Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1473

M1473.0

AOIS CRIOST, 1473.

Aois Criost, mile, ceithre ced, Seachtmoghat, a trí.

M1473.1

Dondchadh mac Aedha mic Pilip Meg Uidhir d'écc i n-a ticch fein iar m-breith buadha o domhan, & o deamhan.

M1473.2

Art mac Domhnaill Bhallaigh Meg Uidhir d'écc iar m-buaidh n-ongtha & n-aithricche.

M1473.3

Cathal Riabhach mac Duinn Cathanaicch mic Macchnusa Meg Uidir & Ruaidhri mac Airt Uí Neill d'écc.

M1473.4

Tomas mac Meg Uidhir (.i. Emann mac Tomais) do mharbhadh le cloinn Cathail Meg Uidir a fiull.

M1473.5

Raghnall mac Seffraidh Meg Raghnaill adbar taoisigh Conmaicne d'écc.

M1473.6

Muircertach mac Uí Conchobhair Fhailgi do marbhadh.

M1473.7

Eduard mac Baruin Delbhna do cor docum báis i n-Ath Cliath tri a mhíbhesaib budhdhéin.

M1473.8

Mac Uilliam Burc .i. Risderd, d'écc iar t-treccadh a tighearnais dó roimhe-sin ar Dia.

M1473.9

Tómás Mac Feorais tighearna Atha na Riogh & Conmaicne Dhuine Moir d'écc iar sendataidh toghaidhe, & a mac féin, .i. Tomas Ócc do ghabhail a ionaidh, & ainm do gairm do mac Risdeird Mec Feorais i n-a aghaidh.

M1473.10

Ruaidhri mac Aédha mic Toirrdhelbhaigh Óicc Uí Concobhair Rioghdamhna Connacht do marbhadh la h-Uilliam mac Emainn Mic Uilliam h-i c-Ceall Bruicch Baile an Turlaicch.

M1473.11

Emann mac Matha mic Con Chonnacht Uí Fhergail d'écc.

M1473.12

Uilliam Mac Raghnaill leth taoiseach Muintire h-Eolais d'écc.

M1473.13

Feidhlimidh Mácc Cochlain adhbhar tighearna Delbna d'écc.

M1473.14

Maol Ruanaidh mac Feargail Mec Diarmada d'écc.

M1473.15

Maol Ruanaidh mac Cathail mic Tomaltaigh Mec Diarmata do marbadh la Corbmac mic Ruaidhri Mec Diarmata h-i m-Bealach na h-Urbron.


p.1084

M1473.16

Donnchadh mac Fergail mic Eoghain mic Tighearnáin Mhóir Uí Ruairc do mharbhadh lá a chenel feisin.

1473.17

Conchobhar mac Diarmata Uí Chonchobhair Failge d'écc.

1473.18

Emann mac Domhnaill Buidhe Uí Fergail d'écc.

1473.19

Coccadh mór i Muintir Eolais & moran do mhilleadh etorra eittir losccadh & mharbhadh. Indsaicchidh do thabhairt lá Mag Raghnaill ar bhaile Mhég Senlaoich, an baile do losccadh & Donnchadh mac Donnchaidh Mec Seanlaoich do mharbhadh ann co n-droing eile. Sliocht Maoileachlainn do thionol for an Tulaigh co ro loisccsead an baile. Mag Raghnaill do breith forra, & Ruaidhri Mac Donnchaidh & clann Corbmaic Bhallaigh meic Mec Donnchaidh, Ualtar Mac Dubhghaill, & Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh Mec Dubhgaill go ro comraicset diblinibh i n-Doire Baile na Cairrcce. Briseadh for sliocht Mhaoileachlainn. Feargal mac Murchaidh Meg Ragnaill sáith Conmaicne d'aoín tighearna do mharbhadh don chur-sin, & Diarmait mac Uilliam Meg Raghnaill, Cathal mac Uaithne mic Murchaidh, Brian mac Diarmata Meg Raghnaill, Brian Mág Senlaoich, Risderd Mac Searraigh, & sochaidhe cenmothát do marbhadh amaille friu.

1473.20

Sluaiccheadh la h-Ua n-Domhnaill i n-Iochtar Connacht co rucc cíos Uí Conchobhair dó budhein.

1473.21

Mac Mec Domhnaill na h-Alban .i. Giolla Espuicc mac Domhnaill mic Eoin na h-Íle d'écc.

1473.22

O Duibhidhir .i. Tomas mac Concobhair mic Tomais do mharbhadh la Siol c-Ceinneittigh.

1473.23

O h-Uiginn .i. Giolla na Naomh mac Ruaidhri Móir d'écc.

1473.24

Brian mac Roibeird Mec Aedhaccáin ollamh Uí Concobhair Dhuinn & Uí Ainlighi d'écc.

1473.25

Baile na Gaillmhe do losccadh an dara la do mhi Iun, dia h-Aoíne do shonnradh & moran do milleadh ann.

1473.26

Ua Ferghail Irial do dhalladh.


p.1086

Annal 1474

1474.0

AOIS CRIOST, 1474.

Aoís Criost, mile, cethre chéd, Sechtmogat, a cethair.

1474.1

Mainistir Dúin na n-Gall do thionnsgnadh la h-Aodh Ruadh (.i. Ó Domhnaill) mac Neill Ghairbh, & la a mhnaoi Fionnghuala inghen Uí Briain (Concobhar na Srona), & a h-edhbairt do Dia & do braithribh .S. Fronseis do raith a n-anma ar daigh go m-badh romh adhnaicthe an mainistir-sin doibh budhdhéin & dia c-clannmaicne i n-a n-deadhaidh, & nir bo h-isidhe namá, acht rattsat asccadha iomdha oile doibh.

1474.2

Epscop Doire .i. Niocol do ecc.

M1474.3

O Concobhair Failge, .i. Conn mac an Chalbhaigh d'ecc isin foghmar do shonradh & a mhac Cathaoir d'oirdneadh i n-a ionad.

M1474.4

Mag Eochaccain, Cú Coiccriche mac Neill ticcerna Chenél Fhiachach do marbhadh la h-Aodh mac Ferghail Meg Eochagain, & an tír do mhilleadh la h-Ua c-Concobhair f-Failge, & caislen an Bhaile Nuí do bhriseadh lais, & sliocht Ferghail Ruaidh d'iondarbadh.

M1474.5

Mag Mathgamhna, .i. Rudhraighe Ócc do écc iar m-breith buadha o dhemhan & o dhomhan.

M1474.6

Donn Ruadh mac Con Connacht Még Uidir do marbhadh la mac Riocaird Mec Cathmaoíl.

M1474.7

Flaithbertach mac Tomáis Óicc Meg Uidhir d'écc i n-a thigh fein iar m-buaidh n-aithrighe.

M1474.8

Ferghal mac Seain Uí Raighilligh do ecc.

M1474.9

Crecha móra do dhenamh d'Ua Domhnaill ar muintir Uí Neill, .i. ar Aodh m-Ballach mac Domhnaill. Coccadh mor etir Ua Neill & clann Aodha Buidhe Uí Néill & O Neill do dhol ar sluaiccheadh i t-Tír Conuill, & Tir Aodha do losccadh leis, & teacht slán dia thigh.

M1474.10

Indsaicchidh do dhénamh d'Ua Neill ar mhac Aodha Buidhe & ar cloinn Airt


p.1088

Uí Néill isin Tuaisceart & crecha mora do chor rempa. Trian Congail uile do bhreith orra. O Neill do bhreith na c-crech leis, & techt slán dia thigh.

M1474.11

Lá coinne d'orducchadh la h-Ua c-Concobhair n-Donn .i. Feidhlimidh mac Toirrdhealbhaigh, & la h-Ua c-Ceallaigh, & briseadh sioda etorra isin c-coinne h-isin iar n-dol i c-cenn aroile doibh, go ro briseadh for Ua c-Concobhair, ro gonadhe, & ro gabhadh dna a mhac .i. Eoghan Caoch. Ro gabhadh umorro Toirrdhealbhach Caoch Mac Suibhne. Ro marbadh din Eoghan Caoch Mac Suibhne & mac Dubhgaill Gruamdha Mac Suibhne. Ro gabhadh ann consapal Meic Donnchaidh, & ro ládh ár na n-gallocclach etir marbhadh & gabhail. Ua Concobhair d'ecc dia ghonaibh iar t-tain, & da thighearna do ghairm i n-a ionadh, .i. Donnchadh Dubhsuileach & Tadhg mac Eoghain Uí Concobhair.

M1474.12

Mac Uí Briain, .i. Tadg mac Concobhair, & Diarmaid mac an Easpuicc Uí Briain do theaccmail re 'roile tre imresain ferainn boí etorra, & rop' áil lá Tadg Diarmait do ghabhail. Do-ratt Diarmait beim do chloidhimh do Thadg i n-a chennmhullach gur leicc a inchinn amach. Ar a ai gabhais muinter Taidhg ei-siumh, & do-bert anacal dó. At-bail Tadg gan fhuireach. Ro riaghadh Diarmait iaramh la h-Ua m-Briain a c-cionaidh a mhic.

M1474.13

An Giolla Dubh Ua h-Eaghra (.i. mac Uí Eghra) do mharbhadh la a dherbrathair fein Eoghan.

M1474.14

Tadhg Ua Briain tighearna Aradh do écc.

M1474.15

Laighnech mac Neill Meg Eochaccain do écc.

M1474.16

Maoil Seachlainn mac Aodha Mec Branain & Eduard Ploingced an t-aon Gall ro b-ferr do Ghallaibh na Midhe do ecc.


p.1090

M1474.17

Donnchadh mac Muircertaigh, mic Aodha Uí Concobair d'iarsma Cloinne Muirceartaigh Mhuimhnigh do ecc i t-Topar Oilbhe for Maigh Aí.

M1474.18

Sean mac Maoilechlainn Uí Feargail, & Diarmaid Gall mac Mec Diarmatta Gall d'écc.

M1474.19

Diarmaid mac Concobhair mic Seaffraidh toiseach Cloinne Cathail d'écc an Aoíne ria b-Feil Michil.

M1474.20

Cairpre mac Aodha mic Ruaidhri mic Briain Bhallaigh do mharbhadh la sliocht Taidhcc Uí Choncobair.

M1474.22

Giolla Fionn Mac Aedhaccain ollamh Ui Concobair Fhailgi, & Tomás mac Domhnaill Uí Cobthaigh d'écc.

M1474.23

Ua Dálaigh Midhe, .i. Cairpre d'écc.

M1474.24

Toisigeacht na h-Anghaile do ghabhail do Shean Ua Fherghail a c-ceann a dhearbrathar do bhí dall.

Annal M1475

M1475.0

AOIS CRIOST, 1475.

Aoís Criost, mile, cethre ched, Seactmodha, a cúicc.

M1475.1

Donnchadh mac Aedha Mec Suibhne Prioir Doire d'écc.

M1475.2

Aodh mac Eoghain mic Neill Oicc Uí Neill fear do ba lán d'eineach, & d'engnamh, d'uaisle & d'oirbheart rioghdamna Chenél Eoghain d'écc i n-a thig féin iar m-buaidh n-ongtha, & n-aithricche.

M1475.3

Aodh mac Neachtain Ui Dhomhnaill do bhathadh i c-coite ar bun na Banna.

M1475.4

Concobhar mac Briain Mec Donnchaidh d'écc h-i mí Ianuarii.

M1475.5

Domnall mac Seaain Uí Fergail do mharbhadh la cloinn Cathail mic Uilliam Uí Ferghail, & a n-diochur fein i meascc Gall.

M1475.6

Murchadh mac Eoghain Uí Madadhain tighearna Sil n-Anmchadha, & Diarmait mac Briain Uí Birn d'ecc.

M1475.7

Sean Ua Feargail taoiseach na h-Angaile d'écc h-i n-Granard iar n-denamh


p.1092

bainnsi a thaisighechta riasiu do chaith ní da toradh, & a adhnacal h-i mainistir Leth Ratha.

M1475.8

Rudhraighe mac Rosa mic Muircertaigh Midhigh mic Briain Uí Fergail do ecc ré bel toisighechta do gabháil dó, & taoiseach do gairm do Rudhraighe mac Cathail mic Tomais i n-acchaidh sleachta Seain mic Domhnaill Uí Fergail.

M1475.9

Sionnach Muintire Tadhgáin do mharbhadh la Murchadh mac Airt Uí Mhaoílechlainn.

M1475.10

Emann mac Maoileachlainn h-Ui Ainligi sáith na t-Tri t-Tuath do thaoíseach d'ecc an cethramadh lá iar f-Fel Míchil dia Dardaoin ar aoí laithe sechtmaine.

M1475.11

Coccadh mor etir Mag Mathghamna, .i. Remann mac Rudhraighe, & clann Aodha Ruaidh Mhég Mathgamna. Imirce neirt do dhenomh do clainn Aodha Ruaidh h-i f-Fearnmhaigh, & sluagh Gall do techtma c-comairrcis. Mag Mathghamhna do thecht isteach fan Eóganaigh, & dol dó amach doridhisi h-i Fearnmhaigh, & clann Aodha do dhol ar Galldacht. Mag Matghamhna co n-a sochraide do denamh ionnsaighe ar Ghallaibh. Clann Aedha Ruaidh, & Goill Mhachaire Airghiall do breith fair. Sraoineadh for Mag Mathgamna, & e féin, & Brian mac Rudhraighe Meg Mathghamhna do ghabháil & drong mor ele do mharbhadh, & do ghabháil don chur-soin dia mhuintir.

M1475.12

Sluaiccheadh timcill la h-Ua n-Domhnaill, .i. Aodh Ruadh mac Néill Ghairbh. Mag Uidhir, Ua Ruairc & maithe Iochtair Chonnacht imaille fris, & gabháil dóibh ar tus go Bel Atha Conaill do thobhach Briain mic Feilim Uí Raighilligh ro bai na fhear rainn & pairte ag Ua n-Domnaill, & do denam síodha etir Ua Ruairc & Ua Raighilligh. Tainic dna Ua Raighilligh h-i c-cenn Uí Domhnaill go Bél Átha Conaill, & ro shiodhaigh Ua Ruairc & Ua Raighilligh fria 'roile, & Brian mac Feilim bheos, & do-radadh Pilip Ua Raighilligh d'Ua n-Domhnaill fri tairisi & fri comhall dó co n-a breith fein amaille fris. Iseadh do-chóidh iaromh co Fiodhnach Maighe Réin, & tainicc Mág Raghnaill i n-a chend. Téid iaramh isin Angaile do chongnamh la cloinn íriail Uí Fergail batar i n-a c-cairdibh aige gur ro milleadh, & gur ro


p.1094

loiscceadh leis an Angaile achtmadh cuid chloinni Iriail inama, & fágbhais clann Iriail i t-tren & h-i t-treisi. Do-choidh asidhe iaramh tre Iarthar Midhe co ro loiscceadh Bailte Caislein Delbhna & an tír ar gach taoibh diobh lais. Baí adhaidh longpuirt h-i c-Cuircne Midhe. Tangattar Diolmhainigh & Dalatunaigh i n-a teach, & do-rónsat sidh fris. Teid iaromh i n-Uibh Failghe ar tarraing Uí Concobhair Fhailghe do bi na bhrathair aicce, .i. Cathaoir mac Cuinn mic an Calbhaigh, & do dhioghail a athar, .i. Niall Garbh ar Ghallaibh, baoí re h-eadh i n-Uibh Failge acc indradh & acc orccain na Midhe ar gach leath uadh. Bristear, & loisctear leis caislén Cairpre, & Baile Mhaoilir. Loisccthear, & airccthear leis bheós Fir Bhriúin, & Fir Tulach, & fuair dna comhadha o lucht an Mhuilinn Chirr ar an m-baile do leccadh dóibh gan orccain, iar milleadh an tíre ar gach taoibh de. Do-chóidh iaromh ar Coilltibh an Ruba ar tarraing Cholmáin Uí Maoíleachlainn, & ro gabh for milleadh Cloinne Colmáin, .i. dúthaigh Uí Mhaoileachlainn. Ro loiscceadh leis dna caislén Maighe Tamhnach & caislen Maighe h-Eille. Bá don chur-sin tra ro sraíneadh maidhm na Gairbh Eisccreach lá h-Ua n-Domhnaill for Ua Maoileachlainn co líon a thionoil & a sochraide. Maidm Belaigh na c-Corr Gad ainm oile dhó ona gadaibh nó sindís lucht an tíre fo braighdibh druinge don t-sluagh tre iomcumga an bhealaigh h-ísin. Ba isin lo cedna ro meabhaidh maidhm Baile Locha Luatha ria h-Ua n-Domhnaill du in ro marbhad mac Meg Amhalgaidh co sochaidhibh

p.1096

amaille fris, & battar adhaigh longpuirt isin maighin-sin. Luidh Ua Domhnaill co n-a sluagh ar n-a marach go Sionainn. Ro teglaimseat & ro tionoilsiot na dronga do Shiol c-Ceallaigh battar i n-a fharradh for an sluaigheadh-sin a b-fuairsiot i n-a c-comhfochraibh d'arthraighibh co n-deachaidh Ua Domhnaill co n-a sluagh tar Sionainn i n-Uibh Maine, & ro airis ainnsein go ro chuir scis & athtoirse a sloighidh imchein de. Luidh iar t-tain h-i c-Cloinn Riocaird & h-i c-Conmaicne Chuile, & h-i c-Cloinn Goisdelbhaigh, & tar ais tre Machaire Connacht & dia thír feisin iar na riarucchadh, & iar m-breith buadha & cosgair da gach maighin gus a ráinicc.

M1475.13

Aodh mac Eoghain mic Cathail Ui Conchobair, Uilliam mac Taidg Uí Cheallaigh, & Hoibeard mac Rudhraighe mic Rosa d'écc.

M1475.14

Barun Delbna d'écc.

M1475.15

Da mac Airt Uí Maoileachlainn do mharbhadh lá Colmán mac Airt Uí Mhaoílechlainn.

M1475.16

Caislen an Chalaidh do gabail lá Mac Uilliam Cloinne Ricaird, & a thabhairt do mac Mhaoileachlainn Uí Cheallaigh, .i. mac a ingeine feisin.

M1475.17

Corbmac Ua Cuirnín oide eiges Ereann, & Giolla na Naemh mac Maoileachlainn Uí Uiccinn d'écc.

M1475.18

Feidhlimidh mac mic Ui Neill, & Mac an t-Sábhaoisigh dho ghabháil lá Conn mac Aodha Buidhe, & Mac an t-Sábhaisigh d'eludh uadh iar sin.


p.1098

Annal M1476

M1476.0

AOIS CRIOST, 1476.

Aois Criost, mile, ceithre ced, seachtmogat, a sé.

M1476.1

An t-epscop Mag Samhradháin do écc. Sean mac Briain i n-a ionad.

M1476.2

Seaffraidh mac Siacusa príoír Mainistreach Deircc d'écc.

M1476.3

Uaitne mac mic Cathail Uí Conchobair solus eccna na h-Ereann & ardmaighistir isna h-ealadhnachaibh d'écc.

M1476.4

Mag Uidir, .i. Tadg mac Emainn mic Tomais do mharbhadh a f-fioll la a dhearbhrathair Ruaidhri.

M1476.5

Donnchadh mac Tomais mic Tomais mic Pilip Meg Uidhir adhbhar tighearna Fear Manach, fear lan do deaghaithne, d'eineach, & d'oirdearcus d'ecc iar m-buaidh n-aitrighe.

M1476.6

Tuathal mac Uí Neill do marbhadh la Gallaibh Machaire Airghiall.

M1476.7

Tadhg Ócc mac Taidhcc mic Tighearnáin Uí Ruairc tanaisi na Breifne d'ecc.

M1476.8

Aedh mac Ui Cheallaigh (.i. Uilliam) do marbhadh la Tadhcc a dhearbhrathair féin i n-Ath Luain.

M1476.9

Ua h-Eaghra Iartarach .i. Riabhach, .i. Uilliam d'écc.

M1476.10

Tadhg mac Eoghain mic Ruaidhri Ui Conchobhair do mharbhadh i f-fiull la triar dá muintir féin, .i. mac Ruaidhri Ruadh mac Eoghain mic Cathail, & mac Cathair, an Abadh Uí Concobhair, & mac Donnchaidh Uí Taidhg, & caislén Rosa Comain do gabháil dóibh, & a gabháil forra sin fo cedóir.

M1476.11

Edaoin ingean Domhnaill mic Muircheartaigh bean Uí Concobair Dhuinn d'écc.

M1476.12

Dearbforgaill inghen Feidhlimidh Fhinn Uí Concobhair bean Uí Concobhair Duinn d'écc.

M1476.13

Brian mac Fergail Ruaidh Uí Uiccinn cend a fhine fein oide sgol Ereann & Alban lé dán d'ecc dia Dardaoín Mandala, & a adnacal i n-Ath Leathain.

M1476.14

Domhnall Riabhach mac Gearailt Caomhanaigh tighearna Laighen d'écc.


p.1100

M1476.15

Ionnsaighidh do dhenamh d'Ua Neill ar Oirghiallaibh, & clann Még Mathgamhna, .i. clann Rémainn, & Bhrian mac Rudhraighe, & Oirghialla uile ó Eoghanaigh asteach do teichemh siar fo Machaire Tulcha, creacha, & airccthe do breith d'Ua Neill uatha on machaire remhráite, & o leithimlibh Breifne, & Neill do theacht dia thicch iar sin fo bhuaidh & cosccar.

M1476.16

Slóiccheadh mór la h-Ua Neill dochum meic Aedha Bhuidhe Uí Neill, & dol dó fo caislén Beoil Feirste. An caislén do ghabhail, & do briseadh leis, & teacht dia tigh iar sin.

M1476.17

Seaan mac Uí Anluain dho marbhadh lá a dearbrathair.

M1476.18

Morshluaiccheadh lá Mac Uilliam Burc i n-Iochtar Connacht, & sluagh ele lá h-Ua n-Domhnaill i n-a aghaidh. Do riacht Ua Domhnaill co Cúil Cnamha, & Mac Uilliam co Coilltibh Luighne. Do-deachaidh Mac Diarmada h-i toirithin Mec Uilliam, & Mac Donnchaidh i t-toirithin Uí Domhnaill. Do-thaod Ua Domhnaill tar fearsait na Fionntragha. Ro benadh eich & daoíne de ag dol anonn h-i c-Cairpre. Ro lean Mac Uilliam anonn h-é. Battar aghaidh i n-aghaidh amhlaidh sin co n-dearnsat sídh fo dheóidh, & ro rannsat Iochtar Chonnacht ar dhó, .i. Uí Dhúbda crioch Luigne, & leth CairpreMac Uilliam, & an leth n-aill lá h-Ua n-Domnaill.

M1476.19

Morsluaiccheadh Gall na Midhe h-i Maigh Breaghmaine gur bhriseattar an Ráith Riabhach go ro fhéimghedar an Phailís. Loisccit Mainistir Shruthra. Milltear leo guirt, & arbhanna an tire, & sgaraitt cen sídh.


p.1102

Mag Raghnaill do dhol h-i Maigh Breaghmhaine co ro mhill a n-deachaidh on t-sluagh Gall dia n-arbhannaibh.

M1476.20

Coccadh mór etir Gallaibh Midhe & Laighin, & mac Seaain mic Mec Tomais do mharbhadh for an c-coccadh-sin. A triar dearbrathar sidhe & mac Airt mic Cuinn Uí Mhaoileachlainn & mac Muiris Mic Piarais do gabháil lá h-Ua c-Conchobhair f-Failghe.

Annal M1477

M1477.0

AOIS CRIOST, 1477.

Aois Criost, mile, ceithre ched, Seachtmoghad, a seacht.

M1477.1

Gearoid mac Iarla Deasmumhan do mharbhadh, & ocht fir dhécc do Ghearaltachaibh do chor chum báis iar sin.

M1477.2

Brian mac Muirgheasa Mec Diarmatta do mharbhadh lá a chenel feisin.

M1477.3

Ailbhe inghean Aedha Mheg Uidhir ben tuc í féin & a maithes bliadhain ria n-a bás do Dhia, & do mainistir Leasa Gabhail d'écc.

M1477.4

Aodh mac Donnchaidh mic Tomais Meg Uidhir, & Brian mac Conchobhair Óig Meg Uidhir d'ecc.

M1477.5

Ruaidhri mac Emainn Meg Uidhir do mharbhadh la Coin Connacht mic Remainn Riabhaigh mic Duinn mic Con Connacht Meg Uidhir a f- fiull.

M1477.6

Donn mac Eoccain mic Aedha Meg Uidhir do mharbhadh la Donnchadh Ócc mac Donnchaidh mic Aodha.

M1477.7

Matha Ua Luinin aircinneach na h-Arda saoí re seanchus d'écc.

M1477.8

Easaonta & imresain do fhas eitir Ua n-Domnaill & clann Neachtain Uí Domhnaill. Niall mac Domnaill Uí Domhnaill & Felim mac Toirrdealbhaigh Uí Domhnaill do mharbhadh la cloinn Neachtain don cur-sin, & dioghbhail mhór do denamh etorra. O Neill do dhol ar sluaigheadh i t-Tír Aodha ar tarraing cloinne Neachtain, & Tír Aodha do mhilleadh, & do losccadh leis, & tocht dia thigh fo bhuaidh, & cosccar iar sin.


p.1104

M1477.9

Corbmac mac Donnchaidh mic Mec Carthaigh Riabhaigh do gabhail lá Corbmac mac Taidhcc mic Corbmaic mic Diarmata Remhair Musccraighe, & la cloinn Diarmata an Dúnaidh, .i. clann dearbrathar a athar fein. Coccadh Mumhan amach uile d'erge tresan n-gabháil-sin, & an leth thes do mhilleadh uile eittir Ghallaibh & Gaoidhealaibh.

M1477.10

Mac Uaitne Uí Mhordha do mharbhadh h-i m-Baile Daithi la Mac Piarais Buitilér & la h-Art Ua c-Conchobhair.

M1477.11

Gaoth mhór oidhche Fheile Eoin Bruinne do beith isin m-bliadhain-si co ro mhill iomarcraidh do chumhdaighibh cloch, clarach, crannocc, & cruach sechnón Ereann.

Annal M1478

M1478.0

AOIS CRIOST, 1478.

Aois Criost, mile, ceithre chéd, Sechtmoghatt, a h-ocht.

M1478.1

An t-Epscop Ua h-Uiccinn, .i. epscop Maighe Eo na Saxan, d'écc.

M1478.2

An t-espucc Mag Samhradhain d'écc.

M1478.3

Tomas Dubh Ua Cairbre biocaire Achaidh Urchair fer eaccnaidh craibhdech é-sidhe d'ecc.

M1478.4

Iarla Cille Dara d'écc, & Gearoid a mac do gabail a ionaid.

M1478.5

Risderd mac Emainn Mic Risdeird Buitiler do marbhadh lá Fingin Ruadh mac Fínghin (.i. d'Osraighibh) i n-dorus Chille Cainnigh.

M1478.6

Corbmac mac Donnchaidh Még Carthaigh do dhalladh la a bhraithribh iar n-a beith i laim aca re h-edh.

M1478.7

Donnchadh mac Briain Bhallaigh Ui Conchobhair, & Toirrdhealbhach mac Toirrdhealbhaigh Ruaidh Ui Concobhair d'écc.


p.1106

M1478.8

An Giolla Dubh mac Briain mic Feilim Uí Raighilligh d' écc.

M1478.9

Tomás mac Piarais Buitilér do marbadh.

M1478.10

Tomas Ua Conchenainn tighearna Ua n-Diarmata do mharbhadh lá mac a dearbrathar fein.

M1478.11

Pláigh mhór do theacht le luing ar chuan Eassa Ruaidh. Lethnucchadh don phláigh-sin h-i f-Fearaibh Manach,h-i t-Tír Chonaill, & isin c-cúicceadh go coithchenn, & Mac an Baird .i. Gofraidh, Tire Conaill d'ecc di, & dioghbhail mhor do deanamh di isin c-cúicceadh uile.

M1478.12

Mac Ritbeartaigh, .i. Ciothruaidh ollamh Meg Uidhir lé dan, Tadhg Fionn Ua Luinín saoí le leighes & le seanchas, Ua Breisléin Tadhcc mac Eoghain ollamh Meg Uidhir le breithemhnas, & Ua Cobhthaigh Muirceartach Bacach d'écc.

M1478.13

Iondsaighidh do dhenamh d'Aodh Ócc Mácc Mathgamhna 's a lucht tighe ar Brian mac Remainn Meg Mathghamhna. Creacha mora do dhénamh dó & Brian fein do gabhail i t-toraighecht na creiche.

M1478.14

Maoileachlainn mac Aodha Buidhe Meg Eochagain tighearna Chenél Fhiachach do mharbhadh i n-a chodladh lá dís dia muintir fein h-i c-Caislén Leth Ratha, & a losccadh búdhein i n-a c-cionaidh.

M1478.15

Emann mac Conchobhair Meg Raghnaill d'écc.

M1478.16

Uilliam mac Seaain Uí Feargail do mharbhadh d'urchor do cuaille d'fior dia muintir féin.

M1478.17

Pláigh mhór i n-Erinn uile. Barun Delbna & Mac Muiris Airig d'ecc di.

M1478.18

Fachtna Ua Feargail do marbhadh la mac Emainn mic Hoiberd Dalatun.

M1478.19

Art mac Colmain Uí Maoileachlaind, & Mac Samhradhain .i. Cathal mac Donnchaidh Ballaigh d'ecc.

M1478.20

Mac Feargail Uí Gadra, & Magnus Mac Dabhid do marbhadh la sliocht Ruaidri Mec Diarmata.


p.1108

M1478.21

Emann mac Taidhcc mic Lochlainn Uí Ainlighe do mharbhadh la a chenél budh dhéin.

M1478.22

Caislen Sliccigh do gabhail lá Mac Uilliam Burc for bardaibh Uí Domhnaill & a thabhairt do mac Briain Uí Concobhair. Mac Uilliam Burc do thecht h-i Maigh Luircc iar sin, & an tír do mhilleadh dhó, .i. cuid Ruaidhri Mec Diarmata. Ruaidhri do dol for Cruachan i n-a dioghail-sidhe i n-aghaidh Concobhair Mec Darmatta baí i n-a Mac Diarmata, & i n-a rann ag Mac Uilliam, & suidhe dhó as a h-aithle a t-timcheall na Cairrcce a f-forbhaisi, & sasa do chor chuicce do delbattar saoir tuccadh a Fearaibh Manach, & aon mac Mec Diarmata do marbhadh d'urchor saighde as an t-sás sin, & an Carracc do ghabhail tresan urchor-sin. Lain-tighearnas Maighe Luircc do gabhail do Ruaidhri, & Conchobar do dhíbirt.

M1478.23

Coccadh adhbal for Machaire Connacht. Feidhlim Fionn & Ua Conchobair Donn do leith annsin, clann ócc Thaidhcc Uí Chonchobhair, clann Feidhlim, & clann Uí Concobhair Ruaidh don leith araill. An Machaire uile etir chill & tuaith do mhilledh etorra. Toirrdhealbhach Ruadh mac Ruaidhri mic Feidhlimidh Uí Conchobhair rogha mac ríogh do mharbhadh ar in c-coccadh-sin.

M1478.24

Tadhg mac Diarmada Ruaidh Uí Conchobhair do mharbhadh la sliocht Briain Bhallaigh a mebail.

M1478.25

Gaoth adhbal do thurccbhail oidhche Nodlac Steill, & bá h-oidhche dilginn do cach í ar a mhéd ro mhudhaidh do dhaoínibh & ceathraibh, chrannaibh, & chumhdaighibh uiscce & tire seachnón Ereann.


p.1110

Annal M1479

M1479.0

AOIS CRIOST, 1479.

Aois Criost, mile, ceithre ced, seachtmogatt, a naoí.

M1479.1

Mainester Mhíleic do dhénamh la h-Ua Madagain ar brú na Sionna i n-epscopóitecht Cluana Ferta do Braithribh .S. Fronseis, & a togha fein innte.

M1479.2

Piarus mac Nioclais h-Uí Flannaccain baí i n-a chananach coraidh h-i c-Clochar, i n-a phearsún & i n-a phrióir Ceile n-De i n-a Shacrista i n-Daimhinis, & i n-a oificel ar Loch Eirne, saoí dhéshearcach chraibhdheach deigheinigh daonnachtach d'ecc iar m-breith bhuadha ó deamhan & ó dhomhan.

M1479.3

Coccadh mór etir Cenél c-Conaill & Eoghain, uair do-chuattar clann Airt Uí Neill h-i t-Tir Conaill do coccadh ar Ua Neill, & do-rónadh dioghbhala móra etorra.

M1479.4

Ua Néill do dhol ar ionnsaicchidh i t-Tír Conaill, & creacha móra do thabhairt lais ó cloinn Airt & ó Conallchoibh don turus-sin.

M1479.5

Brian mac Feilim Uí Neill do gabhail lá h-Ua Neill, & a leiccen amach iaromh.


p.1112

Fuaslaichthe mora do bhein as, & a dias mhac do braighdibh fri tairissi. Brian do dhol d'ionnsaiccidh ar Ua n-Domhnaill do coccadh ar Ua Neill dhoridisi.

Annal M1480

M1480.0

AOIS CRIOST, 1480.

Aois Criost, mile, ceithre chéd, ochtmoghatt.

M1480.1

Mag Uidhir, .i. Tomas Occ mac Tomais Moir mic Pilip mic Aodha Ruaidh fer ro ba mó deirc, crabhaidh, & eineach baí i n-a aimsir fear cosanta a criche ar eachtaircheinealaibh, fear denma mainistrech, teampall & chailiseach fer ro baí isin Roimh, & fo di h-i c-cathraigh SanSem ag a oilithre, d'écc, & a adhnacal i mainistir in Chabhain iar t-togha dó innte.

M1480.2

Mac Magnusa Meg Uidhir, .i. Cathal Ócc mac Cathail Mhóir mic Giolla Pattraicc mic Magnusa brucchaidh tocchaidhe ei-sidhe d'écc iar m-buaidh ongtha & aithricche.

M1480.3

Maghnus Ruadh Ó Domhnaill do marbhadh le cloinn Fheilim Riabhaigh Uí Domhnaill.

M1480.4

O Neill do dol ar ionnsaicchidh i t-Tír Conaill,loiscthe & dioghbhala iomdha do denamh lais.

M1480.5

O Domnaill do dol ar ionnsaicchidh i t-Tir Eoccain. Clann Airt Uí Neill & clann Fheilim Uí Neill do beith i n-a fharradh, & creacha móra do denamh lais ar Mac Cathmaoil h-i c-Cenel Fearadhaicch & Brian mac Toirrdhealbhaigh Ruaidh mic Enri Uí Neill do marbhadh leó, & mac Mec Catmhaoil Semus. Do-rala Ua Neill co n-a cloinn i n-a comfocraibh in tan-sin & ro lensat clann Uí Neill & Mac Cathmaoil na creacha & ro marbhadh leo Eoghan mac Airt Uí Neill baoi h-i f-fochair Uí Domhnaill saoí chinnfheadhna e-sidhe. Rucc Ua Domhnaill na creacha, & soais dia tigh iar c-cosccar co n-edalaibh iomdha lais.

M1480.6

Eoghan Ua Domhnaill .i. Mac Neill Ghairbh, marbhadh la cloinn Nechtain Uí Domhnaill i c-Cluain Laogh .i. an 29. do September & Eoghan Caoch mac Magnusa Ui Concobhair do marbhadh i n-a fharradh & mac Toirrdhealbhaigh Carraigh Uí Conchobair do gabhail ann bheós.


p.1114

M1480.7

Rudhraighe mac Rudhraighe mic Neachtain Uí Domhnaill do marbhadh lá cloinn Neill Uí Domnaill.

M1480.8

O Domnaill do gabail coinne lé cloinn Neachtain, & le Conn Ua Neill fa Caislén na Finne, & sídh do dhenamh dhóibh re 'roile, & tanaisdecht Tire Conail do tabhairt d'Eiccneachán Ua n-Domhnaill.

M1480.9

Remann Riabhach mac Duinn mic Con Chonnacht Meg Uidhir, & Mac Gille Fhinnéin .i. Tadhg mac Briain taoiseach ro b-fearr teach n-aoidhedh baoi i n-a athfhoccus d'écc.

M1480.10

Ua h-Eodhosa, .i. Aongus mac Seain saoí fhir dhána & Feargal Mac Eochadha deighfhear dana ele d'écc.

M1480.11

Corbmac mac Airt Chuile Meg Uidhir, & Pilip Riabhach mac Amhlaoibh Meg Uidhir d'écc.

M1480.12

Art mac Rudhraighe Még Mathghamhna do mharbhadh ar deireadh creiche oidhche do-rinne sé féin isna Fedhaibh h-i fearann Con Uladh mic Aodha Uí Neill.

M1480.13

Coccadh etir cloinn Aodha Ruaidh Még Mathgamhna, & clann Remainn Meg Mathghamna, creacha mora do dhenamh ar cloinn Remainn, & a c-cur isin m-Breifne i c-cend h-Uí Raighilligh.

M1480.14

Sccaindear crodha etir cloinn Emainn a Burc, & clann Riocaird A Burc. Bristear ar chloinn Emainn. Marbhthar mac Mec Dubhghaill na h-Alban (.i. Colla) d'aon urchor soigde & sochaidhe oile amaille fris an tan-sin.

M1480.15

Seaan Mec Gille Fhinnen .i. mac Briain, & tri fir dhecc do muintir Cloinne Briain mic Pilip Meg Uidhir do marbhadh acc Bealach Uí Mithidhein lá cloind Uí Ruairc, Tighearnan & Brian Ruadh clann Tighearnain mic Taidhcc mic Tighearnain iad-sén.

M1480.16

Sluagh Gall do theacht i t-Tír EoghainConn Ua Neill fa chaislén Sheaain Buidhe Ui Neill, .i. iarla Chille Dara fer ionaid righ Saxan i n-Erinn, & Goill na


p.1116

Midhe ar chena. Seaan Buidhe féin do beith isin c-caislen, & an baile do chongmháil, & do shesamh dó d'aimdheóin an t-sluaigh, & an sluagh d'imthecht tar anais, & Seaan Buidhe do dhenamh siodha fri h-Ua Neill iar t-tain.

Annal M1481

M1481.0

AOIS CRIOST, 1481.

Aoís Criost, mile, cethri cédh, ochtmocchat, a h-aon.

M1481.1

Brian mac Felim Uí Raghallaig, cend dámh & deóradh, & fear tighe aoídheadh coitcind d'écc.

M1481.2

Toirrdhealbhach mac Pilip mic Tomáis Még Uidhir do mharbhadh i fell an 5. do October i n-a chaislén fein la Donnchadh Occ mac Donnchaidh mic Aodha Meg Uidhir saoi choitcheann chomhlán ar eineach, ar aithne, & ar uaisle, & a adhnacal i Mainistir Dhúin na n-Gall iar t-togha dhó inte.

M1481.3

Ua h-Anluain Feilim do marbhadh saoí chinnfhedhna ar uaisle & ar oirbeart e-sidhe.

M1481.4

Cathaoir Caomhanach mac Mec Murchadha do mharbhadh lásan c-Contae Riabhach.

M1481.5

Mac an t-Sabhaoisigh, .i. Pattraicc do gabail la Conn mac Aodha Buidhe, & a dhalladh leis.

M1481.6

Sláine inghen Ui Bhriain ben Mec Uilliam Cloinne Riocaird soidhtheach lán do dheirc & d'fhele, bean ro dearsccnaigh do mhnáibh a h-aimsire d'écc iar m-breith bhuadha ó dhomhan & ó demhan.

M1481.7

Cu Chonnacht mac Seaain mic Con Connacht Még Uidhir, & Feilim mac Duinn mic Con Connacht mic Pilip mic Aodha Ruaidh Még Uidhir d'écc.

M1481.8

Coccadh mór d'eirge h-i t-Tir Eoghain etir Ua Neill & Seaann Buidhe Ó Neill. Clann Airt Uí Neill, & clann Fheilim Uí Neill do beith i n-aghaidh Uí Neill ar in c-coccadh-sin. Clann Airt do denamh creiche ar cloinn Uí Neill & cland Uí Neill do denamh creiche no dó ar Seaan Bhuidhe. Clantt t-Seaan Bhuidhe da lenmain


p.1118

& Aodh mac Cathail mic Feidhlimidh Uí Concobhair do mharbhadh leo, & mac Giolla Pattraicc Mic Cathmhaoil co sochaidhibh oile nach airimhthear.

M1481.9

Conn mac h-Ui Neill .i. Enri, do ghabhail lé cloinn Aodha Buidhe Uí Neill, & a thabhairt h-i laimh Ui Dhomhnaill.

M1481.10

Semus mac Maoilir Mec Hoirebert do mharbhadh lá Gearoid mac Emainn Geangcaigh Mec Hoirebert.

Annal M1482

AOIS CRIOST, 1482.

M1482.0

Aoís Criost, mile, ceithre ched, ochtmoghat, a dó.

M1482.1

Fioghair naomh chroiche an Coimhdeadh d'arthrucchadh & d'fagbháil ar brú locha Bhaile an Chuilinn. Fearta & miorbhalla iomdha do dhenamh dhi.

M1482.2

Giolla Crist Ua Fiaich biocaire Aire Brosccaigh Saoí cleiricch & fear tighe aoidheadh coitchind fri ré aon bliadhan décc do écc.

M1482.3

Conn mac Aodha Buidhe Uí Neill tobar feile, & feichemh coitcheann do cliaraibh Ereann, & Alban. Ceann coccaidh & cosanta cirt a ceneoil, & rioghdhamhna an chuiccidh d'écc iar m-buaidh n-aithrighe.

M1482.4

Enri mac Con Uladh mic Aodha mic Eoghain Uí Néill do marbhadh la Gallaibh.


p.1120

M1482.5

Art mac Donnchaidh Meg Uidhir d'ecc.

M1482.6

Maol Mordha mac Cathail Uí Raighilligh do mharbhadh lá cloinn Aodha Uí Raighilligh. Clann Aodha do theacht dia t-tir ar sith, Clann Cathail dia n-ionnsaighidh & tegh do gabhail forra, & dá mac Aodha & da mac Fheidlimidh mic Aodha do marbadh co n-druing oile.

M1482.7

Brian mac Feilim Uí Neill do marbhadh la mac Cuinn mec Aodha Buidhe, & la sliocht Enri Aimreidh. Ba saoí ar eineach ar eangnamh ar cennach duan & drecht an Brian h-íshin.

M1482.8

Donnchadh Occ mac Donnchaidh Meg Uidhir (las ro marbhadh Toirrdhealbhach mac Pilip Meg Uidhir) do mharbhadh d'aon orchur soighde.

M1482.9

Murchadh mac Taidhcc mic Cathail Óicc Meg Raghnaill do mharbhadh la sliocht Airt Uí Ruairc.

M1482.10

Diarmaid mac Lochlainn Óicc Uí Ainlighi adhbhar toisigh Chenel Dobhta do mharbhadh co n-a bhraithribh a meabhail la sliocht Giolla na Naomh Uí Ainlighi, dar slánaibh mionn Connacht & druinge dia maithibh.

M1482.11

Ruaidhri Buidhe Ua h-Ainlighi taoísech Chenél Dobtha d'écc iar seandataidh toghaidhe, & Tadhcc a bhrathair do ghabhail a ionaid.

M1482.12

Sluaigheadh dioghla lá Ruaidhri Mac Diarmata tighearna Mhoighe Luircc, lá Tadhg Mag Raghnaill tighearna Conmaicne Mhaighe Rein h-i c-Cenél Dobhtha iar m-briseadh a slán dia ro loiscceadh teach Uí Ainlighi, & dia ro marbhadh Donnchadh mac Siacusa Carraigh, & mac Concobhair mic mic Corbmaic. Bresmhaidhm forra lasan tír co Béol an Atha Fada. Feidhlimidh Fionn Ua Conchobair do thochar i n-aghaidh an mhadhma-sin & a chothuccadh dhó.

M1482.13

Brian Ócc mac Briain mic Cathail Duibh Uí Conchobhair do marbhadh lá sliocht Taidhcc Uí Chonchobhair h-i c-Cuirreach in Araccail.

M1482.14

Maidhm i n-Ath na c-Cennaigheadh la h-Art Ua c-Concobhair for Oiliuer Ploingcéd, & dream dia mhuintir do mharbhadh, & Oiliuér fein do ghabhail.


p.1122

M1482.15

Domhnall mac Rúdhraighe Uí Conchobair tighearna Corc Mo Dhruadh Ninais d'écc & Diarmaitt a brathair i n-a ionadh.

M1482.16

Feilim mac Feilim Uí Concobair Corc Mo Dhruadh do mharbhadh a meabhail lá macaibh Conchobhair Uí Chonchobhair. Cairpre mac Uí Conchobhair Ruaidh fear crodha coccthach, adbhar tighearna sil Conchobhair Ruaidh d'écc.

M1482.17

Erard Ua Maol Chonaire ollamh Sil Muiredhaigh h-i senchus, & h-i f-filidheacht saoí e-sidhe i l-Laidin & i n-Gaoidhilcc d'écc iar m-buaidh ó dhomhan, & o dheamhan & a adhnacal i n-Oil Finn, & Siodhraidh Ua Maol Conaire i n-a ionad.

M1482.18

Muirchertach Mac Flannchadha adhbhar ollamhan Tuadhmumhan & an Cosnamhach mac Conchobhair Óicc Mec Flannchadha d'écc.

M1482.19

Aodh mac Cairpre Uí Concobhar do mharbhadh la dreim dia muintir feissin.