Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1433

M1433.0

AOIS CRIOST, 1433.

Aoís Críost, míle, cethre chéd triochatt a tri.

M1433.1

Coccadh mór eitir Chenél c-Conaill & Eoghain. Ua Domhnaill, Niall Garbh mac Toirrdhealbhaigh an Fhíona cona shochraide do dhul isin Duibh-trian do chongnamh lá Mac Uidhilín. Ua Néill .i. Eoghan do dhul sluagh mor i l- lenmain Ui Domnaill, & Mic Uidhlín. Tainic dna Mac Domhnaill na h-Alban co c-cobhlach mór h-i c-comhdail Uí Neill do chongnamh lais. Do-chóidhset na h-Albanaigh fo chaoruighecht Mic Uidhilín & Roiberd Sabhaoís go rabhsat for a c-comas, & tuacadar ár dearmhair & díth daoine for Mac Uidhilín & for Roiberd, & a t-tearna dia muintir as an Duibh-trian torchrattar uile d'urmhór ag fersait an Chaisléin Nui.

M1433.2

Do-chuaidh O Neill as a h-aithle, Enrí a mhac, & Mac Domhnaill cona slocchaibh go h-Aird Glais, & ro loiscceadh í leó. Do-dheachaidh iaromh Mac Domnaill cona Albanchaibh ina longaibh ó Áird Glais go h-Inis Eoghain, & Ó Neill cona shlocchaibh sor tír ina c-coinne do iondradh Tíre Conaill. Neachtain Ua Domnaill dna, & inghen Uí Concobhair Fhailghigh ben Uí Dhomhnaill, & meic tighearnadh Conallach do thocht ina c-comdail go h-Inis Eoghain, & do-righensat síth lá h-Ua Néill gan ched d'Ua n-Domhnaill.


p.894

M1433.3

Ua Domhnaill imorro & Mac Uidhilín do-chóttar- sidhe go Gallaibh Mide do dhénamh cengail & caradraidh riú & ré fer ionaid an rígh, & tuccsat sluagh mor leó go Machaire Arda Macha, & do-chóidhset na Goill fón mainistir. Ro iompaidhsed iaromh gan neart do ghabháil don turus-sin. O Domhnaill do dhul timcheall na Midhe siar go h-Áth Luain aissidhe i n-Uíbh Maine iar sin tarsna Machaire Connacht i Muigh Luircc go Mac Diarmada & go h-Ua Ruairc .i. Tadhg mac Tighearnain, & Ua Ruairc do dol lais tar Eirne, Ua Neill, & Mág Uidhir do thocht co Caol Uisce h-i c-coinne Uí Dhomhnaill, & síth carthanach do dhénamh dóibh fri aroile. Mac Uidhilín do choinnmhedh etorra do Ghallaibh Machaire Airghiall ar ná indarbadh d'Ua Nell.

M1433.4

Eccneachán Ua Domhnaill .i. mac Toirrdhealbhaigh, do dhol ar crech ar a dearbhrathair ar Donnchadh .i. Donnchadh na Coilleadh, Ua n-Domhnaill & Donnchadh do lenmain a chreche & Éccnechan do mharbhadh lais a m-Bel Átha Caoláin.

M1433.5

Coimheirge choccadh do beith eitir Mhág Raghnaill an Magha & clann Mhaoíleachlainn Mhég Raghnaill. Cland Maoíleachloinn do tabhairt cloinne Mathghamhna Mhéc Caba ar buannacht cuca do chongnamh leó. Do-choidhsiod ar ionnsoighidh isin magh, & ro loisgset baile Cathail Meg Raghnaill. Rug tóir mhór orra ag fágbháil an baile dhóibh. Airisit an clann-sin Mathghamhna ar deireadh, ro marbhadh triur do chloinn Mathghamhna ar an lathair-sin, Ross, Donnchadh & Brian co sochaidhibh oile immaille friú. Ro gabhadh beós Ruaidhrí a sinnsear osé leth-mharbh. Teárna an cúicceadh mac, Toirrdhealbhach Ballach. Una inghean Seaain Ui Raghailligh a m-mathair-sidhe.

M1433.6

Mac Maghnusa Mhég Uidhir, .i. Cathal fear tighe aoidheadh coitchinn d'écc, & a mhac, .i. Cathal do oirdneadh ina ionadh lá h-Ua Neill & lá Mag Uidhir.

M1433.7

Cathal Dubh mac Ui Conchobair Ruaidh d'écc.


p.896

M1433.8

Da ghairm choitchenna einigh do thabhairt do Mairghréicc inghen Uí Cerbhaill ben Ui Conchobhair Fhailghigh (an Calbhach) do dhamhaibh & do chliaraibh.

M1433.9

Samhradh gortach isin m-bliadhain si dá n-goirthí (aimsir imchian iaromh) Samhradh na Mear-Aithne uair ní aithnigheadh neach caomh ná caradh la méd na gorta.

M1433.10

Ua Cathain, .i. Goffraidh mac Con Muighe Uí Chathain do écc.

M1433.11

Mac Con Mara, .i. Mac Con Cendmhór taoiseach Cloinne Cuiléin do écc.

M1433.12

Mac Uidhilín do indarbadh as a thír féin la cloinn Mec Ui Neill Bhuidhe, & a chur i n-Aird Uladh i c- cend Meic an t-Sábhaísigh.

Annal M1434

M1434.0

AOIS CRIOST, 1434.

Aoís Criost, mile, ceithre ched, triochat a cethair.

M1434.1

Feilim mac Mathghamhna Uí Lochlainn easpucc Cille Fionnabhrach do écc.

M1434.2

Coccadh ar n-eirghe eittir Ua n-Domnaill .i. Niall, & a dherbhrathair Neachtain fo daigh marbhta Eiccnechain Uí Domhnaill. Crecha & marbtha iomdha do denamh etorra. Neachtain do thocht i c-cléth cloinne Domhnaill mic Muircertaigh. Crech do denamh la h-Ua n-Domnaill ar an Magh & i c-Cairpre ar cloinn Domnaill mic Muircertaigh & ar Neachtain. Nechtain & Brian mac Domhnaill & clann Domhnaill arcena do dhol ar in Magh & i t-Tír Aedha do dhioghail na c-crech-sin foirgnéamha do losccadh leó, mairbh-édala & fo chrodh do foghbháil doibh. Neachtain do dhol i t-Tír Conuill doridhisi, & crecha do denamh dó ar Choncobhar mac Uí Dhomhnaill. Concobhar do dhol i c-Cairpre go ro creachadh lais crioch Chairpre uile.

M1434.3

An coccadh cédna bheos eittir Ua n-Domhnaill & Nechtain & Neachtain do dhol i c-cend Meic Uidhilín & Briain Óicc Uí Neill do choccadh ar Ua n-Domhnaill. Ua


p.898

Domhnaill & Ó Neill do shuidhi a t-timceall chaisléin Neachtain, .i. Caislen na Finne. Battar cian isin iomshuidhe, ar aoi nir fhéadsat an baile do ghabhail.

M1434.4

Lucas Ua Leannáin prióir Leasa Gabhail, & Matha Ua Congaile aircindeach Rossa Airthir d'écc.

M1434.5

Ua Neill .i. Eoghain, & Ua Domhnaill .i. Niall, do léirthionol an chuíccidh immaille friú do dhul do mhilleadh & do orccain Gall Midhe. Tangadar Goill Tragha Baile h-i c-coinne Uí Neill, & tucsat a chios dó, & seóid iomdha archena. Do- chóidhsed iaromh gura ro loisccset Machaire Oirghiall.

M1434.6

Tiad do na clann Uí Neill do losccadh na n-daingen badar lá druing dona Gallaibh. An tan badar occ an f-forlosccadh h-ísin ní ro ráthaighset ní go riacht fear ionait an righ cona shochraide ina n-dócum. Do-radsat clann Ui Neill Enrí, & Aodh a muintir rempa, & do-bertsat sciath tar lorcc dia n-eis go t-ternáttar as gan mharbhadh gan mudhughadh nech uaidhibh.

M1434.7

Luidh doni Ua Domhnaill & a mhac Toirrdhealbhach adhbhar tighearna Thíri Conaill & Mac Cathmhaoil an lá cédna do chuingeadh oirgne & édala h-i conair n-aile. Aseadh du-s-fucc a n-ainshén i c-ceann marcshluaigh adhbhail do Ghallaibh. Ro iadhsat ina t-timcheall. Battar-somh occ iomchosnamh friú frí ré fada gur' ro marbhadh Toirrdhealbhac Ua Domhnaill .i. an lá iar f-feil Michil, & Mac Cathmhaoil, & Aodh mac An Epscoip Meic Cathmaoil, & sochaidhe ele. Ro gabhadh Ua Domhnaill iar marbhadh a mhuintire, & tuccadh d'fior ionaid an Rígh ar t-teacht i n-Erinn, .i. Mac Seon


p.900

Stanlaii, & ro cuireadh é iar sin i láimh go h-Ath Cliath. Ro gabhadh dona mac Maghnasa Caoich Ui Domhnail araon la h-Ua n-Domhnaill don chur-sin.

M1434.8

O Ruairc .i. Tadhg mac Tighearnáin d'écc.

M1434.9

Donn Cathanach Mág Uidhir d'écc.

M1434.10

O Broin .i. Donnchadh do écc.

M1434.11

Mac Con Midhe (Maoil Iosa) ollamh Uí Néill le dán, & Mac Cruitín .i. Sencha Mac Cruitín ollamh Tuadhmumhan i senchus saoi choitcenn in gach ceird do écc.

M1434.12

Diarmait mac Muirceartaigh Gairbh Uí Sechnasaigh do mharbhadh dia eoch fein ag cor crú fuirre.

M1434.13

O Ceallaigh, & Mac Diarmata, & Tadhg mac Ui Choncobhair Ruaidh do dhol ar ionnsaighidh go Baile an Topair. Deabhaidh do beith etorra, & lucht an baile, sochaidhe do lot imuigh & istigh uadhaibh & fer don muintir amuigh do bhein chasnaighe do bhun bonnsaighe boí ina laimh, & teine do chor isin c-casnaigh i m-bun na bonnsaighi cédna, & an bhonnsach do theilgionn isteach isin m-badhb-dún, & a buain i t-taobh tighe baoi ann, an tech-sin do losccadh, & an tech eile ba coimhnesa dó & urmhor an bhaile, & an badhb-dhún do losccadh, & il-iomat da gach maith baoí isin m-baile do mhilleadh & do losccadh don chur-sin.

Annal M1435

M1435.0

AOIS CRIOST, 1435.

Aoís Criost, mile, ceithre ched, triochatt a cúicc.

M1435.1

An t-epscop Ruadh ó h-Eghra, epscop Achaidh Conaire do ecc.

M1435.2

O Domhnaill .i. Niall Garbh do bhreith i Saxoibh.

M1435.3

Reodh & aigh anacnata isin m-bliadhain-si go n-imtiaghdais cach locha & aibhne Ereann ar na lecaibh eaghha.


p.902

M1435.4

O Ferghail Domhnall mac Seaain taoiseach Muintire h-Anghaile do écc.

M1435.5

Bran O Broin adbar tighearna Criche Branach do ecc.

M1435.6

O Néll do dhul sluagh i b-Fearaibh Manach, & longport do ghabháil dó ag Craoibh Ua f-Fuadachain, & baoi ainn-sidhe co cenn theora n-oidhche cona láibh. Fir Mhanach do chor a c-cethra & a n-imirgedh uile tar Loch Eirne siar, & nochar bhó i n-ethraibh itir oct bá for leic oighreadh baoí fór an loch ar nó imthighdís eich & capaill fo a n-eiredhaibh an loch lá méd an reóidh. Iar t-tionol a shlóigh do Mag Uidhir ré h-acchaidh Ui Néill do-rinne sith ris, & do-choidh ina chend iarttain. Asedh luidh O Néill cona shochraide h-i t-Tir Chonaill gur ro loiscc & gur ro indir blaidh móir dhi, & ro marbhadh lais Sean mac Domhnaill Ui Domhnaill d'urchur do soighid. Soais dia thigh iar c-cosgar.

M1435.7

Domhnall mac Eoghain Meg Carthaigh féchemh coitcent do bochtaibh, & d'aidhilgneachaibh do mharbhadh lá Tadhg mac Corbmaic mic Diarmada Még Cárthaigh.

M1435.8

Donn mac Con Connacht Még Uidhir d'écc i n-urd cananach i c-Cluain eoais iar m-buaidh n-aithrighe & iar c-cor an t- saogail de ar ghradh an Choimdheadh rias an tan-sin.

M1435.9

Comhaonta choccaidh do dhénamh lá Brian Ócc Ó Néill & lá Neachtain Ua n-Domhnaill i n-aghaidh Ui Neill (Eoghan), & a chloinne (Enrí, & Eoghan). Ua Néill & a chlann do breith a c-caoraigheacht leó do dul i c-Cenel Moáin h-i c-coinne Neachtain & Bhriain. Ní ro airis Ua Neill gur ro ghabh longport isna Rasaibh. O'd-chuala Neachtain & Brian Óg indsin tionóilit a slógha co tinnesnach i n-en-ionadh ar dhaigh amais longpairt do thabhairt for Ua Neill, & ní ro ansat dia rémim go riachtattar an longport i m-baoi Ua Néill. Do- gniad deabhaidh gur ro ionnarbsat Ua Néill as a longport, & airisit fein airm i m-baoi Ua Neill.

M1435.10

Bá h-adhnair & bá h-athais lá h-Ua Neill cona chloinn, & lá Mac Domhnaill Galloglach a n- díochur as in maighin i raghbhaiset conidh í comairle do-righénsat ammas longpairt do thabhairt for an sluagh tria forailemh Enrí Ui Neill baoi oga forcongra forra. Acht chena ro gabh greim an greassadh laoidheadh-sin


p.904

do na h-ógaibh ar ro ionnsoighsead co n-eimhlesc, & go taoi toitenach an longport, & Enri h-i remhthus rempa go rangador lár medhon a namhad. Do-rala eitir Mac Domhnaill Gallocclach & Mac Suibne Fanat co m-bátar laoích agá ledradh & agá luathairleach eatorra adiú & anall. Ní aithnigheadh cara ná namha aroile annsin lá dorchacht na h-aidhche & lá dlús na laochraidhe for aroile. Nó sgeindís dna aoibhle teneadh do cheinnbhertaibh na c-curadh & do lúireachaibh na laochraidhe. Imá c-comhráinic d'Aodh Ua Néill & do Brian Ua Neill fri aroile go t-tarat Aodh forgamh do shleigh for Brian gur ro crechtnaigh é go mor. At-laoi iaromh Brian & Neachtain as in iomaireacc, & fágbhait a n-galloglaigh dia n-eis. O ro airigh Mac Suibhne Neachtain & Brian Ócc dia fhagbáil aseadh do-róine sciath tar lorg do thabhairt i n-deóidh a mhuintire, & an lathair-sin d'fágbháil gan ráthuccadh d'Ua Néill. O ro-fhidir Enrí cona braithribh indsin, ro lensat Mac Suibhne co Sliabh Truim, & ro sraoineadh fair. Ro gabhadh é dna go sochaidhibh dia mhuintir imaille fris. Ro ba cosgrach Ua Neill don turus-sin.

M1435.11

Neachtain Ua Domhnaill do thabhairt chaisléin Atha Seanaigh do Brian Ócc Ua Néill ar chomhaontadh choccadh fris i n-aghaidh Ui Néill. Ro fheall Brian iarttain for Neachtain & do-chóidh do soighidh Ui Neill gan cead do Neachtain, & ro fagaibh a bhardadha h-i c-caislén Atha Senaigh. Iar n-dul h-i c-cenn Ui Neill do Brian ro gabadh é lais, & ro scaitheadh cos & lamh de, & ro ciorrbadh a dhias mac fon c-cumma cetna, & at-bath fear diobh fo cédóir.

M1435.12

O Gadhra do mharbhadh la a bhraithribh fein i n-Inis Bolcc ar Loch Techett.

M1435.13

Domhnall mac Ferghail Chaoich Uí Eghra do mharbhadh la MacMaghnusa mic Diarmata Meic Donnchaidh.

M1435.14

Caislén Ui Ruairc do ghabháil la Donnchadh m-Bacach Ua Ruairc for cloinn


p.906

Taidhg Ui Ruairc. Crecha do denam iar sin la cloinn Ticcernain Ui Ruairc ar Dhonnchadh m-Bacach i c-Coill an Anma.

M1435.15

O Ruairc do gairm do Lochlainn Ua Ruairc .i. mac Taidhg Ui Ruairc.

M1435.16

Creacha mora do denamh la Neachtain Ua n-Domhnaill ar Ua Neill.

M1435.17

Mac Briain Óicc mic Enri Uí Neill do dhol ar creich i t-Tír Aedha, & cuid do lucht tighe Uí Domhnaill (Neill) do breith fair. A chrech do bhein de & é fein do ghabhail & drong mór da mhuintir do mharbadh.

M1435.18

O Domhnalláin, Corbmac mac Maoilechlainn, O h-Uiccinn Domhnall Bacach, & Cairpri O Cuirnín do écc.

M1435.19

Mac Baitin, .i. Roibertt Bairéd tighearna Thíre h-Amalgadha, fer dércach daonachtach deigh-einigh & fear do chosain a chrioch duithche d'aimdeóin Gall Connacht do écc.

Annal M1436

M1436.0

AOIS CRIOST, 1436.

Aoís Criost, mile, cethre chéd, triochat, a Sé.

M1436.1

Coccadh mór do loisccthibh, do chreachaibh, & do mharbhthaibh ag Ua c-Concobair f-Failghe fri Gallaibh i n-dioghail Ui Dhomhnaill a clemhna baoí i l-láimh aca.

M1436.2

Niall mac Eoghain Ui Néill do mharbhadh ar greis ina thigh féin lá Cloinn Cionaíth an Triúcha, la cloinn Enri Uí Neill, & la h-Oirghiallaibh, & sochaidhe dia mhuintir imaille fris.

M1436.3

Concobhar mac Seaain Ui Raghailligh mac tighearna na Breifne saoí deag-einigh d'ég.

M1436.4

Crannócc Locha Laoghaire do ghabháil lá cloinn Briain Óicc Ui Néill. Ua Neill & Enrí do thocht gusan loch, & teachta do chor uatha ar cenn Mhég Uidhir Tomás Og, & iarna rochtain ro triallsat arthraighe do denamh do dhul forsan c-crannóicc a m-battar clann Briain Óig, as í comairle do-ronsad clann Briain an crannócc do thabairt d'Ua Neill, & sith do dhenamh fris. O Néill & Mag Uidhir


p.908

iar sin do dhol ar ionnsoighidh h-i t-Tír Aodha creacha iomdha, edala, & echta do dhenamh leó, & a t-techt iar sin dia t-tighibh.

M1436.5

Murchadh mac Corbmaic Mec Donnchaidh adhbhar tighearna Thire h-Oilealla do ég.

M1436.6

Indsoighidh do dhenamh la cloinn Meic Dhonnchaidh & la cloinn Tomaltaigh Óig Mec Dhonnchaidh h-i c-Cúil Ó f-Find ar Ó n-Gadhra, & ar Tadhg Mac Donnchaidh. Ruaig do thabhairt ar cloinn Meic Donnchaidh, & móirsheiser do mharbhadh dhíobh im Conchobhar Camm Ó n-Gadhra, & ba h-eisidhe ro mharbh Ó Gadhra a dearbhrathair féin i f-fiull riasan tan-sin.

M1436.7

Maghnus Ruadh mac Maoileachlainn mic Flaithbertaigh Ui Ruairc do écc.

M1436.8

Giolla íosa Mac Aedhagáin ollamh Meic Baitin i féineachus fear diadha déarcach daonachtach, & oide scol i féineachus & filidheacht do écc.

M1436.9

GeanannMhac Cruitín adhbar ollamhan Tuadhmhumhan h-i senchus do bhathadh, ni bhaoí i Leith Mogha ina ré adhbhar senchadha ro ba ferr inás.

Annal M1437

M1437.0

AOIS CRIOST, 1437.

Aoís Criost, míle, ceithre ched, triochat, a Seacht.

M1437.1

Aird-espucc Connacht, do écc. Do Chloinn Feorais eisidhe.

M1437.2

Sith do dhénamh d'Ua Neill, & do Nechtain Ua n- Domnaill.

M1437.3

Indsaicchidh do dhenamh la Concobhar Ua n-Domnaill ar mhac Nechtain Ui Domhnaill, & dá mhac Eoghain Ruaidh Mec Suibhne go sochaidhibh ele do marbhadh don chur-sin.

M1437.4

Coccadh etir Cathaoir Ua c-Conchobhair Failge [bráthair Ui Chonchobhair] & Ua Concobhair budhein, & Cathaoir do dhol i c-cléth Gall, & a dhol iar sin co n-Gallaibh lais i n-Uibh Failge, & baile Diarmata Uí Concobhair do losccadh lais co m- bailtibh eile genmotha, daoini iomdha do lot & do mharbhadh lais.


p.910

M1437.5

Coccadh mór bheos ag Ua c-Concobhair f-Failge re Gallaibh na Midhe do creachaibh & do mharbhthaibh daoine.

M1437.6

Hanraoi O Riain tigerna Ua n-Dróna do ecc.

M1437.7

Mac Oisdelb .i. Emann an Mhachaire do ecc.

M1437.8

Coccadh mór ag Mag Mathgamhna & ag Maghnus Mag Mathgamhna re aroile. Maghnus do dhol i c-cend Uí Neill & a chloinne, & Mág Mathgamhna do dhol h-i c-cleith Gall.

1437.9

Coccadh mor eittir Ua Neill & Brian Ócc O Neill.

1437.10

Maoíleachlainn Ua Maol Chonaire d'écc.

1437.11

Giolla Padraicc mac Conchobhair Uí Charmaic d'écc.

Annal 1438

1438.0

AOIS CRIOST, 1438.

Aoís Criost, míle ceithre chéd, triochatt, a h-ocht.

1438.1

An t-eapscob Ó Gallchobair .i. Lochlainn d'écc. Epscop Ratha Both esidhe.

1438.2

Prioir Chille Maighneann d'écc. Mac meic d'iarla Chille Dara eisidhe.

1438.3

Abb Chille na Manach, & Niocól Ó Maonaigh biocaire Chaislein mic Concobhair do écc ina n-dis don plaigh.

1438.4

Dondchadh na Coilleadh O Domhnaill do mharbhadh la Concobar n-Donn Ó n-Domhnaill h-i t-Tír Enda iarna creachadh don chur chéttna.

1438.5

Cathaoir O Dochartaigh d'écc.

1438.6

Pilip Mág Uidhir do ghabhail la Mag Uidhir.


p.912

1438.7

Concobhar mac Muirceartaigh Ui Dubhda tighearna Cloinne Donnchaidh Ui Dubhda do marbhadh la a braithribh fein i f-fiull .i. la Taicleach mac Corbmaic mic Donnchaidh Ui Dhubhda, & la Ruaidhri mac Taichligh, la Lochlainn mac mic Lochlainn Ui Dubhda, & la Hanrai Bairett, & triur mac do chloinn Concobhair do marbhadh in oidhche-sin amaille friss.

1438.8

Uilliam mac Ruaidhri Uí Dhubhda do écc.

1438.9

Coccadh ag Ua c-Concobhair f-Failghe re Gallaibh na Midhe i n-dioghail Ui Dhomhnaill bheos.

1438.10

Mac Meg Flannchaidh .i. Enri Ballach do mharbhadh la dreim do Feraibh Manach i m-baile Briain Ui Uiginn ar Magh Ene.

1438.11

Seaan mac Emainn a Burc do ecc don galar bhrec.

1438.12

Uilliam Bairéd, .i. mac Mhec Baidin do ecc.

1438.13

Uilliam mac Seain a Burc do ecc ina thigh fein.

1438.14

Sith do dhenamh d'Ua Concobhair Failghe & do Chathaoir Ó Choncobair dia derbrathair fri aroile.

1438.15

O Briain .i. Tadhg mac Briain Ui Briain do aithriocchadh la a dhearbratair .i. la Mathgamain, & Ó Briain do ghairm do Mhathghamain.

1438.16

Mac Mhec Feorais, .i. Risderd do écc.

1438.17

Siurtan mac Seain Mec Oisdeilbh do écc.

1438.18

O Clumháin ollamh Eghra i n-dán do écc.

1438.19

Donnchadh mac Siodhraidh Ui Chuirnín saoí le seanchus; O Dálaigh Bréifne, .i. Aédh ollamh Ui Raighilligh le dán, Conchobhar Mac Aedhagáin ollamh Cloinne Riocaird le breithemhnus d'écc.

Annal 1439

1439.0

AOIS CRIOST, 1439.

Aoís Criost, mile, ceithre chéd, triochatt, a Naoí.

1439.1

Iustis .i. fear ionaid Rig Saxan do thecht i n-Erinn, & a gabhail iar sin la Cathaoir mac Ui Concobhair Fhailghe, & iar m-beith athaidh occa ro fhuaslaicsiot Goill Atha Cliath an Iustis, & tucsat mac an Phloingcedaigh do Cathaoir dar a éisi.


p.914

1439.2

O Domhnaill Niall do breith go Manainn da fhuaslaccadh o Ghallaibh, & céd marcc do thabairt a fios a fhuaslaicthe.

1439.3

O Domhnaill Niall Garbh d'écc i m-braighdenas h-i Manaind, ba h-esidhe aon-bhrágha gill Chenel c-Conuill & Eoghain & an tuaisceirt ar chena, & aon lán beoil Leithe Cuinn ina aimsir, fer millte & mi-imbeartha Gall go ro dhioghailsiot fair fo deóidh ina n-deirgéne forra, fer chaomhanta & cosanta cheirt a cheneoil i n-aghaidh Gall & Gaoidheal bátar ina aghaidh ria t-tighearnas & iar t-tigernus do gabháil do, Neachtain Ua Domnaill a dherbhrathair do oirdneadh ina ionadh.

1439.4

Mág Uidhir do ghabhail la Domhnall Ballach Mhág Uidhir i m-baile Mhég Uidhir fén, & Pilib Mhág Uidhir do léigen amach an lá cedna lá Domhnall, & an geimheal baoi for Pilip do chor la Domhnall for Mág Uidhir i t-tigh Még Uidhir fadhéin. An tan at-clos la Hénrí Ua Néill Mág Uidhir do ghabháil ro tionoil-sidhe a shluagha & do-riacht co Port Abla Faoláin i c-coinne Pilib & Domhnaill, & Mag Uidhir i l-láimh aca. Léccther Mag Uidhir amach, & ro gabhadh braighde oile ass .i. Emann Mhág Uidhir a mac féin, & inghen Még Eochagáin ben Még Uidhir & braighde oile cenmóthátt-somh, & do-radadh Caislén Insi Ceithlenn do Dhomhnall Ballach Mhág Uidhir an tan-sin.

1439.5

Tadhg Caoch mac Aedha mic Pilib na Tuaighe Meg Uidir d'écc.

1439.6

Feradhach mac Duinn mic Con Condacht Meg Uidir do mharbhadh lá h-Oirghiallaibh.

1439.7

Enrí Ruadh mac Briain Mec Gille Finnén, taoiseach Muintire Peódachain d'écc.

1439.8

Mór inghen Aedha Mec Samradain ben mic Briain Mec Maghnusa d'écc.

1439.9

O Concobair Connacht, .i. Ri Connacht Cathal mac Ruaidhri dó écc, 19. do mhárta, & coccadh ar n-eirghe i Macaire Connacht trid-sin, .i. eittir chloinn meic Feilimidh, & Clann Toirrdhealbhaigh oir do goireadh Ua Concobhair do Thadhg mac Ui Choncobhair Ruaidh lá cloinn meic Feidhlimidh, & ro goireadh Ó Concobhair


p.916

do Aodh mac Uí Concobair Duinn la Brian mac Domhnaill mic Muircertaigh cona bhraithribh, & la cloinn n-Donnchaidh.

M1439.10

O Dochartaigh taoíseach Arda Miodhair .i. Sean Balbh mac Concobhair do écc, & a dearbrathair .i. Domhnall do ghabháil a ionaid.

M1439.11

Diarmait O Dubhda (.i. Mac Ui Dhubhda Domhnall) adhbar tighearna Ua f-Fiachrach do écc.

M1439.12

O h-Eghra Dubh Donnchadh mac Seain Ui eghra do dhul is na braithribh i Mainistir an Bheann-fhoda, & a thighearnus do thabhairt da dherbhrathair .i. do Chorbmac mac Seain, & O h-Eghra do ghairm dhe, & ionad Chorbmaic do thabhairt do Shean Mac an Espuicc Uí Eghra.

M1439.13

Mac Ui Eaghra an Mhachaire .i. Corbmac mac Taidhg do écc.

M1439.14

Aodh mac Diarmata Mec Donnchaidh do écc.

M1439.15

Mac Neill Riabhaigh Ui Choncobhair do mharbhadh la Domhnall Mac Muircertaigh mic Domhnaill.

M1439.16

An Plaigh go h-anffoill i n-Ath Cliath go ro éccsat teora mile ann eittir fhior & mnaoi eittir biug & mór o thossach earraigh go deireadh mís Mái. Donnchadh mac Ui Dhubhda .i. Mac Taidhg, Concobhar mac Domhnaill mic Corbmaic Mhec Donnchaidh, & a bhen .i. inghen Taidhg Mec Donnchaidh, & biocaire Imligh Isill Donnchadh mac Tomaltaigh Uí Beolláin, Emann A Búrc mac Mec Uilliam Cloinne Riocaird adbar tighearna Cloinne Riocaird, iaid-sidhe uile do écc don pláigh.

M1439.17

Eoghan O Flaithbertaigh do mharbhadh ar a leabaidh isin oidhche i f-fiull la sgoloicc dia mhuintir fein.

M1439.18

Domhnall mac Ruaidhri mic Taichligh Uí Dhubhda do dhalladh, & do crochadh la Donnchad mac Muirceartaigh Ui Dhubhda.

M1439.19

Cathal mac Corbmaic Ui Dhubda & a mhac do mharbhadh la Tadhg Ruadh mac Muircertaigh Ui Dubhda isin ló cédna tre comhairle an Donnchaidh remraite.

M1439.20

Crech do dhenamh d'Ua Chonchobhair .i. d'Aodh mac Ui Concobhair Duinn ar Mhac Oisdelb Ruaidh.

M1439.21

O Mithidhein an Bhealaigh comhorba Molaisi do écc.


p.918

Annal M1440

M1440.0

AOIS CRIOST, 1440.

Aoís Criost, mile, ceithre chéd, cethrachatt.

M1440.1

Mac Uilliam Burc .i. Uatér mac Tomais mic Sir Emainn Albanaigh tigearna Gall Connacht, & móráin do Ghaoidhealaibh do écc donn plaigh sechtmain ria f-Feil na Croiche isin f-fogmhar, & Mac Uilliam do ghairm d'Émann A Búrc i n-ionadh a dherbhrathar.

M1440.2

Sith do dhenamh d'Ua Domhnaill Neachtain, & d'Ua Neill Eoghan re aroile.

M1440.3

O Dochartaigh Domhnall mac Concobhair taoiseach Arda Miodhair do écc, & dá Ua n-Dochartaigh do gairm ina ionad .i. Emann mac Concobhair, & Aodh mac Seain.

M1440.4

Mag Craith, Matha mac Marcais comarba Termainn Da Beócc d'écc & Seaan Buidhe do oirdnedh ina ionadh.

M1440.5

Brian mac Domhnaill mic Muirchertaigh Ui Concobhair tigherna Iochtair Connacht, rédla ghaile & ghaisccidh Gaoidheal a aimsire d'écc an dara la ria f-Feil Eoin iar m-beith 37 m-bliadhna i t-tighernas.

M1440.6

Maghnus Eóghanach Mhág Uidhir, mac-sidhe Pilip, & Catairiona ingen Duinn mic Con Connacht Mhég Uidhir bean Mec Maghnusa Mhég Uidhir d'écc.

M1440.7

Ross mac Seaain Mhég Uidhir, & Fedhlimidh Ruadh mac Donnchaidh Ruaidh Mhég Uidhir do mharbhadh.

M1440.8

Domhnall Ua Breislén saoí breithemhan, & adhbhar ollamhan Fear Manach d'ég.

M1440.9

Duibhgenn Gruamdha Ó Duibgendáin saoí senchadha d'écc.

M1440.10

Maghnas Ó Domhnaill (.i. mac Domhnaill) do mharbhadh i m-Bun Lecaigh la cloinn Mec Suibhne Connachtaigh, & Concobhar Mhac Eoin Epscoip .i. Mac an Epscoip Conallaigh, & Diarmait mac Donnchaidha mec Aedha Senchadha Uí Dhomhnaill


p.920

do mharbhadh isin ló cettna. Mac aile Domhnaill Ui Domhnaill & drong do Conallchaibh do mharbhadh mic Meic Suibhni Concobhar Mac Suibhne i n-dioghail a bhrathar.

M1440.11

Graine inghen Ui Cheallaigh bean Taidhg Ui Bhriain do écc.

M1440.12

Caislén Baile Ui Baoighill do ghabhail la Mac Domnaill mic Ui Domhnoill iar b-faghbhail bhaoghail fair & édala mora do fagbhail ann d'airgett & d'edach & d'eideadh, & an caislen cedna do ghabail doridhisi la h-Ua n-Domhnoill, & a thabhairt d'Ua Baoighill, & clann Domhnaill Ui Domhnaill do ghabháil ann, & a m-beith i l-laimh ag Ua n-Domhnaill ina mighníomhaibh.

M1440.13

O Ruairc .i. Lochlainn mac Taidhg do ghabhail la cloinn Airt Ui Ruairc, & clann Airt dia thabhairt do Donnchadh Ballach Mhág Samhradhain & da chloinn, & Donnchadh Ballach da tabhairt do cloinn Tighearnain Uí Ruairc, coccadh ar n-eirghe isin m-Breifne iaromh eitir cloinn Tighearnáin Uí Ruairc & clann Taidhg Uí Ruairc gur ro buaidirseat an tír eatarra.

M1440.14

Finnghuala inghean Ui Dochartaigh bean Ui Dhomhnaill do écc.

M1440.15

O Concobhair Failghe cona chloinn, & a brathair Cathaoir do dhul ar creich i Laoighis Ui Mhórdha. Iarla Deasmhumhan & Mac Giolla Patraicc do breith orra ier c-cor creach rempa, & sraoineadh for Ua c-Conchobhair gur ro marbadh a mac, .i. Conn co t-tribh fichtibh dia amsaibh imaille fris.

M1440.16

Caislen Ui Dhochartaigh .i. Caislen Cuile Mic an Treóin do ghabhail la h-Ua n-Domhnaill.

M1440.17

Mac Baitín .i. Tomas mac h-Enrí Bairéd tighearna Thire h-Amhalgadha do écc an .15. do mí Iul, & Mac Baitin do ghairm do mac Magiu Baired.


p.922

M1440.18

Mac Ui Ruairc, Aodh mac Aedha Buidhe Uí Ruairc adbar tighearna Breifne do mharbhadh lá Mac Diarmada na n-Gamhnach Ui Ruairc i feill i n-Druim Da Ethiar i m-baile Donnchaidh Bacaigh Uí Ruairc.

M1440.19

Domhnall mac Corbmaic Mhég Donnchaidh adbar tighearna Ua n- Ailealla, O Dubhagain Senchaidh, .i. Seaan mac Corbmaic, & Duibhgenn Gruamdha O Duibhgennain ollamh Meic Donnchaidh i senchus do écc.

Annal M1441

M1441.0

AOIS CRIOST, 1441.

Aoís Criost, míle, cethre ched, cethrachatt, a h-aon.

M1441.1

Aird-epscop Connacht .i. Tomas Ó Ceallaicch do écc.

M1441.2

Giolla Patraicc Ua Maol Uidhir abb Clochair d'écc.

M1441.3

Muirchertach mac Cathail Moir Mec Magnusa airchi-deochainn Clochair, & persún Airigh Maolain, clereach toghaidhe d'écc.

M1441.4

Domhnall Ua Mocháin abb manach na Búille, cenn eccna, eolais, & proicepta coigidh Connacht d' écc.

M1441.5

Conchobhar mac Taidhg Mec Donnchaidh tighearna Thire h-Oilealla feichem coitcheann do chliaraibh Ereann ina aimsir d'écc iar m-breith buadha ó dhomhan, & ó dheamhan.

M1441.6

Mac Domhnaill Cloinne Ceallaigh do mharbhadh la cloinn Doinn mic Con Connacht Mhég Uidhir.

M1441.7

Creacha móra do dénomh lá Mág Uidhir, Tomás for cloinn Annaidh Mec Domhnaill, & mac mic Emainn Mec Domhnaill do marbhadh leis don turus-sin.

M1441.8

Concobhar Óg Mág Uidhir d'écc iar c-cor an t- saoghail de.

M1441.9

Ua Maoil Conaire, Maoilín mac Tanaidhe mic Paidín ollamh Sil Muireadhaigh cenn cadhusa & onóra Ereann ina aimsir d'écc an .13. Febru, & a adnacal co h-onorach i tempall Cluana Coirpthi. Diarmaid Ruadh mac Donnchaidh Bain Ui Maoíl Conaire d'écc h-i cind mhís iarttain.


p.924

M1441.10

Piarus Camm Ua Luinín saoi senchadha & fhir dana airchindeach na h-Árda, & trin Airig Maelain, fer occa m-baoí cadhus & onoir mór d' écc.

M1441.11

O Cinneidigh Ruadh .i. Ruaidhri mhac Pilip leith-tighearna Urmumhan do écc.

M1441.12

Tómás mac Ui Chinneidigh Duinn do écc.

M1441.13

Caislen Ui Mhadadháin .i. Caislen Phuirt an Tulchain for Sionainn do ghabháil lá Mac Uilliamm Uachtarach, & la Cloinn Riocaird ar Ua Madadhain, & mac Uí Madadhain do ghabhail ann & ceithre braighde décc oile batar isin m-baile, & édáil mor d'éideadh & d'arm do faghbhail ann fos.

M1441.14

Creach mhor la Corbmac Mag Samradhain ar cloinn Donnchaidh Ballaigh Mhég Samhradháin.

M1441.15

O h-Uiginn Mathghamhain Ruadh saoi fir dhána do écc.

Annal M1442

M1442.0

AOIS CRIOST, 1442.

Aoís Criost, míle, cethre chéd, cethrachatt, a dó.

M1442.1

Mag Carthaigh Riabhach tighearna Ua n-Eachdhach Mumhan do écc.

M1442.2

An t-abb Ua Carthaigh do écc.

M1442.3

An degánach mac Uilliam Bairéd .i. deagánach Chille h-Aladh do écc.

M1442.4

An degánach Mac Maoil Ruanaidh mic Giolla Criost Meg Donnchaidh do écc.

M1442.5

Brian mac Ardghail Meg Mhathghamhna tigherna Oirghiall do écc iar n-degh-bhethaidh.

M1442.6

Seaan Mhág Uidhir & Domhnall clann Pilib Mheg Uidhir d'écc.

M1442.7

O Flaithbheartaigh .i. An Giolla Dub mac Briain tighearna Iarthair Connacht do écc.


p.926

M1442.8

Mág Uidhir Tomás Óg do thabhairt caislén Insi Ceithleann do Philib Mhag Uidhir iar leigen Emainn & Tómáis Óig amach.

M1442.9

Enrí mac Eoghain Ui Néill do dul do shoighidh Ghall, & sloigheadh lán-mhor do thabairt lais do Ghallaibh co Caislén na Finne & Ua Néll a athair do thocht co líonmhar leirthionoilte h-i c-comdháil Enri & Gall gusan maighin c-cettna. O Domhnaill .i. Neachtain do thocht ina n-aghaidh, & sídh do denomh dhó don chur-sin la h-Ua Néll ó na baoi coimhlíon sochraide fris, & an caislén do thabhairt dó d'Ua Néill, & Cenél Moáin, & cíos Insi h-Eoghain. Ro fhágaibh Enrí Barda isin caislén & do- chóidh féin la h-Ua Néill dia t-tighibh iar ch-cosgar don turus-sin.

M1442.10

Domhnall Glass Mag Carthaigh tigherna Ua c-Cairpre d'écc.

M1442.11

Ua h-Eidirsgeóil Mór (Mac Con) tighearna Corco Laoighe d'écc.

M1442.12

Tadhg mac Tomaltaigh Mec Diarmada do mharbhadh la muintir Chathail Mhég Raghnaill for achadh Chille Tathchomarc do urchar ga.

M1442.13

Coccadh do eirghe eitir Ua c-Catháin & Mác Uidhilin, Ruaig do thabairt la Mac Uidhilin, & la cloinn Briain Óig Ui Neill ar Ua c-Catháin, & da fer dheg ar fhichit do mhuintir Uí Chathain do marbhadh don ruaig-sin.

M1442.14

An cogadh cedna eitir Ua c-Cathain & Mac Uidhilin. Creacha iomdha & marbtha do dénomh etorra, & mac Mheg Uidhilín do mharbhadh la h-Ua c-Catháin. Creacha do dhénamh do Mac Uidhilín ar Aibne Ua c-Catháin.

M1442.15

Goill Atha Cliath & na Midhe do dhul i c-crich Branach, & creacha móra do dénomh dhóibh. Branaigh & Tuathalaigh do breith ar na Gallaibh, & maidhm do thabhairt forra, & ceithre fichit do marbhadh do Ghallaibh, & edala diaisneisi do bhéin díobh.


p.928

M1442.16

Mac Mec Murchadha (tighearna Laighen) .i. Muirceartach Caomhanach adbhar tighearna Laighen do mharbadh la Gallaibh na Contae Riabhcha. Cogadh do dénom do Mac Murchadha risan c-Contae Riabhaigh & re Gallaibh Laighen iar marbhadh a meic .i. Muirceartach Caomhánach gur bo h-eigean dóibh an Moirseisear braghat do gabadh an la do marbhadh Muircertach do legean amach, & ocht c-céd marg do thabhairt do Mac Murchadha i n-eruic a mheic.

M1442.17

Cogadh eitir Aedh Buidhe Ó Néill & Mac Uidhilín. O Néill do éirghe le Mac Uidhilin i n- aghaidh Aedha Buidhe.