Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1520

M1520.0

AOIS CRIOST, 1520. Aois Criost, mile, cuícc céd, fiche.

M1520.1

Niclás mac Piarais Uí Flannaccáin persún Daimhinnsi do thoccbhail as a ionadh co h-eccorach lé nert tuatadh, & a écc i m-Bothaibh.

M1520.2

Mag Aonghusa Domhnall mac Aodha mic Airt d'écc, & Feilim an Einigh a dhearbhrathair d'oirdneadh 'na ionadh, a écc sin dna, & Mag Aonghusa do ghairm d'Emann Buidhe Mág Aéngusa.

M1520.3

Muiris mac Tomais mic Tomais, iarla Desmumhan d'écc.

M1520.4

Mac Uilliam Cloinne Riocaird .i. Uillecc mac Uillicc d'écc.

M1520.5

Mac Uilliam Búrc .i. Maoilir mac Tepoit do mharbhadh lá cloinn t-Seóinín Móir meic Mic Seóinín.

M1520.6

Mac Még Uidir (.i. Pilip mac Emainn) do dhol ar ionnsoighidh ar mac Pilip


p.1348

Uí Raghallaigh i n-Íochtar Tire, creacha do glacadh dóibh, & tóir trom do breith orra im Sliocht Briain Uí Raighilligh & im cloinn meic Cathail Í Ragilligh (.i. Fergal, & Maolmordha), & im Chloinn n-Domhnaill na Coininnsi, brisedh dóibh ar mac Még Uidhir, & ar mac Pilip mic Toirrdhealbhaigh Még Uidhir, & mac Meg Uidir (Pilip), cona mac Tomas do mharbhadh ann, & dá mac Pilip mic Toirrdhealbhaigh (Giolla Patraicc, & Emann) & Toirrdhealbhach mac Flaithbeartaigh mic Tomais Óicc Még Uidhir do mharbhadh and beós go sochaidhibh ele amaille friú.

M1520.7

Ruaidhri mac Aodha Még Uidhir do gabháil a b-fioll lé Donn m-Buide mac Meg Uidhir .i. mac Concobhair mic Tomais Óicc, & a thoirbert do Giolla Patraic Ócc mic Giolla Patraicc mic Emainn Még Uidhir, & a marbhadh lais-sidhe.

M1520.8

Cairpre, mac Concobhair, mic Cairpre, mic Corbmaic Í Birn consal & ceinnlitir Maicne Muiredhaigh do écc.

M1520.9

Toirrdhealbhach mac Feilim Meg Cochláin tighearna Dealbhna Ethra saoí i n-ecna & i n-eolas, fer ratha & ro shaidhbhresa, fer lasa n-dernadh caislén An Fhedáin, & caislén Chinn Choradh do écc iar n-deigh-bethaidh.

M1520.10

Pláigh mór san Machaire Stefanach dia ro éccsattar sochaidhe do dhagh-daoinibh.

M1520.11

O Caiside Feilim mac Taidhcc ollamh legha Sleachta Pilip, & Rudhraighe mac Donnchaidh mic Aodha Még Uidhir d'écc.

M1520.12

Muiris mac Tomáis, mic an iarla rogha Gall n-Geraltoch do mharbhadh la Conn mac Maoíleachlainn Í Mhórdha co sochaidhe ele amaille fris.


p.1350

Annal M1521

M1521.0

AOIS CRIOST, 1521. Aois Criost, mile, cúicc céd, fiche, a h-aon.

M1521.1

Prióir Daimhinsi d'écc .i. Remann mac persuin Innsi Maighe Samh, fear cléirchidhe coinnirchil dercach, daonnachtach eisidhe.

M1521.2

Mag Mathgamhna d'écc .i. Remann mac Glaisne, mic Remainn, mic Rudhraighe, & Mácc Mathghamhna do ghairm da mac .i. Glaisne Ócc.

M1521.3

O Catháin .i. Tomas mac Aibhne d'écc, & ro gabhadh é riasan tan-sa, & do benadh an tighearnas ar eiccin de lá Donnchadh Ua Catháin.

M1521.4

Donnchadh mac Ruaidhri mic Briain Még Uidhir do marbhadh la macaibh Meg Samhradháin .i. Domhnall Ócc mac Domhnaill Bhernaigh, Uaithne mac Maghnusa Még Samhradháin, & ní bhaí dia chinidh fer a aoísi bá ferr iná an Donnchadh ishin.

M1521.5

Grainne inghen Tomáis Í Eoghain mathair an chomharba Mhég Uidhir, ben bá mor sonas & saidbres, dearlaccadh & deagh-eineach d'écc.

M1521.6

Rudhraighe mac Éiccneacháin Í Domhnaill do marbhadh la Gallaibh ag Dún Dealgan, & é h-i f-farradh Í Neill .i. Chuinn mic Cuinn.

M1521.7

Toirrdhealbhach mac Donnchaidh Mic Suibhne do écc.

M1521.8

Tighearnus Dealbhna do roinn (lá h-Ua Maoileachlainn Toirrdhealbhach, & lá h-Ua c-Cearbhaill Maol Ruanaidh) etir An Fhior Dhorcha mhac Még Cochláin, Fínghin Ruadh & Corbmac.

M1521.9

Síle inghen Néill Ghairbh Uí Domhnaill d' écc an 14 August.


p.1352

Annal M1522

M1522.0

AOIS CRIOST, 1522. Aois Criost, mile, cuícc céd, fiche, a dó.

M1522.1

Remann Ruadh Mág Uidhir, prióir Lesa Gabhail d'écc.

M1522.2

Coccadh anbháil ar n-eirghe etir Ua n-Domnaill, & Ó Neill, Mac Uilliam Cloinne Riocaird, Goill & Gaoidhil Connacht, Síol m-Briain, Siól c-Cenneittigh & Síol c-Cerbhaill do denam comhaonta & coimchengal lé h-Ua Neill i n-aghaidh I Domnaill docum an choccaidh-sin, At iat na maithi do cengail ré 'roile ag techt ar an sluaigh aniar, Mac Uilliam Clainne Riocaird, Uillec mac Uillic an Fhíona, & drong do mhaithibh Síl m-Briain, Donnchadh, & Tadhcc, clann Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc I Briain, & an t-Epscop ócc Ó Brian, Ó Cerbaill Maol Ruanaidh mac Seain, & Síol c-Ceinneittigh, & ni h-iatt amháin act na daoíne for a raibhe a chíos-cháin do Connachtaibh, & do bhí umhal dó go sin, Ó Conchobhair Ruadh, Ó Conchobhair Donn, Mac Uilliam Búrc, Mac Diarmata Maighe Luircc, & gach a m-baoí etorra-sin h-i c-Connachtaibh. Bátar sidhe uile i n-erlaimhe do thecht ar Ua Domhnaill & im fhéil Muire foghmair ro dhálsat fri h-Ua Néill h-i t-Tir Aodha.

M1522.3

O Neill tra ro tionoil-sidhe Cenel n-Eocchain cétus, Clann Aenghusa, Oirghialla, Raighilligh, Fir Mhanach, & fecht adhbhal Albanach fa mac Mic Domnaill, Alastrann. Tangatar ann bheós slogh-bhuidhne iomdha do Gallaibh na Midhe, & do Gallocclaechaibh chuiccidh Laighean do Cloinn n-Domhnaill, & do Cloinn t-Sithigh ar báidh inghine iarla Cille Dara roba mathair d'Ua Neill.

M1522.4

O Domhnaill dna ro thionóil-sidhe a sochraide m-bicc n-deirbh dilis budein h-i c-Cenél Conaill .i. Ó Baighill, Ó Dochartaigh, na tri Mic Suibhne, & Muintir Gallchubair imo mhac Maghnus co m-battar for an beirn m-baoghail in ro ba doígh leó Ó Neill dia n-ionnsoicchidh .i. Port no t-Tri Namat, o ro clos la h-Ua Neill an ní


p.1354

-sin as í conair do luidh tria Cenel n-Eocchain gan airiucchadh go riacht co Termann Da Beócc as-sidhe go h-Ath Senaigh, baí mac Mic Suibhne Tire Bogaine, Brian an Cobhlaigh (Ro fagaibh Ua Domnaill acc iomcoimhéd caisléin Beoil Atha Senaigh) ag cosnam an bhaile fri h-Ua Néill amail as dech for-caomhnaccair ara aoí tra ro gabhadh a baile fá deóidh lá h-Ua Néill, & ro marbhadh mac Mic Suibhne lais co n-druing móir dia muintir. Ro marbhadh ann dna dias d'ollamhnaibh I Domhnaill .i. Diarmait mac Taidhcc Caim I Chléirigh saoí shenchadha & fhir dhána, fer tighe aoidhedh coitcinn do threnaibh & do thruaghaibh, & mac Mic An Bhaird (.i. Aodh mac Aedha), & araill ele cenmotád (.i. an 11 Iún). Ro gabhadh & ro loiscceadh Bun Drobaoisi & Bél Leice lá h-Ua Neill don cur-sin. Ag sóadh do dreim dia shluaghaibh ó Bhun Drobaoisi ro marbhadh Rudhraighe mac Gofradha Gallda I Domnaill, & mac Mic Ceallaigh na Breifne lá taoibh Sgairbhe Innsi an Fhraoích leo.

M1522.5

Iarná cluinsin d'Ua Domhnaill na gniomha-sin do denam lá h-Ua Neill ro forchongair for Maghnus Ua n-Domhnaill co n-druing dia sluaigh dol do creach-losccadh Tíre h-Eoghain, & do-deachaidh fein tar Bernus gusan líon tarustair ina fharradh i n-deadhaigh I Neill d'imdeaghail Tíre h-Aodha. Dála Maghnusa ro creach-loiscceadh lais ina m-baoí ina chomhfhochraibh do Cenél Eocchain. Ro marbhait & ro mudhaighit daoíne iomdha lais bheós, & soais go c-cosccar.

M1522.6

O ro-fidir Ó Neill (Maghnas do dhol h-i t-Tir Eocchain) soais ina fhriting tar Finn, & ro mhill an tír roimhe go Cenn Maghair, & do-bert creach a Cionn Maghair lais, & luidh co c-cosccar dia thír.


p.1356

M1522.7

Ro gabhadh iaramh longport lá h-Ua Néill ag Cnoc Buidhbh ag Loch Monann (fris a raitear a c-coitcinne Cnoc an Bogha) gusan socraide rémhraite cénmothá an slógh aniar amhail remhebertmar.

M1522.8

Imthusa I Dhomhnaill ro shai tar Bernus iar rochtain Maghnusa gon-édálaibh iomdha dia shaighidh ó na tarraidh Ua Neill ag Ath Senaigh & o ná rucc fair iar n-denamh creiche Chinne Maghair, ro leir-theglamadh lais an conranagair do sochraide ger bó h-uathadh fri h-iolar dó-somh an tan-sin go rangatar go h-aon-mhaighin co Druim Lighen. Ro sgrúdsat a c-comhairle dus cidh do déndaoís im na deacraibh dicuimhgibh baí for cind dóibh uair ro fhedatar ná biadh a n-athmhaoín lá h-Ua Néll cona sluagh & lasan sluagh c-Connachtach ro dáil cuca dia t-tír dia roiseadh leó rochtain a c-ceann aroile conadh í comairle ar-richt leó indsaicchidh I Neill ar as é bá neasa dóibh uair roba lainne leo a mudhucchadh do mhaighin oldas a m-bioth-fognamh do neoch isin m-bith. As fair deisidh leó (o ro bháttar for líon sloigh ina n-acchaidh) amus longphuirt do thabhairt isin adhaidh for Ua Néill. Rainic rabhadh & reimhfhios na comhairle-sin go h-Ua Neill go ro lá forairedha fri forchoimhéd gach conaire inar dóigh leó Cenél c-Conaill do rochtain dia saicchidh, & baí fein cona shlógh h-i c-cathais iar na c-cúlaibh ina longport.

M1522.9

Iar n-indeall, & iar n-orducchadh, iar n-gresacht & iar n-gér-laoidhedh a bhecc slóicch d'Ua Dhomhnaill. Ro forcongair forra a n-eachra d'fágbháil, ar ní baí menmarc aca a lathair iombuailte d'iomghabhail munbhadh rempa bá raén. Ro asccnattar trá an tucht-sin co ro dáilsiot h-i c-cend lochta in fhorchoimetta gan airiucchadh dóibh, ar a aoí trá ro gabsat a lucht feithmhe agá erfhuaccra dia muintir co


p.1358

m-bátar a m-biodhbadha dia soigidh. Do-chótar trá Cenél c-Conaill as a n-indeall lá a dheine & lá a dhioghaire ro chingset ar a uamhan leó na forcoimédaighe do rochtain rempa do shaighidh I Néill gur bhó a n-aoínfhecht rangattar an longport. Ro láiset gáire móra ós áird acc rochtain h-i c-cenn aroile dóibh. Nir bhó meirbh ro freaccradh an conghair-sin lá h-anradhaibh I Néill ar ro gabhsat co calma cosantach acc imdiden a f-flatha & a b-foslongpuirt. Baoí an sluagh cechtardha acc comhmbualadh & acc comhmarbhadh aroile. Ro bhatar treóin accá t-traothadh, & laoích aga ledradh do cechtar an da leithe. Bátar fir aga f-fodhbhadh, machtadh & mídhiach for mearghasraidh isin maighin-sin. As suaill má ro fes lá cechtarna aca cidh fris a f-feradh a comhlann ar nír bhó forreil dóibh aighthe aroile lá doirche na h-oidhche & ar a dhlúithe ro bháttar h-i t-trecumasc aroile. Ro raoíneadh tra fo dheóidh ar Ua Néill cona shlógh & ro fáccbadh an foslongport ag Ua Domhnaill. Bá h-adhbhal tra an t-ár tuccadh ar Ua Neill isin lathair-sin, ar ro h-áirmhedh lá lucht na c-ceall in ro h-adhnaicit dronga dhíbh, & lásna coibhnesaibh báttar h-i c-comhfhochraibh dóibh tuilleadh ar naoí c-céd do thuitim do sochraide I Neill isin maidm-sin, go ro leith ainm, & airdercus an madhma-sin fo Erinn uile. Batar iad bá h-oirdherca torchair isin maidhm-sin, Domhnall Ócc Mac Domhnaill go n-druing dírimh do gallócclachaibh Cloinne Domhnaill, Toirrdhealbhach Mac Síthigh co sochaidhe móir dia mhuintir, Eóin Biséd co n-urmhór na n-Albanach táinicc lais, Aodh mac Eocchain mic Uilliam Mécc Mathgamna co n-dreim dia muintir, Ruaidhrí Mag Uidhir & araill dia mhuintir amaille fris. Torcrattar ann bheós ile do Laighneachaibh & d'feraibh Midhe ar ní tháinicc cenn slóigh na sochaidhe ó bhecc co mór isin tionól-sin I Néill nár bhó h-eccaoíntech iad diar faccaibhset dia muintir isin maighin-sin cona do na h-áraibh daoíne as mó tuccadh etir Conallchoibh & Eóganchaibh an maidhm-sin Cnuic Buidhbh. Tarthadar trá Cenel c-Conaill eich, airm, & edeadh, lon bídh, & biotáille, & seóid somhaiseacha shainemhla

p.1360

etir esccraibh & bleidhedhaibh na slogh fors ro sraoineadh leó & ge ro bhattar muintir I Domhnaill gan eocha acc dol isin c-cathiorgail battar eich iomdha leó ón fhiallach ro airlighset isin ármhach ishin. Do-chodar araill do shlógaibh Uí Dhomhnaill lá a n-édalaibh dia t-ticchibh gan comairleccadh dó. Ara aoi trá ro smacht-som forra toidhecht ina dhocom fó chédoir, & ro ascna amhail as déine con rainicc (iarna t-toghairm co h-aon-bhaile) tar Bernas Mór siar tar Eirne, tar Drobhaoís, tar Duibh, tré Iochtar Cairpri go ro gabh foslongport a c-Cethramhain na Madadh don taoíbh tuaidh do Beind Ghulban, uar tangattar an sluacch Connachtach do-ráidhsem go m-batar i n-iomshuidhe im Shlicceach bail i m-báttar bárdadha I Dhomhnaill ar ní bhaí airisemh forra gan teacht co Tír Chonaill acht co n-gabhdaoís an baile. An tan at-chualatar an dá Mac Uilliam, an dá Ua Conchobhair Mac Diarmata, Cland I Bhriain, Ó Cerbhaill & Siól c-Ceinneittigh cona slócchaibh Ua Domhnaill do ghabháil fhoslongpuirt i n-iomfhoccus dóibh, & an maidhm-sin do shraoíneadh lais ar Ua Néill as í comhairle ro chinnset teachta do chor uatha d'aslach síodha ar Ua n-Domhnaill, & do rairccset do feibh at-beradh Maghnus Ó Domhnaill & Ó Cerbhaill etir Ua n-Domhnaill & Mac Uilliam im gach caingin & im gach ní baí etorra. Batar iad ro faidhedh frisna tosccaibh-sin, Tadhcc mac Toirrdhealbhaigh I Bhriain, co n-dagh-dhaoinibh ele amaille fris. IN airet tra batar na teachta acc aisneis a n-aithiscc d'Ua Domhnaill as i comairle do-rónsat maithe na slógh-sin cona slóghaibh eludh gan fhios ón iomshuidhe h-i rabhatar, & ro chinnset for an c-comairle h-i-sin gér bhó h-iongnadh & gér bhó deacair ionnsamhail an t-slóicch baoí annsin ar líonmhaire a lér-thionóil ar uaisle a n-aireach, & ar aidhbhle a n-eccrait frisan tí baoí for a c-ciont do shódh fón samhail-sin co ro aithedh & co ro dioghladh cách díobh a ainninne for aroile. Ní ro h-anadh & ní ro h-airiseadh lasna slócchaibh-sin fri a t-techtaibh ná fri h-iomluadh n-aithiscc síodha no caoíncomraic co ruachtatar Coirrshliabh gur bó h-ann scarsat tighearnadha & taoisigh na slogh-sin ré 'roile.

p.1362

M1522.10

O Domhnaill imorro ní fhitir sidhe na slóicch do dhol uadha fón ionnus-sin, ar dia f-fesadh nó bhiadh ina lurc amhail as déine con-icfadh. Ro chuir tra Maghnus Ó Domhnaill iodhlacadh lasna teachtaibh .i. la Tadhcc mac Toirrdhealbhaigh I Briain conidh acc Corrsliabh rucc for a mhuintir. As suaill má ro bá mó do clú nó do cosccar d'Ua Domhnaill ar fhud Ereann an maidhm-sin Chnuic Buidhbh in ro farccbadh ár daoíne, & édála aidhbhle, iná an bán-maidhm-sin cen go ro fuiligheadh nó go ro fordhearccadh for neach etorra.

M1522.11

Domhnall (.i. Domhnall Cleireach) mac Seain Uí Cathain saor-macaomh a chinidh fein, & fear einigh coitchinn do mharbhadh lasan Rúta.

M1522.12

Domhnall mac Domhnaill Uí Ruairc saoí ar uaisle & ar oirbhert do mharbhadh lá cloinn Feidhlimidh Uí Ruairc.

M1522.13

Maighistir Feilim Ó Corcráin saoí dearsccaighthe i n-dlicchedh cánonta d'écc.

Annal M1523

M1523.0

AOIS CRIOST, 1523. AoiS CRioSt, Mile, cúicc céd, fiche, a trí.

M1523.1

Sean Ó Maonaigh baí 'na persún i n-Géisill, & na chananach coradh h-i Cill Dara, an t-aon-cleireach bá mó ainm & oirdearcas do bhaoí i n-Uachtar Laighean do écc.

M1523.2

O Catháin Donnchadh mac Seain ceand dámh & deóradh bá ferr ina aimsir dia chinidh fein do écc.

M1523.3

O Mórdha Cédac mac Laoighsicch d' écc.

M1523.4

Máire inghen I Mhaille ben Mic Suibhne Fánat an aoin-bhen consapail bá ferr ina h-aimsir d'écc.

M1523.5

O Maille Corbmac mac Eocchain féichemh coitchenn ar engnamh & ar eineach d'écc.

M1523.6

Mac Tighernain Ferghal mac Giolla Iosa Óicc, mic Giolla Iosa, mic Briain


p.1364

tigearna Teallaigh Dúncadha fear dércach daonnachtach d'écc, & a dhearbhrathair do ghabhail a ionaidh.

M1523.7

Brian mac Taidhcc An Chomhaid, mic Toirrdhealbhaigh mic Briain Catha an Aonaigh d'fagháil báis obainn h-i c-Cluain Ramhfhoda fhó fhéil Pattraicc.

M1523.8

Mac Uí Bhriain Tuadhmumhan .i. Tadhcc mac Toirdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh mic Briain Catha an Aonaigh do mharbhadh d'urchor do pheiler i n-Ath an Chamais for SiúirBuitilerachaibh (.i. lasan iustis Piarus Ruadh Buitilér) fer a aosa rér mó eaccla a esccarat an Tadhg-sin.

M1523.9

Mac Gille Eain Lochlainn do mharbhadh.

M1523.10

Mac Conmidhe Maoileachlainn d'écc.

M1523.11

Aodh Buidhe mac Cuinn mic Neill mic Airt I Neill do mharbhadh lá Ruaidhri Carrach mac Corbmaic mic Aodha.

M1523.12

Eogan mac Feilim mic Donnchaidh mic Tighernáin Óicc I Ruairc do bathadh ar Loch Glinde Éda.

M1523.13

Rosa mac Ruaidhri, mic Briain mic Feilim Még Uidhir d'faghail bháis i m-braighdeanus acc an c-Comharba Mag Uidir .i. Cú Chonnacht.

M1523.14

Aodh mac Airt I Thuathail fer a aoisi bá mó clú einigh & uaisle dá fhine do mharbhadh lá Branachaibh.

M1523.15

Coccadh etir Ó Neill .i. Conn, & Ó Domhnaill Aodh Dub mac Aodha Rúaidh. O Domnaill do bheith h-i f-foslongport ré h-edh an earraigh i n-Glionn Fhinne, & Maghnus Ó Domhnaill do dhol i n-Albain, & a toidhecht slán iar criochnucchadh a chuarta. O Domhnaill & Maghnas do dhol h-i t-Tír Eocchain, & an tír uile ó Bhealach Choille na c-Cuirritín go Dún n-Genainn do mhilleadh & do losccadh leó. Baile Mic Domhnaill .i. Cnoc an Chluiche do losccadh lá h-Ua n-Domhnaill & lubgort sainemhail


p.1366

baí ann do gherradh & do theasccadh lasan sluagh, & a m-beith adhaidh longpuirt h-i t-Tulaigh Ócc. An tír do mhilleadh, & do mhór-arccain ar gach taobh díbh, báttar dna adhaidh fhoslongpuirt la taobh Cairn t-Siaghail, Ro marbhadh, & ro buailedh buar iomdha, & airccthe aidhble, & tangattar slán iar n-ionnradh an tíre leó don chur-sin.

M1523.16

Do-dheachaidh trá Ua Domhnaill doridhisi h-i t-Tir n-Eoghain. Ro h-oircceadh & ro milledh an tír lais co n-dearna Ua Neill sídh ris a n-deiredh na bliadhna sa, & ní dearna écht oirdeirc etorra amhlaidh-sin.

M1523.17

Indsaicchidh lá h-Ua n-Domhnaill Aodh Ócc mac Aodha Rúaidh iar n-dénamh síodha lá h-Ua Néill iar t-teacclamadh a sochraide h-i t-tír & h-i c-coiccrích lais, dol dó co Bréifne Uí Ruairc. Creacha, & édála an tíre do chur la Fioru Breifne i n-diamraibh & i n-droibhelaibh an tíre dia n-iomchoimhéd & dia n-imdhíden for Ua n-Domhnaill. Bátar clann Uí Ruairc gusan líon sluagh tarrustair ina b-farradh ag imdheghail an tíre, ar a aoí trá do imthigh Ua Domhnaill an tír don turus-sin. Ro loiscceadh lais a foirccnemha, & a h-arbhanna, co nár fháccaibh ní bá ionairmhe innte gan losccadh.

M1523.18

Sluaiccheadh adhbhal-mhór la Gearóid iarla Chille Dara, & la Gallaibh Midhe, & lá h-Ua Néill Conn mac Cuinn, mic Enri, mic Eoghain ar Ua c-Conchobhair f-Failghe, & ar Chonall Ua Mhórdha & ar Ghaoidhealaibh Laighen archena. Na Gaoidhil-sin d'anamhain uile ar rádh I Néill, & ar a bhreithemhnas etorra, & an t-iarla, & Ó Néill ar n-dénamh síodha etorra do tabairt giall, & braghatt na n-Gaoidheal-sin i in urlaimh an iarla a n-gioll lé gach accra dá raibhe aicce orra, & a sccaradh ré 'roile fo shídh amhlaidh-sin.

M1523.19

Feradhach Buidhe Ó Madaccáin tánaisi Síl n-Anamcadha do mharbhadh lá sluagh Uí Cearbhaill .i. Maol Ruanaidh.


p.1368

Annal M1524

M1524.0

AOIS CRIOST, 1524. AOIS CRIOST, míle, cúicc céd, fiche, a ceathair.

M1524.1

Dias mac I Dhomhnaill, Niall Garbh, & Eocchan clann Aodha Óicc mic Aodha Rúaidh do cengal commbádha coccaidh ré 'roile, & a m-beith lé h-athaidh acc buaidhreadh an tíre go ro cuireadh futhaibh féin dol i n-acchaidh a cele. Ro gabadh baile Néill Ghairbh .i. Crannócc Locha Bethaigh lá h-Eoghan, iar m-beith don bhaile for a iocht & for a ionchaibh féin. Fáccbhais Niall an tír, & tucc ionnsaicchidh fhada im-chian doridhisi ar an m-baile co m-baoí a c-ceilcc a c-comhfoccus dó. Ro fhidir Eoghan an ní-sin, & ro ionnsaigh go h-airm i m-baoí Niall. Ro gabhsat ag iommbualadh athaidh fhada re 'roile go ro marbadh Eoghan ar an lathar-sin. Ro tromloiteadh Niall co n-erbhailt dia ghonaibh iarsin. Ro ba mór an t-echt riasan tan-sin an dias torchair annsin.

M1524.2

Diarmaitt mac An Ghiolla Dhuibh Ui Bhriain, fer a thighearnais féin as ferr nó riaradh lucht cuingeda neith fair, fer ro ba buaine eineach, & engnamh, fer ro saoíleadh d'anmhain le h-inmhe & lé h-oireachus a dhúithche do écc iar n-ongadh & iar n-aithrighe.

M1524.3

Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill h-i t-Tír n-Eocchain diar loiscceadh & diar h-aircceadh an tír lais, & teacht slán iaramh.

M1524.4

Sloiccheadh lasan iustis .i. Geróitt mac Geróitt iarla Chille Dara d'fhoiridhin a bhrathar I Neill .i. Conn mac Cuinn h-i medhón foghmhair do shonnradh do thocht for Ua n-Domhnaill d'aithe a áiniccne fair, & ní ro h-airiseadh leó co riachtattar Port na t-Tri Namhat, ar ba h-innill, & bá daingen leó beith isin maigin-sin ar uamhan I Dhomhnaill, ar ro bháttar domain-díogha talmhan & lethan-clasa lán-daingne ina n-uirthimcheall ann do-ronadh lá Maghnus Ua n-Domhnaill fecht riamh.


p.1370

Do-ronadh tionol trom slóigh lá h-Ua n-Domhnaill do chosnamh a críche fris an iustís, & fri h-Ua Neill. Báttar iad tangattar h-i sochraidhe I Dhomhnaill cenmotha a shochraide bunaidh budhdhéin, feacht adhbhal Albanach d'uaislibh Cloinne Domhnaill na h-AlbanMac Domhnaill fein Alasdrann mac Eóin Cathanaigh, & fá Aengus mac Eóin Cathanaigh, fa Mac Domhnaill Gallócclach co sochaidhi do deagh-dhaoinibh ele a h-Albain amaille friu. Ní ro h-anadh leó-sidhe co rangattar co Druim Lighen, & ro baí gealladh immbualaidh etorra arna mharach. Ro baí Maghnus Ó Domhnaill ag iarraidh an iustis & Ó Néill d'ionnsaicchidh in adhaidh-sin & ní ro fhaomh Ó Domhnaill sin lá daingne an ionaidh ina rabhattar, & ar uamhan an ordanáis bátar lá muintir an iustís. Do-chóidh tra Maghnus gan comharlécchadh d'Ua Dhomhnaill h-i mescc na n-Gallócclach dia chois do chaithemh & do mhescc-bhuaidhreadh t-sluaigh an iústís & I Neill & ro gabhsat for a n-diúbhraccadh do shaithibh saighitt conár leiccset tathamh nó tionnabradh dóibh go ro marbhadh An Calbhach mac Uí Bhriain leo co sochaidhe ele amaille ris, & rob écht mór esidhe ina duthaigh fein. As í comairle ro chinn an iustís, & Ó Neill ar abarach coinne síodha do chor go h-Ua n-Domhnaill, do-ronadh ón, ar ro naidhm an iustís sidh etir Ó n-Domhnaill & Ua Neill, & é fein h-i slánaibh etorra. Do-rónadh bheós cairdes Críost mar an c-cédna etir an iústis, & Ó Domhnaill co ro scarsatt fó sidh, & fó chaoincomrac tre mhíorbhailibh Dé don dul-sin. Acc tionntudh don iustis, & d'Ua Neill fuarattar Aodh, mac Néill, mic Cuinn, mic Aodha Buidhe, mic Briain Bhallaigh sluacch mór acc milleadh Tíre h-Eocchain, & an tan do-chuala Aodh na slóigh-sin do beith chuicce, Ro chuir urmhór a slóigh féin roimhe lá creachaibh & lá h-édalaibh an tíre. Ro airis fein co cian ina n-dedhaidh i n-uathadh slóigh co ruccsat tiucch an t-slóigh ele fair. Ro ionnsaighsiot é iarná faghbail i n-ettarbaoghal co ro marbadh (6. October), & co ro mudhaighead leó h-e ar in lathair-sin. Bá trogh tra & bá doiligh an t-saor-clann shoichinélach d'oidheadh amhlaidh

p.1372

-sin ar ní bhaoí a shamhail do Chenél Eoghain re cian d'aimsir ar uaisle, ar erghna ar eineach ar cródhacht, ar chomhnart, ar chosnamh conadh d'foraithmhet a bháis ro ráidheadh:
  1. A cethair fichet fír soin,
    mile cúicc céd do bliadhnaibh,
    ó ghein Dé co h-Aodh dh' oidhidh

    da m-be aon dá fhiarfoighidh.

M1524.5

Mac Uidhilín Corbmac, & mac Seain Duibh Mic Domnaill do lot & do ghabhail a h-aithle an marbtha-sin lá muintir I Neill.

M1524.6

Gormlaidh inghen Uí Dhomhnaill (Aodh Ruadh) ben Aodha mic Neill mic Cuinn I Néill, ben ro ba mo derlaccadh & deigh-eineach & ro ba mo cumaoín ar ordaibh & eccalsaibh, ar eiccsibh & ar ollamhnaibh (deithbhir ón ar baoí deigh-fher a dhiongmala lé) d'écc iar m-breith buadha ó doman, & deman.

M1524.7

Coccadh mór etir Cathanchaibh dár marbhadh Cu Maighe mac Briain Fhinn Uí Chatháin, & Fer Dorcha mac Ruaidhri an Rúta, & ro marbhadh for an coccadh-sin Aodh Carrach mac Ui DhochartaighGofraidh mac Gofradha Uí Cathain, & drong dá muintir amaille ris iar n-dol dóibh do chongnam lá Sean mac Tomáis I Chatháin.

M1524.8

Cu Mhaighe Ballach mac Domhnaill I Chatáin saoí dhuine uasail ar a chumhactaibh do mharbhadh lá cuid don Rutta.

M1524.9

Mac Donnchaidh Tire h-Oilella d'écc .i. Ruaidri mac Tomaltaigh mic Briain, & imreasain do beith etir Cloinn n-Donchaidh fa tighearnus na tíre, & Mac Donnchaidh do gairm do Corbmac mac Taidhcc mic Briain.

M1524.10

Mac Suibhne Tire Boghaine Niall Mór mac Eocchain consapal bá ferr lámh & laochdhacht, & bá crúaidhe croidhe & comhairle, bá ferr airisiomh, & ionnsaighidh, & bá ferr enech & engnamh, bá mó muirer & merghasradh, & as lia las ro briseadh


p.1374

do bernadhaibh baoghail dia chaomh-chenel fein d'écc iar n-ongadh & iar n-aithrighe ina caislén fein h-i Rathain .14. December.

M1524.11

O Conchobhair Ciarraighe (Concobhar mac Concobhair) do dhol ar creich i n-Duthaigh Ealla & Corbmac Ócc mac Corbmaic mic Taidhcc do breith fair, & raoineadh lais for Ua c-Concobair, & Ó Conchobair féin do lot & do gabhail. Conchobhar mac Diarmada mic An Giolla Dhuibh I Briain, & Diarmaid mac Corbmaic Uí Mháille do mharbhadh isin m-briseadh-sin lá Corbmac mac Taidhcc.

M1524.12

Mag Carthaigh Riabhach (Domhnall mac Fíngin, mic Diarmada) do dhol ar siubhal creiche i n-Glionn Fleisce, & muintir na tíre ar m-breith fair ag fágbhail an ghlenna, é fein do ghabháil & drong dia mhuintir do mharbhadh.

M1524.13

Magg Raghnaill (Cathal Ócc mac Cathail) do mharbhadh a f-fioll ar faithche a bhaile fein lé cloinn I Mhaoil Mhiadhaigh.

M1524.14

Mor inghean I Briain (.i. Toirrdhealbhach mac Taidhcc) bean Donnchaidh mic Mathghamhna I Briain, ben tighe aoidhedh coitchinn d'écc.

M1524.15

Aibhilín inghen Ridire an Ghleanna, ben I Conchobhair Ciarraighe, deigh-bhen dércach daonnachtach d'écc.

M1524.16

Toirrdhealbhach mac Feilim Buidhe Uí Chonchobhair do mharbhadh lá Toirrdhealbhach Ruadh mic Taidhcc Bhuidhe mic Cathail Ruaidh.

M1524.17

Ruaidri mac Briain mic Pilip Meg Uidhir saoí chinn fhedhna d'écc.

M1524.18

Mac Uí Raighilligh .i. Cathal mac Eocchain mic Cathail do ghabhail lá cloinn t-Seain mic Cathail Uí Raighilligh, & milleadh na Bréifne uile do theacht trit-sin etir Ó Raighilligh & clann t-Seain I Raighilligh, & Ó Néill (Conn mac Cuinn) do dhol sluagh fó dhí isin m-Breifne do milleadh coda cloinni t-Seain don Breifne, & clann t-Seain do mhilleadh coda Uí Raighilligh, & an Prioir ócc, mac Cathail, mic Feargail, mic Seain do mharbhadh d'orchor do philér fá chaislén Tolcha Moain, Roba saoí chinn fhedhna eisidhe.


p.1376

M1524.19

Mac Még Uidhir Concobhar mac Seain mic Pilip do mharbhadh la Sliocht Airt I Néill.

M1524.20

Ross mac Ruaidhri mic Tomais Óicc Meg Uidhir do bhathadh h-i port Claoininnsi iar t-tabairt creiche dó ó mhac Még Uidhir .i. Giolla Pattraicc mac Concobhair.

M1524.21

Brian mac Giolla Patraicc mic Aodha Óicc Még Mathghamhna, Ardghal mac Aodha Óicc, & Eochaidh mac Aodha Óicc do theacht go baile Még Mathghamhna (.i. Glaisne mac Remainn, mic Glaisne Meg Mathghamhna) d'ernaidhm & do dhaingniucchadh a siodha ris, & iar n-dénamh a c-cuir & a c-cengail, & a siodha dóib ris fá mhionnaibh & fá shlánaibh iomhdha, ro fháccaibhsiot an baile gan eaccla gan imuamhan. Ro cuireadh Brian na Moicheirghe Mag Mathghamhna & lucht tighe Még Mathghamhna ina lenmain, & ro marbhadh Brian & Ardgal leó tré thangnacht & meabhail, & bá h-iat sein dias a c-comhaosa bá ferr baí ina c-comhfochraibh.

M1524.22

Sean Buidhe mac Aindriasa Meg Craith fer suim sochonáigh go n-iomat saidhbhresa esen, & a écc.

M1524.23

O Breislein Eocchan Ócc, mac Eocchain, ollamh Mheg Uidhir lé breithemhnas d'écc.

M1524.24

Mac Rithbertaigh (.i. Cu Connacht) ollamh Még Uidhir lé dán d'écc.

Annal M1525

M1525.0

AOIS CRIOST, 1525. Aois Críost, mile, cuicc céd, fiche, a cúicc.

M1525.1

Gníomh urgranna adhuathmar do dhénamh an bhliadhain-si .i. epscop Leithghlinne arna mharbhadh h-i meabhail lá Mac an Abbadh Mic Murchadha, & h-é ina chaoimhtheacht amaille lé gradh & lé carthanacht, & an drong ar a rucc iarla Chille Dara do


p.1378

lucht dénmha an mhí-ghníomha-sin ro fhorchongair a m-breith gusan maighin in ro mharbhsat an t-epscop, & h-i b-fendadh beó ar tús, a n-abaighe & a n-ionathair do bhein asda, & a losccadh ina b-fiadhnaisi.

M1525.2

Toirrdhealbhach mac Mathghamhna, mic Toirrdhealbhaigh, mic Briain Catha in Aonaigh I Bhriain epscop Cille Da Lua do écc.

M1525.3

An deganach mac Briain Ruaidh Mic Con Midhe fear tighe aoidhedh coitchinn d'écc.

M1525.4

Comhchruinniucchadh fher n-Éreann go h-aon-bhaile i n-Ath Cliath lasan iustis iarla Cille Dara (Geróid Ócc mac Geróit) dú h-i t-tangattar iarladha & barúin, ridireadha, & rodhaoíne, & urmhór Gaoidheal & Gall Ereann archena. Do-chuaidh tra Ó Neill Conn mac Cuinn, & Ó Domhnaill, Aodh mac Aodha Ruaidh do chengal a c-cor & d'athdaingniuccadh a síodha h-i f-fiadhnaisi an iustís, iar t-taccra & iar n-aighnes gacha caingne ro bhaí etorra riamh go sin dóibh fein & dá c-cairdibh Gall & Gaoidheal ní ro cuimhgedh a síodhucchadh lásan iustis na lásna maithibh archena go t-tangattar fo eissídh dia t-tighibh go ro fhás an coccadh cédna etorra doridhise. Do-deachaidh tra Ua Domhnaill fo dhí h-i t-Tír Eoghain an bliadhain-si go ro loisceadh, & go ro léir-indradh gach aird in ro ghabh don tír uile lais, & ní fhuair tachar no teoccmháil ris acc dol nó acc teacht aoinfhecht dibh-sin. Do-ronath sídh iaramh etorra a t-tús an fhoghmhair do shonnradh co ro thingheallsat airisemh ar gach taoíbh feibh at-béradh an iustis & Maghnus Ó Domhnaill.

M1525.5

O Cathain .i. Sean mac Tomais do mharbhadh lá dreim dia chinidh fein .i. mac Ruaidri an Rúta Uí Catháin, & mac Gofradha Ui Cathain, & c.

M1525.6

Catariona inghen I Duibhgennáin d'écc, 9.Iun, & a h-adhnacal co h-onorach h-i Mainistir Dúin na n-Gall.

M1525.7

Rois inghen Meg Uidhir (Sean) d'écc.

M1525.8

Siubhán inghen Mécc Mathghamhna (Brian) d'écc.


p.1380

Annal M1526

M1526.0

AOIS CRIOST, 1526. Aoís Criost, míle, cúicc céd, fiche, a sé.

M1526.1

Glaisne mac Aodha Még Aongusa abb manach an Iubhair príoir Dúin & Sabhaill do mharbhadh lá cloinn Domhnaill Még Aongusa .i. lá Domhnall Ócc cona bhraithribh.

M1526.2

O Raighilligh d'écc .i. Eóghan. Coccadh mór do fhás etir a chinedh imón tighearnas iarna ecc-somh co ro gaireadh Ua Raighilligh d'Fergal mac Seain a comhairle an iustis & mhóráin do mhaithibh Gall & Gaoidhel gé ro bhattar daoíne ba sine ina-somh acc cur chuicce.

M1526.3

Mac Uí Ruairc .i. Tadhcc mac Eoccain do marbhadh i meabhail lá muintir a dearbhrathar fein.

M1526.4

O Neill .i. Cond, & Maghnas Ó Domhnaill do dhol do lathair an iustis do dhénamh síodha Conallach, & Eoghanach, & ar t-tionól mhoráin do mhaithibh Gall & Gaoidhel dá soighidh dia siodhucchadh, ní ro fhédsat naidhm sioda nó cairdesa etorra o t-tangattar ar c-cúlaibh fo eissídh don chur-sin.

M1526.5

Sluaiccheadh la h-Ua n-Domhnaill (iar t-toidhecht Maghnusa ó Áth Cliath) & lá Maghnus feissin cona sochraide diblínibh h-i tús an earraigh do shonnradh h-i t-Tír Eogain. Creacha iomda & airccthe aidhble do dhénamh leó isin tír, & in init do dhénamh dhóibh forsna creachaibh- sin h-i c-Coill na Lon h-i Siol m-Baoighill, & tangattar slán dia t-tighibh iaromh co n-edálaibh iomhdaibh.

M1526.6

Easaénta mhór ar n-eirghe i n-Iochtar Connacht, ar ro cenglattar a n-urmhór uile ré 'roile i n-aghaidh I Dhomhnaill. Bá h-iad do-róine an coimhchengal-sin Brian mac Feilim Uí Choncobhair, mac Cathail Óicc Uí Chonchobhair (.i. Tadhcc) fá Sliocht


p.1382

Corbmaic Mic Donnchaidh .i. Eocchan, & Muirchertach cona c-cloinn, & cona lucht lenamhna, do-rónsat an lucht-sin creach a n-Iochtar Cairpri ar Sliocht Fheilim mic Eocchain Uí Conchobhair, & ruccsat na creacha leó h-i Maigh Luircc ar robdar síodhaigh riú ar dhol i n-acchaid Uí Dhomhnaill.

M1526.7

O 'd-chuala Ó Domhnaill na creacha-sin do dhenamh, do-rónadh tionól sluaigh lais h-i c-cenn aroile .i. cuid do maithibh Conallach, & Mag Uidhir, Cú Connacht co n-eirghe amach Fher Manach amaille fris, do-chuaidh fo chedóir h-i c-Cairpri. Ro brisedh Caislén na Grainsighe gan fhuireach lais .i. baile Sleachta Briain Uí Conchobhair, do-thaéd iaramh riasan sluagh-sin h-i Maigh Luircc ro milleadh & ro loiscceadh lais an tír, & do-chottar Sliocht Briain Uí Conchobhair for a iomghabhail don chur-sin, & tainic-siomh dia thigh. O 'd-chualattar an t-Síol c-Concobhair sin Ó Domhnaill do dhol tar a ais h-i t-Tír Chonaill tangattar fein & an Chlann Donnchaidh remhráite co líon a t-tionoil a t-timcheall Sliccigh. Ro ghabhsat ag gerradh gort & arbhann, & ro bhattar acc cur dochum an bhaile do ghabháil nó gur marbhadh duine maith dá muintir .i. Ruaidhri Ballach mac I Airt. Ro imthighset on m-baile an lá-sin, & cruinnighit doridhisi imon m-baile, & iar c-cluinsin na sccél-sin d'Ua Domhnaill tainic co nemhlescc nemhshadhal gan fhuireach gan fhaillighe d'fóiridhin t-Sliccigh, & ní ro h-anadh fris ar rochtain dó, ar do-chóidhsiot Síol c-Concobhair & Clann n-Donnchaidh go Bél an Droichit. Ro len Ó Domhnaill cona sluaigh iatt amail as déine conranccattar, & ro sraoíneadh fo chédóir for Shíol c-Conchobhair, & for Cloinn n-Donnchaidh, & ro marbhadh mac Mheic Donnchaidh .i. Maoíleachlainn mac Eoghain mic Donnchaidh co sochaidhe ele amaille fris. Ro cuireadh Brian mac Feilim mic Maghnusa Uí Conchobhair dia eoch, & bá h-é dlús & daingne na coilleadh tarla a t-timcheall Beóil an Droichit rucc as uaidhibh é, & ad-berat aroile nár bhó h-ógh-slán ón maidhm-sin alle co b-fuair bás iar t-trioll. Ro fháccaibh an sluacch Connachtach-sin édala móra each, airm, &


p.1384

éideadh ag Cenel c-Conaill don cur-sin, uair ó do-rad Aodh Ruadh mac Neill Ghairbh maidhm an Cheidigh Dhroighnigh for Connachtaibh h-i t-torcratar ile díbh ní thardsat Cenél c-Conaill for Chonnachtaibh én-mhaidhm ro ba cosccraidhe dóibh do chur, & órbh aidhble a n-édala inás an maidhm-sin Bheóil an Droichit.

M1526.8

O Néill do theacht do thoirmescc caisléin do thionnsccain Maghnas Ó Domhnaill h-i Port na t-Tri Namhat, & Maghnus do thegmháil ria t-tús an t-sluaigh, & Enri mac Seain I Neill do ghabháil lais, & Ó Néill fein d'imtheacht a c-cóir madhma.

M1526.9

O Catháin .i. Gofraidh mac Gofradha do mharbhadh ag Bealach an Chamáin lá mac I Néill .i. Niall Ócc, & Niall fein do ghabháil fo chend trill iarsin lá h-Ua Neill, & a beith i m-braighdenas frí ré fhoda.

M1526.10

Mac I Chathain (Gofraidh) adhbhar tighearna a thíre feisin do dhol ar siubhal creiche i n-Glionn Con Cadhan a mí Ianuarii do sonnradh, & a écc-somh fri h-adhfhuaire na síne geimhreta conach frith aon-focal dia scélaibh no go f-fríth a chorp a n-deiredh an chorghais ar cind, & Enri mac Neill mic Briain tigherna Baile na Braghat do mharbhadh don chur-sin, & sochaidhi ele beós d'écc do fhuacht, & do mharbhadh amaille friú.

M1526.11

Maidhm do thabhairt lá mac Mic Piarais ar chloinn Emainn mic Tomais Buitilér dú in ro marbhadh Conchobhar Ócc mac Conchobhair Chaoich UI Dhomhnaill baí na chonsapal gallócclach, & agá m-baí lámh mhaith co minic rias an tan-sin, & an lá-sin dáiridhe ar nír leicc méd a mhenman & feabhas a láimhe dhó anacal do ghabháil iarna thairccsin dó, & torchratar sochaidhe mór do dagh-dhaoínibh, do marc-sluagh, & do gallocclachaibh isin maidhm-sin ina fharradh.

M1526.12

O Dochartaigh Eachmarcach tighearna Innsi h-Eocchain d'écc, & imresain mór


p.1386

ar n-eirghe etir a chineadh féin fa tighearnas go ro goireadh tighearna do Gearalt mac Domhnaill mic Feilim I Dhochartaigh.

M1526.13

Sluaiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill h-i t-Tír Amalgaidh ar tarraing Slechta Riocaird A Búrc, Battar maithe Ceneóil c-Conaill ar an sluaiccheadh-sin, & Mág Uidhir Cú Connacht co n-éirghe amach Fher Manach amaille fris, ní ro h-anadh & ní ro h-airisedh lasna h-uaislibh-sin co rangattar co Slicceach cetús. Ro tairrngedh & ro teglamadh arbhanna iomdha baoí acc Sliocht Briain h-I Chonchobhair h-i c-Cúil Iorra go Slicceach lasan sluagh-sin Uí Dhomhnaill & an ní ná ro tharraingset de ro mhillset co léir h-é. Teid Ó Domhnaill cona shluagh h-i t-Tír n-Amhalgaidh, & ro gabhadh caislén Caorthannáin & Cros Maoiliona lais, & fuair braighde, & édala iomdha sna caislénaibh ísin. Ro leaccadh, & ro láin-brisedh lais iatt conar bhó h-ionaittreabha inntibh as a h-aithle. Do-rónadh lais iarsin síth, cadach, & comhaontadh etir Shliocht Riocaird A Búrc & Bairédaigh comdar córaigh fria 'roile. Ag sóadh d'Ua Domhnaill ro ghabh foslongport im Chul Maoile bai i n-éccraides & i n-anumhla ris an tan-sin. Ro milleadh & ro loiscceadh ina m-baoí d'arbhar ag Sliocht Corbmaic Mic Donnchaidh lais conadh iarná mhilleadh & iarna mí-imirt do-ronsat a breth fein do shíth ris Ua n-Domhnaill, & tuccsat braighde dó fri comhall gach neith ro gheallsat fris. Do-rónsat Sliocht Briain I Chonchobhair an cédna uair tuccsat a riar & a breth fein do shíth d'Ua Dhomhnaill iar m-brisedh caisléin na Gráinsighe, & iar milleadh a m-bairr, & a n-arbha uile, & do-radsat a c-caoraigheacht don tír iaramh, do-thaod Ó Domhnaill cona shlócch slán iar m-buaidh, & c-cosccar don chur-sin, & edh becc ria samhain do-rónadh an sluaiccheadh-sin lá h-Ua n-Domhnaill.

M1526.14

Breasal Ua Madagáin (.i. tighearna Síl n-Anmchadha), fer caoín cródha, cennsa ceart-brethach d'écc.


p.1388

Annal M1527

M1527.0

AOIS CRIOST, 1527. AoiS CRiost, mile, cúicc céd, fiche a seacht.

M1527.1

Labhras abb Lesa Gabhail d'écc.

M1527.2

Mag Uidir Concobhar d'écc, & Mag Uidir do ghairm ina ionadh don chomharba .i. do Choin Chonnacht, mac Con Chonnacht, mic Briain, lá h-Ua n-Domhnaill.

M1527.3

Toirrdhealbhach mac Eiccneacháin I Domhnaill, & Feilim mac Gofradha mic Seain Luircc I Domhnaill do écc.

M1527.4

Mac Donnchaidh Tire h-Oilella .i. Corbmac mac Taidhcc mic Briain d'écc, & imreasain do beith etir Cloinn n-Donnchaidh fan tighearnas nó gur goireadh Mac Donnchaid d'Eocchan mac Donnchaidh mic Murchaidh.

M1527.5

Brian mac Feilim mic Maghnusa Uí Concobhair, & Domhnall mac Feilim mic Toirrdhealbhaigh Carraigh Uí Choncobhair d'écc.

M1527.6

Flaithbhertach mac Rúaidhri mic Briain Még Uidhir do mharbhadh la Teallach Eachdhach i. lá h-Uaithne mac Maghnusa Még Samhradhain.

M1527.7

Amhlaoibh Ócc Dubh Mag Amhalgaidh taoíseach Calraighe do thuitim lá Cloinn Cholmáin, & ro dhioghail-siomh é fein riana mharbhadh uair do marbhadh Fiacha Mhag Eochagáin lais ar an lathair-sin.

M1527.8

O Cléirigh .i. An Giolla Riabhach mac Taidhcc Caim saoi lé h-ealadhain h-i senchus, i n-dán, & h-i leighionn fer suim, saidhbhir, sochonáigh, & cumhaing móir éisidhe, & a écc i n-aibítt San Fronseis an 8. la do Mharta.

M1527.9

An doctuir Ua Duinn Sleibhe Donnchadh mac Eocchain, doctúir h-i leigheas & saoí i n-eadladhnaibh ele, fer conaigh mhóir, & saidhbhresa, & tighe n-aoidhedh coitchinn d'écc .30. September.

M1527.10

Mac Maghnusa Még Uidhir .i. Tomás Ócc mac Cathail Óicc, mic Cathail Óicc biatach an t-Senaigh, officél Locha h-Éirne, fer erccna eólach i n-ealadhnaibh, fer ro bá lán do chlú & d'oirdhearcas in gach ionadh baí ina chómhfoccus, & a écc.

M1527.11

Ruaidhri mac Murchaidh Mic Suibhne do mharbhadh lá a bhraithribh.


p.1390

M1527.12

Uilliam mac Aindriasa Még Craith fear saidhbhreasa & sochonáigh d'écc.

M1527.13

Caitilín inghen Chuinn mic Domhnaill I Neill ben craibhdheach dhegh-einigh ro bhaí ag degh-fheraibh .i. ag Ua Raghallaigh ar tús, & acc Ua Ruairc iarsin d'écc iar n-ongadh & iar n-aithrighe.

M1527.14

Sloiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Aodh mac Aodha Ruaidh do dhol h-i c-Connachtaibh, At iatt tangattar ina shochraitte, O Baoighill, O Dochartaigh, na tri Meic Suibhne, Mag Uidhir, Cu Connacht co n-eirghe amach Fher Manach, & maithe Iochtair Chonnacht cona n-eirghe amach & ní ro h-airiseadh leó co riachtattar Magh Luircc. Ro milleadh an tír co leir leó etir arbhar & foirccnemh. As edh lotar iaramh co Caislén Mór Mic Goisdealbhaigh dia ghabháil. Bá daingen díothoghlaighi eisidhé ar ro bhádar an uile aidhme gabhála fri naimhdibh feibh is deach baoí i n-Erinn an tan-sin isin m-baile ísin etir bhiudh & ordanás & gach aidhme archena, ara aoi tra ro ghabhsat na maithe-sin acc iomshuidhe imon m-baile, & ro sreathnaighset a slógha ina uirthimcheall conár leiccset neach anonn nó anall dia shaicchidh go ro gabhadh an caislén leó fo dheóidh.

M1527.15

Ro gabhadh leó don chur-sin caislén An Mhendoda, caislén An Chalaidh, Baile na h-Uamha, & an Caislén Riabhach, & ro brisit na caisléin-sin uile leó iar na n-gabháil. Ro marbhadh beós Aodh Buidhe mac An Dubháltaigh Uí Ghallcubhair ar an sluaiccheadh-sin (ó Ua Domhnaill) i n-ucht an Bhealaigh Bhuidhe.

M1527.16

Caislén Leithbhir do chríochnucchadh lá Maghnus Ua n-Domhnaill etir obair cloiche, chroinn, & cláraigh, & Ua Neill a c-coccadh fair. As ann ro tionnsccnadh an obair-sin lá Maghnus an cédaoín iar f-féil Brenainn isin t-samhradh & ro criochnuiccheadh a c-cuid don t-samhradh cedna.


p.1392

Annal M1528

M1528.0

AOIS CRIOST, 1528. Aois Criost, mile, cúicc ced, fiche, a h-ocht.

M1528.1

O Ruairc Eócchan tighearna na Breifne ursa cothaighthe einigh, eangnamha, & uaisle Sleachta Aodha Finn d'écc i n-aibítt .S. Fronseis iar n-ongadh, & iar n-aithrighe.

M1528.2

O Briain .i. Toirrdhealbhach mac Taidhcc an t-aon-mac Gaoidhil bá foide lé h-uaisle, & lé h-eineach do Leith Mogha, oidhre diongmhala Briain Boroimhe ar chongmháil coccaidh ré Gallaibh d'écc iar n-onccadh, & iar n-aithrighe & a mac d'óirdneadh ina ionadh .i. Conchobhar mac Toirrdhealbhaigh.

M1528.3

Fionnghuala inghean I Bhriain (.i. Conchobhair na Sróna mic Toirrdhealbhaigh mic Briain Catha an Aonaigh) ben Uí Dhomhnaill Aodh Ruadh, an aoín-bhen as mó do chosain clú & oirdhearcus dá m-baoí na comhaimsir a leith fria curp & fria h-anmain iar c-caithemh a h-aoisi & a h-inmhe lé déirc, & lé daonnacht & iar m-beith da bhliadhain ar fichit i n-aibítt San Fronséis d'écc an céd lá don Corccas (.i. an. 5. Februarii), & a h-adhnacal i Mainistir Dúin na n-Gall do-rónadh ina h-aimsir budhéin.

M1528.4

Conn mac Néill mic Airt I Néill saoí chinn fhedhna esidhe do mharbhadh (.i. an. 15. April) la mac Airt Óig I Neill (.i. Ó Neill), & lá cuid do Sliocht Aodha Meg Uidhir, & dá mac I Neill (.i. Art Occ) .i. Enri, & Corbmac baí i laimh ag Ua Neill (.i. Conn mac Cuinn) a f-fad riasan tan-sin do thabhairt (d'Ua Néill) do cloinn Chuinn mic Néill, & cland Chuinn do chrochadh na deisi-sin a n-dioghail a n-athar.

M1528.5

Mac Diarmada Maighe Luircc (Corbmac mac Ruaidhri) feicheamh coitchent ar eineach & ar fhéile, mir cruadha Connacht ar coccadh & comhfhuachadh, fer cosanta a chriche ar eachtair-cenélaibh d'écc iar n-ongadh & iar n-aithricche & a dearbhrathair Diarmait do ghabhail a ionait.

M1528.6

Macc Carthaigh Riabhach Domhnall d'écc.

M1528.7

Caislén Chúile Maoile do ghabháil ar Mac n-Donnchaidh lá a dearbhrathair fein lá Muircheartach mac Donnchaidh mic Murchaidh, & Mac Donnchaidh féin &


p.1394

a mac Murchadh do ghabháil go h-aithghearr iar sin lá h-Ua n-Dúbhda, & lasan Muircheartach c-cédna, & mac ele do Mac Donnchaidh .i. Donnchadh do mharbhadh léo an tan-sin.

M1528.8

Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill (co n-druing móir d'Albanchaibh amaille fris im Alastrann mac Eóin Chathánaigh) h-i Maigh Luircc, & An Bealach Buidhe do ghearradh leó. Braighde, & cíos do fhaghbhail ó Mhac Diarmada, & toidhecht slán dia tír.

M1528.9

O Maoil Mhiadhaigh taoiseach Teallaigh Cearbhalláin .i. Cathal mac Domhnaill mic Uaithne Buidhe d'écc.

M1528.10

Gaoth mhór ar n-eirghe an aoíne ria Nodlaicc go ro lá fiodh-ár mór fó Erinn go ro trascair chiodh araill do chumhdaighthibh cloch & crann. Ro bris bheos mur Mainistre Dúin na n-Gall. Ro fhuadaigh, ro bháidh, & ro bhris arthraighe iomdha.

Annal M1529

M1529.0

AOIS CRIOST, 1529. Aois Criost, míle, cúicc céd, fiche a naoí.

M1529.1

Mac Suibhne Fánat Domhnall Ócc mac Domhnaill, mic Toirrdhealbhaigh Ruaidh tighearna Fánat fri h-aon-bliadhain décc do faghail bháis iar c-cor aibitte uird Muire uime.

M1529.2

Emann mac Domhnaill Mic Suibhne, & Emann Ruadh a mhac do thuitim in aon-ló lá Toirrdhealbhach mac Ruaidhri, mic Maol Muire Mic Suibhne.

M1529.3

Brian Ballach mac Néill mic Cuinn I Neill do mharbhadh lá Corbmac Mac Uidhelín (iar m-beith don Corbmac-sin h-i f-farradh Briain fein & fora mhuinterus) iar b-faccbháil Cairrge Feargusa dóibh.

M1529.4

Cathal mac Eocchain mic Aodha Meg Uidhir d'écc.

M1529.5

Brian Ruadh mac Seain Mhég Uidhir do mharbhadh d'aon-urchor do shaighid acc edarghaire etir mhuintir na Cúile, & muintir an Machaire.


p.1396

M1529.6

Mac Meic Dubghaill na h-Alban do mharbhadh lá h-Aodh m-Buidhe Ua n-Domhnaill d'aon-bhuille do chloidhimh i n-dorus Cúile Mic an Treóin.

M1529.7

Caislén Cúile Mic an Trein do ghabháil lá Maghnus Ua n-Domhnaill, & iar sccrúdadh a chomhairle as edh do cinnedh lais an caislén do bhrisedh.

M1529.8

An Cosnamhach mac Ferghail mic Donnchaidh Duibh Mic Aedhaccáin saoí fá h-oirdearca h-i f-feineachus, & h-i f-filidheacht, & h-i m-breithemhnus tuaite baí h-i t-tíribh Gaoidheal d'écc, & a adhnacal i n-Oilfinn.

M1529.9

Mac Aedhaccain (.i. Urmuman) .i. Domhnall mac Aedha mic Domhnaill cenn eicces Leithe Mogha ar fheineachus & fhilidheacht d'écc.

M1529.10

Eoghan mac Feilim Mic Maghnusa, & a bhean Grainne inghen Chonchobhair Még Uidhir d'écc.