Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1596

M1596.0

AOIS CRIOST, 1596.

Aois criost, mile, cúicc céd, nochat, a sé.

M1596.1

Mag Carthaigh Mór d'écc .i. Domhnall, mac Domhnaill, mic Corbmaic Ladhraigh mic Taidhcc, & gér bhó Mág Carthaigh Mór do gairthi dhe ro h-oirdnedh co h-onorach ina iarla rias an tan sin hé ar forchongra prionnsa Saxan. Ní baoí oidhre


p.1994

ferdha dia éis nó h-oirnfidhe ina ionadh cenmotha aen inghen do-rala 'na mnaoí ag mac Meg Carthaigh Riabhaigh .i. acc Fingin, & ro ba dóigh lá cách gur bhó h-esidhe ro badh oidhre ar an Mág Cartaigh sin at-bath .i.Domhnall.

M1596.2

Mac Suibhne na t-Tuath Eoghan Ócc mac Eocchain Óicc mic Eocchain mic Domhnaill fer tothachtach toirbertach, na ro thuill táinsiumh, nó tarcaisne or o gabh


p.1996

ceandus a chriche co ló a eitsiochta fer caithmheach conghaireach dearlaictheach daonnachtach comhnart fri cothucchadh aghmur fri h-ionnsaighidh co m-buaidh c-céille & c-comhairle fri sidh, & fri sochoccadh do ecc 26. Ianuarii, & mac a dherbhrathar .i. Maolmuire mac Murchaidh Mhaill do ghabhail a ionaid.

M1596.3

O Raighilligh .i. Sean Ruadh mac Aodha Conallaigh mic Maoílmordha mic Seain do écc, & gé do h-ordaighedh maille lé composeision a h-ucht na bainríoghan athaidh rias an tan sin ticchernas a dhuithche fein do beith ag gach aon do shliocht Mhaoílmhórdha Uí Raighilligh ro gair Ua Néill Aodh mac Firdorcha O Raighilligh do Philip mac Aodha Conallaigh for an m-Breifne uile, & níor bhó cianshaoghlach-somh iar n-gairm tighearna de uair ro marbhadh ria c-cionn leth raithe go t-egmhaiseach la muintir Uí Neill (lás ro h-oirdneadh ei-siumh) & ro gaireadh Ó Raighilligh d'Emann mac Mhaoílmhórdha sinnsear an dá tighearna remhráite.

M1596.4

Mac iarla Desmumhan d'écc .i. Tomas mac Sémais, mic Seain mic Tomáis Droichit Atha.

M1596.5

Tepoit mac Piarais mic Emainn Buitelér tighearna Cathrach Dúin Iasccaigh, & Trena Cluana Meala do écc. Fer dearlaicteach d'uas mhór ro ba mó duanaire d' Fhionnghallaibh Ereann d'urmhór ei-sidhe & a mhac Tomas do ghabháil a ionaid.

M1596.6

Mag Eochaccáin .i. Niall mac Rossa mic Connla d'écc.

M1596.7

Remann mac Gearailt tighearna Tuaithe Brothaill do bhásucchadh i c-Corcaigh tré chiontaibh a dhibeircce in aghaidh Gall.

M1596.8

An tan tra ro fhidir an iustis, & comhairle na h-Ereann calmacht & comhnart na n-Gaoidheal ina n-aghaidh, & gach aén do-radsatt go fomamaighthe dóibh badhéin rias an tan sin ag dol d'aoín leith fris na Gaoidhelaibh rémhraite ina n-aghaidh, bá sí comhairle arricht leó techta do chor do shaighidh Uí Néill, & Uí Domhnaill do cuingidh shiodha & chaoncomhraic forra. Bá siad ro toghadh fri h-iomluadh


p.1998

n-aithiscc etorra .i. Tomas Buitilér iarla Urmumhan, & airdeaspocc Caisil Maolmuire Mag Craith. Rainicc iarla Urmumhan go Traigh Bhaile, & airisis annsein, & ro fhaídh a theachta go h-Ua Neill dia aisneis dó na toscca imá t-táinicc. Faídhidh Ua Neill na sccéla cédna d'ionnsaighidh Uí Domhnaill. Do-chóidh Ua Domhnaill dírim marcslóigh go h-airm i m-baoí Ua Neill, tiaghat díbhlínibh co Fochaird Muirthemne. Tánaic an t-iarla, & an t-airdespocc dia saighidh. At-fétsat do na flaithibh in toiscc ima t-tangattar .i. gurab do chuingidh síodha do-dheachattar, & at-fétsat na comhadha ro thingheall an iustis .i. dilsiucchadh Chóiccidh Conchobhair dóibh-siomh génmota an m-bloidh tíre fil ó Dún Dealgan co Bóinn in ro aittreabhsat Goill ó chein mháir rias an tan sin, & ro gheallsat fris sin ná tiostais Goill forra tar tórainn cenmotát na Goill báttar hi c-Carraicc Fergusa hi c-Cáirlind, & i n-Iubhar Cinntragha do léiccedh fri creic & conradh do shíor, & ná léiccfidhe maoír nó lucht tobhaigh cíosa nó cana dia saicchidh acht an cíos do-ratta for a sinnsearaibh (feacht riamh) do iodhnacal dóibh-siumh co h-Áth Cliath, & ná cuinghidhfe geill nó eittire orra acht madh sin, & do-bértha an c-cédna do na Gaoidhelaibh attracht hi c-commbáidh Uí Domhnaill hi c-Cóicceadh Chonnacht. Do-chóidh tra Ó Neill, & Ó Domhnaill, & i m-batar ina f-farradh do mhaithibh an chóiccid do sccrúdadh a c-comhairle im na h-aithesccaibh sin do bretha cuca, & iar m-beith athaidh foda dóibh-sidhe & do na maithibh archena acc foraithmhet an ro togaetha lá Gallaibh ó do riachtatar Érinn lá bréccthingealltoibh ná ro comhailleadh dóibh idir, & an líon do-dheachatar d' oidhedhaibh anaipche dia n-aireachaibh dia n-uaislibh, & do shaorchlandaibh soichenélchoibh cén nách tuccait itir, acht do gaitt a n-athardha foraibh, Ro imecclaighsiot co mór co ná comhaillfe friú an ro tinghealladh

p.2000

dóibh conidh fair deisidh leó fó dheóidh an t-sídh do éimghedh. Ro aisneidhsiot iaramh in aithescc don iarla, & do-chóidh-sidhe co h-Áth Cliath dho shaighidh an iustís & na comhairle, & at-fét dóibh a dhiúltadh imón síth, & a freccra ó na Gaoidhelaibh. Ro chuir an iustis & an comhairle teachta go Saxaibh do saighidh na bainrioghan d'aisneis a scél di-sidhe conidh and fo cerd si iolar n-daoíne go h-Erinn cona naidhmibh techta leó co nár bhó lugha oldátt fiche míle a líon d'aos tuarustail, & d'amhsoibh ro bhattar in urfhaichill coccaidh do Ghaoidhealaibh. Ro tecclamadh iaramh sloiccheadh lán mhor la general coccaidh na bainrioghan in Erinn .i. Sir Iohn Noris do dhol i c-Coicceadh Connacht ar daigh i ro éirigh i c-combaidh coccaidh na n-Gaoidhel díobh do cennsucchadh. Tainicc iarla Chloine Riocaird .i. Uillecc mac Riocaird Shaccsanaigh, mic Uillicc na c-Cenn co lion a shochraitte ina t-tionol. Tánaicc tra iarla Tuadhmumhan .i. Donnchadh mac Conchobhair, mic Donnchaidh Uí Bhrian cona shochraitte on modh c-cedna. Tangattar tra dronga dí-rimhe nach airimhtear cenmothat-saidhe. Acht cena at-berat aroile na ro tionoileadh fri ré cian d'aimsir i Erinn for seilbh an phrionnsa samhail don t-sluaigheadh i-shin ar lionmaire a lerthionoil, ar allmurdhacht & ar ionggnaithe a n-innill, & a n-eccoiscc. Iar t-torrachtain doibh séin uile go h-aon bhaile .i. go h-Ath Luain do shaighidh an general a lottar iaramh co Roscomáin, & í c-comhfochraibh Mainistre na Búille iarttain & o na fuairsiot Connachtaigh for a c-cionn ann sin amhail ro shaoílsiot, iompaíd tar a n-ais siar hi rann Mheic Uilliam go Cionnlacha, & go Maighin go ro ghabhsat campa comfhairsing la taobh abann Rodhba.

An tan ro batar an t-sochraitte lan mhor acc tómaithemh tocht an dú sin, Ro fhaídh Mac Uilliam Burc Tepóitt, a thechta go h-Ua n-Domhnaill dia chuinghidh fair toidhecht dia fhoirithin, nir bó faillightech ro freccradh indsi la h-Ua n-Domhnaill uair rob' erlamh ei-sidhe do thecht i c-Coicceadh Medhba riasiu rangattar na teachta dia shaighidh. Scriobhtar litre, & scribhenna uadha go Gaoidhelaibh Coiccidh Olneccmacht dia fhorcongra forra toidhecht ina dhochom go h-ionad erdálta baí fors an c-conair do saighidh longport an generala Sir Iohn Noris, & do-dheachaidh budhein hi c-cenn treda cona slogh lais tar Eirne, tar Sliccech, lamh dhes fri


p.2002

srúibh Sleibhe Gamh tre Luighne, & tre Crich Gaileng. Tangatar tra Gaoidhil an choiccidh gan iomfhuireach fon toghairm isin. Tanaicc ann cetus Brian Ócc (.i. O Ruairc) mac Briain mic Briain mic Eogain Uí Ruairc. Tánaic ann Ó Concobhair Ruadh, Ó Ceallaigh, Mac Diarmata Maighe Luircc. Tangatar ann an dá mhac Donnchaidh, an dá Ua Eghra, & Ua Dubhda. Iar t-torrachtain na n-Gaoidheal sin co h-áit n-aén bhaile, ní ro h-anadh leó go ro gabhsat longport for ionchaibh Sir Iohn Noris don taobh araill don Rodhba cedna.

Ro bai iomaithighidh etorra anonn & anall amhail bidh fri sidh & fri cairdine, & nír bó h-edh ón iar f-fír, acht bá do brath & taiscéladh & do thabairt bréicce imo roile dia c-caomhsattaís. Airisitt athaidh amhlaidh sin aghaidh i n-aghaidh co t-tairnic a lóinte do na Gallaibh conadh é ní ro chinnsiot d'éirghe an phuirt i m-báttar ó ná ro chumhaingsiot ní do na Gaoidhealaibh. Do ghniatt samhlaidh & do-chóidh an general go Gaillimh, assidhe go Baile Átha Luain, & ro fháccaibh saighdiúiri hi c-Cunga, & mar an c-cedna i n-Gaillimh, i m-Baile Ath an Riogh, isin Mullach Mór Ua Maine, hi c-Cill Chonaill i m-Bél Atha na Sluaigheadh i Ross Comáin, hi t-Tuillsgi, & i Mainstir na Búille.

M1596.9

Ua Conchobhair Sligigh do thecht in Erinn co n-Gallaibh iomdha lais hi f-foghmar na bliadhna so.

M1596.10

Do cuiredh Sir Risderd Biongam cona braithribh a cumhachtaibh Cóiccidh Chonnacht, & ruccadh iad-sidhe co h-Ath Cliath, & do cuirit assaidhe go Saxoibh & ro cuireadh neach ele ba ferr inás ina ionad i n-gobernoracht Choiccidh Connacht .i. Sir Coners Clifort a comhaim. Bá fer tiodhnaicthe séd & maoíne do Ghallaibh & do Gaoidhelaibh ei-sidhe, & ní thainicc do Ghallaibh i n-Erinn is na deidhenchoibh nech ba ferr inás. Iar t-tocht do co h-Ath Cliath ro baí ag comhcruiniucchadh daoíne & acc uirtriall armála do dhul hi c-Connachtaibh. Do-choidh iaramh co líon slóigh, & sochaidhe co Baile Atha Luain, & do sccaoil a bhandadha i c-campa foslongport ar bhailtibh Ó Maine, & Cloine Riocaird .i. Gaillimh, Baile Átha an Riogh, an Mullach Mór, Conga, & an Leithinnsi. Do-chottar dhrong mhór do mhaithibh Chóiccidh Connacht do shaighidh an gobernora, & do ghabhsat lais fo dáigh a alladh & a árd tuarusccbhala. Ro ba dibh-sidhe Ó Concobhair Ruadh .i. Aodh mac Toirrdhealbhaigh Ruaidh, & mac Diarmata .i. Conchobhar, & ro naidhmsiot a c-carattradh fris.


p.2004

M1596.11

O Concobhair Sligigh tra iar t-tocht dó a Saxoibh co h-Erinn ro ghaibh-sidhe ag cendsucchadh Connacht amhail as dech ro fhed a h-ucht Gall, & ro ghabhsat Clann n-Donnchaidh Cuile Muine lais. Baí bheos Baile an Mhótaigh ar a chumas. Ro ghabhsat mar an c-cédna Muintir Airt lais, uair ba h-iaid-sidhe roptar tairisi d'fior a ionaid do ghres, & roptar faoíligh dia rochtain dia saighidh, & ro lionsat d'uaill, & do dhíomas, & ro ghabhsatt acc baigh & acc bagar ar Chenel c-Conaill.

O Domhnaill dna ó't-cualaigh-sidhe fosccadh an scceoil sin, & a n-dol-somh i c-combáidh Gall ina aghaidh, ní ro airis fri tecclaimadh slóigh cenmotá amhsaigh & aés tuarustail & do-taéd iaramh tar Slicceach siar go Ross Oircc an roptar tairisi la h-Ua c-Concobhair in gach dú i m-báttar i n-diamhraibh, & i n-droibhelaibh daingne an tire co ná ro fhaccaibh mil n-inile leó, & ní ro creach acht iad-somh namá, ge ro choiccill doibh co minic reimhe ar a n-dínnime & ar a n-deroile go ros brost a m-briathra d'iúmsacha, & a n-aincridhe na ro fhedsat do dhicleith Ua Domhnaill dia n-orgain an tan sin.

M1596.12

Conchobhar, mac Taidhg, mic Concobhair Ui Bhriain o Bél Atha an Chomhraic do dhol for dibeircc & for foghail, uair baí-sidhe, & drong do Chloind t-Sithigh amaille fris ar ionnarbadh o na n-athardha ar aon la Gaoidhealaibh an tuaisceirt, & tainic ina menmain rochtain dia t-tír, & asseadh lottar do Chloinn Riocaird, do Shlebh Echtge, & d'Iochtar Cloinne Cuilein. Ro bás ina lenmain o gach tír do thír co ro gabhadh Concobhar fa deoidh ar in c-Coill Móir, & ruccadh é hi c-cend an presidens isin c-céd mí d'foghmar do shonnradh, & ro básaigheadh he i c-Corcaigh ar terma na Samhna.

M1596.13

Tadhcc, mac Toirrdhealbhaigh, mic Donnchaidh, mic Concobhair Uí Briain (iar m-beith ré fhoda for foghail) do ghabhail i m-Buitilerachaibh, & a bhásucchadh tre comhairle iarla Urmhumhan.


p.2006

M1596.14

Uaitne, mac Rudhraighe Óicc, mic Rudhraighe Caoích, mic Conuill Uí Mordha do beith ina duine uasal hi c-cerdaibh coccaidh an tan sa, & Laoighis do leirsccrios lais etir ioth, arbhar, & áitiucchad co ná baoí énní isin tír o ghlas geta no báduin amach nach baoí for a chumas. Ro marbhadh dna lais duine uasal do Shaxancoibh bai hi Srádbaile Laoighisi aga raibhe bladh mór don tír a h-ughdarrás an phrionnsa .i. Cosbi mac Maighistir Francis a ainm.

M1596.15

Clann Emainn an Chalaidh, mic Semais, mic Piarais Ruaidh mic Semuis mic Émainn mic Risdeird Buitiler do dhol for foghail beós tre iomtnuth le h-iarla Urmumhan, & a n-athair Emann an Chalaidh do ghabail tre na c-ciontaibh-sidhe.

M1596.16

Emann, mac Risdeird, mic Piarais Ruaidh do gabhail mar an c-cedna.

M1596.17

Fiachamac Aodha, mic Seain o Ghlionn Maoílughra do beith ag milleadh Laighen & Midhe an tan sa.