AOIS CRIOST, 1530. Aoís Criost, mile, cúicc céd, triochat.
Epscop Oilfinn .i. an t-epscop Gréccach d'écc.
Caibidil na m-Brathar i n-Dún na n-Gall, & bá h-e Ua Domhnaill (.i. Aodh Ócc) do-rad dóibh gach ní rangattar a leas, & rób aidhilcc léo don chur-sin an c-cein báttar h-i f-farradh aroile.
Caitilin inghen Mic Suibhne ben I Dhochartaigh, & Róis inghen I Catháin ben Fheilim I Dochartaigh d'écc.
Conchobhar Ócc O Baoícchill tanaisi Baoigheallach do mharbhadh lá cloind Uí Bhuighill (.i. Niall mac Toirrdhealbhaigh) ar an Leacach an .6. Ianuarii.
Féilim mac Conchobhair Uí Bhuighill do mharbhadh lá cloinn Uí Bhaoighill.
Maol Muire Mac Suibhne consapal Tíre Baghaine d'écc.
Domhnall mac Briain mic Domhnaill I Neill do
dhol ar creich san Machaire
Giolla Pattraicc mac Corbmaic mic Airt Chúile Még Uidhir d'écc, & rob eisidhe fer a inmhe bá ferr tegh n-aoidhedh ina aimsir h-i f-Feraibh Manach.
Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill h-i c-cúicceadh Connacht. As eadh no gabh céttus tria Choilltibh Conchobhair, estibh-sidhe triasan Tanaisteacht h-i Maigh Luircc do Coradh Droma Rúiscc tar Sionainn. Ro loiscceadh, & ro láin-mhilleadh Muintir Eolais lais. Ro marbhadh drong dia mhuintir im chaislén Liath Droma im Mhaghnus mac An Fhir Dhorcha Mic Suibhne & im mac Mic Coilín Toirrdhealbhach Dubh. Do-choidh iaramh as-sin tar Sionainn siar do Machaire Chonnacht, do droichet Atha Mogha tar Suca. Ro croithedh, & ro creach-loiscceadh Clann Connmhaigh lais. Ro loiscc bheos Glinnsce & Cill Cruain bailte Meic Dáuidh, & fuair édala aidhble sna tíribh-sin. Ro loiscceadh beós lais iaramh Baile an Tobair, & fuair a chios ó Ua c-Conchobhair Ruadh .i. se pinginne san c-cethramhain dá dúthaigh, & ticc tar a ais tresan m-Bealach m-Buidhe gan díth do dhénamh dhó iar milledh Muighe Luircc. Tanaic iarttain don Breifne & ro loiscceadh lá sluagh Uí Dhomhnaill an tegh
Creach mhór do dhénamh lá h-Aodh m-Buidhe Ua n-Domhnaill i n-Gailengaibh.
Slóiccheadh lá h Ua n-Domhnaill (h-i mí September do shonnradh) ar Mac Uilliam Búrc dia ro milleadh bladh mhór don tír. Ro h-ernaidhmeadh síth etorra iarttain, ticc Ó Domhnaill slán dia thicch.
Iarla Cille Dara Geróid mac Geróid (baí ré chian h-i láimh acc rí Saxan) do theacht i n-Erinn, & iustis Saxanach do thecht lais, & a m-beith araon acc milleadh mórain fa Gaoidhealaibh. Ro gabhadh leó dna Ó Raighilligh iar t-teacht ina c-cenn ar a n-iocht fein.
Rudhraighe mac Eocchain mic Aodha Bailbh mic Seain Uí Dochartaigh, écht mór ina thír fein do écc.
Inghen Uí Bhaoíghill .i. Róis inghen Toirrdhealbhaigh mic Néill Ruaidh ben dércach deigh-einigh, & Síle Uí Fhallamhain ben Cairpre mic an phriora ben daonnachtach deigh-dealbhdha do écc.
Aodh Ó Flannaccain mac persúin Innsi Maighe Samh saoí i n-eccna, i n-ealadhain, fer suairc, séghainn, & fer ro ba maith tegh n-aoidhedh d'écc.
AOIS CRIOST, 1531. Aoís Criost, míle, cuicc céd, triocha, a h-aon.
Tuathal mac I Neill .i. mac Airt mic Cuinn do ghabháil lá h-Ua Néll .i. lé Conn mac Cuinn.
Mag Carthaigh Riabhach Domhnall mac Finghin mic Diarmata tighearna Ua c-Cairpre, fer ro ba maith smacht, & riaghail, fer ro ba maith oineach & engnamh, fer tucc gairm einigh d'feraibh Ereann do neoch baí ag cuingidh neith dib, do écc.
Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc Uí Bhriain tánaisi Tuadhmumhan fer denmha einigh, & uaisle d'écc.
Mac I Dochartaigh .i. Niall mac Conchobhair Charraigh d'écc.
Conn mac Seain Buidhe Még Mathghamhna do mharbhadh lá Mág Mathghamhna, & lá cloinn Bhriain Még Mathgamhna.
Eocchan mac Giolla Pattraicc Óicc Még Uidhir do mharbhadh lá a dearbrathair (.i.Emann).
Conchobhar mac Cathail mic Duinn Még Uidhir do marbhadh lá h-Iochtar Tíre.
O Flannaccáin Tuaithe Rátha Maghnus mac Gillibert mic Corbmaic saoí lé h-uaisle, & congmhálaidh tighe aoidhedh d'écc (25. Februarii), & Ó Flannagáin do ghairm do Giolla Iosa mac Toirrdhealbhaigh.
Muirchertach mac Conchobhair Meg Cochláin prióir Gailinne, biocaire Léth Mancháin do thuitim h-i f-fiull lá Toirrdhealbhach Ócc Ó Maoíleachlainn & lá Rudhraighe.
Diarmaitt mac Seain mic Aodha an tí do b-ferr uaisle & daonnacht do Shliocht Aodha mic Maol Ruanaidh d'écc.
Corbmac mac Cathail Óicc mic Cathail Mic Maghnusa fer tighe aoidhedh oirdhearc d' écc.
Tuathal mac I Dhomhnalláin Machaire Maonmaighe, & Giolla Pattraicc mac Adhaimh Mic An Baird d'écc.
Indsaicchidh lé mac Mhég Uidhir Corbmaic h-i c-Cenel Feradhaigh. Do-rónadh creach lais isin maighin-sin ar mac Briain I Neill, & ro marbadh mac Briain feisin acc tóraigheacht a creiche, & do-rad mac Meg Uidhir an c-creich lais.
Slóiccheadh lasan iustis Saxanach, lé h-iarla Cille Dara, & lé maithibh Gaoidhel Ereann h-i t-Tír n-Eoccain ar tarraing I Domhnaill & Neill Óicc I Neill, & Sleachta Aodha I Neill, & Tír Eoccain do losccadh leó ó Dhún Gál co h-Abhainn Mhóir. Caislén nua Puirt an Failleccáin do bhrisedh, & duthaigh Briain na Moicheirghe do chrech-losccadh lasan sluacch íshin, & Muineacháin d'faccbháil folamh for a c-cionn. O Domhnaill & Niall do dhol h-i c-cenn an t-sluaicch Gallda-sin co Cinnard, & caislén Cinnaird do bhrisedh leó. O Nell imorra baí-sidhe sluagh díríme ré a n-ucht co nár lamhsat dol thairis-sin h-i t-Tír n-Eoccain co ro impáisiot na slóigh-sin dia t-tighibh leth ar leth gan síth gan osadh ag Ua Neill riú.
Ruaidhri Gallda mac I Neill do ghabhail lá h-Ua Néill .i. lá Conn mac Cuinn.
Aodh Ócc mac Tomais mic Tomais mic An Ghiolla Dhuibh Még Uidhir d'écc iar m-breith buadha ó domhan & ó dhemhan.
Semus Ó Flannaccain mac persúin Innsi, fer ro ba mór ainm & oirdearcus ina thír fein d'écc.
Baile Uí Donnghaile d'ionnsaighidh lá Niall Ócc mac Airt mic Cuinn I Néll an baile do bhrisedh lais, & mac I Néill (dalta Uí Dhonngaile) do ghabhail & a bhreith lais co n-eachaibh, & co n-edalaibh an bhaile araon ris.
Caislen Bheóil Leice do ghabháil le h-Aodh m-Buidhe Ua n-Domhnaill, & buaidhreadh Tire Conaill do theacht de-sin.
Mag Uidhir do dhol sluagh h-i t-Tír Conaill ar tarraing Uí Domhnaill ar ro bháttar clann Uí Dhomhnaill i frithbheart fria 'roile ar omhan nech uadhaibh do
AOIS CRIOST, 1532. Aois Criost, míle céd, triochat, a dó.
Tomas mac Piarais Ruaidh (.i. iarla Urmumhan) do mharbhadh i n-Osraighibh lé Diarmaitt Mac Giolla Pattraicc, adhbhar tighearna Osraighe an Diarmaid-sin, & nír bhó cian iar sin go ro toirbhireadh Diarmaid lá a dearbrathair féin (lá Mac Giolla Pattraicc) don iarla, & ro cengladh Diarmaitt iaramh lasan iarla a n-díoghail a mhic, & gach uilc ele da n-dearnadh lé Diarmaitt fris gó sin.
O Cerbhaill (Maol Ruanaidh) an t-aon-fer bá ferr gart, gaisccead, agh & oirdearcas dia chinél feisin, an tí dár bó buidheach dámh, & deóraidh eccalsa & éiccsi, & as mo do thionoil, & do thiodhlaic tainic dia bhunaidh-fhréimh, cuingidh congmhala cáich, sdiúir chert cobhsaidh a chinedh, buachail tenn taisttil na t-treabh, mál ineadhrach mór-dhálach Muman, leg lóghmhar, gem charrmhogail, inneóin fhorais, & uaithne óir na n-Eileach d'écc (.i. la fhele Matha Suiscel) ina longport fein, & a mhac Fer Gan Ainm d'óirdnead ina ionadh. Maidhm an lá-sin féin ré n-écc Maol Ruanaidh lá a chloind ar iarla Urmuman, & ar cloinn t-Seain I Cerbhaill. Ro benadh daoíne & eich iomdha, & ordanas dá n-goirthi fabhcúin díbh, conidh de do len Bél Atha na f-Fabhcún don áth in ro sraoíneadh an maidhm ísin & ba h-é-sin cosccar déidhenach Maol Ruanaidh. Ro gaireadh Ó Cerbhaill (amhail adubhramar) d'Fhior Gan Ainm ar belaibh a shinnsior clann t-Seain Uí Cerbhaill. Tangattar uilc iomdha treimhit-sin isin tír ar ro ghabsat clann t-Seain cetus caislén Biorra, & ro mhillsiot an tír as. Ro thuit mac an persúin Uí Chearbhaill lá mac I Cearbhaill .i. lá Tadcc Caoch ar faithche Bhiorra. As a h-aithle-sin ro tarraing Ó Cerbhaill (Fer Gan Ainm) a chliamhain .i. iarla Cille Dara iustis na h-Ereann ar
- Míle bliadhain is cúicc céd,
fiche & dá bliadhain décc,
ó ghein Criost do shlánaigh sinn,
go foghmhar bháis Uí Cherbhaill.
Eocchan mac Tighearnáin mic Eoccain Uí Ruairc saoí dhuine uasail do mharbhadh lá h-Ua Maoíl Miadhaigh, & lá a braithribh i Mainistir Droma Dá Ethiar.
Toirrdhealbhach mac Meg Flannchaidh do mharbhadh lá a dhias dearbrathar fein i n-dorus baile Még Fhlannchaidh, & Brian Ó Ruairc do milleadh móráin i n-Dartraighe tresan marbhadh-sin.
Máire inghen Mic Suibhne Fhánat bean Uí Bhaoighill d'écc co h-oband iarna h-easccar dia h-eoch i n-dorus a baile féin, 21 April.
Mac Uidhlín Ualtar mac Geróitt do mharbhadh i n-ecclais Dhúine Bó, & Conchobhar mac Uí Catháin, fer toichtheacht trom-chonáigh do losccadh and & Mac Con Uladh .i. Semus mac Airt Mic Con Uladh do gabháil lá cloinn Domhnaill Chlérigh I Catháin.
Comharba Fhíodhnacha .i. Brian d'écc.
Corbmac Ua h-Ultachain airchinneach Achaidh Beithe d'écc.
Mac Samhradháin .i. mac Maghnusa mic Tomáis taoíseach Theallaigh Eachdhach d'écc.
Sean mac Pilip mic Toirrdhealbhaigh, mic Pilip Meg Uidhir do mharbhadh lá Domhnall mac Mhég Uidhir .i. mac Con Chonnacht mic Briain mic Pilip d'aon-sathadh do scín.
O Maol Chonaire Tórna d'écc, & Ó Maol Chonaire do ghairm ina ionadh do Chonchobhar mac Domhnaill Ruaidh, & a écc-sidhe go h-aithgherr iar-sin.
O Domhnaill, & Mag Uidhir ar n-dol h-i c-cenn an iustis Shaxanaigh .i. Uilliam Sceimonton, & rann & cattach do chengal dóibh ré 'roile, an iustis do theacht leó h-i t-Tír Eoghain, & Dún n-Genainn do briseadh, & an tír do milleadh.
Iarla Cille Dara .i. Geroitt mac Geróitt do theacht i n-Erinn ina iustís on rígh.
O Domhnaill do dhol h-i Maigh Luircc cona shloghaibh, & Mac Domhnaill lais .i. Alasdrann mac Eóin Cathanaigh. Ro creachadh, & ro losccadh Magh Luircc lá h-Ua n-Domhnaill do-ratt Mac Diarmata a riar dhó fo dheóidh gur bó síodhach fris.
Clann Uí Néill .i. clann Airt Óicc, Domhnall, & Tuathal baí a b-fatt a m-braighdenas acc Ua Neill do crochadh lais.
Caislen Aird na Riagh do ghabháil lá cloinn I Dhubhda ar mac Seain A Burc & coccadh d'eirghe etorra, & Sliocht Riocaird A Burc. Creacha & marbhtha a iomdha do dhénamh dóibh for aroile.
Creacha aidhbhle & airccthe ainiarmartacha do dhénamh lá Niall Ócc Ó Neill ar Ruibilin Mac Domhnaill, & a m-breith lais h-i f-Feraibh Manach.
Corbmac mac Meg
Uidhir do ghabháil i f-fiull lá cloinn
I Neill .i. lé Fer Dorcha mac
Cuinn mic Cuinn, & la
Feilim Doibhlénaigh mac
Airt Óicc mic Cuinn I
Neill, & drong dá marc-sluagh do mharbhadh amaille fris im
Uilliam mac Diarmata,
AOIS CRIOST, 1533. Aois Criost, míle, cúicc céd triocha a trí.
Mac Diarmatta Maighe Luircc Diarmaid mac Ruaidhri Mic Diarmata do mharbhadh a f-fiull lá cloinn Eoccain mic Taidhcc Mic Diarmatta, & Eocchan mac Taidhcc do gabháil tighearnais 'na deadhaidh.
O Maol Muaidh Domhnall Caoch mac An Chosnamhaigh tighearna Fear c-Ceall do mharbhadh a f-fiull lá a dearbrathair féin (.i. Cu Choicriche), & lá mac a dearbhrathar .i. Art ar faithche Lainne h-Eala, & Ó Maol Muaidh do ghairm dá dearbrathair .i. Cathaoir.
Feilim Bacach mac Neill mic Cuinn I Neill d'écc.
Da mac Feilim mic Ruaidhri Bhacaigh I Neill do mharbhadh la Maghnus Ua n-Domhnaill.
Emann mac Cuinn, mic Neill, mic Airt do mharbhadh lá cloinn Meg Uidhir.
Caislén Sliccigh do gabhail lá Tadhcc Ócc mac Taidhcc, mic Aodha Uí Conchobhair ar ionnsaicchidh oidhche iar m-brath an bhaile, & iarna chur amach do bardaibh an caisléin fein.
Caislén Aird na Riagh do ghabháil mar an c-cédna san oidhche lá cloinn Tomais A Búrc ar chloinn I Dúbhda.
Creach mhór a dhénamh lá h-Ua n-Domhnaill ar Ua n-Eghra m-Buidhe etir dá abhainn tréna aimhreir do dhénamh d'Ua n-Eghra.
Niall mac Murchaidh Mic Suibhne do mharbhadh ar droichet Sliccigh. Bá h-esidhe ócc-macaomh bá ferr, & bá derscaighthe dia chinidh budhéin.
Muircheartach mac Feilim, mic Toirrdhealbhaigh Carraigh Uí Conchobhair do
Iarla Chille Dara do theacht arís go h-Ele do chabhair Fhir Gan Ainm I Cearbhaill go Suidhe an Róin, & a bheith a b-forbhaisi imon c-caislén, & consapal maith dia mhuintir do mharbhadh, & a iompudh iar n-gabháil an bhaile. O Cerbhaill do gairm d'Uaithne Charrach mac Seain in acchaidh Fhir Gan Ainm, & esaonta coccaidh d'éircce i n-Éle trít-sin.
Corbmac Mac Cochláin tighearna Cloinne Conchobhair d'ecc.
Cathaoír Mac Cochláin airchinneach Chluana Mic Nóis d'écc.
AOIS CRIOST, 1534. Aoís Criost, mile, cuic ced, triocha, a ceathair.
O Conchobhair Ruadh Tadhcc Buidhe mac Cathail Ruaidh d'écc, & Ó Conchobhair do ghairm dá mhac .i. Toirrdhealbhach Ruadh.
Mac Diarmada Maighe Luircc (Eoccan) d'écc san c-Carraicc iar m-beith bliadhain a t-tighearnas, & Macch Luircc do bheith easaontadhach cogthach re a linn. Mac Diarmatta do gairm d'abb na Búille .i. Aodh mac Corbmaic Mic Diarmatta. Clann Taidhcc Mic Diarmatta do ghabhail na Cairrcce fair, & nír bhó luccha a chách easaonta an tíre ré a linn.
Eocchan mac Aodha mic Néill mic Cuinn, an t-aoín-fear ba fearr do Sliocht Aodha Bhuidhe do mharbhadh lá h-Albanchoibh d'urchor do shaighitt for Loch Cuan.
Toirrdhealbhach Dubh Ó Diomasaicch do mharbhadh a f-fiull lá a brathair féin, la Muircheartach Ócc Ó n-Díomasaicch iar m-beith dhó ar slánadh Dé & naoímh Éimhin, & Muircheartach Ócc budhdhéin do mharbhadh a t-traide iar-sin lá h-Ua Mórdha tre mhiorbhuilibh Dé, & Éimhin.
O Gallchubhair .i. Emann mac Eóin mic Tuathail d'écc co h-obann.
Corbmac mac Ferghail Mic an Baird, saoí lé dán aon bá ferr baoí ina aimsir dia chinedh a leith fri deirc & frí daonnacht d'écc iar n-ongadh, & iar n-aithricche.
Maol Muire Mac Eochadha adhbhar ollamhan Laighean lé dán, fer erccna iolldánach bá maith tegh n-aoidhedh do mharbhadh go teccmaiseach lá derbráthribh a mhathar lá cloinn I Thuathail.
Maghnus Buidhe Ó Duibhghennáin do tachtadh dá mhnaoí fein san oidhche.
Eccnach, & iomchosaoíd mór do dhol ó maithibh Gall & ón comairle ar an iustis (iarla Cille Dara Geroitt Ócc mac Geróitt, mic Tomais forlamhaidh neirt & cumhachta Ereann) gusan rígh an t-ochtmhadh Enri go Saxaibh, & an t-iarla do dhol do shaighidh an rígh do ghabhail a leithscéil fris, & nír bo tarbha dó ar ro gabhadh é, & ro cuireadh isin Tor, & baoí ann fri h-edh m-bliadhna, & ro bás acc imirt dligidh fair. Ro fháccaibh an t-iarla Geróitt cloidhimh an righ aga mac Tomas ag dol dó go Saxaibh. At-berat aroile gur bó h-e Uilliam Scceimonton baoí ina iustis i n-ionadh Ghearóitt.
AOIS CRIOST, 1535. Aoís Criost, mile, cuicc ced, triocha, a cúicc.
Iarla Cille Dara (.i. iustis na h-Ereann) Geróitt Ócc mac Geróitt mic Tomais dearscaightheach Gall & Gaoidheal Ereann ina aimsir, uair ní namá leth a ainm & a erdearcus fo Erinn uile acht ro clos h-i criochaibh eitirchianaibh eachtair-cheneóil a alladh, & a ard-nós, do écc ina braighdenus h-i Lonndain. Ro gabh iaramh mac an iarla .i. Tomas ag díoghail a athar ar Ghallaibh, & ar gach n-aén tucc fochann dia chor a h-Eirinn, & ro ath-chuir cloidhemh an rígh uadha, & do-ghní uilc iomdha fri Gallaibh, & fo-gheibh aird-espoc Atha Cliath a oidheadh lais, ar
Eiccneachan mac Domhnaill I Domhnaill do mharbhadh lá cloinn Uí Baoighill.
Inghen I Neill Siubhan inghen Chuinn mic Enrí mic Eocchain ben Maghnusa Uí Domhnaill d'écc (.i. an. 21. August) a lár medhón a h-aoís & a h-inmhe, ben a h-aosa bá dersccaighthe crábhadh, & eineach baí in aon-aimsir ria ar nír bó slán di acht .xlii. an tan ro fhaoídh a spirat, & a h-adhnacal go h-onorach h-i Mainistir .S. Froinseis h-i n-Dún na n-Gall.
Mac Suibhne Tire Bóghaine Maol Muire Mór mac Neill Mic Suibhne do mharbhadh h-i f-fioll lá a dearbhrathair fein .i. Niall ag dorus caislein Mic Suibhne .i. Rathain a b-feil Pedair & Póil.
Fer Dorcha Mag Cochláin tighearna Dealbhna Ethra d'écc, & Felim mac Máoilir Meg Cochláin do gabhail a ionaidh.
Fingin mac Connla Még Cochlain do mharbhadh lá Fer Gan Ainm mac Fir Dorcha.
Muircheartach Mac Donnchaidh, mic Murchaidh, & a dhias mac Sean Glas & Feargal do mharbhadh h-i Mhaigh Imleach lá h-Ua n-Eghra m-Buidhe iarna m-brath go meablach do neoch da muintir fein.
Maidhm mór do thabhairt lá Mac Amhlaoibh dú inar marbhadh tighearna Claonghlaisi, & Mac Giobúin, & córucchadh mór do Cloinn t-Sithigh, ro marbhadh ann fós a f-friothghuin Maol Muire mac Briain Mic Suibhne consapal Mic Amhlaoibh a t-tosach na h-iomghona.
Maoíleachlainn mac Cairpre I Bhirn do mharbhadh lá cloinn Cathail mic Meic Diarmata.
AOIS CRIOST, 1536. Aois Criost, mile, cuicc céd, triocha, a se.
Mainistir Droma Dhá Ethiar do losccadh go teccmhaiseach san oidhche iar c-codladh do chách a c-coitchinne, & Eremhon Ó Domnaill brathair minur do losccadh innte, & morán maithesa archena do mhilleadh innte.
Teadhmanna & galra ile isin m-bliadhain-si .i. pláigh coitchenn, galar breac, flux, & fiabras dia ro éccsat sochaidhe.
Corbmac Ócc mac Corbmaic mic Taidhcc Még Carthaigh, aon-rogha Gaoidheal Leithe Mogha d'écc iar m-breith buadha ó dhomhan, & o dheman & a adhnacal h-i c-Cill Credhe.
Mac Uilliam Cloinne Riocaird, Sean mac Riocaird mic Emainn d'écc & coccadh mór d'eirghe h-i Cloinn Riocaird fan tighearnas dia ro gairmedh da Mac Uilliam isin tír, Mac Uilliam do Risdeard Bacach mac Uillicc, & Mac Uilliam d'Uillecc mac Riocaird Óicc, & Uillecc na c-Cend do bheith ag congnamh lá Risdeard m-Bacach.
O Raghailligh Fergal mac Seain mic Cathail tighearna Ua m-Briúin & Chonmaicne fer, fial, fosaidh, firinneach, dearlaictheach deigh-einigh d'écc iar c-comain & sacarfaic.
Mag Flannchaidh taoíseach Dartraighe .i. Feradhach mac Uilliam d'écc, & bá fer dércach, daonnachtach eisidhe.
Tomas Ó h-Uiccinn oide fer n-Ereann, & Alban lé dán d'écc.
Feilim mac Feilim I Ruairc d'écc i n-geimhel ag Brian mac Eoccain mic Tighearnain I Ruairc.
Cathal mac Seoínín, mic Seain Uí Maoil Moicherghe fer bioth-caithmhech buan-chonáigh do écc.
Maithe Iochtair Connacht .i. Tadhcc Ócc mac Taidhcc mic Aodha, Tadhcc mac Cathail Óicc Uí Chonchobhair, Clann n-Donnchaidh, & clann I Dhúbhda do dhol ar Sliocht Riocaird A Búrc ar tarraing an espaig Bairéd, & creacha an tíre do teichemh rempa go Termann Tighernain Oiridh & an t-espog dá tabhairt asan Termann do shaighidh an t-sloigh, & gan na creacha d'aiseacc i n-onóir an naoímh.
O Conchobhair do ghairm do Tadhcc Ócc mac Taidhcc mic Aodha mic Toirrdhealbhaigh Charraigh Uí Chonchobhair & bá h-esidhe céd-duine dar goireadh O Conchobhair i n-Iochtar Connacht do Sliocht Briain Luighnigh óir bá Mac Domhnaill mic Muircheartaigh ainm an tí nó biodh h-i c-cennas nó a c-cumhachta an t-sleachta-sin có sin, & bá ar daigh onóra & do dhearsccughadh dona tighernaibh tainic reimhe do-róine-siumh an caomhclúdh anma-sin. An t-Ua Concobhair nua sin, & mac Cathail Óicc Uí Chonchobhair do dhol ar ionnsaighidh h-i c-Cloinn Goisdealbhaigh, & ní ruccsat ar chreich & ó ná fuairsiot edala ro gabsat foslongport a t-timcheall Cille Colmain .i. baile Mic Rudhraighe Mic Goisdealbhaig, & tainic féin h-i l-laimh go h-Ua c-Concobhair ar a bhaile do léccan saor dhó, & do-bert lúireach oirdearc do baí aicce .i. lúireach Mhic Feorais d'Ua Conchobhair & ticc Ua Conchobhair co Slicceach gusan m-braghaitt-sin lais a n-gioll lé a lán-fhuasccladh.
Ro éirigh an tan-sin coccadh & esaonta etir Ua n-Domhnaill & maithe Iochtair Chonnacht uile cenmotha Brian mac Eoccain Uí Ruairc namá, an ní bhaoí-sidhe ag congnamh la cechtarna dibh san ionam-sin. Ro tionoileadh de-sidhe slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill cona chloinn achtmadh Maghnus namá uair ní thainicc-sidhe h-i sochraide a athar don cur-sa ar dhaighin I Néill. Tainicc isin sochraide-sin I Dhomhnaill, Mag Uidhir Cú Chonnacht, mac Uí Neill Niall Ócc mac Airt, mac I Raigilligh .i. Aodh mac Maol Mhordha co n-eirghe amach Uí Raighilligh. Tangattar
Mac Donnchaidh do gairm do Donnchadh mac Taidhcc mic Ruaidhri mic Conchobhair mic Taidhcc mic Tomaltaigh mic Muirghesa mic Donnchaidh, & gan Mac Donnchaidh fén d'écc .i. Eoghan mac Donnchaidh mic Murchaidh, ar a aoí baoí-sidhe i n-erra aoisi iarna dhallad. Ro eirigh coccadh etir cloinn Eoghain & Mac Donnchaidh imon tighearnas acht ní ro milleadh ní suaithneadh etorra.
Slóiccheadh lá h-Ua
c-Concobhair Sliccigh, & la Brian
mac Uí Ruairc, & lá mac Cathail Óicc
Uí Conchobhair ar tarraing
Mic Diarmada, & cloinne Taidhcc Mic
Slóiccheadh lasan iustis Saxanach isin Mumain siar dia ro ghabh Carraic O Cainnell & dia ro bris droichet Mhurchaidh I Briain & ad-beratt aroile go m-baoí cuid do Dhonnchadh mac I Bhrian do tharraing an iustis don cur-sin.
O Ruairc do ghairm do Brian mac Eoghain mic Tighernáin Uí Ruairc & caislén An Chairthe do leccadh lais.
Domhnall mac Donnchaidh Uí Cheallaigh cenn fedhna tocchaidhe, & tanaiste Ua Maine ó Charaidh go Grein, & Eiccneachán mac Maoileachlainn mic Donnchaidh a dearbrathar do mharbhadh araon h-i f-fiull lá Maoileachlainn mac Uilliam mic Maoíleachlainn Uí Cheallaigh ag Fedhaibh Atha Luain tria fhorchongra cloinne derbhrathar Domhnaill budéin .i. clann Taidhcc mic Donnchaidh I Chellaigh.
Clann Mic Uilliam Cloinne Riocaird Sean Dubh, & Rémann Ruadh dias mac
Mac Goisdealbhaigh Sean mac An Ghiolla Dhuibh, fer derlaictheach, deigh-einigh deigh-cennais fedhna fri dénamh uaisle do mharbhadh tré thangnacht lá druing dia chinedh fein.
O Conchobhair Failghe, Brian mac Cathaoír d'ionnarbadh as a dhúthaigh, & a chaisléin uile do bhrisedh iar marbhadh sochaidhe dia mhuintir agá n-gabhail lasan iustis Saxanach .i. Lord Linard, & tria format, & tria imdeall dearbhráthar Uí Concobhair fein .i. Cathal Ruadh do-rónadh innsin.
Donnchadh Ua Cerbhaill d'aithríocchadh Fhir Gan Ainm, & Uaithne Charraigh a dherbrathair fein, & tighernas do bhein díbh araon.
AOIS CRIOST, 1537. Aois Criost, mile, cúicc céd, triochat, a seacht.
Coccadh etir Aodh m-Buidhe Ó n-Domhnaill & Maghnus Ó Domhnaill. Clann Uí Bhaoighill do beith ag congnamh lá h-Aodh, & Aodh feissin do beith i c-caislen Dhúin na n-Gall. Ro eirigh commbuaidhreadh mór h-i c-Cenel c-Conaill tre esaonta cloinne I Domhnaill fria 'roile dia ro marbhadh drong do Shliocht an Espuicc Uí Ghallchubhair lá cloinn Uí Bhaoighill .i. mac Toirrdhealbhaigh Óicc mic Briain, & dias mac Eocchain Bhallaigh mic Briain & araill ele cenmothat.
O Domhnaill Aodh mac Aodha Ruaidh mic Neill Ghairbh mic Toirrdealbhaigh an Fhíona tigherna Tire Conaill Innsi h-Eocchain, Cenel Moain Fher Manach, & Iochtair Chonnacht, fer gus a t-tangattar comhtha, & cíos-chana ó thiribh oile chuicce fors m-baoí a smacht & a chumhachta amhail atá Magh Luircc, Machaire Connacht, Clann Chonnmaigh, Goisdealbhaigh, Gailengaigh, Tir Amhalgaidh, & Conmaicne Chúile don taobh
Mag Uidhir Cú Chonnacht, mac Con Chonnacht mic Briain mic Pilip tigherna Fher Manach, fer dércach daonnachtach bá mó clú láimhe, & uaisle & einigh da t-tainicc do Shliocht na c-Colladh lé ré cian d'aimsir, & do chuir ó Cluain Eoais co Caol Uiscce fó a smacht, fer coisccthi bithenach, & aosa uilc, fer accá m-baoí sonas & saidhbhrios re a linn do marbhadh (.8. October) ar Creachan (.i. Oilen na m-Brathar) for Loch Eirne a f-fiull lá Sliocht Tomais Meg Uidhir, & lá Sliocht Tomais Meg Uidhir, & lá Sliocht Toirrdhealbaicch (.i. Flaithbeartach mac Pilip mic Toirrdhealbaigh) Meg Uidir. A adhnacal i n-Daimhinis ar tús. Ro tóccbhadh a c-cenn athaidh iar sin lasna braitribh minura, & tuccsat leó h-é co Mainistir Dhuin na n-Gall, & ro h-adhnaicedh é as a h-aithle lasna braithribh amhail ro ba dú.
Slóiccheadh lá h-Ua Neill (Conn) h-i t-Trian Conghail co ro mhill, & co ro creach morán don tír ara aoí ro gabhadh mac I Neill ag Bél Feirste ar deiriedh t-sluaigh & ticc Ó Neill dia thigh iaramh.
Niall Ócc mac Neill mic Cuinn I Neill tighearna Trin Conghail d'écc go h-obann an tan-sin. O Neill do shoadh doridhisi h-i t-Trian Conghail, & a mac baí h-i laimh d'faghbáil dó, & easaonta & imreasain do beith i t-Trian Conghail fán tighernus.
Niall mac Aodha mic Neill mic Cuinn mic Aodha Buidhe adhbhar tigherna Trin Congail fer lér cosmhail lenmhain luircc a shinnsior ar uaisle ar eineach, ar dhíol damh & deoradh do mharbhadh lá h-Albanchoib.
Mac Uí Raighilligh (Brian mac Fergail écht adhbhal ina dhúthaigh feissin) do mharbhadh lá muintir an iustis Saxanaigh ar t-teacht doibh ar creich i c-Cloinn Mathghamhna.
Mac Mheic Suibhne (Maol Muire) do mharbhadh lá cloinn Murchaidh Mic Suibhne.
Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Maghnus i n-Iochtar Chonnacht h-i mí September dia ro milleadh arbhar iomdha lais, diar loiscc, & diar imthicch Iochtar Chonnacht uile .i. Cairpre, Tír Fhiachrach, an dá Luicchne, An Corann & Tir Oilella. Ro gabhadh
O Gadhra Eoccan mac Diarmata, mic Eoccain tigearna Chúile Ó f-Finn d'écc.
Tadhcc mac Aodha mic Aodha Mic Con Snamha taoíseach Muintire Cionaoith d'écc.
Mac I Raighilligh (Cathaoír Modartha mac Seain mic Cathail) do mharbhadh a t-toraighecht la Saxanchoibh.
Mac Uí Dochartaigh .i. Niall Caoch mac Gerailt mic Domhnaill mic Feilim do mharbhadh ar greis oidhche lá Rudhruighe mac Feilim I Dhochartaigh i m-Baile na c-Canánach h-i t-Termmann Doire.
O Flannaccain Thuaithe Ratha Giolla Iosa, & a mac do mharbhadh lá a chinedh fein & uilc iomdha do dhenamh i f-Feraibh Manach etir losccadh & chreachadh iar m-bás Még Uidhir.
Creacha & loisccthi do dhénamh las An c-Calbhach Ó n-Domhnaill h-i c-Cloinn Amhlaoibh, & creach ele do dhénamh lais ar Ó c-Catháin.
O Conchobhair Failghe do gabhail neirt a dhuithche doridhisi do nemhthoil an iustis Shaxanaigh, & a bhraithreach fein .i. clann Uí Chonchobhair & sochaidhe dá n-daoínibh do marbhadh lais.
Mac Uí Mhaoileachlainn, Semus mac Murchadha do mharbhadh la mac I Chonchobhair Fhailghe fer a chomhaosa bá mó clú, & caithreim dia chinidh fein eisidhe.
Toirrdhealbhach Cléreach .i. Ó Maoíleachlainn do mharbhadh h-i c-Calraighe lá cloinn Fheilim .i. Cédach & Conall, & Art Ó Maoíleachlainn do ghabhail ionaid I Mhaoíleachlainn.
Tomas mac iarla Cille Dara mac as ferr tainicc ina aimsir do Ghallaibh
Eithriticceacht, & sechrán nua h-i Saxaibh tria dhiumas, & ionnoccbháil tria accobhar, & antoil, & tré iomatt ealadhan n-éccsamhail co n-deachattar Fir Saxan i n-acchaidh an Phapa & na Rómha acht atá ní chena ro adhrattar do bharamhlaibh examhlaibh, & do shen-reacht Maoísi ar aithris an cinidh Iudaighe, & ro ghairsiot aird-chenn ecclaisi Dé ina flaithes fein don righ. Do-rónadh lasan righ & lasan c-comhairle dlighthe & statuiti nuaidhe iarna t-toil fein. Ro scriosadh leó na h-uird diar bó cedaighthech sealbh saoghalta do beith occa .i. manaigh, cananaigh, cailleacha dubha, & braithri croisi, & na ceithre h-uird bhochta .i. an t-ord minúr, presidiur, carmuliti, & augustiniani. Ro toccbhadh a t-ticchernus & a m-betha-so uile gusan rígh. Ro briseadh leó dna na mainistrecha. Re reacsat a c-cinn & a c-clucca cona baoí aon-mhainistir ó Arainn na Naomh co Muir n-Iocht gan briseadh, gan buan-rebadh achtmadh beccan namá i n-Érinn ná tuccsat Goill
AOIS CRIOST, 1538. Aoís Criost, mile, cuicc ced, triocha, a h-ocht.
Aodh Buidhe Ua Domhnaill mac Aodha mic Aodha Ruaidh adhbhar tighearna Thire Conaill, fer ro ba maith aithne & eolus in gach ealadhain, bá ferr dearlacadh & deigh-eineach, bá ferr engnamh i n-gurt gliadh, & i m-beirn bhaoghail, & as mó ro saoíleadh do rochtain tighernais a thíre fein do reir fhoistine & airrdhen do écc h-i c-Cill Ó t-Tomhrair iar c-comain, & shacramen .22. do Marti.
Niall mac Cuinn mic Airt I Neill saoí tocchaidhe ar oirbeart & ar uaisle do mharbhadh ar greis oidhche lé mac Néill I Néill h-i c-Caislén na h-Óghmhaighe iar m-brath an bhaile do dhreim da raibhe istigh isin c-caislén & Niall Ó Neill do bhrisedh an chaisléin iar sin, & a beith a n-diaidh an mharbhtha-sin for a mac féin.
Mac Még Fhlannchaidh Cathaoir mac Feradhaigh mic Uilliam adhbhar taoísigh Dartraighe d'écc in Dún c-Cairpre.
Fer Gan Ainm mac Fir Dorcha Méc Cochláin tanaisi Dealbhna Ethra do mharbhadh lá cloinn an priora Még Cochláin.
Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Maghnus i n-Iochtar Connacht dia ro gabhadh lais caislén Sliccigh go h-aithesach baí fó chongaibh maith bardadh & ordanais iar
AOIS CRIOST, 1539. Aois Criost, mile, cúicc céd, triocha, a naoí.
O Briain Tuadhmumhan, Conchobhar mac Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc d'écc iar m-beith athaidh i t-tighernus, & an tír do beith co toictheach trom-conáigh ré a linn. Murchadh mac I Bhriain .i. mac Toirrdealbhaigh mic Taidhg d'óirdnedh na ionadh amhail do thuill a airilledh feissin.
Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill, Maghnus i n-Iochtar Connacht etir Nodlaicc & feil Bríghde dia ro ben a láin-réir do chiós & do braighdibh díobh, & tainic slán dia thigh.
O Néill .i. Conn do thocht go Dún na n-Gall im chaiscc do shaighidh Uí Dhomhnaill, & ro naidhmsiot síth, caradradh, & codach amhail as deach & as daingne ro fhédsat fri aroile.
Mac Mhég Uidhir Corbmac, mac Con Chonnacht, mic Con Chonnacht, mic Briain, mic Pilip tanaisi Fher Manach deigh-fher co n-uaisle & co n-eineach do mharbhadh h-i meabhail lá muintir a dhearbhraithreach ina fhiadhnaise bádhéin.
Slóiccheadh lá h-Ua Néill Conn, & lá h-Ua n-Domhnaill, Maghnus d'aon-comhairle & d'aon-aonta gusan Midhe & an rob aimhriarach dóibh dona tíribh-sin do mhilleadh & do losccadh rempa go Temhraigh. Fó-ríth edala aidhbhle iomdha don turus-sin ar ní ro thionoilsiot Gaoidhil do shaighidh Gall isna h-aimsearaibh deidhenchoibh aon-sloighedh as mó lér milleadh do maithes na Midhe inás an creach-shloigheadh íshin, dóigh rob iomdha édala óir & airccitt, umha, & iarainn, ionnmus, & iolmhaoine, & gacha maithesa archena tuccsat a Baile Atha Fhirdhiadh, & as a Nua-chongbháil iarna lom-arccain leó don turus-sin. Ag tionntudh dona slógaibh-sin ina f-frithing. Ro ghabh brigh, & borrfadh, uaill, & diomus iad ar aidhble a n-édala ona fuairsiot frithbert friú. An tan ro clos lasan iustis Saxanach Lord Linard na sccela-sin, do-rónadh lér-tionól a raibhe do Saxanchoibh i n-Erinn uile lais, & sochraide bailtedh mór na Midhe etir chill & tuaith, & a m-baoí do chobhlaighibh arna cuantaibh ina comhfhochraibh, & co h-airidhi cobhlach adhbhal baoí for cuan Cairlinne. Iar t-tocht na t-tóichestal-sin uile go h-aon-bhaile gusan iustís ro len an sluagh Gaoidhealach go h-Oirghiallaibh, h-i f-Fernmhaigh airm attá Bél Atha h-Oa, ní ruacht lasan sluagh n-Gaoidhealach dol in inneall nó a n-orducchadh amhail ro ba dír dóibh, & ní mó ro urmaissiot comhairle a n-aireach do ghabháil do cosnamh nó do chothucchadh cath-laithreach acht ro imthighsiot go h-esraíte anordaighthe go ro fhagaibhsiot mór dia n-edalaibh fein & d'edalaibh Gall isin maighin-sin aga m-biodhbadhaibh iar sraoíned forra. Ro marbhadh drong dia n-daosgar-shluagh & ní ro marbhadh a becc dia n-uaislibh cénmota Maol Muire Meirgech mac Eóin Ruaidh Mic Suibhne torchair ó Cenel Conaill ar an láthair-sin. Mag Aongusa Muircheartach do ghabhail lá dreim d'Oirghiallaibh, iarná fhaghbhail i n-uathadh iar
Niall Ócc O Baoighill do mharbhadh lá Concobhar mac Uí Bhaoighill.
Ó Maoíleachlainn Art, fer aghmhar ionnsaightheach, & a mac Cathaoír O Maoíleachlainn deccanach Cluana do mharbhadh i f-Fornocht la cloinn Fheilim Uí Mhaoíleachlainn, & Féilim do ghabhail tighernais.
Mag Cochláin Feilim mac Maoilir do mharbhadh i m-Bendchor lá cloinn I Madagáin .i. Maoíleachlainn God, et cetri, a n-diaidh aifrinn dia domhnaigh an dara Nonas Iulii.
Tighearnas Dealbhna do roinn lá h-Ua Maoileachlainn Feilim etir Art mac Corbmaic Még Cochláin, Domhnall mac Fir Dorcha, & Maoílechlainn mac Emainn.