Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1493

AOIS CRIOST, 1493.

M1493.0

Aois Criost, Mile, ceitre ched, nochat, a trí.

M1493.1

An t-Oificel Ua Lucairén, (Eogan,) saoi cléirigh d'écc.

M1493.2

O Néill, .i. Conn mac Enri mic Eoccain lamh tiodnaicthe séd & maoíne fear crodha coccthach do mharbhadh i meabhail lá a dearbrathair féin Enri Ócc.

M1493.3

Ua Domhnaill do dhol i t-Tir Eoccain ar tarraing Domnaill mic Enri mic Eoghain, & Ua Neill do ghairm do Dhomhnall, & braighde an tíre do ghabhail dó cenmothá Ó Cathain, & O Mealláin. O Neill eile do ghairm d'Enri Ócc (i n-acchaidh Domhnaill) lá h-Ua c-Catháin & lá h-Ua Meallain, & nir bhó techta uair bá h-é Domnall an sinnsior.

M1493.4

Domhnall mac Eoghain mic Eogain mic Neill Óicc Uí Neill do marbhadh la droing do muintir Airt mic Cuinn mic Enrí Uí Neill.

M1493.5

Ua Mordha Conall mac Dauidh do mharbhadh fa chaislén Bhaile na m-Bachlach h-i


p.1202

c-Crich Bhulbach la dreim do muintir Iarla Cille Dara, .i. Gearóit mac Tomais Ui Mhordha & Ua Mórdha do dhenamh do Niall mac Domhnaill.

M1493.6

O h-Anluain, .i. Emann Ruadh mac Murchaidh do marbhadh la cloinn Aodha mic Eoghain Uí Neill.

M1493.7

Mac Artáin Pattraicc mac Aodha Ruaidh d'écc.

M1493.8

Fionnghuala inghen Uí Concobhair Fhailghe, .i. an Calbhach mac Murchaidh ben Uí Domhnaill, Niall Garbh mac Toirrdhealbhaigh an Fhiona, & ro ba ben iaramh d'Aodh Bhuidhe mac Briain Bhallaigh, ben do coimheid a febdhacht iar n-écc na n-deighfhear-sin fri ré naoí m-bliadhna cethrachatt go h-ionnraic onorach craibhdhech caonduthrachtach d'écc an 25. Iul.

M1493.9

Caitríona inghen Aodha Ruaidh Még Mathghamhna (ben-sidhe Uí Raghallaigh, .i. Toirrdhealbhaigh mic Seain mic Eoghain) d'écc.

M1493.10

Niall mac Seain Buidhe Uí Neill d'écc i n-a braighdenas.

M1493.11

An dá Ua Neill (.i. dá mhac Enrí mic Eoghain), .i. Domhnall & Enrí Ócc do thochar fri aroile ag an n-Glasdromainn, & briseadh ar Domhnall co n-a mhuintir. Mac Dhomhnaill (.i. Raghnall) consapal Gallócclach Uí Néill co n-a triur mac, Somairle, Ruaidhri, & Tuathal, & Emann mac Mec Domhnaill Mhóir, .i. Mac Colla mic Toirrdhealbhaigh mic Giolla Espuicc, Mac Ruaidhri mic Aodha Ballaigh Mhec Domhnaill, Dubghall & Donnchadh Ócc dá mac Donnchaidh Meg Domhnaill, Emann mac Seain Buidhe Uí Neill, Aodh Breifneach mac Seain mic Airt, Ua h-Aodha, .i. Ferdorcha mac an Bhallaigh Uí Aodha & drong mor ele do mharbhadh ann cenmothát.


p.1204

Ro gabhadh ann Niall mac Seain Buidhe Uí Neill, Aedh mac Domhnaill mic Enri Uí Neill, & Donnchadh mac Cathmhaoil co sochaidhibh oile.

M1493.12

O Domhnaill, .i. Aodh Ruadh co n-a chloinn Conn, & Aodh do dhol mór-sluagh go maithibh Iochtair Connacht im Ua Ruairc Féilim mac Donnchaidh mic Tighearnain Óig im Eoghan mac Tighearnáin mic Taidhcc adbar tighearna Breifne an tan-sin im Domhnall mac Eoghain Uí Conchobhair tighearna Iochtair Connacht, & iar n-a t-tionól co n-a sochraide go h-aonbhaile, tucc Ua Domhnaill a acchaidh for choicceadh Uladh soir gach n-díreach co ráinicc Trian Conghail, assidhe i Leth Cathail, assidhe i n-Uibh Eachdhach, & assidhe i n-Oirthearaibh. Ro h-oirccedh & ro creachadh Leth Cathail lais don chur-sin & gach tír tres a n-deachaidh dá m-baoí i n-éccraitte fris. An c-cein tra boí-siomh for an turus-sin ro thionoil Ua Neill, .i. Enrí Ócc mac Enri mic Eoghain a sochraitte im Macc Mathgamna, .i. Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh mic Rudhraighe, im Mag Aongusa, Aodh mac Airt mic Aodha co líon a sochraide, & co sluagh diairmidhe cenmothát-sidhe. Ruccsat an sluagh iomdha-sin for Ua n-Domnaill i m-Beandaibh Boirche co ro iadhsat roimhe & 'n-a dhiaidh. Ro fuilngedh & ro h-iomchradh an t-anforlann-sin lá h-Ua n-Domhnaill co cobsaidh comhnart co rangattar a shluagha lais i n-a n-iomláine tar dodhaing na conaire. Iar rochtain do na maithibh cechtardha go h-aon maighin ro ordaighset & ro choraighsiot a sochraide aghaidh i nd-aghaidh. Ro fearadh coimhleng fiochdha ainiarda, & iomairecc amhnus aiccmheil etorra. Ro chuimhnigh cách díobh a sengoimh, & a nua fhola dia 'roile. Acht cena ro mhebhaidh maidhm fo dheóidh for Ua Neill co n-a sochraite. Ro marbhadh in tan-sin lá h-Ua n-Domhnaill, Sean Ruadh mac Donnchaidh Mécc Mathgamhna co sochaidhibh ele, & ní ro léicc dorcata dheiridh an laoi & thosaigh na h-oidhche do sluagh Uí Domhnaill an maidhm do lenmain amhail ro ba


p.1206

lainn leó conidh edh do-righensat foslongport na h-oidhche-sin do gabhail bhail in ro sraínset an maidhm-sin Bheinne Boirche. Ro asccnáttar dia t-tighibh iar n-á mharach iar m-breith bhuadha & cosccair gach tíre gus a rangattar.

M1493.13

Briseadh for Ua c-Concobair f-Failghe (.i. Cathaoír mac Cuinn mic an Chalbhaigh) lá Mag Eochaccain (Semus mac Connla mic Aodha Buidhe) & mac Uí Conchobhair Tadhg mac Cathaoir, Mac Toirrdhealbhaigh Bhallaigh Uí Concobhair, Mac Airt Uí Chonchobhair, & da mhac Aodha Uí Mhaonaigh do ghabhail ann, & cethre fichit each do bhuain díobh.

M1493.14

Toirrdhealbhach mac Taidhg Ui Concobhair, & Cathal mac Muircertaigh mic Feilim Uí Chonchobhair do crochadh lá h-Ua c-Concobhair f-Failge Cathaoír mac Cuinn, et cetera.

M1493.15

Corbmac mac Diarmatta Mec Diarmatta tanaisi Maighe Luircc do mharbhadh lá cloinn Ruaidhri Mec Diarmata.

M1493.16

Creach la cloinn Ruaidhri Mec Diarmata for sliocht Taidhcc Ui Conchobhair, & Conn mac Feidhlimidh Finn Uí Concobhair, & Tomaltach Ócc mac Tomaltaicch an Einigh Mec Diarmata do mharbhadh leo.

M1493.17

Mac Con Midhe, .i. Tadhcc mac Concobhair Ruaidh mic Eachmarcaigh saoí fhir dhana & fhoghlainnteach do mharbhadh lá moghaidh dia muintir fein, .i. mac Uí Chlumháin.

M1493.18

Conchobhar mac Uí Dhalaigh Breifne d'écc.

M1493.19

Conntae Cille Dara & Ceall Dara féin do losccadh lá mac Iarla Urmumhan.

M1493.20

Semus Mag Eochaccáin taoíseach Cenél Fiachach mic Néill d'écc, & Laighneach a bhrathair do gabhail a ionaidh.


p.1208

Annal M1494

AOIS CRIOST, 1494.

M1494.0

Aois Criost, Mile, ceithre chéd, nochat, a cethair.

M1494.1

An Inghendubh inghen Uí Dhomhnaill (Aodh Ruadh) ben Neill mic Cuinn mec Aodha Buidhe Uí Neill d'écc.

M1494.2

Cu Uladh mac Aodha mic Eoccain mic Neill Óicc Uí Neill, Eoghan mac Domhnaill Bhallaigh Még Uidhir, Brian mac Diarmata Uí Dubhda & O Ferghail Conmac mac Seain mic Domhnaill mic Seaain mic Domnaill an dara taoíseach do bhaí an tan-sin isin Anghaile d'écc.

M1494.3

Giolla Pattraicc mac Mec Maghnusa Meg Uidhir d'écc, & a adhnacal i n-Dún na n-Gall an treas lá iar t-tain.

M1494.4

Domhnall mac Eoghain Ui Conchobhair tighearna Sliccigh, fer aghmhar ionnsaighthech fear agá raibhe ó Choirrsliabh co Bun Duibhe i n-a linn láin & i n-a tobar thécht do mharbhadh & do losccadh a meabhail ar greis i m-badbhdhún in caislein h-i m-Bun Fhinne la cloinn Ruaidhri mic Toirrdhealbhaigh Charraigh (Sean & Brian), & Ruaidhri mac Toirrdhelbhaigh Carraigh do ghabhail a ionaid.

M1494.5

Tuathal mac Toirrdhealbhaigh na Mart Uí Neill, & trí fir décc dia mhuintir im Murchadh Ua Lorcáin do marbhadh lá Cloinn Chana, & lá cloinn Briain na Coilleadh mic Eoghain Uí Neill.

M1494.6

Toirrdhealbhach mac Donnchaidh mic Tomais Meg Samhradhain do mharbhadh la cloinn Eoccain mic Tomáis, & lá Fearghal mac Tomáis mic Tomáis Meg Samhradain d'urchor saighde.

M1494.7

Eoin Bernach mac Maol Muire Mec Suibne co n-druing dia Gallóglachaibh do mharbhadh lá Tadhcc mac Cuinn mic Domhnaill mic Eoghain Uí Neill, & lá h-Aodh Ruadh mac Glaisne mic Remainn mic Rudhraighe Meg Mathghamhna, & a n-adhnacal i n-Ard Macha.


p.1210

M1494.8

Maidhm for GhallaibhMág Mathghamhna (Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh) & lá h-Ua Raghallaigh (Sean mac Cathail, mic Eoghain mic Seain) dú in ro marbhadh trí fichit d'uaislibh Gall, & in ro gabhadh braighde iomdha.

M1494.9

Semus mac Mec Maghnusa do mharbhadh d'urcor do shaighit lá cloinn Chorbmaic Meg Samhradháin. Emann mac Corbmaic mic Maghnusa ro theilcc an t-urchor.

M1494.10

Sliocht Eoghain mic Domhnaill mic Muirceartaigh do dhol h-i c-caislén Sliccigh.

M1494.11

Iarla Cille Dara do ghabhail i n-Ath Cliath .i. la Saxaibh, & a chor tairis go Saxoibh.

M1494.12

Domhnall mac Maoíleachlainn Még Raghnaill adhbar tighearna for a dhuthaigh féin do mharbhadh d'aon urchor saighde lá cloinn Feidhlimidh mic Giolla na Naomh mic Domhnaill mic Muirceartaigh Midhigh i m-Baile na Caradh.

M1494.13

Semhus (brathair Iarla Chille Dara) do mhillead na Midhe an c-cein do bhaí an t-Iarla h-i t-tig an Righ.

M1494.14

Iarla Cille Dara, .i. Gearóid mac Tomais, & Mac Iarla Urmumhan, .i. Semus mac Seain mic Senais Buitiler do toidhecht ó tigh Rígh Saxan iar n-dénamh síodha etorra, & Eduard Ponyuill Ridire Saxanach do theacht leó i n-a iustís i n-Erinn.

M1494.15

O Domhnaill Aodh Ruadh co n-a sochraide do dhol fa chaislen Sliccigh & a beith bladh mhór don bliadhain-si h-i f-foslongport i n-a timcheall, & daoíne iomdha do marbhadh uadh don chur-sin fa mac Mec Uilliam Búrc (Uilliam mac Riocaird mic Emainn mic Tomais) fa Uilliam mac Uí Ghallcubair, .i. Emann mac Donnchaidh mic Lochlainn, & fa Eoccan mac Corbmaic Carraigh Uí Ghallcubhair, & fa Domhnall Arannach, ceann fedhna Albanach do bhí h-i f-fochair Uí Dhomhnaill. Ro marbhadh bheos drong ele cenmothát-sidhe la uardaibh an chaislein, .i. le Brian Caech mac Taidhcc mic Eoccain,, lásan c-Calbhach c-Caoch mac Domhnaill mic Eoccain, & lá Muintir Airt isin samraidh do-rónadh innsin.


p.1212

M1494.16

Alaxandair mac Gille Espuicc Mec Domhnaill, .i. fer ionait Mec Domnaill do mharbhadh lá h-Eóin Catanach mac Eoin mic Domhnaill Bhallaigh h-i prid íd October.

M1494.17

Sean mac Eocchain Ui Dhomhnaill do crochadh le Cond mac Aodha Ruaidh Uí Domhnaill.

Annal M1495

AOIS CRIOST, 1495.

M1495.0

Aoís Criost, mile, ceithre chéd, nochat a cúicc.

M1495.1

Sean Mag Uidhir mhac Piarais mic Muiris, persún Dhoire Mhaolain, & airchinneach Chlaoin Innsi fear tighe aoidhedh coitchinn, & an pearsún Ua h-Aodha Padraicc d'écc.

M1495.2

Ruaidhri mac Toirrdealbhaigh Charraigh Uí Chonchobhair tighearna Cairpre Droma Cliabh d'écc. Ro fhás imresain eitir sliocht Domhnaill im tighearnus an tire, .i. eidir Fheidhlimidh mac Maghnusa mic Briain, & Ruaidhri Ócc mac Ruaidhri Bhallaigh, Muirceartach Caoch mac Magnusa Uí Concobhair. Ruaidhri Ócc, & Toirrdhealbhach mac Ruaidhri mic Briain do thuitim ré 'roile i n-Druim Chliabh h-i f-friothguin.An tír d'anmhain ag Feidhlimidh de sin.

M1495.3

Corbmac (.i. Mag Carthaigh) mac Taidhcc mic Corbmaic tighearna Musccraighe do marbhadh lá a dherbrathair fein Eogan mac Taidhcc co n-a cloinn, fer méadaighthe & onoraighthe na h-Eccailsi, & céd fhundúir mhainistre Cille Creidhe fear ro ordaigh saoíre an Domhnaig do chongbhail i n-a thír féin amail ro ba techta, d'écc, & Eoccan mac Taidcc do gabhail a ionaid.

M1495.4

Maghnus mac Eoghain Ruaidh Mec Maghnusa tighearna Tíre Tuathail Maoilgairbh,


p.1214

& Muirchertach, mac Uaitne Uí Áinlighi taoíseach Chenél Dobhtha mic Aonghusa d'écc, & Domnall mac Ruaidhri Buidhe i t-toísighecht i n-a ionad.

M1495.5

Tomaltach mac Corbmaic Bhallaigh Mec Donnchaidh d'écc.

M1495.6

O Domhnaill do dhol d'ionnsaicchidh Righ Alban. Codach & comhaonta do chengal dóibh im fhreccra a cheile im gach n-eiccendáil do bhenfadh friú.

M1495.7

Conn mac Aodha Ruaidh co n-a shochraide do shuidhe i t-timchell Sliccigh & beith ré h-athaidh ag forbhaisi sor an m-baile. Tionól adhbhal mor do dhenamh lá sliocht Eoghain h-i t-toirithin Shliccigh, .i. clann Ruaidhri Mec Diarmata, & Tír Fiachrac Muaidhe. Clann n-Donnchaidh, & Cuil Ó f-Finn do thocht slógh difhreccra dimhór ar amus an bhaile. Iar na fhios do Chonn go rabhattar na slóigh-sin chuicce, ro eirigh sidhe co n-a uathadh sochraitte im Eoghan Ua Ruairc tánaisi Breifne, & im sliocht Domnaill Chaim mic Mec Donnchaidh. Ro chingseat go neimhlescc neimecclach as a m-bothaibh h-i c-coinne & h-i c-cert airrcis an t-sluagh (.i. go Beol an Droichit) co na baoí acht eadh a n-imdiubraicthe etorra, & ní raibhe cáirde nó ossadh ag neach dibh fó chomhair aroile acht ionnsaicchidh a chele gan anadh gan airisiomh. Cidh fil ann tra acht an tan batar a n-iodhnadha áigh urlamh indiubraicthe aca as ann rucc Ua Domhnaill fein orra a h-Albain, uair ní bhaoí acht aon adhaigh i n-a longport féin i n-Dún na n-Gall an tan ro triall d'fóiridhin a meic iar c-clos dó an anforlainn h-i raibhe. Iar t-tocht i n-eitirmedhon a muintire


p.1216

d'Ua Dhomnaill tuccsat na slóicch cechtardha tachar tulbhorb tinnesnach dia 'roile acht atá ní chena do madhmaigheadh an sluagh aníos lá h-Ua n-Domhnaill amhail ba meinic leis druim a namhat fris. Ro marbhadh don chur-sin Tadhcc mac Briain Mec Donnchaidh tighearna Ua n-Ailella, Eoghan Caoch mac Ruaidhri Uí Dubda tighearna Ua f-Fiachrach Muaidhe, Brian Caoch mac Taidhcc mic Eoghain, & Tadhg mac Domhnaill mic Eogain, & Cian mac Briain Uí Gadhra. Ua Gadhra fein .i. Diarmait mac Eoghain do ghabháil ann. Ro marbhadh, ro baitheadh & ro gabhadh sochaidhe do shaorchlandaibh & daorchlandaibh Connacht cenmothat-sidhe isin maidhm-sin Bheoil an Droichit. Mac Uí Bhuighill, Tadhg mac Néill mic Toirrdhealbhaigh do mharbhadh i friothghuin isin maidhm-sin. h-Ua Domhnaill do ionnradh & do orgain a éccrat uile isin c-crich i c-coitcinne co m-batar riaraighthe dhó.

M1495.8

Tadhg mac Domhnaill Caimm do ghabháil toisigheachta Ua n-Ailealla.

M1495.9

Mac Uilliam Cloinne Riocaird, .i. Riocart Ócc do theacht i n-Iochtar Connacht, & an mheid nár mhill Ua Domhnaill don tír roimhe-sin do mhilleadh lais.

M1495.10

O Neill (.i. Domhnall) do denamh creiche ar Ua Neill ele (Enri), & drong do marbadh eatorra.

M1495.11

O Neill (Enri), Mag Aongusa (Aodh mac Airt mic Aodha), O h-Anluain (Maoilechlainn mac Feidlimidh), & mac Még Mathghamhna (Giolla Padraicc mac Aodha Óig mic Aodha Ruaidh) do dhol sluagh i f-Fearaibh Manach, & Baile Mec Giolla Ruaidh uile do losccadh leó. Ro triallsat asidhe d'ionnsaíghidh Mheg Uidhir, & ro gheallsat muna b-faghdaís síth ó Mag Uidhir co millfidis a thír uile co Baile Uí Fhlannaccáin. Ar a aí ní h-amhlaidh do rala dhóibh acht battar da oidhche don


p.1218

taoibh thoir do loch acc Druim Ralach, & ní ro lamhsat dol tairis-sin i n-dúthaigh Még Uidhir, & ro marbhadh dna drong dhibh. Tucc Ó Neill Enri Ócc a bhreth fein fo dheóidh do shíth do Mhág Uidhir don turus-sin.

M1495.12

Dá mhac Ui Anluain (.i. Felim) Murchadh Ruadh & Giolla Pattraicc do mharbhadh le cloinn Aodha mic Eoghain Uí Neill, & la cloinn Cairpre mic Aodha Uí Néill.

M1495.13

Mag Samhradháin (Feidlim mac Tomais mic Fergail mic Tomais mic Briain Breaghaigh) taoiseach Teallaigh Echdhach do bháthadh ar Loch Crannóicce Caille an Mhuilinn, & Domhnall Bernach a dearbrathair i n-a ionadh.

M1495.14

Mac a Ghirr Giolla Patraicc mic Giolla Pattraic ele d'écc.

M1495.15

Maghnus Maol mac Remainn Riabhaigh mic Duinn mic Con Connacht Meg Uidhir do mharbhadh la Pilip mac Emainn Mheg Uidhir, & lásan n-Giolla m-Ballach mac Con Connacht Még Cafraidh.

M1495.16

Ua Duibhghennain Cille Ronain (Dubthach mac Maoilechlainn mic Matha Ghlais) ollamh Muintire Maol Ruain saoí lé seanchus fer tighe aoidheadh coitcheinn & fear ro ba saidhbhre i c-cethraibh, & i n-innilibh dá m-baoí i n-Erinn re h-ealadhain d'écc i n-a thicch féin h-i c-Cill Rónáin iar sendataidh toccaidhe iar m-breith an bháire leis ó dheamhan & ó domhan.

M1495.17

Domhnall Ua Maol Chonaire ollamh Shil Muiredhaigh mic Fergusa d'écc, & dá Ua Maol Conaire i n-a ionad .i. Sean mac Torna, & Donnchadh mac Athairne.

M1495.18

Mac an Baird Tíre Conaill, .i. Aedh, Ó Breislein, Eoghan mac Eoghain mic Petrais ollamh Még Uidhir lé breithemhnus, Brian mac Somhairle Még Caba, & Ticcernain Ua Dobhailén d'écc.

M1495.19

Cond mac Aodha Ruaidh Uí Domhnaill co n-a fedham bhicc mhóir (as aire at-beirthi fedhan bhecc mor fri fedhain Chuinn ar ba gnaithbhés dó-suidhe gan tecclamadh slóigh lánmhóir cenmothá dá fichit décc tuagh fri h-airisemh & fri h-iombualadh, & tri fichit marcach fri tograim & tarrachtain lochta madhma) do dhol gusan sochraitte rémráite do shaighidh Mheic Eoain na n-Glinnedh, óir do h-aisneidheadh do


p.1220

Chonn gur bho h-e Mac Eóain aon ba dersccaighte bhen, each (.i. Dubh A Coite), & cú baí i n-a comhfoccus. Ro fhaidh-siumh techta riasan tan-sin do chuinghidh an eich. Ro h-éradh ei-ssiumh imon eoch, iar n-a thinghealladh do Chonn d'aon dia mhuintir. Ni ro h-airiseadh lais-siumh co rainicc tar dodhaing gach conaire baoi roimhe co riacht co n-a fhedhain m-bicc móir gan rabhadh gan rathucchadh isin adhaigh go tech Meic Eoain & ergabhthar Mac Eoain lais fo chedóir, & baoí a bhen, a each, & a chú co n-a uile mhaitheas ar cumas Cuinn, uair frith an t-ech & se h-eich décc amaille fria isin m-baile don chur-sin. Ro creachadh na Glinne uile la muintir Chuinn ar a bharach. Do-bert iaramh óghaisecc a maoine uile (do neach ro ba lé) do mhnaoi Mheic Eoain, & ro leicc a fer a geimhel chuice iar rochtain tar Banna siar, & do-bert an t-each go c-crechaibh & co n-édalaibh aidhble lais co riacht Tír Aodha, & ro fhurail na crecha do léccean for a férgortaibh. Do-thaed iaramh fo chédoir co n-a muintir deirbhdílis fein, & gusan lín sluaigh for caemhnaccair do neoch bai fomhámus a athar Uí Dhomhnaill, & ni ro h-airiseadh lais co riacht tar Sionainn, iaramh isin Mumhain co ro leircreachadh

p.1222

lais Magh Ó c-Coinchind i n-duthaigh Mhég Cárthaigh. Ro shuí iaramh i n-a fhrithing co n-oirccnibh, edalaibh, & crechaibh iomdhaibh lais co ráinicc iar m-buaidh tar Eirne go Dún na n-Gall. Ro rannadh lais-siumh annsin i n-aen lo acc Ard na Tinedh Aoíl na crecha-sin tucc a duthaigh Még Carthaigh san Mumhain, & crecha Mheic Eoain na n-Glinnedh a h-Airther Uladh. La ré choicc seachtmaine décc do-ronaitt innsin la Conn mac Aodha Ruaidh Uí Domhnaill.

Annal M1496

AOIS CRIOST, 1496.

M1496.0

Aoís Criost, Mile, ceithre ched, nochat, a Sé.

M1496.1

Glaisne mac Remainn mic Rudhraighe Még Mathghamhna do mharbhadh i n-a thigh féin h-i MuineachánGiolla Patraicc mac Még Mathghamhna & la a dherbhrathair ele Rudhraighe. Clann Meg Mathghamhna, .i. Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh mic Rudhraighe iad-sidhe, & ní thangatar acht se sgolócca décc leó do denamh an marbhtha-sin isin oidhche. Ro gabhadh Rosa mac Maghnasa mic Aodha Ruaidh Meg Mhathghamhna leó isin tigh-sin. Brian mac Remainn Meg Mathghamhna, & clann Glaisne mic Remainn Meg Mathgamhna do dhol ar creich ar Mag Mathghamhna (.i. Aodh Ócc) cona chloinn a c-cionn t-seachtmhaine iar marbhadh Glaisne, & an chreach do bhreith leó, & dream do mharbhadh uatha cechtarnae. Baile Meg Mathgamna (.i.Aodh Ócc) do losccadh iar sin la Brian mac Remainn mic Rudhraighe.

M1496.2

Giolla Pattraicc mac Még Mathghamhna (Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh, mic


p.1224

Rúdhraighe) do mharbhadh h-i f-fiull lá h-Ua n-Anluain (Maoileachlainn mac Feilim) & lá a dherbrathair Ardgal, & a dearbhrathair Emher do ghabhail an lá cédna. Mag Mhathghamhna co n-a chaoraigheacht & clann Maghnusa Még Mhathghamhna do dhol h-i c-cenn h-Ui Raghallaigh & Gall iar n-denamh an marbhtha-sin forra. Brian mac Remann & clann Glaisne mic Remainn do dhol co na c-caoreaighecht h-i f-Fearnmaigh h-i f-fearann Meg Mathghamhna & Giolla Padraicc.

M1496.3

O Domhnaill (Aodh Ruadh mac Neill Ghairbh) do dhol i n-Oirghiallaibh do chongnamh lé Brian mac Remainn Még Mathgamhna, & a n-dol asuidhe i l-lenmhain Még Mathghamhna i m-Breifne Uí Raghallaigh, & an mheid ro imtighset don tír gusan c-Cabhan, & cuid Uí Raghallaigh don Cabán féin do losccadh leó. Creacha, & oirccne, millte & móiredala do dhenamh lá h-Ua n-Domhnaill don chur-sin ar Galldacht Machaire Airgiall, & ar rann Még Mhathgamhna ag soadh dhó i n-a fhritheing.

M1496.4

Mag Mathghamhna (Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh) d'écc iar m-beith dall athaidh roimhe-sin, & Brian mac Remainn Meg Mathghamna do ghabhail a ionaidh.

M1496.5

O Briain, ticcherna Tuadhmumhan (Conchobhar mac Toirrdhealbhaigh) d'écc, & a dearbhrathair an Giolla Dubh d'oirdneadh i n-a ionad.

M1496.6

O Mathghamhna an Fuinn Iartharaigh (Fingin) féicheamh coitchionn daonnachta & einigh Iarthair Mumhan saoí eccnaidhe i l-Laidin & i m-Berla, d'écc.

M1496.7

O Dochartaigh (Brian mac Domhnaill) d'écc, & O Domnaill Aodh Ruadh) do gairm tighearna i n-a ionad do Shean Ua n- Dochartaigh.

M1496.8

Mac Suibhne Thíre Boghaine, .i. Maol Muire d'écc, & a adhnacal i n-Dún na n-Gall.


p.1226

M1496.9

O Dubda Uilliam mac Domnaill Ballaigh d'écc, & O Dubda do ghairm i n-a onadh do Bhrian Ócc mac Brian Uí Dhubhda.

M1496.10

O Flannaccáin Tuaithe Ratha d'écc, .i. Gillibert mac Corbmaic mic Giolla Íosa.

M1496.11

Eiemhear mac Briain mic Neill Gallda Uí Neill do mharbhadh h-i f-fiull, & a dearbhrathair eile Eoghan do sccathadh an lá cedna lá a n-dias dearbrathar féin, Conn Ruadh & Feilim.

M1496.12

Tighearnán mac Cobhthaigh mic Airt Uí Ruairc do mharbhadh h-i fiull lá Feargal mac Cathail Bhallaigh, & lá cloinn Uaithne mic Cathail Bhallaigh Uí Ruairc.

M1496.13

Caislén Atha Senaigh do ghabhail ar bhardaibh Uí Dhomhnaill lá h-Aodh mac Uí Dhomhnaill.

M1496.14

Síth do dhénamh d'Ua Dhomhnaill etir Cairpreachaibh, & Feidhlimidh mac Maghnusa mic Briain i t-tighearnus forra, acht nama caislén Sliccigh do beith acc an c-Calbhach c-Caoch mac Domhnaill mic Eoccain Uí Chonchobhair.

M1496.15

Conn mac Uí Dhomhnaill do gabhail forbhaisi fa chaislén Atha Senaigh, & Mag Uidhir Sean mac Pilip mic Tomais do techt ar t-tarraing Aodha mic Uí Dhomhnaill do chur Cuinn on m-baile, & Conn do chur co h-aimdheonach dhó uadha. Aodh, & Mag Uidhir dá lenmain iar t-tain go Dún na n-Gall, & bladh don bhaile do losccadh leó a t-tús laí. Conn co sochraide Tíre Conaill, Innsi h-Eoghain, & Dartraighe Meg Flannchaidh do iompúdh a t-toraighecht ar Aodh, & ar Mág Uidhir, & a lenmhain go Termann Dabheocc. Mág Craith Ruaidhri mac Diarmada mic Marcais comarba an termann cedna do thocht i n-a c-cenn, & a fhoccra dhó do Chonn & do Conallchoibh gan a chomairce fein no comairce an tearmann do sharúcchadh ar Mág Uidhir. Nír fhaomhsat-somh sin acht ro lensat Mag Uidhir baí ag imtheacht ar eiccin a los a lamha. Ro ghabh Conn co n-a shochraide an chonair coitchenn forra gur bho h-eiccen dóibh ionnsaicchidh móna & criathraigh baí fór a c-cionn dú in ro fhaccaibhseat deich n-eich ar chéd, & in ro sraoíneadh for mhuintir Még Uidhir, & in ro gabhadh é


p.1228

budhéin, & in ro marbhadh dá fear dhécc do dhaghdhaoínibh go sochaidhe oile im Brian Mag Uidir (.i. mac Briain mic Pilip).

M1496.16

O Fergail (Rudhraighe mac Cathail) d'écc.

M1496.17

Mag Samradháin Domhnall Bearnach taoiseach Teallaigh Eachdhach do mharbhadh i meabhail ag an altóir i t-Teampall an PuirtTadhcc mac Aodha mic Eoghain Meg Samhradhain, & atád na builleadha do buaileadh chuicce h-i c-corraibh na h-altóra.

M1496.18

Mag Uidhir (Sean) do legeadh amach do Chonn iar t-tionol do tearmannachaibh an chúiccidh chuicce dia thabhach & dia chuinghidh fair.

M1496.19

O Cuirnín Ruaidhri, & Eogan Ócc mac Eoghain mic Aodha Uí Dhalaigh d'écc.

M1496.20

Sean mac Eoghain Uí Domhnaill do bhásucchadh lá Conn mac Aodha Ruaidh.


p.1230

Annal M1497

AOIS CRIOST, 1497.

M1497.0

Aois Criost, mile, ceithre chéd, nochat, a secht.

M1497.1

Mainistir na m-Brathar h-i c-Carraicc Fherccusa do ghnoúcchadh on Roimh tre impidhe Neill mic Cuinn mec Aodha Buidhe Uí Neill docum na m-Brathar Mionúr de Obseruantiae, & se braitre décc do coimthionól Dúin na n-Gall do dhol na seilbh a uiccil na céd Fhéle Muire san fhóghmhar iar c-cor breithe leó.

M1497.2

Conchobhar mac Corbmaic mic Tomaltaigh tighearna Maighe Luircc do mharbhadh a meabhail la cloinn Ruaidhri Mec Diarmata, Concobhar & Tadhg, & Tadhcc mac Ruaidhri do ghabhail a ionaid gan fhresabhra.

M1497.3

Eiccneachan mac Neachtain mic Toirrdealbhaigh an Fhíona Uí Domhnaill do mharbhadh h-i f-foslongport Ui Dhomhnaill (.i. Aodh Ruadh) lá a dhalta Conn mac Aodha RuaidhGearalt mac Domhnaill mic Feidhlimidh Uí Dochartaigh, & la Brian mac Meg Flannchaidh, et ceteri. Torcratar araon lá h-Eiccneachan, Eoccan mac Toirrdealbhaigh Gallda Uí Dhomhnaill, Mac Aodha mic Toirrdhealbhaigh Gallda, Eoccan mac Aodha mic Donnchaidh na Coilleadh Uí Domhnaill, Feidhlimidh mac an Ghiolla Dhuibh, & Toirrdealbhach mac Cathail mic an Ghiolla Dhuibh Uí Gallcobhair, Donnchadh Balbh Ó Firgil, & sochaidhe ele nach airimhthear.

M1497.4

Sith do dhenamh don dá Ua Neill (Domhnall, & Enrí Ócc) a n-deireadh an erraigh & mac Domhnaill (Aodh) do léiccen amach gan fhuasccladh, & comadha móra d'eachaibh & d'éidedh do tabairt lé h-Énrí Ócc do Dhomhnall dar cenn anma tighearna do leiccen de.

M1497.5

O Domhnaill Aodh Ruadh do chur a thighearnais de an sechtmadh calainn Iunii (.i. dia h h-Aoine) acc Tempall Carna i t-Tearmonn tré essaonta a chloinne fria 'roile, & O Domhnaill do gairm da mac do Conn dia Mairt i n-a dheadhaidh.

M1497.6

Uatér mac Riocaird A Búrc do dhol cobhlach do congnamh lá h-Ua n-Domnaill Ócc Conn mac Aodha Ruaidh i n-aghaidh a dearbratar ele Aodh Ócc. Iar t-tocht h-i t-tír dóibh, & iar n-dol do Conn ina c-cenn sraoíntear forra dibhlínibh la h-Aodh & ro beanadh ermhor a n-arm, a n-éideadh, & a lóin díbh. Aodh féin do gabhail lá


p.1232

h-Ua n-Domhnaill (Conn) a c-cionn dá lá iar sin, & a chor i láimh h-i c-ConnachtaibhUáter mac Riocaird A Burc go Conmhaicne Chúile.

M1497.7

Sluaiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Conn ar Mac n-Diarmata Muicche Luircc, .i. Tadhcc mac Ruaidhri Mec Diarmata. Ní tangattar i n-a thoischestal do Chonnachtaibh cenmotá uathadh an tan-sin, .i. Feidhlimidh mac Maghnusa Uí Concobhair tighearna Cairpre, & Eoghan Ua Ruairc tanaisi Breifne co n-a sochraide. Do-ronadh toichestal adbal la Mac n-Diarmada for a c-cionn isin t-Seghais uair tangattar an dá Ua Chonchobair co na t-tuathaibh & co na t-taoíseachaibh i n-a thóir & i n-a thionól. Do-chóidhsiott bladh mhór do slógh Uí Dhomhnaill ar eiccin i m-Bealach Buidhe an Choirrshleibhi im Mhac Magnusa Uí Concobhair & im Eoghan Ua Ruairc, & im Niall n-Garbh Ua n-Domhnaill. Cathal Ua Ruairc do mharbhadh uatha co sochaidhe oile isin m-Bealach Buidhe don chur-sin. Mórshluagh Shil Muiredhaigh do eirghe h-i medhon an t-sluaigh, & madhmucchadh for Ua n-Domnaill. Feidhlimidh Ua Conchobhair tighearna Cairpre do ghabhail ann, & da Mac Suibhne, .i. Mac Suibne Fanatt Ruaidhri, Mac Suibne Connachtach (.i. Mac Suibne Baghaineach) Eoghan, Donnchadh na n-Ordócc mac Uí Dhomhnaill, da mac Tuathail Uí Gallchubhair Eoin & Toirrdhealbhach, da mac Domnaill Mec Suibne Fanat Eoin & Domnall Ócc, da mac Mec Suibhne Bághainigh, Niall, & Eoghan Ruadh, Gearalt mac Domhnaill mic Féilim Uí Dhochartaigh, fisiccidh Uí Dhomhnaill, mac Eoccain Ultaigh. Ro beanad beos an Chatach Colaim Cille amach, & do marbhadh a maor (.i. Mag Robartaigh). Ro gabhadh dna & ro marbhadh sochaidhe oile isin maidhin-sin cenmothat-sidhe. Eoghan Ua Ruairc do imtecht gan gabhail gan mharbhadh as in maidhm-sin.


p.1234

M1497.8

Conn mac Cuinn mic Neill Uí Domhnaill d'écc.

M1497.9

O Neill Enri Ócc mac Enri mic Eoccain do dhol sluagh mór i t-Tír Conuill & mórán do mhilleadh dhóibh h-i f-Fánaitt ar tús. O Domhnaill Ócc (.i. Conn) d'eirge don t-sluagh iar b-fágbháil Fhanatt dóibh ag Bél Atha Daire ag Lenainn. Maidhm do shraoineadh for Ua n-Domnaill (.i. Conn), & é féin do mharbhadh ann (.i. an 19. October) co n-ocht f-ficit dia sochraide araon ris, & a dhias brathar (Niall Garbh & Domnall) do gabhail. Mac Mec Suibhne bheos, & sé fir décc cénmotat-somh. At iad na daghdhaoíne ro marbadh a b-farradh Chuinn an tan-sin Domhnall mac Maghnusa Ruaidh mic Neill Uí Domhnaill, Emann mac Feidhlimidh Riabhaigh mic Neill Ghairbh, Brian mac Uí Bhuidhill .i. Toirrdhealbhach mac Neill, Domhnall mac Tuathail Uí Ghallchubhair, Emann mac Donnchaidh mic Tomaltaigh Uí Ghallchubhair, Conchobhar mac Seain mic Conchobhair Uí Domhnaill. Niall mac Conchobhair mic Felim Riabhaigh Uí Domhnaill, Conchobhar mac Aodha mic Concobhair na Laimhe Uí Buighill, Conchobhar mac Murchaidh Mec Suibhne d'fearaibh Fánat, & Uilliam mac an Espuicc Uí Ghallchubhair, et ceteri. Dia Mairt do shonnradh an 14. calainn do Nouember ro sraoíneadh an maidhm-sin. Acc soadh d'Ua Neill i n-a frithincc, ro gabhadh caislén na Deircce lais, & ro fhágaibh é ag Niall Ua Neill. Rainicc dia thicch iaromh co c-coscar & co n-édalaibh. Ro gabh Aodh Ruadh a thighearnus doridhise do thoil Dé & daoíne.

M1497.10

Mac Uí Domhnaill, .i. Aodh mac Aodha Ruaidh do léiccen as a bhraighdenus (.i. an seachtmhadh íd Nouember), & Uátér A Búrc do theacht leis i t-Tír Conuill. Tarccaidh Ua Domhnaill Aodh Ruadh an tighearnus dá mhac Aodh Ócc .i. Aodh Dubh & nochar gabh-som sin uadha, & iar n-a fhéimgedh dhó ro gabhsat araon acc follamhnucchadh


p.1236

a b-flaithis ag cennsucchadh a c-comharsan & a c-coiccrich ro triallsat dol a n-anumhla orra tria chogadh chloinni Uí Domhnaill fria 'roile.

M1497.11

Feilim mac Muirceartaigh Ruaidh mic Briain Bhallaigh Uí Néill do mharbhadh lé Domhnall mac Aodha Óig mec Aodha Buidhe mic Briain Bhallaigh h-i Ros Earcáin. Domhnall féin do mharbadh lá sliocht Domhnaill Chaoíl Uí Neill a meabhail.

M1497.12

Brian mac Con Uladh mic Aodha mic Eoccain mic Neill Óicc Uí Neill d'écc.

M1497.13

Muirceartach mac Aodha Óicc mec Aodha[gt ] Buidhe Uí Neill do mharbhadh lá cloinn Fheidhlimidh mic Muirceartaigh Ruaidh mic Briain Bhallaigh Uí Néill.

M1497.14

Niall mac Uí Neill, .i. Enrí mic Eoccain d' écc.

M1497.15

Elinora ingen Tomais (.i. iarla Cille Dara) mic Seain Caim ben Uí Neill (Conn mac Enri mic Eoccain) d'ég.

M1497.16

Maidhm do thabhairt ar Ua f-Feargail Cédach mac Tomais mic Cathail mic Tomais & ar a bhraithribhSean Ruadh mac Cairpre mic Laoighsigh dú inar marbhadh Cédach féin, a mac Laoíghseach, Domhnall mac Seain mic Briain tighearna Cloinne h-Amlaoibh, Gearalt mac Aodha Óicc tighearna Maighe Treagha, & sochaidhe ele.

M1497.17

Glaisne mac Seain Uí Anluain do mharbhadh la cloinn Uí Bhrain.

M1497.18

Murchadh mac Conmhaic mic Seain Uí Fhergail do mharbhadh lá Brian Buidhe mac Rúdhraighe mic Seain Uí Fhergail.

M1497.19

Aodh Buidhe mac Uí Ruairc (Feidhlimidh mac Donnchaidh mic Tighernain Óicc) do mharbhadh lá cloinn Taidhcc mic Cathail mic Tighearnáin Uí Ruairc.

M1497.20

Eimear & Tuathal da mac Meg Mathghamhna (.i. Aodh Occ mac Aodha Ruaidh) do mharbhadh lá h-Oirthearaibh & ceithre fir dhécc dia muintir amaille friú. Maghnus Riabach & Maghnus Ócc Ó h-Anluain co c-caoccait d'Oirthearaibh do thuitim leó-somh.

M1497.21

Domhnall mac Rosa mic Tomáis Óicc mic Tomáis Még Uidhir d'écc.


p.1238

M1497.22

Mac Donnchaidh an Chorainn, Brian mac Maol Ruanaidh mic Tomaltaigh d'écc.

M1497.23

Domhnall mac Maoilechlainn Uí Bhirn tobar feile Ua m-Briúin na Sionna, & Tadhcc Ruadh mac Cairpre Uí Conchobhair d'écc.

M1497.24

Tadhcc mac Maoílechlainn Meg Raghnaill do mharbhadh lá mac Murchadha Meg Raghnaill amhail ro dhligh.

M1497.25

An Giolla Dubh mac Feidhlimidh Buidhe do mharbhadh h-i c-Cluain Plocáin lá sliocht Taidhcc Uí Conchobhair.

M1497.26

An Calbhach mac Cairpre Uí Conchobhair do marbhadh h-i c-carcair d'aon urchor saighde.

M1497.27

Tadhcc Ua Rodacháin comarba Caillín fer náchar urusa tuarusccbháil a mhaithesa do thabhairt ar aird ar a méd, & ar a h-aidhble, d'écc i n-a thicch budh dhéin.

M1497.28

Gorta adhbhal i n-Erinn uile isin m-bliadhain-si, & isin m-bliadhain na deadhaidh co n-ithdís na daoíne biadha nach alainn ré a n-innisin, & nach clos do rochtain mias n-daonna riamh.


p.1240

Annal M1498

AOIS CRIOST, 1498.

M1498.0

Aois Criost, mile, ceithre chéd, nochat, a h-ocht.

M1498.1

Mac Maghnusa an t-Seanaidh, .i. Cathal Ócc mac Cathail mic Cathail mic Giolla Patraicc mic Matha, &ra. Fear ticche aoidhedh coitchinn, & biatach h-i Senadh Mec Maghnusa, cananach coradh i n-Ard Macha, & i n-epscopoidecht


p.1242

Clochair. Pearsún Innsi Caoín, deaganach Locha h-Érne, & fer ionait epscoib h-i c-Clochar fri ré chúicc m-bliadhan décc ria n-a eitsecht. Comhrair coimheata eccna, & ealadhan a tire buddhéin. Craobh cnuasaigh na canóine, topar désheirce & trocaire fri bochtaibh, & aidhilccneachaibh in Choimdheadh. Bá h-e-sidhe ro theglaim & ro thionóil leabhair airisin iomdha as ro scriobhadh leabhar airisin Bhaile Mec Maghnusa dhó budhdhéin, & a écc don galar bhreac an .10. Calainn April dia h-Aoíne do shonnradh isin seasccattmhadh bliadhain a aoísi.

M1498.2

O Neill, Enrí Ócc mac Enri mic Eoccain, ticcherna Chenel Eoccain do mharbhadh i t-tigh Airt mic Aodha mic Eoccain Uí Neill i t-Tuaith Eachadha lé dá mhac Cuinn mic Enri mic Eoccain Toirrdelbhach & Conn clann ingine an Iarla, a n-dioghail a n-athar (Conn) ro marbhadh la Hénri fecht riamh.

M1498.3

Domhnall mac Enrí mic Eoccain Uí Neill (dia ro gairedh Ó Neill roimhe-sin) do thionol a charatt & a chlemhnadh co h-énionad, .i. sliocht Rémaind Meg Mathghamhna, & ionnsaicchidh dóibh co Dún n-Genainn. Battar seal imón c-caislén, & adhaigh ar in c-Crois c-Caibhdenaigh. Feilim mac don Ua Néill-sin (.i. Enri Óg mac Enri) do tharraincc Neill mic Airt Uí Neill go líon a sochraide orra isin maidin dia Mairt & a f-faghbhail i n-a c-codladh, & fuardhúsccadh namat do thabairt forra, co ro sraoínit iat, & sochaidhe mór do mhaithibh an chúiccidh do mharbhadh an tan-sin. Bá dibh-sidhe Henri mac in Domhnaill remhráiti, Mac Cathmaoil Giolla Patraicc, Feilim mac Remainn Mecc Mhathghamhna, dá mac Semais


p.1244

mic Eochadha Móir Még Mhathghamhna, & Maoileachlainn mac Féilim Ruaidh, mic Cuinn, mic Cuinn Még Mathghamhna co n-druing móir d'oireacht & d'aos gradha slechta Rémainn Mhég Mathghamhna. Ro gabhadh ann dna Aodh mac Mécc Mathghamhna, .i. Brian mac Rémainn & ro benadh díobh forccla a n-each & a n-eideadh uile. An t-í lás a n-dernadh an tarraing-sin (Feilim) ro gonadh-sidhe i n-a chionn d'forgomh do ghae & at-bath a c-cionn a nomaidhe.

M1498.4

Conn mac Muirceartaigh mic Eoccain Uí Neill do mharbhadh lá cloinn Briain Bhacaigh mic Emainn Ruaidh Uí Anluain.

M1498.5

Niall (.i. Niall Garbh) mac Aodha Ruaidh mic Neill Gairbh Uí Dhomhnaill d'écc i n-a bhraicchdenus.

M1498.6

Domhnall mac Neachtain mic Toirrdhealbhaigh mic Néill Ghairbh Uí Domhnaill d'ég don galar brec.

M1498.7

Indsaicchidh do dhenamh d'Ua Domhnaill (.i. Aodh Ruadh) ar cloinn Airt I Neill. Clann Airt & é fein do thochar fri aroile. Briseadh for cloinn Airt, & Maoileachlainn mac Neill mic Airt do mharbhadh la h-Ua n-Domhnaill, a lenmain iaromh gusan c-Caislén Maol. An caislén do ghabhail, & seacht m-beirte décc éideadh do bhuain as, & cúicc braicchde décc do ghabhail ann im da mac Enri Bacaigh (.i. Feilim & Aodh) mic Ruaidhri mic Eoccain Uí Néill, im Neachtain mac Eoghain Uí Dhomhnaill, & im mhac Éigneacháin Uí Dhomhnaill.

M1498.8

O Catháin Sean mac Aibhne d'écc, & Tomás a dearbhrathair do ghabhail a ionait.

M1498.9

Caislén Dúingenainn do ghabháil la fer ionaid Righ Saxan i n-Erinn Iarla Chille Dara Gearoid mac Tomais tanaicc ar tarraing Uí Domhnaill Aodha Ruaidh, & Toirrdealbhaigh mic Cuinn Uí Neill, Mhég Uidhir Sean mac Pilip, & Dhomhnaill Ui Néill co n-a cloinn & co n-a chairdibh. Báttar dna ermhór Gaoidheal an chuiccidh amaille friú a t-timchell an bhaile co ro ghabhsat é fo dhéoidh le gonadhaibh móra,


p.1246

& ro fuaslaicceadh do bhraighdibh iomdha bai ann, im Domhnall mac Uí Domhnaill do bhai ré bliadhain h-i laimh, & im Art mac Uí Neill Mhóir (.i. Enri) co n-a dhís mac & co m-braighdibh ele cenmothát. Ruccsat ettala aidhble as, & ro marbhadh leó Conn mac Eoghain mic Toirrdealbhaigh Ruaidh Uí Neill isin c-caislén. Ro fháccaibhsiot an baile acc Domnall Ua Neill iar sin.

M1498.10

Tomas Ócc mac Tomais Iarla mic Geróid Iarla, & Corbmac Ócc mac Corbmaic mic Taidhcc Meg Carthaigh do leanmain Eoghain mic Taidhg mic Corbmaic Mheg Cárthaigh a t-toraighecht creiche, Eogan buddhein co n-a dhias mac, O Sullebhán Beirre Pilip mac Diarmata co n-a mhac Tadhg an Chaonnaigh Ó Suillebhan, & Brian Ócc mac Suibhne co sochaidhibh oile do mharbhadh leó don chur-sin.

M1498.11

Donnchadh mac Uí Dhomhnaill & dá mac Tuathail Uí Gallchubhair (Eoin & Toirrdhealbhach) do thocht a Maigh Luircc as a m-braighdeanus.

M1498.12

Slaine inghean Airt Ui Neill an ben Meic Uilliam Cloinne Riocaird (Uillecc mac Uillicc ele) d'écc.

M1498.13

Sadhbh inghen Airt Uí Néill an bhen baí acc Rémann mac Pilip Meg Uidhir d'écc.

M1498.14

Mairghrécc inghen Domhnaill Bhallaigh Meg Uidhir ben Uí Flannagáin (.i. Gillibert) Tuaithe Rátha d'écc, & a h-adhnacal in n-Dún na n-Gall iar m-buaidh n-aithricche. As lásan lanamain-sin ro cúmhdaiccheadh sepél i n-onóir Dhé & Naomh Muire ar Achadh Mór Baile Uí Flannccáin.

M1498.15

Maine mac Maoilechlainn mic Matha Mec Maghnusa do mharbhadh i m-Bothaibh Muintire Fialain la cloinn Cathail Uí Ghallchubhair.

M1498.16

O Cuirnín Conchobhar Carrach d'écc.

M1498.17

Mac an Bhaird Oirghiall d'écc don phláigh.


p.1248

Annal M1499

AOIS CRIOST, 1499.

M1499.0

Aois Criost, mile, cethre ched, nochat, a naoi.

M1499.1

Lochlainn mac Giolla Chalma biocaire Chuile Maine, clereach eccnaidhe, craibdech d'écc.

M1499.2

O Briain an Giolla Dubh diar bhó h-ainm Toirrdhealbhach mac Toirrdhealbhaigh Uí Briain tighearna Tuadhmhumhan d'écc, & Toirrdealbhach mac Taidhcc Uí Bhriain do gabhail a ionaid.

M1499.3

Tadhcc mac Diarmatta (.i. mac Ruaidhri) tighearna Muicche Luircc fear aghmar ionnsaighteach, & fear ro ding a omhan for gach tír i n-a thimcheall d'écc for Carraicc Locha Cé iar m-breith bhuadha ó dhemhan & o dhomhan, & Corbmac mac Ruaidhri Mec Diarmada do gabail a ionaidh.

M1499.4

O Domhnaill Aodh Ruadh do dhol ar Galldacht h-i c-ceann fhir ionaitt Righ Saxan.

M1499.5

Mac Domhnaill Cloinne Ceallaigh Corbmac mac Airt fear dercach deigeinigh d'écc, & a adhlacadh h-i c-Cluain Eoais.

M1499.6

Brian mac Meg Uidhir (Sean mac Pilip) do ghabhail lé cloinn Briain Mhég Uidhir.

M1499.7

Donnchadh mac Concobhair mic Aodha Meg Uidhir do marbhadh le fearaibh Luircc, .i. la cloinn Toirrdhealbhaigh Uí Maele Dúin.

M1499.8

Magnus mac Gofradha Óicc mic Gofradha Ruaidh Még Uidhir do mharbhadh la Teallach Eachdach.

M1499.9

Caislén Bona Drobhaoisi do ghabháil lá mac Ui Dhomhnaill (.i. Donnchadh na n-Ordóg mac Aodha Ruaidh) ar bhardaibh I Dhomhnaill. O Domhnaill féin co n-a mac


p.1250

Aodh Ócc do dhol imon c-caislén. Mag Uidhir & Pilip mac Toirrdhealbhaigh Még Uidhir do thocht i n-dóchum Uí Domhnaill & a mic airm a m-battar. Donnchadh na n-Ordócc & Pilip do thochar fri aroile co ro thuaircc cách a cheile dhiobh. Ro marbhadh dna each Donnchaidh, & ro trasccradh é feisin go ro gabhadh é lá Pilip ar in lathair-sin, & dos-rat d'Ua Domhnaill fo cedóir. Ro gabhadh tra an baile iar t-tain isin ló cedna. Tucc Ua Domhnaill Donnchadh doridhisi do Mág Uidhir co rucc leis dia thigh dia comhda i n-giallnus. Do-rad Ua Domhnaill iaramh tri fichit bó do mac Toirrdhealbhaigh a lócch a chosccair.

M1499.10

Maoíleachlainn mac Murchaidh mic Taidhcc Mhég Raghnaill do ghabhail lé Conn Carrach mac Taidhcc mic Tighearnáin Uí Ruairc, & lá Sean mac Tighearnáin Uí Ruairc a thabhairt leó ar Inis Ochta for Loch Mec Nén. Rudhraighe mac Toirrdealbhaigh Meg Uidhir d'ionnsaicchidh an locha forra, & an dá mhac-sin Uí Ruairc do mharbhadh leis, & Mac an Chaoích Mhég Fhlannchaidh co n-a mac, & Maoileachlainn mac Murchaidh do thabhairt leis dia thigh. O Domhnaill Aodh Ruadh da fhuaslaccadh uadha iar t-tain & caislén Liath Droma do thabhairt d'Ua n-Domnaill arís ó mac Murchaidh (.i. Maoíleachlainn).

M1499.11

Sluaiccheadh lá h-Iarla Chille Dara (.i. Gearoid mac Tomáis mic Seain Chaim) Iustis na h-Ereann h-i Connachtaibh, & Ath Liacc Maenaccáin do ghabháil dó for cloinn Uilliam Uí Cheallaigh, & a thabhairt do chloinn Aodha mic Briain. Clann Uilliam Uí Cheallaigh d'ionnarbadh dar Suca siar. Caislén Tuillsce do ghabhail don t-sluaiccheadh-sin lais for shliocht Feidhlimidh (.i. Feidhlimidh Cleireach), & a m-braighde do thabhairt dó d'Aodh Ua Conchobhair don dara tighearna baí for Shíol Muiredhaigh. Caislén Rosa Comáin, & an Caislén Riabhach bheós do gabhail lais don dul-sin.

M1499.12

Aodh Ua Conchobhair do dhíochur as a dhúthaigh la Mac n-Diarmata, & lá comhaontaidh Shíl Muireadhaigh tar Sionainn siar.

M1499.13

Mac Uilliam Búrc do tharraing d'Ua Chonchobhair, & do chloinn Uilliam Uí Cheallaig. Caislén Atha Liacc do ghabhail dó, & a thabhairt do chloinn Uilliam


p.1252

Uí Cheallaigh, & Conchobhar Ua Ceallaigh an dara tighearna baoí for Uibh Maine do ghabháil and, & a thabhairt do Mhaoíleachlainn mac Taidhcc mic Donnchaidh amaille lé braighdibh oirrigh Ua Maine, & láintighearnus Ua Maine do ghabháil dó don chur-sin.

M1499.14

Caislén Tuillsce do ghabhail lá Mac Uilliam, & lá h-Ua c-Conchobhair, Mac Cairpre mic Briain do mharbhadh ann d'urchor do pheilér, & braighde sleachta Feidhlimidh, & a c-caislén do thairbhirt d'Ua Chonchobhair. Sídh Ui Chonchobhair & Mheic Diarmada do dhénamh lá Mac Uilliam, & braighde uatha diblinibh lá comhall dia 'roile, .i. Eoghan mac Uí Concobhair, & Cairpre mac Uí Conchobhair.

M1499.15

O Domhnaill Aodh Ruadh do dhol sluagh ar Mac n-Diarmada Corbmac mac Ruaidhri & ní ro airis co rainic co Corrsliabh. Iar ná fhios-sin do Mac Diarmada ro thionoil-sidhe sochraide Maighe Luircc, & Tuatha Connacht do chosnamh Coirrsleibhe fria h-Ua n-Domhnaill. Iar ná airiucchadh-sin d'Ua Domhnaill ro gabh timcheall go Muintir Eólais, & tainicc tar Sionainn ag Caislén Liath Droma go rainicc Magh Luircc. Rucc ar creachaibh & ar édalaibh iomdhaibh & ro ghabh for orccain an tíre. Iar na cluinsin-sin do Mac n-Diarmata tainic h-i c-cenn Uí Dhomhnaill, & do-rinne síth suthain fris, & ro ioc a chíoscháin go h-umhal fria h-Ua n-Domhnaill. Do-rad dó an Chathach, & na braighde do bhí h-i Maigh Luircc ó mhaidhm an Bhealaigh Bhuidhe co sin.

M1499.16

Creacha móra lá Brian mac Domhnaill (.i. Ó Neill) mic Enri ar Mac Domhnaill Cloinne Cellaigh .i. Giolla Padraicc.


p.1254

Annal M1500

AOIS CRIOST, 1500.

M1500.0

Aoís Criost, Mile, cúicc céd.

M1500.1

Domhnall Ua Follamhain Epscop Doire, Brathair Minúr de Obseruantia do bhí go saothrach ar fud Ereann acc proicept & acc senmóir fri ré triochat bliadhan ria sin d'écc .i. do galar medhóin, & a adhnacal i n-Áth Truim.

M1500.2

O Ruairc (Feilim mac Donnchaidh mic Tighearnáin) do écc & Eoccan mac Tighearnáin mic Taidhcc do ghabhail a ionaid.

M1500.3

Tadhcc Ócc mac Taidhcc mic Tighearnáin Uí Ruairc d'écc.

M1500.4

Brian Caoch mac Neill mic Seain Buidhe mic Eoccain Uí Néill do mharbhadh lá Domhnall mac Seain Bhuidhe Uí Neill, & lá muintir Aodha i n-doras caisléin Chind Aird.

M1500.5

Tomas mac Aodha mic Briain mic Pilip na Tuaighe Meg Uidhir do mharbhadh la Tadgh mac Tomais mic Tomais Óicc Meg Uidir & la Muintir Mhucaidhein.

M1500.6

Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Aodh Ruadh i t-Tír n-Eoccain co ro loiscc baile Uí Neill Dún n-Genainn, & co ro bhris an senchaislén, & co ro loiscc crannóg Locha Laoghaire, & a impúdh imshlán dia tigh gan frithbeart fris don chur-sin.

M1500.7

Slóiccheadh lásan Iustís Gearóit mac Tomáis, iarla Chille Dara i t-Tír n-Eoccain & Slóicchead ele lá h-Ua n-Domhnaill Aodh Ruadh co n-a sochraide co comrainic frisan Iustís ag caislén cloinne Seain Bhuidhe Uí Néill, .i. caislén Chinn Aird & batar h-i f-forbaissi fair go ro gabhadh leó é. Tuccadh an baile iaromh do Thoirrdhealbhach mac Cuinn Uí Néill. Do-deachattar na maithe-sin dia t-tighibh iaramh. Iar soadh d'Ua Dhomhnaill don turus-sin ro gluais go neimhlescc nemhsadhal h-i t-Tír n-Ailealla go ro creachadh leis sliocht Briain Mec Donnchaidh baí i n-esaonta fris, & tainicc dia thír iaromh.

M1500.8

An Toirrdealbhach rémhráite (dia t-tard an Iustís caislén Chind Aird) ro gabhadh-sidhe lá h-Ua Neill (Domhnall) h-i c-caislén h-Ui Neill féin h-i c-cionn lethráithe iar t-tain. Ro benadh a chaoraighecht de co ro fás coccadh mór h-i t-Tír n-Eoccain desidhe.


p.1256

M1500.9

O Fearghail Rudhraighe mac Iriail do mharbhadh la Sémus mac Ruaidhri mic Cathail mic Uilliam Uí Fearghail i n-Inis Móir Locha Gamhna.

M1500.10

O Brain Laighen Cathaoir mac Dúnlaing do mharbhadh lá cuid dia bhraithribh féin.

M1500.11

Feradhach mac Duinn Óicc mic Duinn Mhóir Meg Uidhir, & Brian mac Seain mic Domhnaill Bhallaigh Meg Uidhir do mharbhadh lá cloinn Cuinn Uí Neill i m-Beól Átha na Marclach.

M1500.12

Giolla Crist mac Eóin Fhinn Mec Cápa do mharbhadh ar greis oidhche i n-a tigh fein lá h-Aodh mac Seain Buidhe Még Mathgamhna, & creacha an bhaile do dhénamh lais.

M1500.13

Da mhac Donnchaidh Óicc mic Donnchaidh Mhóir mic Aodha Meg Uidhir (Semus & Remann) do mharbhadh lá h-Eóccan mac Donnchaidh Mhóir mic Aodha cédna.

M1500.14

Sliocht Duinn mic Con Chonnacht Még Uidhir do dhol ar ionnsaicchidh ar Bhaile Meic Giolla Ruaidh, & an Giolla Dubh mac Concobhair mic Tomais Meg Uidhir do mharbhadh leó, & Domhnall Caoch Mac Giolla Ruaidh co n-a mhac, & Ruaidhri mac Domhnaill Girr Mec Giolla Ruaidh co sochaidhibh ele.

M1500.15

Eóccan mac Fearadhaigh Bailbh mic Fearadhaigh mic Duinn mic Con Chonnacht Meg Uidhir do mharbhadh lá Gofraidh Mac Giolla Ruaidh i n-dioghail na druinge rémráite.

M1500.16

Caislén do thionnsccnadh lá Pilip mac Brian mic Pilip ar carraicc Locha an Tairbh.

M1500.17

Giolla Padraicc mac Flaithbeartaigh mic Tomais Óicc Meg Uidhir do mharbhadh lá Niall mac Airt Uí Neill & lá a chloinn, & creacha mora do bhreith leó ó cloind Fhlaithbeartaicch.

M1500.18

Sorcha inghen Philip mic Tomais (.i. an Giolla Dubh) Mhég Uidhir, & Gofraidh Ócc mac Gofradha Ruaidh Meg Uidhir d'écc.

M1500.19

An Barrach Mór do mharbhadh lé n-a brathair féin lá Dauidh Barra, .i. airchideochain Cluana, & Corcaighe. Dauidh do mharbhadh le Tomas A Barra, & lé


p.1258

Muintir Ceallacháin.

M1500.20

Iarla Desmhumhan do thóccbháil chuirp Dháuidh a c-cionn fichet lá & a losccadh iaromh.

M1500.21

An Sionnach Muintire Tadhccáin (Cairpre) do mharbhadh lá Cond mac Airt mic Cuinn Uí Maoileachlainn.