Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

p.1258

Annal M1501

M1501.0

AOIS CRIOST, 1501. Aois Criost, Mile, cúicc ced, a h-aon.

M1501.1

SEAN mac Rosa mic Tomais Óicc Meg Uidhir baí 'na chanánach coradh h-i c-Clochar, na phearsún, & na airchinnech i n-Achadh Lurchair saoí eccnaidhe earccna i l-laidin, & i n-gaoidhilcc fer ticche aoidheadh coitchind da gach aon nó ricceadh a leas, & a écc in Id Iún.

M1501.2

Niall mac Airt mic Eoccain Uí Néill d'écc.

M1501.3

Rúdhraighe mac Uí Chonchobhair Fhailgigh, .i. mac Cathaoír mic Cuinn mic An Chalbhaigh d'écc.

M1501.4

Rudhraighe mac Meg Mathghamna, .i. Brian mac Remainn do mharbhadh lá cloinn Még Aengusa.

M1501.5

Coccadh etir Oirghiallaibh fein, .i. Sliocht Aodha Ruaidh, & Sliocht Remainn. Mág Mathghamhna (Rosa) do breith a chaoraighechta leis for an Lucht Tighe, & Sliocht Remainn do chor as an tír amach i cenn h-Ui Neill. Mág Mathghamhna d'ionnsaicchidh for Shliocht Remainn, & teccmhail dá roile doibh acc Áth an Choileir.


p.1260

Toirrdhealbhach (.i. mac inghine an iarla) mac Cuinn mic Enri Uí Neill do beith acc congnamh lá Sliocht Remainn. Toirrdhealbhach umorro, mac tighearna a aoísi fodhéin bá ferr do Gaoidhealaibh mharbhadh lá Mág Mhathghamhna annsin & mac Mec Domhnaill Gallocclach (Eoin mac Colla) do mharbhadh co sochaidhibh ele.

M1501.6

Mac Meg Uidhir Tomás mac Tomáis Oicc mic An Ghiolla Dhuibh (.i. Mag Uidhir) do mharbhadh ar Sliabh Betha lá cloinn Briain mic Remainn Meg Mathgamna co n-ár a mhuintire ina fharradh. At iad na maithe ro marbhadh ann: Giolla Íosa mac Emainn, Tomás mac Duinn mic Emainn, & Corbmac mac Seain mic Emainn Meg Uidhir, Ruaidhri Buidhe mac Emainn Óicc Meg Uidhir, & Emann, & Maghnus Eoghanach, da mhac Aodha mic Briain Mhég Uidhir, Brian & Donnchadh da mhac Taidhcc mic Dabeid mic Giolla Bhuidhe Mic Maghnusa, & cóiccer don chinidh chedna co sochaidhibh oile do marbhadh amaille friú.

M1501.7

Caislén Sliccigh do ghabhail le dreimirib, & tocht fair anuas as a bharr lá cloinn Ruaidhri mic Toirrdhealbhaigh Charraigh Uí Concobhair, & lá cloinn Feidhlimidh mic Toirrdhealbhaigh Carraigh Ui Conchobhair. An Calbach Caoch mac Domhnaill mic Eoccain Uí Conchobhair do mharbhadh ann, & Sean mac Ruaidhri mic Toirrdhealbhaigh Charraigh Uí Conchobhair do thuitim lás An c-Calbhach a f-frithghuin ar in lathair-sin.

M1501.8

Aibhne mac Seain Í Catháin do mharbhadh lá a dearbrathair feissin Brian Fionn.

M1501.9

Mac Domhnaill Cloinne Ceallaigh (Giolla na Naemh mac sidhe Corbmaic mic Airt) do mharbhadh la Feidhlimidh mac Donnchaidh mic Tomáis Még Uidhir.

M1501.10

Emann mac Ricaird A Búrc do ghabháil lé Mac Uilliam Cloinni Riocaird ag tocht ó turus San Sem. Fuasccladh mór do bhein as, & braighde maithe dia muintir imó mac.


p.1262

M1501.11

Maoíleachlainn mac Uilliam Meg Raghnaill taoiseach Muintire h-Eólais d'écc iar c-cian aoís.

M1501.12

Tadhg mac Toirrdhealbhaigh mic Féilim Finn do mharbhadh lá cloinn Ruaidhri Mec Diarmada.

M1501.13

Brian mac Ruaidhri Mec Diarmata do mharbhadh a Caislén Tuillsce amach d'aon-urchor soighde, & ní ro h-admhadh cia ros-marbh.

M1501.14

Creach la h-Ua c-Concobhair for Chonchobhar Mac Diarmata h-i c-Caisiul Bracáin Uí Brocain, & an baile do losccadh lais.

M1501.15

Domhnall Ua h-Uiccinn oide sccol Ereann lé dán d'écc iar d'tocht ó turus San Sém.

M1501.16

Donnchadh Ócc Mág Carthaigh mac Donnchaidh mic Corbmaic mic Donnchaidh mic Diarmata mic Corbmaic Fhinn mic Domhnaill Móir d'écc, ticcerna Ealla eisidhe.

M1501.17

Toirrdhealbhach O Briain ticcerna Tuadhmumhan do losccadh Chonntae Luimnigh, & Choisi Máighi san n-geimhredh.

Annal M1502

M1502.0

AOIS CRIOST, 1502. Aoís Criost, Míle, cúicc céd, a dó.

M1502.1

Semus mac Rúdhruighe Meg Mathghamhna comharba Cluana h-Eoais d'écc.

M1502.2

Art Ua Gallchubhair & Eóin Ó Loiste dias abbadh baí in imresain fri aroile im abdhaine Easa Ruaidh, & a n-écc in aén-ló co n-oidhche.

M1502.3

Mainistir na m-Brathar san c-Cabhan do ghnoucchadh la h-Ua Raghallaigh ón Róimh do na braithribh De obseruantia, i n-acchaidh na m-bráthar De comuni uita.


p.1264

M1502.4

Tadhcc mac Cuinn mic Domhnaill Uí Neill, Domhnall mac Feilim Uí Neill, Eocchan Bocht mac Neill mic Enrí Uí Neill, & Domnall mac Pilip Meg Uidhir d'écc.

M1502.5

Tadhcc mac Tomaltaigh an Einigh Mac Diarmata tanaisi Maighe Luircc do mharbhadh go h-aithesach lá cloinn Ruaidri Meic Diarmada h-i c-Coilltibh Cléirigh.

M1502.6

Maidhm na Tolcha Finne .i. i n-Glionn Eidhnighe do thabhairt la cloinn Toirrdhealbhaigh Óicc mic Toirrdhealbaigh mic Neill Ruaidh, ar Ó m-Baoighill dearbhrathair a n-athar .i. Niall Buidhe, dú in ro marbhadh Ó Baoighill, Niall cona dhias mac .i. Rudhraighe & Domhnall Ballach co n-druing ele, & ba h-e Ó Baoighill ro indill celcc for cloinn Toirrdhealbhaigh dia ro marbhadh é budhéin.

M1502.7

Indsaicchidh lá h-Ua Raighilligh (Sean mac Cathail) ar Pilip mac Toirrdelbhaigh Még Uidhir, & maighréidhe an tíre os cenn Cloinne h-Amhlaoibh do shiubhal & do loscadh leó, & Emann mac Pilip Riabhaigh mic Amhlaoibh co n-druing oile do mharbhadh. Ro marbhadh on t-sluagh-sin Uí Raghallaigh, mac Uí Raghallaigh budhéin .i. Domhnall an Mhagha & mac Mic Maoil Martain Concobhar.

M1502.8

Donnchadh mac Conchobhair mic Tomais Óicc Meg Uidhir d'écc do ghaibh cro na n-gon do radadh fair h-i maidhm Sleibhe Betha.

M1502.9

Art mac Enri mic Eoccain Uí Neill do mharbhadh lá h-Art mac Cuinn mic Enri mic Eoghain Uí Néill.

M1502.10

Eoghan mac Aodha mic Airt Uí Neill do mharbhadh la h-Aodh mac Cuinn Uí Neill.

M1502.11

Cathal mac Maoilechlainn Duibh Még Samhradhain do mharbhadh le cloinn Ui Raghallaigh ar tarraig mic Briain & a cloinne.

M1502.12

Slóiccheadh la h-Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, & Mag Uidhir Sean do dhol la mac Uí Dhomhnaill ar ionnsaicchidh i n-Dartraighe Choininnsi ar mac Seain


p.1266

Buidhe Még Mhathghamhna, & baile mhic Seain Bhuidhe & an tir uile do lomloscadh leó. Creacha an tire do theichemh rempo. Oirghialla ó Abhainn na h-Eóghanacha asteach do bhreith forra, & Sliocht Feidhlimidh Uí Raghallaigh, & Sliocht Donnchaidh Meg Uidhir. Mac Uí Dhomhnaill & Mag Uidhir do imtheacht co crodha cosccarach ar eiccin orra-sin uile, & marbhadh do dhenamh dhoibh ar an tóir im Fheilim mac Conchobhair mic Féilim Uí Raighailligh co sochaidhibh oile, & tocht slán dia t-tighibh.

M1502.13

Donnchadh Ua Briain do écc. Mac sidhe Briain mic Conchobhair mic Mathghamhna mic Muirchertaigh mic Toirrdhelbhaigh mic Taidhg mic Conchobhair na Siúdaine mic Donnchaidh Cairprigh &c. Topar sóidh & saidhbresa Muman ar medhón, tighearna ó Ath Dara go Luimneach, & on m-Baile Nua co Mainistir an Aonaigh. Tighearna Ethorlach & Choille Beithne an Donnchadh h-í-sin.

Annal M1503

M1503.0

Annal M1503

M1503.0

AoiS CRiost, Mile, cuicc céd, a trí.

M1503.1

Ua Beóllain comarba Cholaim Chille i n-Druim Chliabh d'écc.

M1503.2

Mag Uidhir Sean mac Pilip mic Tomais Mhoir (.i.An Giolla Dubh) én-rogha d'urradhaibh Ereann ina aimsir, an t-aon Ghaoidheal fá mó trócaire & daonnacht, & as fearr do chaomhain, & do chosain a thír, & a thalamh, dob' fhearr do chléth choccaidh i n-acchaidh ainfine, & coiccríoch, fá fearr smacht, recht, & riaghail h-i


p.1268

c-cill & i t-tuaith d'ecc ina longport fein i n-Inis Ceithlionn dia domhnaigh do shonnradh iar n-eistecht aifrinn, an sechtmadh callainn April, iar m-buaidh ongtha & aitricche, & a adhnacal i Mainistir na m-Brathar i n-Dún na n-Gall iar t-togha dhó innte.

M1503.3

Mac Ui Dhomhnaill .i. Donnchadh na n-Ordócc do ghabháil lé cloinn Chuinn Uí Neill, & Albanaigh badar h-i f-farradh cloinne Cuinn dia breith leó do shaicchidh Ui Dhomhnaill Aodh Ruadh, & Domhnall mac Uí Dhomhnaill do sccathadh Donnchaidh (.i. ocon abhainn dian h-ainm an Daol) & a écc de.

M1503.4

Brian mac Aodha Még Uidhir d'écc.

M1503.5

Emann mac Eoghain mic Aodha Mhég Uidhir cona mhac, mac Corbmaic mic Aodha Mheg Uidhir & mac Toirrdhealbhaigh Uí Mhaoile Dúin do mharbhadh i n-dibheircc oidhche lá cloinn Bhriain mic Aodha Mhég Uidhir.

M1503.6

Mac Uí Catháin (Risderd) do sccathadh lá a dearbhrathair fein Domhnall Cleireách.

M1503.7

Tebóid mac Uatéir A Búrc ticcherna Conmaicne Cúile Tóladh cenn daonnachta & dagh-oinigh Gall Connacht d'écc iar seandataidh.

M1503.8

Toirrdhealbhach Occ Ua Concobhair (.i. Ua Conchobhair Donn) d' écc i m-Baile Tobair Brighde iar t-trebhloid fhada.

M1503.9

Maidhm adbhal-mhór lá Mac Uilliam Cloinne Riocaird for Ua c-Ceallaigh, & for dhreim do Chonmaicnibh Cúile dú in ro marbhadh ermhor a n-gallóglach dibhlinibh do Cloinn n-Domhnaill, & do Chloinn t-Suibhne a t-timceall a c-consapal, & in ro marbhadh Uatér mac Seain A Burc saoí chinn fhedhna esidhe.

M1503.10

Tebóid mac Uateir A Búrc ticcherna Musccraige Cuirc do mharbhadh la Donnchadh an Chuilinn mac Uí Cearbhaill & la Conchubhar Ua n-Duibhidhir.


p.1270

M1503.11

Iarla Cille Dara do dhol h-i Saxaibh, & a teacht fo bhuaidh eiste & a mac baí hi laimh righ Saxan do thabhairt leis.

M1503.12

Sluaiccheadh lasan iarla c-cédna lá Gallaibh & la Gaoidhelaib Laighen go Magh Line go Carraicc Fherccusa dia ro bhris caislén Bheóil Fersde, & dia n-dearna constábla h-i Carraicc Fherccusa do mhac an t-Santálaig.

M1503.13

Sluaiccheadh adhbhal-mhór la Niall mac Cuinn mic Aodha Buidhe cona comhaontadh Gall & Gaoidhel i t-Tír Eoghain dia ro imthigh Tír Eoghain co h-iomlán, & Uí Eachdach uile co rucc a lurcc iomlán dia thigh.

M1503.14

Maidhm lá cloinn Bhriain mhic Neill Gallda in ro marbhadh & in ro gabhadh maithe Gall Chairrge Ferccusa.

M1503.15

Raghnall Mór mac Giolla Easpoig mac mic Domhnaill consapal Albanach Éreann, do écc i n-Duibhtrian Uladh.

M1503.16

Aodh mac Conchobhair mic Uí Conchobhair Ruaidh, & Ruaidhri mac Donnchaidh Dhubhshuilighthanaisi thocchaidhe do mharbhadh a meabhail lá sliocht ócc Fheidhlimidh Fhinn Uí Chonchobhair.

M1503.17

Feidhlimidh mac Maol Ruanaidh Meg Raghnaill dagh-adhbhar taoísicch for a dhuthaigh, & Dondchadh Baisileir mac Maoíl Tuile d'écc.

M1503.18

Mag Carthaigh Mór .i. Tadhcc mac Domhnaill Óicc d' écc, cosnamhach a athardha, islightheóir a namhat, ardaightheóir a charat an Tadhg isin.

M1503.19

Corbmac mac Donnchaidh mic Domhnaill Riabhaigh d'écc. Fer ga raibhe tighearnais & tánaisteacht O c-Cairpre do neimhched dherbhrathar a athar .i. Diarmata an Dúnaidh.

M1503.20

Ridire an Ghlenda d'écc .i. Emann mac Tomais, mic Pilip mic Seain mic an Ridire.

M1503.21

Tadhcc Boirneach, Murchadh, & Mathghamhain, clann Mathgamhna Í Briain, Conchobhar mac Briain mic Muirchertaigh mic Briain Ruaidh, & mac Uí Lochlainn Conchobhar mac Ruaidhri mic Ana, & Muirchertach, mac Toirrdhealbhaigh, mic


p.1272

Murchaidh mic Taidhcc do dhol la mac Uí Flaithbertaigh .i. Eoghan i n-Iarthar Connacht co sochhaidhe moir maille friú iar ná t-tarraing don Eoghan chédna i n-aghaidh a bhraithrech (Ruaidhri Ócc & Domhnall an Bháid dá mhac Í Flaithbhertaigh). As ann bádar-sidhe ar a c-cionn a b-foslongport ag an c-Caolsháile Ruadh. Ro ionnsaigset Siol m-Briain & Eoghan an foslongport, & do-ronsat crecha & édala. Leanait clann Í Fhlaithbhertaigh & an tír a t-toraighecht iad go ro fighedh iorghal etorra, go t-torchratar clann Mathgamhna Í Bhriain, & Eoghan Ó FlaithbhertaighMuintir Flaithbheartaigh don chur-sin.

Annal M1504

M1504.0

AOIS CRIOST, 1504. Aois Criost, Mile, cúicc céd, a cethair.

M1504.1

Giolla Patraicc Ó Con Dálaigh (.i. mac Enri) abb Cluana h-Eoais, iar n-gnoucchadh epscopoide Clochair dó d'écc.

M1504.2

Pilip Ó Raghallaigh abb Cenannsa, & a dherbhrathair Eoghan, cananach baoí isin m-baile cédna d'écc.

M1504.3

Maghnas mac Briain mic Donnchaidh abb Mainistre na Trinóide for Loch Ce comhrair & ciste coimheda eccna & eolais, Connacht d'écc, h-i c-Cíll Duibh Dúin, & a adhnacal in Oilén na Trinoíde ar Loch Cé.

M1504.4

Toirrdhealbach Mag Uidhir cananach coradh i Clochar, persún Doire Mhaoláin & prióir Locha Deircc do thuitim do sdaighre cloch i m-Baile Atha Buidhe im féil Patraic co ro écc de, & a adhnacal i Mainistir an Chabhain.

M1504.5

Ruaidhri Mag Mathgamna biocaire Cluana h-Eoais d'écc.


p.1274

M1504.6

Conchobhar mac Ruaidri mic Diarmatta tanaisi Shil Maol Ruanaidh, mac tigearna bá treisi tainicc dá dhúthaigh ré cian d'aimsir do mharbhadh la Mac Diarmata i m-Bealach na n-Urbróintedh.

M1504.7

Art mac Cairpre mic Aedha Uí Neill cona mhac & cona dherbhrathair do marbhadh la Sliocht Rémainn Még Mathghamna.

M1504.8

Brian mac Meg Uidhir (Sean mac Pilip) & Mag Samhradhain Emann d'écc.

M1504.9

Mac Diarmatta Moighe Luircc (Conchobhar mac Ruaidhri Mic Diarmatta) do mharbhadh lá Maol Ruanaidh mac Tomaltaigh Mic Diarmatta.

M1504.10

Flaithbertach mac Failge mic Briain Mic Caba do mharbhadh lé Brian mac Alaxandair Oicc Mic Cába.

M1504.11

O Cianáin Giolla Pattraicc mac Taidhcc, Maoilechlainn mac Athairne Uí Eódhosa, O Caiside Cuile (.i. Piarus mac Tomais) ollamh leagha Mheg Uidhir, saoi dearbhtha i leighionn, & h-i f-fisicceacht, fer tighe aoidhedh coitchinn, & Aindrias Mag Craith mac comarba Termoinn Da Bheócc biatach coitchenn d'écc.

M1504.12

Maidhm Bheoil Atha na n-Garbhán do thabhairt lá Sean A Burc mac Uillicc mic mic Uillicc mic Riocaird tánaisi Cloinne Riocaird for Ua c-Ceallaigh du h-i t-torchair Uatér mac Seain mic Tomais A Búrc adhbhur tigearna Conmaicne co sochaidhe móir amaille fris do Cloinn n-Domhnaill, & do Cloinn n-Dubhghaill.

M1504.13

Tri caisléin lá h-Ua c-Ceallaigh do briseadh lé Mac Uilliam (.i. an tres Uillecc) .i. an Garbhdhoire, Muine an Mhedha, & Gallach conadh treimhid-sidhe do chuaidh Ó Ceallaigh Maoilechlainn d' éccaoíne a imnidh ris an iustis dia ro cuireadh maidhm Cnuic Tuagh.


p.1276

M1504.14

Slóicchedh adhbhal do thecclamadh lasan iustis Geroitt mac Tomais iarla Chille Dara. Do dheachattar céttus maithe Leithe Cuinn ina dhochumh .i. Ó Domhnaill Aodh Ruadh, & a mhac co maithibh Chenél Conaill, & drong dho Chonnachtaibh .i. Ua Conchobhair Ruadh, Aedh mac Feilim Fhinn, & Mac Diarmada tigerna Maighe Luircc. Tangattar bheós maithe Uladh cenmotha Ó Néill isin tionol chedna .i. Art mac Aedha Uí Neill tanaisi Chenel Eoghain, Domhnall mac Mhécc Aénghusa, Mag Mathghamhna, & Ó h-Anluain. Tangattar dna Ó Raghallaigh, O Ferghail .i. an t-epsop, Ó Conchobhair Failge, Siol c-Ceallaigh, & Clann Uilliam Burc, & Leth Cuinn uile d'urmhór, ní ro ansat na sloigh lan-mhora h-ísin co rangatar co Cloinn Riocaird. Mac Uilliam Cloinne Riocaird dna, ro thionóil sidhe slóigh iomdha adhbhal-mhora ina n-aghaidh-sidhe .i. Toirrdhealbhach Ua Briain (.i. mac Taidhcc) tighearna Tuadhmumhan cona braithribh cona thionol, & go Síol Aodha arcena, Maol Ruanaidh Ua Cerbhaill .i. tighearna Ele cona thuathaibh & taoíseachaibh, & co maithibh Urmumhan, & Aradh. Do-ronadh comairle crodha andsin la Mac Uilliam, & lá h-Ua m-Briain cona sochraide .i. gan umhla na eidiredha do thabhairt don lucht baí ar a c-cionn, acht a f-freccra im cath h-i c-Cnoc Tuagh do shonnradh. Gnither cath crodha etorra dana frith a ionnshamhail isna deidhenchoibh co clos co fada o na fedhnachaibh cathais na c-caith-mhileadh, fedhmanna na f-feindedh, Ruathar na


p.1278

ríoghlach, torann na t-triath, & brosccar na m-buidhen aga m-baoghlucchadh, muirn & menmanradh na macraidhe, tuinnsiomh na t-trein-fhear aca t-trasccradh, & iomfhorcraidh na n-uasal ar na h-uirislibh. Maidheadh tra an cath fo dheóidh ar Mac Uilliam ar Ua m-Briain, & for Leith Mogha, & ro ládh a n-ár im Murchadh mac Uí Briain Aradh co sochaidhe do shaor-clandaibh oile. Airm umorro i rabhatar na naoi c-coirighthe gallocclach ina c-cipe comhdhaingen chatha ní terna dibh náma achtmadh aon-chorucchadh esbadhach. Ro marbhaitt, & ro mudhuighit dronga dirmhe do shochraide an iustis ger bhó rempa ro ba raén. Bá dícumhaincc áiremh nó aisneis in ro marbhadh do mharcshluagh & do throicchteachaibh isin cath-sin ar bá doimtheachta an maighen fors m-bátar la h-aidhbhle & lá h-ioliomat na nécht n-ionnchomhartach ina b-faoínlighibh ar na b-fiarledradh, na c-craoiseach arna c-coimhmbriseadh, na sciath arna scoltadh na c-cloidhemh catha arna m-blodhadh na c-colann c-ciorrtha c-cros-bhuailte sínte sechmharbh, & na n-giolladh n-ócc n-amhulchach co h-athéidigh arna n-oideadh. Iar sraoíneadh an madhma-sin lasan iustis ro comarleicc fri h-Ua n-Domhnaill dol fo chédoir go Gaillimh. IS ead at-bert Ua Domhnaill fris, ro marbhait, & ro mudhuigit ar se sochaidhe diar muintir & ata araill dibh co h-esraite inar n-eccmais. IS eadh is téchta ann airisemh anocht isin maighin-so a n-ionnchomartha cosccair, & foslongport do dhenamh linn uair tiocfait ar f-fianlach, & ar n-anradh inar n-dochum la tabairt

p.1280

aithne for ar meirgedhaibh, & for ar m-bratachaibh. Do-ronadh fair-siumh sin. Luidh an iustis & O Domhnaill arabharach go Gaillimh, & da mhac Mic Uilliam, & a inghen a laimh lásan iustis, & bátar adhaidh isin m-baile a f-fochair aroile co subhach soimhenmnach iarsan c-cosccar rémhráite. Lodar iaramh co h-Áth na Ríogh, & fuairset an baile for a c-comus. Celebraidh Ua Domhnaill & na maithe archena don iustis, & teid cach uaidhibh dia t-tighibh.

M1504.15

Fuabairt feille for Ua Neill (.i. Domhnall) la Tadhcc Ua n-Óccain cona chloinn h-i c-caislén Uí Neill fein .i. Dun Genainn, & an caislén do ghabháil dóibh. Ro dióghail Dia an gniomh-sin forra fo chedóir uair ro benadh an baile diobh, & ro crochadh Tadcc & dias dia chloinn, & ro sccathadh an tres mac do chloinn an Taidcc chedna.

M1504.16

Finghin (.i. Mag Carthaigh Riabhach) mac Diarmada an Dúnaidh Még Carthaigh tighearna Ua c-Cairbre d'écc, & a bhrathair Diarmait mac Diarmata an Dúnaidh do ghabhail a ionaid.

M1504.17

Uilliam Mac Dauid mic Emainn d'écc. Tomas a bhrathair ina ionad.

Annal M1505

M1505.0

AoiS CRioSt, Mile, cúicc céd, a cúicc.

M1505.1

Donnchadh Ua Cathain abb Mainistre Mhaighe Cosccrain do crochadh la Diarmaitt mac Ruaidhri mic Maghnusa Uí Cathain, & Diarmaid fein do sccathadh trias an n-gníomh-sin.

M1505.2

Emann Dorcha (do sliocht an Ridire .i. an t-Simunaigh) prioir Fobhair d'écc.

M1505.3

Labhras Ua Flannaccain prioir Daimhinsi d'écc.

M1505.4

Domnall mac Airt mic Eoghain Uí Neill do mharbhadh la Brian mac Cuinn mic Enri mic Eocchain Uí Neill.


p.1282

M1505.5

O Domhnaill Aodh Ruadh mac Néill Gairbh mic Toirrdhealbhaigh an Fhíona ticcherna Tíre Conaill, Insi h-Eoghain, Cenél Moain, & Iochtair Chonnacht fer dár ghiallattar Fir Manach, Oirghialla, Clann Aodha Buidhe, an Rúta & Cathánaigh, Ro ghiallsat dna Goill, & Gaoidhil Connacht ó Mac Uilliam Cloinne Riocaird anuas dó, & gidh eisidhe ann do dhioghail Ó Domhnaill a anumhla fair a leithre dol ina dhúthaigh dá aimhdheóin co meinic cona baí aen cethraimhe fherainn ó Shuca anuas & o Sliabh O n-Aedha don taoíbh thiar nach raibhe fó chíoschain d' Ua Dhomhnaill. An t-Ua Domhnaill-si tra escca iomlan einigh & uaisle an Tuaisceirt, fer bá mó grenn, & gaiscceadh, fer bá ferr ionnsaicchidh & anadh, fer rob ferr smacht, reacht, & riaghail baí i n-Erinn ina aimsir do Gaoidhealaibh, ar ní déntaoí do choimhéd i t-Tir Chonaill ré a linn acht iadhadh dorais na gaoithe nama, fer bá ferr do chiond ecclaisi, & eiccsi, fer ro thiodhlaic almsana aidhble i n-onóir an choimdhe na n-dul, fer las ro turccbhadh & las ro cumhdaighedh caislén cétus i n-Dun na n-Gall fó daigh gomadh inneoin fhosaighthi dia clannmaicne ina dheadhaidh, & mainistir bhrathar De obseruantia i t-Tír Conaill .i. Mainistir Dhúin na n-Gall, fer lasa n-dearnadh iliomat do chreach-sluaighedhaibh timchill fó Erinn, fer dár díles August Iarthair Thuaisceirt Eorpa do rádh fris, d'fhaghail bháis iar m-buaidh ó dhomhan & o dhemhan, iar n-ongadh, & iar n-aithrighe tocchaighe ina longport fein i n-Dún na n-Gall dia h-aoíne do shonnradh isin cuíccidh íd Iulii, isin ochtmadh bliadhain sechtmoghat a aoisi, & isin cethramhadh bliadhain cethrachat a fhlatha, & a adhnacal i Mainistir Dúin na n-Gall.

M1505.6

Mag Cártaigh Cairbreach .i. Finghin mac Diarmata an Dúnaidh mic Domhnaill Riabhaigh d'écc, & a derbrathair Diarmait do ghabháil a ionaidh.

M1505.7

Feidhlimidh mac Neill mic Airt mic Eoccain Uí Neill do mharbhadh la cloind Toirrdhealbhaicch Uí Mhaoíle Dúin.


p.1284

M1505.8

Mac Domhnaill Gallocclach (.i. Colla mac Colla) consapal Uí Neill do mharbhadh i n-Ard Macha la Giolla Easpuicc mac Somhairle Ruaidh Mic Domhnaill.

M1505.9

CReach lá cloinn Giolla Patraicc mic Emann Meg Uidhir ar chloind óicc an Emainn cedna, Brian, & Eocchan, & Eocchan do mharbhadh lá cloinn Giolla Patraicc a t-toraigheacht na creiche, & Fergus Mor Mac Caba do mharbhadh o chloinn Giolla Patraicc don chur-sin.

M1505.10

Mac Mheg Uidir (.i. Sean mac Pilip) .i. Toirrdhealbhach, & dá mhac Taidhg Még Gafraidh, & Tadhcc Occ mac Emainn Mic Gaillgille, co n-ocht feraibh décc amaille friu do bháthadh i c-coite for Loch Eirne.

M1505.11

Mac Uí Fhlannaccain, Corbmac mac Corbmaic d'écc.

M1505.12

Sluaiccheadh la mac Uí Dhomhnaill (Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh) h-i t-Tir n-Eocchain, & Baile i Neill (.i. Domhnaill) Dún n-Genainn do losccadh leis, & baile Aodha mic Domhnaill Uí Néill, & o Abhainn Mhóir asteach d'imtheacht dó gan frithbheart fris. Suidhe fa Chaislén na Deircce dhó ar a iompúdh, an caislén do gabhail dó (.i. ar cloinn Neill mic Airt), & a uárda d'faccbháil ann. Dol dó as sin go Cill Mic n-Enáin, & tigearna do ghairm dhe fór Thír Conaill an dara lá d'August do thoil Dé & daoíne.

M1505.13

Cairpre mac Briain Uí Uiccinn oide lé dán d'écc i n-Iarthar Midhe, & Brian Ócc mac Briain mic Domhnaill Chaim Uí Uiccinn d'écc.

M1505.14

Sean mac Riocaird A Búrc rogha Gall macaemh Ereann do marbhadh a meabhail h-i Mainistir Topair Patraicc lá cloinn Uillic A Búrc.

M1505.15

Caislén Bhaile an Tobair do ghabhail la h-Ua Conchobhair n-Donn, & la Mac Diarmada for Shliocht Gráinne inghine Uí Cheallaigh. Sídh do dhénamh dhóibh & a n-duthaigh do thabhairt do Sliocht Grainne.


p.1286

Annal M1506

M1506.0

AOIS CRIOST, 1506. AoiS CRiost, Mile, cuicc céd, a Sé.

M1506.1

Tomas Buidhe Mac Cosccraigh, oirchinneach Cluana h-Eoais, & Sean Ó Fiaich oirchinneach ar trian Airidh Bhrosccaigh d'écc.

M1506.2

Mac Mhég Uidhir Aedh mac Emainn mic Tomais Óig Még Uidhir do mharbhadh a t-tóraigheacht creiche do-rinnedh lá cloinn Chuind mic Enri Uí Néill ar Cúil na n-Oirer & ba h-e Pilip mac Emainn mac Giolla Pattraicc ro marbh eisiumh.

M1506.3

Semus mac Pilip mic An Ghiolla Duibh Még Uidhir fer connail cráibdeach eisidhe do écc & a adhnacal i n-Dún na n-Gall.

M1506.4

Maghnas mac Gofradha Ruaidh Még Uidhir & mac Briain Theallaighe Echdhach (.i. Feilim) d'écc.

M1506.5

Tomas mac Oiliuer Ploingced do mharbhadh la Sliocht Mathgamhna Uí Raghallaigh .i. las An c-Calbhach mac Feidhlimidh, & lá a chloinn. Coccadh Gall & Gaoidhel d'eirge trít-sin.

M1506.6

Mac Uí Cathain .i. Brian Fionn mac Seain do mharbhadh la Domhnall mac Neill mic Enri mic Eoghain Uí Néill, & mac don Brian-sin do mharbhadh la Donnchadh Ua Catháin.

M1506.7

Mac Uidhilín .i. Ualtar mac Corbmaic mic Seinicin do mharbhadh la h-Ua c-Cathain .i. Tomas mac Aibhne, & ro marbhadh araon ris dá mac Tuathail Uí Domhnaill, dá mac Eghra, tri mic Uí Baoighellain, & dá mac Uí Chuind, & seacht fir dhécc do maithibh a thionóil isin Rúta do shonnradh.

M1506.8

Aodh Ruadh mac Glaisne Még Mathgamna do mharbhadh la h-Ua Raghallaigh (Sean mac Cathail) & la a chloinn.

M1506.9

Domhnall Ua Craidhen, cennaighe craibhdech coccusach d'écc acc eisteacht aifrinn i n-Dun na n-Gall.

M1506.10

Paidín Ua Maol Chonaire en-rogha Ereann ina aimsir lé senchus, & lé filidhecht d' écc.


p.1288

M1506.11

Ath Truim do losccadh do tene doait.

M1506.12

Mag Carthaigh Cairbreach .i. Diarmaid mac Diarmada an Dúnaidh mic Domhnaill Riabhaigh d'écc.

M1506.13

O Cathain Tomás mac Aibhne, & clann t-Seain mic Aibhne Donnchadh & Domhnall Clereach do dhol tar Banna soir go t-tuccsat airghedha, & gregha iomdha leó, & teacht go n-iolach & go n-aithes for c-cúla.

M1506.14

Caitilin inghen iarla Desmhumhan .i. Tomas mac Semais baintighearna Ua c-Cairpre ben dercach deigheinigh d'écc, as lé do-rónadh an Benn Dubh, & Dún na m-Bend.

M1506.15

Droichet Phuirt Croisi for Sionainn do dhénamh la h-Ua m-Briain, Toirrdhealbhach mac Taidhcc mic Toirrdhealbhaigh, & la Domhnall a dearbrathair, la h-epscop Chille Da Lua & la h-epscop Chille Fionnabhrach.

Annal M1507

M1507.0

AOIS CRIOST, 1507. AoiS CRiost, Mile, cuicc céd, a Seacht.

M1507.1

Seon Pauint epscop na Midhe brathair presediurlesidhe, & Piarus Ua Maol Uidhir abb Clochair d'écc.

M1507.2

Grainne inghen Még Uidhir (.i. Emann) ben Pilip mic Toirrdhealbhaigh, ben dhércach deigh-einigh, & Cataríona inghen Chon Chonnacht mic Maghnusa Mhég Mathghamhna d'écc.

M1507.3

O Flannaccain Tuaithe Ratha Muircheartach mac Muircheartaigh d'écc.

M1507.4

Greis oidhche lá Niall Ruadh mac Domhnaill mic Neill Gairbh.


p.1290

M1507.5

Enri mac Aedha Uí Neill saoí chinn fhedhna duine bá ferr aithne ar gach ealadhain d'écc.

M1507.6

Feilim Mag Uinnsennáin oficel Tire Conaill breithemh tocchaidhe saoí chlérigh co c-crabhadh & co c-caoíngniomhaibh d'écc .12. Iulii.

M1507.7

Siubhán inghen Mhég Mathgamhna (.i. Aedh Ruadh) d'écc.

M1507.8

Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill (Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh) i t-Tír Eoghain. Foslongport dó dhénamh dho im chaislén Uí Néill (Dún Genain) & sochaidhe do mharbhadh do lucht an bhaile im Mac Gilla Ruaidh .i. Brian, & Ó Néill do dhenamh síodha fris Ua n-Domhnaill. Ua Domhnaill do dhol asidhe h-i c-cenn an iustis, & Cenel Moain do chreachadh la h-Ua Neill 'na dheadhaidh, & Brian mac Uí Gairmleadhaigh do mharbhadh lais.

M1507.9

Niall mac Cuinn mic Aedha Buidhe mic Briain Bhallaigh Uí Neill do ghabhail lá muintir Cairrge Ferghusa, a beith ré h-athaidh h-i laimh, & a légeadh amach iar sin, & sé braighde décc do buain ass.

M1507.10

Coccadh eter Ó Neill & clann Cuinn Uí Neill. Clann Airt do beith do thaobh cloinne Cuinn, & tri creacha do dhénamh leó ar Chenel Feradhaigh. Creacha mor do dhénamh la h-Ua Neill ar cloinn Airt fo dhéoidh.

M1507.11

Aodh mac Toirrdhealbhaigh mic Pilip Még Uidhir do mharbhadh la mac Uí Ruairc, Tighernán Ócc mac Eocchain.

M1507.12

Mac Meg Uidhir (Tadhcc mac Conchobhair mic Tomáis Óicc) do mharbhadh lá cloinn Donnchaidh Meg Uidhir & lá Remann Ócc Macc Mhathghamhna.

M1507.13

Caislen mór Cairrge Fergusa, & mére an bhaile feissin do ghabháil lá Niall mac Cuinn (ro gabhadh leo-somh feacht riamh) & a braighdhe fein do bhí san c-caislén do bhuain amach dhó.

M1507.14

Teampall Achaidh Beithe do losccadh, & ermhór maithesa an tíre do losccadh ann.

M1507.15

Emann mac Tomais Óicc mic Tomais Óicc d'ecc do thinneas aon-oidhche.

M1507.16

Ua Dúnáin Dhomhnaigh Maighe Da Claoíne do mharbhadh do shadhadh do scín la a do bhrathair fein Giolla Padraicc mac Pilip.


p.1292

M1507.17

Brian mac Mheg Samhradháin (Domnall Bernach) do mharbhadh la Toirrdhealbhach mac Aedha mic Eocchain Meg Samhradháin.

M1507.18

Mac Conmidhe (Solamh mac Seain mic Solaimh) ollamh Uí Neill saoí i n-dán i f-foglaim, & h-i f-filidheacht, & fer tighe aoidhedh coitchinn d'ecc .30. October.

M1507.19

Mag Craith, Tomas (.i. mac Pilip mic Tomais mic Maol Muire Óig mic Maol Muiri Moir), Ua Cuill Cend Faoladh, O Dálaigh Fionn Gofraidh, O Dálaigh Cairpreach Aengus (.i. mac Aengusa Caoích) & Ó Gérain (Sean .i. mac Concobair) d'écc.

M1507.20

Mac an Bhaird Airghiall, Giolla Padraicc mac Aodha, & Tuathal Buidhe mac Adhaimh Gairbh Mic an Bhaird do mharbhadh araon lá Coin Uladh Uá Condalaigh & lá a braithribh.

M1507.21

Caislén Droma Dá Ethiar, & Caislen na Deircce do thuitim.

M1507.22

An Barrach Ruadh Sémas mac Semais do dhol dia oilithre don Spáinn co maithibh a mhuinntire araon ris, & iar n-denamh a n-oilithre dóibh do chuatar h-i luing do shoadh ina f-frithing & ní fes a m-bás nó a m-beatha ó shin alle. Domhnall mac Taidhcc mic Giolla Míchil Í Fhiaich sáith Ereann, & Alban d'oide lé senchus a t-tuiccsi laidne, & filidheachta do bhathadh h-i f-farradh An Bharraigh ar an oilithre-sin adubhramar.

M1507.23

Sean A Búrc, mac Uillicc, mic Uillicc, mic Riocaird Óicc tanaiste Cloinne Riocaird saor-clann Gall Ereann soidheach lán d'eineach, & d'fhirinne, tinne cruadha lé cotucchadh d'écc.

Annal M1508

M1508.0

AOIS CRIOST, 1508. Aois Criost, Mile, cuicc ced, a h-ocht.

M1508.1

Maighi Mag Craith epscop Cluana Ferta saoí rathmar riaghalta ceillidhi craibdeach, d'écc, & Dauidh mac Tomais A Búrc d'écc ar slicchidh na Rómha iarna oirdneadh ina ionadh isin epscopóide.


p.1294

M1508.2

Tomas Ó Congaláin epscop Oilefinn, & Uater A Blác epscop Cluana Mic Nóis d'écc.

M1508.3

Uilliam Ócc mac Airt Mic Cathmhaoíl deganach Clochair d'écc, dearbrathair sidhe d'Eócchan d'epscop Clochair.

M1508.4

O Maol Muaidh (Aodh Ócc) do mharbhadh ina chaislén feisin lá a bhraithribh budhdhein.

M1508.5

Domhnall Ua Briain (.i. mac Thaidhcc mic Toirrdhealbhaigh) tanaisi Tuadmumhan, & Geroitt mac Aodha mic Cathail Uí Raghallaigh d'écc.

M1508.6

Mac Mécc Mathghamhna, Remainn Ócc mac Remainn do mharbhadh i n-Domhnach Maighe Dhá Chlaoíne lá féle Patraicc lá mac Mhég Uidhir Pilip mac Emainn. Bá h-amhlaidh do-rónadh an gníomh h-isin Pilip do dhol i n-onoir Patraic d'éisteacht oiffrinn don bhaile, & amhail bátar occ an oiffrionn isin ecclais do-ruacht Rémann Ócc go m-buidhin móir ina fhochair imon tempall. Ro h-adhnait teinte leo h-i c-ceithre h-airdibh an tempuill. Arna chluinsin sin do mac Meg Uidhir do ráidh nach leíccfeadh Tempall Patraicc do losccadh. Ro ghreis a mhuintir im chalma do dhenamh, ticc Pilip cona braithribh amach i n-anmaim Dé, & Patraic. Do-rala etorra cor trascradh Remann dia eoch & ro marbhadh iaramh cona chomhalta amaille fris .i. mac Briain Ruaidh Mic Giolla Brighde & gabhthar bheós braighde ann co ro móradh ainm Dé & Patraic trít-sin.

M1508.7

Corbmac Ó Cianáin saoí shenchadha & fhir dhána & Donnchadh mac Briain mic Pilip Még Uidhír d'écc.

M1508.8

Muirchertach mac Aedha mic Ferghail Óicc mic Ferghail Ruaidh Meg Eochchaccáin do mharbhadh lá a bhraithribh féin.


p.1296

M1508.9

Pilip mac Briain mic Feidhlimidh Uí Raghallaigh cend fedhna, & fer tighe aoidhedh, fer lán d'aithne ar gach ealadhain d'écc iar m-buaidh ongtha & aithricche.

M1508.10

Ticchernan Ócc mac Eoghain (.i. Ó Ruairc) Uí Ruairc do mharbhadh lá Sean mac Tighernáin Fhinn Uí Ruairc.

M1508.11

Niall mac Alaxandair Mic Cabba, & Enrí mac Briain Mic Caba d'écc.

M1508.12

O Domhnaill Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh do thocht i n-ethraibh for Loch Erne, & caislén Insi Ceithlionn d'faghail do ó Ruaidhri Mag Uidhir, & O Domhnaill do thabhairt an chaisléin do Philip mac Toirrdhealbhaigh Még Uidhir, & braighde an tíre d'fhaghail d'Ua Domhnaill. O Neill .i. Domhnall, & Mag Uidhir .i. Conchobhar do theacht co h-Inis Ceithlend do shaighidh Uí Dhomhnaill & a riarucchadh doibh, & sídh do dhenamh fris. Pilip mac Briain Még Uidhir do briseadh a caisléin fein ar eccla Uí Dhomhnaill, & clann Briain fein d'fháccbáil an tíre .i. Ruaidhri do dhol h-i c-cenn Uí Ruairc, & Pilip h-i c-cend Airt Óicc mic Cuinn Uí Néill.

M1508.13

Mac Uí Catháin (Gofraidh mac Tomais) do marbhadh la Sliocht Maghnusa Uí Catháin.

M1508.14

Eóin Mac Domhnaill Guirm do marbhadh lá Mac Uidhilín.

M1508.15

Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill i n-Iochtar Chonnacht, & braighde Iochtair Chonnacht do thabhairt lais dia thigh.

M1508.16

Brian mac Pilip mic Donnchaidh Meg Uidhir do ghabháil lá Mag Uidhir h-i t-Tempall Achaidh Lurchaire.

M1508.17

Pilip Ócc Mac Amlaibh .i. mac Pilip Riabhaigh mic Briain mic Amhlaoibh mic Pilip mic Amhlaoibh mic Duinn Charraigh Meg Uidhir d'écc. Cenn a aicme fein & fer tighe aoidhedh esidhe.

M1508.18

Corbmac mac Neill mic An Ghiolla Duibh mic Aedha do mharbhadh la Teallach Eachdhach, & lá cloinn Pilip mic Briain Meg Uidhir ar greis oidhche.

M1508.19

Emann mac Maghnusa Uí Gairmledhaigh do mharbhadh lá Conn mac Néill


p.1298

Bhernaigh mic Enrí mic Eoghain, & Conn fein do mharbhadh la Brian mac Cuinn mic Enrí mic Eoghain isin mí cédna.

M1508.20

Indsaicchidh lá cloinn Donnchaidh Meg Uidhir (Tomas, Pilip, Feidhlimidh) & lá cloinn t-Seain Buidhe Meg Mathghamhna ar Mhag Uidhir Conchobhar. Mag Uidhir d'eirghe ina n-acchaidh & briseadh dó forra. Feidhlimidh mac Donnchaidh do mharbhadh leis. Brian mac Seain Buidhe Még Mathghamhna do bhualadh & do ghabhail lais, & Eóccan mac Tómais mic Airt Rúaidh Még Mathghamhna do gabhail bhéos.

M1508.21

Creacha móra lá h-Art mac Cuinn Uí Néill ar Chenél Fearadhaigh. Eoghan mac Uí Neill, & clann Mec Cathmhaoil do breith fair. Aenghus mac Somhairle Bhacaigh do mharbhadh ó Art & Art fein d'imtheacht ar éiccin & na crecha do breith lais.

M1508.22

Aibhilin inghen Uí Chatháin (.i. Tomas), ben Eoghain Rúaidh meic Uí Neill d'écc.

M1508.23

Domhnall (.i. mac Ui Briain Ara) mac Taidhcc mic Toirrdhealbhaigh mic Murchaidh na Raithinighe, saoí chinn fedhna bá caoín lé cairdibh, bá h-aindiuid lé h-easccairdibh d'écc iar c-caithemh a n-gar do chéd bliadhain lé h-uaisle, & lé h-oirbhert.

M1508.24

O h-Eidirscceoil Mór Conchobar mac Fínghin mic Miccon d'écc. Fer crodha cosantach, cara na n-órd, & na n-eicces esidhe, & a mac Finghin d'óirdhneadh na ionadh iarná thabhairt amach, ar ro baoí h-i laimh h-i c-Corcaigh tuilleadh ar bliadhain.

M1508.25

Mag Carthaigh Mór Domhnall mac Taidhcc mic Domhnaill Óicc fer séghainn so-aghallmha aga raibhe aithni isna h-ealadhnaibh d'écc.

M1508.26

Coccadh d'eirghe eter Tadhg mac Domhnaill .i. mac don Mácc Cárthaigh-sin, & derbrathair Még Cárthaigh .i. Corbmac Ladhrach mac Taidhcc mic Domhnaill Óicc dia t-tainicc díth daoíne uair do thuit ocht fichit décc co tuilleadh etorra.

M1508.27

Mac Mic Piarais d'écc .i. Semus mac Emainn mic Semais mic Uilliam mic Mic Piarais Buitiler. ridire ar laim & laoch ar ghaiscceadh esidhe.


p.1300

M1508.28

Mainistir Baile Uí Ruairc da n-goirther Carruicc Patruicc h-i c-Connachtaibh i n-epscopóidecht Ard Achaidh do thionnsgnadh lá h-Ua Ruairc Eóghan & lá a mnaoi Mairghrég inghen Conchobhair Uí Briain.

Annal M1509

M1509.0

AOIS CRIOST, 1509. Aois Criost, Mile, cúicc céd, a naoí.

M1509.1

Brian mac Taidhcc Mheg Uinnsennáin officel Clochair d'écc.

M1509.2

Donnchadh Mag Ruaidhri airchinneach Machaire na Croise, fer umhal iniseal ar sheirc n-Dé, & fer congmhala aoidhedh d'écc.

M1509.3

Mac Uí Neill Art mac Cuinn mic Enrí mic Eoghain do ghabháil a b-fhioll lé h-Art an Chaisléin mac Neill mic Art mic Eoghain Uí Néill iar m-beith ina cháirdes Criost aicce, & iarna thochuireadh chuicce dia chaislén fein, & a mhac Niall Mac Airt & Feilim Ua Maoíleachlainn do ghabhail amaille fris, & a t-tabairt h-i l-laimh Uí Domhnaill & buaidhredh mór do theacht trésan n-gabháil-sin.

M1509.4

Slóiccheadh lasan iustis iarla Cille Dara h-i t-Tir Eocchain ar tharraing cloinne Cuinn Uí Neill, & caislen Dhuine Genainn (.i. caislén Í Neill) d'fhaghail do cloinn Chuind riasiú tainic an iustís ina thimcell. An iustís do dhol as-sin im chaislén na h-Oghmuighe co ro gabadh lais. Ro gabadh lais ann Toirrdhealbhach mac Neill mic Airt Uí Neill, & Eocchan Ruadh Mac Suibhne. Ro briseadh an caislén lasan iustis, & do-choidh iarsin dia thicch.

M1509.5

O Neill Domhnall mac Enri mic Eoccain tighearna Tire h-Eoghain, fer as mó ro mhill & imor milleadh, & as mó do-róine do choccadh, & do chreachaibh acc


p.1302

cosnamh ticchernais co ro ghabh é fo dheóidh, d'écc an seiseadh lá do mhí August, & Art mac Aodha mic Eoghain Uí Neill d'oirdneadh ina ionadh.

M1509.6

Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Aodh Ócc mac Aodha Rúaidh ar Mac n-Diarmata co ro mhill móran h-i Maigh Luircc. Tomas mac Remainn mic Pilip Még Uidhir mac do mharbhadh ón t-sluagh, & Ó Domhnaill d'ionnpúdh tar a ais don turus-sin.

M1509.7

O Baoighill (Emann Buidhe mac Neill) do marbhadh isin oidhche d'aon-urchor gae la Conchobhar Ócc Ua m-Baoighill h-i Luachros.

M1509.8

Art Ó Neill do lécceadh as a bhraighdenus, & braighde ele do dhol as .i. a mhac fein, & a dherbrathair Brian.

M1509.9

Pilip mac Briain mic Pilip Meg Uidhir, Maol Mórdha mac Failge mic Domhnaill Bháin Uí Raghallaigh, & Eoghan mac Cuinn mic Aodha Buidhe Uí Neill d'écc.

M1509.10

Indsaicchidh lá Brian mac Cuinn Uí Neill ar Sliocht inghine Mec Murchaidh ar brú Locha Laoghaire. Enrí Ócc mac Enrí Óicc, Eoccan mac Neill Bhernaigh Uí Néill, Brian mac Neill Bhernaigh, & mac Aodha Bailbh Uí Neill do mharbhadh lais & ceithre h-eich ar tri fichtibh do bhuain díobh.

M1509.11

Corbmac mac Seain mic Conchobhair Óicc Meg Uidhir, Diarmait mac Floinn Mic an Bhaird, & Tadhg Ó Cianain d'écc.

M1509.12

Mac Uilliam Cloinne Riocaird, Uillecc mac Uillicc mic Riocaird Óicc, fer cendais lé cáirdibh, eccendais le h-esccairdibh d'écc.

M1509.13

Mac an Filedh Giolla Crist mac Amhlaibh saoí fhir dána d'écc.

M1509.14

An t-ochtmadh King Henry do rioghadh os Saxaibh .22. April.


p.1304