Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1595

M1595.0

AOIS CRIOST, 1595.

Aois Criost, mile, cúicc céd, nochat, a cúicc.

M1595.1

Ard iustis na h-Érenn .i. Sir Uilliam Russel do thocht for tarraing druinge do comharsanaibh, & do choibhnesaibh Fhiachach mic Aodha, for Fhiachaidh


p.1956

budhéin co Baile na Cuirre hi mí Ianuarii do shonradh. Iar n-dol dóibh i c-comhfoccus don bhaile ria siú rainicc leó dol tar dorus an dúnchlaidh baoí ina timchell ro clos co t-eccmhaiseach fuaim droma ó na saighdiúiribh acc dol do shaicchidh an bhaile. Bedhccais Fiacha cona muintir, & at-raghat co h- obann, & ro chuir drong dia mhuintir d'iomchosnamh an dorais co ro chuir a mhuintir uile feraibh, macaibh, mnáibh tré dhoirsibh élaidh an bhaile amach, & do dheachaidh fein ina lenmhain co rucc lais ina n-iomláine iatt fo dhiamhraibh, & fo dhroibhelaibh sa maighin rop innill lais.

Iar m-beith d'Fiachaidh for a iomghabháil tainic ina cend Uáter Riabhach mac Gearailt mic Tomais do Gearaltachaibh Chille Dara. Dála an iustis baí-sidhe co cend deich lá i m-Baile na Cuirre iar ná fháccbháil d'Fiachaidh, & ro fhagaibh banda nó dhó do saighdiuiribh agá iomchoimhétt & ticc fein tar a ais co h-Áth Cliath.

Do-chóidh dna Uatér Riabhach & araill do chloinn Fiachach mic Aodha ar ionnsaighidh oidhche (in ionam codalta) fó cend cóicc lá n-d-écc iar sin co Cruimghlinn i n-doras Atha Cliath. Ro loiscceadh & ro léirsccriosadh an baile sin leó, & ruccsat ina m-baoí ina c-cumang d'iomchar don chend luaidhe boí for tempall an bhaile, & gér bhó soilléir sofhairccsiona luisne & lasracha an bhaile agá losccadh do sráidibh Átha Cliath do-chóidh Uater as gan fhuiliucchadh gan foirdherccadh fair.

A c-cionn mís iar sin tucc Uater ammas for baile duine uasail dia esccairdibh baí ina comhfochraibh, & gidh é an duine uasal baoí-sidhe co feithmheach fuireachair i f-foichill a iondsaighthe dia easccairdibh. An tan do-chuaidh Uáter cona mhuintir fon m-baile ro ionnsaigh an duine uasal co cródha cailcc neimneach i c-coinne Uatéir co ro thuairccsiot a chele co h-ainmhín esccairdemhail co ro crechtnaighedh Uater ina chois don chur sin. Ruccsat a mhuintir leó h-é gusan sliabh bá coimhnesa dóibh, & ro chuirsiot dia leighes é hi f-fotholl talmhan ar nár bheólach aon trias idir. Nír fháccaibhsiot ina fhochair acht aon bhuachaill legha dia fhíor thanusibh budhéin nó theigedh-sidhe gach ré lá do thionéoll luibhend fó na coilltibh bá coimhnesa dhó. Do-rala iomacallamh ós ísiol etir é & drong d-esccairdibh Uateir go ro n-aidhmsiot re roile, & ro tharraing-sidhe líon cengail


p.1958

Uateir ina chend. RugadhUatér iaramh go h-Ath Cliath, ro crochadh tra, & do-ronadh cethramhna dhe.

M1595.2

Cóicceadh Uladh uile d'éirghe in aon rann, & in aon aonta in aghaidh Gall an bliadhain si.

M1595.3

Slóiccheadh lá Clandaibh Néill hi mí Febhra i n-duthaigh Barúin Sláine co nár fhághbhattar athmhaoín dia n-eis is na tíribh sin d'arbhar nó d'áitiucchadh d' indilibh nó d'áirneis.

M1595.4

Sluaiccheadh ele lá Clandaibh Néill co Cenandus co ro milleadh, & co ro mór-airccedh an tír ina n-uirthimchell leó.

M1595.5

Slóiccheadh lá Mág Uidhir Aodh mac Con Chonnacht mic Con Chonnacht & lá Mag Mathgamhna Brian mac Aodha Óicc mic Aodha, mic Seain Buidhe co Breifne Uí Raighilligh. Ro h-indradh, & ro h-airccedh an tír co tinneasnach leó, & dna bheós ní ro fháccaibhsiot both nat i n-dionfaidhe dias nó triúr don Chabhan uile gan forlosccadh cenmotha Mainistir an Chabhain ina m-battar Goill an tan sin.


p.1960

M1595.6

Mac Con mac Con Coiccriche mic Diarmata mic Taidhg Caimm Ui Cleirigh Ollamh Uí Domhnaill hi senchas, Saoí foirccthe, erghna, ealadhanta hi senchas, & i n-dán, soerlabhraidh soingthe co m-buaidh n-innsgni, n-aitheisg & n-erlabhra, fer craibhdeach caonduthrachtach diadha deshercach do écc i Leitir Maolain i t-Tuadhmumhain.

M1595.7

Sir Seón Nórais general coccaidh na bainrioghna do thecht i n-Erinn ocht c-céd décc saighdiúir i n-deireadh mi febru do coscc coccadh ulltach, & chonnachtach.

M1595.8

Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Aodh Ruadh do dhol i c-Connachtoibh. Assedh do luidh cetus tar Eirne (an tres lá don Marta do shonradh) laimh dheas frí Loch Melge mic Cobhthaigh, go Bealach Uí Mithidhein, & airisis hi-suidhe in adhaigh sin trés an m-Breifne go Braidsliabh, & do-roine comhnaidhe an adhaigh sin ann-saidhe. Nír bhó sodhaing do-somh ell nó baoghal d'faccbháil for Choicceadh Olnéccmacht an ionbhaidh sin, ar ro battar Goill ind ionattacht, & in aittrebaibh isin c-crich co coitchionn, & go sonradhach ina portaibh airechais, & ina dúnarusaibh diotoghlaighibh. Baí cetus Sir Risderd Bingam gobernóir Choiccidh Connacht i Ross Comáin, drong mhór ele do Ghallaibh i, mainistir manach fil for bru Buille, drong ele hi t-Tuillscce in eittirmedhon Maighe h-Ai fri Ráith Cruachan anoir t-tuaith. Drong isin b-port nua (dún ro chlaidhsiot na Goill badhéin) etir Loch Cé, & Loch n-Arbhach. Drong i m-Baile an Mhótaigh, & drong mhór ele hi Slicceach. Ráinicc fios Sccel gusan n-gobernóir co Ros Chomáin go m-baoí Ó Domhnaill acc triall don tír, & ní ro h-anadh lais-sidhe co riacht go Mainistir na Búille, & ro for-chongradh lais for a m-baoí do Ghallaibh is na bailtibh remhraite teacht dia shaicchidh an dú sin, uair bá dóigh lais conidh íshin conair no chingfeadh Ó Domhnaill cona sloghaibh.

Acc dol d'Ua Domhnaill go Coilltibh Conchobhair ro foráil for a sochraide airisemh sri a n-inneall & fri a t-taisbénadh. Do-rónadh fair-siumh sin, & nír bho h-adhbhal an líon baí h-isuidhe uair nocha raibhe acht ceithre chéd nama fri


p.1962

h-engnamh & fri h-ursclaighi dóigh ní deachatar slóigh ele ina thóichestal an tan sin inge Cenel c-Conaill, acht madh uathadh do Chóicceadh Olnecmacht bátar acc taiscéladh, & acc séducchadh conaire dó, im Conchobar Ócc mac Diarmada, & im Chonn mac an Dubhaltaigh, mic Tuathail Uí Conchobhair. Tiaghait an slógh iaramh iar na t-taisbénadh go rangattar don Bhúill, & tiaghait thairsi acc droichet Cnuic an Biocara i n-urthosach oidhche, assaidhe dóibh tré Moigh Luircc, & tre Moigh n-Aoí co riachtattar lá dobharsoillsi na maidne co Ráith Cruachan. Ro léicceadh sccaoíleadh & sccanradh dá sccemheltachaibh amhail ro theccaiscc-siumh dóibh ré t-tocht an dú sin. Bá fairsing foirlethan ro lethsat na laoch bhuidhne ó raile, ar do-chuaidh drong díobh do dhuthaigh Uí Conchobhair Ruaidh & Uí Ainlighi, cuid ele go droichet Bheóil Atha Modha for Suca, & dream ele bheós tar an c-Caislén Riabhach siar. Ro badh lór do dhicleith an t-slóigh íshin an dluimh-cheó diadh & dethaighe ro leth o na forloisccthibh in gach airm ro gabsat an slócch dá gach leth i n- uirtimcheall Ratha Cruachan. Tangatar an lucht do-chóidh go h-Ath Modha, & an fhoirend ele do-chuaidh go h-Airteach & go Cloinn Ceithearnaigh ria midhmedhón laoí go Ráith Cruachan, gér bhó díchumhaing doibh toidheacht inellmha lá h-aidhble a c-creach, & a n-edala, & fó ghébdaís ní badh mó dia m-beith ina c-cumhang a n-gluasacht nó a n-iomáin ittir. Do-chóidh iaramh Ó Domhnaill, & an lucht sin cona c-creachaibh go h-Ailfind, & baí athaidh ann-saidhe acc furnaidhe an sccemhelta do-chuaidh uadha go duthaigh Uí Conchobhair Ruaidh & Uí Ainlighi. Ro asccná iaramh a h-Ailfind laimhdhes lé h-Ath Slisen co h-Uíbh Briúin. Airisis ann an adhaigh sin co ro thionóilsiot a mhuintir uile ina dhocom cona c-creachaibh leó. Ní ro tionoileadh lá h-aoínneach do Ghaoidhealaibh ré ré chian d'aimsir samhail ina m-baoí do chrodh (d'aircctibh aen laoí) an dú sin.

Ro fhorchongair Ua Domhnaill ar a bharach ar a mhuintir a c-creacha do chor tar Sionainn, & ro fhaoidh a ghlaslaith, & gach aon nár bhó tualaing arm d'imbirt


p.1964

las na creachaibh & las na h-édalaibh co Muintir Eólais. An tan báttar deireadh an t-slóigh acc techt tar an áth chédna as and do riachtattar glasláith & aos diubhraicthi na n-Gall, & do-beratt deabhaidh dia 'roile co ro crechtnaighitt & go ro gonaitt dronga etorra. Ar a aoí do-deachattar Cenel c-Conaill tarsan abhainn, & do-chóttar dia t-tighibh cona n-édálaibh iar m-buaidh & cosgar.

M1595.9

Slóiccheadh ele lá h-Ua n-Domhnaill (Aodh Ruadh) i c-Connachtaibh an t-ochtmadh lá décc do mhí April. Bassedh a c-cédna h-uidhe tar Eirne lamh dhes lé Loch Melge co m-battar in adhaigh sin i Ros Inbir. Tiaghait ar a bharach co Cill Fearga, & airisitt ann-saidhe fri deireadh a shlóigh do breith forra, & iar rochtain dóibh lotar iaramh trés an m-Breifne co Braidsliabh assaidhe co Machaire Chonnacht, & a n-deachaidh uadh gan creachadh ar an sluaiccheadh roimhe ro tecclamadh a c-creacha chuicce go h-aon maighin don chur sin. Do-chóidh iaramh gusna h-airccthibh & gusna h-édalaibh sin lais go Liathdruim Muintire h-Eolais an adhaigh sin.

An tan bá dóigh lá a easccairdibh ei-siomh do shoadh tar a ais i n-Ultaibh ní h-edh sin do-róine itir, acht ro fhaidh teachta go h-incleithe do saighidh Még Uidhir Aodha co t-tiosadh ina dhochom don Anghaile, & ro lá lucht taiscelta roimhe for an c-crich, & ro forcongair forra co t-tíostais ina dhochom i n-ionad erdhalta. Ro assccna feissin iaramh co t-aoí táithenach co rainicc cona slóghaibh an dá Anghaile isin moichdeadhóil (duthaigh an dá Ua Fherghail indsin cidh ria siú ro bhátar Goill acc fortamhlucchadh forra) & ro bhaoí aon dona Gallaibh fadhein hi b-port airechais Uí Ferghail .i. Críostóir Brún a chomhainm. Rangattar sirthe sársluaigh Uí Dhomhnaill & Meg Uidhir ó Sliabh Cairpre co h-Eithne co ro chuirsiot gach ní gus a rangattar dona tíribh sin fó troimnell teineadh, & fo smuit cheó dhobhardha duibhchiach. Ro gabhadh leó an Longport, uair ro chuirsiot tene gacha slesa & gacha h-airchinn de gurab lá téitt réfedh tuccsat Criostóir Brún cona chliamhain, & cona mnaibh ar aon amach. Ro loiscceadh dna cúicc fir décc do braighdibh an tíre (báttar i l-laimh acc an c-Criostóir rémhraite) ná ro cuimgedh d'anacal nó do thesarccain la tresthan, lá tendáldacht na t-eineadh.


p.1966

M1595.9

Ro gabhaitt bheós teóra caistialla ele lá h-Ua n-Domhnaill isin ló cédna. Ro marbhaitt, & ro mudhaighit daoíne iomdha don chur sin, & ro badh dia saor chlandaibh Hoberd, mac Fearghusa, mic Briain ro marbhadh lá Mag Uidhir tré iomraithne. Ro h-erghabhadh mac an priora Uí Raighilligh lá druing aile don t-slóigh. Ro léirtheacclamadh, & ro láintionóileadh in ro ba lainn leó do crodh na criche as gach aird dia saicchidh. Lottar iaramh cona c-creachaibh & co na n-édálaibh co ro ghabhsat longport i t-Teallach Dúnchadha in adhaigh sin. Ro leiccitt scceimhealta uatha ar ná bharach co mainistir an Cabháin dus an b'fuighbhittís baoghal for na Gallaibh báttar i f-forbhaisi and, & o ná fuairsiot i f-féccmais an bhaile iatt do-beartsat leó gach ní gus a rangattar dia n-edalaibh. Tangattar iaramh an adhaigh sin co Tellach Eachdhach alla thiar do Bhél Atha Conaill. Ticcitt iaramh dia t-tighibh iar m-buaidh n-echtra don chur sin.

O ro ba derbh lá Gallaibh an t-iarla Ó Neill do eirghe i c-commbáidh Uí Dhomhnaill is in c-coccadh ro chuir an iustis & an chomhairle deich c-céd laoch go h-Iobhar Chinn Tragha do fhorbaisi for Chenel n-Eoghain, & ro gheall an iustis cona shloghaibh tocht ina lenmhain d'orccain & do mhilleadh an tíre.

Ro fhaidh Ua Neill a teachta bi c-cend Uí Domhnaill dia chuingidh fair teacht dia chomhfhurtacht in aghaidh an anfforlainn ro dhail dia shaighidh. Nir bhó h-eisledhach ro h-eistedh sin la h-Ua n-Domhnaill uair ro tionoileadh a slogha lais, & ráinicc tré Thír Eocchain go h-airm i m-baoí Ó Néill, & do-chóttar ar aon co Fochard Muirtheimhne hi mí Maii do shonradh. O'd-chualaidh an iustis a m-beith ina oirchill dibhlínibh an dú sin ro airis in Ath Cliath don chur sin.

M1595.10

Seoirsi Ócc Bingam baoí i Slicceach ó gobernóir Chóiccidh Chonnacht Sir Risderd Bingam do-chuaidh an Seoirsi h-ishin long cona foirinn lamh dhes frí h-Érinn


p.1968

soirttuaidh do denamh foghla hi c-Cenel c-Conaill, co ro ghabhsatt hi c-cuan na Súilighe. Fuarattar faill fors an tír an tan sin, co ro innirset Mainistir Mhuire baoí for ur na tragha, & ruccsat a c-culadhacha oifrinn & a cailísi leó co n-édalaibh oile. Assaidhe do-dheachattar iaramh co Toraigh (oilén in ro bendach Colum Cille an naoímh-érlamh ei-sidhe). Ro creachsat & ro oirccsiot i m-baoí isin oilén, & rangattar iaramh tar a n-ais co Sligeach

M1595.11

Ad-cuas d'Ua Dhomhnaill aidhmhilleadh a criche dia éis (la h-eachtrannchoibh) ticc-sidhe a Tír Eoghain dia tarrachtain, & nír bhó cian an ernaidhe dhó i t-Tír Chonaill an tan rangattar teachta Uí Neill dia saighidh, dia aisneis dó an iustís cona slógh do thocht i t-Tír Eoghain. Soais ina fhrithing doridhisi co ráinic airm i m-baoí Ó Néill. Bá faoilidh-siumh fris. Bá h-adhbhal an t-sochraide tanaicc an iustis .i. Sir Uilliam Russell, uair boí general coccaidh na bainrioghna i n-Erinn a maille fris .i. Sir Seon Noruis, & iarla Tuadhmumhan Donnchadh mac Conchobhair Uí Bhriain iad-saidhe uile cona sochraide. Ní ro h-anadh leó-sidhe co rangattar co h-Iubhar Chinntragha, assaidhe co h-Ard Macha. Bá h-edh ro chinnsiot h-isuidhe gan airisiomh go rochtain dóibh go h-Abhainn Mhóir hi c-ceirtmedhon Tíre h-Eocchain. Acc asccnamh i réidh dirghe na conaire dóibh etir Ardmacha & Abhann Mhór at-conncatar an longport lán n-daingen, & an cipe comhnart catha i m-bátar Cenel c-Conaill & Eoghain imon iarla Ua Neill & im Ua n-Domhnaill, & iar ná airiucchadh sin don t-sluagh Gall airistt isin maighin sin co ar a bharach. Do-chottar iaramh tar anais co h-Ardmacha. Do-dheachattar na Gaoidhil ina lenmhain co ro ghabhsat longport in athfhoccus dóibh. Báttar frí ré chóicc lá n-décc aghaidh in aghaidh amhlaidh sin gan saighidh do neachtar aca for aroile, uair ro bhaoí an iustis cona shlógh i n-daingnighthibh Ardamacha acc toccbháil tor & acc doimhniucchadh díocc i t-timcheall an bhaile. Ro fhaccaibh an iustis a c-cionn na ree sin trí bhanna saighdiuir ag iomchoimhett Ardamacha, & teid fein tar a ais don Iubhar, & báttar Gaoidhil ina lenmain co dorus an Iubhair. Do-thaod an


p.1970

fo chend sechtmaine iarttain lé lón go Muineachan. Do-chóidh assidhe cona shlógh co h-Ath Cliath.

M1595.12

Ní ro lamhsat Goill aon t-slóiccheadh do breith co h-Ulltoibh go cend athaidh iar sin, acht aon t-sluaiccheadh amháin do-rónadh lá Sir Seon Norais, & lá Sir Tomas Oris a dhearbhrathair .i. presidens da Chuiccidh Mumhan, go n-eirghe amach Muimhneach & Midheach do dhol in Ulltoibh. Do-chuas leó co h-Iubhar Chinn Tragha, & ro triallsat assidhe co h-Ardmacha. Iar n-dol i n-gar do leth na conaire dóibh is ann do-ralatar na Gaoidhil for a c-cionn, & ro ghabhsat accá c-cailcc, & accá c-caithemh accá t-tolladh, & accá t-tregdadh co nár leiccsot codladh nó longadh socracht no sadhaile dóibh fri ré ceitheora n-uair f-fichet. Ní ro léicceadh dna aon troicch seacha sin ar a n-aghaidh iatt, & robtar buidhigh a maithe do rochtain a n-anmann leó tar a n-ais gusan Iubhar, iar f-faccbháil daoíne, each, airm, & edala co h-iolardha dóibh. Ro gonadh an general, Sir Seón Noris, & Sir Tomas a dherbhrathair don cur sin. Nír bhó bern baoghail doibh-sidhe dol isin c-cóicceadh iar sin.

M1595.13

Iar soadh don t-Seoirsi remhraite co Slicceach iar n-orccain Mainistre


p.1972

Naomh Muire hi Ráith Mhaolain, & eccailsi Cholaim Cille i t-Toraigh, nír bó foda an re ro léicc dia dhó gan a n-aithe fair, uair boí duine uasal do Bhurcachaibh ina caoímhtheacht co n-díbh laochaibh décc i maille fris .i. Uillecc a Búrc mac Rémainn na Sccuab. Do-radadh dimiccin & tarcaisne do-sidhe fecht n-an lá Seoirsi & las na Gallaibh ar chena. Ro ba fearcc & ro ba londus lais-siomh indsin, & ro baoí ina mhenmain aithe a dhí-mhiadha ar Sheoirsi dia c-caomhsadh & tocht iaromh i muintearus Uí Domhnaill ar bá dearbh lais gur bhó h-innill dó bheith ina fhochair. Fuair-siomh iaramh baoghal an t-Seóirsi rémhraite lá n-aén dia m-baoí i n-aireccal i n-uathadh sochaidhe. Ráinic-siomh dia shaicchidh, & ro chuir ina acchaidh a aindliccheadh & a eccóir fair, & ní f-fuair freagra ba lainn lais o ná fuair tairrngidh a cloidheamh, & imris fair co ro bhen a chend dia chúil mheidhe. Geibhidh an baile iaramh, & ro fhaídh a theachta co h-Áth Senaigh bhail i m-báttar muintir Uí Dhomhnaill. Cuirid-sidhe teachta co Tír Eoghain airm i m-baoí Ó Domhnaill feissin. At-fiadat a scéla dhó, & at-chuaidh-siumh don iarla Ua Néill iarttain. Robtar faílidh dibhlinibh don mharbhadh íshin. Celebhraidh Ua Domhnaill don iarla ar a bharach, & ní ro airis acht a n-oidhchibh cona sluagh lais go ráinicc co Slicceach fó-gheibh fáilte & do-ratt Uillecc a Búrc an baile dhó, & bá sáimh lais a mhenma. I mí Iún do-rónadh indsin.

M1595.14

An tan at-chualattar i m-báttar for díbeircc do Choicceadh Chondacht (.i. Búrcaigh Iochtarach, Clann n-Domhnaill, Siol c-Conchobhair, Ruarcaigh, & Clann Maolruanaidh, & ní h-iad amháin acht a m-báttar ar fóccra & ar faoinnel iar ná n-athchur & iar ná n-ionnarbadh lá Biongamachaibh i n-Ulltoibh & i n-ionadaibh ele)


p.1974

marbhadh Seóirsi, & gabháil Sliccigh tangattar do shaighidh Uí Dhomhnaill go Sliccech, & do-chóidh gach aon aca iaramh do saighidh a athardha dilsi badhéin, & gach aittreabhthaigh dar chuirsit Goill ina f-ferandaibh (ina airet báttar fein ar foccra) ro gabhsat leó mar lucht lenamhna ón uair sin amach. Báttar iaramh ermhór a raibhe o rinn iartharaicch Iorrais, & Umhaill co Drobhaoís d'aon rann, & d' aon aonta lá h-Ua n-Domhnaill fó chend aon mhiosa. Nír bhó h-iomdha caislén nó comh daingen is na tíribh sin nách baoí slán nó briste for a chumas fris an ré cédna.

M1595.15

Tánaicc Ó Domhnaill iaramh co Dún na n-Gall, & baí i h-isuidhe go meadhon August. Ro h-aisneidheadh do-sidhe tasccar Albanach do theacht i t-tír i l-Loch Febhail .i. Mac Leoid na h-Ara, do thaéd-sidhe chuca dia f-fostadh. Sé chéd robdar iad a líon, & iar m-beith athaidh isin tír iar leiccen a scisi, & a meirtin, & iar na f-fostadh lais, ro tecclamait a shlógha cona amhsaibh lais, & lotar tar Eirne, tar Drobhaoís, tar Duibh tarsan Sliccicch, tar Es n-Dara, tar Sliabh n- Gamh, go Luighne as-saidhe co ráinicc go Goisdealbhachaibh. Baí ionattacht & aittreabhad ag Gallaibh hi c-Caislén Mhór mhec Goisdealbhaigh an tan sin, & ro ghabh Ua Domhnaill cona shlóghaibh acc iomsuidhe an bhaile gur bhó h-eiccen don bharda an baile do thabhairt uatha fó dheoidh. Do-thaod iaramh go ráinicc Dún Mór mec Feorais. Ro sccaoílsiot a scceimhelta go Conmaicne, go Muintir Murchadha, go leithimel an Machaire Riabhaigh, & go Tuaim dá Ghualann. Ro gabhadh leó Turlach Mocháin, & sochaidhe mhór do mhaithibh an tíre im Risderd mac Mec Feorais. Ro creachadh & ro lérindreadh an tír ina n-uirtimcheall leó co ruccsat a crodh, & a cethra a h-ionnmasa, & a h-edala do neoch gus a rangattar, & soait for c-cúlaibh.

O't-chualaidh gobernóir Chóiccidh Chonnacht .i. Sir Risderd Bingam Ó Domhnaill do dhol thairis siar hí c-Connachtaibh ro thionóil-sidhe cóicc bhanna décc do shaighdiúribh


p.1976

etir marcacha & troightheacha co ráinicc go muinchintt Coirrsleibhe ar dháigh ammais do thabhairt for Ua n-Domhnaill acc tionntudh dia eachtra. Iar na fhios sin d'Ua Domhnaill ro fillsidhe tar a ais biucc cona airccthibh & cona édalaibh on c-campa go chele go Goisdealbhchaibh, go Luighne d'iochtar ó n-Ailella trés na tribh droichedaibh .i. droichet Chuile Maoíle droichet Baile Esa Dara, & droichet Sligighe. Báttar tra Goill accá iarmhoirecht amhail as déine con-rangattar is na conairibh sin. Ro eidirdheilighestair Ua Domhnaill dirim marcsluaigh, & ro forchongair forra airisemh i n-deireadh a shlóigh ar nach fagbhaittis urtosach an t-sloigh Gall giollanradh, nó aos di-airm dia mhuintir-siumh m-baoghal. Rainicc-siumh iaramh cona chreachaibh lais gan nach friothorccain co riacht i c-comhfochraibh Gleanda Dalláin. Tánaicc an gobernóir for a lorcc co ro gabh longport i mainistir Sliccigh d'forbaisi for bhardaibh Uí Domhnaill báttar isin c-caislén. Ro fhaídh Ua Domhnaill ar a bharach buidhen marcslóigh do thaiscéladh fors na Gallaibh, & d'fios sccél an dúnaidh & na n-ócc báttar and co rangattar go h-imeal bord na h-abhann gusan c-cnoc dia n-garar Ráith Dá Briotócc, & at-ciad na Goill sáncán seachnón an bhaile.

M1595.16

Ro bhaí ócclaoch uallach borrfadhach i f-farradh Sir Risderd an tan sin ro ba mac sethar dó budhdhein captin Martin a ainm. As es-sidhe bá toíseach marcslóigh dhó. Ní ro fhulaing-sidhe d'eccsan a namatt i c-comhfoccus dó gana f-fuabairt, & tainicc cona dhiorma tar droichet Sligighi anall. O'd-chiad muintir Uí Domhnaill iad dia saighidh soait for c-cúla (o nach rabhattar coimhlíon friu) amhail as déine conrangattar. Tiaghait na Goill ina n- diúidh, & nís-tárrattar idir soait iaramh for c- cula. Ro aisneidhsiot muintir Uí Domnaill a scéla, & amhail ro bás occa t-tograim, & amhail do érnaisiot lá luas a n-ech. Iar c-cloistecht an scceóil sin lá h-Ua n-Domhnaill bá sé airecc ar rainicc lais celcc do indell for ciond na n-allmuireach isin c-conair c-cédna. Ro theglaim


p.1978

iaramh an céd marcach ro ba deach dia sluagh co t-tribh cédaibh troighteach cona t-trealmhaibh diubhraicthi .i. fidhbhaca cona saighet bolccaibh. Ro fhorcongair forra celcc do inneall fá mhile do Shlicceach, & dírim bhecc marcsluaigh d'faoídheadh uatha co h-imel bhord na h-abhand do bhréccadh an t-slóigh Gall, & dia t-tíosta ina lenmain gan airi-siomh fri h-iomairecc co rochtain dóibh tar an maighin in ro h-indleadh an chelcc. Do-rónadh fair-sium sin uile. O't-chonnairc captin Martin an t-uathadh marcslóigh for ur na h-abhann do-chóidh co n-dirim móir marcslóigh a maille fris dia t-téttarrachtain lotar-somh rempa co h-ionmall ainésccaidh an c-cédna feacht, nír bhó cian do na h-óccaibh iaramh gur bó h-éiccen dóibh beith acc eachlosccadh a n-each lá a dheine & lá a dhiogaire ro báttar Goill ina n-deadhaidh. Ro cuireadh deireadh for aon díobh-sidhe .i. Feilim Riabhach mac Daueid, dia aimhdheóin lá h-ionmaille a eich co nár bhó tualaing frestal a muintire, & go m-bó h-eiccen dó airi-siomh fri a naimhdibh, & teacht tar forchongra a tighearna .i. tochar do fris na Gallaibh. O rob' erdhalta lais a mharbhadh fó chédóir. Soais a ghaidh fris an t-í bá nesamh dhó don lucht batar ina lenmain, & rob' e-sidhe captin Martin, & acc tóccbháil a láimhe dó-sidhe in oirchill a airm d'imirt for an t-í do-rala in eccomhlann for a chionn do-rad Feilim a mhéur hi suainemh an fhogha baí occa i n-erlaimhe dia dhiubhraccadh co ro amaiss captin Martin i n-deirc a occsaille cech n-direach gur treghdastair a chridhe ina chliabh. Bá h-eidighthi-siumh tra cenmotá an t-ionadh sin trias ro gaottha. Iompaíd na Goill for c-cúla iar n-guin a t-treinfhir & a t-toísigh iomghona, & do-berad leó hé for iomchar faon fotharsna i f-fannthaisibh écca co rangattar an baile, & fuair bás in adhaigh sin. O'd-chonnairc Ó Domhnaill na Goill do shoadh for

p.1980

c-cúlaibh ro lonnaigheadh ei-ssidhe co ro thoingsiot lucht na fásfuabarta tar cend Fhelim co ná baoí ní dia imdheaghail gan a mharbhadh lá captin Martin acht madh an t-aén fhorccom sin. Ro tlathaighestair a mhenma iaramh ó rangattar scéla chuicce ar a bharach co ro écc an captin.

M1595.17

Dala an gobernora ro líon-sidhe d'feircc & do lonnas iar marbhadh a bhrathar, & ro fhorchongair for a shlógh aidhme toghla an chaisteoil do dhénamh leó dus an c-caémhsaittís a erghabhail for Mhuintir Uí Domhnaill bátar ann. Do-rónadh leó-somh indsin do chranncaingel & do chubhachlaibh na c-céiledh n-Dé, & dá gach aidhme rangatar a les baí isin mainistir. Do-radtha iaramh seichedha bó & damh for na h-aidhmibh sin dia n-eactair. Ro fucctha bheós rothadha faoí dia fhógluasacht gusan dúnaidh. Ro líonta iaramh do laochraidh, & do láthaibh gaile, & do shaoraibh i f-foimhdin toghla an bhaile. Ro tréntairrngedh léo an lúitheach sin lá dorcatta urthossaigh na h-oidhche co ro suidhighthe hé fri h-uillinn an chaisteóil, & gabhait for scaoíleadh an mhúir iarttáin báttar dinidh saoir isin m-baile, & ro ghabhsat acc blodhadh an bhalla fo a n-erchomair do dhiubhracadh a


p.1982

m-biodhbhadh do na h-óccaibh báttar istigh. Do-chódar araill ele don bharda for taibhlibh an dunaidh, & ro ghabhsat for tealccadh táithleac t-tuinigthe, & carracc c-cendgharbh forra anuas gombtar miona mionbhrúite gach ní fris a c-comraictis. Tiaghaid tra drong ele do lucht an bhaile for fenestribh & for fonlésaibh an caisteoil, & gabhait for diúbhraccadh a n-ubhaill mhealluaidhe, & a t-trom chaor t-teinntidhe forra go ro foirrgitt an fiallach baí is na cumhdaighthibh cláraigh don chloichthreas, & don dian n-diubraccadh sin. Ní ro fuilngit las na Gallaibh a c-créchtnucchadh ní badh mó, & ó ná ro fhédsat ní don dúnadh ro fhagaibhset a t-teghdhaisi toghalta múir, & soait ina f-friting ós iat beóghonta, & robtar buidhigh do rochtain a n-anmantt leó. Bá crádh cridhe las an n-gobernoir Sir Risderd Bingam ná caemhnaccair a ainchridhe d'imirt for bhardaibh an dunaidh, ná for nach n-aon do mhuintir Uí Domhnaill, & impdhídis for a ais tar Corrsliabh, tar Magh n-Aoi co rainicc Rosscommain. Do-dheachaidh Ó Domhnaill iaramh tar Éirne, & ro léicc a Albanaigh uadha iar t-tabhairt a t-tuarustail dóibh. Téid tar a ais co Slicceach co ro brisedh lais an caislen d'uaman Gall dia aittreabhadh.

M1595.18

Tepoitt a Búrc mac Uatéir Chiotaigh, mic Seain, mic Oiluerais mic Seain do ghabháil forbaisi for Bhél Leice, baile sin i m-barúntacht Tire h-Amhalgaidh c-Conntae Maigheó, & bá h-iad barda an gobernora báttar and. Iar rochtain na scél sin gusan n-gobernóir, ro fhorail for a dearbhrathair .i. captin Iohn Bingam ar captin Foal, ar captin Mennsi & ar a mac Uilliam Buidhe Diúid co n-druing móir do daoinibh uaisle ele a maille friú dol d'furtacht an bhaile co lón & co n-armáil dia saighidh, riasiú ráinicc leó an bharda d'fóiridhin fuair Tepóitt a Búrc an baile. Tiaghaid-siumh tar a n-ais fó aithmhela, & ro gabh Tepóitt acca t-toraigheacht, accá t-treghdadh, & acca t-timchealladh agá m-buaidhreadh, & accá m-básucchadh car an chaomhlaoí co ro fháccaibhsiot daoíne, arm, & éideadh iomdha. Ro marbhadh lais an lá sin captin Foal, captin Mennsi, & mac oidhreachta Uilliam Diúid, & sochaidhe ele do shaorchlandaibh, & do dhaorchlandaibh


p.1984

nách áirimhthear. Ba do thoradh engnamha, eissiomail, & aithearraigh eolais ro imthigh gach a n-deachaidh as díbh an lá sin.

M1595.19

O Neill Toirrdhealbhach Luineach mac Néill Chonallaigh, mic Airt, mic Cuinn mic Enrí, mic Eoghain do écc. Bá he-sidhe aen as mó ro dearlaic d'ionnmhasaibh & d'edalaibh d'éiccsibh, & d'ollamhnaibh, & do lucht cuinghedha n-eith do tighearnadhaibh Ereann ina coimhre, uair ro h-erfhuaccradh uaidh-sidhe co minic fo Erinn dá gach aen baí la h-iarraidh neith toidheacht ina dochom i f-Féilibh Geine an Choimdhe do shonnradh, & iar na t-tarrachtain ní theighedh aen fó dhiomdha uadha gan riar; tigherna agá m-bídis sochaidhe ile for a tuillmhe & for a tuarustol, tigherna ro ba sochonáigh fri sidh, & ro ba comhnart fri coccadh condus-rala aoís, & enirte dó, & ro h-ordaighedh oidhre ina ionadh deich m-bliadhna ria na bhás ar an b-parliment ro congmhadh in Áth Cliath i n-ainm na bainrioghna Elisabeth .i. Aodh mac an Fhirdhorca (.i. an barun), mic Cuinn mic Cuinn, mic Enri, mic Eoghain dia ro gairedh iarla ar an b-parlimint sin. Bá h-and at-bath Ua Nell isin Srath m-Bán, & a adhnacal in Ard Sratha.

M1595.20

Mag Aéngusa Aodh mac Aodha, mic Domhnaill Óicc fer a athardha ro badh mó ainm & erdearcus i f-fiadhnaisi Gall & Gaoidhel Ereann d-écc go feachtnach.

M1595.21

Toirrdhealbhach mac Briain mic Donnchaidh, mic Donnchaidh Bhacaigh tighearna Corca Baiscinn Iartarthaighe, fer ro ba mór teist & tuarusccbháil ar fud Ereann do réir a athardha (uair ní bai occa acht triucha chéd namá) do écc & a mhac Tadhcc Caoch do gabhail a ionaid.

M1595.22

Remann na Sccuab mac Uillicc na c-Cend, mic Riocaird mic Uillicc Cnuic Tuagh do écc.


p.1986

M1595.23

O Gallchubhair Sir Eóin mac Tuathail, fer ro badh mór ainm & oirdercus ag Gallaibh, & ag Gaoidhelaibh an tan-sin do écc .25. April.

M1595.24

Mainistir Mhuineacháin i n-Oirghiallaibh do beith ag Gallaibh an bliadhain-si, & banna saighdiuir agá h-iomchoimhéd do ghnath. Rainic sgéla uatha co h-Áth Cliath co m-báttar i t-teirce lóin. Iar ná cloistecht sin don iustis Sir Uilliam Russel, & do Sir Seon Noris ro fhurailset sé bhanna fichet saighdíuiridhe do Shaxanchoibh & d'Éirennchoibh co n-daoínibh uaisle iomdha a maille friú do chor lá lón & lá gach n-aidhilcce rangattar aler go Muineachan, & rangattar rompa gan ráthucchadh gan frithbeart gusan m-baile, & iar m-beith in adhaigh sin i Muineachan dóibh ro triallsat imtheacht ar a bharach do dhol don Iubhar. An tan tra rangattar edh becc ó Muineachan soir do-rala muintir Uí Neill dóibh for a c-cionn. Bá h-ainmín esccairdemhail an fiadhucchadh fuairsiot annsin uair ro gabhadh aga c-caitheamh & agá c-comhfhuabairt agá marbhadh, & agá mudhucchadh on cetheora h-uair ria medhón laí co fuinedh n-ell nóna co nár bhó h-urusa ríomh nó áiremh in ró fáccbadh do mhuintir an iustis etir shaor & daor, & in ro fáccbhadh bheós d'eachaibh, & d'éidedh d'ainnaibh, & d'iolfhaobhraibh, d'earradh, & d'édach uasal, do caiplib, & do chliabhaibh lóin in gach conair ro imtighsiot an lá sin. Ro gabhadh foslongport leó in iomfhochraibh an Iubhair, & tangatar bandai ina c-coinne ón Iubhar ar maidin ar ná mharach, & rob' erbadhach uirbernach ro bhattar acc dol gusan m-baile sin, & ní ro shaoílset ag fágbhail Atha Cliath go f-fuigbedís a h-ionnamhail sin d'iomarghoil in Ulltoibh. A mí Maii do shonradh do feradh an trescomasc sin.

M1595.25

captin Felli duine uasal do mhuintir na bainrioghna agá m-boí urlamhus & iomchoimhéd a fhearann ón n-gobernoir do marbhadh i c-caislén in Aircín i f-fiull la a muintir fein.

M1595.26

O Domhnaill do thionol a shlóigh i mí December do dhol i c-Cóicceadh Connacht. As í conair do-luidh do Slicceach go Tráigh n-Eóthuile, co Tír Fhiachrach, & tars


p.1988

an Muaidh co Tír n-Amhalgadha. Batar Clann Uilliam Búrc i f-frithbheart fri a roile im tighearnas an tíre, uair an dar lá gach fer díbh bá dó bádhéin ro badh dír. Tangattar-somh uile fo toghairm Uí Domhnaill iar t-toidhecht dó don tir ro bhaoí-siomh agá sccrúdadh fri a comhairlechaibh cia diobh-saidhe dia n-goirfeadh ticcherna. Conadh fair do chinnsiot fa dhéóidh tighearna do ghairm do Thepóitt a Burc mac Uateir Chiotaigh, mic Seain mic Oiluerais, ar dháigh as é do dheachaidh chuicce-sium cetus iar ná ionnarbadh do Ghallaibh as a dhuthaigh, & ro thingheall-somh dó co n-diongnadh a chobair dia c-caomhsadh, & ro bhaoí bheós i t-tuile a aoise fri foimhdin imnigh & ettualaing an choccaidh i m-baoí-siumh. Ro gaireadh iaramh a gairm flatha de i f-fiadhnaisi na slógh a c-coitchinne gé ro bhattar araill dia chenel ro ba sine, & ba moa ar aoí n-garma inás. Do-radadh geill & aittire ó na Búrcachaibh oile baoí i frithbheart fris for laimh Thepóitt iar na oirdneadh. Ro airis Ó Domhnaill hi rann Mec Uilliam fó Nodlaicc Mór na bliadhna so i m-Barúntacht Chille Medhóin, & is na Brighibh hi c-Cloinn Muiris.

M1595.27

Bai ard iustis na h-Ereand .i. Sir Uilliam Russel i n-Gaillimh in ionbaidh sin. Ro luaidhedh siothcháin go cend dá mhíos gan urradha gan árach etir Ua n-Domhnaill & Connachtaigh do leith, & an iustís don leith ele acc fáccbháil na Gaillmhe dho. Ni bhaoí aon Chonntae hi c-Connachtaibh cenmotá Conntae an Chláir namá ná bátar uile no dronga dirimhe as gach conntae díbh d'aon rann & d'aon leith lá h-Ua n-Domhnaill don chur sin ó Drobhaoís co Conmaicne Mara, & ó Muaidh co Sionainn. Battar ann dna Síol c-Ceallaigh cenmotá Conchobhar mac Donnchaidh Riabhaigh, mic Taidhcc Duibh Uí Cheallaigh uair ro gabhadh lais-sidhe an Caladh ar Fherdhorcha mac Ceallaigh mic Domhnaill, mic Aedha na c-Cailleach Uí Cheallaigh. Do-chóidh tra Feardorcha gusan líon baí hi c-cend Uí Domhnaill, & rogair Ó Domhnaill tighearna de. Ro eirghettar síol Madagain isin c-coccadh c-cédna acht Ó Madagáin amháin .i. Domhnall mac Seaain, & a mhac Anmchadh. Lottar clann Remainn


p.1990

na Scuap mic Uillicc a Búrc, & an lucht ad-rubhramar go ro gabhadh & co ro brisedh, Míliuc Uí Madaccáin, Tír Athain, & urmhor bhailtedh na tíre leó cenmota an Longport. Ro lomadh & ro léirscriosadh Cluain Fearta Brénainn & ro gabhadh espucc an baile leó. Baí ann-sidhe Eoghan Dubh mac Mhaoileachlainn Bailbh Uí Madagain ó thuaith Lusmaighi hi c-cuma cháich. Do-cuas leó iaramh tar Sionainn i n-Dealbhna i f-Feraibh Ceall, & acc sóadh dóibh tar a n-ais co brú Sionna do tairrngeadh dá banna saighdiúiridhe baí ar ósda isin Midhe ina n-iarmhoireacht, & ní riacht rabhad nó rathucchadh rempa go riachtadar gan fios gan airiucchadh co ro iadhsat imon m-baile i m-báttar na foghladha co ro marbhadh dronga dibh-sidhe im Anmchaidh mac Maoíleaclainn Modardha mic Maoileachlainn mic Bresail, & im Cobthach Ócc mac c-Cobhthaigh Uí Madagain. Térnatar clann Remainn a Búrc ón m-breisim sin co n-urmhór a muintire amaille friú.

Ro briseadh lá h-Ua n-Domhnaill don chuairt sin tri caisléin décc do chaislénaibh Connacht. Iar t-tocht d'Ua Domhnaill tar Muaidh co Tír Fiachrach ro ghair-sidhe Ua Dubhda do Thadhcc mac Taidhcc Riabhaicch mic Eoghain, & Ó h-Éghra Riabhach i l-Luighne. [...] & Mac Donnchaidh Tire h-Oilella do Mhuirghes Chaoch mac Taidhcc an Triubhais, & Mac Donnchaidh an Chorainn do Rudhraighe mac Aedha, & Mac Diarmada Maighe Luircc do Chonchobhar mac Taidcch mic Diarmada. Do-bert lais iaramh braighde gach tíre gus a rainicc i n-gioll lé comhall, & soais tar a ais go ráinic tar Éirne iar c-criochnucchadh a thurais.

M1595.28

Braighde Connacht uile (durmhór) batar i l-láimh i n-Gaillimh on n-gobernoir Sir Risderd Biongam. Feacht and dia m-báttar mesgtha meraighthe iar n-ól


p.1992

fhiona isin c-céd mhí d'foghmhar na bliadhna so co ro iomráidhsiot etorra fein elúdh as in b-priosún i rabhathar, & imtheacht d'áis nó d'éiccean. Iar c-cindeadh na comhairle sin dóibh do chuirsiot a n-glais & a n-geimhle díobh, & bátar doirsi an bhaile erslaicthe an tan sin, & bá h-ionam proinnighthe do chach i c-coitchinne uair bá h-urthosach oidhche ann do-chóidhsiot tarsan dorus siar don bhaile. Ro gabhadh an droichet forra gur bhó h-eiccen dóibh an abhann aggarbh d'ionnsaicchidh fo a n-urchomhair, & bá an aoin fhecht battar-saidhe ag fágbháil na h-abhann & aos óccbaidh an bhaile iar n-dol tar droichet an bhaile ina c-comhairrcis. Ro marbhadh cuid do lathair, & ro h-iompaídhedh an chuid ele díobh gusan b-priosún ó'r imthighedar. Iar n-dol do na scélaibh sin gusan n-gobernóir, Ro chuir-sidhe sgribhenn go Gaillimh dia forchongra gach aon ro aontaigh eludh don chur sin a chrochadh gan fhuireach. Ro crochadh ar furailemh an gobernora mac Mec Uilliam Búrc .i. Emann mac Risdeird an Iarainn, mac Uí Conchobhair Ruaidh [...] mic Taidhcc Óicc mic Taidhcc Bhuidhe, mic Cathail Ruaidh mac Mhec Dauid Hoberd mac Hoiberd Buidhe, mic Uilliam, mic Tomais Murchadh Ócc mac Murchaidh na t-Tuagh mic Taidhcc Uí Fhlaithbertaigh, Domhnall mac Ruaidhri mic Taidhcc Uí Fhlaithbertaigh, & Maoílir mac Tepoit, mic Uáteir Fhada.