Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1601

M1601.0

AOIS CRIOST, 1601.

Aois Criost, mile, se céd, a h-aon.

M1601.1

Clann t-Seáin na Semar, mic Riocaird Shaxanaigh tar a t-tangamar a t-trasta tarla doibh-sidhe beith i c-campa i n-duthaigh Uí Mhechair i n-Uíbh Cairín is na cédlaithibh do mí Ianuari. Tánaicc brath, & taisceladh ó Buitilerchaibh orra isin maighin sin iarna chur amach do dhruing da n-daoínibh uaisle co f-fuighthi uain, & edarbhaoghal ar an ionnsaighidh isin ionadh sin i m-báttar. Conadh aire sin tainicc Sir Uáter, mac Seáin, mic Sémais Buitiler, & Mág Piarais .i. Sémus, mac Emainn, mic Semais, & drong do dhaoinibh uaisle an dá chonntae .i. Conntae Thioprat Árann & Conntae Cille Cainnigh h-i c-coinne, & h-i c-comhdáil, oidhce d'áirighe, go h-áit n-aontadhaidh n-aonbhaile. Ba he crioch ar chansatt ina n-iomaccallaimh, & ba h-air ro ansat ionnsaighidh do thabhairt ar in c-campa Chonnachtach san moichdhedhail ar na mharach.

M1601.2

Tarla ní n-emhghnathach, & célmhuine chinnemhnach don fhoslongport Bhúrcach sin .i. faill d'faghbhail ina n-iomhchoimett go rangatar a nesccaraitt ina n-inmedhon. Ro fágbhaitt iad ina f-faoinlighe fhodhbtha fheoilgherrta, & ina c-collaibh corcarda crosbhuailte sechnón a m-both, & a m-belsgálan. Ro marbhadh don chur sin


p.2228

O Sechnasaigh .i. Sean mac an Ghiolla Duibh, mic Diarmata, mic Uilliam boí for ionnarbadh o na athardha amhail gach foghlaidh ele h-i f-farradh chloinne Seain a Búrc. Do gabadh ann Sean Ócc mac Seain a Búrc, & ruccadh é da iomcoimhett go Cill Chainnigh. Terna Rémann a Burc, & Uilliam as in iomairecc sin go n-druing dá n-daoinibh a maille friu. Lottar assidhe i n-Eilibh, & nir bó cian a c-comhnaidhe isin c-crich sin an tan do asccnatar i n-Ulltoibh iar f-fágbhail na m-bailtedh bai leo d'airther Mumhan co n-uicce sin ar bhecc n-iomchoimhetta. Ar n-dol dóibh i c-cend Ghaoidhel an Tuaisceirt .i. O Neill, & Ó Domhnaill ro ghabh Rémann a Búrc acc fostadh amhsa do dhol i c-Cloinn Riocairtt & o ro fosttadh lais iad-sidhe tainicc is na cedlaithibh derrach tar Eirne. Ro gabh tre leithimel Breifne Uí Ruairc, do Chonntae Shliccigh, do Chonntae Rossa Comáin, & tar Shuca isteach i c- Cloinn Connmaigh. Gabhtar lais tighearna na tire sin .i. Mac Dauid, Fiacha, mac Hobeird Buidhe, mic Uilliam mic Tomais. Tánaicc Remann iar sin go tuaith an chalaidh i n-uachtar Ua Maine h-i c-Conntaé na Gaillmhe. An tan at-chualaigh iarla Chloinne Riocaird .i. Uillecca Burc an ní sin. Do-chuaidh-sidhe isin c-cenn thoir da thír d'feithemh, & d'forchoimhett ar Rémann. Tar gach coimhett da n-derna, do-coidh Remann an tres oidhce décc do mhís Marta gan airiucchadh, gan fhorchloisttecht don iarla, nó da fhorairibh tharsa h-i c-Cloinn Riocaird go rainicc go Tuaith Chenel Fheichín don taoibh thes do bharuntacht Liathdroma h-i c-Conntae na Gaillme. Do leicc Remann ar adhmadain na h-oidhce sin a cuid sgeimhelta fo comhair gach en bhaile don tuaith ó Maigh Glas go Crannoig Még Cnaimhin, & on Choill Bhric go sliabh. Baoí urmhor somhaoine na tuaithe cona

p.2230

h-uile maithes sogluaiste ar cumas Remainn ria medhón laoí an laithe sin. Do-thaéd iaramh do denamh comnaidhe go coilltibh bhairr na tuaithe, & baoi-sidhe a cethair, no a cúicc do laithibh ar an luaghaill sin, ag tarraing chuicce o na comharsanaibh & acc daingniucchadh ina thimcell co t-tainicc iarla Cloinne Riocaird gusan armáil as mó da f-fuair d'aés na tuaithe a maille ris gur shuidhigh campa ag Mainistir Chenél Fheichin. Battar a cethair, no a cúicc do laithibh fon ionnas sin, & marbhta n-emhoirderca dá n-dénamh etorra go t-tainicc Tadhg, mac Briain na Murtha, mic Briain Bhallaigh, mic Eoghain Uí Ruairc dronga dásachtacha d'óccbhaidh airmneimhnigh do chongnamh la Remann. O do ruccsat an dá fedhain i n-aoínfecht ar an iarla ro éirigh on f-foslongport i r-raibhe, & do-cuaidh tar beilghibh isteach i c-Cloinn Riocaird; lenaitt-siumh é o Baile Locha Riach, & ó do-dheachaidh an t-iarla co na muinntir uadhaibh don chur sin, ro cuartaigheadh, & ro crechloiscceadh leo-somh ó Liathdruim go h-Ard Maolldubháin, & co dorus an Fhedáin i n-iarthar Cheneoil Aodha. Ba isin tan sin do marbhadh uatha tighearna tire do Mhuimhneachaibh .i. Mág Donnchaidh, Donnchadh mac Corbmaic Óicc, mic Corbmaic. Ba sedh fodera dó teccmháil ar an turas sin Ó Néill dia bhreith i m-braighdenas as in Mumhain i n-errach na bliadhna so do-chuaidh thorainn, & a beith i n-Ulltoibh osin alle go ro gluais lás an c-cloinn sin t-Seain a Búrc, & gur tuit i c-coccadh Cloinne h-Uilliam amhlaidh sin.

M1601.3

Iar rochtain do Remann & da scceimheltoibh i t-tórann Tuadhmhumhan ro suidhigedh campa leó don taobh thiar do Loch Cútra. Tainicc ina chenn annsin duine ócc uasal do Dál c-Cais .i. Tadhg, mac Toirrdhealbhaigh, mic Domhnaill, mic Concobair Uí Bhriain, tria comhairle & asslach anndaoíne ecciallaigh gan athcomharc, gan fhiafraighidh dá athair, nó d' iarla Chloinne Riocaird fris a m-baoí


p.2232

a comhghaol, & a charattradh. O ro naidhm clann t-Seain a Burc, & Tadhg Ó Briain a c-comhaonta choccaidh re aroile, ro iarr Tadg a c-cenn trí lá iar sin cuideachta lais, do chor chuarta h-i c-cúil eiccin do Thuadhmumhain. Ní ro h-éradh ei-siumh imon aisccidh sin, uair tangatar drong do daoinibh uaisle an fhosslongpuirt co na c-ceithernaibh lais. Ro badh dibh-séin Uilliam mac Seain a Burc, & mac Mheic Uilliam Burc .i. Uatér mac Uilliam mic Dauidh, mic Emainn, mic Uillicc. Ar f-fáccbháil an fhoslongpuirt doibh do ghabhsat do choiccrích Cheneóil Aodha, & na h-Echtge, & do Chenel Dúnghaile. Sgaoilit a sgeimhealta ar gach taoíbh d'Forghas, fa iochtar O f-Fermaic, & fa Uachtar Chloinne Cuiléin. Do-cuaidh cuid díobh go Baile Uí Aille, & a f-foccus do Chluain Ramhfhoda. Sóaid tar a n-ais co na n-edálaib go Cill Reachtais h-i c-Cloinn Chuiléin Uachtair in adhaigh sin. Ag faccbáil an bhaile sin dóibh ar na mhárach rucc orra eirge amach an dá Cloinn Cuiléin cona n-daoínibh uaisle. Ruccsatt orra bheós bannadha iarla Tuadhmumhan. Gabhaitt an tóir thuadhmuimhneach sin acc diubhraccadh na n-diberccach go ro marbhsat drong da n-daoínibh ó tá sin go Míliuc Uí Ghrádaigh i n-oirther Chenél Dúngaile. Impaídhid an tóir, & ruccsat an lucht n-aile an c-creich gusan c-campa iar f-faccbail druinge dá n-daoinibh uaisli, & daosccarsluagh. Ro badh dibh-sidhe an mac sin Mheic Uilliam a dubhramar .i. Uater mac Uilliam Burc. Ro gonadh dna isin ló cédna Tadg mac Toirrdhealbhaigh Uí Briain d'urchor peileir gur bhó h-eiccen dó ar n-dol don campa d'aimhdheóin a aiccnidh aimhriaraigh, & a mhenmanradh mherdhána anmhain i n-othraisleabaidh, & dol fa lámhaibh legh.

M1601.4

Tangatar daoine dermhara a h-ionadaibh eccsamhla do mhuintir na bainríoghna h-i f-furtacht iarla Cloinne Riocaird. Ro badh dibh-sidhe a h-ocht, nó a naoí do bhratachaibh saighdiúiridhe ó phresidens dá Cóiccidh Mumhan. Tánaicc ann mac an iarla fein baí re h-athaidh rias an tan sin h-i f-fochair an Iustís drong bhuidhen d'óccbhaid anaithnidh. Tánaic din fer ionaid gobernóra Choiccidh Connacht, & tangatar beos congnamh sloigh on n-Gaillimh. Iar c-cloisteacht an chruinnighte


p.2234

sin do cloinn t-Seain a Búrc, ro athraighsiot tar a n-ais soir leith le sliabh ar dhaingnightibh tuaithe Chenél Fheichin, & airisit is na reidh bhothaibh i r-rabhattar roimhe sin. Nír bó cian doibh i-suidhe an tan tangattar clann an iarla .i. barún Dúine Cuillin, & Sir Tomás a Burc, & gach neach baoí infhedhma dá cloinn i remhthús na sochaidhe go sloghaibh líonmara a maille friú don tuaith ina t-tóraigheacht, & Ro gabadh longport taidbseach tendalach leo ar urlár na tuaithe. Ní raibhe iarla Chloinne Riocaird fein isin f-foslongport sin, uair do-rala teidhm tinnesa, & gabhadh ger eassláinte dó isin t-seachtmain roimhe sin, co nár bo h-iontsluaighidh an tan sin hé.

M1601.5

Iar f-fios sgél d'fior ionaid gobernora Chóiccidh Connacht & do bharún Dúine Cuillin Tadhg O Briain do beith beóghonta isin f-foslongport sin Remainn a Burc, ro chuirsiot prótexion a h-ucht na bainríoghna cuicce, & tainicc-siumh dia saighidh. Ro chuir an barún iodhlacadh lais go baile do bhailtibh an iarla .i. Liath Druim & nír bó cian a shaoghal-somh i-suidhe uair at-bath gan fhuirech, & ro h-adhnaiceadh é i m-Baile Locha Riach, & i m-Baile Átha an Riogh diaidh i n-diaidh in aoin t-sechtmain. Ba maircc tír o t-terda an t-ócc plannda ro écc ann sin, uair ba coimdes ar gach trealamh troda, & ar gach aidmibh ergaile ba gnath etir Eirennchoibh d'iomluadh i n-gurt gaisccidh. Ba lán do mhire, do mhenmain, do lúth, do lámhach, do mhíne do mhacaomhdacht, d'iomradh, & d'einech ei-sidhe.

M1601.6

Dála an champa sin tuaithe Cheneil Feichin battar ucht re h-ucht gach aon lá ag coimhétt ar a chéile o Fheil Patraicc co deireadh mís April co n-deachaidh teirce & traothadh i l-lóintibh & hi f-feólmach chloinne Seain a Burc, conadh aire sin ro thriallsat an tír d'fágbhail & iar f-faccbáil an tíre doibh tarla crech Uí Mhadagain chuca .i. Domhnall mac Seáin, mic Bresail. Do-chódar asaidhe tar Suca. Báttar clann an iarla ina lenmain in airett sin, & ro marbhadh daoine iomdha etorra dibhlinibh don chur sin. Clann t-Seáin a Búrc do dhol i t-Tír Conaill iar sin i c-cenn Uí Dhomhnaill, & clann an iarla d'filledh dia t-tír, & dia t-tighibh. Iar f-filleadh doibh dia n-dúthaigh as amhlaidh fuaratar a n-athair is na déidhenchoibh iar n-denamh a thiomna, iar c-ceilebradh da chairdibh collnaidhe, & iar c-críochnucchadh a dhál n-domhanda don iarla .i. Uillecc mac Riocaird, mic Uillecc na


p.2236

c-cend ro écc a mí May i m-Baile Locha Riach, & ro h-adhnacht i m-Baile Átha an Riogh co n-airmidin moir. Ro badh do mhoirscélaibh a aimsire etir Erennchoibh an t-í tesda ann sin, Tighearna fossaidh fírbhrethach, go n-gnuis aghaidh chaoín ionfhlatha, no bhíodh uis re a agallaimh, tais re a thiorthachaibh, colgdha re a chomharsain, & comhtrom a c-coiccertaibh, fer nar fionnadh a mhaoithe na a mheirtnighe i n-gurt gábhaidh o ro gabh gaiscceadh gusan lo at-bath. A mhac .i. Riocard do oirdneadh ina ionadh. Conadh do bhliadhnaibh báis an iarla at-rubradh.
    1. Se céd décc is bliadhain bhairr,
      o tháinicc Criost i c-colainn,
      lia ar c-cás gach terma da t-ticc,
      go bás an iarla Uillicc.

M1601.7

O Dochartaigh Seon Ócc, mac Seain, mic Feilim, mic Concobair Carraigh d'ecc, 27. Ianuary ticcherna triochait chéd Innsi h-Eóghain ei-sidhe, ní baí eimh tighearna thríochait céd do Ghaoidhelaibh ba ferr lámh & einech, & ro ba crodha comhairle inás. O Domhnaill do ghairm Uí Docartaigh d'Feilim Ócc .i. dearbrathair Sheain. Clann Ailin, & Clann n-Daibeitt do breith Chathaoir mic Seain Oicc hi c-cenn Gall go Doire, & an general Sir Henry Docura do ghairm Uí Dochartaigh dhe ar ulca la h-Ua n-Domhnaill.


p.2238

M1601.8

Remann O Gallcobhair epscop Doire do mharbhadh la Gallaibh i n-Oirecht Uí Catháin 15 Marta.

M1601.9

Sémus mac Somhairle Buidhe mic Alastrainn mic Eóin Chathanaigh, aon


p.2240

bharr áigh Cloinne Domhnaill ina ré cidh fri sídh, cíodh fri coccadh do écc Luan Cásg.

M1601.10

Mac Uí Briain Ara d'écc a mí febru .i. Toirrdhealbhach mac Muircertaigh mic Domhnaill mic Taidhcc. Ní baí a chomhaosta do thiccherna tíre i n-Erinn in oidhce at-bath. Duine esccaidh, ionnsaightheach, do-bheireadh a lorcc iomlán lais as gach tír i t-teighedh, & rob' annamh aonbhuidhen ag dol uadh san iomlaine i t-tiaghdais dia thír, nech do chosain an eng iathgharbh, echreidh, baí occa co ro écc, & a adhnacul ina longport fein i m-Baile an Chaislein.

M1601.11

O Raghailligh d'écc a mí April .i. Emainn, mac Maoilmhordha, mic Seain, mic


p.2242

Cathail fer arsaidh, arachliath, cuimhnech cianaosta, baoí esccaidh iomluaghaillech d'aigneadh, & d'inntinn ina aoídidh, & a adhnacul is an c-Cabhan i Mainistir

p.2244

S. Fronseis & mac a dherbrathar .i. Eoghan mac Aodha Conallaigh d'oirdneadh ina ionad.


p.2246

M1601.12

Ar n-dol don cloinn sin t-Seain a Búrc i c-cenn Uí Domhnaill (amhail ro aisneidhsiomm) ro ghabhsat acc inghreim, & ag foghail fon mhuinntir na bainriogna in gach airm a t-tiaghdaís i n-aoinfecht la h-Ua n-Domhnaill. Conadh aire


p.2248

sin ro fhoráil Ard Iustis na h-Ereann for iarla Urmumhan, derbrathair na cloinne sin .i. Sean Óg a Búrc (a dubhramar do ghabhail la druing do daoinibh uaisle Buitilerach i n-duthaigh Uí Mheachair i n-Uibh Cairin isin c-céd sheachtmain don bliadhain si) do básucchadh. Do-rónadh ind sin a mí Iún do shonnradh.

M1601.13

Concobhar mac Muircertaigh Gairbh, mic Briain, mic Taidhg Uí Bhriain do ecc fa Beltaine h-i c-Craicc Chorcráin, & a adhnacal i Mainistir Innsi.

M1601.14

Maire inghen Chuinn Ó Domhnaill ben Ó Baoighill Tadhcc Ócc, mac Taidhcc mic Toirrdealbhaigh d'ecc 6. Nouember & a h-adhnacal i n-Dun na n-Gall.

M1601.15

O Concobhair Sliccigh Donnchadh mac Cathail Oicc do ghabháil lá h-Ua n-Domhnaill Aodh Ruadh mac Aodha mic Maghnusa. Bá hé fochann na gabhala ishin .i. Ua Domhnaill ar f-faghbhail a fhesa co m-baoí Ua Conchobhair dia bhrath, & dia taisccéladh don Iustis & do Gallaibh Duibhlinne ar ro thingheall an Iustis athaidh rias an tan sin co f-fuiccbheadh a thír budhéin d'Ua Conchobhair on m-bainrioghain, & co léiccfidhe iarla ócc Desmumhan .i. Semus mac Geróitt (baoí i laimh h-i Londain) do shaicchidh a athardha ar bá h-í mathair an iarla óicc h-íshin bá bain-shéitigh d'Ua Chonchobair. O ro ba forréil, & o ro bá dearbh lá h-Ua n-Domhnaill innsin, Ro h-erghabhadh Ua Conchobhair lais, & rob' éiccen Baile an Mhótaigh do-rad-somh d'Ua Chonchobhair rias an tan sin, & Cúl Mhaoíle do thabhairt d'Ua Domhnaill doridhise & ro cuireadh Ua Conchobhair dia iomchoimhétt go h-Oilén Locha h-Iasccaigh h-i t-Tír Chonaill.

M1601.16

An t-iarla ócc so Chloinne Riocaird ro aisneidhsmar d'óirdneadh i n-ionatt a athar .i. Riocard a Búrc. Ro fhorcongair Iustis na h-Ereann .i. Lord Mountioy fair-sidhe tocht go líon lóicch & sochaidhe co Mainistir na Buille, & as-sidhe co Sliccech madh dia t-tíosadh díobh. Tangattar ar forailemh an Iustis do shaicchidh an iarla dronga dírímhe do na Gallaibh báttar h-i f-forbaisi ón m-bainrioghain h-i m-bailtibh móra na Mumhan .i. Luimneach, Cill Mo Ceallócc, Eas Geibhtine, et cetera. Tangattar dna isin toicheastal cedna sochaidhe do saighdiuiribh na Gaillmhe & Bhaile Atha Luain. Ar t-tocht dóibh-sidhe uile go h-aon bhaile do shaicchidh an iarla bá h-eedh a n-innithiomh uile dol co Mainistir na


p.2250

Buille & co Sliccech, & ar n-dol dóibh tar Suca, assedh ro chinnsett asccnámh soir gach n-díreach a ródaibh raoíndírghe Machaire Chonnacht go rangattar co h-Ailfinn a c-coiccrich Maighe Luircc, & Ua m-Briúin na Sinna Cloinne Cathail, & Moighe h-Aoí an Fhinnbhendaigh.

M1601.17

O Ro clos la h-Ua n-Domhnaill an tóichestal slóigh lánmhóir sin do thocht gusan maighin remhebertmar ro tarcclamadh a shlóigh dia shaighidh, & ní ro airis-sidhe co rainicc tar Coirrsliabh & tar Buill i Maigh Luircc co ro shuidhigh a longport eineach a n-ionchaibh friú. Báttar athaidh amhlaidh sin tul a t-tul acc feithemh & acc forchoimhéd aroile. Robtar iomdha a n-deabhtha & a n-dunoirccne, a n-iomarubadh, & a n-imesrorccain in airett báttar a f-foichill for aroile co ro sgithighit an sluagh Gall, & go ro shaisett fo aithmhéla dia t-tighibh.

M1601.18

Rangattar iarttain sccéla go h-Ua n-Domhnaill Niall Garbh mac Cuinn, mic an Chalbhaigh co na Ghallaibh, & co na Ghaoidhelaibh do thocht anoir tar Bernas go ro gabh longport i n-Dun na n-Gall i n-oirther Thíre h-Aodha. Iar f-fios sccél d'Ua Domhnaill Goill do thocht an dú sin bá doiligh mór lais mídhiach na mainstre, & Goill do beith accá h-ionattacht, & agá h-aitreabhadh inon na mac m-bethadh & na c-céiledh n-Dé diar bhó ruidhles í có sin, & ní ro damar dó gan dol dia f-furtacht madh dia t-tíosad dhe. Ba h-edh do-róine-siumh brughadha, & biattaigh Chenél c-Conaill co na c-cethraibh & co na n-innilibh d'fágbhail sechnóin Iochtair Connacht, & araill dia amhsaibh accá n-iomchoimhétt ar chuanaibh, & ceithearnaibh, & eachtarchenélaibh. Luidh feisin go n-urmhór a shlóigh lais dar Slicceach dar Duibh, tar Drobhaoís & tarsan Eirne ba tuaidh go ro gabh longport i n-ionad innill acc an c-Carraicc do shonnradh bá moa oldatt dí mhile ceimeann ó Dhún na n-Gall bail a m-baoí Niall Garbh Ua Domnaill co na Ghallaibh. Imthusa Uí Dhomhnaill ro fhorchongraidh-sidhe for drechtaibh dearmhara dia shloghaibh imásech beith occ iomsuidhe na mainistre do ló & d'adhaigh ar ná tíostais Goill sechtair a múraibh d'aidhmilleadh nach neith isin tír. Nír bhó sóinmhech airerdha ro chaithsiot an dí shochraitte [a n-aimsir] ar ro bhaí marbhadh, & mudhucchadh deabhaidh, & diubhraccadh acc cechtarnae díobh for aroile. Battar na Goill a c-cuimhge, & a t-tennta mhóir lasan


p.2252

caithis chianfoda in ro chungaibhset muintior Uí Domhnaill iatt, & nó elaidis araill díbh ina n-deisibh, & ina t-triaraibh go longport Uí Domhnaill lás in adhailcce & lasan c-cuimhge a rabhattar d' esbhaidh airberta bith. Ro thochaithsiot samhlaidh go diúidh September go ro dheónaigh Dia a dhíoghail & a aithbhe for na Gallaibh an mídhiach & an mí-imirt do-bertsat forr eicclésaibh & chubhachlaibh na sruithedh psailmcettlaigh .i. Mainistir Dúin na n-Gall, & Mainistir na Machaire Bicce i m-battar na Goill att-rubhramar a f-forbhais & a f-foslongport inntibh, & araill ele h-i c-Caislén Dúin na n-Gall. Ba sseadh díoghal do-bert dia foraibh cecib cruth at-rala .i. tene do dhol isin púdar baoí leó (fri foimhdin an choccaidh) i Mainistir Dúin na n-Gall co ro loiscceadh cubhachla clárfhuaighte, & cumhdaighthe cloch & claradh na mainistre archena. O ro airighsiott an lucht foraire & forchoimhétta baoí ó Ua n-Domhnaill ar na Gallaibh an doighear dhonnruadh dearglasrach, & an Smúit cheó diadh, & dethaighe ro meabaidh uas an mainistir ro ghabhsatt ag diúbhraccadh a n-ubhaillmhioll luaidhe, & a c-caor t-teinntighe ar dháigh go t-tíosadh Ua Domhnaill dia saicchidh a t-traitte do fhuabairt na n-Gall, ar bá cian leó airisiomh fri teachtaibh do chor ina dhocomh. Nír bho h-éisledach ro freccradh an

p.2254

urfhóccra sin lá h-Ua n-Domhnaill co na shlógh ar ro chingsiott go dian deinmnettach amhail as déine ro fhédsat ina n-drongaibh, & ina n-díormaibh go h-airm abáttar a muinntir gusan mainistir. Ba fuilidh foirniata an fhuabairt do-bertsat for na Gallaibh & for a c-cairdibh, & for a c-comhfhuilidhibh ro bhaoí tan. Bá duiligh díchumhaing do mhuinntir Uí Dhomhnaill frestal diubhraicthe na n-ócc báttar isin mainistir h-i c-Caistiall Dúin na n-Gall, & isin luing baí for an c-cuan for a n-ionchaibh. Acht chena robtar iatt muintir Uí Dhomhnaill báttar foirtille gé ro díothaighitt sochaidhe dhíobh. Bá do na h-uaislibh do rochair ó Ua n-Domhnaill h-isuidhe Tadhcc mac Cathail Óicc mec Diarmatta, caiptin oirdearc do Shíol Mhaoilruanaidh ei-sidhe. Do rochair don leith ele Conn Ócc, mac Cuinn dearbrathair Neill Uí Domhnaill co t-tribh cédaibh ar aon ris isin orccain sin.

M1601.19

O ro airigh Niall Garbh O Domhnaill an eiccendáil a m-báttar a mhuintir & na Goill do-dheachaidh gan airiucchadh siar lá h-or an chuain gusan Machaire m-Becc go hairm h-i m-báttar drong mhór do na Gallaibh, & do-bert lais iatt is in c-conair c-cétna d'furtacht na n-Gall ele báttar i t-tennta ag Ua n-Domhnaill co na muinntir, & ro ghabhsat foirenn na luinge ag deabhaidh, & ag diubhraccadh tar a c-cenn go rochtain dóibh tarna múraibh medhónchaibh isteach isin mainistir.

M1601.20

An tan do-rat Ua Domhnaill dia uídh daingen innille an ionaitt ina m-báttar, & an forlíon slóigh do riachtattar i t-tóirithin na n-Gall ro fhorchongair for a mhiledhaibh d'éirghe na deabhtha, & sóadh for c-cúlaibh ar nír bhó miadh lais a mudhucchadh i n-eccomhlann. Do-rónadh fó chédóir fair-siomh innsin, & do-bert a longport ní bá goire biucc don mhainistir & ro chuir araill dia muinntir isin Machaire m-Becc airm i m-báttar na Goill rucc Niall Garbh lais d'furtacht a mhuintire. Lá Feile Michil do shonradh ro loiscceadh an mhainistir, & do-rónadh innsin.

M1601.21

Baoí Ó Domhnaill samhlaidh isin iomshuidhe sin for Ghallaibh, & accá t-tabhairt a t-tennta, & a n-iomcuimhge ó dheireadh September go diúidh October gan nách n-gniomh n-oirdearc do dhénamh etorra in airett sin go riacht fios scél chuca an cobhlach Spainneach do rangattar don taoíbh ba dheas d'Éirinn d'furtacht na n-Gaoidheal báttar isin coccadh.


p.2256

M1601.22

Sluaiccheadh la h-ard Iustis na h-Ereann Lord Mountioy h-i mí Iun do dhul i n-Ulltoibh. Ní h-aithrister a imthechta co rainic co Bealach an Mhaighre. No bhiodh cosnamh & coimhett do ghnath o Ua Neill an dú sin. Ro machtaitt & ro mudhaighit daoine iomdha, & ro fáccbhadh sochaidhe d'échtoibh Gall & Gaoidhel i t-timchell an bhealaigh sin etir Ua Néill, & Goill go minic go f-fuair an Iustís faill & elang na huaire sin fair (an ní rob' annamh lais) go m-baoí ciumhsa & certlár an bhealaigh for a chumas don chur sin. Ro gabh campa isin ionad ba h-adhailcc lais don chonair ishin. Do-ronadh caislen cnesaolta i n-enach erdhalta baí for an c-conair sin lais. Iar c-criochnucchadh an caisléin dó a c-cionn mís ro fháccaibh dá ced saighdiúir ina bhardacht. Do dechaidh fein roimhe iar sin go Sliabh Fuaid, go h-Ardmacha, & tar Abhainn Móir isteach do dhol gusan b-Port Mór do tóccbhadh la h-ard Iustis na h-Ereann Lord Burough ceithre bliadhna rias an tan sin, & ro badh ag cur lóin isin b-purt sin h-i c-cenn trill iarna t-occbail tánaicc timdíbhe saoghail an Iustis sin budhein la h-Ua Neill. Ro bhen beós Ua Néill an port cédna (fo cenn m-bliadhna iar m-bás an Iustís) do muintir na bainrioghna iar t-tabhairt áir fer & feindeadh forra aga bein díobh, & bai an baile acc Ua Neill ó sin anall gusan tan so a t-táinicc an Iustís nua so dia shaighidh. Iar n-dol dó i c-comhfoccus don port sin ro fháccaibhsiot muintir Uí Neill an baile óbél oslaicthe for cionn a námat & a nemhcarat amhail rob' ainminic leó gó sin.

M1601.23

Is na cédlaithibh iar n-gabháil champa don Iustis isin b-port sin do-dheachaidh do mhidemhain, & do mhoirdhechain, & do breith radhairc ar an tír ina timchell. Ar n-dol dó ar brú na Beinne Buirbe do-rala dó for brú bhealaigh do bheilgibh an tíre, araill do ceithirn Uí Néill go niata naimhdidhe, go gruamdha, gnúisdorrdha, & ro feradh iomairecc uathmhar aingidh etorra adiú & anall go ro marbhaitt sochaidhe ile an dú sin. Acht namá ro badh mó do marbhadh do mhuintir an Iustis oldas d'óccbhaidh Uí Néill.

M1601.24

Ro shuí an Iustis d'aimhdeóin gach anfforlainn da f-fuair gus in c-campa


p.2258

ina frithing, & an tuairim míosa go leith baí isin b-port sin ní dheachaidh aon dia shloghaibh eadh aoín mhile thairis sin isteach i t-Tír Eoghain, co ro fhill tar a aiss h-i f-Fini Ghall, & go Baile Atha Cliath a mí August, iar f-fáccbail gharasún san Port Mór, i n-Ardmacha, i Machaire na Cranncha, i m-Bealach an Mhaighre, i c-Carraicc Fherghusa, isin Iubhar h-i c-Cáirlinn, isin t-Srádbhaile, i n-Droichet Atha et cetera. Ro badh méducchadh anma & onóra don Iustis a fhod, & a imcheine do-dheachaidh i t-Tír Eóghain don chur sin, amhail na ro chumaing fer a ionaid dol le ré a trí, nó a cethair do bhliadhnoibh gusan tan sin.

M1601.25

iarla of Essex fer foirtill, feidhmláidir, aghmar, aitheasach a h-ucht prionnsa Saxan, fer nó gnáthaiccheadh beith ina remhtoiseach foghla & gabhaltais acc feraibh Saxan i n-aile criochaibh, baís-sidhe dna leith bliadhain in ainm, & in ionad an prionnsa i n-Erinn amhail remhebertmar. Ro triall-sidhe isin c-ceidmí don bliadhainsi tár & tarcaisne do thabhairt don prionnsa & aitherrach cuir do chor don choróin. O Ro h-airighedh an mheabal sin la feraibh Lonndan, Ro eirghettar go h-athlamh urlamh i n-aghaidh in iarla go ro toifneadh, & go ro tograimedh é ó gach ionad dia 'roile tré sráidibh an bhaile, & dna tar an m-baile amach gur bo h-eiccen dó dol go tegh Essex dia imdhíden. Nír bó cian dó an dú sin an tan ro forcongradh fair ar éiccen é fein d'fóccra & d'furáilemh ina dhaoírchimidh díairm do mhuinntir na bainrioghna. Ro cuireadh e-sidhe iaramh dia chomhdha go trétúrdha don tor, & gach aon aga m-baoí cuid no comhairle, buain, no báidh ris an f-feilghniomh sin ro malartnaigheadh iad ina c-cethramhnaibh coimroinnte ar getadhaibh, & ar doirsibh an bhaile. Ro díchennadh an t-iarla isin ochtmadh lá


p.2260

deg do mí Febru. Ro básaigheadh mar an c-cédna isin c-coir remráite captin Lee duine uasal ei-sidhe baí ag forcongra for an iarla, ag cuidiucchadh & acc comhairliucchadh an gniomh h-ishin do dhenamh.

M1601.26

Semus, mac Tómais Ruaidh, mic Semuis, mic Seain, mic an iarla (dia ro gairedh iarla Desmumhan a h-ucht Gaoidhel amhail remebertmar) do chor a dherbrathar Sean, mac Tomáis Ruaidh, & Meic Muiris Ciarraighe, Tomás mac Patraiccín, mic Tomáis, mic Emainn, mic Tómais, & Piarusa Do Lés go h-Ulltoibh iar n-dol i n-einirte, & i n-ionnlaicce dó isin c-cleith coccaidh i m-boí fri Galloibh, d'iarraidh cabhra & conganta for Gaoidhelaibh an Tuaisceirt & ro an-somh budhein co n-uathadh buidhne a maille fris aga dícleith, & aga duaithniucchadh etir a fhiorchairdibh i n-uarbhothaibh uaiccneacha, & i n-uamhthollaibh talman. Baí-siumh athaidh amhlaidh sin go f-fuair an Ridire Fionn feacht ann (.i. Emann mac Seain) brath ar Shémus do beith i n-uamhaidh shainredhaigh h-i c-comhfochraibh a tíre, conadh é ní do-róine a brathair gaoil & genelaigh & a thiccherna i t-trétuireacht seal do bliadhnaibh reimhe sin do sharucchadh imon m-bloidh m-bicc tíre i m-boí, uair


p.2262

ni raibhe ina sheilbh don Mhumhain acht an uaimh sin ina t-tarla don chur soin. Ro lámhaigheadh Sémus lasan Ridire impi-sidhe go ro gabhadh lais é & do-bhert iaramh go Corcaigh h-i c-cend an phresidens gan pardún, gan protexion d'iarraidh dó. O do ruacht Sémusfor laimh an phresidens, fuair a iomcoimhet gan eislis go mí Iúl do shonradh. Ba isin mí cedna tainicc Fínghin mac Donnchaidh Még Cárthaigh (ar a t-tucctaoí Mág Carthaigh Mór an tan sin) h-i c-cenn an phresidens go Corcaigh, & amhail as deine ráinicc don bhaile ro gabhadh é ina bhraghaitt don bhainrioghain & ro ghabh Fínghin acca fhoccra os aird gan dícleith, gur bó ar breithir & ar protexion na bainrioghna ro bás aga ghabhail. Nír bhó torba dó-somh innsin, ar ro cuireadh-somh, & Sémus mac Tomáis go Saxoibh a mí August do shonradh. O do ruachtatar i f-fiadhnaisi comhairle Saxan ro forcongradh an tor do thaisenadh mar theghdais caithme, & codulta doibh o sin amach go crích a m-báis, nó a m-bethaidh do reir toile , & a b-prionnsa.

Ionadh gobernora do beith acc iarla Tuadhmumhan (Donnchadh mac Concobhair Uí Bhriain) h-i c-Conntaé an Cláir ó ló marbtha gobernora Coiccidh Connacht (Sir Coners Clifort) la h-Ua n-Domhnaill ar in c-Coirrshliabh. Ro congmhadh Session cóicc lá n-décc lais i Mainistir Innsi im Fheil Brighde na bliadhna so go ro crochadh se fir décc ar in session sin lais. An t-iarla cédna do dhol h-i Saxoibh hi mís Márta co na dherbrathair Domhnall a maille friss, & Domhnall do theacht anoir im Lughnasadh, & an t-iarla d'anmhain dia éisi go leicc.

M1601.27

An t-iarla ócc Desmumhan so a dubhramar do thocht a Saxoibh ina iarla h-i f-foghmar na bliadhna so do-chuaidh torainn .i. Sémus mac Gearóitt mic Semuis mic Seain, do-chuaidh-sidhe h-i Saxoibh i n-earrach na bliadhna so, & ro baí thoir gus


p.2264

an c-céid mí do gheimhreadh go ro écc an ionbhaidh sin, & munbadh tuitim a athar i n-aghaidh na bainrioghna, & amhail ro díothaighit a daoíne, & a deghlucht lenamhna la Galloibh, nó bhiadh dá Chúicceadh Mumhan ina h-en tuinn bróin, & basgaire, dogra, & doghailsi i n-deadhaidh in óicc meic h-isin, aoín aoibel beo na freimhe fíor dúthchasa, géscca d'iarsma glainchinidh an Ghréicc Cheineóil Gheraltaigh, & as móide rob' adbar imsniomha a oidheadh, gan oidhre meic, no brathar uadh fein, nó dia fhialus re a oirdneadh ina ionad, acht madh uathadh & an t-uathadh sin fein codarsna do recht an prionnsa.

M1601.28

Captin Tirial Risderd mac Tomais mic Risdeird do beith i f-farradh Uí Néill re h-edh na bliadhna so anall. An Captín sin do thocht fa Lughnasadh na bliadhna so co c-ceithernaibh congmála ó Ua Neill lais h-i c-Coicceadh Laighen. Ní roich ríomh, aisneis, nó áiremh ina n-derna an captin sin do crechaibh do mharbhtaibh, do ghabháil bhailtedh, & daoíne, d'airccnibh, & d'edalaibh h-i c-Conntaé Ceitherlach, h-i c-Conntae Chille Dara, h-i c-Conntae Ua f-Failghe & hi c-Conntaé Tioprat Árann ó Lughnasadh gusan c-ceid mí do geimhreadh ar c-cionn.

M1601.29

Burcaigh Iochtaracha .i. Mac Uilliam Burc Tepóitt mac Uatéir Chiotaigh baoí h-i c-cleith Uí Dhomhnaill, & dia ro ghoir ticcerna fechtriamh, & Tepoitt na


p.2266

Long mac Risdeird an Iarainn, baí ag imirt do ghrés a h-ucht na bainrioghna, bádar síodhach socharthanach fri aroile (cidh ón tan ro naidm O Domhnaill codach & carattradh etorra) gusan c-ceid mí d'errach na bliadhna so. Ro éirigh comhfuachadh coccaidh, & athcuimhniucchadh aincridhe etorra, & ba he Tepóitt na Long ro ba fotha re dúsccadh na diomdhaidh, & re fadódh na fírfheirge & re foraithmet na fala ro h-accradh etorra, go n-dernsat Sliocht Uillicc a Búrc aénbáidh i n-aghaidh Mheic Uilliam Tepóitt mac Uatéir go ro athcuirsiot & go ro ionnarbsat as a athardha é, gur bo h-eiccen dó dol do shaighidh Uí Domhnaill. Ro h-oirdneadh Mac Uilliam ele h-i c-cennas an tíre dia éisi la Sliocht Uillicc, & la Tepoitt na Long .i. Risderd mac Riocaird (.i. Demhan an Corráin) & as fris-siumh at-beirthi mac Demhain an Chorráin .

M1601.30

O do-dheachaidh tra Mac Uilliam Tepóitt mac Uatéir h-i c-cenn Uí Domhnaill ro acaeín a imnedh & a éttualang friss, & amhail ro toifneadh as a thír. Ba saéth la h-Ua n-Domhnaill an ní sin, ar a aoí ní ro fhéd a fhóiridhin i t-tratte, uair baí-sidhe co na shloghaibh, & co na sochraitte hi f-foimhdin & h-i f-foichill na n-Gall do rangatar dia thír, co ná caémhnacair dul i n-echtaircrích d'furtacht chaeímh, na coiccele lás an anfforlann baí fair ina tír budhein. Baí Mac Uilliam ina fharradh ón c-céid mí d'errach go Féil Michil ar c-cind. Ro fhaoidh Ó Domhnaill an tan sin an líon as lia ro fhéd do shochraitte lais do dhol d'fios a athardha h-i rann Mheic Uilliam. Iar n-dol dó co na thóichestal i n-eidirmedhón an tíre do-rala an Mac Uilliam sin ro h-oirdneadh la Sliocht Uillicc a Burc, & lá Tepóitt mac Risdeird an Iarainn do righe & do fresabhra fris-siumh for a chionn an chonair do-dheachaidh. Ro fighedh iomairecc ainttrennta etorra cechtarnae, & ro ghabh cách diobh ag foraithmet a senghomh & a nuafhaladh dia 'roile, go ro sraoíneadh fo dheóidh for Risderd mac Riocaird a Burc go ro marbhadh é budhein isin m-breisim sin. Conadh amhlaidh sin do-chóidh crioch a fhlaithera.

M1601.31

Cobhlach Spáinneach do thecht don taebh badhes d'Eirinn. Don Iohn de


p.2268

Agola ainm an toisigh ro badh general doibh. Ba he ionad in ro ghabsat port h-i c-cuan Chinn t-Sáile ag bun glaislinne Banndan h-i c-coiccrich chríche Cúrsach do thaobh, & Chineoil Aodha .i. dúthaigh an Bharraigh Óicc don taoibh ar aill. Ar t-techt doibh-siumh go Cenn t-Sáile ro thóccaibhsiot daingen, & díden, cosnamh, & cothucchadh an bhaile chuca fein o na h-aittreabhtachaibh báttar acca ionatacht

p.2270

gó sin. Ro rannsat a n-daoine uaisle, & a c-caiptini, & a n-aés conganta ar gach obair croinn & cloiche baoí isin m-baile. Ro tairrngeadh leó don bhaile as a loinges a b-próuision bídh & dighe, ordanáis, pudair, luaidhe, & gach n-adhailcce archena baí leó. Ro chuirsiot a loinges uatha tar a n-ais dia t-tíribh. Ro shuidhighsiot a n-gonnadha móra, & a n-aidhme caithme & cosanta in gach ionad in ro badh doigh leó a n-esccairde dia n-ionnsaighidh. Ro órdaighsiot bheos lucht faire, & forcoimhetta uadhaibh imaseach ina n-uairibh techta amhail ro ba gnaithbés doibh re t-tocht an dú sin, uair ba derbh deimhin leo go t-tiucfadh an Iustís go n-armáil na bainríoghna dia f-fuabairt an tan ro soisedh a sccela dia saighidh.

M1601.32

Baí imorra baile ele don taoibh thoir do chuan Chinn t-Sáile diar bho h-ainm Rinn Corrain i n-duthaigh an Bharraigh Óicc h-i c-Cenel Aodha do shonnradh. Ro cuirsiot na Spainnigh drong da n-dagh-daoinibh isin m-baile sin dia bhárdacht mar an c-cédna.

M1601.33

Iar c-clos na sccel sin do Iustis na h-Ereann, ní ro airis go riacht go Cenn t-Saile gusan lion as lia ro fhéd do neoch baí umhal don bhainrioghain i n-Erinn. Do riacht ann Presidens dá Coiccidh Mumhan go sochraitte na Mumhan a maille friss. Do riacht iarla Cloinne Riocaird, & gach cenn sloigh, & sochaidhe baí umhal d'aithne an Iustís h-i g-Connachtoibh co na t-toichestal amaille friú gus in maighin c-cédna. Tángatar beós Laighnigh, & Midhigh feibh ro forchongradh forra ón Iustis on modh remraite.

M1601.34

Iar rochtain doibh go h-aoín ionadh ro suidhighedh & ro sámhaighedh campa leó le h-aghaidh Chinn t-Sáile. Do-radsat aghaidh ar Rinn Corráin assidhe, & ní ro leiccsiot ciúnas, na comhnaidhe, tathamh, no tionnabhradh dóibh le h-athaidh fhoda, acht deabhta diana, & ammais fherrdha aga t-tabhairt doibh dia 'roile gur bhó h-eiccen do na bárdaibh iar gach n-eiccendáil da f-fuairsiot tocht di-airm for


p.2272

faesamh an Iustís iar f-faccbháil a munissioin, & a n-ordanáis. Ro rann an Iustis iad-sidhe ar bhailtibh móra na Mumhan go f-fesadh cionnas no bhiadh a eidirghleódh fris an lucht n-aile diobh battar h-i c-Cenn t-Sáile. Bá don chur sin ro marbhadh Cairpre Ócc, mac Cairpre mic Aedhaccáin baí na fher brataighe ag mac iarla Urmumhan.

M1601.35

An Iustis tra baí-sidhe co na shloghaibh, & Spainnigh Chinn t-Saile ag caithemh & acc coimhdhiubhraccadh aroile isin ced mí do gheimhreadh go ro comhairléicc an bhainrioghain & an chomhairle d'iarla Tuadhmumhan tocht go n-iomat long & laoidheng, go n-daoinibh, & go n-degh-armáil, & go lón lais do cabhair & do comhfhurtacht muintire an prionnsa i n-Erinn. Iar t-tocht don iarla & don cobhlach go cuan Chinn t-Saile tangattar i t-tír do thaobh muintire an Iustis don chaladhport. Ceithre mile fer ba sé an líon boí fo mhámus iarla Tuadhmumhan don armail sin. At-berat aroile munbudh med na menmanraighe & na meisnighe ro ghabh an Iustís ria n-iarla Tuadhmumhan, & rias an sochraitte sin go f-fúicfeadh an foslongport fás folamh, & go sccaoílfedh Goill ar a m-bailtibh mora as a h-aithle. Ro ghabh iarla Tuadhmumhan campa ar leith leis fein isin uillinn ba goire do Chionn t-Sáile do champa an Iustís.

M1601.36

Do-bhertsat Spainnigh an tan sin ionnsaighidh oidhche ar chethramhain do champa an Iustís go ro marbhadh sochaidhe leó, & do-bertsat clocha & geinnte


p.2274

i n-gonna mór d'ordanás na bainrioghna ar daigh go ro thoirmisccdís imo m-biodhbadhaibh a n-diubhraccadh ass, & no muirfittís ní ba mó munbad iarla Cloinne Riocaird uair ba he-sidhe gusan lucht tarla ina thimchell ro fhill na Spáinnigh tar anais go Cenn t-Saile. Ni bai eimh ossadh aén uaire do ló, no d'oidhche etir an dá champa sin gan fuil aga dortadh etorra on céd ló ro shuidhigh an Iustis a champa re h-aghaidh Chinn t-Sáile go sccarsat re 'roile amhail at-fiadhar síosana.

M1601.37

O ro clos sccela an chobhlaigh Spainnigh sin la h-Ua Neill la h-Ua n-Domhnaill & lá Gaoidhealaibh Leithe Cuinn archena, ba sedh ro chinnsiot (gion go n-deachsat a n-airigh & a n-uaisle i n-aoin ionad d'forbhadh a n-iomaccallma & do chriochnucchadh a c-comhairle) d'aon aiccnedh, & d'aén mhenmain, gach tighearna tíre aca d'faccbháil iomchoimhetta, & imdeghla for a chrich, & for a caoímhfheronn, & dol doibh co na rann, & co na sochraitte gan anadh, gan airisiumh do cabhair & do chomhfurtacht na Spáinneach tangatar for a t-togairm & for a t-tarnaing, uair bá crádh cridhe, & ba mesccbhuaidreadh menman leo a m-beith isin airc & isin eiccendáil i m-báttar aga m-biodbadhaibh, gan a c-comhfurtacht dia c-caomhsaitís.

M1601.38

Ua Domhnaill dna ba he-sidhe cétus do rionnsccain tocht an turus rin. O ro fháccaibh-sidhe lucht coimhetta for a chaoraighecht, & for a muintir uile h-i c-Conntaé Shliccigh ro asccná i n-urthosach geimhridh a Baile an Mótaigh. Báttar iad dronga do na maithibh báttar ina fharradh O Ruairc Brian Ócc, mac Briain, Clann t-Seain a Búrc, Mac Diarmata Maighe Luircc, Siol c-Concubhair Ruaidh, O Ceallaigh, & na maithe battar for ionnarbadh ina fhochair-siumh a Mumhain fris an m-bliadhain sin anall .i. Mac Muiris Ciarraighe Tómas mac Patraiccin,


p.2276

Ridire an Ghlenda Emann mac Tómais, Tadhg Caoch mac Toirrdhealbhaigh mic Mathgamhna, & Diarmait Mael mac Donnchaidh Még Cártaigh. Lottar na sloigh sin tria Conntae Rossa Comáin, d'oirther Chonntaé na Gaillmhe, tria Shíol n-Anmchadha, & go Sionainn. Ro tairmiomchuiredh i n-Áth Cróch iad-sidhe tar Sionainn, assidhe doibh do Delbhna Még Cochláin, go Feraibh Ceall, go muinchinn Shlebhe Bladhma, & go h-Uíbh Cairín.

M1601.39

Ro an O Domhnaill a n-gar d'fichit lá ar Cnoc Dróma Saileach in Uíbh Cairín acc iomfhuirech la h-Ua Neill baí acc tocomhladh co h-ionmall ina dheadhaidh. No bhíodh muintir Uí Domhnaill ag creachlosccadh, & acc indreadh an tire ina t-timcheall in airett battar h-i f-foss in dú sin, co na baoí tesbhaidh neith rob' adhailcc do shlogh ina longport-somh cian gairitt battar h- i-suidhe.

M1601.40

O't-cualaigh Ard Iustis na h-Ereann O Domhnaill do beith ag asccnámh dia n-ionnsaighidh ro chuir President da Choiccidh Mumhan .i. Sir Seoirsi Cary go c-ceithre milibh saighdiúir a maille fris, i n-aires dá la for a chionn ar dháigh thoirmescctha in uirtrialla baoí for menmain dó, & do ghabhail na conaire coitcinne fair. O ro fhidir O Domnaill an Presidens co na morshlógh do theacht h-i c-comhfhochraibh Chaisil ro asccná-sidhe co na sochraitte ó Uibh Cairín siar


p.2278

d'Uachtar Urmumhan do Mainistir Uaithne, do Cloinn Uilliam bruaich na Sionna go dorus Luimnigh, & siar badhes co rainicc gan anadh gan airisiomh a ló nó in adhaigh tar Máigh isteach i n-Uibh Conaill Gabhra. O ro rathaigh an Presidens Ó Domhnaill do dhol tairis i n-daingnighthibh an tíre, & an ro badh menmarc lais do dhol for nemhní, sóais co na shlógh tar a ais h-i c-centt an Iustis. Ro léicceadh Mac Muiris don chur sin lá h-Ua n-Domhnaill go n-druing don t-slócch amaille fris d'fiosrucchadh, & d'fhéccadh Cloinne Muiris. Acc siredh na tíre dóibh-sidhe fuarattar cuid do bhailtibh na críche in edarbaoghal go ro gabhaitt leó. Robtar iat a n-anmanna Lec Shnámha, Caislén Gerr Arda Ferta, & Baile Uí Chaola. Ro chuirsiot bardadha uathaibh is na bailtibh íshin. Bá don chur chédna do gabhadh lá h-Ua c-Conchobair Ciarraighe (Sean mac Conchobhair Uí Conchobhair) a bhaile fein .i. Carracc an Phuill baoí ag Gallaibh tuilledh ar bliadhain rias an tan sin & do-chóidh féin co na bhaile i c-commaidh Uí Domhnaill.

M1601.41

Baoí tra Ó Domhnaill a n-gar do shechtmhain is na h-oireraibh sin Ó c-Conaill Gabhra ag creachadh & ac comhlomadh, ag indradh, & acc orccain tíre gach aoin baoí ina comhfochraibh agá m-baoí buain no báidh lé Gallaibh. Do-chuaidh dna Ua Domhnaill iar sin tar muinchinn Sleibhe Luachra do Cloinn Amhlaoíbh do Músccraighe, & co Banndain h-i c-Cairbreachaibh. Tangattar imorro Gaoidhil Mumhan uile dia shaighidh an dú sin cenmóthá Mag Carthaigh Riabhach .i. Domhnall mac Corbmaic na h-Aoíne, & Corbmac mac Diarmada, mic Taidhcc tighearna Múscraighe. Ro gheallsat na Gaoidhil sin uile beith d'aon rann & d'aon aonta lais ó shin amach.

M1601.42

Imthusa Uí Neill .i. Aodh mac Firdhorcha mic Cuinn Bhacaigh ro fhágaibh-sidhe (sechtmhuin iar samhain) Tír Eoghain do dhol do chabhair na Spáinneach remhráite. Iar n-dol dó tar Bóinn ro gabh ag crechlosccadh criche Breagh & Midhe. Luidh iar sin d'iarthar Midhe, & d'oirthear Mumhan tar Siúir siar & nocha n-aithristear a imtheachta go rochtain dó go Banndain airm i m-baoí Ó Domhnaill. Baoí bheós Sean mac Tomais Ruaidh mic an iarla i f-fochair Uí Neill ar an turus sin.


p.2280

M1601.43

O do ruachtattar maithe Gaoidhel co na sochraide go h-aon bhaile ro gabhsatt longport don taobh ba thuaidh biucc do longport an Iustis i m-Bél Guala, i c-Cenel Aodha. Ro badh iomdha din cenn slóigh & sochaidhe, tighearna tíre, & taoiseach tuaithe h-i f-farradh Uí Néill, & Uí Domhnaill isin maighin sin. Ro badh mór tra menma & meisneach, gérraitteacht & gaiscceadh an lochta báttar an dú sin co ná baoí ard no aircenn h-i c-cóicc Coiccedhaibh Ereann for nár lásatt-sidhe nó drong eigin díobh a n-adhuath & a n-urgrain, a n-uamhan, & a n-imeccla do Ghallaibh, & do Ghaoidhelaibh báttar h-i f-frithbhert friú gusan tan sin. Robtar mince iomda a c-catha, a c-comhramha, a c-creacha, a c-comhruathair, a n-echta, a n-aidhbena for a m-biodhbhadhaibh i n-aile criochaibh go h-alt na h-uaire íshin. Ní tharla friú dna tren tarna tiostais, ná forlíon ar nárbhad fortail an c-cein baoí an Coimdhe, & an conach ag congnamh friú, & in airett do-rónsatt tol a t-Tighearna Dia & ro chomhaillsiot a aithenta, & a thiomna. Ro badh daighlíon tabharta tachair & cloite catha dia n-eccraittibh cidh araill do na fóirnibh báttar isin f-foslongport sin cen co m-bittís féin uile ag congnamh fri aroile, dia n-deonaiccheadh Dia dóibh cathucchadh co séitreach síor chalma d'aoín mhenmain, & d'aon aonta tar cend a n-irsi, & a n-athardha isin deidhendáil thennta i tecomnaccair a m-biodhbhadha aca don chur sin.

M1601.44

Do-rattsat tra Gaoidhil iomcumhga mhór for Ghallaibh óir nír léiccsiot fér, arbhar, nó uiscce, tuighe, no teine do shaighidh champa an Iustis. Battar athaidh amhlaidh sin ag iomchoimhett for aroile go ro fhaoídh Don Iohn general na Spáinneach scribeann co h-incleithe do shaighidh Gaoidheal dia aslach forra araill do champa an Iustis d'ionnsaicchidh aon d'oidhchibh, & go soichfeadh féin an cuid ele dhe isin oidhche cédna uair báttar séin i n-iomcumhga mhóir ag Gallaibh feibh ro bhattar na Goill a n-dicumhang ag Gaoidhealaibh.

M1601.45

Ro ghabhsat airigh Chenél c-Conaill, & Eocchain acc sgrúdadh a c-comhairle imon c-caingin sin & báttar esaontadhaigh fri ré im chinnedh ar aon comhairle uair bá sí airle Uí Neill gan a n-ionnsaicchidh ittir fó cedóir acht gabháil forra


p.2282

isin tennta i m-báttar go n-eiblidís lá gorta, & d'easbaidh gach aidhilcce ro badh t'esbhaidh doibh amhail at-bath araill dia n-daoinibh, & dia n-eochaibh archena gó sin. Ua Domhnaill dna bá cradh cridhe, & bá h-adhnár lais-sidhe coisteacht fri cosaoíd & fri h-eiccendáil na Spáinneach gan a f-furtacht as a n-ettualang i m-báttar diamadh a écc, nó a oidheadh, nó díth a dhaoíne tíosadh dhe, conadh fair d'eisidh leó fó dheóidh campa an Iustis do fhuabairt amhail ro h-erbadh friu.

M1601.46

An tan ro chomhfoiccsigh an oidhche erdhalta in ro chinnsiot an indsaighidh sin gabhaitt Gaoidhil a n- erradha áigh & imaircc go ferrdha forffaoíligh go m-báttar erlamh inimtheachta. Báttar imresnaigh a n-airigh fri aroile ag iomchosnamh thossaigh ionnsaighthe na h-oidhche sin do beith ag gach droing díobh. Conadh amhlaidh ro chéimnighsiot ina t-tríbh cóirightibh comhnarta catha, & ina t-tríbh lorccbhuidhnibh lerdha, líonmhara gualainn fri gualainn, & uillinn fri h-uillinn dar imealbhord a longport amach, Ua Neill go c-Cenél Eocchain gusan líon tarrustair ina fharradh do Airghiallaibh, & do Uibh Eachdhach Uladh ina c-cipe comhnart for leith. Ua Domhnaill co c-Cenél c-Conaill, & co na urradhaibh, & co c-Connachtaibh archena isin c-cipe araill. Ina m-baoí d'uaislibh Mumhan, Laighen, & fear Midhe co na sochraide (do neoch ro éirigh i c-commbáidh choccaidh Gaoidhel diobh, & ro bhaoí for ionnarbadh i n-Ulltoibh fris an m-bliadhain-si anall) báttar-sidhe isin tres cipe go cobhsaigh céimrighin gan cumasc fór slogh n-aile.

M1601.47

Iar n-asccnámh dóibh dar an longport seachtair amhlaidh sin, do-rala fordal conaire & sechrán slicchidh do na slocchaibh lá dobhar dhorcha na h-oidhche co nár urmaisettar a n-eolaigh saighidh gusan ionadh chinnte baoí for ionchaibh campa an Iustis go soillsi laoí ar a bharach. At-bearat araile go ro chuir neach sainrith do Ghaoidhelaibh rabhadh & rémhaisneis gusan Iustis go m-báttar Gaoidhil &


p.2284

Spáinnigh ag tabairt amais fair an adhaigh íshin conadh aire sin baoí an Iustis & armail na bainrioghna ar a m-bernadhaibh baoghail, & ar a n-enaighibh erdalta do cosnamh an champa fri a m-biodhbhadhaibh. O do-dheachaidh dorchata na h-oidhche for c-culaibh, & ó ro badh foreil soillsi an laoí do chách i c-coitcinne bá h-ann teccomhnaccair do mhuintir Uí Neill tocht i c-comhfocraibh muinntire an Iustis gan ráthucchadh do na Gaoidhealaibh ittir, & o robtar anffuirithe do-beartsat taobh friú acc airisiumh frí a n-orducchadh, & fri a n-innell, & d'anmain fria Ua n-Domhnaill & fris an lucht n-aile do-rala for fordal amhail remhebertmar.

M1601.48

O'd-connairc an Iustis an ní sin ro léicc diormadha diana deinmnecacha dia n-ionnsaicchidh go ro mesccsatt for muinntir Uí Néill go m-bádar agá marbhadh, & agá mudhucchadh acá t-traothadh, & acca t-tanucchadh go ro benadh a cúicc nó a sé do bhratachaibh diobh & go ro marbhadh daoíne iomdha uadhaibh.


p.2286

M1601.49

Ua Domhnaill dna do riacht-sidhe do lettaoibh muinntire Uí Neill iar sraoineadh forra, & ro ghabh-sidhe for aslach iomfuirigh for lucht an teichidh ag nertadh


p.2288

na h-iorgaile for a mhuinntir badhéin go ro mheabhaidh for a ghlór, & for a ghuth lá h-aidhble na h-accallma & na h-ardgharma baoi occa for chách a c-coitchinne ag cuinghidh for a saorchlannaibh airisiumh ina fhochair acc iombualadh fri a m-biodhbhadhaibh. At-beireadh friú dna gur bhó nár, & meabhal dóibh an ní nemhghnáth ro triallsat .i. a n-dromanna do tabhairt fri a naimhdibh amhail nár bó bés dia m-bunadh fhréimh riamh gó sin. Acht chena níor bhó torbha dó-somh i n-deirgeine uair ó ro mheabhaidh don chécna buidhin ro mheabhaidh dá gach druing ele diaidh a n-diaidh. Acht namá gé ro sraoíneadh forra nír bhó h-adhbhal an líon ro marbhadh diobh ar uaite lochta a t-tograma in aithfhéccadh ina m-baoi reampa.

M1601.50

Bá follus diomdha & a n-ainshén for Gaoidhelaibh glan Fhódla don chur sa, óir ro badh meince raon madhma ria n-uathadh díbh-sidhe for il-chédaibh do Ghallaibh inás a n-druim do thabhairt fri a naimhdibh i n-gort gliadh, & i m-beirn bhaoghail (in gach airm a c-comraicdís) gusan laithe h-íshin. Bá h-ádhbhal, & bá dírimh in ro fáccbhadh isin maigin sin gér bhó dedhbal an líon do rochrattar ann, uair ro fáccbhadh gérraideacht & gaiscceadh, & rath & roconach, uaisle & ionnsaicchidh, aireachas & airbeart, eineach, & eangnamh, cródhacht & cosnamh, crábhadh & caoín iris insi Gaoidheal isin iomairecc sin.

M1601.51

Tangattar an gaoidhealslógh im Ua Néill, & im Ua n-Domhnaill tar a n-ais siar co h-Inis Eocchanáin an adhaigh sin. Monuar tra ní h-amhail ro shaoilsiot tocht on turus sin bháttar in adhaigh sin ar rob' iomdha aithber iom aithbher, Mairgnech & meirten, dubha, & dogailsi ro bhaoí seachnón a longport in gach aird, & ní ro thuilsiot a saimhe, & ní mór má ro proinnighsiot. Bá h-uttmall anbsaidh ainiarmartach a c-comhairle ar rochtain i c-cenn aroile dóibh conadh edh ro chinnsiot fó dheoidh O Neill & Rudhraighe derbrathair Uí Domhnaill co na n-urradhaibh, & maithe Leithe Cuinn archena do shoadh tar a n-ais dia t-tíribh dimdeghail a c-criche, & a f-feraintt ar eachtair chenelaibh, O Domhnaill Aodh Ruadh, Remann


p.2290

mac Seain a Burc, captin Aodh Mus mac Roibeird do dhol don Spaintt d'accaoíne a n-imnigh, & a n-ettulaing lá rígh na Spáinne.

M1601.52

Ro fháccaibhsiott na maithe sin drong dia ranntaibh coiccriche isin Mumhain agá h-aidhmilleadh dia n-éis .i. captin Tirial, & an chuid ele do cloinn t-Seain a Búrc, & araill do dhaoínibh uaisle cenmothát. Ro ordaighsiott na h-ard Gaoidhil sin .i. Ua Néill, & Ua Domhnaill a c-cennas, & a n-uachtaranacht sin d' Ua Suillebhán Beirre .i. do Dhomhnall mac Domhnaill mic Diarmatta ar bá h-ei-sidhe cennphort cennais bá ferr dia rann-somh isin Mumhain, ar cheill & ar crodhacht an tan sin.

M1601.53

An tres lá do mhí Ianuarii ro mebhaidh an maidhm sin for Ghaoidhealaibh.