AOIS CRIOST, 1560. Aoís Criost, mile, cúicc céd, seascca.
Inghen Meg Carthaigh .i. Aibhilín inghen Domhnaill, mic Corbmaic Ladhraigh ben iarla Desmumhan as a h-aoidedh .i. Sémus mac Seain, mic Tomais, & ben iarla Tuadhmumhan iarsin .i. Conchobhar mac Donnchaidh mic Conchobhair, ben dércach daonnachtach connail chráibhdeach an contaois-sin d'écc & a h-adhnacal i n-otharlighe a sinnsear .i. i n-Oirbelach.
Mág Mathghamhna .i. Art Maol mac Remainn, mic Glaisne do marbhadh ar sluagh I Neill d'esbaidh a iomcoimhéda lá h-Albanchaibh etir dá fhedain h-i Rúta Meic Uidhilin. Céid-rinn gacha catha, & coimhédaidh a choda don chóicceadh i n-acchaidh fer m-Bregh, & Midhe an tí torchair annsin, & mac a dherbrathar d'oirdneadh ina ionadh .i. Aodh mac Briain na Moirceirghe mic Remainn mic Glaisne.
Tadhcc & Eocchan da mhac Uí Ruairc .i. Brian (.i. Brian Ballach) mac Eocchain Uí Ruairc d'imtheacht d'aoidheadhaibh anaibche. Eocchan cedamus as amne fuair aoidhedh, bheith i m-braighdenus agá brathair ag Tadhcc, & as é baile ina raibhe h-i laimh h-i Liathtruim, & tarla dó go b-fuair faill sa f-forchoimétt baoí fair, &
Tadhcc Buidhe mac Cein, mic Oilella Uí Eghra do mharbhadh lé Cathal Ócc mac Taidhcc mic Cathail Óicc Uí Conchobhair, & nír chin ó chein máir h-i c-Connachtaibh d'iarsma Corbmaic Gaileng, fer badh ferr ar fheracht eich & ar aoidhedhcaire inás.
Comhfhuabairt chatha & imghealladh iorghaile etir iarla n-Deasmumhan .i. Geróid mac Semais, mic Seain, & iarla Urmumhan .i. Tomás mac Sémais mic Piarais Ruaidh mic Semais, mic Emainn, & dob é adhbhar a n-imresna ferainn chois Siúire, & Eóganacht Caisil (dúthaigh Shleachta Eoghain Mhóir, & Chloinne Corbmaic Cais) gá roinn ré 'roile ag na h-iarladhaibh anduthchasacha sin, & ó nár fédadh síodhucchadh dona saor-clandaibh do aontaighettar dol i n-aimsir airidhe i n-aires catha ré 'roile & as í tulach tegmhala do thoghattar An Bóthar Mór a c-comhghar Cnámhchoille, & Tioprat Arann. Do chruinnighettar a c-comhfhoiccsi Gall, & Gaoidheal leth ar leth ó Bhealach Conglais mic Duinn Désa an fhéindedha i n-iarthar dá chuicceadh mín-aille Mumhan gusan m-Berbha m-bán-sccothaigh, & ó Loch Garman Glais mic Boma Lice co cuan Luimnigh lethan-chubhraigh h-i c-coiccrich Ua f-Fidhgeinte, & na
Tomas, & Semus dá mac Muiris Duibh mic Seain mic Tomais mic an iarla do dol ar siubhal sluaicch h-i c-Cairpreachaibh. Mac Mecc Carthaicch Riabhaicch d'éirghe fo na h-eighmibh .i. Donnchadh mac Domhnaill mic Fínghin mic Domhnaill, & tarla ina fhochair an tan-sin Toirrdhealbhach mac Maol Muire, mic Donnchaidh mic Toirrdhealbhaigh Meic Suibhne do Shliocht Donnchaidh Móir a Tuathaibh Toraighe go c-cuideachtain n-glan toghtha n-gall-occlach, & do lenattar na laoch-bhuidhne co bruach na Banndan, & do bris don fhedhain echtair-cheneóil ré h-ucht na h-abhann fó urcomhair Innsi h-Eoghanáin don taobh araill gach n-díreach. Do marbhadh, & do báidhedh da chéd nó a tri do glan-shluagh Geraltach & gér bhiad Cairprigh fá cosccrach ro ba mór a n-díth ón deabhaidh-sin óir do benadh a chos, & a lamh do Thoirrdhealbhach Mhac Suibhne co nach raibhe acht cos chroinn agá iomfhulang ón uair-sin go a écc.
Iarla Tuadhmhumhan do dhol i
n-Iarthar Connacht ar
Murchadh na t-Tuagh mac Taidhcc mic
Murchaidh mic Ruaidhri
Uí Fhlaithbertaigh. Do-cuas leis fo
Crich
Mathghamhain mac Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Donnchaidh, mic Domhnaill mic Toirrdhealbhaigh Mheith do dhol i n-Desmumhain lucht luinge, & arthraigh a h-Arainn. Braighde do ghabhail dó isin tír thes, & at-berat aroile nár bhó maith a f-faghbháil & gurab ar tairisecht tangattar, & acc filledh dhó tar a ais lé a édalaibh do fhás gairbhe 'san n-gaoíth, & fuasnadh san f-fiormament, & do dedhladh ré 'roile an long, & an t-arthrach, & acc dénamh don luing cona lucht i n-urthosach oidhche ar Árainn do fuadaiccheadh a seól a glacaibh fer & feindedh d'ionnaibh téd & tácladh ina chotchannaibh comhmblodhtha h-i f-fraighthibh na fiormamenti, & do buaileadh an loncc dá éisi-sin fá charraicc i m-beol Cuain an Fhir Mhóir i n-Iarthar Connacht, & ro báidhedh í cona foirinn cénmotá Mathgamhain, & aoín-triar oile, & do báidhedh tuilleadh ar chéd san chaladh-sin dibh im Tuathal Ua Maille stiurusmann chobhlaigh fhada bá ferr ina aimsir.
Tadhcc mac Murchaidh Uí Bhriain do ghabháil ar foráilemh an iustis h-i Luimneach & a chur as-sin go h-Ath Cliath dá choimhéd, & ad-bereadh cách co m-baoí cuid d'iarla Tuadhmumhan isin n-gabhháil-sin.
O Gallchubhair, Eocchan mac Emainn, mic Eóin, én-mac duine oirechta as lugha dob olc i n-Ulltoibh d'écc.
AOIS CRIOST, 1561. Aois Criost, mile, cúig céd, sescca, a h-aon.
Art mac Feilim Fhind Uí Gallcubhair epscop Ratha Both d'écc i c-Cend Maghair, 13. August. Sccél mór i t-Tír Conaill eisidhe.
Maire inghen An Chalbhaigh, mic Maghnusa, mic Aodha Duibh Uí Domhnaill ben í Neill Sheain d'faghail bháis d'adhuath,& d'urghrain, do thruaighe,& do throm-nemhele na daoir-chimidhechta dochraidhe do-rad Ua Néll don Chalbhach dia h-athair ina fiadhnaisi.
O Beirn Tadhcc, mac Cairpre, mic Maoileachlainn, fer ergna, ioldanach i l-laidin, & i n-gaoidheilcc, & isan dá dlighedh .i. ciuil & cánóin, do écc, & a mhac ócc d'oirdneadh ina ionad.
Uaithne, mac Fir Gan Ainm, mic Maol Ruanaidh mic Seain Uí Cherbhaill do mharbhadh i m-Baile Uí Chuirc i n-Urmumhain. Nir bo fiú a t-tárla ina timcheall a ghuin nó a ghabhail, & do ba díllechta duthaigh Éle dia éis an uair-sin óir do bhensat ceill da c-cabhair & da c-cosnamh ó do imtigh Uaithne.
Nechtain, mac An Calbhaigh, mic Maghnusa Uí Domhnaill do mharbhadh go deónaighthe d'urchor do ghae do caith se fein, & an gae aga thelcceadh chuicce a frithisi.
Ard-iustis na h-Ereann .i. Tomás FizUater do dhol i t-Tír Eoghain a n-dioghail ghabhala An Chalbhaigh Uí Domhnaill, & ar a fholtanas fein frisan tir & foslonccport sluaigh-lionmhar do shuidhiucchadh dó i n-Ard Macha, & rátha ro-dhoimhne, & dúnchlaidh dío-thocchlaighi do thoccbail dó a t-timcell Tempaill Móir Arda Macha fo dáigh co f-fuicfedh bárda acca buan-coimhett. Iarna fhios-sin d'Ua Neill (Sean) ro chuir drong dia shain-muintir, & dia aosa gradha lasan c-Calbach Ua n-Domhnaill dia iomghabhail & dia iomchoimhett for an iustís ó gach inis & ó gach oilen go aroile i n-diamhraibh, & i n-droibhelaibh Tíre h-Eoghain go ro fháccbaidh
O Nell do beith acc comhlot, & acc creachadh críche Bregh & Midhe an tan-so. Tir Conaill arna cennsucchadh & arna timcealladh lais iar n-gabhail An Chalbhaigh roimhe-sin, & iar m-beith d'Ua Domhnaill h-i f-fochaidhe, & h-i f-fír-enirte, cona baoí aoín-neach acc follamhnucchadh flaithesa i c-Cenel c-Conaill don chur-so. Ro ghabh Ua Neill (Sean) nert coiccidh Uladh uile o Droichet Atha go h-Erne, conar bo machtnadh coiccedhach os Ulltoibh do ghairm dhe an tan-so munbadh fritbert Gall fris.
An Calbach Ua Domhnaill do léccadh a gemhel la h-Ua Neill iarna fhuaslaccadh la Cenel c-Conaill.
An iustis cedna do thionol trom-sloicchedh doridhisi do dhol i t-Tír Eogain i f-foghmar na bliadhna-so ar tarraing An Chalbaigh Uí Domhnaill. Tanccattar ina thoichestal na cuicc iarla battar i n-Erinn in ionbhaidh-sin .i. Geróitt mac Geroitt, mic Geroitt, mic Sémais, mic Seain, mic Tomáis iarla Cille Darae; Tomás, mac Semais, mic Piarais Ruaidh iarla Urmuman; Geróitt, mac Semais, mic Seain, mic Tomáis iarla Desmuman; Concubhar, mac Donnchaidh, mic Concobhair, mic Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain iarla Tuadhmuman; & Riocard mac Uillicc na c-Cend, mic Riocaird, mic Uillicc Cnuic Tuagh, iarla Cloinne Riocaird. Ro imtigh tra an iustis & na h-iarladhae-sin cona sochraitte Tír Eoghain gan fresabhra, gan frith-orccain friú go rangatar go Loch Feabhail. Acc sóadh tar a ais don iustis as í comhairle ro chinn, sidh do denamh le h-Ua Neill & a phardún do thabhairt dó, & a bharda do breith a h-Ard Macha. As eadh do-choidh an iustis cona shocraitte iaramh i t-Tír Conuill Gulban go ro
O Nell do dhol i Sacsoibh i t-timcell na Samhna d'ionnsaighidh na bainrioghna,
Eocchan mac Aodha Buidhe mic Aodha Duibh I Domhnaill fer saor-chlannda soicheneoil earccna il-cherdach d'écc.
Tadhcc mac Toirrdhealbhaigh, mic Neill, mic Torrdhealbhaigh Uí Baoighill do mharbhadh i t-Termonn Mécc Craith la Mac Alastrainn Ghallda.
AOIS CRIOST, 1562. Aois Criost, mile, cuicc céd, sesccat, a dó.
O Ruairc Brian Ballach mac Eocchain sinnsear Shil f-Ferccna & Catha Aodha Finn, fer dar lucht iomchair & oilemhna, cendaigh & comhadh a m-baoí ón c-Caladh h-i c-crich Ua Maine co Drobhaoís t-torcharthaigh t-tonn-mhaighrigh coiccrioch Chóiccidh oll-bladhach Uladh, & ó Granard Tethba go Traigh Eothuile an t-saoír i t-Tír Ua f-Fiachrach Muaidhe, ag sin an tí fá tocchaidhe duanaire & duasa adhmolta baoí dia bhunadh-fhreimh do écc do bhithin bharr-tuisle do-rala dó, & a mhac Aodh Gallda do oirdneadh ina ionadh.
Iarla
Tuadhmumhan do dhol ar
cuairt cendais fedhna i n-duthaigh
Uí Chonchobhair, & i n-Glend Corbraighe. Mac Uí Lochlainn do mharbhadh uadha d'aon-urchor
An t-iarla cedna do dhol corr-shluagh cendais fedhna fa Chaénraige isin aimsir cedna & Dubhghall mac An Ghiolla Dhuibh mic Conchobhair Mic Shuibhne do marbhadh uadha don dul-sin.
Mac Giolla Riabhaigh d'écc .i. Riocard mac Duinn, mic Conchobhair, mic Tomais, mic Domhnaill, & ad-beirthi gur bo h-é-sin aoín-fher gradha bá ferr ag iarla Tuadhmumhan ina aimsir. Concobhar mac Conchobhair mic Riocaird do gabhail a ionaidh.
Domhnall mac Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc Uí Bhriain an tí baoí ina iarla Tuadhmumhan ria Conchobhar mac Donnchaidh, & dia n-goirdís Gaoidhil Ó Briain do tocht dia ionnarbadh dia dheoraigheacht & dia dhibirt a h-Ultoibh tar a ais dia athardha feisin, & bá in aoín-t-seachtmain tainicc-siumh & Tadhcc mac Murchaidh mic Toirrdhealbhaigh iar n-eludh a h-Ath Cliath, & iar t-tocht dóibh i n-aoín-fhecht dia t-tir, tuccsat a n-aighthe a n-aoín-fhecht ar iarla Tuadhmumhan. Ro chuir an t-iarla foslongport iomdha ré a n-acchaigh. Dob é céd-ruathar na c-comhmbraithreach-so ar aroile iondsaicchidh oidhche do-radsad dá mac Murchaidh Uí Bhriain ar fhoslongport Baile Meg Riagáin, do marbadh daoíne leó, & ro cruinnighsiot creacha, & tainic an tír ina t-toraigheacht. Is and do ghlan lá ar na laoch-bhuidhnibh leth ar leth ag Cathair Még Gormain i medhón Ua f-Fermaic, & i n-Uachtar Dál c-Cais. Báttar an clann-sin Murchaidh Uí Bhriain (Tadhcc, &
Donnchadh mac Con Connacht, mic Con Chonnacht, mic Briain, mic Pilip mic Tomais Meg Uidhir do écc, fer a aoisi as luccha rob olc teist do Gaoidhealaibh an tuaisceirt, fer ná ro saoiledh do écc re h-adhart co ro écc an tan-so.
Aodh mac Neill Óicc Mic Suibhne a Tír Boghaine do écc don ghalar breac.
Mag Craith Termainn Dá Bheocc do écc.
Mag Mathgamhna, Aodh mac Briain na Moicheirge mic Remainn mic Glaisne do marbhadh la Feraibh Fernmaighe.
AOIS CRIOST, 1563. Aois Criost, míle, cúicc céd, seasca a trí.
O Domhnaill Maghnas mac Aodha Duibh, mic Aodha Ruaidh, mic Neill Gairbh, mic Toirrdhealbhaigh an Fhiona, ticcherna Chenél c-Conaill, Innsi h-Eocchain, Cenél Moain, Fher Manach, & Iochtair Connacht, fer na ro leicc a fhairbrígh na a iomarcraidh lasna tighearnadhaibh battar ina chomharsain, & ina chomhfochraibh co h-aimsir a fhochaidhe, & a eneirte, fer aggarbh, ainmín, aindiúid amhnas fri naimhdibh, & biodhbadhaibh go t-tabhradh go fomamaighte dia reir, fer mín, muinterdha, cendais, cairdemhail, derlaicthech, deigh-einigh do dhámhaibh, do dheoradhaibh, d'eiccsibh,
O Súillebhán Béirre Domhnall, mac Diarmata, mic Domhnaill, mic Domhnaill, mic Diarmata Bailbh do thuitim le droch-urradh .i. Mac Giolla Chuda, & gerb' adbclosach Diarmait a athair baoí a dhiol d'oidhre sa Domhnall-sin, & a brathair Eoghan Ó Suillebhain do ghabháil a ionaidh.
Mairgrecc inghen t-Semais, mic Seain, mic Tomais, mic an iarla ben Meic Muiris Chiarraighe do ecc, & ba h-adhbar eccaoine isidhe.
Tomas mac Muiris Duibh, mic Seain, mic an iarla d'écc.
Tuadhmumha 'na tuinn coccadh, & 'na cleth chennairce ón Callainn go a chele an bliadhain-si.
Baile Uí Ghalaigh do ghabhail & do bhriseadh ar chloinn Murchaidh Uí Bhriain lasan iarla iar t-tabairt ordanais & sochraitte ó Luimneach lais chuicce.
Baile Uí Cárthaigh mar an c-céttna do ghabhail lasan iarla.
Mac Bruaidedha ollamh O m-Bracain & O b-Fermaic d'écc .i. Diarmait, mac Concobhair mic Diarmata, mic Seain, & a bhrathair Maoilin do ghabhail a ionaid.
AOIS CRIOST, 1564. Aois Criost, mile, cuícc, céd, sescca, a cetair.
O Ruairc Aodh Galldha, mac Briain Ballaigh mic Eoghain do mharbhadh co misccnech mio-runach la a mhuintir fein h-i Liathdruim Muintire h-Eolais,
Ua Domhnaill An
Calbhach, & Ua Baoighill
Toirrdhealbhach do dhul co
h-Ath Cliath do shoighidh an
iustis do dhenamh a thoscca fris, & fuair
O Domhnaill onoir & airmittin uadha, & soais
Ua Domhnaill do thocht dia thigh go rainic go
Feraibh Manach, & airisidh
ann, & ticc Ua Baoighill dia bhaile
feissin. Baí Conn mac An Chalbhaigh for a
chionn h-i suidhe. Nír bo cian baoí Ua Baoighill isin
m-baile an tan ro chuindigh Conn fair tocht lais go
Dun na n-Gall dus an c-caemsadh a
ghabhail for Aodh, mac Aodha Óicc, mic Aodha Ruaidh baí ann an tan-sin. Ba h-ann baoí
oirisiomh an Aodha h-ísin isin tor nua,
& ro cuir Eiccnechan & Conn
dá mhac Aodha Buidhe mic Aodha Duibh
clann a dherbhrathar isin t-sen-chaislén,
& bátar iad-sidhe baí acc taiscceladh an bhaile do
Chonn. Tánaic tra Conn
& Ua Baoighill do shaighidh an bhaile,
& ba h-adhaidh ann an tan-sin. Ro leiccset clann
Aodha Buidhe Conn dia
soighidh fo chettoir & do raidhsiot na leiccfittis
Ua Baoighill cona muintir chuca inunn. At-bertsat
muintir Ui Bhaoighill na leiccfittis a
t-ticcherna uatha a aénar. Do-coidh
iarttain Ua Baoighill go
Mainistir na m-Brathar do denamh cuarta
aca. Geibhidh Conn Ua Domhnaill,
& clann Aodha Buidhe for toghail an tuir i
m-baoí Aodh mac Aodha Duibh. Ní ro
ráthaighsiot nach ní go ro dhoirt sruith-légen slóigh-lionmhair
lan-mhóir ar fud an bhaile, & ina iomthacmong in gach aird. Ba h-iad
báttar annsin Ua Néll Sean, &
Aodh mac Maghnusa
Uí Domhnaill cona sochraitte, go ler-sloigh lionmhair lan-moir
ina f-farradh iar c-cluinsin Uí Domhnaill do bheith for
slighidh Atha Cliath & na c-comhmbrathar n-aile
do beith i n-aghaidh aroile. Ro gabhadh ainnsidhe Conn
mac An Chalbhaigh an 14
May, & do-dhechatar sirthe slóigh Uí Néill ar fud
Tíre Bóghaine, & ro marbhadh leo
mac Mhec
Siol m-Briain co h-imresnach re aroile an bliadhain-si. Clann Concobhair mic Toirrdhealbhaigh Ui Bhriain Domhnall & Tadcc, & clann Murchaidh Ui Briain Tadhcc, & Donnchadh do dhol ar creich chois Abhann O c-Cernaigh i c-Cloinn Cuilein. As ann tarla an t-iarla an tan-sin sa Ros Ruadh. Do loiscceadh & do lom-aircceadh leo an baile-sin seach gach m-baile do shonnradh. Ruccsat an tir orra as gach aen taebh o Shleibh Oidhedha an Righ go Luchat, & o Rinn Enaigh co Scairbh. Fuaratar-som etim ar ghlaslaith an iarla co ro marbhadh a n-gar do ched dibh don dul-sin, & ni ro lamhsat a n-ionnsaicchidh iarsin co h-oidhche. Ternátar an t-Siol m-Briain-sin Uachtair Tuadhmumhan gan fuiliucchadh gan foirderccadh tar finn-lerccaibh Forccais cona c-crechaibh & cona n-gabhalaibh leó. Do tharraingsiot tra buannadha dermara & lucht tuarustal tar Sionainn do Chloinn t-Suibhne & do Chloinn t-Sithigh & baí siubhal na tire, a creacha, & a comhtha ar a c-cumus co t-tairnicc aimsir a m-buannadh. Acht cena ní ro an da n-airneis acc aittreabhtachaibh an tire luach ar leiccedh este lasna h-amhsaibh-sin tar cenn a n-amhsaine.
Corcu M'ruadh cona cíos, & cona buannacht bhona, a sholathar ferainn i t-tiribh Tuadhmumhan, & a bethaighthe ecclaisi amaille ris-sin do thabhairt do
Muiris Dubh mac Seain mic an iarla do dhol ar creich i Musccraighe. Clann Taidhcc, mic Corbmaic Óicc, mic Corbmaic, mic Taidhcc Még Carthaigh do bhreith fair .i. Diarmait, & Corbmac, Muiris do dhícendadh leo, & ba ferr tarbha a thesairccthi inas ar buadhaighedh dia bás. Mír cruadha Geraltach ar gurt gabhaidh, aircctheóir a easccarat, & básaighteóir a bhiodhbadh an tí torchair andsin.
AOIS CRIOST, 1565. Aois Criost, mile, cúicc céd, sescca, a cúicc.
Siubhan inghen t-Semais, mic Muiris, mic Tomais d'ecc. Ro ba do mhor-sccelaibh Leithe Mogha isidhe i leith fri deirc & daonnacht.
Cuairt da n-deachaidh iarla Desmuman .i. Geroitt mac Semais mic Seain i n-Déisibh Mumhan, do chuir Ticcerna Deiseach .i. Muiris mac Gearailt mic Seain mic Geroitt tarraing ceilcce ar iarla Urmumhan .i. Tomas mac Semais, mic Piarais Ruaidh, i n-oirchill iarla Desmumhan. Tánaicc dna an t-iarla don tír, & ní fhuair rabhadh go h-iadhadh uime ar gach taobh san maighin dianidh ainm Ath Medháin. Ro luidh iomad anfforlainn fair go ro gabhadh & go ro gonadh é. Ro gabhadh & ro marbhadh drong mor dia muintir ina fhochair. Báttar subhach soimhenmnach Buitiléraigh tria iomat a m-braighdedh & a n-édala an lá-sin. Bá
Mathghamhain, mac Toirrdhealbhaigh Mhanntaigh mic Donnchaidh, mic Domhnaill, mic Toirrdhealbhaigh Mheith do marbhadh h-i f-fiull dia lucht coimhiteachta, & comhghaoil ina bhaile fein 'san Aircin i n-Árainn. O 'd-chualattar maithe na Gaillmhe in ní-sin do-chuattar d'aithe a mí-gniomh for lucht na feille go ro furailsiot forra teicheadh ó a t-tighibh co n-deachattar i n-arthrach for muir & ba h-ann ro ghabhsat caladh h-i c-cuan Ruis h-i c-crich Corca Baiscind Iartharaighe. Iarna cluinsin-sin do Domnall mac Conchobhair Uí Bhriain, do-chóidh-sidhe dia saighidh amhail as déine con-ránaicc, & ro gabhadh lais a n-urmhór, & do-bhert lais i n-daoír-chengal iad co Magh Glae i n-uachtar Corcu M' Dhruadh fo daigh gomadh móide a maoíth, & a t-toirsi radharc an ionaidh ina n-dearnsat an mí-gniomh-sin d'faicsin. Ro crochadh drong dibh lais, & ro loiscceadh araill feibh ro thuill a mi-bhésa dhóibh.
Maidhm mór lá h-Ua Neill (Sean, mac Cuinn mic Cuinn mic Enri) ar cloinn Mec Domhnaill na h-Alban .i. Semus, Aongus, & Somhairle. Ro marbhadh ann Aonghus. Ro gabhadh & ro gonadh Semus, & tainic a bhás a c-cionn bliadhna do ghaibh cro na gona h-íshin. Rob adhbhal an t-écht oidheadh an uasail do-cher don chur-sin, saoí ar eineach & ar engnamh fer caithmheach, congaireach, tiodhlaictheach, toirbhertach. Ní bhaoí do Chloinn n-Domhnaill i n-Erinn nách i n-Albain a ionnshamhail an tan-sin, & ní bá ró lá a dhaoínibh fein a comhthrom d'ór do thabhairt as dá
Murchadh mac Domhnaill mic Ruaidhri Uí Flaithbertaigh do bhathadh.
O Cleirigh Tadhcc Cam mac Tuathail ollamh Uí Dhomhnaill lé senchus, saoí h-i f-filidheacht, & h-i c-croinic, port congmala tighe n-aoidhedh do dhámhaibh, & do dheoradhaibh, & do fhealmacaibh foghlama na c-crioch báttar comhfoccus dó do écc (.i. an 20 la d'October) iar sendataidh toghaidhe iar m-breith buadha o demhan & ó dhomhan, & a adhnacal i Mainistir .S. Fronseis i n-Dún na n-Gall co n-airmitin, & co n-onoir n-ádhbhal.
AOIS CRIOST, 1566. Aoís Criost, mile, cuicc ced, sescca, a se.
O Domhnaill An Calbhach mac Maghnusa, mic Aodha Duibh, mic Aodha Ruaidh, mic Neill Ghairbh mic Toirrdhealbhaigh an Fhíona do thuitim dia eoch .i. h-i t-tus an gheimhreadh .i. 26. Nouember, ar an c-conair c-coitchinn etir Baile Aghaidh Chaoín, & tempall Rátha i n-eidirmedhon a marc-shluagh gan ansocracht gan oilbeim gan sgeinm gan sccath iar t-tocht dó ó Shacsoibh an bhliadhain-sin féin. Tighearna ar cheill & ar chruth An Calbhach-sin, gérrat ar ghail, & ar ghaiscceadh nemhthais n-iata fri naimhdibh, connalbhach cairdeamhail fri cairdibh, gan machtnadh, gan móir-iongnadh h-i maith dá h-aidhble da n-dingénadh, neach ná ro saoíleadh écc an ionnass-sin acht co roiscceadh lais dioghail greisi a cheneóil. A dhearbhrathair, Aodh mac Maghnasa Uí Domhnaill do óirdneadh ina ionadh.
Maire inghen Mhaghnasa mic Aodha Duibh mic Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill ben Mécc Aengasa d'écc an 8. d'October.
Róis inghen Mhég Uidhir Cu Connacht .i. an comarba ben Aodha Buidhe mic Aedha Duibh d'écc an 22. Iúl.
Mag Uidhir Sean mac Con Chonnacht, mic Con Chonnacht, mic Briain, mic Pilib mic Tomais Meg Uidhir d'écc .i. 29 September, ar sluagh an iustís iarná ionnarbadh d'Ua Néill as a thír. Tighearna tuiccseach treidheach tiodhlaictheach eisidhe. Ní ba furail dó flaithes dá mhéd dá b-fuíghbheadh ar iomat a dhamh, & a dheoradh, ar troma a dhuas, & a dheagh-toirbheart, & a bhrathair d'oirdneadh ina ionadh .i. Cú Connacht.
O Ruairc Aodh Buidhe mac Briain Bhallaigh do mharbhadh i m-Baile an Tóchair lá Conallchoibh fo dáigh go madh la mac inghine Magnusa Ui Domhnaill (.i. Brian mac Briain mic Eocchain) tighearnas na Breifne.
Mag Carthaigh Riabhach d'écc .i. Finghin, mac Domhnaill, mic Finghin, mic Domhnaill duine nár chuir suim isin saoghal, & la na baoí eolas ar a chruinniucchadh nó ar a choiccill.
O Madagáin .i. Maoíleachlainn Modardha mac Maoileachluinn mic Breasail d'écc, léghthóir Laidne, & Gaoidhilcce as lugha bá h-olc d'uaislibh Ereann ina ré, cosnamhach a ferainn, & a criche ar comharsanaibh, uaithne iomachair ban & bocht & aosa anffann anarrachta, & Domhnall mac Seain Uí Madagáin do gabhail a ionaidh.
Piarus Buitiler mac Emainn tighearna Trena Cluana Meala d'écc, neach fuair inmhe & oidhreacht a dhuithche gan cath gan coccadh, duine nár shealbhaidh & nár sholathair én-phinginn do cuid eglaisi Dé le cert papa no prionnsa, & a mac Tepóid ina ionadh.
Cioth éiscc arna fherthain h-i t-Tír Chonaill an bliadhain-si.
Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Aodh mac Maghnusa h-i t-Tír Eócchain isin n-geimhredh do shonnradh, & do-rónadh creacha iomdha lais, & tainig slán dia thigh.
AOIS CRIOST, 1567. Aois Criost, mile, cuicc céd, sescca, a seacht.
Sluaiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Aodh isin earrach do sonnradh. Is eadh do-dheachaidh tar Loch Feabhail go rainicc gusan Sliabh c-Carbatach go ro lom-airccedh & co ro lér-indradh lais ina m-baoí ina comhfhochraibh, & soais slán dia thigh.
Slóiccheadh lán-mhór lér-thionoilte lá h-Ua Neill (Sean mac Cuinn, mic Cuinn mic Enri, mic Eocchain) do dhol h-i c-Cenel c-Conaill for Ua n-Domhnaill (Aodh mac Maghnusa, mic Aodha Óicc, mic Aodha Ruaidh) do iondradh & do orccain na tíre feibh do-rónadh lais feacht riamh cidh an tan ná caomhnaccair Ua Domhnaill (Maghnus) follamhucchadh ná fír-imdheaghail a fhlatha nách a thíre ar a eineirte, & a easláinte, & tria fhrith-bheart & comh-fhuachtain a chloinne budhéin fria 'roile. Bá h-ann do-rala d'Ua Domhnaill (Aodh) a beith go n-uathadh sochraite im Aodh mac Aodha Óicc mic Aodha Ruaidh cona chomhfhuilidhibh ag Ard an Gháire allatuaidh don inbher dianidh ainm Súileach, & iarná cloisteacht dó go ro dáil Ó Neill cona shlóghaibh don tír ro fhaoídh teachta do thochuireadh in ro bo comhfhoccus dó dia aireachaibh & baí feisin agá n-ernaidhe an dú-sin, ar a aoí ní tangattar-somh ineallmha fó a toghairm. A m-battar ann iaramh i n-urthosach laoí ní ro ráthaighsiot ní conus-facattar edh a radhairc uatha don taobh araill d'Fearsait Shúilidhi balc slán do shlócchaibh acc dian-asccnamh ina n-dóchum ina n-drongaibh & ina n-díormaibh, ní ro ansat dia reimim co rangattar gan anadh gan airisiomh tar an f-Fersait ar bá h-aithbhe ann an tan-sin. Arna airiucchadh-sin d'Ua Domhnaill ro chuir a brodlom becc slóicch i n-inneall, & i n-orducchadh fó chédóir, & ro la
Iar n-dol d'Ua Neill i t-Tir n-Eocchain amhail remebertmar ní dearnadh socracht, nó sadhaile lais, & ní ro thuil a shuan-tathamh go ro chuir toghairm & tarraing ar cloinn t-Semais mic Alastraintt mic Eoin Cathanaigh mheic Mheic Domhnaill go h-Albain. Bá tuar t-imdibhi saoghail & bá h-adhbhar oidhedha dó-somh innsin .i. clann an fhir do thuit lais feacht riamh do thóchuireadh chuicce. Tangattar-sidhe co tinneasnach cobhlach mór muiridhe go ro gabsat port ag Bun Abhann Duine i
Ba doiligh do Cenel Eocchain mic Neill oidedh an ti torchair annsin, ar bá h-é a c-Conchobhar ar cóiccedhachas, a Lugh Lamhfhada ar laochdacht, & a n-greid gáidh & gaiscceadh an t-Ua Neill-sin .i. Sean conadh d'foraithmet a oidedha do raidhedh.
- Secht m-bliadhna sesccatt cúicc céd,
míle bliadhain is ní brécc,
co bás t-Seain mic mic Cuinn
ó thoidhecht Criost h-i c-colainn.
O Neill do ghairm do Toirrdhealbhach Luineach mac Neill Conallaigh iar marbhadh Sheain.
Iarla Desmhumhan do gabhail lasan iustis h-i c-Cill Mo Cheallócc & a breith lais go Luimneach, as-sidhe go Gaillimh go h-Áth Luain & co h-Ath Cliath iaramh iar f-feil Pattraicc do-rónadh in gabháil-sin, & do-chuaidh a bhrathair Sean mac Semais fo Shamhain ar c-ciontt h-i c-cenn Gall d'fiosrucchadh an iarla, & ro gabhadh é fó cédóir. Ro cuireadh araon go Saxaibh iad iaramh.
Mag Piarais d'écc .i. Emann mac Semais mic Emainn, fear einigh choitchinn, & thighe n-aoidhedh, fer foghlamtha h-i t-tengthoibh & i m-bearlaibh eisidhe, & a mhac Semus d'oirdneadh ina ionad.
Sean A Búrc, mac Seain, mic Seain na b-Fiacal, mic Uillicc Ruaidh do mharbhadh lá h-andaoinibh, & lá mogadhaibh misccneacha do mhuintir iarla Cloinne Riocaird.
Mac Uí Bhriain
Tuadhmumhan .i. Tadhcc, mac
Donnchaidh, mic Conchobhair, mic
Toirrdhealbhaigh; mac iarla
Urmumhan .i.
Semas Ócc mac Semais, mic Piarais
Maghnus mac Emainn, mic Maghnusa Mic Sithigh do mharbhadh lá Mac Muiris Ciarraighe .i. le Tomas mac Emainn mic Tomais, & ní bhaoí fear a aosa dia chineadh bá ferr engnamh & eineach inás.
Droichet Atha Luain do dhénamh lá iustis na h-Ereann .i. Sir Henry Sidney.
AOIS CRIOST, 1568. Aois Criost, mile, cuicc céd, sescca, a h-ocht.
Contaois Cloinne Riocaird .i. Mairgrecc inghen Donnchaidh mic Conchobhair mic Toirrdhealbhaigh, aon-lán beóil fer n-Ereann, ben cotaighthe a carat, & a comhghaoil d'écc.
Mac Mathghamhna tighearna Chorca Baiscinn Airthearaighe .i. Brian Ócc mac Briain mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc d'écc, & Tadhcc mac Murchaidh mic Taidhcc Ruaidh mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc do ghabhail a ionaidh.
Mac Suibhne Fanat Domhnall Gorm mac Domhnaill Óicc do mharbhadh h-i f-fiull lá dreim dia muintiri fein .i. Muintir Sruithéin.
Caitilín inghen Mhég Uidhir (Cú Connacht) ben Uí Bhaoighill (Toirrdhealbhach mac Neill mic Toirrdhealbhaigh) an aoin-bhen toísigh bá ferr i n-Ulltaibh d'écc an .5. Ianuarí.
Sluaiccheadh la Semus mac Muiris mic Seain mic an iarla (im Lughnasadh do shonnradh) ar Mac Muiris Ciarraighe .i. Tomas mac Emainn. Bá h-é an Semus-sin ro ba codhnach ar Gearaltachaibh a n-ionadh cloinne Semais mic Seain baoí h-i l-laimh h-i l-Londainn le bliadhain roimhe-sin. Do h-iondradh & do h-aircceadh, do loiscceadh & do loim-chreachadh an tír go tinnesnach le Semus cona shlócchaibh. Ro theichsiot urmhór an tíre, & rucsat an ro fhédsatt dia n-innilibh leó go Lic Shnámha. Baoí d'iomatt & do líonmhaire shlóigh Semais go ro suidhigheadh dá
AOIS CRIOST, 1569. Aois Criost, mile, cuicc ced, sescca, a naoí.
Espocc Cille Dá Lua .i. Toirrdhealbhach mac Mathghamhna mic Toirrdhealbhaigh Uí Briain d'écc.
O Sechnasaicch .i. An Giolla Dubh mac Diarmatta, mic Uilliam, mic Seain Bhuidhe tulach toirlenga do Ghallaibh & do Ghaoidhelaibh do neoch ticcedh dia shaighidh dhíbh, fer gan beith eólach h-i laidin nó h-i m-bérla roba mó cion & cáil h-i f-fiadhnaisi Gall an fer í-shin, & a écc. A mhac Sean do gabháil a ionaidh.
Sláine inghen Murchaidh mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain d'écc.
Mór Phécach inghen Bhriain, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh, mic Briain Catha an Aonaigh Uí Bhriain ben Uí Seachnasaicch .i. Diarmaid mac Uilliam mic Seain Buidhe ben dearsccaighthe ar deilbh & ar dearlaccadh isidhe do écc.
Semus mac Muiris mic an iarla do beith 'na dhuine coccthach chonghairech an bliadhain-si go ro chengailsiot Goill & Gaoidhil na Mumhan ó Bearba co Carn Uí n-Neid d'aon-rann & d'aonn-daingen fris i n-aghaidh comhairle an rígh. Iarla Urmhumhan do bheith i Saxoibh .i. Tomas mac Semais mic Piarais mic Semais, mic Emainn, & a dhias dearbhrathar .i. Emann an Chaladh & Éduard do dol i n-én-rann lé Semus mac Muiris, do-chóttar an dias mac sin an iarla lá feile Muire Mór fa aonach Innsi Corr, & bá dírimh do aisnéis ar glacsat d'eachaibh, & groighibh, d'ór, & d'airccett, & d'earradhaibh allmardha ar an aonach-sin. An t-iarla dna do theacht in Erinn an bliadhain cedna & siodhucchadh dia braithribh frisan Státa.
Sluaiccheadh mór
lá iustis na
h-Ereann Sir
Hanry Sidny h-i
f-foghmhar na bliadhna-so do dhol ar Muimhneachaibh a n-diaidh na siodha &
an daingnighthe do-rónsat, & as edh do ghabh tre
Laighnibh siar-dheas, & ní
ro airis go rainicc go h-Uibh Mac Caille sa
Mumhain, & ro
suidhighedh longport
sochraidh sluaigh-beódha lais h-i t-timcheall
Baile na Martra, & baí sechtmain lé h-acchaidh an bhaile, & báttar
Muimhnigh ag bagar gach laoí don
t-seachtmhain-sin iomaireacc do thabhairt don iustis cona shluagh, & ní
ro chomhaillsiot in ní-sin. Ro gabhadh an baile fa dheóidh
lásan iustis, & ro fhaccaibh barda a h-ucht na
banríoghna inn. Do-chuaidh as-sin tré duthaigh
An Bharraigh, & tre Ghlenn Maghair
do dhol go Corcaigh. Báttar eirghe amach
Muimhneach annsin ar a chionn in oirchill
iommbuailte fris. Ar a aoí do léicceadh an chonair
don iustis. Baoí an
iustis
lé h-athaidh h-i c-Corcaigh, & a
rannta coccaidh ag deiliucchadh lé Sémas
an airet-sin acc teacht ar protex & ar pardún. Tanaic an
iustis as sin go Luimneach, & ro brisedh
bladh do bhailtibh na Mumhan lais etir
Chorcaigh &
Luimneach. Ro gabhadh
Cluain Dubháin & Baile I Becháin h-i
t-Tuadhmumhain
don toiscc-sin lasan iustis,
& do-chóidh iaramh go Gaillimh.
Baí-sidhe fri h-edh is in m-baile-sin ag cennsucchadh Dál c-Cais & Chloinne h-Uilliam, & Iarthair Chonnacht, & iar f-faccbháil na
Gaillmhe dó ro gabhadh
lais Dún Mór Mhec Fheorais, &
Ros Chomain, Ro fhácchaibh
presidens i m-baile
Atha Luain os cenn chóiccidh
Chonnacht uile ó Drobhaoís go
Luimneach agá f-follamhnucchadh & agá
f-fír-chennsucchadh. Bá h-esidhe ced-phresident na tíre-sin riamh,
Sir Eduard
Pitun a ainm. Ro shuí an
iustis tar a ais h-i
f-Fine