Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1580

M1580.0

AOIS CRIOST, 1580. Aois Criost, mile, cuicc ced, ochtmoghatt.

M1580.1

Concobhar, mac Donnchaidh, mic Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain, iarla Tuadhmumhan rob eisidhe céd-mhac do Shiol Corbmaic Chais do shuidh i n-áit a athar ós cuid Shleachta Luighdhech Mind don Mumhain, sosar do tharraing, & do threóraigh orlamhus a athardha a lamhaibh sinnsear do réir riaghla & rechta & ordaighthe prionns Saxan, do écc i n-inmedhon a aoisi iar c-caithemh leith-bhliadhna, & chóicc m-bliadhan cethrachatt ó a ghein go a écc, dá bhliadhain ar fichith go leith dibh-sidhe i n-airdchendus a fhine & h-i c-codhnachus a chlannmaicne amhail dhearbhas an rann

  1. Fiche bliadhain do bhí so
    is cúicc leith-bliadhna lána
    ina iarla ar fhonn Adhar
    grian-gha mar Chonn Conchobhar.

M1580.2

An Conchobhar íshin d'adhnacal i Mainistir Innsi, & a mhac Donnchadh d'oirdneadh ina ionadh.

M1580.3

Mac Uilliam Búrc Seain, mac Oiluerais, mic Seain, fer toirbertach trom-conáigh lásan f-fearr síth iná so-choccadh, & nó chonccnadh do gnáth lásan b-prionnsa do écc & Risdeard an Iarainn, mac Emainn, mic Uillicc dia oirdneadh fein gan ceatt don prionnsa i n-ionad Seain.

M1580.4

Mac Uí Dhomhnaill Cathbharr, mac Maghnusa, mic Aodha Duibh, mic Aodha Ruaidh tanaisi Cenél c-Conaill, saoí dearlaictheach duas-mhór deigh-einigh, lendán deóradh,


p.1726

& dámhsccol Tuaisceirt Ereann d'écc ina baile fein .i. An Sgarbh Sholas an .15. d'October, & a adhnacal i n-Dún na n-Gall.

M1580.5

O Bern Tadhcc Ócc, mac Taidhcc, mic Cairpri, mic Maoileachlainn, mac leighintt lán-oirdhearc a ciuil & i c-canóin do écc, & a adhnacal i n-Oilfinn, & a dearbhrathair Cairpre do ghabhail a ionaidh.

M1580.6

Mac Mhec Donnchaidh Tíre h-Oilella .i. Maol Ruanaidh, mac Cathail, mic Eoghain fiadhaighe fuileach forbfaoileach, niata lé namhait, connalbhaigh lé carait do écc.

M1580.7

Tadhcc Riabhach, mac Eoghain, mic Conchobhair, mic Taidhcc Uí Dubhda do écc.

M1580.8

Domhnall, mac Taidhcc, mic Conchobhair, Uí Bhriain d'écc, & a adhnacal i Mainistir Innsi.

M1580.9

Eoghan mac Tuathail Bhailbh Uí Ghallchubair deccanach Rátha Both do écc an .22. lá do mhi October.

M1580.10

Mac Még Eochaccain Rossa, mac Conla, mic Conchobhair, mic Laighne do mharbhadh go míoghaolmhar lá a dearbrathair .i. lá Brian. Rob iongnadh laighett Cheneóil Fhiachach d'fhinechas, & nách raibhe Rossa acht 'na uasal, & urmhór fher n-Ereann accá eccaoíne. Ro gabhadh dna athair na cloinne-sin lásan iustis fo dháigh at-beirthi co m-baoí cuitt dó-somh isin f-fingail-sin a chloinne.

M1580.11

Semus Ócc, mac Semais, mic Seain, mic Tomais iarla do dhol do dhruim a dibheircce d'iarraidh creiche i Musccraighe, & Corbmac, mac Taidhcc, mic Corbmaic Óicc, mic Corbmaic, mic Taidhcc Meg Carthaigh (tighearna an tire) do bheith co líon a shochraide i n-aon-mhaighin ar a chionn an adhaidh-sin. Ro h-aisneidheadh do-sidhe Semus do dhol tairis isin tír. Do-chóidh iaramh Corbmac i n-ionadh erdhalta in ro ba dóigh lais Semus dia shaighidh, & fó-gheibh Semus co creich


p.1728

chuicce & ro ionnsaigh é co ro marbhadh & co ro mudhaigheadh urmhór a mhuintire, & ro gabhadh Semus budhéin, & ro cuireadh i l-laimh go Corcaigh. Baí a n-gar do mhí isin m-baile-sin, & ullmucchadh báis gach aen-lá ris an ré-sin aicce agá dhénamh air féin, & é ag dénamh aithrighe ina pheactoib, & acc iarraidh maithme ina mí-ghniomhaibh. Tainicc sccribend i c-cend na ree-sin on iustis & on c-comhairle ó Ath Cliath co Corcaigh dia fhorcongra for an mera an saér-mhachaemh do mhalartnucchadh, & cethramhna comhroinnte do dhénamh de, & a fhodhail i n-iolphairtibh. Do-rónadh iaromh ind sin.

M1580.12

Semus, mac Seain Óicc, mic Seain, mic Tomais iarla do mharbhadh san c-coccadh c-cédna lá tigherna Popail Briain, & Chairrcce Ó c-Coinnell .i. Brian Dubh mac Matghamhna mic Donnchaidh, mic Briain Duibh Uí Briain, & ro baoí díol a athardha d'oidhre isin Semus-sin.

M1580.13

Semus, mac Muiris, mic Gearoitt, mic Tomais iarla do mharbhadh ar an c-coccadh c-cédna d'erchor do pheiler i n-dorus Eóchaille.

M1580.14

Emann, mac Maol Muire, mic Donnchaidh, mic Toirrdhealbhaigh, Mec Suibhne a Tuathaibh Toraighe do dhol do dhenamh creiche for druing dona díbherccachaibh go Glend Fleiscci. O Donnchadha & mac dearbrathar don Emann-sin .i. Goffraidh Carrach mac Donnchaidh Bacaigh do breith for Emann, & a mharbhadh co misccneach míoghaolmhar, & ní bhaoí i n-Erinn an adhaidh-sin aon-mac gall-ócclaigh as mó do chendaigh d'fhíon, & d'éiccsi iná an t-Émann-sin.

M1580.15

Rolont, mac Remainn, mic Uillicc Cnuicc Tuagh epscop Cluana Ferta d'écc, & rob adbhar eccaoine ina thír feisin dith an deigh-fhir-sin.

M1580.16

O Suillebhain Mór d'écc .i. Domhnall mac Domnaill, & a mhac (Eocchan) d'oirdneadh ina ionadh.

M1580.17

Donnchadh, mac Maoíleachlainn Mec Gormain mic Maoileachlainn Duibh do écc.

M1580.18

An iustis Sir Uilliam Pellham do chor sccribeann i Saxoibh iar Nodlaicc Móir na bliadhna-so d'iarraidh an ambrael & choblaigh na bainríoghan go n-iomfhulancc lóin & ordanais móir do chor co h-Erinn fo daigh ghabhala ina m-baoí dá m-bailtibh fein ag Geraltachoibh. Báttar iatt-sidhe Eas Geibhtine, Baile Uí Gheileacain,


p.1730

& Carracc an Phuill. Ro tionóiledh mór-sluaiccheadh fher Midhe, Fhine Ghall, & Laighen, & bheós ina m-baoí fó dliccheadh ó Bhoinn co Comar Tri n-Uiscce lasan iustis, & lá h-iarla Urmumhan do dhol i n-Geraltachoibh im fhéil Brighde do shonnradh. Bá h-adhbhal an t-socraitte slóigh tánaic iarla Urmumhan isin toichestal-sin, & ní ro h-airiseadh lais-sidhe co rainic co Corcaigh. Luidh an iustis co líon a thionoil co Luimneach & ger bó síon adhuair, errchaidhe ann an tan-sin, ní ro airis cenmothá an t-seachtmain acc athnuadhucchadh ainnala & bídh dia saighdiuiribh isin maighin-sin. Luid as-sidhe siar deas don Deis Bicc, & don Máigh maighrigh go ro gab longport i c-Conallcoibh. Ro léicc scceimheltta sccaoilte uadha gusan c-Coill Mhóir go coilltibh Claonglaisi, & co droibhelaibh Delcce. Ní ro déchaidh trocaire do tren no do truagh gusa rangus annsin. Nir bhó machtadh gach aon ba inéchta do mharbhadh, acht ro marbhadh and doill, & daoíne deroile, Ro marbhadh ann mná, meic, scceo inghena, aos galair, eccuinn, & aos arsaidh. Ruccadh a c-crodh & a c-crecha gusan c-campa do shaicchidh an iustís. Ro fáccbadh dronga dearmara do Shaxanchoibh lá lucht na c-creach-sin ina n-iarmhóirecht. As eadh ro chinn an iustis dol i c-Ciarraighe, & ro asccna co Temhair Luachra, & luidh iaromh co Traigh Lí, & do muincin Slebhe Mis inghine Muiredha mic Cairedha. Tánaic iarla Urmumhan ó Corcaigh co Ciarraighe i c-comhdháil an iustis. Bá

p.1732

dírimh an ro fáccbadh d'eachaibh, & do dhaoínibh gan fhuiliucchadh, gan fordherccadh lá med a n-astair & n-imtechta, & lá teirce bídh don chur-sin.

M1580.19

Bá h-é-sin ionam tangattar coblach na bainrioghna ar cóstadhaibh na h-Ereann, & ní ro gabhsatt fós go rangattar co cuan Sionna sriobh-gloine, & ro leiccsett a n-angcaire amach for an aiccen fo urchomhair Chairrce an Phuill gach n-díreach. Tánaic an iustis & iarla Urmumhan for tir do shaighidh an bhaile cedna co ro shuidhighedh da champa do mhuir & do thír ina thimchell. Do-chóidh din Sir Niclas Malbi co maithibh chóiccidh Chonnacht, & co n-druing dírime do Shaxanchoibh i t-Tuadhmumhain fó dáigh ná léiccfeadh anfforlann mara nó tíre do shaighidh an iustis an c-cein nó biadh lé h-aghaidh glan-bailtedh Gearaltach. Dala an iustis ro fhorcongair-sidhe an t-ordanas mór sin tainicc chuicce do tharraing i t-tir & ro suidhighedh cóicc gonna mora fó chomhair na Cairge dia caitheamh gan choiccill. Ath-beirthí gur bhó lethchanóin an gonna ba luccha dibh. Ro gabhsatt acc diubhraccadh an bhaile iaromh. Ní bai tra ó Charn Breissi mic Ealathan mic Neid i n-iarthar deisceirt Chóiccidh Cloinne Deircctine, go Cnoc Medh Siúil i c-Connachtaibh, diamhair, na droibhel, fán, ná foithir-ghleant nach clos fuaim, & fothram an ordanais anaithnidh iongnaith sin. Ro leccadh dna fo dheóidh an leth siar do Carraicc an Phuill ó lár go lán mullach, & ro ba comhmbrúdh & comhthuitim do bharda & don bhaile na c-cend forra. Ro gabhadh an baile lasan iustis, & ro an fri ré chóicc n-oidhche isin c-Carraicc iarna gabháil. As eadh do-dheachaidh a c-cionn na rée-sin go h-Es Gebhtine. O 't-chualattar bharda Bhaile I Geilechain,


p.1734

& Essa Geibhtine allgotha adhuathmara an ordanáis anaithnidh nach clos leó a shamhail riamh gó sin, ro ghabhsat for brisedh a m-bailtedh, & rainicc leó brisedh Baile I Gheileachain, & ní ro cumhaingsiot Ess Geibhtine do bhrisedh & ó nár fhédsat ní dó as sedh do-ronsat doirsi an bhaile d'faccbháil obhéla oslaicthe fó urchomhair an iustis. Do fóccradh an baile-sin a m-bit-dilsi don bainríoghain. Do-chóidh iaromh an iustis iar sin co Luimneach, & baoí dá fichet la ann-saidhe acc cur a sccísi, & a meirtin dhe, báttar a gille & a eich for coinnmedh sechnón Tuadhmumhan in arett-sin. Soais tara ais co h-Es Gebhtene im cinctidhis ar c-cind co ro caith seal don t-samhradh isin m-baile-sin, & ní anadh do ghrés, acht acc inghreim & ag adhbal-sccrios Gearaltach do ló, & d'oidhche. Bá don chur-sin ro básaicchedh lais Fáltach Dúna Moilin .i. Uillecc, mac Uillicc, mic Uillicc. Mac dall sidhe ó a gein go a bhas an tan-sin. Ro marbhadh lais bheós Supélach Cille Mo Chua .i. Sean, & nír bo h-ionmarbhtha sidhe idir ge ro baoi tuilleadh ar chéd bliadhain d'aoís. Bá dírim, & bá do-aisneis an ro loitseat Goill & Geraltaigh imo 'roile 'roile isan tan-sa. Do-chóidh an iustis cona shluagh i c-Ciarraighe, & ní ro airis co rainicc Daingen I Chúis. Ro lomadh & ro leir-sccriosadh lais bladh mhór do Ghearaltachaibh & do Chiarraighe don chur-sin. Tig as-saidhe fiar-tharsna na c-críoch go Corcaigh, & tar a ais co h-Es Geibhtine, & co Luimneach. Battar maithe Muimhneach (cenmotat Gearaltaigh) i n-giallnus occa don chur-sin .i. An Barrach Mór, ben & mac Meg Carthaigh Móir, dias mac Meic Muiris Ciarraighe, O Suilleabhain Beirre, Mac Donnchadha, & mac Még Carthaigh Riabhaigh.

M1580.20

Do chuirsiot comhairle Shaxan iustis nua i n-Erinn isin c-ceid-mí d'fhoghmar.i. Lord Graii (.i. Artur). Ro ba mo eissidhe d'ainm & d'onoir ina Sir Uilliam Pellham, ar a aoi ní thainic i n-Erinn riam ar oiret aimsire fris aon-mhac


p.1736

Saxanaigh ba luaimnighe láin-aisttrighe, & bá h-uaisle aithesaighe, & as mó lér éirigh do shén serbhisi ina an Sir Uilliam-sin. Do-chuaidh-sidhe go h-Ath Cliath fo thuairim an iustis-sin tainicc a Saxoibh, & tucc an cloidhemh for a cumas, & ro imthigh fein soir iar m-breith buadha dia bhiodhbadhaibh.

M1580.21

Semus Ustas, mac Rolont, mic Tomais do bhriseadh a bhailteadh ar n-gábhail lais an c-creittemh c-catolica, & ar n-diúltadh dá prionnsa, co ro eirigh coccadh & cendairrci le linn an iustis (Arthur Lord Graii) do theacht i n-Érinn. Tangattar Caomhanaigh, & Cennselaigh, Branaigh, & Tuathalaigh, Gabhal Raghnaill & an meid ná ro díobhait d'iarsma ó f-Failge, & do Laoighis i c-cobhair & i c-commbaidh Shemais Iustas, gur bhó h-aen-clár imresna & esaonta ó Shláine co Sionainn, & ó Bhoinn co Comar Tri n-Uscce. Do-rónadh foslongphort lasna foghladhaibh rémhebertmar in iomfhochraibh an t-Slebhe Ruaidh & Glinne Maoil Ughra.

M1580.22

Sluaiccheadh lasan iustis & la Captin Maulbi do dhol do sccaoíleadh & d'eisreidhedh na f-foghladh f-foirniatta sin. O 'd-chualattar na diberccaigh dáil a n-anfforlainn dia n-ionnsaicchidh, ro sccaoilsiot ar a n-daingnightibh fo ghuaillibh garbh corra Ghlinne Mhaoil Ughra. Ro thogh an iustis an drong as mionca ro fécchadh & ro fromhadh do caiptínibh an t-sloigh, & do chuir leo a h-ocht, no a naoí do bhandaoíbh saighdiúiridhe do thúr & do thaisceladh Ghlinne Maoíl Ughra. Fuarattar a f-freccra gan fhuireach lá fóirnibh forcoimhétta an ghleanna, co nach mór terna tar a n-ais don fhedhain-sin, gan mudhucchadh, gan mór-airleach lásan n-gasraidh n-Gaoidhelach. Ro marbhadh An Carrúnach .i. Piotur Carrun,


p.1738

& maighistir Muar .i. Seon, & maighistir Frans. Ro marbhadh ann dno drong do dhaoinibh uaisle tainic anoir i n-gárda an iustis-sin. Ro fháccaibh an iustis a fhoslongport iar rochtain na sccel-sin dia saighidh.

M1580.23

Tánaic coblach eadailleach do mhuintir an papa i mí medhoin an fhoghmhair i c-Ciarraighe. Ro ba mó a n-ainm na a t-tóthacht uair baoi dia n-airdeirce cettus diamadh i l-Luimneach nó i n-Gaillimh, nó i c-Corcaigh tiastais co f-fuicfidhe na h-ard-bhailte-sin obela oslaicthe for a c-cionn. Ba h-ann ro gabsat port occ an oilén ro thionnsccain Semus mac Muiris do cumhdach an bliadhain roimhe .i. Dun an Óir. Ba sedh fo deara don chobhlach í shin tocht i n-Erinn do chongnamh


p.1740

Gearaltachaibh iarná cluinsin dóibh a m-beith i n-eiccen anbhail acc cosnamh an chreidimh chatolicae. Do-rónadh tecclamadh slóigh lá h-iarla Urmumhan .i. Tomas mac Semais, mic Piarais Ruaidh ar a dhaigh fein, & ar dhaigh a prionnsa do dhol do saighidh Dúin an Óir, & na n-Edailleach, & ní ro h-anadh lais co rainicc co Ciarraighe. Battar glan-shluagh Gearaltach for a chionn annsin, & ní tard cechtarnae aca amus for aroile. Ara a chena ro leicceadh an chonair don iarla co n-deachaidh for an c-cnoc os cenn An Dúin, & ro dhéch uadha na ratha ro-doimhne, & na dún-chlaidh dithoghlaighi ro tóccaibhsiott na h-Ettáilligh i t-timcheall an oiléin, & ro sgrúd ina mhenmain nár bhó tarbha dhó tochar friú isin iomcumhang i m-bátar. Soais ina frithing i f-frithsét na conaire cedna, & fo-gheibh an iustis ina coinne i n-Uibh Conuill Ghabhra, & ní ro gabh toirmescc on iarla gan dol d'féchain Dúin an Óir. Luidh reimhe ina uidhedhaibh imtheachta do Chloinn Mhuiris & do Chiarraighe co ráinic i c-chomhfhoccus an oiléin. Ar a aoi ní rucc a champa ina ghoire, no theighedh drong-buidhen degh-shluaigh gach laoí d'féchain an oiléin uadhoibh. Ro claechlaidhedh aithiscc iomdha etorra a diú & anall & ro gealladh tairiseacht friú. Tangattar a c-caiptini h-i c-cend an iustis amhail badís siodhaigh fris.

p.1742

Do-chodar muintir an iustis tairsibh don oilén, & ro gabhsat for marbhadh, & for mudhucchadh na n-Edailleach coná tearna elaitheach dona seacht c-céd Edáilleach gan airleach ar an lathair-sin. Tárraidh éimh an iustis iomatt óir, & ionnmhais, & gach ernaile ele baoí lasna h-Eadailleachaibh. Ro múradh, & ro mór-chlaidheadh an t-oilén iar sin lásan iustis fo dháigh ná badh carracc cothaighthe, & ná budh inneoin fhorais do dhiberccach é ní budh síri. A mí Nouember do-ronadh ind sin. Soais an iustis tar a ais co Luimneach & as-sidhe h-i f-Fine Gall.

M1580.24

O Ruairc Brian, mac Briain, mic Eocchain do bheith esumhal do Gallaibh a f-foghmar na bliadhna-so, & sluaiccheadh do dhenamh lá Sir Niclas Maulbi tar Sionainn soir do dhol Ua Ruairc. Cuiris Ua Ruairc a mhná, & a mhuinteara tar muinchinn Shlebhe an Iairn, & ro bhris Liathdruim ar cionn Sir Niclaus. Ro h-ath-cumdaigheadh an baile doridhisi la Sir Niclaus, & ro chuir biadh & barda ind asa h-aithle, & fillis fein tar a ais gan creich gan écht ba ionairmhe do dhénamh dó. Ro gabh Ua Ruairc acc iomshuidhe imón m-baile co nár léicc aoínneach don bhárda tar doirsibh an baile amach iná isteach gur bhó h-eiccen do Sir Niclaus techt dia f-foiridhin go rucc lais iatt.

M1580.25

Sluaiccheadh lá h-Ua Ruairc a mí Nouember etir Suca & Sionann co ro


p.1744

loiscceadh & co ro h-airccedh lais na Fedha, & bladh mhor d'Uíbh Maine. Sluaigheadh lais doridhisi i n-Uibh Maine a mi December co ro lér-sccriosadh an tír co tinneasnach lais, & co ro marbhadh leth-banda saighdeoiridhe lais do mhuintir Sir Niclais Maulbi acc Lios Dá Lon. Drong do Síol c-Conchobair do beith i f-fochair Uí Ruairc isin c-commbáidh-sin.

M1580.26

Clann iarla Cloinne Riocaird (Uillecc & Sean) do beith eissiodhach ré aroile & iad araon siodhach fri Gallaibh. Báttar drong do degh-dhaoínibh Chloinne Riocaird i m-braighdenus dochrach i n-orlaimh constábla baile Locha Riach maigistir Seons a ainm-sidhe, fer-sin acca m-baoí orlamhas bhardachta an bhaile o ghabhail an iarla gusan tan-sin. Bá galar mor menman lá Sean A Búrc a bhaile & a bhraighde do dhol i rudhrachus i l-láimh Gall, go ro chinn ina menmain amus oidhche do tabhairt ar bhaile Locha Riach. Do-rónadh lais-siumh ind sin. Ro gabhadh an baile lais, & ro marbhadh gach aén rob inechta dia m-baoí ann cenmothá an constápla dia t-tardsam maithemh n-anacail, & ro sccaoíl dia braighdibh iaramh. Iarná dhenamh-sin lá Sean ro chuir a ollamhain, & a aés tairisi d'accallaimh a bhrathar Uillecc dia chuingidh fair Goill do thréccean, & co n-diongnadh-somh a oighréir amhail ro ba dír do shosar oíghreir a shinnsir do denamh & ro tingheall dó a mhac baoí i l-laimh aicce do léccadh dia saighidh. Ro gheall dó fris-sin Liathdruim, oilén Baile an Locha, & baile Locha Riach a c-comhardha sinnsireachta. Ro ghabh Uilleacc na h-asccadha-sin. Do-chóidh fein & a brathair d'aon-aonta in acchaidh Gall, & bá h-é céd ní do-rónsat caisléin choimhgheala Chloinne Riocaird do rébadh, & do ro-bhrisedh. Ro brisedh leó cétus baile Locha Riach ard-port oirechais an tire, & as suaill má ro faccbadh leó baile gan brisedh ó Cluain Ferta Brénainn i n-Oirthear Ó n-Anmchadha co Cill Meic Duaich i t-tuaiscert Chenél Aodha na h-Eachtge, & ó Uarán co Cluain Dá Dhamh. Do-chóidh tra Donnchadh, mac Murchaidh, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc Uí Bhriain, & Mathgamain,


p.1746

mac Toirrdhealbhaigh, mic Mathgamhna, mic an espuicc Uí Bhriain i c-comhbáidh choccaidh cloinne an iarla, & bá h-é Mathgamhain ro ba tuscca do eirigh isin c-coccadh ishin, & as eisidhe ro thoghairm aés díbheircce na c-crioch c-comhfoccus, & ro gheall ó Bhoirintt go Luimneach do lot & do lér-sccrios. Acht cena ro éirgettar urmhór i m-boi i c-cóicceadh Connacht uile isin c-coccadh-sin cenmota iarla Tuadhmuman .i. Donnchadh mac Conchobhair, mic Donnchaidh, & Toirrdhealbhach mac Domhnaill, mic Conchobhair Uí Briain, & bá h-esidhe bai 'na shirriam i c-Conntae an Clair an ionbhaidh-sin.

M1580.27

O Broin d'écc .i. Dúnlang mac Emainn. Battar a chinedh a n-dibheircc &


p.1748

acc foghail for Ghallaibh, & a t-tír & a n-dúthaigh ag Gallaibh bheós cona ro h-oirdnedh neach ina ionad.

M1580.28

Sean mac iarla Desmumhan do beith 'na foghlaidh aisttreach essadhal an tan-sa & ger bhó h-oirdearc Sean mac Cuinn I Neill, & Semus, mac Muiris, mic an iarla ar aoí a c-coccadh & a c-comhfuachadh fri Saxoibh ro baoí a n-díol d'oidhre 'san Sean-so an tan-sin. Aon do ló dia n-deachaidh an Sean remhraite for Coilltibh Etharlach a mí Iul do shonnradh i n-uathadh sochaidhe leis nar dholta i n-imcein uair ro badh lugha iná céd scciath comhairemh a throighteach, & trí marcaigh dhécc. As sedh do-luidh deódh laoí laimh lé Sionainn sriobh-ghloin, seach Mhaigh Ailbhe, & do-róine creich i n-Duibhféth Ua Luighdheach isin madain muich arnámharach, & luidh cona chreich lais soir gach n-díreach do Chorca Theneadh, & co h-Uibh Cairin. Ro tionoilsiot tóicesdal an tíre gach airm in ro gabh a t-toraigheacht fair .i. Éle Uí Fhogartaigh, Uí Luighdhech, Popail Droma, Popail Puirselach. Ro badh dóigh lásna h-oireachtaibh-sin gur bhó conách mór doibh Sean d'fagbháil i n-uathadh slóigh amhlaidh-sin, & ro ionnsaighsiot é co dána dasachtach. Acht chena ro sraoíneadh for lucht na toraigheachta co ro marbadh ocht f-fir décc dia n-uaislibh do chendaibh popail & bailte is in m-breisim-sin. Rucc Sean a crech lais ar coilltibh cliothair diamhraibh Bhealaigh Mhóir Mhaighe Dala iar m-buaidh & cosccar.


p.1750

Tainicc ina chenn annsin clann Mec Giolla Phattraicc, & mac Uí Cerbhaill co n-druing móir d'aos dénmha uilc & aidhmillte, & Ro asccnattar diblinibh co Sliabh Bladhma. Tánaic dia saighidh annsin an rob ionairmhe d' Uíbh Failge & do Laighis. Bá h-infhir fhoghla an ionnas fors m-baoi Sean mac Semais sechnóin an t-slebhe-sin, uair ní chodladh, acht for cercaillibh cloch no criadh, ibhedh acht fuair-srebha fior-glana a bleidhedhaibh bas no brócc. Robdar iatt a aighin urgnamha slata fada na fiodbhaidhi acc iomfhuine fheolmaigh a eassccaratt. Ro ghabh acc buaidhreadh Builtérach, & acc arccain Ossairghe as an mennatt-sin. Do-chóidh iarttain i l-Laighis ro loiscc & ro lom-aircc Mainistir Laighisi ar mhac iarla Urmhuman .i. Piarus, mac Semais, mic Piarais Ruaidh. Ro h-aircceadh lais bheós Port Laoighisi iar marbhadh druinge do lucht iomcoimheda an bhaile. Rucc faidhb, eideadh, each, airm, & iolmhaoínibh uatha. Cidh fil ann tra acht do h-aircceadh seacht m-baile i l-Laoighis lais is in aén ló-sin. Ro asccná iaromh on c-crich go a chele go Glend Maoíl Ughra airm i m-baoí Sémus Ustas, & clann Aodha mic Seain. Ro fiadhaigheadh-somh ó na fearaibh íshin. Tangattar ina dhochom annsin Caomhanaigh, Cennsealaigh, Branaigh, Tuathalaigh, & lucht foghla na criche a c-coitchinne. Ro badh eimhilt a aisneis an ro mhillsiot, & an ro loitsiot im Ghallaibh Laighen & Midhe. Do-chóidh Sean & Semus Ustas im fheil Míchil iar sin fó thuairim na n-Etailleach tánaic dia thir dara ese uair bá dóigh lais co t-tairfeadh cobhair & comhfhurtacht uatha, & nír bhó h-amhlaidh do-rala dóibh acht a marbhadh, & a mudhucchadh lasan iustis ar en-lathair (amhail remhebertmar) riasiú rainic-siumh dia saicchidh.


p.1752

Annal M1581

M1581.0

AOIS CRIOST, 1581. Aois Criost, Mile, cuicc céd, ochtmoghat, a h-aon.

M1581.1

Toirrdhealbhach mac Donnchaidh, mic Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc Uí Bhriain baoí tuilleadh ar bliadhain i l-laimh ag Gallaibh do chrochadh an .26. do mí Maii.

M1581.2

Mac iarla Chloinne Riocaird .i. Uilliam Búrc, mac Riocaird Saxanaigh mic Uillicc na c-Cent, mic Riocaird, mic Uillicc Chnuic Tuagh do chrochadh i n-Gaillimh an tres lá iar c-crochadh Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain .i. Toirrdhealbhach dia dardaoín & Uilliam dia sathairn. As amhlaidh do-rala d'Uilliam a bheith i c-combáigh choccaidh lá a bhraithribh an tan ro brissiot a m-bailte amhail remhebertmar, bá h-aithreach lais ind sin, & do-chóidh ar protex h-i c-cenn Gall go Gaillimh an mhí riana bhásucchadh & ro dolbhadh sccél eiccin chuicce co ro gabhadh & co ro crochadh. Ro crochadh bheós ina n-deachaidh dia lucht lenamhna ar an b-protexion-sin.

M1581.3

Cuiccer & dá fhichet do chrochadh i n-Ath Cliath i c-coirthibh tretúrachta.

M1581.4

An Barrach Mór, Semus mac Risdeird, mic Tomais, mic Emainn baí i l-láimh i n-Áth Cliath do écc. d'fír-fhréimh gheinealaigh Bharrach Ruadh don t-Sémus-sin, fer do fhulaing mór n-imnidh & n-anaoibhe asa thosach, & ag na baoí a shúil nó a shaoíleachtain ris an ainm as (Ruadh fein) da rochtain. Acht ara aoí ro dearlaic Dia fein dó-somh cendus Bharrach Maol & Ruadh dibhlínibh, & ní h-edh amháin acht ro h-oirdnedh os cend Bharrach Mór iar n-dílgend na n-degh-dhaoíne dar dhual an duthchas-sin d'follamhnucchadh co sin. An Barrach do ghairm da mhac iar sin (.i. do Dhauidh do Barra) la h-iarla Desmumhan, & mac ele dó do beith fo dhlicchedh na thighearna ar Barrachaibh Ruadha.

M1581.5

Mac Giolla Pattraicc, Brian Ócc mac Briain, mic Seain, mic Fingin, mic Fingin, mic Fingin, mic Domhnaill baoí i l-laimh i n-Ath Cliath mar an c-cédna do écc, nech eissidhe tuccadh suas i Saxoibh asa óicce, & baoí foghlamtha i c-caidhreabh


p.1754

& i c-comhaonta na cúirte gur bhó h-iongnadh lá h-Eirendchoibh uile a chongmail i n-geimhel go ro écc, & a dearbrathair Finghin d'oirdneadh ina ionad, uair ní bhaoí clann aicce-siumh achtmadh aon-inghen. Dias dearbhrathar don Bhrian Ócc-sin .i. dá mac ócca inghine Uí Conchobhair Fhailge (le Mac Giolla Patraicc .i. lé Brian mac Seain) do mharbhadh lá Domhnall, mac Tepoitt Uí Mhaoíl Mhuaidh ar a ionchaibh féin.

M1581.6

O Cerbhaill .i. Ulliam Odhar mac Fir Gan Ainm mic Maol Ruanaidh, mic Seain, baoí bheós i l-laimh i n-Ath Cliath do reidhiucchadh lé Gallaibh, & leis an iustis, & triall dó tar ais dia athardha. Do-rala dó for an c-conair drong d'óccbaidh Shleachta Uí Chonchobhair Fhailghe. Ro charsat-sidhe a cloidhmeadh gan choiccill, & ro fhuathaighsiot a fhuasccladh & a anacal acht a mharbhadh go ro fhaccaibsiot a chorp fo chrobhaibh fiach, & faolchon. O Cerbhaill do ghairm dia mhac .i. do Shean an Fhásaigh mac Uilliam Uidhir.

M1581.7

Ticcherna Deiseach Semus, mac Gearailt, mic Seain, mic Gearóitt Mhóir na n-Deisi mic Semais, mic Gearoitt iarla d'écc.

M1581.8

Mág Donnchaidh Eogan mac Donnchaidh an Bhothair, mic Donnchaidh Még Donnchaidh d'écc i Luimneach i m-braighdenas ag Gallaibh.

M1581.9

Domhnall na Conntae mac Taidhg, mic Corbmaic Óicc, mic Cormaic, mic Taidhcc Mécc Carthaigh tanaiste Musccraighe, & a t-tuairccnidh catha d'écc.

M1581.10

Goill & Gearaltaigh h-i c-coccadh & i c-coimhesaonta fri aroile, co na baoí ossadh aon-oidhche nó cairdine aén-mhíosa etorra ó tosach a c-coccaidh gusan tan-so, & ní roich ríomh, áiremh, nó aisneis ina n-dearnsat d'ulcaibh ré 'roile.

M1581.11

Sluaiccheadh lá Sean, mac Semais, mic Seain a mí May tar Siúir soir co ro lér-scriosadh bailte oirir na Siúire lais .i. Ard Máille, & Mainistir Atha an Tuisil, & do-choidh tar Siúir siar co líon c-creach & n-gabhala, & rug tóir


p.1756

trom, & iomarcradh anfforlainn ar an áirsidh, ro gabh-somh ag a n-iomchor go neimh-shniomhach an c-cein for-caomhnacair, & ro shuidh friu as a h-aithle, & ro ba mó ina trí chéd an ro marbhadh & in ro baidhedh lais diobh. Rucc Sean an c-creich lais iar c-cosccar gusna forbhaisibh fedha ina c-cleachtadh cumsanadh ar an c-Claonghlais & ar an c-Coill Mhóir.

M1581.12

Sluaiccheadh ele la Sean mac Semais i mi Iún ar Mag Cárthaigh Mhór, & baoí fri ré dá lá, no a tri ag creachadh & ag cuartucchadh na criche ó Musccraighe go h-Uibh Ráthach, & ticc tar a ais co n-airccthibh & co n-édalaibh iomdha go Magh c-Coinchinne. At-berdis lucht a f-fairccsiona nach f-facatar an oiret-sin do crodh creach riamh an aon-maighin.

M1581.13

Iarla Desmumhan do beith i f-foslongport i n-Achadh Da Eó, & bá isin tan-sin do h-ordaicchedh captin Saxanach (.i. Captin Siuitse) on m-bainríoghain, & on iustis os cend Desmumhan & Ciarraighe dia n-iomchoimhed. Ro ghluais an captin-sin (do shiubhal láoi & oidhche) co m-buidhin marc-shluagh amaille fris do thabhairt amais ar foslongport iarla Desmumhan & ba h-ann rainic lais dol fon f-foslongport ar madain dia domhnaigh. Baoí an t-iarla gusan líon do-rala ina fhochair an tan-sin ina t-toirchim suain & síor-chodalta iar f-faitches & iar f-forcoimhéd na h-oidhche gó sin. As sedh do-róine an captin ina f-fuair 'na shesamh arna sráidibh do ghuin go grod-urlamh, & do mharbhadh gan dicheall, & ní ro airis fri h-iomaireacc ná deabhaidh co rainicc Caislén na Mainge. Bá don druing do shaor-chlandaibh torchair lasan c-captin i n-Achadh Da Eó an la-sin .i. én-mac Tomais mic Muiris Duibh mic an iarla .i. Tomas Ócc, Maol Muire mac Donnchaidh Bhacaigh mic Maol Muire mic Donnchaidh Mec Suibhne, & Tadhcc mac Diarmata mic Corbmaic ó Maigh Laithimh.

M1581.14

Sluaiccheadh lá h-iarla Desmumhan i n-deireadh mís September gusna maighibh i moir-timcheall Chaisil Mhumhan, & go Caiseal feisin. Ruccsat na slóigh-sin ile dá gach maithes, eittir umha, & iarann, edach, & uradh, crodh, & cethra go ro indirset na tíre-sin co léir. Rucc orra im na h-oirccnibh-sin drong buidhne dearmara a Trian Cluana Meala & as an Trian Medhonach. Ruccsat orra dna


p.1758

sloicch a comhfhochraibh Siúire, & ó Dhún Iasccaigh go Maigh Ailbhe. Ro forcongair an t-iarla edarnaigh inchleithe do fhágbail for an c-conair i n-oirchill na n-ócc báttar ina n-iarmhóireacht, & ro fhill féin friú iar rochtain don tóir tar an c-ceilcc. Ro gabhadh iaromh occ a n-oidheadh & occ á n-airleach dá gach leth reampa & ina n-diuidh gur bhó mo olttátt ceithre chéd a n-esbaidh ón iomargail-sin. Ticc iarla Deasmumhan iar m-buaidh c-cosccair, & c-comhmaoidhme co n-eachaibh, & co n-édalaibh iomdaibh lais tar a ais i n-Etarlach.

M1581.15

Feacht an tangattar drong-bhuidhen dhána dhi-chonirchil do shoighdiuiribh Atha Dara iarna roinn i n-dó .i. drong ar sruth & drong ar tír do chuartucchadh Caonraighe & lá taobh Máighe d'iarraidh gona nó gabhala for dreim eiccin dona foghladhaibh. Iar n-dol don dá droing-sin i c-cend aroile i n-iomfhochraibh Bhaile Uí Cathláin, as ann do-rala chuca Dauidh Ócc, mac Dauidh an Locha, mic Tomais, mic Seain, mic Tomáis, mic Pilip, mic an Ridire cona shochraide dia saighidh, & do-chóidh fúthaibh co ro gabh ag á t-treghdadh & acca t-timchealladh, co f-fharccaibh iatt ina meidhedhaibh maoíl-dercca & ina t-tamhnaibh taoibh-gherrtha, conach mór tearna gan airleach ar an lathair-sin lá Dauidh cona mhuintir. Iar rochtain na sccél-sin co h-Áth Dara, cuiris captin Atha Dara tionol ar shaighdiuiribh Cille Mo Ceallócc, & do-deachaidh go f-fedhain merdha mío-thuicsicch do chor cuarta i c-Caonraighe, dus an f-fuighbheadh duine, nó daoíne ar a n-dighéladh ar marbhadh dá mhuintir. Ráinicc co Baile Uí Cathláin, baile-sidhe do bailtibh an Puirsélaigh baí ag congnamh riamh lásan c-coróin ó chéd-choccadh Gall & Geraltach gusan tan-sin. Do marbhadh lasan c-captin deichnebhar & seacht fichit do mhnáibh, do lenbaibh, & da gach foirinn dá f-fuair istigh, & amuigh isin m-baile-sin. An Dáuidh


p.1760

rémhraite lás ro marbhadh muintir an captin, fer esidhe do fhulaing duadh & dochar i c-coccadh Gearaltach ar Gallaibh. Feacht diar luidh sidhe i mi Dhecember co sé fheraibh décc ó chiomhsaibh Caonraighe i c-coite chaol chumhang go ro imirset tre chuan Sionna siar-tuaidh gach n-díreach. Ro gabh airisemh ag Inis Cathaigh, & faoídhis innte an adhaidh-sin. O ro clos lá Toirrdhealbhach mac Taidhcc, mic Murchaidh, mic Taidhcc Ruaidh, mic Toirrdelbhaicch (mac Mhec Mathgamhna a crich Corca Baiscind Airthearaigh) Dauidh do dhol tairis, ro chuir arthrach (in urthosach oidhche) ar an Sionainn sriubh-uaine, & do-chóidh ann gusan líon tarla ina fharradh, & ní ro airis co rainicc Inis Cathaigh co ro gabh port i f-feorainn na finn-innsi. Tánaic iaromh gusan tegh i m-baoí Dauidh, & ro chuirsiot tene isin tegh dia losccadh go lán-urlamh. Ticc Dauidh disccir diairm cona mhuintir amach ar ionchaibh meic Mic Mathghamhna, & ro gabhadh é cona mhuintir lais fó cedóir. Do-thaod mac Mhec Mathgamhna cona braighdibh co Baile Mhec Colmáin tar a ais an adhaidh-sin. Do crochadh muintir Dáuidh frisna crannoibh bá comhfoicsi dóibh arnámharach, & do cuireadh an laoch-mhilidh go Luimneach airm ina f-fuair a oidheadh gan fhuireach.

M1581.16

Ceall Fhiacal do gabhail lá Sean mac an iarla an cethramhadh lá don Nodlaig, & gach a f-fuair ina h-inmhedhón d'umha, & d'iarann, d'édach, d'ionnmas, & d'arbhar do chor eiste go h-Etarlaigh fri ré dá lá, & brisis an baile iaromh.

M1581.17

Resiber Geraltach .i. Niclaus, mac Uilliam, mic Niclais do mharbhadh la saighdiúiribh Atha Dara.

M1581.18

An Doctúir Sanduir d'écc ar coilltibh na Claonglaisi, post congmhala don


p.1762

creidemh chatoilci, & cend áthcomhairc Gearaltach isin c-coccadh i m-batar esidhe. Nír bhó machtnadh ón ar as lá Sémus, mac Muiris táinic i n-Érinn.

M1581.19

Mac Uí Suilleabháin Béirre (Domhnall, mac Domhnaill, mic Diarmata, mic Domhnaill mic Domhnaill mic Diarmata Bailbh) do thabhairt bhriste ar Chairbreachaibh a mí December do shonnradh. Bá h-amhlaidh do-rónadh inn sin, Captin Siuitsi do dhol o Chorcaigh tré Cairbreachoibh co mainistir Bhenntraighe. Ro chuir clann Toirrdhealbhaigh mic Maol Muire, mic Donnchaidh Mec Suibhne, & mac Uí Dhonnabháin & drong do chendaibh popal & do dhaoínibh uaisle Cairbreach uadha do denamh creach ar mhac Uí Suillebháin, fuairsiot na fedhnacha ro chuir an captin uadha creacha aidhble & iomad édala. Rob adhnar lá Domnall a oirccne do léccadh uadha & é fein ina bethaidh, & ro ionnsaigh an ghasradh Ghaoidhelach tarla i t-timcell na c-creach, & do dearbh an lá-sin nách lé líon sluaigh bristear cath uair torchrattar le Domhnall a f-foccus do trí chéd do Cairbreachaibh, & as beg le leith-chétt fer fedhma baoí-siomh do shochraide acc tabhairt an tochair-sin.


p.1764

M1581.20

Patriccín & Emann dá mhac Mhec Muiris Ciarraighe (.i. Tomas mac Emainn, mic Tomáis, mic Emainn) do éludh a Cúirt an Rígh a Luimneach iarna chinnedh don chomhairle a c-cor docum báis. Acht chena ní bhaí an Coimdhe isin c-comhairle-sin. Báttar trá an chlann-sin seal ar choilltibh Cloinne Cuiléin acca c-caomhna, & do-asccnattar iar sin go Cloinn Muiris, & bá gar uair gur bó cédach ceithernach an chuideachta-sin tainicc i n-uathadh buidhne as priosún Luimnigh act ro chaithsiot ina m-baoí rempa don bhliadhain-sin fri foghail & fri díbeirg.

M1581.21

Comharba Senain d'écc .i. An Calbhach mac Siacais, mic Siacasa Mec Catháin.

M1581.22

Sean Ócc & Conn, da mac Seain, mic Cuinn Bhacaigh, mic Cuinn, mic Enri, mic Eoghain Uí Neill do dol sluagh i m-Breifne Uí Raighilligh. Ro lomadh & ro lér-airccedh leo gach ionad in ro ghabhsat don Bhreifne. Rucc mac Uí Raighilligh .i. Pilip mac Aodha Conallaigh, mic Maol Mhórdha, mic Seain & turchomhrac trom-slóigh an tíre i t-tóraigheacht im na h-airgthibh-sin orra. Nír bo feirde Eóghanaigh co cend il-bliadhan amas an aen-laoí-sin, uair ruccsat Raghallaigh a c-creich & a c-cosccar. Ro gabhadh leó Conn mac Seain Uí Neill, & cidh an tan nár damh Sean Ócc a ghabháil lásna laoch-bhuidhnibh fuair a airleach gan airisiomh, & a oidhedh co h-eccobhsaidh. Bá doiligh an diach-sin tuccadh ar an deicch-fher óir ní bhaoí aoín-fher do Macaibh Míleadh ná baoí a dhíol d'oidhre isin t-Sean ishin.

M1581.23

Sluaiccheadh lá h-Ua Neill Toirrdhealbhach Luineach do thocht do dhioghail an ruathar-sin ar Raghailleachaibh. Ro rónadh foslongport laochdha lethan-armach lá h-Ua Neill in eidir-medhon Breifne Uí Raighilligh, & ro ghabh acca móir-mhilleadh etir innilibh, arbhar & áitiucchadh. Do-róine O Raighilligh sidh fris, & ro léicceadh Conn amach gan fuaslaccadh, & breithemhnas d'Ua Neill a marbhadh Seain & a mhuintire.

M1581.24

Easaonta anbfóill do eirge etir Ua n-Domhnaill (Aodh mac Maghnusa mic Aodha Óicc mic Aodha Ruaidh) & mac a dearbrathar Conn mac An Chalbhaigh, mic Maghnusa, mic Aodha Óicc, & Conn do dhol i rand I Neill Toirrdhealbhach Luineach


p.1766

mac Neill Conallaigh, mic Airt, do choccadh ar a bhrathair, & do-róine iondlach & edarchosaoíd na sen-ghomh do-rala fecht n-aill etir Cenel c-Conaill & Eocchain go ro fhor-chongair for Ua Neill tionól slóigh lánmhóir do tocht for Ua n-Domhnaill do chongnamh lais. Baoí Conn sé fichit marcach co t-tribh cóirighthibh gall-ócclach do Sliocht Ruaidhri do Cloinn t-Suibhne Fhánat im Thoirrdhealbhach mac Murchaidh mic Eoin Ruaidh, im Niall, mac Eimhir, & im Brian mac Eimhir Mec Suibhne, & co n-Albanchoibh iomdhaibh, & Ua Neill gusan líon as lia for-caemhnaccair, & ní ro h-airisedh lásan lucht ishin go ro gabhsat foslongport oc Cill Tuathail lá taobh Ratha Both.i. baile eisidhe in ro bhendaigh Colaim Cille & Adhamhnán iaramh. O ro clos lá h-Ua n-Domhnaill innsin ro thionóil-sidhe i c-céttóir in ro chaémhnaccair do shocraide ge ro ba go h-anffúirighthe ainerlamh uair baí-sidhe fomhámaighthe do bainrioghain t-Saxan, & robdar cairdi a n-eccraitte friss gó sin co na baoí h-i foimhdin coccadh, no comhfuachadh. Ar a aoí bá forrán lais sluagh eachtair-cheneóil do thocht dia thír gan frithbert friú diamadh deimhin lais a oidheadh fo chedóir.

M1581.25

Conn Ua Domhnaill tra baoí do mhéd a mhenman, & d'airde a aiccnidh-sidhe ge no beith Ua Neill (Toirrdhealbhach), & Ua Domhnaill (Aodh) d'aoín-leith go t-tochairfedh friú, conadh a mhein ba forlann-somh & Ua Neill d'aén-aonta. Ro thairmcheimnigh Ua Domhnaill cona sochraide do shaighidh fhoslongpuirt Uí Neill go díoghair dásachtach gan anadh gan oirisiomh fri h-indell nó fri h-orducchadh itir. Ro gabh Ua Neill occa mi-dhemhain riasiú rangattar ina chend, & ro athcomhairc don Cloinn t-Suibhne (.i. do Thoirrdelbhach mac Ruaidhri do shonnradh) aoí ina fharradh, & do Chonn cia cédfadh baoí leó do eitirghleódh an laí íshin. Friscart aon dibh-sidhe (.i. Toirrdelbhach mac Ruaidhri) co n-debhairt:‘dia t-tealccat an lucht úd a n-anala, & dia n-eabhatt uiscce, & dia n-deachatt i n-innell, & i n-órducchadh as deimhin go sraoínfit foirn dia no bemis líon ba lia h-isuidhe. Madh edh tiasat gan inneall gan oirisiomh, gan airdhibhadh a n-íotadh bidh remhad-sa & róinne mhuidhfius.’ Bá imne tangattar lá borrfadh bríghe, & lasan m-brígh m-bicc do-ronsat


p.1768

do Chenel Eóghain ar bá gresach lá Cenel c-Conaill cosnamh a c-córa friú in gach airm i c-coimrectais gó sin. Ba sedh do-rala dóibh an tan-soin iar rochtain dóibh i c-cend aroile go ro fighedh erghail amhnus ainiarmartach etorra a diú & anall, & ro dearbhadh an dearbh-aruscc airdearc don chur sa (.i. beodha gach brathair fri aroile). Ro sraoíneadh for Ua n-Domhnaill cona shochraide, & ro marbhadh drong mhór dia muintir. Ro badh dibh-sidhe Mac Suibhne Baghaineach Maol Muire mac Aodha cona chloinn .i. Murchadh, & Toirrdealbhach Meircceach, & Niall Modardha mac Neill Óicc, Mec Suibhne. Acht chena torcratar cúicc fir dhécc do Chloinn t-Suibhne Tíre Boghaine, & drong mhór dona Tuathaibh, d'Fhánaitt, & do Baoighellcoibh. Drong mhór beos do Mhuintir Ghallcubhair im Fherghal mac Toirrdhealbhaigh mic Tuathail Bailbh, & co n-druing cenmothátt. Ro gabhadh dna Mac Suibhne Fánatt isin c-caith-gleo íshin. Ro badh tria easccaine an epscoip Uí Fhirghil ro sraoíneadh an maidhm-sin uair ro sháraighsiot drong do Chenel c-Conaill Cill Mic n-Enáin an lá riasan maidhm & ro ghuidh an t-epscop dóibh co nar bhó sóinmheach a t-turas ittir. An 4 do mí Iul do sraoíneadh an maidhm-sin.

M1581.26

An Calbhach mac Domhnaill, mic Taidhcc, mic Cathail Óicc, mic Domhnaill, mic Eoghain, mic Domhnaill, mec Muirchertaigh Uí Chonchobhair, aon-mac Uí Chonchobhair Shliccigh d'écc. Ro badh tromaide a thoirsi ar na tiribh nach raibhe acc an lánamhain soicheineoil ór síolaigh an saor-thamhan súil ná saoíleachtain lé h-aoín-ghein chloinne d'faghbhail dia éisi. Baoí ó Mhaigh c-Ceidne co Ceis Chorainn, & ó Mhuaidh co tórainn Breifne ag á iodhnaidhe-siumh d'aon-oidhre & d'aen-chomharba dá maradh iar n-écc a athar.

M1581.27

Cathal Ócc mac Taidhcc, mic Cathail Óicc Uí Chonchobhair, & Maol Mordha mac Maol Muire, mic Eocchain & Fer Gan Egla a bhrathair go n-druing móir do maithibh na tíre maraon rú do thuitim i n-Iochtar Chonnacht lá h-Albanchaibh do-rala oc imthecht an tíre a hucht Sir Nioclas Maulbi, & as é ro badh consabal dona h-Albanchaibh, Alastrann mac Domhnaill Bhallaigh, mic Mhec Dhomhnaill, & ní bhaoí


p.1770

i n-Érinn gan rochtain h-i roinmhe dóibh dias ro ba orrdearca ainm duine uasail & consabail ina Cathal Ócc & Maol Mordha. Ro gabhadh mac Uí Chonchobhair Duinn bheós an lá-sin lá h-Albanchaibh .i. Aodh mac Diarmata mic Cairpre, & ro éimighset a thabhairt don caiptin, & do-chóidhset lais iaromh i rann Uí Ruairc. Do reidheadh dna Ó Ruairc Aodh ó na h-Albanachaibh go m-buí Ua Ruairc, & Aodh d'aon-rann as a h-aithle. An t-Alastrann remhraite d'fagbháil Uí Ruairc i f-foghmar na bliadhna-so, & a dhol do shaighidh Sir Niclaus, & ro ghabh-sidhe chuicce h-é co f-fáilte moir co m-baoí for coinnmedh fo Shamhain do shonnradh seachnoin Ua f-Fiachrach Muaidhe. Iar f-fios sccél d'Ua c-Conchobhair Shliccigh .i. Domhnall, mac Taidhcc, mic Cathail Oicc, & do mhuintir Sir Niclaus co m-battar amhlaidh-sin ro ionnsaighsiot iat for a leaptoibh luighe, & for a n-dérghadhaibh codalta co ro marbhadh Alastrann co n-druing dírimhe dia mhuintir amaille fris & ro dligh Ua Choncobhair an marbadh íshin in dioghail mharbhtha a dearbhrathar Chathail Óicc.

M1581.28

Clann iarla Cloinne Riocaird do shiodhucchadh lé Saxanchoibh i samhradh na bliadhna-so iar m-brisedh a m-bailtedh, & iar c-crochadh a m-brathar, & bá h-amlaidh ro siodhaighsiott gan sreith, gan gerradh, gan daoírsi, gan doladh do chor ar a n-duthaigh, nó ar a rann coccaidh an c-cein do beidís síodhach, act cíos na bainrioghna do dhíol fá dhó san m-bliadhain. Mathghamhain Ó Briain do beith ar sídh cloinne an iarla. Dá bhanna do shaighdiuiribh do beith ar ósda i t-Tuadhmumhain ag Captín Diring ó Shamhuin go féil Páttraicc.

Annal M1582

M1582.0

AOIS CRIOST, 1582. Aois Criost, mile, cuicc céd, ochtmoghat, a dó.

M1582.1

Mairghrég inghen Aodha Duibh, mic Aodha Ruaidh, mic Neill Gairbh, mic Toirrdelbhaigh an Fhiona Uí Dhomhnaill, ben Uí Raighilligh (Maol Mórdha mac Seain, mic Cathail) d'écc i n-errach na bliadhna-so, & as ing má ro baoí beó i n-Érinn an tan-sin


p.1772

do bhainsliocht Gaoidil Glais aoín-bhen as mó ro derlaic ina an Mhairgreg-sin.

M1582.2

Iarla Cloinne Riocaird, Riocard Saxanach mac Uillicc na c-Cend, mic Riocaird, mic Uillicc Chnuic Tuagh, mic Uillicc Medhonaigh, mic Uillicc an Fhiona an tí do gabhadh lasan iustis Sir Hanrii Sidneii an bliadhain d'aoís Criost 1576, & baoí bliadhain i l-láimh iarna gabhail i n-Áth Cliath, & an seal ele i l-laimh i l-Lonndain gusan m-bliadhain-si. Ro gabh seircclighe sior-ghalair é i samhradh na bliadhna-so. At-bertsat a fhisigedha & a legha gomadh docha a dhul d'écc ina térnudh on teidhm-sin, & dia m-beith i n-aigneadh dhó a shláinte d'faghbail go madh ó fhégadh a athardha, & o féghadh aeoir a thire nó ghébhadh. Ro léicceadh an t-iarla i n-Erinn fó bithin a easláinte do ched an phrionnsa & na comhairle, & tucc pardún do shaighidh a chloinne, & maithemh ar ar mhillset. Bá h-ann ro ghabh port cétus i n-Ath Cliath, as-sidhe dhó iaromh co h-Ath Luain, & co baile na Gaillmhe. Rob adhbhal méd na forfáilti fuair isin m-baile íshin. Baí ann ag cur a sccís & a mhertin de, & tangadar a chairde & a chomhfhuilidhe, a rannta Gall & Gaoidheal dia fhiosrucchadh. An tan rob áil lais dol i mescc a mhuintire, a criche, & a cloinne, as ann do fhortromaigh a threabhlaid, & a easlainte fair co ro écc fó dheóidh i mí August do shonnradh. Ro feradh a chluithe caoínteach lá chairdibh cendaighibh isin m-baile-sin, & ruccadh a chorp dia adhnacal co h-onorach i m-baile Locha Riach. Dála a chloinde robdar síodhaigh re aroile gó sin. Do-chódar-sidhe do freasabra & do chor i n-aghaidh aroile i c-cend Sir Niclas Maulbi baí ina ghobhernóir i c-cóigeadh Chonnacht. Do-chódar dibhlínibh co h-Áth Cliath h-i c-cionn na h-ard-chomhairle go ro síodhaigheadh etorra don cur-sin amhlaidh so .i. Uillecc ina thighearna & ina iarla i n-ionad a athar, & barúntacht Liathdroma do thabhairt do Shean. Ro rannadh etorra ó shoin amach a f-ferainn, a m-bailte, & a m-bethaighthe ecclaisi go m-báttar siodhach ós aird, & eissíodhach ó mhenmain.

M1582.3

Tadhcc, mac Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Briain Chatha an Aonaigh Uí Bhriain d'écc i mi August mar an c-cedna i n-aoín-t-seachtmain ris


p.1774

an iarla. Curadh ar chalmacht, míleadh ar mhiletacht an tí tesda annsin. Baoí-sidhe athaidh i t-tanaisteacht Tuadhmhumhan go ro h-ionnarbadh araon lá a dearbhrathair lá Domhnall. Do-chóidh iaromh don Spáinn, don Fhrainc, & eistibh-sidhe i Saxoibh go f-fuair a phardún, & a chuid tire, acht tánaisteacht namá co ro écc i n-iomláine a aoísi, & ro h-adhnaicedh i Mainistir Innsi.

M1582.4

Donnchadh, mac Murchaidh, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh, mic Briain Chatha an Aonaigh Uí Bhriain do bhásucchadh d'oidhedh anuasail .i. a chrochadh i t-TuadhmhumhainCaptin Mortant baí ina mharasccal isin tír, & lasan siriam Sir Seoirsi mac Tomais Ciumhsocc, iar n-dol dó an bliadhain roimhe-sin i c-caradradh cloinne iarla Cloinne Riocaird, & ro fhill tar a ais maille le h-aithreachas ar phrotexion. Fuarttar-sidhe elang & uireasbaidh ar an b-protexion co ro gabhadh Donnchadh leó, & co ro crochadh amhail rémhepertmar an 29 September i n-dorus Luimnigh dia h-aoíne do shonnradh. Ruccadh a chorp có a domhgnas duthchasa go ro h-adhnaicedh é i n-Inis.

M1582.5

Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh, mic Muircheartaigh mac Meic Uí Bhriain Ara (iar m-beith d'aimhreir a athar le h-athaidh fhada, & riarach lé h-iarla Desmumhan) do theacht ar protexion, & a dhearbhrathair fein .i. Toirrdhealbhach Carrach dia ionnsaicchidh go h-esccairdeamhail go ro marbhadh Dhonnchadh lais.

M1582.6

O Cerbhaill Sean an Bhealaigh mac Uilliam Uidhir, mic Fir Gan Ainm, mic Maol Ruanaidh mic Seain do mharbhadh i f-fioll adhuathmair éttarbhaidh lá Maol Ruanaidh, mac Taidhcc Chaoích, mic Fir Gan Ainm, & nír bhó cian-shaoghlach do-chuaidh an marbhadh-sin do Maol Ruanaidh uair torchair fein fó cenn ráithe iar sin d'oidhedh fhiongaile lásAn c-Calbhach mac Uilliam Uidhir, & An Calbhach feisin d'óirdneadh in ionaidh a dhearbrathar.

M1582.7

Cethrar mac An Róistigh .i. clann Dauid, mic Muiris, mic Dauid, mic Muiris do mharbhadh lá tréatuiribh i mí April, & cidh aoín-drem ro chuir a c-cosccar, ní i n-aon-ló ro h-esbaighit, uair torchair Remann, & Tepoitt, & drong mhór do mhaithibh a muintire, & dá c-cendaibh consapal i t-toraigheacht creiche (an chinn don tír ina t-tárlattar ar thréatuiribh) lé senescal h-Ua Mac Caille, & lé Giolla Pattraicc


p.1776

Conndún. As í bá ben do Thepoit an tan-sin .i. Gráinne inghen Toirrdhealbhaigh, mic Muircheartaigh, inghen Meic I Bhriain Ara & an tan ad-chonnairc a fer ina chotchoibh cnamhroinnte, & ina aighedhaibh ancomtha dia saighidh, ro iacht co h-ainsercc aichear go ro écc in adhaidh-sin h-i f-fochair a fhir chele conidh i n-aoín-fecht ro h-adhnaicit.

M1582.8

Briseadh troda do thabhairt lás An m-Barrach .i. Dauid ar an mac bá sine ag An Róissteach .i. Muiris, & Muiris do tearnudh on troid-sin iar m-buain each & daoíne iomdha dé.

M1582.9

An Seinesccal remraite, & Patriccin Condún do thecht im Shamhain ar c-cind isin c-cend thiar do crích Róistigh. Dá mac ócca An Roistigh .i. Sean, & Uilleacc, & an tír uile d'éirge fó na h-eighmhibh, & an céd-chumascc do clodh ar na tretuiribh. Ro gabhadh for a sír-lenmhain tar tórainn na tíre amach a f-foccus dia n-daingnighthibh fedha, & coilledh, ro fhill na foghlaidhe ar dá mhac An Róistigh co ro marbhadh iad fein, & a t-tárla ina t-timcheall, & gé nách gnáth ár gan élóidhtheach ní mór tearna dá t-táinicc isin toraigheacht, uair ro marbhadh aireacht, & aitreabhaigh, cinn phopal, & aes foghnamha & fedhma an tíre. Ro marbhadh ann bheós consapail Chloinne Suibhne co nach mó ina ceithri fir décc do mhair lé h-iomchar airm do lucht an tire iarsan tachar-sin gur bhó h-aittreabhaigh eachtair-cheneóil baoí An Róisteach & Muiris do tharraing d'áitiucchadh na tire dia éis.


p.1778

M1582.10

Mac Uí Mhaoíl Mhuaidh .i. Domhnall mac Tepóid do mharbhadh, & ro ba lughaide ro h-eccaoíneadh a oidheadh go ro thionnsccain sé dol ar bélaibh a athar, & a ionnarbadh, & é fein do shuidhe ina ionadh.

M1582.11

Mac iarla Desmumhan .i. Sean, mac Semais, mic Seain, mic Tómais iarla do thuitim i n-aisccid lá a easccairdibh, & as eadh-so a fhír amhail do-rala dhó, Sean do dhol cethrar marcach do coilltibh Etharlach d'accallaimh An Bharraigh Mhóir baí i c-combáidh fhoghla fris. Dol dó tar Abhainn Mhóir bádhes i midh-medhón laoí dhobhardha dhuibh-chiach. Do-rala-somh & Captin Siuitsi cona chóirighthibh tul i t-tul & aghaidh i n-aghaidh, & gan aén aca acc iarraidh aroile. Ro gonadh & ro gabhadh Sean ar an lathair-sin, & ní dheachaidh eadh aén-mhíle d'fearann an tan ró écc fó cedóir, & ro badh faoín-bhél fotharsna ro h-iomcradh ar a eoch é as-sidhe co Corcaigh, & ar rochtain dó don bhaile do-rónadh cethramhna comhroinnte de. Ro cuireadh a chend a c-comhardha cosccair go h-Áth Cliath, & muna beith gurab i n-aghaidh coróna Saxan baoí ro badh doiligh díth an deigh-fhir-sin ar a bhucca fri toirbert seód, & iolmhaoinibh, & ar a angbaigheacht i n-ionadh fedhma. Semus mac Seain, mic Geróit mic Tomáis iarla do gabhail in aoín-fhecht lé Sean mac an iarla & a chrochadh seal beg tar a éisi, & a dhá mhac do chrochadh araon ris.

M1582.12

Caitilin, inghen Taidhg, mic Domhnaill, mic Corbmaic Ladhraigh Még Cárthaigh, bean Mec Muiris Ciarraighe d'écc, & as ann tangatar a tiugh-laithe ar Loch Léin Lín-fhiaclaigh, & í agá h-iomlochtadh on oilén co 'roile ar uamhan na f-foghladh, & a h-adhnacadh i Mainistir Airbhealaigh.

M1582.13

Gaoth mhór, sir-fleochaidh, sraibhtine síon, & deartan dearmhair isin dá bhliadhain-si diadh i n-diadh.


p.1780

M1582.14

Cnóimhes mór isin m-bliadhain-si beós.

M1582.15

Banda saighdiúir, & leth-banna marc-sluaigh do mhuintir Chaptin Siuitsi do beith i n-Ard Ferta ó thús foghmhair na bliadhna seachmata go mí medhoin foghmair na bliadhna freacnairce, & gé ro bhaoí iomatt bídh & stóruis aca on b-pronnsa nír ansat acht acc cnamh, & ag caithemh na tire ina t-timcheall, & rob eiccen mac gach cinn popail dá raibhe isin tír do chor i l-laimh chuca.

M1582.16

Patricin, Emann, & Roberd, clann Mheic Muiris d'ein-leith lé Gearaltachaibh i c-coccadh ó do fhágbhattar braighdenus Luimnigh go sin. Aon d'oidchibh dia n-deachsat go h-Ard Ferta, & ro ghlacsat creacha an baile arabharach ar madain. Ro éirigh captin an marc-sluaigh go h-obann dia saighidh .i. Captin Haitsim, & ní ro fhuirigh lá a shaighdiuiribh, & fuair a fhreaccra go ro-ullamh, & a chur dia chois don chéd-chumascc, & a chloidhmeadh gan choiccill. Ro fhillset clann Mec Muiris cona c-creich go ro gabhsat foslongport imon m-baile forna saighdiúiribh. Duine uasal do Chloinn t-Síthigh baoí i f-fochair chloinne Meic Muiris an tan-so .i. Muirchertach mac Emainn, mic Maghnusa, mic Emain, Mec Síthigh do mharbhadh i n-doras Mainistre ó t-Tórna lá cloinn an easpuicc Ciarraighi baí ag congnamh lá muintir na bainríoghna don chur-soin. Mac Muiris fein, & urmhór a dhuithche do bheith fó dhliccheadh gó sin. An tan at-chonnairc-sidhe a thír ag á trom-lot, & ó 'd-chualaidh an captín do mharbhadh lá a chloinn ro bris fo chédóir Lec Snámha, Lios Tuathail, Biaille, & Baile an Bhuindénaigh. Do-chóidh i c-cend a chloinne iaromh. Ní dheachaidh lais isin mí-imirt-sin lucht Bhaile Mhec an Chaim, na Bhaile Uí ChaolaighiClann Phiarais. Do thóccaibh Mac Muiris a chlann on m-baile, & do-chóidhsiot díbhlínibh for culaibh a c-coilltibh, & ní mó ná imtheacht do-ruacht leó an


p.1782

tan tainicc Captin Siuitsi don tír fó thascc marbhtha Captim Hatsim, & d'furtacht a muintire, & o na rucc forra-somh i t-timcheall an bhaile ro crochadh lais braighde baoíth-lenb baoí ar laimh a mhuintire on tir. Tucc cuairt ar na coilltibh d'iarraidh Meic Muiris & a chloinne, fuair airccne, édala, & marbhtha iomdha ré a n-dénamh. Ro cuireadh lais a duthchasaigh féin (baí i f-fochair an caiptin ar an easaonta-sin) i l-Leic Bhebhionn iarna fháccbháil folamh do Mac Muiris & dá mhuintir. Tairrngis Mac Muiris iarla Deasmumhan don tír i c-cionn aimsire iar-sin, & tuccsatt troitt do muintir Arda Ferta, & do marbhadh leo a c-captin, a leutenant, a f-fer brataighe, & drong mhór ele a maille friú. Ro bhen a chuid don choccadh-sin lé Mac Muiris seach cách, óir do díolaitriccheadh a dhaoíne, do milleadh a ioth, a fhoirgnemh, & a aittreabha. Nir dhion dia taiscceadhaibh, cuasa crann, na carracc, ná tuinigthe talmhan, ná fremha fidh acht amhail ba iatt a n-esccairde nó fuicfeadh isna h-ionataibh erdhalta sin iat.

M1582.17

Captin Siuitsi do dhol h-i Saxoibh i mi August na bliadhna-so & captin ele d'faccbhail dó ina ghobhernóir ós cend Mhuimhneach, & an captin-sin do bhreith na meide ro mhair do saighdhiuiribh Árda Fearta lé a chois go Corcaigh. Ní bhaoí ón uair-sin banda, nó leth-bannda do shaighdiúiribh acc siubhal a t-tíre, nó ag cumhgucchadh ar Gearaltachaibh go criochnucchadh na bliadhna-so.

M1582.18

Captin Siuitsi do mharbhadh i c-comhrac h-i Saxaibh suil rainic lais teacht tar a ais i n-Erinn.

M1582.19

Iarla Desmumhan do beith o mí mhedhoin foghmair na bliadhna remhainn go dereadh na bliadhna-so etir Druim Fingin, Eatharlach, & Coill an Chuiccidh & gan do bhuain, nó do bhranar ar a uídh nó ar aire acht a bheith ag buain Builtérach do ló, & d'oidhche i n-dioghail ina n-dearna iarla Urmhumhan gó sin ar Gearaltachoibh.


p.1784

Rob usaide Buitileraigh do baoghluucchadh iarla Urmumhan do beith i Saccsoibh an bliadhain-si go ro bhen a droch-iarmairt don dúthaigh óir ní mór nat fáccbadh 'na h-én-tuinn fhiataile & fásaigh o Port Laircce co Lothra, & o Chnámhchoill co conntaé Cille Cainnigh. Nír bho machtnadh gér bhó fásach na fuinn-sin ar a mheince do aircc an t-iarla an dá Urmumhain, Duthaigh Ara, Uí Cairin, Éle Dheiscert, cona forthuathaibh, An Trian Medhónach, & Trian Cluana Meala, & ar gach taoíbh do Shiúir go doras Puirt Laircce. Ní h-eidir a innisin, nó a aisneis leth no trian ar iomcairsiot Gearaltaigh do dheabthaibh doilgibh do choinghlecaibh cruaidhe, & d'ionnsaightibh éttuailngeachaibh an tan-sin, & bá isin aimsir-sin ad-berthaoi nach mór co m-baoí geim bó no guth oiremhan o Dhún Caoín co Caisiol Mumhan.

M1582.20

Iarla Desmumhan do dhol i samhradh na bliadhna-so fa oirtear Mumhan & fa Iarthar Buitilerach. Tarla in tan-sin i f-Fiodhard ar a chiontt dá mac occa iarla Urmumhan .i. Emann an Chaladh, & Eduard, clann t-Semais mic Piarais Ruaidh, mic Semais, mic Emainn, da dearbrathair iad-sidhe don iarla Urmumhan baoi an tan-sin .i. Tómas, & bá h-iad ro fhaccaibh an t-iarla ós cend na criche dá coimhéd acc dol dó fein h-i Saxoibh. Tarla ina t-timcheall-somh isin m-baile an tan-sin mer-ghasradh mharcach & coirighthe glan-toghtha gall-ócclach, & gíomanach. Ro eirgettar-sidhe fó na h-eimghibh go h-urmaisneach co n-deachattar ar aon-gort ris an iarla. Batar acc coimét for a chele gan cechtar aca d'ionnsaicchidh aroile ó Fhiodhard go Cnoc Grafann. As annsin ro fhill an t-iarla ar na h-airsedhaibh, & do bhris for Buitilereachaibh. Ro fháccbhattar drong mhór dia mharc-sluagh, & a c-coisighte uile fó iocht a n-esccaratt, & fo bhreith a m-biodhbhadh gur bhó breac ó corpaibh daoíne an tulach for ar thachrattar ó Ghearaltachaibh isin n-gliaidh-sin. Do-rónadh écht mór is in maighin-sin .i. ard-chonsapal Buitilérach do mharbhadh .i. Colla mac Maol Muire mic Domhnaill Óicc Mec Suibhne. Nír


p.1786

marbhadh don taoíbh thiar achtmadh Gearalt mac Seain Óicc, mic Seain, mic Tomais iarla & rob adhbhar éccaoíne esidhe ina thir badéin.

M1582.21

Cuairt dá n-deachaidh iarla Desmumhan i c-Ciarraighe i f-foghmhar na bliadhna-so, & baoí i f-foccus do sheachtmhain i f-foslongport i m-bairr Chloinne Muiris. Tiaghait troighthigh an iarla ón maighin-sin do ghlacadh creiche i Popal Uí Chaoímh. Rucc orra Ó Caoímh, & 'na comhfhochraibh battar comhfoiccsi dóibh. Báttar ré h-edh an laoí-sin tré learccaibh Luachra Deadhaidh acc lenmain na fedhna co rangattar i c-chomhfhoccus d'foslongport an iarla. O 'd-chualaidh an t-iarla caismerta na c-ceithirn, & foghar-thorann a n-ordanáis, ro eirigh co h-obann co ro sraoíneadh isin slighidh c-cédna for Ua c-Caoímh, & ní mór tánaicc san toraigheacht ná torchrattar uile. Ro gabhadh ann Ó Caoímh fein .i. Art mac Domhnaill mic Airt. Ro gabhadh bheós a mhac .i. Art Ócc & do marbhadh mac ele dia cloinn .i. Aodh. Ro gabhadh ann mac An Bhiocara Uí Sccolaighe, & do crochadh é as a aithle.

M1582.22

Dauidh an Chomhraic mac Seain Óicc, mic Seain tighearna na Coille Móire d'écc.

M1582.23

Sémus & Geralt, clann an easpuicc Ciarraighe .i. clann t-Semuis mic Risdeird do mharbhadh lé cloinn Emainn Mec Sithigh i n-dioghail a n-derbrathar .i. Muirchertach ro marbsat clann ann easpuicc fecht riamh.

M1582.24

Tomas, Gearalt, & Sean Ócc clann t-Seain mic Emainn mic Tomais ón Claonglais d'imtheacht do rinn & d' éccaibh nadúrtha an bliadhain-si.


p.1788

M1582.25

Eoghan mac Maol Muire, mic Donnchaidh, mic Toirrdhealbhaigh Mec Suibhne consapal Desmumhan, fer ciúin cendsaighthi i n-oil-tigh & i n-oireachtas, dur danardha docoiscc i n-deabhaidh & i n-ionadh fhedhma do ecc.

M1582.26

Toirrdhealbhach Ócc mac Toirrdhealbhaigh, mic Maol Muire, mic Donnchaidh, mic Toirrdhealbhaigh Mec Suibhne d'écc. Nír chin a chomhaosa dia chinedh in aon-aimsir fris ar ar luccha éra aon-nduine inás.

M1582.27

Sir Niclas Maulbi do dhol i Saxoibh in bliadhain-si, & a thilleadh tar a ais i n-geimhreadh na bliadhna ar c-cind, & Captin Brabustun i n-goibhernóracht chóiccidh Chonnacht an airet-sin, & an captín-sin do dhol i t-Tír Amhalgaidh i n-errach na bliadhna-so. An tír uile do lot & do léir-sccrios dó on chúil go a chele, uair baoí acc siubhal on fhoslongport gó aroile etorro. Nir dhíon ar an c-captin-sin, ná for a muintir, neimhedh naoimh na filed, fíodh, na foithir-ghlend, na baile, na babdhún no gur toghladh an tír uile lais.

M1582.28

Mac Suibhne Baghainech, Maol Muire Óc, mac Maol Muire, mic Aodha, mic Neill, Mec Suibhne, & Domhnall mac Murchaidh, mic Ruaidhri Mhóir, mic Domhnaill na Madhmann, Mec Suibhne do mharbhadh an 4 la do mhí Iun ar brú Locha Feabhail, & iad acc iomluadh aithiscc & coinne etir Ó Nell & Ó Domhnaill báttar i n-díbh foslongportaibh lethnaibh líonmharaibh imon loch. Bá h-amhlaidh do-rónadh na móir-échta-sin .i. drong d'Albanchoibh anaithenta do thocht a foslongport Uí Neill i n-arthrach baoí le h-acchaidh iomlochtadh ar caol Locha Febhail, & do saoíleadh gurab lá toiscc eiccin ele do-dheachatar go ro ghabhsatt tracht im urthosach in arthraigh i m-battar na consapail shoicenelcha i n-uathadh buidhne co h-anfhuirighthe acc iomfhuireach le criochnucchadh a c-coinne co ro claidhmidhsiot iatt gan choiccill, & co n-dechsatt fein as gan fhuiliughadh gan fhoirdhearccadh forra.

M1582.29

O Dochartaigh Sean mac Feilim, mic Concobhair Charraigh, tighearna Innsi h-Eoghain d'écc, 26 Maii & ro badh braighe gill as a f-fuighbithe eich & airghedha (dia madh


p.1790

fuasccladh nó beith fair) an tí tesda annsin, & a mhac Sean Ócc d'oirdneadh ina ionadh ar bélaibh Chathaoir Uí Dhochartaigh. Tainic de-sidhe an tir do throm-lot, etir ioth, arbar, áitiucchadh, & indilibh.

M1582.30

Maire inghen Chuinn I Neill, ben t-Somhairle Buidhe Mec Domhnaill d'ecc.

M1582.31

Neachtain mac Chuinn, mic An Chalbhaigh do mharbhadh an .5. September.

M1582.32

Mag Flannchaidh Dartraighe (.i. Cathal Ócc) do mharbhadh lá a bhrathair fein Tadhcc Ócc.

M1582.33

Clann Uatéir Fhada, mic Dauidh, mic Emainn, micc Uillicc A Búrc .i. Tepóitt, & Maoilir do dhol d'iarraidh gabhala i t-Tír Amhalgaidh a h-ucht Mheic Uilliam derbrathair a n-athar .i. Risderd an Iarainn go ro gabhsat bú. Ricard A Búrc mac Emainn, mic Uillicc ó Caislén An Bharraigh d'éirghe fó na h-eighmhibh co rucc forna buidhnibh, & ro fhersat gliaidh géar amhnais ré aroile co ro marbhadh Riocaird & forccla a t-tarla ina timcheall sa troid-sin. Ruccsat clann Uáteir Fhada a c-creich, & a c-cosccar.

M1582.34

Mac Mhec Uillian Búrc .i. Riocard Ruadh mac Seain mic Oiluerais mic Seain do mharbhadh i n-geimhreadh na bliadhna-so lá Tomas Uuideos duine uasal do mhuintir na bainrioghna, & at-beiredh cách nár bó maith fríth an marbhadh-sin.

M1582.35

An Deccanach Ó Gráda d'écc .i. Donnchadh Ócc mac Donnchaidh mic Donnchaidh mic Nicoil, fer cumhachta móir i c-cill & t-tuaith eisidhe.

M1582.36

Mac Bruaidedha ollamh Uí Briain lé sencas .i. Maoilin mac Conchobhair mic Diarmatta, mic Seain d'écc, & a brathair Giolla Brighde d'oirdneadh ina ionadh.

M1582.37

Diarmaitt Ulltach mac Seain d'écc.

M1582.38

Ma Con Midhe Brian Dorcha d'écc, 13 Iunii.


p.1792

Annal M1583

M1583.0

AOIS CRIOST, 1583. Aois Criost, mile, cúicc cétt, ochtmoghatt, a trí.

M1583.1

Cond mac An Calbhaicch, mic Maghnusa, mic Aodha Duibh, mic Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill do écc, .13. do Marta. Saoí dhersccaighthe, deigheinigh, fer soithimh so-agallmha, post congmhala do cliaraibh, & do ceithearnaibh, fer cendaighthe duan, & drécht adhmolta ar a iolmhaoinibh feisin, fer as luccha rob olc clú & cétfaidh do Clandaibh Neill Naoíghiallaigh gur bhó samhail do chruit gan cheis, do luing gan luamhaire, & do ghort taobh le toll-airbhe amhail ro bhattar Cenel g-Conaill don chur-sin iar n-écc Cuind.

M1583.2

Iarla Urmumhan .i. Tomas mac Semais, mic Piarais Ruaidh do beith 'na gobhernoir ar dá chóicceadh Mumhan an bliadhain-si, & iarla Desmumhan ag daingniucchadh ina thrétúireacht, & ina dhibheircc, co ro gabh for aidhmilleadh na tíre ina chomhfochraibh i n-geimhreadh & i n-earrach na bliadhna-so remhainn, ar a aoí baoí d'adhuath, & d'uireaccla accá daoínibh riasan dliccheadh, & ria b-prionnsa Saxan go ro ghabhsat ag deiliucchadh fris etir mnaoí posta, cloinn, & chairdibh, coná baoí acht aon-cethrar nama dia réir ón c-cuas cairrcce, nó croinn gó aroile seachnón dá chóicceadh Mumhan i samhradh & i f-foghmhar na bliadhna-so. Iar m-breith do chéd-tosach an geimhridh & don oidhche fada fair ro triallsatt eassurradha, & meirligh Mumhan iadhadh ina uirtimcheall, & adudh do chor i c-coiccill an choccaidh gur bhó mithidh lá Dia sccur críoch & foircend do chur for choccadh Geraltach, & bá h-amhlaidh-so for-caomhnaccair .i. drong d'Uibh Muirchertaigh Buird Mhainge do Shliocht Aodha Bendáin do faghbháil edarbaoghail ar iarla Desmumhan


p.1794

iar m-beith dhó i f-fian-boith folachtae i c-cuas cairrgi i n-Glinn an Ginntigh. Battar an drong íshin ag taisccéladh, & ag timchealladh na téghdhaisi i m-baoí an t-iarla ó urthosach oidhche co h-adh-madain, co ro lingsiot an fhuar-bhoth fair i c-crepuscal na maidne muiche dia mairt ar aoi laithe sechtmuine, lá fele Martain do shondradh. Ro gonadh & ro gabhadh an t-iarla leó, uair ní bhaoí lucht trotta nó tachair ina fharrad acht aon-bhen, & dias bhuachall, nír bhó cian ón coill do-dheachattar an tan ro dhíchendsatt an t-iarla gan fhuireach, & muna beith-sidhe for foghail, & for díbeircc (amhail ro baí) robadh do móir-sgélaibh Ereann don iarla Desmumhan sin .i. Gearóid mac Semais, mic Seain, mic Tomais Droichit Atha, mic

p.1796

Semais, mic Gearóid an Dana, mic Muiris (.i. an ceid-iarla Desmumhan) mic Tomais na n-Apadh, mic Seon Chaille, mic Tómais (agá c-comhraicit Gearaltaigh Chille Dara, & Desmumhan ré aroile) mic Muiris (.i. an brathair minúr) mic Gearailt, mic Muiris, mic Gearailt
.

M1583.3

Nirb' iongnadh dioghaltas Dé do dílghenn Gearaltach fó dháigh chora i n-aghaidh a b-prionnsa dia t-tartatar dia sinnsearaibh mar thír duthchusa ó Dhún Caoín i c-Ciarraighe go Comar Tri n-Uiscce, & ó Oilen Móir Arda Neimidh i n-Uíbh Liathain, co Luimneach.


p.1798

M1583.4

Murchadh Bacach, mac Emainn, mic Maghnusa, Mec Sithigh d'écc i n-Ard Fearta gar iar m-bás iarla Desmumhan, & ad-berat aroile gurab dia cumhaidh at-bath.

M1583.5

Gofraidh Carrach, mac Donnchaidh Bhachaigh, mic Maol Muire, mic Donnchaidh, mic Toirrdhealbhaigh Mec Suibhne do mharbhadh la ceithernaibh Innsi Caoín do thánaisteacht ó c-Cairpre sechtmhain ria m-bás iarla Desmumhan, & at-beirthi gur bhó robhadh ria m-bás don iarla marbhadh Gofradha.

M1583.6

Sean Ócc mac Seain, mic Tomais iarla d'écc iar c-cian aois, & é i l-laimh i l-Luimneach a c-cionaidh a chloinne do beith i f-farradh iarla Desmumhan.

M1583.7

An Róisteach .i. Dauidh mac Muiris, mic Dauidh, mic Muiris, & a bhen Oilén ingen t-Semais, mic Emainn Meg Piarais d'écc i n-aoín-mhí i n-errach na bliadhna-so, & ní bhaí d'Fionn-Ghallaibh Ereann ar triochat ced do dhúthaigh lánamain rob oirdearca ináit-sidhe.

M1583.8

O Maoíl Muaidh .i. Tepoitt d'écc.

M1583.9

Corbmac mac Taidhcc, mic Corbmaic Óicc Még Carthaigh tighearna Múscraighe fer deigh-dhealbhdha dreach-sholais agar lia foirccnemha fionn-aolta, & caislein chumhdacht-ghlana, & cathaoire comhorbais do Chlannaibh Eoghain Mhóir d'écc. An tír do beith imresnach ré aroile iar n-ég Corbmaic. Drong dibh ag cur lé Ceallachan mac Taidhcc ro fhobair dol i seilbh na tire fó dáigh a shinsirechta. Drong


p.1800

ele ag cur lá Corbmac mac Diarmatta mic Taidhcc baí ag iarraidh cennais an tíre a h-ucht phatent a athar, & an tres drong ag cur lé cloinn óicc an Chorbmaic-sin, mic Taidhcc, mic Corbmaic Óicc, mic Corbmaic, mic Taidhcc Meg Carthaigh, & lána mhathair .i. Siubhan ingen Piarais na Buile mic Semais, mic Emainn Még Piarais. Tar a chend-sin uile as le Corbmac mac Taidhcc, mic Diarmatta do buadhaighedh.

M1583.10

An t-epscop Ciarraigheach d'écc .i. Semus mac Risdeird, mic Seain soidheach lán d'eccna an t-epscop-sin. Do Chloinn Phiarais a bhunadhus .i. Sliocht Rémainn, mic Uilliam mic Gearailt, & dearbrathair don Mhuiris tainicc ar an c-céd-gabhaltas ó prionnsa Saxan i n-Erinn do chongnamh lá Diarmait mac Murchadha (la rígh Laighean) an t-Uilliam-sin mac Gearailt do-ráidsiom, & as dia shliocht urmór Gearaltach Cloinne Muiris.

M1583.11

O Caoimh .i. Art mac Domhnaill, mic Airt, mic Eoghain, saoí duine eisidhe do mharbhadh, & a mhac .i. Art Ócc d'oirdneadh ina ionadh.

M1583.12

Mac Mhec Amhlaoibh .i. Donnchadh Bán, mac Maoileachlainn, mic Diarmata, mic Maoileachlainn, & mac a dearbhrathar Tadhcc, mac Conchobhair, do comhthuitim ré aroile.

M1583.13

Sean Carrach mac Uilliam, mic Tepoitt A Búrc oidhre Coisi Siúire baí i t-trétuireacht gusan tan-sa do theacht isteach ar protexion. Dol dó iar m-bás iarla Desmhumhan d' iarraidh fhuadáin i n-Gearaltachaibh. Ní ro airis co h-Ath Dara,


p.1802

& ro tionóileadh buar an bhaile lais. Eirgitt barda an bhaile fona h-eighmibh. Fillis Sean cona bhecc-bhuidhin marcach ar in m-bárda, & ro h-aimsedh eissidhe go seóil-direach d'urchor do pheilér tré na chloccaitt ina chentt go ro leaccadh é dia eoch, & ruccsatt a mhuintir an c-creich, & ro fháccaibhsiot Sean. Ruccadh iaromh eisidhe co Luimneach co ro crochadh annsidhe h-é le comessieoraibh Luimnigh.

M1583.14

Mag Thaidhcc Urmumhan .i. Conchobhar an Chuain mac Taidhcc mic mic Mathghamhna Duinn Uí Ceinnittigh d'écc, fer seólta sesccar, & tighedhasach gan tathaoír ó a thuismedh gusan tan-sin. Mag Taidhcc do ghairm do Pilip mac Diarmata na Ropalaigh Uí Ceinnéittigh.

M1583.15

Mac Még Cochláin, Gearoitt mac Seain, mic Airt, mic Corbmaic macaemh cédfadhach ar c-cétt-gabháil ghaisccidh do mharbhadh lá mac Uí Ceinneittigh Fhinn .i. lá Murchadh mac Briain, mic Domhnaill.

M1583.16

An chonntaoís Do Róisti .i. Aibilin inghean Muiris, mic Dauit Do Roste ben iarla Tuadhmumhan (Donnchadh mac Conchobhair Uí Bhriain) d'écc i samhradh na bliadhna-so i c-Cluain Ramhfhoda, & a h-adhnacal i Mainistir Innsi.

M1583.17

Onora ingen Domhnaill, mic Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain an bhen baí ag Ua c-Conchobhair Ciarraighe .i. Conchobhar d'écc, & a h-adhnacal i n-Inis Cathaigh.

M1583.18

Sluaiccheadh lánmhor lá muintir Sir Niclas Maulbi, & lá cloinn iarla Cloinne Riocaird .i. Uilleacc, & Sean i n-iochtar Tíre, & i n-Umhall Uí Mháille, & bá dírimh an ro cruinnighsiot do chrodh creach ar an sluaiccheadh-sin. Ro loiscceadh & ro lér-sccriosadh leó Cathair na Mart don cur-sin.

M1583.19

Mac iarla Chloinne Riocaird Sean A Búrc mac Riocairt Shaxanaigh mic Uillicc na c-Cend, mic Riocaird, mic Uillicc Cnuic Tuagh do mharbhadh go mio-ghaolmhar lá a dearbhrathair (Uilleacc A Búrc) ar ionnsaighidh oidhche. Monuar tra


p.1804

ro ba maircc daerbrathair do dhuthraccair duine mharbhadh a dherbrathar n-aile im comhroinn criche ar is bith caich ar uair an bith-so. Ba doiligh mór ná ro sccrutt Uillecc ina inntinn gur bó maol-guala gan brathair, & nách sluacch neach ina aonar. Ní h-edh-sin do-bert dia uídh acht a corp do chnes-tolladh & a thaobh do threghdadh go b'farccaibhsiot marbh gan anmain é, & as ar éiccin fuair lucht a iomchair go Baile Atha an Ríogh airm in ro h-adhnaiceadh an t-áirsigh. Bá crádh cridhe lá a thír badhéin an fhir h-íshin, ar fhephas a cheille, a chrotha, & a cheneóil, a einigh, a uaisle & a oirbhertae.

M1583.20

Mac Uilliam Búrc .i. Risderd an Iarainn, mac Dauidh, mic Emainn, mic Uillicc fer creachach conghalach, aisdrech essádhal, nó brisedh beirn m-baoghail ar a biodhbhadhaibh, & for a m-bristí co minic do écc, & Risdeard mac Oiluerais, mic Seain d'oirdneadh ina ionadh.

M1583.21

O Raghailligh Aodh Conallach mac Maoíl Mhórdha, mic Seain, mic Cathail neach do chaith a ré gan fhresabhra, & a treimsi gan turbhródh, & ro chongaibh an Breifne gan baoghlucchadh tar lamhaibh a chomharsan Gall, & Gaoidhel an c-céin do mhair do écc, & a adhnacal i mainistir An Cabháin, & a bhen Isibél Bernauál d'écc in aon-aimsir


p.1806

ris fein. Mac an Uí Raighallaigh-sin .i. Sean Ruadh do bheith ag dol i c-cendus an tíre a h-úghdarras Gall ar bélaibh Emainn mic Maoíl Mordha baí

p.1808

ina shinnser do reir gnathuighthe Gaoidheal, & táinicc de-sidhe an tír, & an tighearnas do roinn etir Sliocht Mhaoil Mórdha.

M1583.22

Mac Uí Conchobhair Sliccigh Cathaoir mac Taidhcc Óicc, mic Taidhcc, mic Aedha do mharbhadh i f-fiull lá druing do Mhuintir Airt.


p.1810

M1583.23

Mac Uí Concobhair Doinn .i. Toirrdhealbhach mac Diarmada, mic Cairbre, mic Eocchain Chaoích mic Feilim Gengcaigh do écc.

M1583.24

Tadhcc Ócc mac Taidhcc Uí Ruairc do écc i m-braighdenas ag Ua Ruairc .i. Brian mac Briain mic Eocchain.

M1583.25

Oilén na t-Tuath (.i. Port an Oiléin) do gabhail lá Mac Suibhne na t-Tuath .i. Eocchan Ócc mac Eocchain Óicc, mic Eocchain, mic Domhnaill ar cloinn Domhnaill mic Donnchaidh, & clantt Domhnaill do marbhadh and.

M1583.26

Baile Uí Neill (.i. Toirrdhealbhach Luinech) .i. an Srath Bán do losccadh la h-Ua n-Domhnaill (Aodh mac Maghnasa) & dioghbhála móra do dhénamh d'Ua Neill, la taobh oirccne an bhaile oir ba don chur-sin do marbhadh la h-Ua n-Domhnaill Ua Coinne, & mac Mec Aodha go n-druing móir ele cenmothát.

M1583.27

Donnchadh mac An Chalbhaigh Uí Domhnaill do mharbhadh lá cabhlach Albanach.

M1583.28

Brian mac Donnchaidh, mic Con Chonnacht, mic Con Chonnacht Meg Uidhir fear go n-degh-ainm uaisle & einigh do écc.

M1583.29

Creacha móra do denamh ar Shomharile m-Buidhe mhac Mec Domhnaill lá h-Aodh mac Feilim Bacaigh Uí Neill, lá Mac Uidhilín, & lá Saxancoibh. Somhairle Buidhe cona bhraithribh do dhol i t-tóraigheacht na c-creach, & brisedh dóibh for a m-baoí reampa, & na creacha do bein díobh, & Aédh mac Feilim Bacaigh do mharbhadh don chur-sin, & banna nó dhó dona Saxanchoibh, & an chuid ele dhibh d' imtheacht gan chreich gan cosccar.

M1583.30

Toirrdhealbhach, mac Domhnaill Uí Bhriain, & Sean Ruadh, mac Aodha Conallaigh, mic Maoil Mórdha Uí Raighilligh do dhol i Saxoibh, & i n-oirdneadh i n-grádhaibh ridire i n-aon-ló i samhradh na bliadhna-so do lathair an Prionnsa Elisabeth.

M1583.31

Donnchadh mac Ui Baoigill (.i. Toirrdealbhach) do mharbhadh lá Muintir Mhaille i n-Inis Caoíl.


p.1812

M1583.32

Fer Fedha, mac Toirrdhealbhaigh Mheirgigh, Mec Suibhne d'écc i m-baile Mhec Suibhne Bhóghainigh.

M1583.33

Ua Néill Toirrdhealbhach Luineach do beith for an Srath m-Bán co n-druing móir do Shaxanachaibh ina fharradh, & bátar occ báigh, & acc baccar dul do indradh Tíre Conaill i n-díoghail loisccthe an t-Sratha Báin riasan tan-sin. O 't-cuala Ua Domhnaill Aodh mac Maghnusa an ní-sin, ro tionoileadh co tinnesnach a shochraitte dia shaighidh, & do-chóidh gan fhuireach go Druim Lighen go ro ghabh longport h-isuidhe i mí Iún do shonnradh. No thicceadh diorma do mharc-sluagh Uí Neill do shaighidh ughra & iomruacctha for marc-sluagh Uí Domhnaill. Nir bo feich optha lá Muintir Uí Dhomhnaill ind sin go m-bátar daoíne occá n-dithiughadh etorra gach laoí. Feacht ann tangatar an ro badh deach do mharc-shluagh Uí Néill go m-brigh, & go m-borrfadh go t-tár, & go t-tarcasal for Chenel c-Conaill, & ní ro ansat dia reimim go rangatar tar Find, & tria Phort na t-Trí Namhat, & co h-iomfhochraibh longpuirt Uí Dhomhnaill. Roptar ainerlamha Muintear Uí Domhnaill an tan-sin, ar a aoí ro ghabhsat a n-díorma fo cédóir & ro lingset forra. Fechair iomairecc, & iomruaccadh aingidh éttrocar etorra fri ré fhoda. Ro sraoíneadh fo dheóidh for mharc-shluagh Uí Néill gusin f-Find tarsa t-tudhcatar, & ro bás occ a f-foirdhinge ina n-diúidh gan díchell, occá t-tacmang, & occ a t-timchelladh coná caomhnaccattar saighidh átha idir gur bo h-eiccen dóibh an abhann for a n-ionnchaibh d'ionnsaighidh airm in ro dhóirtset dia saighidh. Ro báidhit, & ro marbhait sochaidhe do Mhuintir Uí Néill im Ua n-Goirmshleghaigh Corbmac, & im Mac Aodha, & im Maol Muire mac Diarmata mic Mathgamhna, mic Tuathail Uí Cleirigh, aon-bráighe gill Uí Neill & Cenél Eóghain don chur-sin, uair rob ionann mathair dia athair-siumh, & d'Ua Néill feisin, & bá fora chumas buí iol-mhaoine Uí Neill ar aba a fhialusa fris, & nir bó ró lais a theóra cudroma da gach ernail ionnmusa


p.1814

do thabhairt ass, dia madh fuasccladh dó. Ro guinedh & ro báidhedh eisidhe lá muintir Uí Dhomhnaill, & ro badh slán a menma, & roptar buidhigh dia thuitim leó.

Annal M1584

M1584.0

AOIS CRIOST, 1584. Aois Criost, mile, cúicc cett, ochtmhocchatt, a cethair.

M1584.1

Mac oidhreachta iarla Chille Dara .i. Gearoitt d'écc i Sacsoibh.

M1584.2

Sir Niclas Maulbi gobernóir chóiccidh Connacht d'écc i n-Áth Luain fá initt, fer foglamtha i m-bérlaibh & i t-tengtoibh oilén Iarthair Eorpa esidhe, fear crodha cath-bhuadhach seachnon Ereann, Alban, & na Fraingce ag foghnamh dia phrionnsa, & ro badh seirbhís co somhaoín dó-somh ind sin, uair fuair a dhiongmhala do dhegh-thuarasdal on m-bainrioghain .i. constablacht baile Atha Luain, gobernoracht chóiccidh Chonnacht fri ré seacht m-bliadhan ria na bhás, síoruidheacht Rossa Comáin & Beóil Atha na Sluaicchedh dó fein & dá oidredhaibh, ina dhedhaigh acht amháin gurab ó cloinn iarla Cloinne Riocaird ro chéd-sholathair sé Bél Atha na Sluaiccheadh.


p.1816

Ionadh Sir Nioclás ag Captain Brabusún go teact Sir Risderd Bingam i n-Erinn i nd-árd-chomessoirecht chóiccidh Connacht i mí Iun an t-samhraidh ar c-cind.

M1584.3

Toirrdhealbhach mac Uaithne mic Maoíleachlainn Uí Lochlainn do gabhail i t-tosach mís Marta na bliadhna-so i Muicinis, le Toirrdhealbhach mac Domhnaill Uí Bhriain, & a bhasucchadh iar sin lá Captain Brabusún ar session an t-samhraidh ar c-cintt i n-Inis.

M1584.4

Mac Mhec Conmara an taoíbhe thiar do Chloinn Cuiléin d'écc .i. Donnchadh mac Taidhcc mic Con Medha mic Con Mara mic Seain, fer rér mó eaccla a easccaratt i n-ionadh fedhma da m-baoí do Cloinn Cuiléin esidhe.

M1584.5

Ruaidhri Carrach mac Maol Muire mic Donnchaidh, mic Toirrdhealbhaigh Mec Suibhne do bhásucchadh i c-Corcaicch.

M1584.6

Sithcháin comhcoitcenn do fhoccra fó Erinn uile, & fó dá choicceadh Mumhan do shonnradh iar n-dícendadh iarla Desmumhan amhail adubhramar. Tánaicc do bithin na foccra-sin, co ro lingsiot aittreabhaigh na c-cenntar c-comhfoccus d'áitiucchadh Chonallach, Chiarraighe & conntae Luimnigh. Ní bhaoí fer iomchair airm do Shliocht Muiris Meic Gearailt i n-Erinn do neoch baoí for foghail no for díbeircc nách t-táinicc fó dhliccheadh, achtmadh Muiris mac Seain Ócc, mic Seain, mic Tomais iarla nama, & gidh essidhe tánaicc fó shith ar focal iarla Urmumhan, & ro sccar sidhe fri a dhaoínibh iar-sin uair ro éla ar chuire chúiccir tar Sionainn sriobh-glais bathuaidh tre Tuadhmumhain, & o gach crich gó aroile go ráinicc Rúta Mhec Uidhilín i c-cenn Somhairle Buidhe mhec Mec Domhnaill, as-saidhe go h-Albain, & don Spáin iaromh go b-fuair bás innte iar t-trioll.

M1584.7

Iustis nua do theacht in Erinn .i. Sir Iohn Parrot an 21 Iun & tainicc


p.1818

imaille ris Sir Iohn Noris ina phresident os cend dá chóicceadh Mumhan, & Sir Risderd Biongam ina ghobernóir ós cend chóiccidh Connacht. Ní ro chaith an iustís mí co h-iomlán i n-Ath Cliath 'na chomhnaidhe an tan tainic co h-Ath Luain, & as-sidhe go Gaillimh. Tangattar maithe chóiccidh Chonnacht ina chomdhail gusan m-baile-sin dia fháiltiucchadh, & dia admháil mar fhollamhnaightheóir & mar chodhnach ós a c-cionn ón b-prionnsa. Iar m-beith seal don iustis i n-Gaillimh ro triall do dhol co Luimneach. Baoi an chéd-adhaidh iar f-fáccbháil na Gaillmhe i c-Cill Mhec Duach. Tanic an dara h-oidhce go Cuinnche i c-Cloinn Cuiléin. Battar maithe chonntaé An Cláir ar a chionn annsin do neoch díbh ná deachaidh ina cend go Gaillimh. Baí bheós sirriam na conntae .i. An Crúiseach, tarla i l-láimh ag an t-sirriam an tan-sin, Donnchadh Beacc, mac Taidhcc, mic Donnchaidh Uí Briain ard-thrétuir, & uachtarán lochta aidhmillte chóiccidh Chonnacht ria-sin. Ro bhen a droch-dhiach dhó oir fuair a righedh ar carr, & cnaimh-rédheadh coimmbriste do dhénamh dia chnamhaibh la cúl tuaighe truime tiugh-fhormnaidhe, & ro cuireadh a chorp láin-briste leth-mharbh cengailte fri cadhladhaibh cruaidh-ríghnibh cnáibe i m-bairr Cloccais Cuinnche fo chosaibh én, & ethaide an aieoir ar dháigh gomadh ionncomhartha & eissiomláir do lucht denmha droich-ghniomh a fhaicsin amhlaidh-sin.

M1584.8

Do-thaod an iustis arnamharach co Luimneach, & ro chinn aicce drong mhór do dhaoínibh uaisle ar gach leth do Luimneach do mhilleadh & do mhio-chórucchadh co ruccsatt sccéla fair mur-coblach Albanach do tocht don leith ba tuaith d'Erinn fó thoghairm Somairle Buidhe mic Mec Domhnaill, & co m-báttar ag iondradh & acc orccain na tire ina t-timcheall, & bá sedh fochand ima t-tangattar Somairle Buidhe (agá m-baoí An Rúta ré ré deich m-bliadhan fichet roimhe-sin) do cloistin gur chuir comhairle Saxan d'eacht & d'forcongra ar an iustís nua sin An Rúta do thabhairt dá fondúiribh disle badein, & Somairle d'ionnarbadh go a athardha bunaidh go h-Albain, & ní h-edh amháin acht gan gabhaltas eachtar-cenelaigh ar bith


p.1820

do léccadh i n-Erinn an c-cein nó bhiadh umhal don prionnsa. Dála an iustis ro fháccaibh Luimneach ina luaith-réim, & ro fhóccair dá raibhe d'fhearaibh infhedhma ó Bhóinn co Béirre a m-beith ina choinne i c-cenn ceithre lá ficet ón lá-sin i n-Droicheat Átha. Ro freccradh na fóccartha-sin lá fearaibh Mumhan, Midhe, & Laighean, uair tongattar co líonmar, lér-thionóilte gusan maighin-sin. Tuccsat iaromh uile aghaidh ar Ulltoibh. O 'd-chualaidh Somhairle dáil fer n-Ereann dia shaighidh ro fhagaibh An Rúta, & rucc a chaoraigheacht, a mhna, & a mhuinteara go Gleann Chon Cadhan co nár fháccaibh aeghaireacht nó iomchoimhéd ar an tír, ná bárdacht ar bhaile isin Rúta, acht ar Dhún Lis amháin, & gidh é fá diginn daingin don chúicceadh ro gabhadh é lasan iustis fó chend da lá cona n-oidhchibh iar suidhe ina thimcheal, & ro chuir barda na bainríoghna ind. Iar m-beith deich lá don iustis isin Rúta, ro fhágaibh tri banna décc ar ósda i n-Ulltoibh lé h-aghaidh Somhairle do cennsucchadh, & ticc féin tar a ais co h-Ath Cliath, & ro sccaoílsiot fir Ereann dia t-tighibh.

M1584.9

Eassaonta d'eirghe i n-Iarthar Chonnacht etir Sliocht Eoghain Uí Flaithbhertaigh, & Sliocht Murchaidh mic Briain na n-Oinseach Uí Flaithbeartaigh. Rob é a ádhbhar-sin Sliocht Eoghain .i. Ó Flaithbertaigh Tadhg mac Taidhg na Buile mic Murchaidh, mic Eogain, & clann Domhnaill an Choccaidh mac An Ghiolla Dhuibh mic Murchaidh mic Eoghain do gabháil oiléin Bhaile na h-Innsi ar Thadhcc, mac Murchaidh na t-Tuagh mic Taidhcc, mic Murchaidh Uí Flaithbertaigh, uair báttar Sliocht Eoghain ag á radha gur bhó leó fein ó chert an t-oilén-sin, & gurab tar a sárucchadh baí Tadhcc ag á thógbháil, & ag á cumhdach, & cecib cruth a m-baí a fhír do-chóidh Tadhcc forra-somh


p.1822

a n-diaidh na gabhala co nár fháccaibh míl n-innile gusa rainicc ar a c-cuid do thír gan a marbhadh nó gan a t-tabhairt lais. Do-rónadh dioghbhala móra leó-somh do Tadhcc gion gurbh'ionann cumhang baoí aca.

M1584.10

Feacht dá n-deachaidh an Tadhcc-sin mac Murchaidh lucht arthraigh ar ionnsaighidh oidhche i mi Iún i n-deadhaidh Sleachta Eoghain Uí Flaithbertaigh go h-Árainn, Rucc Tadhcc forra isin adh-madain co h-anullamh, etir chodladh & dúsccadh ar gach taobh do chuirr thossaigh na luinge, & bá h-esccáirdemhail an taisbénadh tucc sé dóibh ar an tracht-sin, & nír f-fiú an t-oilén a n-dearnadh an lá-sin amháin ina timcheall, uair ro marbhadh annsin Murchadh mac Emainn Óicc mic Emainn Meg Aedha fer Leitreach Mealláin do-chóidh i c-commbáidh Sleachta Eoccain Uí Flaithbertaigh. Ro marbhadh ann dna mac senescáil Chloinne Muiris baí ina f-fochair ar in f-foghail cédna, & mac Uí Fhlaithbertaigh (.i. Tadhg)-sin fein .i. Murchadh Salach. Ro marbadh bheós drong mhór do mhuintir Sleacht Eoghain Uí Flaithbertaigh cenmotátt na h-uaisle-sin. Báttar amhlaidh-sin acc coccadh fri aroile co ro shiodhaighsiot Goill etorra íshin f-foghmhar ar c-cind, & do-radadh an t-oilén do Shliocht Eoghain Uí Fhlaithbhertaigh.

M1584.11

Muircheartach Garbh mac Briain mic Taidhcc Uí Briain d'écc isin chéd-mhí d'foghmhar i c-Craicc Corcráin. Macaemh ceillidhe comhfhossaidh nach f-fuair tathaoír na toibheim, ail, no athais ó a bhreith, gó a bhás, & a adhnacal i Mainistir Innsi.

M1584.12

An Cosnamhach mac Con Coiccriche, mic Diarmada, mic Taidhcc Caim Uí Cleirigh fer suim sochonáigh co f-febhus tighe n-aoidheadh seal i t-Tuadhmumhain, & seal oile h-i t-Tír Chonaill go ro écc ar an f-Fuarchosaigh i t-Tír Chonaill i c-corghas na bliadhna-so, & a adhnacal fó dhíten Dé, & San Bernartt occ na manchoibh i Mainistir Easa Ruaidh.


p.1824

Annal M1585

M1585.0

AOIS CRIOST, 1585. Aois Criost, mile, cuicc céd, ochmhoghat a cúicc.

M1585.1

Iarla Cilli Dara d'écc i Saxaibh .i. Geróid mac Gearóid, mic Geróid mic Tomais, mic Seain Chaim. Bai an t-iarla-sin cúicc bliadhna i modh resta aga congmhail ona thír dúthaighi co f-fuair bas an tan-sin. Henrii a mhac d'oirdneadh ina ionad lá comhairle Saxan, & a léccadh anoir do shaighidh a athardha.

M1585.2

Mac Uilliam Burc, Risderd mac Oiluerais mic Seain d' écc, & ní ro h-óirdneadh ina ionadh acht an t-ab caoch (dar lais fein) do bheith ina ionad d'aimdheóin Gall.

M1585.3

Gormlaidh inghen Uí Ruairc .i. inghen Briain mic Eoghain ben do chaith a h-aimsir ag á díol d'fearaibh posda, ben shénamhail shochraidh nár thuill gríosadh ná gnúis-imdherccadh do taoibh ecclaise na ealadhan, na tathaoir ele bheós do thaoíbh a h-oinigh na a h-anma do écc.

M1585.4

Brian mac Taidhcc, mic Briain mic Eoghain Uí Ruairc do dol ar siubhal sluaigh in Dartraighe Meg Flannchaidh i f-fíor-thosach mís Ianuarii, & ro sccaoílsiot a scceimelta fó daingnibh Dartraighe do chruinniucchadh creach, & fuairsiot edala aidhble. Rug Mag Flannchaidh tóir throm d'Albanchoibh & d'Eirennchaibh air, & ro gabh Brian acc á n-iomchar & báttar ag caithemh & ag comhfhuabairt a chéle go rangattar aird a n-áird fri 'roile acc Bendaibh Bó san m-Breifne. O 'd-chualatar fir Breifne, & Muintir Uí Ruairc Brian do dhol i n Dartraighe ro chruinnighsiot for a chionn i n-enach iomchumhang erdhalta in ro badh dóigh leó a fhaghbhail dia saighidh. Fuarattar eissiumh chuca go maill-cheimneach mór-ualach, acc iomchar ettualaing a easccaratt, & gér bó h-é a chobhair ro ba dleacht dá


p.1826

fhíor-lucht lenamhna, ní h-amhlaidh-sin do-rónsatt acht a lá bágha do thabairt lá a bhiodhbhadhaibh go ro lingeadh an laoch-mhilidh dia díbh leithibh. Ro gáiredh roimhe & ina dhiaidh don deigh-fher. Ro h-iadhadh dá gach aen-taébh ina uirthimcheall co ná ro chumhaing ceim for a chulaibh iná for a aghaidh. Ro marbhadh daoíne iomdha ina thimcheall isin iomaireacc-sin. Ro diothaigheadh ann corucchadh gall-ócclach do Chloinn t-Síthigh d'iarsma & d'fuighell áir gall-ócclach n-Ghearaltach battar i f-farradh Bhriain an lá-sin, & ag reic a n-amhsaine ó thír do thír iar n-diothlaithriucchadh na n-dagh-dhaoíneadh agá m-báttar feacht riamh, & níor bó lámh for airidhe a n-ionnsaighidh muna luigheadh líon lamh & iomarcraidh anfforlainn forra. Do-bertsat fir Breifne & Muintir Uí Ruairc anacal do Bhrian isin m-beirn baoghail sin & ruccsat leo h-e for a n-ionchaibh dia iomchoimhéd, & as í comhairle ar ar cinnsiot a c-cionn an treas laoí a mharbhadh go misccneach mio-rúnach iar m-beith dhó for a n-iocht & for a n-eineach. Tuccadh droch-cuit d'Ua Ruairc don mhí-gniomh-sin.

M1585.5

Emann Dorcha mac Domhnaill, mic Murchaidh, mic Ruaidhri Mhóir, & Toirrdhealbhach, mac Emainn Óicc, mic Emainn, mic Toirrdhealbhaigh Mec Sithigh do bhasucchadh ina n-dis i n-Áth Cliath.

M1585.6

Iomatt fleachadh isin m-bliadhain-si co ro milleadh urmhór arbha Ereann.

M1585.7

Diarmaitt, mac Domhnaill Meg Congail d'écc an 14 Iunii.

M1585.8

Foccra Parlimenti do thabhairt d'feraibh Ereann dia fhorcongra for a maithibh a beith i m-Bealtaine do sonnradh i n-Ath Cliath uair battar urmhór fear n-Erenn umhal dia b-prionnsa co t-tangattar uile gnúis do gnuis lasan f-forcongra íshin go h-Ath Cliath.

M1585.9

Tangattar ann maithe c-Cenel c-Conaill & Eoghain .i. Ua Neill Toirrdhealbhach Luineach mac Neill Conallaigh, mic Airt, mic Cuinn, mic Enri, mic Eoghain, &


p.1828

Aodh mac An Fhir Dhorcha, mic Cuinn Bhacaigh, mic Cuinn, mic Enri mic Eoghain .i. an barún ócc O Neill dia ro gairedh iarla Tire h-Eoghain ar an b-parliment-sin, & Ua Domhnaill Aedh mac Maghnusa, mic Aodha Duibh, mic Aedha Ruaidh mic Neill Ghairbh, mic Toirrdhealbhaigh an Fhiona. Magg Uidhir, Cú Chonnacht mac Con Connacht, mic Con Chonnacht mic Briain, mic Pilip, mic Tomais, O Dochartaigh Sean Ócc, mac Seain mic Feilim mic Conchobhair Charraigh, O Baoighill Toirrdhealbhach mac Neill mic Toirrdhealbhaigh Óicc, mic Toirrdhealbhaigh Mhóir, & O Gallchubhair Eoin mac Tuathail, mic Seain, mic Ruaidhri mic Aodha.

M1585.10

Do-chóidh isin choimheirghe-sin, Mag Mathghamna .i. Rossa mac Airt, mic Briain na Moicheirghe, mic Remainn mic Glaisne, O Catháin .i. Ruaidhri mac Maghnusa, mic Donnchaidh an Einigh, mic Seain, mic Aibhne, Conn mac Néill Óicc


p.1830

mic Neill, mic Cuinn, mic Aodha Buidhe do Clannaibh Neill Cloinne Aedha Buidhe. Mag Aengusa, Aedh, mac Domhnaill Óicc, mic Domhnaill Cheir.

M1585.11

Do-chóidhsiot ann Gairbhtriann Connacht .i. O Ruairc Brian, mac Briain, mic Eocchain Uí Ruairc, O Raighilligh .i. Sean Ruadh mac Aodha Conallaigh, mic Maoíl Mordha mic Seain, mic Cathail, & dearbhrathair a athar .i. Emann mac Maoíl Mhórdha & iatt araon ag caithemh i n-aghaidh aroile im thighearnas na tíre, & bheos Síol f-Ferghail do díbh leithibh .i. Ó Fergail Bán Uilliam mac Domhnaill, mic Conmaic, O Fergail Buidhe Fachtna mac Briain mic Rudhraighe, mic Cathail.

M1585.12

Do dheachattar ann Síol Muiredhaigh cona f-forthuathaibh .i. mac Uí Concobhair Duinn Aodh, mac Diarmatta, mic Cairpre, mic Eoghain Chaoích mic Feilim Gengcaigh, O Concobhair Ruadh, Tadhcc Ócc mac Taidhg Bhuidhe mic Cathail Ruaidh, O Concobhair Sliccigh Domhnall, mac Taidhcc, mic Cathail Óicc mic Domhnaill, mic Eoghain, mic Domhnaill mic Muirchertaigh, & fer ionait Mec Diarmatta Mhaighe


p.1832

Luircc .i. Brian mac Ruaidhri, mic Taidhcc mic Ruaidhri Óicc, óir baí Mac Diarmatta fein .i. Tadhcc mac Eocchain ina shenóir chian-aosda. O Beirn Cairbre mac Taidhcc mic Cairpre mic Maoíleachlainn.

M1585.13

Do-chóidh ann Tadhcc mac Uilliam mic Taidhcc Duibh Uí Cheallaigh, O Madagain .i. Domhnall mac Seain, mic Bresail.

M1585.14

Do-chóidh and tra iarla Cloinne Riocairt Uillecc mac Riocaird mic Uillicc na c-Centt, & dias mac An Ghiolla Dhuibh Uí Sheachnasaigh Sean, & Diarmait.

M1585.15

Ní dheachaidh ann aon badh ionairmhe ó trian iartharach chóiccidh Chonnacht acht Murchadh na t-Tuagh mac Taidhcc mic Murchaidh mic Ruaidhri Uí Flaitbeartaigh.

M1585.16

Do-chóidh ann tra iarla Tuadhmumhan .i. Donnchadh mac Conchobhair mic Donnchaidh mic Conchobhair mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc Uí Bhriain, & Sir Toirrdhealbhach mac Domhnaill mic Conchobhair mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc Uí Bhriain iarna togha mar ridire parlimenti a c-conntae An Cláir.

M1585.17

Do-chuaid ann Toirrdhealbhach mac Taidhcc mic Concobhair Uí Bhriain, & tighearna an taoibhe thiar do Cloinn Chuiléin .i. Mac Conmara Sean mac Taidhcc, & Baothghalach mac Aodha mic Baothgalaigh Meg Flannchadha an dara ridire parlimenti as an c-conntae cedna.

M1585.18

Do-thaot ann mac Uí Lochlaind Boirne .i. Rossa mac Uaithne, mic Maoileachlainn mic Rudhraighe mic Ana. Mac Uí Bhriain Ara .i. Muircheartach (.i. espocc Cille Da Lua), mac Toirrdhealbhaigh mic Muirceartaigh mic Domnaill mic Taidhcc. O Cerbhaill .i. An Calbhach mac Uilliam Uidhir mic Fir Gan Ainm mic Maol Ruanaidh mic Seain. Mag Cochláin .i. Sean mac Airt mic Corbmaic, O Duibhidhir Coille na Manach .i. Pilip mac Uaithne.

M1585.19

Do-chóidh ann Mac Briain Ó c-Cuanach .i. Muircheartach mac Toirrdhealbhaigh,


p.1836

mic Muircheartaigh, tighearna Cairrcce ó c-Coinnell, & Fásaigh Luimnigh .i. Brian Dubh, mac Donnchaidh, mic Mathghamhna, mic Donnchaidh, mic Briain Duibh Uí Bhriain. Conchobhar na Moinge, mac Uilliam Chaoích, mic Diarmata Uí Mhaoil Riain tigherna Uaitne Uí Mhaoil Riain tigherna Uaitne Uí Mháoil Riáin.

M1585.20

Do-chóidh don parliment-sin drong do mhaithibh Sleachta Eoghain Mhóir cona f-forthuathaibh. Mag Cárthaigh Mór Domhnall mac Domhnaill, mic Corbmaic Ladhraigh, Mag Carthaigh Cairbreach Eoghan mac Domnaill mic Finghin, mic Domhnaill mic Diarmada an Dúnaidh, & clann a dheise dearbhrathar Domhnall mac Corbmaic na h-Aine, & Fíngin mac Donnchaidh.

M1585.21

Do-chuaidh ann bheós an dias bai i c-cendairrci re 'roile im thighearnas Dhuithche Ealla .i. Diarmait mac Eoccain mic Donnchaidh an Bhóthair mic Eóghain Mheg Donnchaidh, & Donnchadh mac Corbmaic Óicc, mic Corbmaic Mhég Donnchaidh.

M1585.22

Do-chuaidh ann dna Ó Suillebháin Berre, Eocchan mac Diarmatta, mic Domnaill, mic Donnchaidh meic Diarmatta Bailbh, O Suillebhan Mór .i. Eocchan mac Domhnaill, mic Domhnaill na Sccredaighe. O Mathghamhna an Fhuinn Iartharaigh


p.1838

Conchobhar mac Conchobhair Fhinn Óicc, mic Concobhair Fhind mic Conchobhair Uí Mhathgamhna, & Ó h-Eidirscceóil Mór Fínghin mac Conchobair mic Fínghin mic Concobhair.

M1585.23

Do-chuaidh din Mac Giolla Pattraicc Osraighe Fínghin mac Briain mic Fínghin, Mág Eochagán Connla, mac Concobhair, mic Laighne. O Maol Muaidh .i. Conall mac Cathaoír.

M1585.24

Ní h-áirimhthear aon do dhol gusan b-parliment-sin badh ionairmhe do Shliocht Laoíghsigh Lendmhóir mic Conaill Chernaigh, do Shliocht Rossa Failgigh, mic Cathaoír Mhóir ó Uíbh Failge, ná bheós do Shíol Daire Bharraigh mic Cathaoír Móir do Chaomhanchoíbh, Branaigh, Tuathalaigh, Uí Dhuinn, Uí Dhíomasaigh ar an c-cor c-cédna


p.1840

Acht cena tainicc gusan b-parliment-sin sinnsear Ghaibhle Raghnaill Fiachaidh mac Aedha, mic Seain mic Domhnaill Ghlais ó Ghlionn Mhaoíl Ughra.

M1585.25

Iar t-tionól na n-uasal-sin uile co h-Ath Cliath, & iar m-beith ré h-athaidh ann ní ro cuireadh crioch for an b-parliment an bliadhain-si, & ro sccaoílsiot iaromh dia t-tighibh.

M1585.26

Tanaicc gobernoir chóiccidh Connacht co n-druing do dhaoínibh onorcha, & do chomhairle Baile Atha Cliath i c-cóiccidh Connacht, tangattar cétus do congmhail seission i Mainistir Innsi i c-conntae An Chláir. Do-rónadh ordaighthe ionggnatha aca annsin .i. deich sgillingi d'orducchadh don bhainrioghain in gach aén chethramhain chille & tuaithe dá m-baoí isin tír cénmotha liberti do aontaighsiot fein do


p.1842

thabhairt do dhaoínibh maithe an tíre, & cúicc scillingi acc tighearna Tuadhmumhan i lurcc chiosa na bainrioghna in gach aén-chethramhain tuaithe d'fearann t-saér & dhaor dia m-baoí isin tír uile, acht amhain liberti & fearainn eglaisi. Ro deilighsiot dna triocha chéd Ceneoil f-Fermhaictighearna Tuadhmuman, ro bhaoí ina fherann cíosa agá shinnsearaibh riamh go sin, & tucsat tighearnas an triochait chéd-sin do bharún Innsi I Chuinn do Mhurchadh mac Murchadha mic Diarmada Uí Bhriain. Ro h-ordaiccheadh, & ro h-aontaigeadh mar an c-cédna cíos & cúirt Corcu M'ruadh do Thoirrdhealbhach mac Domhnaill mic Conchobhair Uí Bhriain ar lurcc a athar dia t-tuccadh an tír-sin ó thús (a tighearnas Tuadhmumhan) lá h-iarla Tuadhmumhan .i. Concobhar mac Donnchaidh Uí Bhriain. Ro dheilighsiot a chíos & a uaisle ré gach cend popail, & re gach tighearna triochait chétt baoí isin tír ó shin amach cenmotá Sean Mac Conmara tighearna an taoibhe thiar do Cloinn Cuilein na ro chuir a lámh ar an composision shin do-rónsatt. Do-rónsatt an composision cedna i c-conntaé na Gaillmhe, i c-conntae Rossa Comain, i c-contae Maighe Eo, & i c-conntae Shliccigh.

Annal M1586

M1586.0

AOIS CRIOST, 1586. Aois Criost, mile, cuicc céd, ochtmogat, a sé.

M1586.1

Seission do chongmáil lá Sir Risderd Bionggam, & la comhairle chúiccidh Chonnacht i n-Gaillimh i mí Ianuarii. Seachtmoghatt do mhnaibh, & d'fearaibh do


p.1844

bhásucchadh ar an seision-sin. Ro badh dibh-sidhe Domhnall mac Muirceartaigh Ghairbh mic Briain mic Taidhcc Uí Briain, & mac Eghra Bhuidhe .i. Brian mac Céin mic Oilealla ó Ghailengaibh Connacht co n-druing d'uaislibh cenmotat.

M1586.2

An gobernoir cédna Sir Risderd do shuidhe re h-aghaidh Cluana Dubhain an céd lá do Mharta. Bá h-é baoí isin m-baile íshin Mathgamhain, mac Toirrdhealbhaigh mic Mathghamhna, mic Toirrdhealbhaigh, mic Mathgamhna Uí Briain o n-abarthar Sliocht Mathghamhna. Ro fáccbadh nuimhir éccinnte do mhuintir an gobernora fri ré trí sechtmuine báttar acc iomshuidhe an bhaile. Isan dara lá fichet


p.1846

don mhí cédna ro gabhsat co díocra doifhrestail ag cur dochum an bhaile do ghabhail. Baí Mathgamhain for taibhlibh an chaisléin acc diubhraccadh cloch & carrac for an lucht báttar imó bhun ag cur sás, & sailghedh fris, & do-rala dhó go ro h-aimsedh go h-innell-direach d'urchor do pheilér é gur bo marbh gan anmain. Tuccsatt an barda an baile iaromh iar marbhadh Mathgamna, & gemadh lainn leó anacal d'faghbail nocha n-fhuairsiot idir. Ro legadh an leth siar don bhaile ó mhullach go talmain. Rob oirdhercucchadh anma & onora do Sir Risderd Bionggam an toiscc-sin, uair ní bhaoí for tír tirim i n-Erinn baile badh daingne & ba dítoghlaighi ina Cluain Dubháin.

M1586.3

Do-chuaidh an gobernoir iaramh re h-acchaidh Caisléin na Caillighi for Loch Mescca, & rob é an baile-sin digenn daingin chóiccidh Connacht. Báttar iatt baoí acc á bhardacht an tan-sin Risderd A Búrc (dia n-goirthi Demhan an Chorrain) mac Riocaird, mic Risderd, mic Uilliam, mic Emainn, mic Riocairtt Uí Chuairscci, & Uáter, mac Emainn, mic Uillicc, mic Emainn mic Riocairtt Uí Cuairscci. Do-chuattar do seachna session, & o chaomhna a c-corp isin c-caislén-sin. Ro gabh an gobernoir acc iomsuidhe an bhaile, & do chuir lucht a cethair, nó a cúicc d'arthraighibh do roighnibh a raibhe ar in c-campa i medhon laí do ionnsaighidh an bhaile, & nír bo torba dóibh uair ro marbhadh drong da n-daoínibh, & ro fhágaibhsiot arthrach dá n-arthraighibh, & do-chóidhsiot an lucht ele fó iombáthadh gusan c-campa. Iar n-imthecht doibh-sidhe as sedh ro chinnsiod na Búrcaigh-sin gan beith le bardacht baile ar bith i n-aghaidh phrionnsa Saxan. Do-chóidhsiot lucht da arthrach cona mnaibh, & cona leanbhaibh don leith ele don loch ós comhair an champa. Do bhris an gobernoir an baile dia n-eis iaramh, & bá isin c-campa-sin do crochadh leis mac Mhec Uilliam Búrc .i. Riocard Ócc (ar a t-tabharthai Fál Fá Erinn) mac Ricaird mic Seain an Tearmainn iar marbhadh a dearbhrathar ele remhe-sin .i. Tomas Ruadh agáraighe Caislén na n-Enuighe ar Fionnloch Cera i


p.1848

c-Connachtaibh. Rob éiccen an baile-sin do thabhairt don ghobernóir iar m-básucchadh Riocaird & Tómais, go ro briseadh las é amhail ro briseadh na bailte-sin ele. Bá isin tan cédna ro crochadh lásan n-gobearnoir dias mac Uatéir Fhada mic Dauidh mic Emainn mic Uillicc A Búrc, Teboit & Maoilir a n-anmanna. Drong mhór do chóicceadh Chonnacht do gabhail lásna Búrcachaibh-sin, & a n-dol ina c-comhmbáidh trétuireachta iar f-féil Eóin na bliadhna-so. Ro badh dibh-sidhe Clann n-Domhnaill Gallocclach, & Seóaigh Iarthair Connacht. Do chuirsiot a n-imirgedha, a mná, & a muinteara i n-daingnibh, & i n-dithreabhaibh an tíre. Tánaicc an gobernoir re a n-aghaidh go Baile an Rodba, & ro leicc a seacht nó a h-ocht do bandadhaibh fó Iarthar Connacht i n-diaidh na n-díberccach, & ó na fuairsiott greim for na foghladhaibh ro airccsiot Muintir Murchaidh na t-Tuagh, & muintir Slechta Eocchain Uí Flaithbeartaigh ro bhuí (andar leó fein) fo dliccheadh an tan-sin. Ro marbadh dna leó-sidhe mná, & mion-daoíne, aittrebhaigh & aes anffann. Ro crochsat Tebóitt Ó Tuathail fer togbala trógh & congmala tighe n-aoidhedh. Do gabhadh leó bheós Eoghan, mac Domhnaill an Choccaidh, mic An Ghiolla Dhuibh, mic Murchaidh mic Eoghain Uí Flaithbertaigh, & ro basaighsiot é iarna ghabhail. Fillit tar a n-ais iaramh i c-cenn an ghobernora go c-creachaibh & co n-edalaibh iomdaibh.

M1586.4

Coblach Albanach do theacht i t-tír i n-Inis Eocchain i n-dúthaigh Uí Dhochartaigh isin eing toir-tuaidh do Tir Chonaill. Robtar iat bá h-uaisle & bá cinn chonsapalar in c-cobhlach-sin da mac Shemais mic Alastrainn, mic Eóin Chathanaigh mhec Mec Domhnaill .i. Domhnall Gorm, & Alastrann, & Giolla Espuicc mac Dubhghaill mic Donchaidh Chaim mic Ghiolla Espuicc Mhéc Ailín co n-druing ele d' uaislibh cenmothát. Bá moa a n-ainm & a n-oirdearcus inas amhail tangattar. Do-rónadh


p.1850

foslongporta feóil iomdha leó isin tír i t-tudhcattar, & báttar aés feigh foruallach,& lucht furáilmhe feil-gniomh,& michuidighthe maithesa na c-crioch c-comhfhoccus acc tocht dia saighidh an dú-sin co nár fhágaibhsiot ath-mhaoín dia n-eis i n-Inis Eócchain d'arbhar nó d'airneis do chur-sin. Lottar iaromh láimh lé Finn & lé Modhairn do Termann Még Craith, do Tuaith Luircc, & do Mhiodhbhulcc go rangattar go h-uir-imlibh Éirne. O 't-chualattar na Búrcaigh bátar forsan foghail, & forsan díbheircc rémhráite .i. Risderd A Búrc mac Demhain an Chorráin, & clann Emainn A Búrc, & Clantt n-Domhnaill Gallocclach sccela na n-Albanach ro chuirsiott teachta co tinneasnach dia t-toghairm chuca, & ro raidhsiot co fuighbittís édala iomdha, & a n-diongmhala do dhuthaigh i c-cóigeadh Connacht dia tíosadh dhiobh fein a cosnamh fri muintir an phrionnsa. Lotar na h-Albanaigh tar Éirne lásna h-aithesccaibh-sin, & rangattar an cédna h-uidhe etir Dhaibh, & Dhrobhaoís co ro gabhsat ag milleadh Dartraighe, & Cairpre, tánaicc Risderd & clann Emainn ina c-cend annsin. Do-thaed an gobernoir ré a n-acchaidh go Slicceach. Fáccbhaid na h-Albanaigh an t-oirer-sin,& ro ghabhsat bá-des do Dhartraighe, & lá taobh Benna Bó isin m-Breifne. Báttar teóra h-oidhche i n-Druim Da Ethiar. Ro asccnáttar as-sin do Bhraidsliabh, & ní ro airisetar co Cill Rónain,

p.1852

ro gabsatt an dú-sin i c-coiccrich na Breifne, Maighe Luircc, & Ua n-Oilella. Tánaicc an gobernoir don taobh tiar co Bél an Átha Fada i t-Tir Oilella. Báttar diblínibh co cend coictidhisi isna h-ionadaibh-sin gan neachtar diobh d'ionnsaighidh aroile. Ro gabsat na h-Albanaigh lámh for imthecht tosach oidhche flichthe fior-dhoirche, & ro gabhsat siar-tuaidh do Thír Oilella do dhol tar droichet Chula Maoíle. Báttar trí bhanna do mhuintir an gobernora ag coimhéd an droichit in oidhche-sin. Do-rala na h-Albanaigh ina c-cend go ro feradh gliaidh n-gairbh etorra, & rob eiccen do na h-Albanchaibh iomghabhail an droichit, & gabháil tar an ath alla tiar dhe. Do-chóidhsiot an oidhche-sin go Sliabh Gamh, & arnámharach go h-Ard na Riagh. Do-dheachaidh an gobernor uadhaibh a Bél an Atha Fada arnamharach amhail na biadh a aire fri a n-iarmhóireacht itir, & baí for fud Connacht co cend chóig lá n-décc acc tionol sochraide amhail for-caemhnacair, & baí bheós brath & taiscéladh uadha ar na h-Albanchoibh in airett-sin. O rob erlamh lais an líon ráinicc a les, luidh o Mhainistir Bhendfhoda i Luighnibh Connacht tosach oidhche fíor-dhoirche foghmair, & ní ro airis do ló no d'oidhche co ráinicc i medhón laoi arnamharach go h-Ard na Riagh gan rabhadh, gan rathucchadh dona h-Albanchoibh. As amne battar-sidhe for a chionn ina c-codailtighibh gan fhaitces gan fhuirechrus, acht amhail bidh leó fein gan frithbheart an tír eachtair-cheneoil ina t-tangattar. Bá sé céid-ní lér bedgattar as a m-buan-toirrchim gair a n-giollanraidhe ag á n-guin ag muintir an ghobernora sechnón an bhaile. Ro éirgheadar na h-Albanaigh as a h-aithle co h-athlamh,& do-chóidhsiot i n-innell & i n-orduccadh amhail as deach

p.1854

ro fhédsat do thochar fri muintir an ghobernora. Nír bhó torbha dóibh innsin uair ní mó ná an cédna-saithe dia saighdibh ro diubhraicsiot an tan ro sraoíneadh forra go dian dásachtach do shaighidh na h-abhann tarla for a c-cionn .i. an Muaigh maighreach mher-ghlórach. Ro fháccbaid fir i f-faenlighe uadhaibh cein báttar ag ionnsaighidh na h-abhann, & iar rochtain dóibh dia saighidh ní h-airisiomh fri a h-ucht do-ronsat, acht dol ina h-iomdhomhain gan anadh uair ro badh ferr leó a m-báthadh inás a marbhadh do mhuintir an gobernóra. Acht chena as seadh a cumair ro marbhadh a n-gar do dá mhile dibh an tan-sin. Ní rabhattar clann Emainn A Búrc isin m-breisim-sin óir do-chóidhset co t-tríbh cédaibh fer an lá riasan maidhm-sin d'iarraidh creach gusna h-Albanchaibh,& iar c-cloisteacht na scél-sin dóibh ro scaoílsiot ó 'roile, & ro ansat clann Emainn A Búrc i n-daingnighthibh a n-duithche féin. Ro thriallsat ina m-baoí d'Ultachaibh & d'Albanchaibh ina f-fochair aghaidh do thabhairt ar dhol a n-Ulltoibh, & gidh iad-sidhe fuarattar a c-crochadh & a marbhadh d'urmhór in gach tír trésa t-tudhchattar riasiú tangadar tar Eirne. Athair na cloinne rémhráiti .i. Emann mac Uillicc mic Emainn, mic Riocaird Ui Chuairscce do chrochadh lásan n-gobernoir iarsan maidhm-sin. Ba h-amhlaidh boí sidhe, & sé arsaidh arach-liath gan lúth gan lán-tapadh gur bó h-éiccen a iomchar i n-árach agá breith gusan c-croicch.

M1586.5

Aodh mac Eocchainn, mic Domhnaill, mic Eocchain, mic Domhnaill na Madhmantt ardchonsapal Cloinne Riocaird do écc, mílidh ar mhéd, & curadh ar calmatas an tí tesda annsin sin.

M1586.6

Alasdrann mac Somhairle Buidhe, mic Alastrainn, mic Eóin Chathánaigh mac Mec Domhnaill na h-Alban do marbadh le Caiptin Meryman, & le h-Aodh mac An Deccánaigh Uí Ghallchubhair a mi May do shonnradh.

M1586.7

Session do chongmháil i n-Ghaillimh i mí December na bliadhna-so in ro básaiccheadh iomatt ban & fer, & ro básaigheadh ann Emann Ócc mac Emainn mic Maghnusa Mec Sithigh, & ochtar diolmhaineach do Gearaltachaibh ina fhochair iar f-faghail a fheasa forra go m-battar araon lasna h-Albanchoibh-sin ro marbhadh i n-Ard na Riagh.

M1586.8

Conn mac Airt Óicc, mic Neill, mic Airt, mic Cuinn, mic Enri, mic Eoghain


p.1856

do dhol ar siubhal creiche i n-duthaigh Meg Uidhir o loch (.i. Loch Eirne) soir. Mac Meg Uidhir .i. Aodh mac Con Chonnacht mic Con Connacht do breith go m-buidhin m-bicc marc-sluagh for Chonn co ro fighedh sccainnear chródha etorra i m-beól átha sainredhaigh, & Conn do mharbhadh lá mac Mhég Uidhir go n-urmhór a muintire amaille ris, & an chrech do shodhadh tar ais gusna muinteraibh ó ruccaitt.

M1586.9

Feilim Dubh mac Airt mic Cuinn Uí Neill duine dearsccaighthe do dhúthaigh Shleachta Airt, & a mhac do mharbhadh lá h-Aodh mac Mhég Uidhir.

M1586.10

Mac Suibhne Bághaineach Brian Ócc mac Maol Muire do marbhadh 18 Maii la Niall Meirgeach mac Maol Muire mic Aodha.

M1586.11

Aimser fhliuch, arbhar ettoirtheach, & iomat cnói-mhesa an bliadhain-si.

M1586.12

Parliment Atha Cliath do criochnucchadh an bliadhain-si, & tar gach ní dá n-dearnadh and do cengladh oidhreacht iarla Deasmhumhancoroin t-Saxan.

M1586.13

Eoghan Ulltach (mac Donnchaidh .i. an doctúir) & ro ba doctúir ar aoí f-foghlama an t-Eoghan íshin, uair ro dearsccnaigh-sidhe do doctuiribh leighis na h-Ereann isin aimsir-sin i m-baoí do écc.

M1586.14

An t-oficel Mag Conghail .i. Eoghan Ballach d'écc lá fhéle Brighde do sonnradh.

M1586.15

Corbmac mac Domhnaill Meg Congail d'écc 17 do Mharta.

M1586.16

Cúicc céd Eirendach do dol a h-Erinn do chongnamh lá bainrioghain Shaxan i c-coccadh Flondrais, & gé ro diothaighit a n-urmhór isin tír-sin do-dheachaidh a n-ainm & a n-oirdearcus fón Eóraip ar aoí n-geiraitteachta & n-gaisccidh.


p.1858

Annal M1587

M1587.0

AOIS CRIOST, 1587. Aois Criost, mile, chuicc céd, ochtmoghatt, a seacht.

M1587.1

Mac Uí Dhomhnaill Aodh Ruadh mac Aodha mic Maghnusa do ghabhail lá Gallaibh. Bá h-amhlaidh-so cetus ro tionnsccnadh an erghabháil h-isin. Ro gabhsat Goill imon iustis Sir Iohn Parrot, & imon c-comhairle archena mio-thoimhdin mhóir don iarla Ua Neill Aodh mac An Fhir Dhorcha (ger bhó riarach friu é) tria ionnlach & ettar-chosaoíd Uí Néill Toirrdhealbhach Luineach mac Neill Chonallaigh baí h-i frithbeart do gres fris, & ar dáigh Siobhaine inghine Uí Domhnaill .i. Aodh mac Maghnusa ro badh commaim do iarla Tire h-Eoghain. Araill ele bheós ro leth


p.1860

ainm & erdearcus an mhacaoímh rémhraite Aodh Ruadh mac Aodha fó chóicc cóiccedhaibh Ereann cidh riasiú rainicc co h-aoís fherdhata ar aoí n-gaoisi,& n-gliocais, infhais, & oirbeartais. At-berdís dna cách i c-coitchinne gur bhó tairrngertach idir é, & madh dia léccthí co h-aoís infedhma c-co t-tiocfadh buaidhreadh innsi Ereann uile tremhit, & tria iarla Thíre h-Eóghain diamadh d'aoín-leith nó imerdaoís, & nó bhérdaoís a m-báire o robtar caradradh fri aroile amhail remhebertmar. Conidh ar na fothaibh-sin ro crúidheadh a c-comhairle lasan iustis & lá Gallaibh Duibhlinne cisi h-airmimbirt do-ghéndais imon ní-sin ro omhnaighsiot, conidh fair deisidh leó long cona foirinn co b-fión & co c-cormaim do erlumhadh oca in Ath Cliath Duibhlinne, & a fhaoídheadh laimh chle fri h-Erinn soir-tuaidh, amhail bidh fri cendaighecht do-dheachadh go ro ghabhadh caladh i c-cuan éiccin do oirearaibh Tire Conaill. Rainicc iaromh an luing lá tinfedh na gaoíthe aniar gan anadh gan oirisemh go ro ghabh foss h-i sen-chuan Súilighi fo erchomhair Ratha Maoláin, baile-sin con-rodacht for ur an mhara lá Mac Suibhne Fanat fecht riamh, aon eisidhe do thuaircnibh catha tighearna Ó c-Conaill ó chein mhair. Iar m-beith don bhairc-sin fora h-angcuiribh iomfosdaigh in dú-sin tangattar drong don fhoirinn in ethar-bhátt bhiucc i t-tír i n-éccoscc cendaigheadh fó gné síodha & chaon-comhraic, & gabhaitt for brath & taisccéladh for creic, & connradh frisan c-cách do-chuirettar for a c-ciond, & ro aisneidhsiot co m-buí fíon & cormaim leó ina luing. O 'd-chuala Mac Suibhne cona mhuintir an ní-sin ro ghabhsat ag cendach & comhól an fhiona combtar mescca. Iar f-fios scel na luinge h-ísin do lucht na criche ina comhfhoccus báttar acc tionol as gach aird dia saighidh. Bá h-and do-rala don Aodh Ruadh rémhraite a beith (for a baoth-réim baoísi, & for a chuairt macdachta & reabhraidh) ina n-ath-foccus in ionbhaidh-sin, & ro fhurailsiot an

p.1862

t-aos féigh for-uallach baoí ina fharradh fair tocht id dú-sin. Bá sodhaing ón a thógaothadh-somh in ionbhaidh-sin uair nír bhó comhlán a chóicc bliadhna décc dó in tan-sin, & ní bhaoí aon dia degh-chomhairlighibh dia oidedhaibh, na dia ollamhnaibh ina chaoimhtheacht dia reimhiomtus ná do shéducchadh comhairle dhó. An tan ro clos la lucht an taiscélaidh eisiomh do thocht don bhaile im-soat for cula as fo chédóir dochum a luinge. Ro fiadhaighedh-somh la Mac Suibhne, & lasna maithibh arcena, & faidhit dailemhain & deoghmhairedha uatha gusan luing do cuingidh fíona don aoidhidh dus-fainicc. At-bertsat na cendaighthe na baoí leó dia f-fíon níba mó amh oldás diol na fairne, & na leiccfittis uadhaibh for tír do soighidh nach aoín, acht namá dia t-tiosadh uathadh dagh-dhaoíne ina n-dóchum dia luing fo-gébhtaoís ina m-baoí do fhíon & cormaim ina c-cumhang. O ro h-aisneidheadh an t-aithescc do Mac Suibhne bá h-adhnáir lais indsin, conidh í comhairle ar-richt lais Aodh do thóchuireadh lais isin luing, & iar c-cindeadh for an c-comhairle-sin dóibh do-chóidhsiot i n-ethar bhecc baoi for ur na tragha, & im-raiset é co n-deachatar inunn isin luing. Ro fáiltigheadh friú, & do-bretha h-i cubhachail iniochtaraigh i n-inmedhón na luinge iad gan fhuireach gan essnadhadh, & ro both occa f-frestal & occa f-friothaileamh combtar subhaigh simhenmnaagh. An tan bá h-aínemh dóibh isuidhe ro h-iadhadh comhla an haiste tar a n-éis, & ro gata a n-airm forra, & ro gabhadh an t-ócc-mac Aodh Ruadh don chur-sin. Do-dheachaidh sccéla an gabhala-sin fon c-crich i c-coitchinne, & ro tionoilset as gach airm do shaighidh an chaladh-puirt, dus an c-caomhsattaoís ettarbhaoghal éiccin for aos na ceilcce. Ní bhaoí bá do sodhain, ar ro báttar i n-iomdhomhain an chuain iar sreng-tharraing an angcaire cuca, & ní rabhattar longa náit laoidhenga aca dia t-tograim nach dia t-tarrachtain. Tánaicc Mac Suibhne na t-Tuath a c-cuma cháigh gusan c-caladh, & ba h-oide-sidhe don Aodh h-íshin, & baoí-sidhe occ erail giall & aittire oile dara a éise. Nír bhó torbha do-somh ón ar ní baoí i c-cóicceadh Uladh giall nó ghebhtais ass. Dala na luinge & na foirne baí innte ó do-bhertsat in ro badh toisgide leó do aitiribh an tíre, lotar lá trethan an t-srotha go rangatar an mhuir, & friothrosc na conaire reme-deochatar go ro gabhsat cuan an Ath

p.1864

Cliath
. At-clos fo chedóir isin c-cathraigh uile a thoidhecht-somh samhlaidh, & bá faoílidh lasan iustis, & lasan c-comhairle a rochtain chuca gen gur bhó for a sheirc ittir & ro fhor-congairsiot a thabhairt dia saighidh. Do-rattadh eiccin co m-báttar acc a accallamh & acc áthcomharc scél n-dó occ ámídhemhain, & occa increachadh do thaisccéladh for a airdhibh fri ré foda. Fó dheóidh tra ro fhorchongairsiot a chor i c-caistiall comhdhaingen clochdha baoí isin c-cathraigh airm i m-báttar dronga dearmara do shaorchlandaibh Mac Míleadh i c-cuimreach & h-i c-cimidhecht, & araill d'Fionn-Ghallaibh. Ba sedh rob aines & rob airecc tuile dóibh do lo & d'adhaigh ag eccaoíne a n-ettualaing & a n-imnigh fri aroile, & ag coitsecht frisna h-ainbrethaibh nó h-imbertha for shaor-clandaibh so-cenélcha Ereann archena.

M1587.2

Mac Mheic Conmara an taoíbhe thiar do Cloinn Chuiléin .i. Cu Mhedha mac Seain, mic Taidhg, mic Con Medha, mic Con Mara, mic Seain d'écc. Ben an Con Medha-sin inghean Emainn mic Semais Mec Piarais d'écc.

Annal M1588

M1588.0

AOIS CRIOST, 1588. Aois Criost, mile, cuicc céd, ochtmhoghatt, a h-ocht.

M1588.1

Mac Suibhne Baghaineach Niall Meircceach mac Maol Muire, mic Aodha mic Neill do mharbhadh lá Donnchadh mac Maol Muire Meirccigh, mic Maol Muire, mic Neill i n-Doirinis im fhel Brighde do shonradh. Bá h-amhlaidh do-rónadh ind sin iar marbadh Bhriain Óicc amhail rémhebertmar lá Niall Meirgeach, ro h-ionnarbadh Donnchadh cona lucht lenamhna i c-ConnachtaibhNiall bheós, & ro bhaoí seal i f-farradh Gall, & athaidh oile araon lá h-Ua Neill, & do-róine iondsaighidh fhoda imchian for Niall Meircceach amhail ná ro shaoíl Niall, uair bá dóigh lais ná tiocfadh Donnchadh don tír an c-cein nó mharadh-somh innte. Iar m-beith do Dhonnchadh


p.1866

teora h-oidhche i n-diamhraibh & i n-droibhélaibh an tíre, fuair a fhios co m-baoí Mac Suibhne i t-Trian Iochtair Baoighellach, & ro chuir lucht bratha do thaiscéladh fair, & ruccsat sccéla do shaicchidh Donnchaidh go t-tiocfadh-somh tar traigh aníos arabharach. Baoí-siomh co líon a chumaing erlamh do tegmhail fris conidh ann con-rangattar acc an t-Doirinis Rémhráite go ro fighedh sccainner crodha etorra go ro marbhadh Mac Suibhne annsin co n-druing mhóir dia lucht lenamhna, & do Cloinn t-Suibhne na Mumhan. Ro dichendadh Mac Suibhne dna, & ro cuireadh a chend go h-Áth Cliath. Mac Suibhne do ghairm do Dhonnchadh iaromh.

M1588.2

Eoin Modardha mac Aodha, mic Neill Óicc Mhec Suibhne do mharbhadh la druing do lucht lenamhna Mec Suibhne Dondchadh.

M1588.3

Aodh mac Néill mic Toirrdhealbhaigh Bernaigh Uí Bhaoighill tanaiste Baoigheallach) d'écc.

M1588.4

Domhnall mac Néill Ruaidh mic Neill Uí Bhaoighill cona mhac do mharbhadh lá Tadhcc Ócc mac Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh Uí Baoighill ar traigh sainredhaigh san Trian Iochtair isin f-foghmhar do shonradh.

M1588.5

An Calbhach Ócc mac Cuinn mic An Chalbhaigh Uí Domhnaill do mharbhadh lá druing do mhuintir Domhnaill (.i. lá Maghnus Óg ó Sraithén), mic Aedha mic Maghnusa I Domhnaill i c-cois Finne.

M1588.6

Maol Muire mac Emainn, mic Maol Muire, mic Donnchaidh Mec Suibhne do mharbhadh lá Niall Garbh mac Cuinn mic An Calbhaigh Uí Domhnaill.

M1588.7

Iarla Tire h-Eoghain, Aodh mac Fir Dorcha, mic Cuinn Bacaigh mic Cuinn do thionol slóigh lán-mhóir do thocht for Ua Néill Toirrdhealbhach Luineach. Ní ro h-anadh lasan iarla go riacht cona shlógh tar Modhairn tar Deircc go ro ghabh airisemh ag an c-Carraicc Léth. Ro dháil Ua Domhnaill Aodh mac Maghnusa i c-comhdháil an iarla a chlemhna go líon a sochraide acht chena ní thainicc ineallmha. O NeillToirrdhealbhach baoí-sidhe co sochraide mhóir d'aon-rantt & d'aon-aonta i n-aghaidh an iarla & Uí Domnaill. Robtar iad baoí i f-farradh Uí Neill .i. Art Ócc a mhac co m-buandadhaib iomdha (.i. captin) Uilliam Mussten mac Roibeird go m-banna saighdiuiridhe, & drong do Chloinn t-Suibhne na Mumhan im Murchadh na


p.1868

Mart mac Maol Muire mic Donnchaidh co sochaidhe ele cenmothát. NiaIl Garbh, & Aodh mhac An Denaigh Uí Gallchubhair (dia n-goirthi an tan-sin Aodh mac An Calbhaigh Uí Domhnaill) do beith go Sliocht An Chalbhaigh uile, & cona lucht lenamhna d'aon-rann, & d'aon-aonta lá h-Ua Néill, & bá h-ann battar-sidhe i c-Caislén na Finne. Báttar drong dia mhuintir ag aslach Aodha im ionnsaighidh oidhche do thabhairt ar an iarla uair baoí an t-iarla ag creachadh & acc orccain na tire etir na h-aibhnibh-sin .i. Fionn, & Modharn. Nír bó miadh lais-siomh ind sin lá h-uaill & ionnoccbháil, & at-bert ná h-ionnsaighfeadh iarla i n-dorcha oidhche itir, acht ro badh i soillsi laoí lán-sholais nó fearfadh iomaireg n-ughra fris. Ro comhaill-siomh ind sin uair ro ionnsaigh an t-iarla arabharach, & ro meabhaidh riamh, & ro fhágaibh an t-iarla daoíne iomdha immaille ré h-eachaibh, & ré h-édalaibh iolardha archena, an ced lá May innsin

M1588.8

Mág Eochagáin tighearna Chenél Fiachach .i. Connla mhac Conchobhair mhic Laighne mic Connla mic Aodha d'écc, & ní bhaoí ó chein mháir inall do Chenél Fiachach mic Néill fer ro badh mó d'adhbhar eccaoíne inas, & a mac Brian, & Niall mac Rosa do beith i nd-esaonta fri aroile im tighearnas an tíre.

M1588.9

Eoghan Manntach mac Emainn, mic Floinn, mic Conchobhair Uí Edhin tighearna Ua f-Fiachrach Aidhne d'écc, & a mhac Aodh Buidhe do oirdneadh ina ionadh. Tanaisde an tire cédna do écc .i. Toirrdhealbhach mac Ruaidhri an Doire Uí Eidhin.

M1588.10

Cobhlach mór .i. ocht f-fichit long do thocht ó rígh na Spáinne for fairrge isin m-bliadhain-so, & ad-berad aroile gur bhó h-edh ro ba menmarc leo cuan & caladh


p.1870

do ghabhail h-i c-criochaibh Saxan dia c-caomhsataoís etarbhaoghal d'foghbhail fuirre. Nír bhó h-amhlaidh do-rala dóibh, uair do eccaimh cobhlach na bainrioghna friú for an f-fairrge, & ro gabhsat ceithri longa dibh, & ro sgaoíl & ro eisreidh an chuid ele don chobhlach fo aireraibh na c-crioch c-comhfoccus .i. don taobh thoir do Shaxaibh, & don taobh thoir tuaidh do Albain, & don taoibh thiar tuaidh d'Éirinn. Ro báidhedh dronga móra dona Spainneachaibh isna h-oireraibh-sin iar láin-bhrisedh a long, & terna an chuid ro ba lugha dibh tara n-ais don Spáinn, & at-berat aroile go ro fáccbadh naoí míle dibh don chur-sin.

M1588.11

Ard-iustis na h-Ereann .i.Sir Iohn Parrot do dhol i Sacsoibh, & Sir Uilliam FitzUUilliam do thecht i n-Erinn ina iustis ina ionad.

M1588.12

O Deadhadh Mathghamhain mac Lochlainn, mic Ruaidhri, mic Muireadhaigh mic Mathghamhna Buidhe tighearna Cheneóil f-Fermaic d'écc.

M1588.13

Uilliam mac Domhnaill (.i. an doctuir) mic Amlaoibh mic Donnchaidh Uí Niallain do marbhadh i n-dorus Mainistre Innsi lá cloinn Uí Ghríobhtha .i. clann t-Seain mic Seain, mic Taidhcc, mic Lochlainn.

M1588.14

Sloiccheadh mór lá iustis na h-Éreann Sir Uilliam FitzUUilliam,& la gobernó chóiccidh Connacht Sir Risdeard Bionggam, & le President dá chóiccedh Mumhan .i. Sir Tomas Noris, & lá forgla fher n-Ereann cenmotá cóicceadh Uladh do dhol for Ua Ruairc, & for Mac Suibhne na t-Tuath do-róine codach & comh-aonta lá cuid don chobhlach Spáinneach sin ro rémhráidhsiom. Ro mhillsiot na slóigh-sin


p.1872

gach ní gusa rangattar dá m-baoí rempa ó mhuintir na bainrioghna o tá Suca go Drobhaoís, & ó Drobhaoís co Finn, ar a aoí ní ro ghabhsat greim nó gabháil d'Ua Ruairc ná do Mac Suibhne don chur-sin. Bá don chuairt-sin trá do gabhadh Ó Dochartaigh Sean Ócc mac Seain, mic Feilim, mic Conchobhair Carraigh, & Ó Gallchubhair Sir Eóin mac Tuathail Bhailbh, & do-chuaidh an iustis go h-Ath Cliath, & ro sccaoilsiot fir Ereann dia t-tighibh.

M1588.15

Aodh mac An Deccánaigh Uí Ghallchubhair (dia n-goirthi Aodh mac An Chalbhaigh Uí Domhnaill) do mharbhadh lasan Inghin Duibh ingen t-Semais Mhec Domhnaill ben Uí Domhnaill Aodh mac Maghnusa. Ba h-amhlaidh-so ar-richt lé an marbhadh-sin do ghniomh. Aodh do beith do ghrés i rann Sleachta dílis An Chalbhaigh Uí Domhnaill, & a m-beith uile d'aoín-leith i r-rann Uí Neill Thoirrdhealbhaigh Luinigh baoí ag coccadh do ghrés ré h-Ua n-Domhnaill & ré a cliamhain an t-iarla Ó Neill .i. Aodh mac An Fhir Dhorcha. Araill ele bheós ro marbhadh a bráthair dil dearbhthairis Alastrann lá h-Aodh mac an Deccanaigh amhail remhebertmar. Ro bhatar bheós fotha ile eccraittis aice fris cenmotat-sidhe. Bá galar cridhe & bá tocradh menman lé gan dioghail a uabhair & a diumasa fair. Ro eccaoín a h-imneadh, & a h-éttualang frisan amhsaidh Albanaigh baoí for a t-tuillmhe & for a t-tuarustal do ghrés, & ina comaitecht in gach maighin go ro tingheallsat-sidhe fria gomdis ellma for a for-congrai-ssi d'aithe a n-eccraittis for a m-bíodhbaibh cecib tan do tochradh chuca. Do-rala din don Aodh h-ísin tocht (lá borrfadh bríghe & lá h-ionnoccbháil menman cen foraithmet a fhaladh nó a eccraittis) go h-airm i m-baoí sí i Magh Gaibhlín. Iar t-tocht dó-somh don bhaile ro aiccill si a sain-muintir .i. na h-Albanaigh, & ro ráidh friú & ro aslaigh iad im chomhalladh in ro geallsat. Do-rónadh fuirre-si sin, uair ro ionnsaighsiot an t-aireccal i m-baoí Aodh, & ro gabhsat ag á dhiúbhracadh do shaighdibh & do pheiléraibh go f-farccaibhsiot marbh gan anmain, & ro marbhadh bheós amaille fris an ro badh tairisi lais dia shain-muintir.

M1588.16

Mac Mec Conmara an taoibhe toir do Cloinn Cuilein .i. Tadhcc mac


p.1874

Domhnaill Riabhaigh mic Con Medha, mic Donnchaidh, mic Ruaidhri do crochadh i n-Gaillimh.

M1588.17

Mac Uí Conchobhair Ruaidh .i. mac Taidhcc Óicc mic Taidhcc Buidhe, mic Cathail Ruaidh do crochadh i n-Gaillimh bheós.

M1588.18

O Ceinnéittigh Fionn .i. Brian mac Domhnaill mic Donnchaidh d'écc, Uaithne mac Donnchaidh Óicc mic Aodha, mic Amhlaoíbh, & An Giolla Dubh mac Diarmada mic Aodha mic Ruaidhri Uí Ceinneidigh i n-easaontadh & i n-imresain ré 'roile imon tighearnas gurab amhlaidh do shíodhaighsiot an tighearnas do roinn etorra ar dhó, an t-ainm ar Uaithne.