthaiter Goill ní díobh, & go ro iompaídhsiot Goill Atha Luain dia t-tighibh gan nach cosccar don cur sin. Do-thaodsat muintir meic
Do-chóidh umorro Rudhraighe budhéin go líon a thionoil go ráinicc go h-Oilén Locha h-Iasccaigh alla toir do Dhún na n-Gall airm a m-battar bardadha Uí Dhomhnaill, & in ro fáccbhadh Ua Concobair Sliccigh h-i laimh o ro gabadh ei-sidhe lá h-Ua n-Domhnaill go deireadh an t-samhraidh h-ísin. O do riacht-somh don bhaile báttar faoíligh a mhuintir riamh. Ro thingeall Ó Conchobhair a óighriar do mac Uí Dhomhnaill, & iar naidhm a c-cor & a c-connartha fri aroile ro léicc Ua Conchobhair a geimheal, & do-dheachattar iaramh tar anais h-i c-Connachtaibh.
I n-eacmhaing na ree sin .i. Isin f-foghmhar do shonradh ro thionoilsiot Goill Rossa Comáin, & Uachtair Chonnacht sluagh mór do thocht for Rudhraighe Ua n-Domhnaill doridhisi, & ní ro h-anadh leo go rangattar go Mainistir na Búille. Ro tecclamadh slógh n-aile lá Rudhraighe, & lá h-Ua c-Conchobhair ina c-comhdháil go riachtattar tar Coirrshliabh go ro ghabhsatt longport fo erchomhair an bhaile don taoibh araill. Do-bertsat a muinteara co na crodh, & co na c-cethraibh iarna c-cul ó Mhagh Uí Ghadhra h-i c-Cúil Ó f-Finn, gusan c-cend thoir do Coirrshliabh, ar bá h-omhan leo na Goill báttar h-i Sliccech dia c-creachadh dia n-éis dia m-beittis i n-eittirchéin uadhaibh. Báttar athaidh amhlaidh sin aghaidh i n-aghaidh h-i f-foichill aroile. Ro gonadh & ro loiteadh daoíne iomdha etorra in airett báttar isin mainistir. Bá cian lás na Gallaibh báttar an tucht sin gonadh edh ro chinnset ionnsaighidh an Bhealaigh Bhuidhe for Rudhraighe, & for Ua c-Conchubhair, & dol tharsa dia n-aimhdheóin. Ro freslaid & ro friotháilitt lás na Gaoidhealaibh uair ro ficcheadh sccainnear chródha etorra go ro marbhadh ile do na Gallaibh, & gur bhó h-eiccen dóibh fó dheóidh filleadh ina f-frithing iarna mélachtnucchadh go mór. Fáccbhaitt an mainistir iaramh, & do-dheachattar tar anais go Ros Comáin.
Du-s-ficc Rudhraighe & Ua Conchobhair tar Coirrsliabh, & ro ghabhsatt foslongport ag Esdara h-i f-forbhaisi for na Gallaibh báttar h-i Slicceach. Feacht ann du-s-narthaiter foirend do na Gallaib rémráite ag béin arbha, & glasgort
Ro thocaithsiot samhlaidh go h-urthosach geimhridh go ro chuir Lord Leutenant general coccaidh na h-Ereann (.i. Charles Blunt .i. Lord Mountioy), teachta & sccribhenn do shaicchidh Rudhraighe Uí Domhnaill dia aslach fair teacht fó shíth, & caonchomhrac. Bá h-eedh a t-tothacht dia rádh ris gur bhó h-iomairccidhe dó gé nó dhiccsedh fó sídh & cháirdine, & ro badh aithreach lais muna thíosadh ittir, uair do ruacht sccéla chuicce-siomh go ro écc Ua Domhnaill derbrathair Rúdhraighe isin Spáinn, & go n-deachaidh an coccadh do leithleith dia oidheadh, & ro badh toghaoís, & ro badh mealladh mór dó muna dearnadh sídh friusumh a t-traitte.
O ro h-airléugaitt na litre ro gairmit a chomhairligh go Rudhraighe dus ciodh do dhénadh & ro ghabh ag crúdh a chomhairle friú. Báttar foirenn díobh agá rádha nár bhó fír écc Uí Domhnaill, & gurab dia bhréccadh & dia thogaothadh-somh, & dia accomhal fri dligheadh ro d'olbhadh an sccél sin chuicce. Do bháttar drong ele agá rádh gur bhó fíor, & gur bhó degh-comhairle an t-síth do gabhail an tan ro bás aga h-aslach forra conadh fair ro h-anadh leó fó dheóidh ei-ssiumh & Ua Conchobhair Sliccigh do dhol go h-Áth Luain do naidm a siodha fris an n-general. Tiagaitt iarttain, & ro fiadhaighitt lasin n-general, & do-ratt onóir & airmhittin mór do mac Uí Dhomhnaill, & do-róine sídh fris a h-ucht an righ, & ro naidhm a chairdes fris-siumh sainrith. Comhairléiccis dó iaramh dol dia athardha diamadh lainn lais.