Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1413

M1413.0

AOIS CRIOST, 1413.

Aoís Criost, míle, cethre chéd, a dech, a tri.

M1413.1

Henrí Baired do gabháil la Mac Baitin (.i. Roiberd) h-i t-teampall Airigh Locha Con, & a breith ar eccin iar sáruccadh an bhaile. Ní raibhe Mac Baitín én-oidhche nach t-ticceadh naomh an bhaile (Tighearnan Airigh) i n-aislinge chuicce ag iarraidh na braghadh go b-fuair a h-aiseacc fo dhéoidh, & tuc Mac Baitín cethraimhe fearainn do Thighearnán Airigh go brath i n-éraic a sháraighthe.

M1413.2

Conchobhar Ua Dochartaigh taoiseach Arda Miodhair, & tighearna Insi h-Eoghain fer lán d'fhéle & d'eineach coitcenn fri truaghaibh & bochtaibh do écc.


p.814

M1413.3

Tuathal Ó Máille do dhul ar congmháil h-i c-cúicceadh Uladh, & a beith bliadhain innte & ag soadh dia thigh lucht secht long im fhél Cholaim Chille, ro éirigh anfadh na mara thiar dhóibh, & ro fuadaigheadh iad lamh dheas ré h-Albain gur ro báidheadh sé longa cona f-fóirnib díbh-sidhe im dhá mhac Tuathail Uí Mháille, im Dhonnchadh mac Eoghain Connachtaigh Mec Suibhne, im Dhomhnall Bhallach mac Mec Suibhne Girr, & dá fichit ar dhá chéd immaille friú, & Tuathal féin do thecht i t-tir ar eigin i n-Albain.

M1413.4

Cathal mac Eoghain Uí Madadháin tighearna Sil n-Anmchadha d'ég.

M1413.5

Tomás Óg Ua Raghallaigh & clann Chába do dhol ar ionnsoigidh isin Midhe, & loisgthi & airgne do denamh dóibh innte. Goill do breith orra. Mathghamhain Mac Cába, Lochlainn Mac Cába, & drong mhór dia muintir do marbhadh. Ga do bhein h-i c-cois Thomáis Óicc, & a bheith bacach ó sin amach.

M1413.6

Corbmac mac Taidhg mic Ruaidhri Uí Choncobhair d'écc an .ui. Kl. maii.

M1413.7

Toirrdhealbhach mac Uí Chonchobhair Failghigh do ég do easgar.

M1413.8

Bebind inghen Ruaidhri, mic Tomaltaigh, Mec Donnchaidh bean Eoghain, mic Domhnaill Uí Concobhair d'écc.

M1413.9

Luimneach uile eitir chloich & crann do losccadh lá h-aon-mhnaoí.

M1413.10

Maidhm la Mac Murchadha (.i. Art mac Airt Chaomhanaigh) tighearna Laigen ar Ghallaibh na Contae Riabhca, & sochaidhe mór do mharbhadh, & do ghabhail diobh.

M1413.11

Maidm mor la h-Ua m-Brain ar Ghallaibh Atha Cliath mar an c-cédna eittir mharbhadh & gabhail.

M1413.12

Colla mac Taidhg Uí Cheallaigh adbar tighearna Ua Maine, Maoileachlainn mac Maghnasa Mec Domhnaill O Meachair taoiseach Oacute; c-Cairín, & Mac Aedhagain Urmumhan saoí i f-feinechus, iatt-sidhe uile do écc.

M1413.13

O Floinn taoiseach Shil Maoíle Ruain do mharbhadh la mac Muircertaigh Ui Floinn.


p.816

Annal M1414

M1414.0

AOIS CRIOST, 1414.

Aoís Criost, mile, ceithri chéd, a dech, a cethair.

M1414.1

Domhnall Ua h-Eóghain deganach Locha h-Erne d'eg an .3. non. october.

M1414.2

Mainistir Sliccigh do losccadh lé coindill i n-earrach na bliadhna-so.

M1414.3

Clann Enrí Uí Néill do ionnsoighidh Eoghain mic Neill Óig Uí Néill, & Eoghan do ghabháil dóibh h-i n-geall ris Ua Néill do bhaoí i l-laimh an tan-sin ag Eoghan, & a léigean amach díbhlínibh i n-aghaidh aroile, & a thighearnus fein do ghabháil d'Ua Néill .i. Domhnall.

M1414.4

Maidhm mór lá Murchadh Ua c-Concobhair tighearna Ua f-Failghe & lá Feargal Ruadh Mhag Eochagan tighearna Cenél Fiachach Mic Nell for Ghallaibh Midhe h-i c-Cill Écháin in ro marbhadh barún na Scríne & drong mhór do shaor-chlandaibh & daor-chlannaib immaille fris, & in ro gabhadh mac barúin Sláine as a b-fríth ceithre chéd décc marg, in ro gabhadh dona Dardissech Gan Dlighe & an líon oile as a f-fríth dá céd décc marcc cén mo thá luach lessa & impidhe.

M1414.5

Aodh mac Cathail Uí Conchobhair d'écc.

M1414.6

Mág Cárthaigh Cairbreach .i. Domhnall mac Domhnaill do écc.

M1414.7

Iarla Deasmhumhan do theacht i n-Erinn, & Saxanaigh iomdha do thabhairt lais do milleadh Mumhan.

M1414.8

Iarla Urmumhan do tocht i n-Erinn o Rígh Saxan.


p.818

M1414.9

Iohn Zanlae .i. fer ionaid righ Saxan do theacht i n-Erinn fear na tucc cadhus nó termann do thuaith, ná d'eacclais, ná d'ealadhain an mhéd gusa ráinicc acht a c-cur fri fuacht, faighdhe, & gorta. Asé ro airg Niall mac Aodha Uí Uigind i n-Uisneach Midhe, & ro h-airgeadh Semus Diúit & muintir an rígh la Hanrí Dalatún, & tucc bó sa m-boin dona h-oirgnibh-sin do Mhuintir Uiginn, & ro iodhlaic i c-Connachtaibh iad iar sin. Ro aorsat iaramh Muintir Uiginn im Niall Iohn Zanlae, & ní raibhe beó iarsan aoír-sin acht cúicc seachtmhaine namá an tan fuair bás do neimh na n-aor, & as é sin an dara fiort filidh do-ronadh for Niall Ua n-Uiginn, .i. Clann Condmaigh do lethadh aidhche creiche Néill h-í Cladaind, & Iohn Zanlae do écc.

M1414.10

Concobhar mac Seffraidh Uí Fhlannagáin adhbhar taoisigh Cloinne Cathail d'écc an seiseadh lá ria samhain.

M1414.11

Eochaidh Mhág Mathghamhna tanaisi Oirghiall do ghabháil lá Brian Mag Mathgamhna & la Gallaibh.

M1414.12

Murchadh Na h-Aongusa tighearna Cloinne Colgan d'écc.

M1414.13

Art Caomhánach adhbar ríogh Laighen do écc.


p.820

M1414.14

Maol Ruanaidh mac Ferghail Mec Diarmata tighearna Maighe Luirccdo ecc.

M1414.15

O h-Eidirscceoil Mór do marbhadh la lucht luinge cendaighe i f-fiull.

Annal M1415

M1415.0

AOIS CRIOST, 1415.

Aois Críost, míle, cethre chéd, a dech a cúicc.

M1415.1

Emann Mag Findbairr prióir Insi Móire Locha Gamhna do ég an 27. April.

M1415.2

Lord Furnumail do thecht ina Iustis i n-Erinn. Laoighis Uí Mhordha do mhilleadh lais, & caislén mic Fachtna Uí Mhórdha do ghabhail lais bheos. Airgne móra do bhuaibh d'eachaibh & d'innilib do bhreith dhó a h-Airghiallaibh, & Meic na m-Brethnach do mhilleadh & do orgain, & Gearóid mac Tomáis Chaoích don fhuil Gearaltaich do crochadh leis. Ro airg bheós drong mhór d'aos dána Ereann, .i. Ua Dálaigh Midhe (Diarmait), Aodh Óg Mag Craith, Dubhthach Mac Eochadha Eolaigh, & Muirgheas Ua Dálaigh. Isan samhradh ar c-cind dna ro aircc Ua Dalaigh


p.822

Chorca Modruadh .i. Ferghal mac Taidhg mic Aonghusa Ruaidh. Ro aircc Bruicchean Dá Cocca i m-Machaire Chuircne, ní h-edh amháin acht ní thucc termann do naomh iná do neimeadh in fad do baoí in Érinn.

M1415.3

Creach mhór do dhenamh d'Ua Mhaille .i. Aedh for Dhiarmaid Ua Mhaille, & Diarmaid do ghabháil oilén Uí Mhaille, & Aodh do dhul i n- iarmhóracht Diarmada, ferthar iomaireg etorra, & ro marbhadh Aodh Ua Máille tighearna Umhaill annsin lá Diarmaid & a mac Concobhar, & mac Tomáis Uí Mhaille. Ro marbhadh ann dna Domhnall mac Diarmada Uí Mhaille. Ro scar oireachas Umhaill ré sliocht Aodha ó sin amach, & gabaidh Diarmaid tighearnas.

M1415.4

Tomaltach Ruadh mac Conchobhair mic Muirghesa d'écc.

M1415.5

An Clasach Ua Cobhthaigh saoí ré dán, & re daonnacht d'écc.

M1415.6

Diarmaid mac Diarmada mic Concobhair mic Tomaltaigh Mec Diarmada do mharbhadh la cloind Uí Chonchobhair Duinn, & a adhnacal i mainistir Atha Da Laarg.

M1415.7

Cathaoír mac Donnchadha Uí Fearghail do écc.

M1415.8

Aedh mac Donnchadha Uí Cheallaigh d'écc.

M1415.9

Tomaltach mac Taidhg Uí Bhirn do mharbhadh i n-greis oidhche la Feargal mac Diarmata Mécc Raghnaill h-i Cluain Síthe i m-Baile Elli h-i tigh Mec an Donnánaigh, & inghen Lochlainn Uí Áinlighi do losccadh ann bheós an .ui. idus ianuari.

M1415.10

Conchobhar mac Briain mic Uilliam Mhég Eochagáin do mharbhadh i c-Cill Cuairsighe.


p.824

M1415.11

Coccadh eittir Luighneachaibh fein, & tochar doibh fri aroile, & briseadh for an lucht soir & daoine do mharbhadh diobh, & Art mac Uí Eghra do ghabháil go ro crochadh leó h-é aga t-tigh.

M1415.12

Clann Diarmata Duibh Uí Fhlaithbertaigh do mharbhadh & do gabháil da m-braithribh fein, & lasin n-Giolla n-Dubh Ua f-Flaithbertaigh.

Annal M1416

M1416.0

AOIS CRIOST, 1416.

Aoís Criost, mile, ceithre chéd, a dech, a sé.

M1416.1

Adam Lexid epscop Ard Achaidh , brathair Gallda esidhe do losccadh i Ráith Espuicc, & Conchobhar mac Feargail mic Con Chonnacht Uí Ferghail do togha lá coraidh Ard Achaidh ina ionadh.

M1416.2

Deaccanach Cille h-Aladh (.i. Ó h-Ainmche) do écc.

M1416.3

Muirghes Ua Coireóil comarba Droma Cliabh do losccadh 'na tigh fén lá foghladhaibh.

M1416.4

Tomás Mac ind Ócclaich aircindeach Cille h-Oiridh, & ard-maighistir Condacht i n-dlighidh do écc iar m-buaidh n-aithrighe.

M1416.5

Lucás Ua Treabhair airchindeach Chille Fearcca d'écc iar n-deigh-bethaidh.

M1416.6

Mainistir Sliccigh do cumhdach (iarna losccadh feacht riamh) lá Brian brathair mac Diarmada Mec Donnchaidh.

M1416.7

Gormlaidh inghen Néill Mhóir Uí Néill ben Seain Uí Dhomhnaill do ég.

M1416.8

Ardghal mac Briain Mhóir Meg Mathghamna tighearna Airghiall do écc.

M1416.9

Art Caomhánach (Ri Laighen) mac Airt Chaomhánaigh mic Muircheartaigh Caomhanaigh mic Muiris Chaomhánaigh, & ca., aon-rogha Gaoidheal Ereann ind eneach & ind engnomh do écc iar m-buaidh n-athrighe ina longport budhdhéin.


p.826

M1416.10

Cú Meadha mac Seain Mec Con Mara adhbhar taoisig Cloinne Cuiléin do écc.

M1416.11

Ionnsoighidh lá Mac Siúrtain d'Exetra cona braithribh for cloinn Seaain Uí Eghra, Ua h-Eghra fein, & Toirrdhealbhach Carrach mac Domhnaill mic Muircheartaigh Uí Conchobhair, & marcshluagh Cairpre do theaccmháil ré toisseach na fedhna-sin Mhec Siurtáin, & Ua h-Eghra do mharbhadh, & Maghnas mac Donnchaidh mic Muircheartaigh Uí Concobhair, & mac Aodha Mec Donnchaidh, & Toirrdhelbhach Carrach mac Domhnaill do lot. Mac Siurtáin do dhenamh creach na criche iar sin, & an tír uile do thionól, & do dhul 'na t-toraigheacht. Sraointear leo for Mac Siurtáin, & ro marbhadh é, & Aédh Ua Ruadháin, & Ua Ruadháin feisin, da mac Tomais Mec Maoilir, & Mac Duarcain (.i. tighearna Chúla n-Eiridh) do mharbhadh ann bheós co sochaidhibh oile cen mo thátt.

M1416.12

Coccadh eittir Fearaib Manach & Fir Breifne fá chios Cathail mic Aodha Uí Ruairc, & Cathal a l-leith Manchach an tan-sin. Tuccadh sraoineadh for mhuintir Aodha Mhég Uidhir & Cathail Uí RuaircTadhg & lá Domhnall Ua Ruairc in ro marbhadh Tadhg mac Fearghail Uí Ruairc & naonbhar imaille fris, & ro benadh aoín each décc diobh don chur-sin.

M1416.13

Ionnsoighidh oile do thabhairt lá h-Aodh m-Buidhe & lá Tadhg Ua Ruairc & la Mág Caba for Mhuintir Pheodacháin, & Fir Manach o Loch Erne siar do breith forra. Rucc orra din Cathal Ua Ruairc & Eoghan Ua Ruairc, & ro fuilngedor clann Uí Ruairc an t-anbforlann-sin nó go rangattar a c-ceann a n-gallocclach ro fhágaibset a c-ceilcc ina ercomhair. Ro iompaídhset díbhlínibh iaromh fris an tóraigh, & ro marbhadh leó Donnchadh & Sean Ua Ruairc, & dá mhac Maoíleachloinn mic Flaithbeartaigh Uí Ruairc, & ro marbhadh ochtar & da fichit imaille friú do Fearaibh Manach.

M1416.14

Domhnall mac Tighearnain Mhóir Uí Ruairc do ecc do ghalar breac, & ba h-esbaidh mhór do Gairb-trian Connacht oidheadh an fhir hi-sin.

M1416.15

Gráinne inghen Flaithbertaigh Uí Ruairc d' écc.


p.828

M1416.16

Tadhg Ócc mac Taidhg Ruaidh Mec Diarmada Gall tighearna Airtigh do ég i n-diaid fele Michil i t-tig na m-Bratar i Ros Comain, & a adnacal isin mainistir.

M1416.17

Tempall Insi Moir Loch Gile do losccadh, & screptra Uí Chuirnin imon Leabhar n-Gearr Muintire Cuirnín go seódaibh iomdha oile ar cheana.

M1416.18

Semus mac Risdeird Mec Feorais do ecc.

M1416.19

Sean Mac Goisdelb do dhol ar creich for Émann an Mhachaire, creach mór do, & e fein do marbhadh d'aen urchor saighde iar c-cur na creiche for daingen.

M1416.20

Sean Ó Cendubhain Pearsún Tíre Fiachrach Muaidhe do ecc.

M1416.21

Feidhlimidh mac Aodha Uí Concobhair do mharbhadh la cloinn Uí Concobhair Dhuinn.

M1416.22

Creacha mora do denamh la h-Émann a Burc ar Mac Feórais, & Mac Feorais do ghabháil la h-Emann, & a chur go Baile Locha Mescca.

M1416.23

Sith do dhénamh d'Ua Domhnaill & do Bhrian Ó Choncobhair fri aroile.

M1416.24

Maidhm mor do thabhairt la h-Ua c-Concobair f-Failge for Ghallaibh na Midhe, & édala mora do bhein diobh do braighdibh, d'eachaibh, & d'eidedh.

M1416.25

Saxain iomdha do techt i n-Erind.

M1416.26

Maidhm do thabhairt do Mhac Murchadha ar Ghallaibh na Condae Riabhca, & secht fichit d'écc do mharbhadh & do ghabhail diobh, & síth do dhenamh fris ar a bharach, & braighde do tabhairt dó.


p.830

Annal M1417

M1417.0

AOIS CRIOST, 1417.

Aoís Criost, míle, cethre chéd, a dech, a Seacht.

M1417.1

Art mac Airt mic Muirceartaigh mic Muiris tighearna Laighen, fer do chosain a chuicceadh d'aimhdheoin Gall & Gaoídheal ó aoís a sé m-bliadhan décc go cenn a thrí fichit bliadhan. Fer lán d'eineach, d'eolas, & d'eangnamh. Fer lán do rath, & do rioghacht, fer médaighthe ceall & mainistreach la a almsanaibh, & edhbartaibh do écc (iar na beith da bliadhain cethrachat i t-tighearnus Laighen) sechtmain iar nottlaicc at-bath. At-berat araile gur bo do digh nimhe tucc ben h-i Ross Mic Triuin dó-samh & d'Ua Dheórán breithemh Laighen dia ro eccsat ina n-dísi. Donnchadh a mac do ghabhail a ionaidh dia éis.

M1417.2

Maigistir Seon Persún Daimhinsi d'écc.

M1417.3

Diarmaid Laimhdhearg mac Airt Chaomhanaigh, mac Righ Laighen, d' écc.

M1417.4

Ruaidhri(.i. Ó Dubhda) mac Domhnaill mic Briain mic Taichligh Uí Dubhda tobar sonusa & saidbriosa Ua f-Fiachrach d'ég ina bhaile fein iar f-fél Bríghde i cind miosa dh'errach, & Tadhg Riabhach a dearbhrathair do gabail a ionaidh.

M1417.5

Ruaidhri mac Murchadha Uí Fhlaithbertaigh, Ruaidhri mac Diarmada Duibh


p.832

Uí Flaithbertaigh, & sé fir dhécc d' Uíbh Flaithbhertaigh imaille friú do bháthadh for Chuan Umhaill.

M1417.6

Tomas mac Mec Muiris Ciarraighe do mharbhadh lá Sémus mac iarla Deasmhuman.

M1417.7

Matha mac Con Connacht Uí Fhergailtighearna Maighe Treagha do écc.

M1417.8

Cormac Ballach mac Ferghail mic Con Connacht Uí Fherghail do mharbhadh lá Gallaibh.

M1417.9

Coccadh mór eitir Ua Neill & Cenel c-Conaill, & indsoighidh do thabhairt d'Ua Néill ar Neachtain Ua Domhnaill dia fhoslongport isin oidche i Carn Glas eitir Ráth Both & Domhnach Mór & breith forra ina c-codladh, & da fhichit each do bein díobh, & edala móra d'éidedh d'arm, & d'edach d'faghbháil dóibh, ein fher décc eitir mharbhadh & ghabhail do bhuain diobh, & Neachtain budhdhein do thérnudh do thoradh a calmatais a engnamha & a eisiomail.

M1417.10

Una inghen Domhnaill Uí Néill bean Néill Óig Uí Néill do écc.

M1417.11

Coccadh mór i Laighnibh eitir Ghallaibh & Ghaoidhealaibh.

Annal M1418

M1418.0

AOIS CRIOST, 1418.

Aoís Criost, míle, cetre chéd, a dech, a h-ochtt.

M1418.1

An t-epscob Ua h-Eidirsceóil, & Mac Con Ua h-Eidirsceoil (a dearbhrathair) tighearna Corca Laíghe, & Diarmaid mac Mhég Cárthaigh Cluassaigh tanaisi Ua Cairpri d'écc.


p.834

M1418.2

Creacha móra & airgne do dhénamh lá Niall Ua n-Domhnaill ar Ua Néill, & a dhiochur tar Banna sair h-i c-cenn Mhec Uidhilín.

M1418.3

Airghne móra do dhenamh lá Lord Furnumail for Aedh mac Airt Mhég Aonghusa tighearna Ua n- Eachdhach Uladh. Mag Aongusa .i. Aedh, & Mac Uí Nell Bhuidhe do dhol i t-toraigheacht Ghall & a c-creach, ro sraoínsead forra iar b-fágbáil na c-creach. Ro marbhadh & ro gabhadh líon dirimh dona Gallaibh don chur-sin lá Mag Aonghusa.

M1418.4

Brian Ballach mac Aodha mic Fedhlimidh Uí Chonchobhair fer ná ro ér neach riamh im nach ní nó bhiadh ina chumhang d'écc, & a adnacal i Ros Commáin.

M1418.5

Eóghan mac Tighearnáin Mhóir Uí Ruairc tanaisi Breifne do bhathadh iar Notlaicc acc teacht a h-Innsi na t-Torc for Loch Fionnmaigh, & é ag dol for cuairt docom a athar baoí i n-galar a écca an tan-sin.

M1418.6

Tighearnán Mór mac Ualgairg Uí Ruairc tighearna Bréifne fear is crodha & as calma tainicc do chath Ua m-Briúin, fear ro bhen a dhúthaidh ar éccin dá esccairdibh tria nert a laimhe d'écc iar c-cian-aois im fhéil Brighde, & a adhnacal h-i mainistir Sligigh. Aodh Buidhe Ua Ruairc do gabhail ionaid a athar.

M1418.7

Tadhg .i. Mag Flannchadha, mac Cathail mic Taidhg taoíseach Dartraighe d'écc iar n-dul isna manchaibh dhó coíctidhis riasan tan-sin, & a mhac Cathal do ghabhail a ionaidh.

M1418.8

Risderd mac Tomais Uí Raghallaigh tighearna na Breifne Thair do bhathadh for Loch Sílenn, & Eoghan Ua Raghallaigh a mac, Pilib mac Giolla Iosa mhec Gafraidh


p.836

deccanach Droma Letain & biocáire Eanaigh Ghairbh, & sochaidhe oile do degh-dhaoinibh do bhathadh immaille friú. Tearna trá Fionnghuala inghean Mheg Raghnaill ben Uí Raighilligh ón m-badhadh-sin do thoradh a snamha.

M1418.9

An Caislén Becc do dhenamh la h-Uilliam Ua c-Ceallaigh fri ré chóig lá n-dég h-i Ross Commain ar aghaidh an Chaislein Mhóir d'aimdheóin Gall & Gaoidheal Connacht (do neoch bátar ina aghaidh ag congnamh lé cloinn Toirrdhealbaigh Uí Conchobhair) i samhradh na bliadhna-so.

M1418.10

Mor-shluaigheadh la cloinn Domhnaill mic Muirceartaigh Uí Concobhair, & lá Cloinn n-Donnchaidh do thoghail an Chaisléin Bicc, & ní ro aireseadar gur ro ghabsat longport ina timcheall dá gach leith gidh eadh nir' bó tarbha dóibh itir uair ro cosnadh an caislén co fearrda friú, & o nár fhédsat ní dhó, ro cuirset lón isin Caislén Mhór, & ro loiscset ceall Chúile Sílinne don cur-sin.

M1418.11

Lasairfiona ingean Cathail mic Aodha Breifnigh bean Maoileachlainn mic Flaithbhertaigh Uí Ruairc do écc.

M1418.12

Síth do denamh la Cloinn Donnchaidh fri aroile an c-cein nó mhairfeadh Mac Donnchaidh, Conchobhar, ina thigherna aca.

M1418.13

Domhnall mac Maoileachlainn mic Muirghiusa Mec Donnchaidh do écc ina thigh féin.

M1418.14

Coccadh mor eitir Mac Uí Neill Bhuidhe & Albanaigh & Goill Uladh & an Rúta.

Annal M1419

M1419.0

AOIS CRIOST, 1419.

Aoís Criost, míle, cethre chéd, a dech, a naoí.

M1419.1

Eoin Mac Carmaic epscop Ratha Both do écc.

M1419.2

Aodh Ua Flannagáin Prióir Lessa Gabhail d'écc.


p.838

M1419.3

Coccadh mór do eirghe eitir Ua Neill, Domhnall mac Enrí Aimhreidh, & Eoghan mac Néill Óicc rioghdhamhna Chenél Eoghain. Tainicc Eoghan i m-báidh Uí Domhnaill, Toirrdhealbhaigh, & do- róine a charadradh d'urnaidhm fris. Tionoilit sluagh lán-mór do dhul i t-Tir Eoghain. Tainicc isin sochraide-sin, Brian Mag Mhathghamhna tighearna Oirghiall, & Tomás Mhág Uidhir tighearna Fear Manach, & iarná t-torrachtain go h-aon-mhaighin co Toirrdhealbhach do deachatar uile i t-Tír Eoghain, & ro h-oirgheadh an tír co léir leo, & ro ionnarbsat Ó Néill fo dhimiadh a Tír Eóghain uile gur ros-cuirset i mesg Gall tar Banna anonn, & Mac Uí Neill Buidhe do dhenamh crech fair isna Glindibh.

M1419.4

Mór-sluaiccheadh lá Brian Ua Concobhair & lá h-Iochtar Connacht uile co n-Gallaibh iomdhaibh leó tria forcongra & toghairm Uí Neill gor ro mhillset Tír Aodha uile otha Ath na n-Gall co h-Ath Seanaigh eitir fhér, arbhar, & foirccnemh, & ro loisccset Murbhach longport Uí Dhomhnaill an c- céin baoí Ó Domhnaill cona shloghaibh i t-Tír Eoghain. Soais Brian mac Domhnaill mic Muirceartaigh gona sochraide dia t-tighibh iarttain.

M1419.5

Aodh Buidhe Ua Ruairc tighearna Breifne fri ré bliadhna co leith do écc, & Tadhg Ua Ruairc do thogha ina ionadh lá Muintir Ruairc[gt ] ó Sliabh an Iairn siar & Art mac Taidhg mic Ualgairg do thogha ina aghaidh o Shliabh an Iairn sair la Muintir Raghallaigh, & lá Teallach n-Dunchadha, & la sliocht Maoileachlainn Mhég Raghnaill gur ro buaidhreadh Gairbh-trian Condacht uile etorra.

M1419.6

Cathal mac Aodha Mhég Uidhir degh-adhbhar tighearna d' Feraibh Manach, fear a aoisi ro ba mó ainm & oirbeart dha raibhe ina thir ina aimsir d'écc.


p.840

M1419.7

Cu Coiccriche mac Néill Uí Maoil Mhuaidh do écc.

M1419.8

Feircheirtne mac Uiginn mic Giolla na Naomh Uí Uigind ceann fine Sleachta Giolla na Naemh Uí Uigind d'écc.

M1419.9

Dauidh mac Tanaidhe Uí Mhaoil Conaire do ecc do plaigh ina thigh fein i c-Coill Mhoir na m-Brethnach iar n-aithrighe & iar n-ongadh, & a adhnacal i mainistir Eoin Baiste i m-Baile Atha Truim. Mac ollaman Síl Muireadhaigh an Dauidh h-í-sin.

M1419.10

Diarmaid Ruadh mac Toirrdhealbhaigh Óicc Uí Concobhair d'écc.

M1419.11

Murchadh mac Briain Uí Fhlaithbeartaigh tighearna Iarthair Connacht d'ég.

M1419.12

O Neill do dhol do thigh Eoghain Uí Neill, & síth charthanach cairdemhail do denamh doibh re 'roile & a thigernas fein do thabhairt d'Ua Neill.

M1419.13

Tadhg mac Domhnaill Uí Ceallaigh tigherna Cloinne Mic n-Eoghain do écc.

M1419.14

O h-Eidirscceoil Mór, & An Ridire Fionn cona mhac do écc.

M1419.15

An Calbhach O Concobair Failge do ghabháil i f-fiull la mac Sir Libiner Prene, & a reic re Lord Furnaual re fer ionaid righ Saxan i n-Érinn, & an oidhche iarna ghabhail an fer do baí ina chomglas do elúdh leis dia thigh fein.

M1419.16

Mac Murchadha tigherna Laighen, .i. Donnchadh mac Airt Chaomhanaigh do ghabháil le Lord Furnaual & fá lén mor do Ghaoidhelaibh eisidhe.

M1419.17

Tomas Bacach mac iarla Urmumhan do dhol do congnamh la Righ Saxan h-i c-coccadh na Frainci, & a écc thoir i f-farradh Righ Saxan, & urmhor a n-deachaidh lais a h-Erinn do écc isin f-Fraingc & h-i Saxoibh on mudh c-cédna.

M1419.18

Feradhach mac Taidg mic Domhnaill Uí Cheallaigh do mharbhadh la mac mic Uilliam Óicc Uí Ceallaigh.

M1419.19

Donnchadh mac Muircertaigh Uí Concobhair do écc do easccar i n-dorus chaisléin Sligigh.

M1419.20

Murchadh Ua Concobair adhbar tigerna Ua f-Failge, Cathal mac Aodha Még


p.842

Uidhir, Diarmait Ruadh mac Uí Concobair Dhuinn, & Mac Muiris na m-Brigh saoí i n-eaccna & i n-eolas do écc.

M1419.21

O Duibhdhíorma & Muircertach mac Cathail mic Aodha Breifnigh do écc.

M1419.22

Giolla na Naomh O Mithidhéin comarba an Bhealaigh do écc.

M1419.23

Tomaltach Mag Flannchaidh do écc.

M1419.24

An Barrach Mor & O Suillebain do écc.

Annal M1420

M1420.0

AOIS CRIOST, 1420.

Aoís Criost, míle, cethri ched, fiche.

M1420.1

Mainestir .S. Franseis i n-Ess Gephtine isin Mumhain ar brú na Sionna i n-epscopóitteacht Luimnigh do denamh do Braithribh .S. Franseis la h-iarla Deasmhumhan, & do chumhdaigh tumba dhó fein, & dia siol ina deadhaidh innte.

M1420.2

Matha Ua Branáin, maighistir, persún, & aircindeach Doire Mhaoláin d'ecc an .ui. idus Sept.

M1420.3

Caislén Bona Drobhaoisi do thionnsgnadh lá Brian mac Domhnaill mic Muircheartaigh Uí Concobhair. Cenel Conaill do theacht do thoirmesg na h-oibre cona sochraide imaille friú. Brian do cruinnuccadh slóicch oile ina n-aghaidh, .i. a braithri budhéin, Ua Ruairc, .i. Tadhg, & Mac Donnchaidh cona sochraidibh conár lamhsat Cenel c-Conaill dul tar an ursccátha siar don cur-sin. Bator Conallaigh i foslongport fá chuan Eassa Ruaidh. Tangattar clann Uí Domhnaill, Niall Garbh, Domhnall & Neachtain díorma marcsluagh ar an magh. Tangattar


p.844

clann Briain Uí Concobhair marcshluagh ele do dol d' féghain Atha Senaigh conus tarla dóibh aghaidh i n-aghaidh amhlaidh-sin. Tuccsat Conallaigh ruaig do Cairbreachaibh dia ro marbhadh Seaan mac Briain Uí Concobhair Aodh Buidhe Mac Donnchaidh, Cathal mac Diarmada mic Corbmaic mic Ruaidhri, & Eoghan Ó Dubhda, Brian Ua Concobhair iaromh (iar c-cloisteacht na n-droich-sgél-sin do) do thocht cona sochraide for Maigh Eni, Eoghan Ua Concobhair & Toirrdhealbhach Carrach clann Domhnaill mic Muirceartaigh do dol h-i c-ceann cóicc n-oidhche iar sin go marsshluagh mór tar Ess Ruaidh anonn ar ionnsoighidh oidhche, & clann Uí Domhnaill do bheith buidhean marcsluagh ag Port na Long don taobh thall don eas iar n-ól fhíona, & iar b-faghail a fheasa-sin d' Eoghan ro ionnsoigh iatt, & ro marbhadh Domhnall mac Toirrdhealbhaigh Uí Dhomhnaill adhbar tighearna Tíre Conaill don chur-sin leó & daoine ele nách airemhter. Do-chóidh din Niall Ua Domhnaill gusan c-cuan, & do dheachaidh for snamh i luing dona longaibh cendaigh baoí isin c-cuan. Soais Brian Ua Conchobhair dia tigh iarsan c-cosgar-sin.

M1420.4

Eoghan mac Ruaidhri Uí Concobhair d'écc an treas calainn do marta, & a adhnacal i Cluain Mic Nois.

M1420.5

Tadhg mac Feargail Uí Egra tanaisi Luighne d'ecc.

M1420.6

Cathal mac Taidhg Mhég Flannchadha taoiseach Dartraighe do mharbhadh lá a braithribh ina thigh féin im fél Brighde, & Aedh Buidhe Mac Flandchadha do mharbhadh imaille fris. At iatt na braithre Tadhg, Muiris, & Énrí.

M1420.7

Iarla Urmhumhan Iustis na h-Éirenn do beith i c-cogadh fri h-Ultaibh ag gabháil neirt d'Ua Néill gur chuir Mág Aenghusa fo umhla dhó, & co t-tard a bhraighde d'Ua Néill.

M1420.8

Uilliam mac Maoileachlainn mic Uilliam Uí Cheallaigh adhbhar tigherna Ó Maine fer lán do rath & d'engnamh do écc iar m-buaidh ongtha & aithrighe.


p.846

M1420.9

O Neill do indarbhadh a coigeadh Uladh la h-Eóghan Ua Néill & la Mac Ui Neill Buidhe & la Niall n-Garbh Ua n-Domhnaill go maithibh an chuigidh ar cena & tocht dó co Sligeach co teach Bhriain mic Domhnaill mic Muircertaigh tighearna Iochtair Chonnacht.

M1420.10

Cogadh i b-Feraibh Manach eitir Aodh Mhág Uidhir & Mag Uidhir féin, & Mac Aedha, .i. Dómhnall do mharbhadh ar an c-cogadh-sin.

M1420.11

An Barrach Mor, .i. Seaan do écc.

M1420.12

O Follamhain, .i. Aedh Buidhe do ég.

M1420.13

Giolla na Naomh Ó h-Uidhrin saí shenchadha, & Ruaidhri mac Dauidh Ui Duibhgennáin saoí senchadha oile, & Fergal Ó Dálaigh ollamh Corco Modruadh i n-dán do écc.

M1420.14

Epscopoitte Rátha Both do ghnóughadh dochum Uí Ghallchobhair.

M1420.15

Eachmarcach Ruadh Mac Con Midhe saoí fhir dhána do écc.

Annal M1421

M1421.0

AOIS CRIOST, 1421.

Aois Criost, míle, cethre ched, fiche, a h-aén.

M1421.1

Nicolás Mag Bradaidh epscop na Breifne saoí i n-eccna & a c-crábhaidh i n-óige & i n-indracas d'écc.

M1421.2

Tomas Óg Ó Raghallaigh adhbhar tighearna ba ferr oineach & engnamh tainicc do cath Aedha Finn ina aimsir do écc ina tigh féin.

M1421.3

Ruaidhri mac Aodha Mec Diarmada tighearna Maighe Luirg, féchemh coitcenn gan diúltadh ria n-dreich duine do écc isin c-Carraic an .xi. callainn Maii, &


p.848

a adhnacal h-i mainistir na Buille, & Tomaltach Óc mac Concobhair do gabháil a ionaid.

M1421.4

Murchadh Ua Conchobhair tighearna Ua f-Failghe fear ro bris iol-chatha for Gallaibh & Gaoidhelaibh nó bhíodh ina agaidh iar m-breith bhuadha ó dhomhan & o dhemhan do écc ina dhún-arus féin, & a adhnacal i mainistir Cille h-Achaidh.

M1421.5

Coccadh do eirghe eidir Muintir Ruairc & Clann n-Donnchaidh. Ua Ruairc do theglamadh & do thionól slóigh mhóir go h-aoín-ionadh, & Ua Domhnaill (Toirrdhealbach) cona shocraide do toidheacht dia f-furtacht & neartadh, & Aodh Mhág Uidhir cona thionól, & Ua Ruairc feisin cona mhuintir & iad-sídhe uile do dhol h-i t-Tir n-Oilealla, & an tír do losccadh leo, & Cathal mac Mec Donnchaidh do mharbhadh don cur-sin, & sochaidhe ele bheos.

M1421.6

Niall Ua Domhnaill & a sluagh, & Ua Ruairc cona chaoraighecht lais do thocht go cuan Essa Ruaidh. Clann n- Donnchaidh & Cathal mac Ruaidhri Uí Concobhair do dol co longport Uí Ruairc tar a n-ési, & an baile do losccadh & an caislén do legadh & do briseadh leó, & cenntur na tíre do mhilleadh uile. An sluagh conallach do beith i foslongport i n-Ard Ferna, & Cairprigh do beith fóchaislén Bhona Drobhaoísi, & daoíne iomdha & ech do beith occa marbhadh & ogá lot etorra gach laoí. Muirceartach Buidhe mac An Chosnamhaigh Uí Dhubhda, Ua Maonaigh, & mac Donnchaidh Chaomhanaigh do mharbhadh lá Cenel Conaill don chur-sin, Aedh mac Muiredhaigh Ruaidh Mec Lochlainn do bhathadh for Ath Senaigh. Sith do dhénamh doibh iar sin.

M1421.7

Ionnsoighidh oidhche do thabhairt lá Cathal Ua Ruairc & lá a chloinn for Mág Flannchaidh co h-Inis Caoin for Loch Melghe, & lucht coimheda an locha, .i. Meg


p.850

Gollaigh do thabhairt ethar an locha do Chathal cona chloinn, & Mag Flannchaidh Óg do ghabhail dóibh, & Loch Melghe cona chaislén. Cóccear do mhacaibh Még Flannchaidh, & drong mhor d'Fearaibh Dartraighe do mharbhadh doíbh, & clann Még Flannchaidh do dhul h-i c-Cairpri iar sin.

M1421.8

Mór inghen Briain Uí Bhriain bean Aater A Búrc, & Búrc, & do baoí ina mhnaoí ag Tadhg Ua Chearbhaill én-ben do b-fearr aithne & oineach, ciall & crabhadh do bhaoi in aon-aimsir ria i l-Leth Mogha d'écc. Mór Mumhan na Muimneach at-berthí fria.

M1421.9

Cormac na Coille mac Még Cartaigh (Cairbrigh) mac tigherna ro ba ferr do Mhuimhneachaibh ina ré do mharbhadh lá cloinn Eoghain Még Cárthaigh.

M1421.10

An Giolla Riabhach Ua Clerigh saoi seanchadha d'écc iar n-deigh-bheathaidh.

M1421.11

Eoghan Ua Néill do erghabhail lá Mac Uí Nell Buidhe ag dol i coinde an iarla co Dún Dealgan.

M1421.12

Mac Giolla Phatraicc & mac Libnéd A Frene do Ghallaibh do thocht maille re da fichit décc do amhsaibh leó ar creich i l-Laoighis, & ní ro ansat go rangatar go Mainistir Laoíghisi. Tarla Ua Conchobhair Failghe ar a c-cind isin tír & ro indsaigh Mac Giolla Patraicc & na Gaill gur ro sraoineadh lais forra, & gur ro chuir a n- ár, & fuairset a muintir edála móra d'eidedh, d'arm, & d'faidhb na n-Gall. O Concobhair (.i. Murchadh) do thecht dia thigh iar sin, & galar anbhail dia ghabhail, & a dhul isna bráithribh i c-Cill Achaidh, & aibitt brathar do ghabhail dó uimme, & a brathair fein do fhágbhail iona ionadh ria m-bás .i. Diarmaitt Ó Concobhair, & Ua Conchobhair do beith mí isna braithribh riana écc, & at-bath fo deóidh iar n-degh-bhethaidh.

M1421.13

O Ruairc do dhenamh do Art mac Taidhg Uí Ruairc i n-aghaidh Thaidhg mic Tighearnain.


p.852

Annal M1422

M1422.0

AOIS CRIOST, 1422.

Aoís Criost, mile, cethri chéd, fiche, a dó.

M1422.1

Toirrdhealbhach mac Neill Ghairbh Uí Domhnaill tighearna Thíre Conaill do dhol i n-aibítt mhanaigh i mainistir Eassa Ruaidh iar m-breith bháire an bhetha freacnairc, & a mac fein, Niall Garbh do oirdneadh ina ionadh.

M1422.2

Rudhraidhe Ua Conchobhair (.i. mac Concobair) tighearna Corca Modhruadh do mharbhadh la a bhraithribh fein la cloinn Fhedhlimidh Uí Conchobhair ina bhaile fein h-i c-Caislén na Dumhcha.

M1422.3

Eoghan Ua Néill do fhuaslaccadh lá a mhnaoí & lá a chloinn fein ó Mhac Uí Neill Bhuidhe.

M1422.4

Diarmaid mac Taidhg Mec Diarmada do mharbhadh.

M1422.5

Domhnall Find Ua Flaithbheartaigh do mharbhadh la cloinn Domhnaill Uí Fhlaithbhertaigh.

M1422.6

Slóighedh lá h-Ua n-Domhnaill .i. Niall, & la h-Ua Nell, la h-Eoghan Ua Néill, & la Mac Ui Néill Bhuidhe go maithibh an chóigidh ar chena. Ro loisccset & ro airccset Cairpre uile co Slicceach. Tionoilidh Eoghan Ua Conchobhair, & Toirrdhealbhach Carrach, & Ua Ruairc a sochraide ar a c-cind i Slicceach, & tugsat deabhaidh don t-sluagh anair, & ro marbhadh móirsheisear dhíbh lá Connachtaibh. Do-chotarais-sidhe h-i d-Tír n-Oilealla, & ro mhillset an tír co léir.

M1422.7

An Cosnamhaigh Óg Mac Aedhagain ollamh Chenel Fhiachach & Uí Chonchobhair


p.854

Fhailghibrethemhnas do mharbhadh lá cloinn Uí Maoíleachlainn d'aon urchar do shoighit i n-aimhriocht.

M1422.8

Niall Garbh mac Toirrdhealbhaigh mic Neill Ghairbh Uí Domhnaill do dhol i f-Fearoibh Manach & nert do gabháil dó for Mág Uidhir, & for Mag Mathgamhna, & for Mag Aenghusa, & a m-breith lais i c-ceann Uí Chathain gur bo riarach dó, & a n-dol as sin i c-ceand Mhec í Neill Bhuidhe, & clann Chathain leó, & na Glinne, & Mac Eóin Bisétt do argain go lom, & an tír do losccadh, & a n-dol i c-Cloinn Aodha Bhuidhe, & i Maigh Line, & a c-creacha do breith doibh go Carraicc Fergusa & a t-teacht iarttain dia t-tighibh.

M1422.9

Eoghan Ó Neill do fhuaslaccadh dá mhnaoi & da cloinn ó Ua Neill m-Buidhe d'eallach, do eachaibh, & do comhtaibh ele.

M1422.10

An Seiseadh Henri do rioghadh ós Saxaibh, 31. August.

M1422.11

Sluaigheadh la Niall Ua n-Domhnaill, & la h-Ua Neill, & le maithibh an chuiccidh uile i c-ceand I Neill Bhuidhe. A dhaingnecha & a choillte do imtecht dóibh go ro gabhsat nert fair, & go t-tartt a braighde d'Ua Neill, & ro benadh dhe an uile comha ro bhen-somh a h-Eoghan Ua Neill maille re comhtoibh oile.

M1422.12

An Niall cettna do thiomsachadh maithe an chuiccidh in én- ionadh, .i. O Néill, & clann Enrí Uí Nell, & Eoghan O Neill cona chloinn, & cona braithribh, & clann Chon Uladh Ruaidh Ui Neill, Fir Mhanach & Oirghiall fa Mag Mathgamhna & fa Mág Uidhir, Mag Aenghusa, Ó h-Annluain, & Mac Ui Neill Buidhe cona t-tionol, clann Catháin, & Conallaigh budhdhein cona n-gallocclachaibh, & co n-Gallaibh an chuiccidh do theacht ar sluaigheadh i c-Connachtaibh. Clann Corbmaic Mec Donnchaidh & clann Maol Ruanaidh Mec Donnchaidh do beith aga t-tarraing ar an sluaigheadh-sin iarna c-cur as a n-duthaigh lá Mac Donnchaidh lá dearbhrathair a n-athar, .i. la Concobar Mac Donnchaidh & la a chloinn, & la Tomaltach Occ Mhac Dhonnchaidh,


p.856

óir do-rónadh caislen la Mac Donnchaidh i f-ferann cloinne Maol Ruanaidh Mec Donnchaidh, .i. i c-caiseal Locha Derccáin, a m-bairr & a n-guirt do mhilleadh go lom, & a n-ionnarbadh iarttain i n-ucht Mheic Uilliam Burc, & a m-beith ag tarraing an t-sloigh-sin do mhilleadh Iochtair Connacht.

M1422.13

An sluagh mór sin do theacht i c-Coirpre, & daoíne do lot & do mharbhadh doibh ag caislen Bhona Drobhaoisi, an tír do losccadh & do mhilleadh dhoibh, & a t-teacht go Slicceach. Eoghan mac Domhnaill & Toirrdhealbhach Carrach do breith forra, & ruaicc do thabhairt doibh do dheireadh an t-sluaigh-sin, & moirseisear do mharbhadh diobh, eich, & daoine do lot. An sluagh do beith i c-Cuil Irrae an oidhce-sin, & a n-dol ar a bharach go Tír Fiachrach do milleadh an tíre. O Dubhda do theacht ina c-ceann, & sith do denamh dó re Niall, & braighde do tabhairt tar cenn a tire do Niall, & a n-dol as sin i t-Tír Oilealla & isin Corann, & an tír do losccadh, & do milleadh doibh. Clann Corbmaic & clann Maol Ruanaidh do beith ag losccadh uachtair an tíre. Tomaltach Ócc & clann Mhec Donnchaidh do breith orra laimh le Cluain Gad, & breisim do thabhairt doibh da chéle. Muirghes mac Corbmaic, Diarmait mac Maol Ruanaidh Mec Donnchaidh, & mac Domhnaill mic Aodha na Gaobhcha do marbhadh ann. An sluagh ulltach do beith an oidhche-sin i c-caisiol Locha Deargáin ar milleadh an tíre, & a n-dol as sin i c-cenn Uí Ruairc & O Ruairc do gabáil leó, & a n-dol asidhe tar Eirne tar a n-ais.