Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1510

M1510.0

AOIS CRIOST, 1510. AOIS CRIOST, Mile, cúicc céd, a deich.

M1510.1

Muirchertach mac Murchaidh mic Toirrdhealbhaigh epscop Chille Fionnabhrach d'écc.

M1510.2

O Raghallaigh Sean mac Cathail d'écc. AS laissidhe tuccadh cetus braithre De obseruantiae don Chabhán a h-ugdarras an phapa.

M1510.3

Brian Ruadh mac Domhnaill mic Aodha Uí Neill d'écc.

M1510.4

Brian mac Pilip Uí Raghallaigh do mharbhadh la cloinn Remainn mic Glaisne Még Mathgamhna a t-toraighecht creiche.

M1510.5

Mág Caba Breifne .i. Feilim, & Mac Lochlainn .i. Uaithne d'écc.

M1510.6

O Fialán Fergal oide dersccaighthe lé dán, & Eocchan mac Briain Uí Uiccinn oide Ereann d'écc.

M1510.7

Mac an Bhaird Tíre Conaill Eoccan Ruadh d' écc i n-Inis Mic an Duirn.

M1510.8

Sloiccheadh lá Geróid iarla Chille Dara .i. an iustis) h-i c-cúiccedh Mumhan go maithibh Gall & Gaoidheal Laighen lais dia ro cumdaigh caislén d'aimhdhéoin Gaoidheal Muman h-i c-Carraicc Cital. Leanais Ó Domhnaill é co n-uathadh sochaidhe triasan Midhe, & isin Mumhain siar co comhrainic fris annsin. Tiaghait i n-Ealla asidhéin, gabhait caislén Cinn Tuirc, & airccit an tír. Tiaghaitt iarsin n-Desmumain Móir, gabhait Caislén na Pailisi, & caislén ele ar brú Mainge


p.1306

& teccaitt slán tar a n-ais h-i c-conntae Luimnigh. Do-níad aith-tionól sluaigh iarsin, & cruinnighit Gearaltaigh na Mumhan im Shemus mac iarla Desmuman co n-Gallaibh Mumhan archena, & Mácc Cárthaigh Riabhaigh, Domhnall mac Diarmada mic Finghin, Corbmac Ócc mac Corbmaic mac Taidhg, & Goill & Gaoidhil Midhe, & Laighen, & tiaghait iaramh go Luimneach. Tionóilidh Toirrdhealbhach mac Taidhcc Uí Bhriain ticcherna Tuadhmumhan go líon a sochraide, Mac Conmara Síol Aodha & Clann Riocaird slóigh lán-mhóra ele ina n-aghaidh. Ticc an t-iarla (.i. an iustis) cona shluagh tré Bhealach na Fadbaighe, & tré Bhealach na n-Gamhna co rainicc droichet croinn (.i. droichet Puirt Croisi) do-rónadh la h-Ua m-Briain for Sionainn, & brisidh-siomh an droichet, & anais oidhche h-i f-foslongport isin tír. Gabhaidh Ó Briain foslongphort ina comhfoccus co c-cluineadh cach diobh guth & comhradh aroile in oidhche-sin. Iarna mharach ro ordaigh an iustis a shluagh & ro chuir Goill & Gaoidhil Muman ar tús, Goill Midhe, & Átha Cliath ar deiredh a shlóigh. Toirlingedh Ó Domhnaill an beccán buidhne ro bhai, & anais ar deiredh a mescc Gall Átha Cliath & Midhe, & gabhait an athghoirit tré Moin na m-Brathar go Luimneach. Ro ionnsaighsiot sluagh Sil m-Briain an sluagh Gall, & marbhthar leó barún Cint, & Bernaualach Circustoum, & sochaidhe do deagh-dhaoínibh nach airimhther. Tiagait as an sluagh Gall a c-cóir madhma soait, sluag Sil m-Briain iar n-aithes & iar n-édalaibh iomdha & ní bhaoí do Ghallaibh na do Ghaoidhealaibh ar an dá shluaigh-sin én-lamh bá mó clú cródhachta & gaisccidh in lá-sin iná Ó Domhnaill acc breith dheirigh slóigh na n-Gall lais.

M1510.9

Mac Muiris Ciarraighe, Emann, mac Tomais, mic Padraicín soidheach lán d'eccna, & d'oineach d'écc.

M1510.10

Diarmaid mac Domhnaill mic Domhnaill Mhég Carthaigh Cluasaigh d'écc.


p.1308

M1510.11

O Domhnaill Aodh mac Aodha Rúaidh do dhol don Róimh dia oilithre, & an c-cein do bhai amuicch battar a rann & a charaid i m-brón, i n-doghailsi, & i n-doimhenmain ina dheadhaidh, & Maghnas Ó Domhnaill a mhac d'fhagbháil dó ag iomcosnamh an tíre an c-cein no bhiadh ina féccmais.

Annal M1511

M1511.0

AOIS CRIOST, 1511. Aois Criost, Mile, cuicc céd, a h-aon décc.

M1511.1

Art mac Cuinn Uí Neill (baoí h-i l-laimh acc Ua Domhnaill Occ imtheacht dó don Roimh) do léccadh as a braighdenus la Maghnas mac Uí Domhnaill, gan ced d'Ua Domhnaill, & a mhac .i. Niall Ócc do thecht ass i n-gioll lé comhall gach siothchána da n-dearnsat.

M1511.2

Tomas mac Andriu Még Bhradaigh epscop & airchinneach an dá Breifne fri ré triochat bliadhain, aoin-cenn ro riaraighsiot Goill, & Gaoidhil, saoí i n-eacna & h-i c-crabhadh, lochrann solusta no soillsiccheadh tuatha & eccalsa tré foircetal & proicept, aoghaire tairisi na h-egailsi iar n-oirdneadh saccart & aosa gacha graidh archena dhó iar c-coisreccadh thempall & reilccedh n-iomdha, iar t-tiodhnacal seod & bíd do truaghaibh & trenaibh, ro faoidh a spirat docum nimhe an 4. Calainn do Mharta (no August) dia mairt do sonnradh i n-Druim Da Eithiar, iar t-tocht do choisreaccadh eccailse isin m-Breifne iarsan seachtmadh bliadhain sesccat a aoisi, & a adhnacal h-i Mainistir an Cabháin dia h-aoíne ar aoí laithe seachtmhaine.

M1511.3

Corbmac Mácc Samhradháin dia ro goireadh epscop isin m-Bréifne d'écc ria Nottlaicc.

M1511.4

Urmhór shen-oibre thempaill Arda Macha do losccadh.

M1511.5

O Conchobhair Failghe, Cathair mac Cuinn mic An Calbhaicch feichemh coitchenn d'éiccsibh, saoi chinn fhedhna fri Gallaibh, & Gaoidhelaibh do mharbhadh la druing dia chinedh fein .i. clann Taidhcc Ui Concobhair, & clann t-Seain Bhallaigh Uí Chonchobhair lá taobh Mhainistreach Feorais.


p.1310

M1511.6

.i. O Ceallaigh Maoíl Seachlainn mac Taidhcc, mic Donnchaidh, mic Maoíleachlainn, mic Uilliam mic Donnchaidh Mhuimhnigh d'écc. Fer cothaicchthe a chriche, a caratt, & a chlann-maicne. Feichemh coitcend damh & deoraídh, fer lása n-dearnadh caislen Gallaigh, an Garbhdhoire & Muine an Medha.

M1511.7

Mac Murchadha, Murchadh Ballach mac Donnchaidh mic Airt d'écc.

M1511.8

Tomás mac Glaisne mic Conchobhair Uí Raighilligh, & Emann mac Glaisne d'écc.

M1511.9

Glaisne mac Conchobhair mic Seain Uí Raighilligh do marbhadh lá lucht tighe Mhég Mathgamhna.

M1511.10

Eoghan mac Briain Rúaidh mic Cathail Uí Raighilligh d'écc.

M1511.11

O Dochartaigh Sean mac Domhnaill mic Conchobhair d'écc, & Ó Dochartaigh do ghairm do Chonchobar Charrach.

M1511.12

Mac Donnchaidh Tíre h-Oilella Sean d'écc, & a dearbhrathair ele Fergal tanaiste Tíre h-Oilella do mharbhadh la Mac Diarmata.

M1511.13

Art mac Cuinn mic Enri I Néill do gabháil tuarastail ó Aodh mac Domhnaill mic Enrí.

M1511.14

Sean mac Emainn mic Tomáis Óig Mheg Uidhir do écc.

M1511.15

An Diolmhaineach (.i. Semas) Machaire Cuircne d'écc.

M1511.16

Aodh mac Feilim mic Maghnusa do mharbhadh lá Sémus mac Seain, mic an epscoip Mheg Uidhir.

M1511.17

Dubhthach mac Dubhthaigh Uí Duibgennáin saoí lé senchus, fer sonasa, & saidbhresa moír d'écc.

M1511.18

Sloiccheadh lá h-Ua Néill Art mac Aodha h-i t-Tír Chonaill dár loiscc Gleann Finne, & ó Shuiligh anall, & benais braighde d'Ua Dochartaigh.


p.1312

M1511.19

Cenel Feradhaigh (.i. i Tir Eócchain) do léir-chreachadh la Maghnas Ua n-Dhomhnaill.

M1511.20

O Neill Art mac Aodha do chruinniucchadh sluaigh do dhol h-i t-Tír Chonaill iar n-dol Í Domhnaill docum na Romha. Ro ghabh Maghnus Ó Domhnaill & na trí Meic Shuibhne & ard-taoisigh Ceneoil c-Conaill acc cosnamh, & acc iomchoimhett na tíre amhail as deach ro fhédsat. Ar a aoi tra ro imtigh Ó Néill cona shluagh ó shliabh soir, & soasi dia thigh gan creich gan cath.

Annal M1512

M1512.0

AOIS CRIOST, 1512. Aois Criost, Míle, cúicc céd, a do décc.

M1512.1

Aodh Ó Maol Mhocheirghe comharba Droma Lethain do bhathaadh.

M1512.2

Piaras Mac Craidin deccanach Cloinne h-Aodha d'écc.

M1512.3

Niall mac Cuinn mic Aodha Buidhe mic Briain Bhallaigh Í Neill tighearna Trin Conghail, fer einigh coitchinn, & medaighthe órd, & ecclas fer aghmhar aitheasach na tucc cíos nó comha do Cloinn Neill no do Cloinn n-Dálaigh na d'fior ionaid Righ Saxon, fer ba cian-fhoda sen & saoghal, fer erccna eolach ar gach n-ealadhain etir shenchus, dhan, & sheinm do écc .11. April.

M1512.4

Art mac Cuinn mic Neill Ghairbh Í Dhomhnaill d'ecc (23. December) do thaom tinis h-i Múr na m-Brathar i n-Dun na n-Gall, & a adhnacal go h-onorach is an mainistir.

M1512.5

Tuathal Ó Cleirigh (.i. Ó Cleiricch) mac Taidhcc Caim saoí h-i senchus & h-i n-dan, fer tighe aoidhedh coitchinn do thrénaibh, & do thruaghaibh d'écc iar n-ongadh, & iar n-aithrighe .12.Nouember.

M1512.6

O Domhnaill Aodh mac Aodha Ruaidh do thoidheacht ón Róimh iar f-forbadh a oilithre iar m-beith sé sechtmhaine décc h-i Londain acc dol soir, & sé sechtmuine


p.1314

décc ele acc teacht anoir. Fuair-siomh dna onoir & ó Righ Saxan King Hanri, táinic iaramh slán co h-Erinn, & baoí lé h-athaidh h-i f-fiabhrus san Midhe, & iar f-faghbháil sláinte dó táinicc dia thicch, bá subhach forbfaoiligh cealla & tuatha dia thoidhecht.

M1512.7

Coccadh mór etir Ó n-Domhnaill & Ó Neill Art mac Aodha. Coccadh ele bheós etir Ó n-Domhnaill & Mac William Burc .i. Emann mac Riocaird. Ro fhost Ua Domhnaill cúicc céd décc tuacch h-i t-Tír Chonaill h-i Feraibh Manach, & h-i c-cúicceadh Connacht, & do-rad buannacht dóibh ar na h-ionadhaibh-sin, do-thaod-somh iaramh & Maghnas cona sochraide amaille friu ó Doire go rangadar Iochtar Chonnacht, as-sidhe i n-Gailengaibh, & suidhit im chaislén Bheóil an Chláir, & ro gabadh an baile lais. Fágbais a bharda ann, lottar tar anais anuas tré Sliabh Gamh, h-i t-Tir Fhiachrach, battar ann-sidhe athaidh dá n-aimsir. O 'd-chuala Mac William Búrc an ni-sin táinicc go lion a shochraide a t-timcheall an chaisléin-sin Bheóil an Chláir in ro fháccaib Ó Domhnaill a bharda. O ro clos lá h-Ua n-Domhnaill Mac William do beith imon m-baile, luidh go h-athlamh imésccaidh tar a ais suas tre Sliabh Gamh. O ro fhittir Mac William Ó Domhnaill do beith dia shaighidh ro fháccaibh an baile conach rucc Ua Domhnaill fair, do-thaod Mac William h-i t-Tír Fhiachrach, & ro chuir lón & barda h-i c-caislén Eiscreach Abhann iarna bhein do dhúthchasachaibh an baile fein dia t-tard Ó Domhnaill é riasan tan-sin. O ro fhidir Ó Domhnaill gurab h-i t-Tír Fiachrach do gabh Mac William ro len go nemhlescc nemhshadhal é tar a ais arís tarsna Slebhe Gamh. O 'd-chuala Mac William sin fágbhais a


p.1316

mac & a oidhre, Uillecc mac Emainn, mic Riocaird, & barda ele amaille ris isin c-caislén-sin Eisccreach Abhann, & do-luidh fein roimhe amhail as déine con ráinic dochum Aird na Riagh. Ruccsat araill do marc-sluaigh Í Domhnaill radharc ar Mac Uilliam, & leiccitt ina dheadhaidh iatt go ro chuirset a maidhm é fo shnámh na Muaidhe. Ro lenadh tar Muaidh anonn é, & do benadh eich & daoíne iomdha de, & térna ar eiccin uadhaibh. Sóais Ó Domhnaill cona sluagh, & suidhit fá caislén Eiscreach Abhann airm a m-baoí mac Mic Uilliam. Ro gabhadh an caislén leó fó chend ceithre lá iar mór-shaothar, & do-bert eineach & anacal don barda. Erghabhthar mac Mic Uilliam lais go m-baoí i n-giallus aige. Ro fhorchongair an caislén do chor ar uaithnedhaibh iar sin, & ro leccadh go lár, do-chóidh iaramh dia thicch co m-buaidh & cosccar. Tanaicc tra Mac Uilliam ina diaidh iar sin go Dún na n-Gall, & do-bert a óghriar d'Ua Domhnaill, léigidh Ó Domhnaill a mhac la Mac Uilliam dia thigh.

M1512.8

Slóicheadh lá h-Ua Domhnaill h-i t-Tír Eoghain go maithibh Iochtair Chonnacht & Fer Manach, & co m-buandadhaibh iomdha, do shaighidh Í Neill Airt mhic Aodha. Milltear & loiscctear leó cédus Tír Eócchain rempa nó ga rangattar Dún n-Genainn. Battar sechtmain isin tír agá milleadh co t-taratt Ua Néill sídh dóibh, & co ro mhaith d'Ua Dhomhnaill gach accra do m-baoí etir a sinnseraibh .i. cíos Ceneoil Moain, Innsi h-Eoghain, & Fher Manach uile. Ticc Ua Domhnaill iarsin don Óghmaigh & cumhdaighis Caislén na h-Oghmaighe frí ré aoin-t-sechtmaine iarna bhriseadh la h-iarla Cille Dara fecht riamh & fágbhais Ua Domhnaill a bharda ann.

M1512.9

Slóiccheadh la Geróitt, iarla Cille Dara iustis na h-Ereann tar Áth Luain h-i c-Connachtaibh, creachais & loiscis Clann Chonnmaigh, gabhais Ros Comain & fáccbhais barda ann, Teid iar sin h-i Maigh Luircc & gabhais caislén Baile na h-Uamha iar milleadh móráin don tír.

M1512.10

Ticc Ua Domhnaill sluagh mór dia c-cois isin Coirrsliabh d'agallamh an iarla & do dhénamh a dhála ris. Ticc tar a ais an oidhche chédna co Breicsliabh da fhoslongport fein, & ro marbhadh beccán dia


p.1318

mhuintir acc teacht tar a ais isin m-Bealach m-Buidhe. Ro shuidh iaramh im chaislén Sliccigh, & ro milleadh lais dúthaigh Sleachta Briain Í Conchobhair uile, & ní rócht lais an baile do ghabháil don chur-sin.

M1512.11

Slóicchead lá Geróid iarla Cille Dara iustis na h-Ereann ar Trian Conghail dia ro gabh caislén Beoil Feirste, & dia ro bhris caislén Mic Eoain na n-Glinne, & dar aircc na Glinne, & móran don tír, & tuc mac Neill mic Cuinn i m-braighdenus lais.

M1512.12

Indsaicchidh la Domhnall mac Briain mic Domhnaill mic Enrí Í Neill ar Ghiolla Phátraicc mac Pilip mic Toirrdhealbhaigh Meg Uidhir, báttar Sliocht Flaithbertaicch Mhég Uidir in f-farradh Domhnaill, dol dóibh ar Bhaile Bon Abhann, & creacha do glacadh leó, bristear iaramh forra, & ro benadh a c-creacha díbh. Ro marbhadh, & ro báidheadh drong dá muintir im mac Maghnassa mic Briain mic Concobair Óicc Még Uidir etir baile Bono Abhann, & Inis Móir, & Domhnall mac Briain fein do ghabhail h-i t-Tamhnaigh an Reta h-i f-Ferann na h-Arda Muintire Luinín & naonbhar dá mhuintir do bhadhadh h-i c-Caraidh Muintire Banain an lá cédna.

M1512.13

Pilip mac Toirrdhealbhaigh Még Uidhir cona chloinn, & clann Tomais mic Maghnasa Még Samhradháin do dhol ar ionnsaicchidh h-i t-Teallach Eachdhach, & creach do dhénamh doíbh ar Thoirrdhealbhach mac Aodha Mhég Samradhaín (tanaiste an tíre), & Toirrdhealbhach feisin do mharbhadh h-i t-toraighecht na creiche h-ísin, lottar as-sidhe fó Crantóicc Még Samhradhaín ro gabhadh leó an Crannócc, & Mac Samhradháin fein gé do baoí tinn, fácaibthear iaramh Mac Samhradháin dáigh nír


p.1320

fhédatar a thabhairt leó. Rucc iaromh mac Uí Raighilligh .i. Emann Ruadh mac Aodha mic Cathail ar na Manchachaibh-sin & ar mac Maghnais. Brister lais orra, & Ro marbhadh Donnchadh mac Reamainn mic Pilip Mhég Uidhir, Pilip mac Eoghain mic Domhnaill Bhallaigh Még Uidhir, Aodh mac Eoghain mic Toirrdhealbhaigh Még Uidhir, Muirchertach Ruadh mac Murchaidh, & Sémas mac Mic Craith Mhég Uidhir co sochaidhib ele, & Ro beanadh beós eich iomdha dhiobh isin ló-sin.

M1512.14

Mac Még Uidhir Brian mac Émainn mic Tomais d'écc.

M1512.15

Mac Samhradháin Cathal mac Aedha mic Eocchain d'écc, & tighearna do ghairm do Tomás mac Maghnusa Még Samhradháin.

M1512.16

Mac Tighearnáin (.i. William) Teallaigh Dunchadha d'écc.

M1512.17

Failghe mac Mhaol Mhórdha Uí Raghallaigh do mharbhadh la cloinn t-Seain mic Eoghain mic Domhnaill Bháin & la Semus mac Toirrdhealbhaigh mic Eocchain i n-Druim Lethain.

M1512.18

Tadhcc mac Domhnaill Uí Bhriain d'écc, & Brian mac Domhnaill Taidhcc mic Toirrdhealbhaigh d'écc fó chend leth-ráithe iaramh.

Annal M1513

M1513.0

Aois Criost, 1513. Aoís Críost, Mile, cúicc céd, a trí décc.

M1513.1

Muiris Ó Fithceallaigh airdespoc Tuama maighistir diadachta ro ba mó clú cleircheachta ina aimsir féin d'écc.

M1513.2

An t-oifficel Mag Congail d'écc.

M1513.3

Rossa mac Maghnasa Mhég Mathgamhna ticchearna Oirghiall, & Tadhcc Maoilechlainn Uí Cheallaigh (.i. ticcerna Ua Maine) d'écc.

M1513.4

Foslongport do denamh d'Ua Dhomhnaill i t-timcell ó fhel Brighde co Cinctidis, ar a aoí ní ro gabh an baile fris a ré-sin, & ro marbhadh duine uasal do Mhuintir Uí Domhnaill don cur-sin .i. Niall mac Eremhóin do Chloinn t-Suibhne Fánatt.


p.1322

M1513.5

Cathal Ócc mac Domhnaill mic Eocchain Uí Concobhair, mac ticcherna ba ferr einech & engnamh, gaoís & gliocus baí i n-Iochtar Connacht do mharbhadh la a dherbhrathair fein .i. Eócchan mac Domhnaill h-i f-fiull la taobh Bhaile Uí Ghiollgáin, & teacht do breithemhnas direach Dé, Eóghan fein do crochadh la h-Ua n-Domhnaill fo chenn trí lá iarsan tan-sin.

M1513.6

Eóghan Ua Máille do thecht lucht tri long go Cuan na c-Ceall m-Becc isin oidhce, & maithe an tíre an tan-sin ar éirghe amach i f-farradh Uí Domhnaill. Airccit, & loisccit an baile, & gabhait braighde iomdha ann. Rucc doinenn forra gur bho h-eiccen dóibh anamhain i n-imeal an tíre. Do-níad teinnte, & tendála i n-imfoccus a long. Rucc macaemh ócc aídedhach do Cloinn t-Suibne forra .i. Brian & clann Briain mic an Easpaic Uí Ghallcubhair, & buidhen scolócc & bachlach, & ionnsaighitt iad co deighmheisnigh, & marbhthar leó Eoghan Ó Máille & cuicc fhichit nó a se amaille fris, & bentar dá luing diobh, & na braighde ro ghabhsat tré mhiorbhuilibh Dé & Caiterióna isa baile ro sháraighsiot.

M1513.7

O Domhnaill do dhol beccán fedhna i n-Albain ar tóchuireadh righ Alban, iar c-cor litreach & teachtadh ar a chend, & iar n-dol soir do fuair onoir, & asccadha móra on Righ, & iar m-beith ráithe dó ina fharradh, & iar c-caemhcludh comhairle don Righ gan techt in Erinn amhail ro thriall, ticc Ó Domhnaill dia tigh iar f-faghail guasachta móir dó for muir.

M1513.8

Mac Uilliam Búrc Emann, mac Riocaird, mic Emainn, mic Tomáis, fer dár bho muintir na h-Uird, & na h-ollamhain do mharbhadh h-i f-fiull cloinn a dherbrathar .i. Tepóid Riabhach, & Emann Cíocarach dá mhac Uáteir mic Riocaird.

M1513.9

Slóiccheadh lá h-Ua Neill .i. Art mac Aodha h-i t-Trian Conghail dia ro loiscc Magh Line, & dia ro chreach na Glinne. Rucc mac Neill mic Cuinn & Mac Uidhilin ar chuid don t-sluaigh, & ro marbhadh Aodh mac Uí Néill don chur-sin. Teccmaid an sluagh & an tóir fri aroile arna mharach, & ro marbhadh Mac Uidhilin .i.


p.1324

Risderd mac Rudhruidhe, & drong d'Albanchoibh lasan slogh, & ticc Ó Néill tar a ais iaramh.

M1513.10

Caislen Dhúin Lis do ghabhail la h-Ua Domhnaill ar chloinn Gheroitt Mic Uidhilin, & a thabhairt do chloinn Ualtair Mhec Uidhilín.

M1513.11

Art mac Néill mic Airt Uí Neill d'écc .6. August, & a adhnacal i n-Dun na n-Gall.

M1513.12

Eoghan Ruadh Mac Suibhne do marbhadh la cloinn a dearbrathar fein, & le Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh Uí Bhaoíghill.

M1513.13

Indsaicchidh cille do thabhairt la Tadhcc na Lemhna ar Chorbmac Ladhrach mac Taidhcc mic Domhnaill Óicc, ar n-gairm Mhég Cárthaigh da gach fer díbh, & an tegh i raibhe Corbmac do losccadh, & é fein & a consapail do dhol amach as an tegh, & consapal Taidcc do mharbhadh leo, & Corbmac cona mhuintir d'imthecht go h-aghmar aithesach. Desmumha do roinn ar dó etir Corbmac & Tadhg co bas Taidcc.

M1513.14

Mac Mathgamhna d'écc .i. Tadhcc, mac Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc mic Donnchaidh na Glaice.

M1513.15

O Mathgamhna Concobhar Fionn mac Conchobhair mic Diarmata Uí Mathghamhna d'écc, fer do-chuaidh tar lamhaibh sinnser & soiser h-i c-cendus a duithce an Concobhar h-isin.


p.1326

Annal M1514

M1514.0

AOIS CRIOST, 1514. Aois Criost, mile, cúicc céd, a cethair décc.

M1514.1

Patraicc Ó Duibhlecháin abb Cenannsa, & Aodh mac Gilli Crist Í Fhiaich biocáiri Airidh Broscca d'écc.

M1514.2

O Néill Art, mac Aodha, mic Eoghain, mic Neill Óicc d'écc. Fer tuiccseach tothachtach, airbhertach, ealadhnach, crodha, cendasach, eisidhe, ar rob annamh mac tánaiste na ticcherna for Chenel Eoghain riamh roimhe. Art mac Cuinn mic Enri d'oirdneadh na ionadh.

M1514.3

Donnchadh mac Concobhair Uí Bhriain do mharbhadh go naimhdemhail míoghaolmhar la cloinn Toirrdhealbhaigh mic Murchaidh Í Bhriain .i. Murchadh, & Donnchadh. Togha fher n-Ereann do láimh & do thothacht, do chruas, & do chródhacht an tí torchair annsin.

M1514.4

Tadhcc na Lemhna, mac Domhnaill, mic Taidhcc Még Carthaigh d'écc ré h-adhart mar nar saoílidh, fer as mó ro mhill, & i mór-milleadh da t-tainicc dia aicme le cuimhne cáich.

M1514.5

Cendus fedhna mór lá h-iarla Cille Dara, uair do imthigh tre coicceadh Uladh co Carraic Fhergusa, & an Mhumha go Pailís Még Cárthaigh. An t-iarla cédna do dhol im Leim Í Bhanáin, & ní dob annamh lais gan an caislén do briseadh nó do ghabháil, ar ní ro fhéd ní dó. & teid dia thigh do thionól slóigh & ordanais badh mó. AS eadh tainic de-sin dó-somh galar a écca dia ghabháil co n-érbhailt de. Ba ridire ar gart gaisccidh, ba rioghdha, riaghalta briathra & bretha an tí testa annsin .i. Geróitt iarla.


p.1328

M1514.6

Slóiccheadh lá h-iarla Cille Dara Geroítt Ócc mac Geroitt, isin m-Breifne, & díth mór do dénumh dóibh innte don chur-sin .i. O Raighilligh Aodh mac Cathail do mharbhadh lais, Pilip a dherbhrathair, & mac do Philip, & Geroitt mac Emainn mic Tomáis Uí Raighilligh. Achtmadh en-ní do marbhadh cethre fir décc d'uaislibh & d'ardmhaithibh Muintire Raghailligh cenmo tá sochaidhe dia muintir. Ro gabhadh ann beós Mág Caba .i. Maine mac Mathgamhna.

M1514.7

Caislén Chúla Rathain do ghabháil, & do bhriseadh la h-Ua n-Domhnaill i n-éraic a shlána do briseadh do Dhomhnall Ua Chatháin.

M1514.8

Creacha móra do dhénamh la h-Ua n-Domhnaill i n-Gailengaibh dar loiscc & dár aircc an tír go Cruachan Gaileng, & marbhtar Ó Ruadhain lais & sochaidhe ele.

M1514.9

Coccadh d'eircce etir Ó n-Domhnaill (Aodh mac Aodha Rúaidh), & Ó Néll (Art mac Cuinn), & móran daoineadh d'fhostadh doibh ar gach taoibh, & a m-beith a b-fad h-i f-foslongport i n-aghaidh aroile, & a thecht do ghrásaibh an Spirait Naeimh, & do chomhairle a n-dagh-dhaoineadh sídh chairdemhail do dhénamh doibh re 'roile, & a n-dol h-i c-cend aroile ar droichet Arda Sratha, & cairdes Crist do dhénamh doibh le chéle, & cartacha nuaa (amaille le daingniucchadh na sen-chartach) do thabhairt la h-Ua Neill d'Ua Dhomhnaill ar Chenel Moáin, ar Inis Eoghain, & ar Fheraibh Manach, & Ó Domhnaill do thabhairt a mheic mar aisccidh d'Ua Néll .i. Niall Ócc baí a f-fad riasan tan-sin i l-láimh aicce i n-gioll le tairiseacht.

M1514.10

Cobhlach long f-fada, & bád do tharraing la h-Ua Domhnaill for Loch Erne, & a beith ré fhoda na chomhnaidhe i n-Inis Cethlenn. Airccis & loisccis Oiléin Chúil na n-Oirer, & do-ghní sídh re Feraibh Manach iar c-cor a chumhacht forra.

M1514.11

Mac an iarla móir .i. Henry mac Geróitt do ghabháil lasan iarla ócc .i. Geroitt Ócc.

M1514.12

Indsaicchidh la h-Aodh mac Domhnaill Í Néll, & lá Conn mac Neill ar Shean mac Cuinn go Cluain Dabhail, & Baile Sheain do losccadh leó. Creacha an tíre


p.1330

do chor rempa dóibh. O Neill, & Mac Domhnaill do breith orra tóir trom, na crecha do bhein díobh, & briseadh orra. Cúiccer do Shliocht Airt Í Néll do mharbhadh ann .i. Toirrdhealbhach, mac Neill mic Airt, Failghe mac Nell, Ruaidhri mac Aodha mic Airt, Domhnall Ballach mac Airt an Chaisléin, & Aodh mac Emainn mic Airt Í Néill. Do marbhadh ó Aodh ann dá mhac Mhec A Ghiorr .i. Art Ócc & Brian. Ro marbhadh ann bheós Félim Ócc Ó Meallain, & Conn Ó Concobhair, & ro benadh deich n-eich fichet do Chonn don chur-sin.

M1514.13

Piarus mac an Abbaidh Móir Még Uidhir, & Giolla Patraicc mac Felim Mic Maghnasa d' écc.

M1514.14

O Dálaigh Corcu M' Ruadh Tadhg mac Donnchaidh, mic Taidhcc, mic Cerbhaill, oide lé dán, fer tighe aoidhedh coitchinn d'écc ina tigh fén h-i f-Fínaigh Bhera, & a adhnacal i Mainistir Corcu M' Ruadh.

Annal M1515

M1515.0

AOIS CRIOST, 1515. Aois Criost, mile, cúicc céd, a cúicc décc.

M1515.1

Menma Mac Carmaic epscop Ratha Both d'écc.

M1515.2

Eoghan mac Airt mic Eóin, mic Airt Mic Cathmaoil epscop Clochair d'écc.

M1515.3

Giolla Patraicc Ó h-Ultachain persún Achaidh Beithi d' écc.

M1515.4

Semus mac Tomáis Rúaidh mic an Abbaidh Még Uidhir & mac Rémainn mic an Perasúin Még Uidhir do mharbhadh lasan c-comharba Mag Uidhir h-i f-fearonn Claoín Innse.


p.1332

M1515.5

Domhnall mac Aodha Rúaidh Í Dhomhnaill do mharbhadh le h-Aodh m-Buidhe Ó n-Domhnaill sa Tuaith Bladhaigh, 25. Nouember.

M1515.6

An Giolla Dubh mac Toirrdhealbhaigh Még Uidhir d'écc.

M1515.7

Tadhcc mac Toirrdhealbhaigh Még Uidhir d'écc tré bhithin esccair fuair.

M1515.8

Tadhcc Ó h-Uiccinn, & Uater Brethnach dias sacart do badhadh lá taobh Leasagabhail.

M1515.9

Cathal mac Ferghail mic Domhnaill Bháin Uí Raghallaigh d'écc.

M1515.10

Cobhlach long f-fada lá h-Ua Domhnaill Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh for Loch Eirne, & an loch go Port na Cruma d'imtheacht & do shiredh lais d'aimhdheóin na tíre, marbhtha, & loisccthe ile do dhénamh lá a shlóghaibh for oílénaibh cloinne Emainn Mhég Uidhir.

M1515.11

Slóiccheadh lá h-Ua Néill (Art) i n-Oirghiallaibh, & teccmhail do druing don t-sluagh fri Muintir Meg Mathghamhna, & Art Balbh mac Még Mathghamhna saoí chinn fhedhna do mharbhadh lásan sluagh, & Ua Condalaigh .i. Emann.

Annal M1516

M1516.0

AOIS CRIOST, 1516. Aois Criost, mile, cúicc céd, a sé décc.

M1516.1

Uilliam mac Donnchaidh Uí Ferghail epscop na h-Angaile d' écc.

M1516.2

An t-oircinneach Ó Muirgheasa .i. Niall d' écc.

M1516.3

O Dochartaigh (Concobhar Carrach) d'écc.

M1516.4

Mac Még Uidhir Brian mac Concobhair mic Tomais Óicc do mharbhadh lé Brian Ócc Mhág Mathagamhna, & lé cloinn Donnchaidh Még Uidhir.

M1516.5

Mac Domhnaill Cloinne Ceallaigh .i. Colla do mharbhadh.

M1516.6

Coccadh mór d'éirghe etir Ó n-Domhnaill & Ó Néill, & fosdadh mór daoíne do dhénamh lá gach tighearna aca. Creacha móra do dhénamh lá Maghnus Ó n-Domhnaill ar Enrí m-Balbh Ó Néill, & urmhór an tíre uile ó shliabh asteach do losccadh lais. Creacha aidhbhle ele do dhenamh lá Brian Ó Néill h-i c-Cenel Moéin.


p.1334

O Domhnaill iaramh do dhol h-i t-Tir Eócchain, & Cenel Feradhaigh do losccadh lais, & an tír uile gus an abhainn dan h-ainm Úna, & tig slán dia tigh iaramh.

M1516.7

Caislén Sliccigh do gabháil lá h-Ua Domhnaill Aodh Ócc mac Aodha Rúaidh iar m-beith athaidh fada ina fhéccmais. As amhlaidh ar-rícht lais a ghabháil, ridire Francach do thocht dia oilithre co Purgattóir Patraicc for Loch Gercc, Ro ghabh do saighidh Í Domhnaill acc dol & acc teacht cco f-fuair onóir, & airmhidin t-iodhlaicthe, & tabhartais, & do-rónsat aontaidh & caradradh ré aroile, & Ro tingheall an ridire-sin long ar a m-biadh gonnadha móra do chor do shaghidh Uí Domhnaill iarna chlos dó go raibhe an caislén-sin Sliccigh accá iomchosnamh fris. Ro comhaill éiccin an ridire an ní-sin uair do-riacht an long co Cuan na c-Ceall m-Becc. Ro seóladh siar i gach n-díreach do saighidh Shliccigh, & Ó Domhnaill cona shochraide for tír co comhranccatar do muir, & do tír imon m-baile. Ro briseadh an baile leó riasiú fuairsiot h-é, & do-bert Ó Domhnaill maithemh n-anacail don bhárda. Do-thaod Ua Domhnaill as-sin h-i t-Tír n-Oilella, & gabhais caislén Chúile Maoíle, caislén Locha Derccáin, & Dún na Móna an lá-sin. Fágbhais barda i c-cuid dibh, & tucc gialla & braighde ón c-cuid ele. Ro marbhadh dna Mac Donnchaidh Bhaile an Mhóta, & mac mic Donnchaidh acc teacht h-i c-cend slóicch Uí Domhnaill le Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh í Bhaoighill. Ticc Ua Domhnaill slán dia thicch iar m-buaidh c-cosccair iarsin.

M1516.8

Caislén Mic Suibhne Fhánatt .i. Ráith Maoláin do thuitim.

M1516.9

O Domhnaill do dhol fo dhí for sluaigheadh h-i t-Tír n-Eocchain, & gan tachur nó tegmháil ris innte, ná dioghbháil oirdearc do dhénamh air ná lais acht an tír d'imthecht & a h-urmhór do mhilleadh.

M1516.10

Coccadh etir Gearaltachaibh & Semus mac Muiris .i. oidhre na h-iarlachta, do suidhe im Loch n-Gair. Rob iad airigh a shluaigh Mag Carthaigh Cairpreach


p.1336

.i. Domhnall mac Finghin, Corbmac Óg mac Corbmaic mic Taidhcc, Corbmac mac Donnchaidh Óicc Még Carthaigh tighearna Ealla, an Ridire Fionn, Ridire an Ghlenna, & an Ridire Ciarraigheach, Mac Muiris, & Ó Conchobair, & tuir iomfhulaing an t-sluaigh Mag Carthaigh Mór .i. Corbmac Ladhrach. Ticc Sean mac an iarla d'eccaoíne a imne lé Dál c-Cais ar ro baí codach, & clemhnas etorra, uair bá h-í Mór inghen Donnchaidh mic Briain Duibh ben an t-Seain-sin. Eirghis Ua Briain fri báidh & connalbhus, & tionoilis Tuadhmhuimhnigh, & ticc Piarus mac Semuis Buitilér, & araile da rann ina dhócom, & tiaghaid do saighidh an t-slóigh Gheraltaigh. O 'd-connairc mac an iarla maithe mór-shluaigh Shíl m-Briain dá ionnsaighidh as í comairle do-rónsat gan teaccmháil ré 'roile, & fáccbháil an bhaile gan baoghlucchadh go ro sgarsat ré 'roile amhlaidh sin.

M1516.11

Mag Carthaigh Mór .i. Corbmac Ludhrach mac Taidhcc tighearna Desmumhan an tí as ferr fuair tighearnas, & as mó fuair do choccadh nó go raibhe 'na thighearna gan fresabhra, an tí ba ferr do chenn deóraidh & deibhlén ba ferr recht & riaghail do tighernadhaibh Leithe Moccha d'écc.

M1516.12

Caislén Baile Í Cherbhaill .i. Leim Í Bhánáin do ghabháil le h-iarla Cille Dara Geróid mac Geróid iar f-feimdhedh a ghabhála dia athair, & as decmaic ma ro baí isin aimsir-sin caislén do badh cruaidhe cosnamh & congmháil inas go ro briseadh im chend a bhardadh h-é.

M1516.13

Maidhm mór do thabhairt d'Emann mac Tomais Buitilér ar Piarus Buitilér, & ar mac Mic Piarais, & drong mhór dá muintir & dá m-buandadhaibh do bhuain díbh.

M1516.14

Mac Conmidhe Brian Ócc mac Briain Ruaidh d' écc.


p.1338

M1516.15

Toirrdhealbhach mac Briain Uaine Í Gallchubhair comharba na Cairrcce d'écc.

M1516.16

Mac Briain Chaoích mic Taidhcc mic Eoghain Uí Choncobhair do mharbhadh h-i f-fioll la mac Taidhg na Tuaighe mic Feilim mic Eocchain, & do Sliocht An Cherrbhaigh.

Annal M1517

M1517.0

AOIS CRIOST, 1517. Aois Criost, mile, cúicc céd, a secht décc.

M1517.1

O Conchobhair Failghe Brian mac Taidhcc mic An Chalbhaicch d'écc, & An Calbhach mac Taidhcc d'oirdnedh 'na ionadh.

M1517.2

Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh Uí Bhaoighill fer a chumachta roba ferr do dhuine uasal, as mó do-rinne do choccadh, & do ghuais-bertaibh dá t-táinicc dá chinidh fein, do dhol lucht báid co Toraigh, & gaoth dia b-fuadach isin b-fairrge siar, & ní fo-rith aon-fhocal dia scélaibh ó shin.

M1517.3

Sean mac Cuinn mic Enrí mic Eocchain Í Neill, mac tighearna bá mó toice, & trom-chonach i n-Ultaibh ina ré d'écc.

M1517.4

Pilip mac Toirrdhealbhaigh Még Uidhir saoí chinn fedhna d'écc.

M1517.5

Pilip mac Seain Bhuidhe Még Mhathgamna fer fá maith caithemh & cosnamh d'écc.

M1517.6

Art mac Aodha mic Domhnaill Uí Néill do mharbhadh lé Niall mac Cuinn, mic Airt Uí Nell.

M1517.7

O Tuathail .i. Art do mharbhadh lá a bhraithribh.

M1517.8

An Giolla Dubh mac Donnchaidh mic Tomáis Még Uidhir d'écc.

M1517.9

Tomas mac Uillicc, mic Uillicc A Burc do thabhairt creiche a h-Urmhumhain, toraighecht trom do breith air h-i Port Omna, muinter & marc-sluagh Thomais do chor do dhruim na c-creach lasan t-toraighecht, na creacha do bhuain díbh, & Tomás do mharbhadh, fer a aoisi fa ferr oirbhert tainic do Gallaibh Ereann ina aimsir, ar is leis do h-aircceadh & do fásaighedh Mainigh feacht riamh.

M1517.10

Caislén An Locha do ghabháil ar cloinn Corbmaic Ladhraigh, & a c-cor fein ar


p.1340

dibirt h-i leith Meic Muiris. Creacha móra lá Mac Muiris dár lér-aircc Magh Ó c-Coinchind ó cnocaibh aniar.

M1517.11

Slóiccheadh lasan iustis ar tarraincc cloinne inghine an iarla h-i t-Tir Eocchain, & caislén Í Neill (.i. Art mac Cuinn) .i. Dun Genainn do briseadh lais don cur-sin.

M1517.12

Creacha móra lá h-Ua c-Cerbhaill (Maol Ruanaidh) i n-Delbhna.Caislén Cinn Coradh do ghabhail lais, & a arccain. Coccadh mór trid-sidhe etir Ó c-Cerbhaill & Dealbhna, O Maoíleachlainn, & iatt-somh do tharruing an iarla dia ro brisedh Caislén an Fothair Delbna (.i. Gardha an Caisléin).

Annal M1518

M1518.0

AOIS CRIOST, 1518. Aois Criost, mile, cúicc ced, a h-ocht décc.

M1518.1

Mainistir na m-Brathar i n-Ard Macha do gnouccadh docum na m-Brathar De Obseruantia.

M1518.2

Aedh mac Rosa mic Tomais Óicc Még Uidhir cananach coradh h-i c-Clochar, persun i n-Achadh Urchoir, & persún h-i c-Claoíninis for Loch Érne, fer fial forbfaoíligh, & saoí cleirich d'écc.

M1518.3

Mac Suibhne Fánatt .i. Ruaidhri mac Maol Muire, ail cothaighthe gacha comhlainn acc cosnamh a tighearna, fer toirberta seód, & maoíne da gach aon nó riccedh a les do écc.

M1518.4

O h-Eodhosa Cioth Ruaidh mac Athairne saoí fhir dhána & fer tighe aoidheadh coitchind do écc.

M1518.5

Feilim mac Briain mic Conchobhair Óicc Még Uidhir d'écc iar t-tilleadh dó ó chathair San Sem tar eis a thurais bliadain na n-gras, & a adhlacadh i Mainistir Mhuinecháin.

M1518.6

Clann Í Neill (.i. Conn & Aodh) .i. clann Domnaill mic Enrí mic Eoghain, & an comharba Mág Uidhir do dhol ar creich ar Brian mac Cuinn mic Enri, & Brian do


p.1342

breith forra ag Domhnach an Eich, & madmucchadh forra goro gabadh Aodh mac Domhnaill. Ro gonadh Mac Cathmhaoil Donnchadh mac Emainn, & ro marbhadh sochaidhe do Cenel Fearadhaigh, ad-bath Mac Cathmhaoil iaramh dia ghonaibh.

M1518.7

Aodh Balbh mac Cuinn (.i. Ó Neill) Í Néill, do gabháil lá h-Énrí m-Balbh Ua Neill, & cúicc h-eocha décc do bhein d'fuasccladh ass.

M1518.8

Indsaicchidh la Pilip mac Émainn Még Uidhir h-í t-Tír Chennfhoda ar h-Enri m-Balbh Ó Neill, & oilén Clapaigh do ghabháil lais, & braighde battar acc Enri do breith lais uadha .i. Aedh Balbh mac Cuinn Í Neill, & mac Aodha Mic Cafraidh baoí ó Pilip fein oca, Ro marbhadh dna Cathal mac Duinn mic Emainn Még Uidhir ó Pilip don chur-sin.

M1518.9

An t-Aodh Balbh mac Cuinn sin (.i. Ó Neill) adubramar d'écc i n-deireadh foghmhair.

M1518.10

Mac Mic Magnasa Remann mac Cathail Óicc Mic Maghnasa fer dearcach daonnachtach do écc.

M1518.11

Mac Murchadha, Art Buidhe mac Domhnaill Riabhaigh mic Gerailt Caomhánaigh d'écc.

M1518.12

Murchadh Ó Maoíleachlainn (.i. Ó Maoíleachlainn) saoí Ereann ar crodhacht & ar cennas fedhna do mharbhadh h-i Maigh Elle lá a dhearbrathair fein Art, ar ro mharbh-somh a dhearbhrathair .i. Feilim riasan tan-sin conadh ina dhioghail-sidhe ro marbhadh-somh lá h-Art, & Toirrdhealbhach do gabhail a ionaidh.

Annal M1519

M1519.0

AOIS CRIOST, 1519. Aois Criost, mile, cuícc céd, a naoi décc.

M1519.1

Semus mac Pilip mic Semais mic Rudhraighe Még Mhathgamhna epscop Doire d'écc.

M1519.2

Emann (.i. Dubh) Ó Duibhidhir abb Eassa Ruaidh d'écc an céd lá do Nouember,


p.1344

& adhnacal i n-Dún na n-Gall i n-aibit .S. Froinces iar t-treccean aibiti manaigh fuirre.

M1519.3

Comarba Cluana Conmaicne cenn einigh & aoidhedhcaire ceall Conmaicni d'écc.

M1519.4

O Neill Art Ócc mac Cuinn saoí chinn fedhna fear daonnachtach degh-aithnech do écc, & a dearbhrathair Conn Bacach mac Cuinn d'oirdneadh na ionadh.

M1519.5

O Conchobhair Ruadh, Eoghan mac Féilim Fhinn d'écc.

M1519.6

Mac Uilliam Cloinne Riocaird .i. Riocard Ócc do écc.

M1519.7

Feidlim mac Magnusa mic Briain mic Domhnaill Uí Conchobhair tighearna Iochtair Connacht d'écc. Fer dercach daonnachtach eisidhe.

M1519.8

Tadhcc Ruadh mac Maoileachlainn Uí Cheallaigh tighearna an Chaladh d'écc.

M1519.9

Donnchadh Caomhanach fear rathmhar ro-chonáigh do lán-maithibh Laighen d'écc.

M1519.10

Maoílin mac Torna Uí Mhaoil Chonaire ollamh Shil Muireadhaigh fear lán do rath & d'éicsi fer do thoghattar Gearaltaigh, & Goill tar ollamhnaibh Ereann, fer do-gheibheadh seóid, & maoíne ó gach aon for a c-cuinghedh do écc h-i Mainistir Deircc h-i Tethbha.

M1519.11

Feircheirtne Ó Cuirnín fer gradha Eoghain Uí Ruairc cend eiccsi an fhine dia m-baoí, & Domhnall Ó Cuirnin d'écc.

M1519.12

Tadhcc mac Briain mic Tomaltaigh Í Birn tanaiste Ua m-Briúin d'écc.

M1519.13

Indsaicchidh lá cloinn Í Néill (lá cloinn Domhnaill mic Enri) ar mac Í Neill .i. Brian mac Cuind. Creacha móra do ghabhail dóibh ar Sliabh Thíos, Robhad d'fhaghail do Brian & é do thionól a m-baí lais do dhaoínibh for a c-cionn, & a lenmain a t-tóraighecht & briseadh dó ar cloinn Í Néill iar n-imtheacht a muintire uathaibh lasna crechaibh. Da mac Í Neill (Aodh & Eocchan) do gabhail ann,


p.1346

& mac Eocchain beós do marbhadh & Mac Cathmhaoíl Cú Uladh mac Emainn, Tomas mac Emainn, & Emand mac Giolla Pattraicc Mic Cathmhaoíl do mharbhadh.

M1519.14

Da mac Ruaidhri mic Briain Meg Uidhir (.i. Rosa, & Tadhcc) do gabháil lasan c-Comarba Mag Uidhir. Ruaidhri fein, & an chuid ele dá chloinn do chor as a n-duthaigh dó, & a c-caoraighecht do bhuain dibh, & an comharba do chor na caoraighechtabhuandadhaibh dó fein co ro furáil Ua Domnaill ar an c-comarba a chaoraigheacht do tabhairt do Ruaidhri doridhisi.

M1519.15

Coccadh mór i n-Dealbhna etir Sliocht Ferghail Még Cochláin & Sliocht Domhnaill dia ro marbhadh Semus Mag Cochláin prióir Gailinne, & ríoghdhamhna Dealbhna Ethra d'urchor do pheilér as caislén Cluana Damhna.