Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1599

M1599.0

AOIS CRIOST, 1599.

Aois criost, mile, cúicc céd, nochath, a naoí.

M1599.1

An t-iarla Chille Dara sin a dubhramar do dhol h-i Saxoibh isin m-bliadhain remhainn .i. Uilliam, mac Geroitt, mic Geróitt, Ro triall tocht in Erinn i n-errach na bliadhna so. Iar n-dol do h-i l-luing co n-ocht f-feraibh décc do mhaithibh na Midhe, & Fhine Gall maille friss, o ro sheolsat edh fairccsiona isin f-fairrgi ní confacus beó aéin neich diobh osin alle & ro badh a tiribh oile fo cenn da mhíos iar sin tainicc deimhin a m-báis go Saxoibh & go h-Erinn. Ni ro fhaccaibh-siumh mac, na derbrathair ina dheóidh do gébadh a chomhorbus, acht ro h-oirdneadh comhmbrathair dó (.i. Gearóitt, mac Eduaird mic Geróitt, mic Tómais, mic Seain Chaim) lasan m-bainrioghain & la comhairle Shaxan. Nech ei-sidhe baí na chaptin for shaighdiuiribh ag dénamh seirbhísi don bhainríoghain go ro leicc dia an inmhe sin dia shaighidh gan cath, gan coccadh, gan gábhaidh, gan guassacht.

M1599.2

O Maolmuaidh .i. Conall mac Cathaoir d'ecc i n-earrach na bliadhna so, & a mac .i. Calbach do ghabhail a ionaid a h-ucht na bainrioghna. Araill do dhaoinibh uaisle a chinidh acc fóccra & acc fuaidreadh fair (do reir gnathaighte Gaoidheal) a n-diaidh an anma sin.

M1599.3

Fergus, mac Briain, mic Briain, mic Rudhraighe, mic Cathail Uí Fhergail d'écc i mí márta, & ro badh adbar eccaoine ina thir fein ei-sidhe.

M1599.4

Domhnall, mac Neill Mheirgigh, mic Maolmuire, mic Aodha, mic Neill do mharbhadh la Maolmuire mac Briain Óicc, & la h-Aodh m-Buidhe, mic Firfhedha mhec Suibhne & iad-sidhe (do crochadh) do losccadh la h-Ua n-Domhnaill Aodh Ruadh ar Mullach Sithe Aodha h-i c-cionaidh a mi-gniomh, & tre choll a reachta.

M1599.5

Semus, mac Toirrdhealbhaigh, mic Tuathail Uí Gallcubhair do crochadh la h-Ua n-Domhnaill ar Mullach na Sithe ós Ess Ruaidh an cethramhadh lá do Mhárta iar na dherbhadh fair co m-baoí ag brath & ag taisceladh Uí Dhomhnaill, & acc tarraing Gall dia thír.


p.2094

M1599.6

Seoirsi Ciosocc, mac Tomáis do marbhadh i mí Iuíl la Toirrdhelbhach, mac Mathgamhna mic Toirrdhealbhaigh mic Mathgamhna, mic an espuicc Uí Briain im dhúthaigh a athar, uair do-rad Sir Risderd Biogam dúthaigh Mhathgamhna Uí Briain (iar n-a chur cum báis lais) don t-Seoirsi remraite, & bai-siumh a n-diaidh a athardha co ro marbhadh Seoirsi lais don chur sin, & ro h-adhnaicedh ei-sidhe i Mainistir Innsi.

M1599.7

Mac Uí Concobhair Chiarraighe .i. Donnchadh Maol, mac Concobhair, mic Concobhair, mic Seain do marbhadh i mí August la druing d'amhsaibh iarla Desmumhan .i. la cloinn Maghnusa Óicc, mic Maghnusa, mic Emainn mec Sithigh, & ro badh dith mór lasan iarla an marbhadh sin, ar ba dia comhrann coccaidh Ó Concobair badhein .i. Sean, & a dherbrathair an Donnchadh sin co na m-baoí ina t-tír uile.

M1599.8

Sean mac an Ghiolla Duibh, mic Semuis Uí Chinnéittigh ó Bhaile an Gharrdha Chnuic Síthe Una i n-Urmumhain do marbhadh la h-Aodh, mac Murchaidh Uí Cinneittigh ó Bhaile Uí Chuirc.

M1599.9

Prioir Lothra i n-Urmhumhain .i. Sean, mac Seain, mic Giollapattraicc Uí Óccáin do mharbhadh la druing do shiol c-Cinneittigh i mí Iul do shonnradh.

M1599.10

Mór inghen Domhnaill mic Concobhair, mic Toirrdhealbhaigh Uí Briain d'écc i mí ianuary ben sin rob' ionmolta i modhaibh mna.

M1599.11

iarla Tuadhmumhan .i. Donnchadh mac Concobhair Ui Briain do toidhecht a Saxoibh h-i mí Ianuary, & anmain do h-i f-farradh iarla Urmhumhan i m-Buitileracaibh co cend athaidh iaramh.

M1599.12

Mac do cloinn Uí Neill .i. Conn, mac Aodha, mic Firdorcha, mic Cuinn Bhacaigh do thocht i mí Ianuary do dhénamh cuarta ag cáirdibh & ag comhrann coccaidh a athar i l-Laighnibh, & isin Mumhain, dia fhios cia díobh ro baí i m-bun a c-carattradh & a t-tingheallta d'Ua Neill, & do Ghaoidhelaibh. Ro an urmhór an earraigh is na tíribh sin, ag faghbáil bídh dia amhsaibh, & aga nertadh isin c-coccadh i m-báttar.


p.2096

Baí iomathaighi coinne, & carattradh etir an mac sin Uí Néill & Mac iarla Tuadhmumhan .i. Tadg mac Concobair Uí Briain ar gach taebh do Shionainn.

M1599.13

Toirridhealbhach, mac Domhnaill, mic Concobhair Uí Bhriain d'fosttadh óccbhaidh & aésa tuarastail i f-fiorthosach na bliadhna so do chongnamh lás an m-bainrioghain i n-aghaidh a h-esccarat. Derbrathair ócc iarla Tuadhmumhan .i. Domhnall, mac Concobhair, mic Donnchaidh do beith i c-cendus, & h-i c-codhnachus muintire iarla Tuadhmumhan ag congnamh bheós lás an m-bainrioghain.

M1599.14

Iar n-gabhail na luinge Saxanaighe sin tar a t-tangamar thuas do Tadhg Caoch, mac Toirrdhealbhaigh, mic Mathgamhna ro fhás mothucchadh mío-mhuinnterais, & airrdhe essaonta etir é & an mac sin an iarla .i. Domhnall. Do-chuaidh an Tadhg sin i c-cenn Gallaibh iarla Desmumhan, & do-róine a mhuinnterus mar gach rann ele dar chengail a c-cor friss. Iar t-tocht do Thadg iarttain tar Sionainn tucc ionnsaighidh oidche ar an ócc macaémh ar Dhomhnall Ua Briain an seachtmhadh la décc do mí febru go Cill Muire ó m-Bracáin. Do gabhadh & do gonadhDomhnall lais, & ro marbadh drong da dhaoínibh diolmuine. Ruccadh é fein don Dún Bhecc dia iomchoimhett co na baoí acht seachtmain i l-láimh an tan do leicceadh amach é gan urradha, gan árach.

M1599.15

Ua Domnaill .i. Aodh Ruadh, mac Aodha, mic Maghnusa, baí-sidhe 'na comhnaidhe i i m-Baile an Mhótaigh i c-Conntaé Sligigh ó ro sraoínte cath in Atha Buidhe i n-urthosach August go Féil Brighde na bliadhna so. Bá fada lais-siumh gan dol isin c-cóiccrich ris an ré sin & ni fhidir caidhe an t-ionad erdhalta i r-raghadh uair ní ro fháccaibh áird, nó aircionn, diamhair na droibhél i c-Cóicceadh Connacht na ro innrestair, nó na tard geill, & eidire uadhaibh, genmothá Tuadhmumha an t-sainrid. Ro fóccradh imorro sloighedh lais do thocht i t-Tuadhmumhain i n-ecmaing na ree remraite. Tangatar tra Cenel c-Conaill céttus ina tionól. Ro badh dibh-sidhe Aodh Ócc, mac Aodha Duibh mic Aodha Ruaidh, mic Néill Gairbh Uí Domhnaill, Niall Garbh, mac Cuinn, mic an Chalbaigh, mic Maghnusa, mic Aodha Duib, O Dochartaigh Sean Ócc, mac Seain, mic Felim mic Concobhair Charraigh, O Baoighill Tadhg Ócc, mac Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh, mic Neill, Mac Suibhne


p.2098

Fánatt Domhnall, mac Toirrdhealbhaigh, mic Maolmuire, Mac Suibhne Bághaineach Donnchadh, mac Maolmuire Mheirgigh, mic Maolmuire, mic Neill, iad-sidhe uile co na sochraittibh. Tánaicc isin toischestal cédna Mág Uidhir Aodh mac Con Chonnacht mic Con Connacht, mic Con Connacht, mic Briain, mic Pilip, mic Tómais, & Mac Uí Ruairc .i. Tadhcc mac Briain, mic Briain Bhallaigh, mic Eoghain, & an Mac Uilliam do h-oirdneadh la h-Ua n-Domhnaill fein rias an tan sin .i. Tepóitt mac Uateir Chiotaigh mic Seain, mic Oiluerais.

M1599.16

Iar t-tocht do na maithibh sin uile co na sochraitte do shaighidh Uí Domhnaill go Baile an Mhótaigh. Ro baí d'aidble, & d'iomat an t-sluaigh go ro leicc sluagh i r-rann Mheic Uilliam diobh an c-cein no bhiadh-somh i t-Tuadhmumhain & ba siad na h-airigh roptar codhnaigh forra-sidhe .i. Mac Uilliam & Niall Garbh mac Cuinn Uí Domhnaill. Ro siredh & ro sairimthighedh lasan lucht sin on c-cenn thoir do Ghoisdealbachaibh go h-Umhall Cloinne Giobúin. Ro gabhadh leo don chur sin oilen Leth Ardáin, & ro marbhadh ocht f-fir décc do mhaithibh Cloinne Giobúin, gionmotá sochaidhe ele do dhaoinibh a maille friú. Ruccsat crecha, airccthe, & édala iomdha leo ag soadh doibh ón rann.

M1599.17

Dala Uí Domhnaill co na shloghaibh ro asccnáttar do dhol i t-Tuadhmumhain & ní ro h-airiseadh leo go rangatar gan ráthucchadh go m-bátar don taebh istigh d'abainn h-i c-Cloinn Riocaird. Ro gabhadh longport lethan laocharmach leo im tráth nóna do ló ar an Ruaidh Bheithigh etir Chill Colgan & Ard Raithin. Bátar hi-suidhe ag cinnedh a c-comhairle dus cionnus nó fhoiberdais an c-crích n-ainiúil gus a t-tudhcatar, & go ro chaithset ní dia lóintibh, & go ro thuilsiot a suan toirrchim ria n-dol h-i c-cenn mhórastair, & mhórshaothair doibh cenmotát an lucht friothaire báttar leó. Bádar samhlaidh go medhon oidhce. Ro forchongradh forra iaramh la h-Ua n-Domhnaill eirghe gan fhuirech d'asccnámh isin c-cóiccrich ria siú ro badh solus lá doibh. Atraighsiot iaramh fo cédóir. Lottar rempa iaramh í reidh dhíorgha gacha róid gach n- dírech go rangattar a moichdedoil na maidne isin


p.2100

c-cenn thoir do Choill f-Flannchadha, do triocha céd Ceneoil f-Fermaic i t-Tuadhmumhain. Ro rannsat a sceimhelta an dú sin. Ro leiccitt drong diobh don taobh budh tuaidh istech i m-Boirinn im Tadhg Ua Ruairc, & im Mac Suibhne m-Baghainech, & drong ele ther isteach go Baile Uí Occáin na coilleadh moire, go Tulaigh Uí Dheadhaidh, go dorus Bhaile Uí Ghriobhta. Do-dheachaidh Mag Uidhir go n-druing moir do slogh amaille fris [co h-Inis Ui Chuinn]. Do-taéd tra Ua Domhnaill go t-tothacht & go t-tiugh a shloigh amaille fris d'urlar Choille f-Flannchadha, do Bhealach an Fhiodhfail go Cill Inghine Baoith i n-Uachtar Dalccais ria midhmedhon laoí. Sóait an lucht do-choidh budhes, tar a n-ais budh tuaidh, do Dhruim Fionnglaisi, do Choradh Fhinn, & go Cill Inghine Baoith i c-comhdháil Uí Dhomhnaill. Tuccadh dia saicchidh an dú sin creacha Cheneoil f-Fermaic uile on Dísert, go Glend Coluim Chille, & go Tolaigh Chumann, & ó Cluain Sailchernaigh go Leim an Eich.

M1599.18

Ní riacht la Mac Uí Ruairc na la Mac Suibhne techt na chend la creachaibh Bóirne in adhaigh sin. Ni rainicc beós la Mág Uidhir techt don leith aile, ar ro gabsatar-sidhe longport in gach airm i r-rucc adhaigh forra.

M1599.19

Iar m-beith h-i f-fósslongport d'Ua Domhnaill in adhaigh sin h-i c-Cill Inghine Baoith ro fhaccaibh an baile ar a bhárach ria medhón laí, & asseadh do-dheachaidh i t-triochait


p.2102

chéd Corcumruadh go Cill Fhionnabhrach. Ro sgaoilit scceimhealta eiste-sidhe budh dhess go h-Eidhnigh, gusan m-Breintír f-Fermacaigh, & c-Corcamaigh [c-Cormacaigh] go dorus Innsi Díomain, go Cill Espuicc Lonáin, go Baile Paidín, & tar a n-ais soir go Cill Fhionnabhrach co na c-crechaibh, & co na n-édalaibh i c-coinne Uí Domhnaill. Anais hi-suidhe go h-orbharach co ruccsat a sloigh fair as gach aird i m-báttar. Tánaicc din Mac Uí Ruairc, & Mac Suibhne Bághaineach go c-crechaibh Boirne dia saighidh. Tánaicc dna Mág Uidhir go c-crechaibh & go n-airccnibh iomdha dia ionnsaighidh don leith aile. An tan at-connairc Ua Domhnaill na cnuic aga líonadh, & aga n-dubhadh ina uirthimchell do thaintibh do thromalmhaibh gacha tíre tresa t-tudhcatar a shlóigh. Ro triall sóadh tar a ais do dhromchladh na Bóirne bennghairbhe a moich néll na maidne dar Boirinn go ro-s-gabh roimhe don Nuachongbhail don Turlach, go Mainistir Chorcumruadh, do Charcair na c-Cleireach & do-roine airisemh na h-oidhce sin isin Rubha i n-Iarthar Ua f-Fiachrach Aidhne. Do-thaéd ar a bharach tre Uachtar Cloinne Riocaird, lá dorus Baile Átha an Riogh. Ní h-aithrister a imthechta iaramh o tá sin go Baile an Mhotaigh, Acht ro baí Mac Uilliam & Niall Garbh Ua Domhnaill for a chionn i l-leithimel Ua Maine go n-airccnibh, & go n-edalaib iomdha leó a rann Mheic Uilliam.

M1599.20

Ro ionntsamhlaigh an t-saoí shenchaidh & fhir dhána Mac Bruaidedha Maoilín Óg gur bho i n-dioghail diosccaoilte Grianáin Oiligh la Muircertach Mór mac


p.2104

Toirrdhealbhaigh [mic Taidhg] mic Briain Bhoroimhe fecht riamh Ro chedaigh Dia (tria esccaine Cholaim Cille for síol m-Briain) léircreachadh & láinindreadh Tuadhmumhan la h-Ua n-Domhnaill don chur sin, & tainicc an Maoílin Ócc cédna i c-cenn Uí Domhnaill do chuinghidh aisicc a chruidh tárathatar drong do na sloghaibh h-ishin. & do-radadh dó in óighe conadh ann do-roine Maoilin an rann.
  1. Do baí i n-dán i n-dioghail Oiligh
    a Aodh Ruaidh do rec an faidh,
    tocht bhas sluaigh go h-iath Mhagh n-Adhair,
    a tuaidh iarthar cabhair caigh.

M1599.21

IS an c-ceid sheachtmain do Márta tánaicc gobernoir Cóiccidh Connacht .i. Sir Coners Clifort go Gaillimh go slogh mór do dagh-daoínibh uaisle & go saighdiuiribh iomdha amaille friú. Iar m-beith dó i n-gar do shechtmain i n-Gaillimh ro chuir a seacht, nó a h-ocht do bandadhaibh gallda & gaoidhelcha go Conntaé an Cláir dia fhios cia dob' umhal, no dob' essumhal don bhainrioghain innte do órdaigh Tepoitt Díolmain & captin Lestair, & Sirriam Chonntaé an Clair fein .i. Risderd Sgorlócc h-i c-cennus forra go rochtain doibh co h-airm i m-baoí Toirrdhealbhach


p.2106

Ó Briain Dia t-tuccadh mar an c-cédna ughdarrás uaistibh. Bádair an chéd adhaigh h-i c-Cill Caeídi i n-oirther O f-Fermaic iar rochtain doibh don tír.

M1599.22

O't-cualatar i m-baoí do dhaoínibh diolmuine for muinterus Taidhcc mic Concobair Uí Briain rochtain doibh-sidhe don tír bádar ina n-oirchill, & acc dol tre Bhealach an Fhiodhfháil o Chill Caoídi siar do muinntir na bainrioghna ar na bharach ro ionnsaighsiot muintir Taidg iad go ro marbhadh daoíne iomdha etorra da gach leth. Ger bo mó ro marbhadh do mhuintir na bainrioghna, ni h-innister echt oirdearc diobh do thuitim. Ro marbhadh do leith na n-Gaoidhel duine uasal do shiol m-Briain .i. Diarmaitt Ruadh, mac Murchaidh, mic Concobair. Tar a n-dernadh ann do leicceadh an t-slighe do muintir na bainrioghna go ro ghabhsat airisemh & comhnaighe h-i c-Cill Inghine Baoíth i n-deireadh laoí.

M1599.23

Asseadh ro chinn Tadhg mac Concobair Uí Briain iar sin reidhiucchadh ris an m-bainrioghain, & Dia amhsaibh, & go sonnradhach do lucht tabairthe an tachair remraite. Ro chuir a thechta do shaighidh Tepóitt Diolmhuin go Cill Inghine Baoíth, & gusan n-gobernóir don Ghaillimh.

M1599.24

Ro fháccaibh Tepóitt Diolmuin & muinntir na bainrioghna Cill Inghine Baoith ar a bharach, & do-chóidhsiot go h-airm i m-baoí Toirrdhelbhach mac Domhnaill Uí Briain baí ina cleith fhosccaidh, & ina thulaigh toirlenga ag gach aén le budh áil do mhuinntir na bainríoghna. O rangattar-somh & Toirrdhealbach h-i c-cenn a chele ro ghabhsat iomshuidhe im Chathair Mionain i m-Baruntacht Chorcmodruadh baile ei-sidhe baí ina uaimh lattronn, & ina mhuine meirle gus a t-ticcedh slad, & sárucchadh an tíre ina thimcell a los Toirrdelbhaigh, mic Murchaidh, mic Concobhair Ui Briain duine uasal ei-sidhe baí h-i rann Gaoidhel an tan sin. Rob' éiccen an baile sin do thabhairt ar láimh muinntire na bainrioghna.

M1599.25

Ro fhaccaibh Toirrdhealbhach & Tepóitt co na mhuinntir Cathair Mionain, & do-coidhsiott h-i c-Corcbhaiscind Iartharaigh do dhénamh síodha le Tadhg Caoch mac Mathgamhna & ó na ro fhedsat a síodhucchadh ruccsat crecha & édala iomdha as an tír. Lotar soir as a h-aithle do Chorcobhaiscind Airtheraigh, & iaramh go


p.2108

h-Inis, go m-baoí Seission cúicc lá décc aca i n-Inis, & daoine uaisle an tíre & na Conntaé uile acca f-freccra. A c-cionn na ree sin do-deachaidh Tepoitt Diolmuin & captin Lestair as an tír iar f-faccbáil ceithre m-banna saighdiuiridhe, Shirriam, & Shuibshirriam (amaille le h-admhail ar chíos na bainrioghna do dhiol) innte.

M1599.26

Tánaicc dna iarla Tuadhmumhan h-i c-cionn t-sechtmaine iar sin don tír ar m-beith dó a n-gar do raithe i m-Buitilerachaibh. O do riacht go Tuadhmumhain, asseadh ro triall gan codladh da oidhce i n-en bhaile go ndechaidh do dioghail essonora & ionnsaighthe a dherbratar ar Tadhg Caoch, mac Mathghamhna. Ro h-ionoil urmhor an tire ina dhochom do dhol h-i c-Corcbaiscind Iartharaigh, & ro shuidh re h-aghaidh Chairrge an Cobhlaigh an Luan ria c-Caiscch-i mí April do shonnradh. Tuccadh crodh & cethra an tire uile o Chnoc Doire, go Leim Con Culainn Dia saighidh gusan f-foslongport sin. Fuair an t-iarla an baile fo chend ceithre lá as a h-aithle, & ar deireadh saoire na cascc ro tharraing an t-iarla ordanas o Luimneach do dhol re h-acchaidh an Dúin Bhicc, & iar suidhiucchadh an ordanáis for ionchaibh an bhaile ní ro ansat an bharda fri h-aon urchor do chaithemh friú an tan ro foccradh uatha an baile don iarla, & ní fhuairsiot do mhaithemh n-anacail acht an seal badar agá m-breith go garmain na croiche in ro crochadh ina c-cúpladhaibh iatt aghaidh i n-aghaidh. Fuair an t-iarla Dún Mor Mheic an Fermhacaigh on modh c-cédna. Iar n-gabhail na m-bailteadh m-baiscneach sin don iarla ro léicc an t-ordanás mór uadha go Luimneach, & do-chuaidh fein tar sliabh soir go h-urlár Tuadhmumhan. Tucc sé da duthchasachaibh fein gach baile dár gabhadh


p.2110

maille le h-esonoir don bhainríoghain. Ro badh dibh-sein Doire Eoghain, dá bhaile caisléin Cluaine. & Lios Aodha Finn.

M1599.27

iarla of Essex (.i. Roberd) do thecht i n-Erinn fo bheltaine na bliadhna so amhail do tinghealladh go n-iomat n-ionnmais, & n-armála, & muinission, Pudair, luaidhe, bídh, & dighe, & at-beirdís lucht a f-fairccsiona na tangatar a h-ionnshamhail sin d'armáil go h-Erinn riamh gusan tan sin ó do ruacht iarla Strangboe & Robert mac Stiamhna le Diarmait mac Murchadha la righ Laighen fecht riamh. Iar t-tocht d'iarla of Essex go Baile Atha Cliath ro h-erfuaccradh neithe iomdha lais, & ro ba dibh-sidhe cétus gach aon do Ghaoidhelaibh la badh aithrech dol in acchaidh na bainrioghna go f-fuiccheadh maithemhnas & pardún in gach coir da nderna gó sin. Ba dona foccartaibh cédna gach aén d'Eirennchoibh a déradh, go ro benadh a bhaile, no a dhuthaigh dhe la Saxanachaibh a los anbforlainn, nó foiréiccne go f-fuiccheadh aisecc ina indligedh foghar & eistecht don chur sin. Ar a aí nír bó mór do clannaibh Gáoidhel do-choidh fan toghairm sin.

M1599.28

Ro cuireadh lás an iarla sin garasuin saighdiúiridhe maille le gach ní rangatar ales go Carraicc Fhergusa, go h-Iubhar Chinn Trágha go Tráigh Bhaile Duine Dealgan, go Droichet Átha, go Cill Manntáin go Nas Laigen, & go araile bailte genmothát. Ro tecclamadh dan lais-sidhe seacht mile saighdiuir don armáil as ferr fuair, & do-chuaidh a h-Ath Cliath siar gach ndíreach, uair ro h-aisneidhedh dó na baí i n-Erinn do lucht foghla na bainrioghna drem ro badh usa dó d'ionnsaicchidh inád Geraltaigh feibh ro bhádar don chur sin. Ni ro h-anadh lasan iarla co na shloghaibh go rangatar i c-ceirtmedhón Chóiccidh Laighen, & nír bó saighidh carat i c-cein dó Gaoidhil Laighen d'ionnsaighidh don chur sin. Roptar iad-sidhe dan Domhnall Spainneach mac Donnchaidh, mic Cathaoir Charraigh Chaomhánaigh & Uaitne, mac Rudhraighe Óicc, mic Rudhraighe Uí Mordha, Siol c-Concobair


p.2112

Failgigh, Gabhal Raghnaill, & sochaidhe do daoinibh uaisle ele nách airimhther. Tuccatar din an lucht sin amais aighmeile, easscairdemhla, & debtha doilghe doifhrestail dó in enaighibh aimhreidhibh, & i m-beilgib belchumhgaibh t-tocraittís re aroile fo ro diothaigedh morán do mhuinntir an iarla leó. Ar a aoí tar gach n-ettualang da f-fuair ráinicc fadeoídh i m-Buitilerachaibh. Ticc iarla Urmumhan maille le h-onoir, & le h-airmittin ina chenn. Tánaicc din ticcherna

p.2114

Mhotha Gairett .i. Emann, mic Piarais Butiler
baí h-i muinntearus Uí Néill athaidh rias an tan sin. O do ruachtatar Buitileraigh h-i c-cenn an iarla lottar go líon a sochraitte h-i Trian Cluana Meala, & ro ghabsat acc iomsuidhe im Chathair Dúine h-Iasccaigh. Tomás, mac Tepoitt, mic Piarais Buitileir ro badh ticcherna for an m-baile h-ishin, & baí-sidhe h-i c-combáidh Uí Néill & iarla Desmumhan athaidh rias an tan sin. Nír bó torba don iarla co na sloghaibh an iomshuidhe i m-batar go ro tairrngedh órdanas mór leó ó Phort Láircce Dia saighidh, & go ro leccadh an leth fa nesa doibh don bhaile, conadh iar sin rob' eiccen doibh an baile do tabhairt d'iarla of Essex, & don bainríoghain;

M1599.29

Is na laithibh in ro shuidh iarla of Esex re h-aghaidh Chathraig Dhúine h-Iasccaigh tanaicc presidens dá Chóiccidh Mumhan .i. Sir Tomás Noruis ó Chorcaigh go Cill Mocellócc do thocht do lathair an iarla ria siú diccsedh go Luimneach. Bai-sidhe i n-gar do choicthides ina chomhnaidhe isin m-baile sin ag iomfhuireach fris an iarla do thecht tar Siúir, & no ghnathaigheadh gach re lá cuairt do chur im chnocaibh Chonntae Luimnigh dus an f-fuighbheadh baoghal gona no gabhála ar druing éiccin do do bhiodhbhadhaibh na bainrioghna. In aroile ló Dia n-deachaidh is in c-cenn thoir don chonntae do-rala dó (& gan neach aca acc iarraidh aroile) Tomás a Burc, mac Teboitt, mic Uilliam, mic Emainn ó Chaislén Uí Conaing. Ni ba aéin neach for eoch i f-fochair Thomáis gionmotha-somh budhdein. Batar dna a n-gar do chéd saighdiúir Ghaoidhelach ina fharradh. Iar na f-faiccsin don presidens tucc-sidhe sanntach solamhaigh Dia shaighidh go ro díolaithriccheadh a f-foccus d'fichit do muinntir Tomáis don chur sin, & do-dingentaí ní badh mó munbadh a thúscc ro gonadh an presidens uair do-rala forccomh feigh fíoramhnus do phíche do h-i c-comrac chorráin a gheill & uachtair a bhraghat. O't-conncatar a mhuintir ei-ssiumh ar na crechtnucchadh amhlaidh sin ro iadhsot ina uirthimcell go ruccsat


p.2116

leó e tar a ais go Cill Mochellocc, & baí sé seachtmuine ina othairlighe fo lamhaibh legh go f-fuair bás iaramh i mí Iul sainridh.

M1599.30

O ro gabhadh Cathair Dhúine h-Iasccaigh la h-iarla of Esex, tanaicc fein & iarla Urmumhan, & maithe an t-sloigh go Luimneach, & ro fhaccaibh a champa don taoibh amuigh do Luimneach. Tánaicc ina chenn don bhaile cedna gobernóir Cóiccidh Connacht .i. Sir Coners Clifort & iarla Cloinne Riocaird .i. Uillecc mac Riocaird Shaxanaigh, & iarla Tuadhmumhan Donnchadh mac Concobhair Uí Briain. O ro chriochnaighsiot na h-uaisle sin a c-comhairle h-i f-fochair aroile ro fhill an gobernóir & iarla Cloinne Riocaird tar a n-ais h-i c-Condachtoibh. Ro triall iarla of Essex, iarla Urmumhan, & iarla Tuadmumhan dol i Muimhneachaibh dus ann f-fuighbittís ell n-gabhala for Gheraltachaibh.

M1599.31

An chéd oidhce ro fháccaibhsiot Luimneach i mí Iun ro ghabhsat campa for ur abhann Átha Dara. Ag gabhail doibh ar a bharach Dia Sathairn siar seach móin Robhair ro thaisbeinsiot amhsaigh & óccbhaidh iarla Desmumhan, & an gasraidh Gearaltach a n-gnúisi dóibh. Ba fraochda forgranna an fiadhucchadh, & an failtiughadh tuccatar d'fior ionaid a b-prionnsa ar a chéd chuairt dia saighidh, óir ro leiccsiot dé, & detach a n-dubh púdair, & saithe peiler a gonnadhaibh gér radharcachaibh fo a súilibh. Ro clos lais beós glaéidhbeicedhach, gáir & gredhan a n-galgat, & a n-giollanraidhe i n-ionad na h-umhla, & na h-onóra, & na m-briathar seimh somblasta ro badh cubhaidh do chantain friss. Acht chena rob' e iomsccaradh na h-iorghaile sin, il-iomat daoine do dhíolaithriucchadh o iarla of Essex, & gan asstar badh ionáirmhe do leiccen dó an lá sin go ro gabh longport edh becc ó Eass Geibhtine soir. Dia Domhnaigh ar a bharach asseadh ro chinn iarla of Essex, iarla Urmumhan, & iarla Tuadhmumhan, marcsluagh do chor le muinission


p.2118

go h-Ess Geibhtine, & gan iad fein do dol ní badh sia siar is in Mumhain don chur sin. Acc filleadh doibh soir ar a bhárach Dia Luain la taebh Baile an Eleteraigh fuaratar troid thenn, thalcair, & gleo gonach gáibhtheach o Gheraltachaibh, & ro marbhadh drong dírimh do muinntir iarla of Essex an lá sin im Ridire oirdheirc ro badh mór ainm & onoir .i. Sir Hanry Noruis. Do-chuaidh iarla of Essex iar sin go Cill Mochellócc, & iar m-beith tri h-oidhce dó isin m-baile sin tucc a acchaidh budhdhes ar Chenn Feabhrat Slebhe Caoín mic Deircc Dualaigh do dhol i c-Criochaibh Roistech, & an tan do saoíleadh gabháil dó go Corcaigh ba sí conair i n-deachaidh dar áth Mainistrech Fhermaighe, h-i c-Conachail, h-i Maigh Íle, & do Lios Mór Mochuda. Báttar din Geraltaigh ag caithemh, ag coimhlenmain, ag toccraim, acc tóraighecht, acc fuiliucchadh, acc foirdherccadh forra an airett sin. O rainicc iarla of Essex do na Deisibh ro fhillsiot Geraltaigh go merrdacht, & go móir mhenmain dá t-tíribh, & dá t-tighibh. O ráinicc an t-iarla cedna go Dún n-Garbháin so ais iarla Tuadhmumhan uadh laimh le fairrge go h-Eochoill, go Corcaigh, & iaramh go Luimneach. Do-thaéd iarla of Essex o Dhún Garbháin go Port Láirge, assidhe i m-Buitilerachaibh, & i l-Laighnibh. Nír bó sóinmhech ro asccnátar tre gach conair triasa t-tudhcattar ó tá Port Lairge go h-Ath Cliath, uair ro báttar Gaoidhil Laighen aga t-tograim, & acca n-iarmóirecht, aga t-tacmang & acc t-timcelladh go ro marbhait, & go ro mudhaighit drechta dermara diobh in gach séd, & in gach slighe in ro ghabhsat. Ba sedh at-beirdís Gaoidhil Ereann gur bó ferr dó na tiasadh an turus sin ó Ath Cliath go h-Uibh Conaill Gabhra, & tilleadh dó tar a ais lás an céd choinngleo ro co cothaiccheadh na aghaidh gan umhla gan

p.2120

aidide ó Geraltachaibh, & gan aéin ceim badh ionmaoidhim re a fhaghbail ina imthectoibh, acht amhain gabhail Cathrach Duine h-Iasccaigh.

M1599.32

Baí Ó Concobair Sligigh Donnchadh mac Cathail Óig ar aon la h-iarla of Essex ar in sluaigheadh sin go soadh dóibh on Mumhain amhail ro aisneidhemar, & acc tilleadh doibh soir ó Chonallcoibh go Conntae Luimnigh ba h-ann-saidhe ro sccar Ua Concobhair friú, & do-chuaidh h-i c-Connachtoibh h-i c-cenn an ghobernora Sir Coners Clifort. Ni baí eimh aén bhaile dia bhailtibh ar cumas Uí Concobhair h-i c-Conntae Shliccigh an tan sin cenmotá aén chaistiall namá do bhailtibh Cloinne Donnchaidh Tire h-Oilella, & ba h-ann baí-sidhe for eochairimlibh Abhann Móire, Cul Maoile a ainm-sidhe. O ro baí Ua Concobair athaidh m-bicc h-i f-farradh an ghobernora ro asccná do ló & d'adhaigh go rainicc gusan m-baile h-i mí Iul do shonnradh. O do ruacht Ua Concobhair go Cúl Maoile tuccadh araill do cethraibh muinntire Ui Domhnaill (batar an tan sin sechnóin an tíre, gan airiucchadh da muinntir fein) go h-Ua c-Concobhair gusan m-baile.

M1599.33

O't-cuas d'Ua Domhnaill an ní sin ro ba lainn lais Ua Concobhair do thocht don tír, & ba fó lais an do-roine dus an t-tairsedh lais a n-deirgeine rias an tan sin do aithe fair. Ro fhorcongair Ua Domhnaill for a marcsloigh gan anadh fri a mhiledaibh troigtheacha co roistís an caislen co ná roichedh la h-Ua c-Concobhair fáccbháil an bhaile ria siú ríostais an slogh. Do-rónadh fairsiumh innsin, ar ní lamhtha urthuasacht a bhreithre idir. Lotar iaromh an marcsloigh feibh as deine ro nuccsat co rangatar an baile, & tangattar iaramh an sluagh ina lenmain co n-dernsat ciorcaill bhodba diobh i n-iomthacmang an dúnaidh. Ba dangen diothoghlaighi an caistiall h-i sin, & nír bó sodhaing forchoimhétt forsan tí las budhlainn a fhaccbhail, ar ba gar foccus do droibhelaibh doimthechta an t-ionadh i t-tarrustair é. Gabhais Ua Domhnaill longport ar belaibh an fedha baí don taobh araill don abhainn baí la hur an bhaile. Ro h-ordaighedh lucht feithme & foraire lais in oidhcibh & h-i láibh forsan dúnaidh da gach leth, & no bídis drong diormanna mora dia mharcsloigh for a n-eachaibh isin f-friothaire ó fhuinedh nell nóna co h-admadain, ná ro elaidhedh Ua Concobhair uadhaibh. Ro leth tra na sccela sin fo Erinn .i. Ua Concobhair Sliccigh do beith isin iomcuimge sin ag Ua n-Domhnaill h-i c-Cuil Maoile, & o ro clos la h-iarla of Essex in ní sin ro fhaíd


p.2122

techta do shaighidh gobernóra Cóiccidh Connacht, & ro athain de tocht ina choinne lá d'áiridhe go Feraibh Ceall. Fuair an gobernóir mór f-forlainn & f-foireiccne ag gabhail tre Feraibh Cell ag dol i n-dáil in iarla ar ro marbhadh sochaidhe mór do d'aesccarshluaigh & do dhagh-daoinibh uadha. Ro badh dibh-sidhe Risderd, mac Uilliam, mic Risderd, mic Oiluerais a Burc, duine uasal do Burcachaibh Tíre h-Amhalgaidh, & do cuireadh guais a fhágbhala ar an n-gobernoir fein. Ar a aoí rainicc h-i c-cenn an iarla, & báttar frí ré dá lá co na n-oidhchibh i f-farradh aroile acc sgrudadh a c-comhairle. In eacmaing na ree sin ro leicc an t-iarla fuilleadh sloigh, & saighdiuiridhe lás an n-gobernoir, & ro fhorcongair fair iar rochtain Bhaile Átha Luain dó a fhurail ar Tepóitt na Long, mac Risdeird an Iarainn, mhic Emainn, mic Uillicc, ar Murchadh na Maor, mac Domhnaill an Choccaidh, mic an Ghiolla Duibh Uí Fhlaithbhertaigh, & ar éirghe amach na Gaillme an sdorus bídh & dighe, & a naidhme dénma caisteóil tánaicc ó Shaxoibh go Gaillimh, do breith timcell bhudh tuaidh tar cennaibh cuan, & caladhport go cuan Sliccigh, & an feissin co na uile shochraitte do tocht do tír tré reidh dírge gacha roíd go roicheadh go Cuil Maoile, & Ua Concobhair Sliccigh d'furtacht, & d'foirithin as an airc, & as an eiccendail i m-baoí ag Ua Domhnaill. Ro forcongair an t-iarla beós ar an n-gobernóir gan sódh tar a ais for c-culaibh co ro cumhdaighte caislen daingen díothoghlaighi h-i Slicceach lais nó ghebhadh frí h-Ulltoibh do ghrés.

M1599.34

O ro ghabh an gobernóir do laimh innsin uile ceilebhrais don iarla & do-taéd go Baile Atha Luain & ro smacht for Thepóitt na Long, for Murchadh na Maor, & for muinntir na Gaillme go t-tíostais h-i loinges fri h-or n-Érenn gach n-dírech aniar go Slicceach. Ni ro leiccsiot-somh i n-eislis innsin uair do ruachtatar gan anadh, gan oirisiumh go ro sheolsat a c-cobhlach laimh des fri tír go ro gabhsat isin c-cuan fri Slicceach aniar. Anaitt ann-saidhe feibh ro h-erbadh friú go f-festaoís sgéla an t-sloigh. Do-taéd din an gobernóir budhein go Ross Comain, & ro tecclamadh lais ina m-baoí ina cumangh do Ghallaibh & Ghaoidhealaibh báttar fomhámaighte don bhainrioghain ina comhfochraibh. Ro badh


p.2124

dibh-séin clann iarla Cloinne Riocaird .i. barún Duine Coillin Riocard & Tomás, Ó Concobair Donn .i. Aodh, mac Diarmata, mic Cairpre, Tepóid Díolmuin & Mac Suibhne na t-Tuath Maolmuire mac Murchaidh Moill, mic Eóghain Óig baoí for foghail, & esraon ó Ua n-Domhnaill i f-farradh an gobernóra an tan sin. Do-dheachatar iaramh ó Rosschomáin co Tuillsce, Bátar dna ocht m-bratacha fichett saighdiúiridhe acc faccbháil an bhaile sin doibh isin domhnach ria Lughnasadh do shonradh. Rainicc an co na shlogh ria medhon laoí an lá sin go Mainistir na Buille & ro bhuí h-isuidhe acc faichill an uirtrialla do-róine fo dheóidh.

M1599.35

Dála Uí Domhnaill ó thairnic lais an iomshuidhe do dhrud & do dhlúthucchadh fris in dúnaidh i m-baoí Ó Concobhair amhail ro ba data lais co ná leiccthe neach inonn, no ille isin m-baile, Ro fhaccaibh Niall Garbh Ó Domhnaill i t-toísighecht aésa an iomchomhétta, & ro thioncoiscc dó gach ní bá dír do ghniomh. Luidh feisin co na sluagh co Coirrshliabh na Seghsa, & gabhais longport h-isuidhe ar na tíosadh an sluagh eachtrann tairis gan rathucchadh, uair ón c-céidfhecht ro clos lais uirthriall an gobernóra dia shaicchidh for forcongra iarla of Essex baoí ina foimhdin & ina fhoichill fri ré da míos go cóicc decc August i n-aircionn an Bhealaigh buidhe fri Coirrsliabh a tuaidh. Acht chena ro bhattar a slogha for sccaoileadh & for eisnedheadh uadha i n-ionadaibh eccsamhla .i. drong diobh i n-iomsuidhe forsan c-caistiall i m-baoí O Concobhair & araill fri h-ucht bruinne Tepoitt na Long, & an cobhlaigh remráitte Araile diobh ag coimhett forsna conairibh ó tá Loch Cé fri Seghais anoir, go Loch Teichet fri Seghais aniar. At-bertsat a thoísigh, & a comhairligh lá h-Ua n-Domhnaill nat boí congaibh catha occa amhail ro badh techta i n-aghaidh Gall uair na battar a slóigh in aen maighin leo. Do-radsom for dáil m-bicc & for neimhni fuighle na n-uasal


p.2126

& at-bert nar bó la líon ócc bristear cath, acht cecib nech tairisnighes i niort an Coimdheadh & bhíos for fír, as é as cosccrach, & beires buaidh for a biodhbhadhaibh.

M1599.36

Baí Ua Domhnaill samhlaidh gusan c-cuicc décc d'August amhaíl a dubhramar & ba he-sidhe comhainm an laoí in ro fhaoídh Muire a spiorat, & ro aoín-siumh tredhan i n-onóir na h-í Naemh Muire amhail ro badh bés dó, & ro ceileabhraidh oiffrionn dó-somh, & don t-slógh arcena, & ro thochaith corp Críost iar t-tabhairt a choibhsion & iar n-aitricche diochra ina phecthoibh, & ro fhorail for a shloghaibh ernaighte diochra go dia im shláinte a n-anmann cétus, & imá snádhadh on éiccendáil móir ro baí for cind dóibh ó Ghalloibh.

M1599.37

An gobernóir trá in airett baí-sidhe h-i f-foss i Mainistir na Búille, no bíodh ag báigh & ag baccar, ag tathaoír, & acc tarcusal for an tuaiscert gach laoí & agá ghealladh go rachadh da n-aimhdheóin tarsan sleibh budh tuaidh, & ro triall an lá h-isin, in ní sin ro thingheall do chomhallnadh.

M1599.38

O ro fhidir O Domhnaill an ní sin ro fhorcongair for a sloghaibh tocht go h-aonmaighin dia t- taisealbhadh & dia n-orducchadh, & iar na t-taiselbhadh cipinnus ro rannadh lais a mhuinntir a n-dé as a h-aithle. Ro lá a ghille dhiana dheinmnedhacha, & a occbhaidh utmall anbsaidh, & a aés diubhraicthe for leith co na n-gonnadhaibh guthárda gérradharcacha, co na f-fiodhbhacaibh tailce toinnmíne, & co na f-foghadhaibh fuiltecha foibrighte, co na n-uile aidhmibh imtheilccthe arcena. Ro ordaigh taoíseach troda & tuir congmala catha mar aén rú go f-forsmacht uatha forsna h-ócca dia n-drud, & dinge, & dluthucchadh i c-cenn an catha durscclaighi & diomghuin dar a n-eise tan bádh ullamh a naidhme diubhraicte aca. Do-rad a uaisle, a airigh, & a fhorus occlaoigh isin dara leith go c-claidhmibh daingnibh défhaobhracha, & go m-biailibh blathsnaoighte bél tana, go manaoísibh moirleabhra muirnecha fri tairisiumh troda & tachair. Do-róine éimh troightigh dia mharcshluagh h-i mescc a mhíleadh ar dhodhainge na conaire ro baí for a c-cionn. Iar roinn a muinntire amhlaidh sin d'Ua Domhnaill ro fhorail for an aos diubhraicte co reimhtiastais an lucht n-aile gusan slogh n-echtrann riasiú tiostais


p.2128

tar iomdhoraidh an t-slébhe do thochar friú, & dia n-diubhraccadh idir, & go m-beith-siumh gusan druing aile i n-ercomhair catha doibh bhail in ro badh derbh lais a n-gabhail uair ba h-usaide sraoineadh forra fo deoidh diamdaoís crechtnaighte uadhaibh-sium a t-tosach.

M1599.39

No biodh eiccin forchoimédaighe ó Ua n-Domhnall gach laoí imaseach for ind an t-slébhe ar ná tíosadh an slógh eachtrann thairiss gan ráthucchadh. Do-rala drong diobh an lá sin ann, & báttar acc fairccsi na mainistrech uadhaibh, & na foirne ro baí innte. An tan bátar acc an f-fairccsi, at-ciad an slogh ag gabháil a n-arm, acc turccbail a meirgedh, ag seinm a t-trompadh & a c-caismert catha ar chena. Ro lásat sccéla go deinmnedhach do shaighidh Uí Domhnaill. Iar na cloistecht sin dó-somh at-bert frissin b-foirinn ro ordaigh i rémthús na conaire co n-dia nasccnaidís reimhibh do dheabhaidh fris na Gallaibh riasiú tíostais tar moithribh an maigh sleibhe. Lottar iaramh amhail ro h-erbadh friú co n-airde aiccnidh, & co menmain mílidh lá gach n-aoinfher aca go rangatar inn an t-slébhe go tinnesnach rias na Gallaibh. Léiccis O Domhnaill ina n-deadhaidh go cobhsaidh céimrighin gusan f-fianlach f-fossaidh & gusna treinfheraibh tairisme ro thogustair ina thimcell go m-batar isin ionad erdhalta in ro badh deimhin léo na Goill do ghabhail. Airisit annsein for a c-cionn.


p.2130

M1599.40

Dala an t-sloigh remtechtaidh ro h-ordaigheadh isin tosach, gabhaitt acc asccnamh na conaire h-i c-comhdhail na c-cath n-eachtrann go m-battar ucht fri h-ucht. O ro chomhfhoiccsighsiot dia 'roile, do reillccitt na Gaoidhil frossa fuileacha fothaibh d'foghadhaibh altchaémha uinnsionn & saithe saighett sruibhger a fiodhbhacaibh foda feidhmnertmara, & cassairchetha caor c-cróidhercc, & ubaillmeall laindercc luaidhe a gonnadhaibh ceirt dírge caolradhairc. Ro freccradh na froissdiubraicthe sin la h-óccbhaidh Saxan go c-clos a f-fumanna, & a f-freaccartha, & a f-fogharthorann i f-foithribh, i f-fiodhbhadhaibh, i c-caistiallaibh, & i c-cumhdaightibh cloch na c-críoch c-comhfoccus. Ba machtnadh mór na diccsidís aés uirmheta & aradha for dreimne & dássacht la coistecht friss na caismertaibh catha, fri macalla, & fri tormán an trendiubhraiccte. Ro crechtnaighedh curaidh, & ro loitedh laochraidh adiú & anall etorra. At-bertsat a t-toisigh troda & a n-airigh iomghona fri muinntir Muinntir Uí Dhomhnaill gan airisiumh for ioncaibh na n-allmurach, acht a t-tacmang, & a t-timcelladh ima c-cuairt. La sodhain ro iadhsat iompa da gach leith feibh at-rubhradh friú, & gabhait aga n-diubhraccadh go dian, deinmnedach, díchoinnircill go ro láisiot a n-eitedha catha inntibh ar medhón la dlús & deine na deabhtha. Cidh fil ann trá, acht ro dhílsighsiot na Goill fo dheóidh a n-dromanna do threinfheraibh an tuaiscirt, & ro sraoínedh lás an uathadh forsna h-il-chédaibh. Ba h-ainiarmartach ro toifneadh Goill tar a n-ais do shaighidh an ionaid innill o t-tudhcattar. Ro bhaí do thinnenus teichidh forra co na ro shill neach uadhaibh tar a ais for caémh nó for charaitt, & co na fedattar an beó fa an marbh ro baí aén dia ro faccaibhsiot ina n-diúidh iar t-tabairt cúil doibh dia m-biodhbadhaibh. Ní thernáifedh dna cidh sgeolanga diobh munbhadh uaite a n-aésa airligh batar ina lenmain, ar ní ro chumhaingsiot airleach an neich no fhedfaittís la lerdacht & la líonmaire na sochaidhe batar


p.2132

i raen rempa. Ar a aoí ní ro ansat dia t-tograim co rangatar inonn tar muraibh na mainistrech asa t-tudhcattar ria sin.

M1599.41

Do-rala O Ruairc an tan sin alla n-oir don Chorrsliabh i i l-longport for leith. Tinghealladh-sidhe d'Ua Domhnaill beith i n-oirchill na n-Gall dia f-fuabairt a c-cuma cháich cecib tan badh adhailcc. O't-chualaigh-sidhe buiredh beicedh na t-trompadh, & na t-tápur, tromthorann, & talamhcumhsccughadh an treindiubhraicthe atracht as a longport co na laochraidh lais, & tuargaibhsiot a n-iodhna catha forra, & ní ro ansat dia reimim go rangatar gusan maighin i m-bátar muinntir Uí Domhnaill ag gniomh an iomairicc. Gabhaitt-siumh ag cloidhmedh, & acc diubhraccadh na c-curadh a c-cuma cáich, go ro fáccbhadh iolar cend & fodhb las na feindedhaibh. Ro marbadh an gobernoir Sir Coners Clifort go líon dírímhe uime do Shaxanchaibh, & d'Eireannchaibh & ro badh i n-urtosach na h-iorghaile ro farccbhadh faén ina lighe forsan sleibh, & é beó ghaoíthe, & ba hainffios do na h-óccaibh cia ro ghon céttus, acht namá ba peiler do-choidh treimhit, & ni tardsat an óicc aithne fair go t-torracht Ó Ruairc fo deóidh gus in airm i m-baoi & do-bhert aithne fair gur bó hé an gobernóir baí ann, & ro forcongair a dhíchendadh. Do-rónadh iaramh gur bó tamhan tescc gherrtha iar m-bein a chinn de.

Ba mór an techt an t-í torchair annsin, Ba doiligh mí-diach d'imirt fair. Nír bó sáimh la Gaoidhelaibh Choiccidh Medba a eccsomh, uair ba fer tiodhnaicthe séd, & maoine doibh é, & ní eibredh gaoí friú. Ní d'aoín leith do gabhadh lasan n-gobernoir as in n-gleótroid sin, uair ruccadh a chorp da adhnacal go h-Oilén na Trinóitte for Loch Cé i m-Barúntacht Maighe Luircc h-i c-Conntae Rossa Comain, & ruccadh a chend iaramh go Cul Maoíle i m-Baruntacht Tíre h-Oilella hi c-Contae Shliccigh.

M1599.42

Iar t-ternámh d'aés an madhma gusin mainistir iompaíd muinntir Uí Dhomhnaill ina f-frithing go c-cendaibh, & go f-fodhbaibh a m-bíodhbadh leó & tiacchaitt dia sccoraibh go f-faoilte moir, & go subhaighe, & tuccsat altucchadh buidhe a c-cosccair don Choimde, & don ní Naémh Muire. Ba sedh aon ghlor na sochaidhe, nach a niort iomghona ro sraoineadh for na Gallaibh, acht tria mhiorbhuilibh an


p.2134

Coimdheadh, & tre edarguidhe Uí Domhnaill co na slogh, iar t-tóchaithemh glanruine cuirp Críost & a fhola do i n-urtosach an laoí h-ishin i n-deadhaidh an troisccthe ro aoín do Naemh Muire an la riamh.

M1599.43

Imthusa na n-Gall iar f-filleadh uadhaibh do Mhuinntir Uí Domhnaill ro leiccset h-i c-cend t-séda go tinnesnach an mheid ro mair díobh go rangattar dia t-tighibh fo mhela, & mébhail.


p.2136

M1599.44

Fossaighitt muinntir Uí Dhomhnaill ina b-puiplibh in adhaigh sin, & ro adhnaicsiot an meid ro marbadh uadhaibh, & o't-cualattar sóadh do na Gallaibh for c-culaibh tiaghait go Caislén Cúla Maoile airm i f-farccaibhsiot an iomshuidhe for Ua c-Concobhair. O't-cualaigh Ó Concobhair an cathraéinedh sin Coirrsleibhe for Sir Coners Clifort & a thuitim ann, fa dí-creidmeach lais innsin go ro taiselbhadh cenn an gobernóra dó. O't-connairc-siumh an cend ro bhen ceill dia chomhfhurtacht as an carcair i m-baoí, & assedh do-rinne techt for eineach Uí Domhnaill & a óighriar do thabairt dó. Ba daghairle dó-somh ón, óir do-rad Ó Domhnaill ei-siumh i f-forlamhus & h-i c-cendus a chriche, & do riodhnacht asccadha iomhdha d'eochaibh, d'innilibh, & da gach n-adhailcce archena dó go ros aittreabh a thír iar sin.

M1599.45

Tepoitt na Long dna o't-cuas dó-sidhe sraoíneadh for na Gallaibh, & tuitim an ghobernora, & O Concobhair do tabhairt as in caistiall amhail ro aisneid-siom, ba sedh ro chinn-siumh occa gan frithbert fri h-Ua n-Domhnaill ni ba síri, & ro naidm a carattradh ris iartain, & ro chedaigh Ua Domhnaill don loinges remraite iompúdh for a c-culaibh gusan n-Gaillimh doridhise.

M1599.46

Daoine uaisle do Mhathgamhnachaibh a h-Oirghialloibh go c-céd do saighdiuiribh amaille friú do beith ar fosttadh ag Ua c-Cerbhaill .i. ag an c-Calbhach, mac Uilliam Uidhir mic Fhirganainm, i n-earrach na bliadhna so, & a n-ionam a t-tuarustail do éirnedh doibh do-dheachaidh Ó Cerbaill co na muinntir isin oidhche dia


p.2138

saighidh go ro marbhadh lais iad ar a n-dérghadhaibh codalta, & ina t-tighibh ósda. Ro crochadh ciodh araill diobh is na crannoibh ba coimhnesa dó, ach nama terna lucht baile diobh ass d'aimhdheoin Ui Cherbhaill.

M1599.47

Iar marbhadh President da Chóicceadh Mumhan, & gobernora Coiccidh Connacht amhail ro aisneidh-siom ina n-ionadhaibh comhadhais, do-deachaidh iarla of Essex, & O Neill .i. Aodh mac Firdorcha, mic Cuinn Bhacaigh h-i c-coinne & h-i c-comhdháil re 'roile is na cedlaithibh do mís September, & ba he crioch a c-coinne síth do naidhm etorra go cenn da mhíos, & a rann fein do Ghallaibh, & do Ghaoidhelaibh do beith ag gach aon aca in airett sin. O Ro shiodhaigh iarla of Essex fri h-Ua Neill an t-ucht sin do-chuaidh go Baile Atha Cliath, & nir bo cian ro airis ann an tan do-dheachaidh go Saxoibh iar Statá rioghda ro thaisbein amhail as onóraighi ro thaispein Saxanach riamh in Erinn. Ro fháccaibh Ere gan síth gan suaimhnes, gan Iustis, gan gobernóir, gan Presidens, acht amháin iomchoimhett


p.2140

cloidhimh an righ ag an chancellour, & ag Sir Roberd Gardiner. Ní fes tra d'aon d'Eirennchoibh an do thecht tar a ais doridhisi, no an d'anamhain thoir do-chóidh an t-iarla a h-Erinn an tan sin.

M1599.48

Mac Mhec Suibhne Bhaghainigh .i. Domhnall mac Neill Meirgigh do mharbhadh le Maolmuire, mac Briain Óicc, & le h-Aodh m-Buidhe mac Firfedha Mhec Suibhne & iad-sidhe ina n-dís do losccadh a c-cionaidh a mí-gniomha la h-Ua n-Domhnaill for Mullach Sithe Aodha h-i f-fiadhnaisi cáich i c-coitchinne tre choll a reachta.

M1599.49

O Cinnéidigh Fionn Uaitne mac Donnchaidh Óicc mic Aodha mic Amhlaoibh o Bhaile Uí Eachdhach i n-Urmhumhain Iochtair i c-Conntae Thioprat Árann do écc i mí Nouember & Ó Cinneittigh do ghairm don Ghiolla Dubh Ua Chinneidigh.

M1599.50

Maighistir [O] Nialláin Semus, mac Domhnaill, mic Amhlaoibh, mic Donnchaidh Uí Nialláin, fer tighe n-aoídheadh coitchinn, & saoí i n-ealadhnaibh do écc i mí October i m-Baile Uí Aille i m-Barúntacht Chuinnche h-i c-Conntae an Cláir.

M1599.51

Caislen na Mainge do ghabhail la h-iarla Desmumhan fa shamhain na bliadhna so ar mhuinntir na bainrioghna, tria aidilge airberta bith do beith for an m-bárda.

M1599.52

Loch Gair bheos do ghabhail lasan iarla cédna for mhuinntir na bainrioghna.

M1599.53

Ua Concobhair Sliccigh Donnchadh mac Cathail Óicc do beith i muintearus, & h-i c-caratradh Ui Dhomhnaill on aimsir in ro marbhadh an gobernoir go diuidh na so. Ba h-aitherradh ar glan, & ba coimm ria c-cioth dó-somh tocht isin c-carattradh sin ó na fuairthinghealltoibh imrighne ettarbhacha, no geallta dó ó bhliadhain co bliadhain go sin. O ro ba riarach Ua Concobair d'Ua Domhnaill, do-rad-sidhe d'Ua Chonchobair dí-rimhe do bhuaibh, do chaiplibh, & dá gach n-ernail cethra & innile, d'arbhar beos, & da gach n-aidhilge oile rainicc a les do aitrebh & do


p.2142

áitiucchadh a thíre, iar na beith ina fasach gan ionatacht gan aitiúcchadh fri h-athaidh imchein go sin.

M1599.54

Ua Domhnaill do dhul do shiodhucchadh eitir Cloinn Uilliam ina n-esaonta .i. eitir Mac Uilliam, Tebóitt mac Uatéir Ciotaigh, & Tebóitt na Long mac Risdeird an Iarainn mís December. Iar n-denamh a siodha dó, Ro triall do dol h-i c-Cloinn Riocaird, Ar a aoí ní deachaidh tar Uarán Mór istech don chur sin. Baí teóra h-aidhce h-i c-campa i n-iomfhoccus an Mhachaire Riabhaigh, & na Gaillmhe. Do-radadh crech cuicce o Spairre an bhaile mhóir & ge do bhaí a omhan, & a imeccla h-i c-coitcinne ais-sidhe co Leim Con c-Culainn ní d'eirghene nach ní acht soadh tar a ais don cur soin i n-Ultaibh.

M1599.55

Coicceadh Uladh ina linn lain, ina thopar thecht & ina thuinn t-eccle isin m-bliadhain si gan guais catha na creiche, gona, na gabhála forra a h-entaoibh d'Erinn & a n-eccla-somh for gach ein tír idir.