Aois Criost, mile, trí chéd, Seachtmhoghat, a dó.
Brian Mór Mág Mhathgamna tigherna Oirghiall do triall i c-coinne Gall do tabhoirt tachoir doibh, & Gall-occlach da muintir fén dá mharbhadh go h-inchleithe i b-fell, & é budhen d'élúdh as an sluagh iar sin.
Seaan Mór Ó Dubhaccáin Saoi sheancadha & ollamh Ó Maine do écc iar m-buaidh n-ongtha & n-aithrighe, i Rinn Dúin ag muintir Eoin Baisde.
Muircertach Muimneach mac Muirceartoigh Moir Mécc Eochaccáin, taoiseach Cenéil Fhiachach do écc iar m-buaidh n-aithrighe.
Mac Feórais do ghabhail d'Ua Ceallaigh & da chloinn, & Risderd Mac Feórais a oidhre do marbhadh.
Uilliam mac Uillicc, ceann suarcusa & saoirbhés Búrcach, & Uilliam Occ Ó Ceallaigh adbhor tighearna Ó Maine do écc.