Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1362

AOIS CRIOST, 1362.

M1362.0

Aoís Criost, mile, tri chéd, Seasccat, a dó.

M1362.1

O Beollam comharba Droma Cliabh, Giolla an Coimdheadh Mac Mughroin oircindech Cille an Iomaire Oireachtach Mac Branain oircindeach Oile Find


p.622

Aongus mac an Ócclaoich airchindeach Chille h-Airidh, O Ferghasa biocaire Iomtha, & Murchadh Manach Mac Taidhg d' écc.

M1362.2

Eoghan Fionn Ua Concobhair mac righ Connacht Maol Ruanaidh Ó Dubhda, & a ben inghean Meic Donnchaidh, Niall Macc Shamradhain taoiseach Teallaigh Eachdhach Diarmaitt mac Seaain Uí Ferghail tighearna na h-Anghaile, Cairpre Ó Cuinn taoíseach Muintire Giollgain, Domnall mac Ruaidri Uí Ceallaigh, Tomaltach Ua Birn, Muircheartach Donn Macc Oireachtaigh, Eóghan Ua Máille, Diarmaitt a mhac tighearnadha Umaill iad-somh do écc.

M1362.3

Cú Coigcriche Mag Eochagain, mac Diarmada Meg Eochagain, & Muiris mac Muircertaigh Meg Eochagain d'écc.

M1362.4

Cathal Óg & mac Fedlimidh Uí Choncobair do gabail caislen Baile Tobair Brighde"[gt ]Baile an Topair.

M1362.5

Sluaigheadh adbal mor la righ Connacht Aodh mac Fedhlimidh, & la Cathal Óg Ua c-Concobhair isin Midhe gur ro loisgset co h-athais Midhe. Cill Caindigh do losccadh leo go c-ceithribh templaibh décc i n-a m-batar foslongport ag Gallaibh, & uilc iomdha do denomh forra don chur-sin, a n-iompodh slán dia t-tighibh iaramh.

M1362.6

Tadhg mac Conchobhair mic Toirrdhealbhaigh Uí Briain do mharbhadh la Cloinn Choiléin.

M1362.7

Cathal Óg Ó Concobhair an t-én-rioghdhamhna ba mó alladh, & oirrdearcus neart, & niadhachus, eneach, & engnomh i n-aon aimsir ris do écc, i Sligeach do phláigh.


p.624

M1362.8

Muircertach mac Tómáis mic Cathail Riabhaigh Uí Ruairc do écc.

M1362.9

Domhnall mac Uí Cheallaigh do écc.

M1362.10

Cú Connacht Ó Duibgennain bicaire Cille Rónain d'ég.

M1362.11

Amhlaoibh Mac Fhirbisigh adhbar ollamhan Ó f-Fiachrach, Fearghal mac Taidhg Meic Aedhagáin saoi breithemhan Seaan mac Donnchaidh Meic Firbhisigh adhbhar ollamhan Ó f-Fiachrach, Diarmaid mac Meg Carthaigh, Concobhar mac Maoileachlainn Carraigh Uí Dubda, & Muirceartach a mhac iaid-side uile do ég.

Annal M1363

AOIS CRIOST, 1363.

M1363.0

Aois Criost, míle, tri chéd, Seasccatt, a trí.

M1363.1

Maghnas Eóghanach mac Concobhair mic Aedha mic Domnaill Óig Uí Domnaill, & Aodh Ruadh Mhág Uidhir tighearna Fer Manach d'écc.

M1363.2

Maghnus (Mebhlach) mac Aedha Uí Dhomnaill adbar tigerna Tíre Conaill fer as mó do-righne d' uaisle & do ghuaisbertaibh i n-a aimsir do mharbhadh la Maghnus mac Cathail Sramaigh Uí Choncobhair.

M1363.3

Tadg Mac Con Snamha taoiseach Muintire Cionaeith do lot do Chathal mac Aedha Breifnigh, & a ghabhail do iar sin go b-fuair bás i n-a braighdeanus.

M1363.4

Lasairfhiona inghen Uí Ferghail ben Uí Raghailligh d'écc.

M1363.5

Muirceartach Ruadh mac Domhnaill Iorrais Uí Choncobhair do mharbhadh do Mac Maghnusa (.i. Tadhg).

M1363.6

Bebinn ingen Mhég Eochagain ben an t-Sionnigh d'écc.

M1363.7

Cathal Mac Donnchaidh do marbhadh do mhuintir Muighe Luirg.

M1363.8

Gaoth adhbal mhór do briseadh iomad tempall & cumhtaighthi isin m-bliadain-si, & iolor long, & laoidheang do bathadh di beós.

M1363.9

Concobhar Ua Dubhda do mharbhadh la Donnchadh Ua n-Dubhda & la Muirceartach mac Donnchaidh Uí Dhubhda.


p.626

Annal M1364

AOIS CRIOST, 1364.

M1364.0

Aois Criost, míle, tri chéd, Seasccat, a ceathair.

M1364.1

Aodh Ua Néill Rí Chinél n-Eoghain an t-aon-Ghaoidheal dob'ferr i n-a aimsir d'écc iar m-buaidh n-iochta, & n-enigh áigh & oirrdearcais.

M1364.2

Diarmaid Ua Briain tighearna Tuadhmumhan, Maoileachloinn mac Murchaidh mic Giolla na Naomh mic Aodha mic Amhlaoibh tigherna na h-Anghaile, Derbail ingean Uí Dhomhnaill ben Mhég Uidhir, Mairgreg inghen Uatér A Burc ben Aodha mic Feidhlimidh Uí Concobhair, Domhnall Mhág Uidhir taoíseach Cloinne Ferghaile, Giolla na Naomh Ua Duibh Da Bhoireann ollamh Corco M' Druadh le bhrethemhnas, Aiffric inghean Briain Uí Raghallaigh ben Briain Meic Tighearnáin d' ég.

M1364.3

Domhnall mac Ruaidhri Uí Cheallaigh adhbar tighearna Ó Maine do ég.

M1364.4

Giolla na Naomh Mac Gobann na Scél saoí shenchadha, Diarmaid Ó Sgingin ollam Chenel Conaill re senchas, & Mairghreg inghen Uátéir A Búrc bean Aedha mic Feidlimidh Uí Concobair ri Connacht d'ég.

Annal M1365

AOIS CRIOST, 1365.

M1365.0

Aois Criost, mile, tri chéd, Seasccat, a cúig.

M1365.1

Paidín Ó Congaile persún & airchinneach Rossa Airthir d'écc.

M1365.2

Ruaidhri mac Domhnaill Ui Néill do mharbhadh d'aon urchar soighde la Maoileachlainn Mac an Ghirr Meic Cathmaoíl.


p.628

M1365.3

Fedhlimidh an Einigh mac Domhnaill Uí Concobhair tighearna Corco Mo Druadh saoí gan aithbe n-einigh, & n-engnomha d'écc.

M1365.4

Tomas mac Murchadha Uí Ferghail d' ég.

M1365.5

Iondsoighidh do thabairt do Cloinn Goisdealbhaigh ar Luighnibh dia ro marbhadh Corbmac Ua h-Eghra & seisear domaithibh a chineadh imaille fris.

M1365.6

Aodh Mac Diarmada do dul i Muintir Eolais. Creacha móra do dhénomh orra, & nochar creacha gan dioghail iaid-sidhe, uair do marbhadh Corbmac Mac Diarmada Ruaidh biatach coitchionn Connacht, dá mac Tomaltaigh Uí Birn, .i. Maoileachlainn Dall & Giolla Criost (imaille re sochaidhibh oile) la h-eolasachaibh i t-toraigheacht a c-creach. Ro gabsat beós Diarmait Mac Diarmatta, & Maol Ruanidh mac Donnchaidh Riabhaigh iar maidhm a muintire.

M1365.7

Brian mac Matha Meic Tighearnáin taoiseach Teallaigh Dunchadha, aon ba mó ágh oirrdhearcus clu & cennas do taoiseachaibh Breifne do écc. As do ro raidheadh

  1. Brian Mac Tighearnáin na t-tres,
    Re a eineach nir chóir coimmeas,
    Ro lean gan fhíoch an fhele
    Budh nemh crioch a caithreime.

M1365.8

Brian mac Aedha Meg Mathghamhna do gabail tighearnais Oirgiall. Cleamhnas d'forailemh do ar Somairle mac Eoin Duibh Meic Domhnaill (tighearna Insi Gall, & ardconsubal Cuigidh Uladh) go t-tuc air ingean Uí Raghallaigh do leigen, & a ingen fein do thabhairt. Nir bo cian iar sin go t-tuc Mag Mathghamhna


p.630

e-siomh ar cuireadh chuige, & iar m-beith dhóibh athaidh ag ól tarla imresain etorra. Iadhais Brian a lamha i n-a thimcioll-somh, & tucc fodeara a cengal go daingen do sgaoilte, & a chur isin loch baoi in comfhogus gur ro baitheadh é fo chetóir. Domhnall mac Aodha Uí Néill co n-a braithribh, Brian mac Enrí Uí Néill gomaithibh Cloinne Aodha Buidhe, & Toirrdhealbhach Mor Mac Domhnaill co n-a raibhe da chineadh i n-Ultaibh do thionól h-i cenn aroile iar sin. Dul dóibh d'én láimh & d'én aonta go h-Airghiallaibh co rangattar h-i comfhocraibh Rátha Tulach longport Meg Mathghamhna. Rabhadh do rochtain rompa co Brian gur teichestair, & go ro fágbadh an baile fás folamh ara c-cionn. Iad-somh do leanmhain Még Mathgamhna, & é-fein & maithe an tíre do beith h-i t-timcheall a c-cruidh, & a c-cethra da c-cur fo daingean an tíre. Maidhm do thabhairt for Airghiallaibh annsin, a n-éde, & a n-innile do bhuain díobh. Mag Mathghamhna d'athchur as a dhuthaidh feisin i n-ucht Muintire Maoil Mhórdha iar sin, & a bhean & a inghen do ghabhail.

M1365.9

Cú Chonnacht Ó Raighilligh tigherna Breifne do dul isna braithribh, & a thighearnas do fhagbhail aga derbhrathair Pilib.

M1365.10

Aodh mac Neill Uí Domhnaill (.i. adbar tighearna Thire Conuill) do mharbhadh la Domhnall mac Muircertaigh Uí Concobhair. Tadhg mac Maghnusa Uí Concobhair do breith ar Dhomhnall an la cedna, & briseadh do thabhairt air, & drong da mhuintir do mharbhadh im Aodh mac Concobhair mic Taidhg.

M1365.11

Roiberd Mac Uatin Baired do écc.

M1365.12

Mac rígh Saxan do fhágbáil Erenn.


p.632

Annal M1366

AOIS CRIOST, 1366.

M1366.0

Aoís Críost, míle, trí chéd, Seasccat a sé.

M1366.1

epscop Rátha Both, .i. Mac Maengail do écc.

M1366.2

Cathal mac Aedha Breifnigh mic Cathail Ruaidh, Maghnus Ócc a mac, & Muircertach Mac Dáil Re Docair, Muirghius Ó Maol Tuile, Diarmaid Mac Siomóin, & Diarmaid Mac Giolla Beraigh do mharbhadh i fell la Fearaibh Manach ar Srath Fear Luirg, & creacha aidhble do denamh dhoibh ar Cloinn Muircertaigh, & iad do denomh siodha re muintir Ruairc, & do maithemh a f-foltanais dhóibh ar ulc re Cloinn Muircertaigh, & muintir Ruairc do denamh an cedna friu-somh. Mac Ruaidhri Uí Choncobhair do gabhail ionaid Cathail iaromh. Muintir Ruairc do dhul for imirce a c-comhdhail Fer Manach. Greiss timchill do denomh d'ógbaibh Cloinne Muircheartaigh gur ro marbhsat Cathal Mhág Flannchaidh taoiseach Dartraighe.

M1366.3

Muircertach Mac Raghnaill mic Raghnall Móir Mheg Raghnaill adhbhár toísigh gan freasabra do marbhadh i fell lá Maoileacloinn Mhág Raghnaill taoiseach Muintire h-Eolais, & Maoileachloinn fein d'écc i c-cionn dá mhís da éis-sin.

M1366.4

Corbmac Donn Mag Carthaigh tighearna Ó c-Cairbre, & Ó n-Eachdhach Mumhan do marbhadh i fell da brathair mac Domnaill na n-Domhnall.

M1366.5

Conchobhar Ua Concobair tighearna Ciarraighe Luachra do mharbhadh do Branachaibh.

M1366.6

Ruaidhri mac Muirceartaigh Uí Choncobhair do bhathadh for Sionainn.

M1366.7

Maidhm do thabhairt la Tadhg mac Maghnusa Uí Concobhair ar Seaan Ua


p.634

n-Domhnaill go n-a Ghall-ócclachaibh du in ro marbhadh sochaidhe. Mac Suibhne & drong domhaithibh Thíre Conaill do ghabhail & braighde do denomh dhíobh.

M1366.8

Tionol do denamh do Dhomhnall Ua Neill & do Cloinn n-Domhnaill, .i. do Thoirrdhealbhach mac Domhnaill & do Alaxanduir a mhac, d'ionnsoighidh Neill Uí Néill. Mac Cathmhaoil do chor as an tír doibh co n-deachaidh i rann Neill Uí Néill go n-a édhibh & indilibh. Iatt-somh do breith ar deireadh muintire Meic Cathmhaoil co n-a c-cethraibh, & lamh do thabhairt tarsa gur bensatt a c-crodh dhíobh.

M1366.9

Raghnall mac Alaxandair oighre Cloinne Alaxandair do thecht a h-Insib Gall 'mun amm-soin i c-commbáidh Néill Uí Néill. An cethern do gach taoibh do tegmhail i c-comghar dia 'roile, .i. airechta Cloinne Domhnaill. Raghnall do chor teachtadh mar a raibhe Toirrdhealbhach & a mac Alaxandair co n-a muintir d'iarraidh an t-slighe do leigen dó i n-onóir a shinnsirechta & do thaobh a m-brathairsi re aroile. Do-ronadh dimbrigh leó-somh don aithesg h-isin uair do ionnsaighset gusan áth a b-facadar ei-siomh ag triall tairis. Tucsat tachar trén tinnesnach da chéile h-isuidhe gur marbhadh & gur loitedh drong dirímh diobh da gach leith. Marbhthar mac do Raghnall i c-commascc caich la Toirrdhealbhach, & gabthar mac Toirrdhealbhaigh (Alaxandair) la muintir Raghnaill gur bhreathnaighset a mharbhadh fo chettóir. Acht cena nir comairlécc Raghnall dóibh uair ro ráidh nach biadh a mac & a brathair i n-aoinfheacht an la-sin da easbaidh.

M1366.10

Coccadh mór eitir Ghallaib Connacht. Mac Muiris d'ionnarbadh as an tír do Mhac Uilliam co n-deachaidh do soighidh Cloinne Riocaird. Sloigheadh do dhenomh do Mac Uilliam, d'Aodh Ua c-Concobair, Connacht, & d'Uilliam Ó Ceallaigh tigearna Ó Maine i n-uachtar Connacht go Cloinn Riocaird, & a m-beith forgla raithe i b-forbhaisi for aroile. Nert do ghabháil do Mac Uilliam fa dheoidh, & braighde


p.636

Cloinne Riocaird do thabhairt ar a laimh, & a thoidhecht fo buaidh c-cosgair dia thir iaromh.

M1366.11

Seaan Mac Goisdealbhaigh tigearna Slebhe Lugha d' écc.

M1366.12

h-Uigin Triaal tighearna Fer t-Tulach do marbhadh la Cloinn Feorais.

Annal M1367

AOIS CRIOST, 1367.

M1367.0

Aois Criost, mile, tri ched, Seasccat a seacht.

M1367.1

An t-Epscop (.i. Maol Seachlainn) Ó Ferghail, .i. epscop Ard Achaidh, Saoí gan easbaidh i c-crabhadh, i n-deirc, i n-doennacht, & i n-eagna, & Malachias Mhag Uidhir airchideochain Oirgiall do ég.

M1367.2

Cú Connacht Ua Raghallaigh tigherna Breifne no gur treicc í ar Dhia do dul i clerchecht, & Pilib do gabhail a ionaidh.

M1367.3

Clann [gt ]Muirchertaigh do techt ar imerce go Mag Nisse. Ionnsoighidh do thabhairt dhoibh i Muigh Luirg. Ba h-iad ba h-oireghdha ar an siobhal-sin, Tadhg mac Ruaidhri Uí Concobair, Fearghal Mac Tighernain tighearna Theallaig Dúnchadha, & Diarmait Mag Raghnaill tighearna Mhuintire h-Eólais, & Gall-occlacha iomdha i n-a b-farradh. Longport Aodha Meic Diarmada do losgadh leó. Ferghal Mac Diarmata tighearna Maighe Luirg do breith orra, & Aodh Mac Diarmada immaille fris. Tachar do tabairt doibh, & daoine iomdha do marbhadh eatturra leath ar leth. Iompódh do Thadhg Ó Concobhair & do Mhág Raghnaill iar sin gan creich gan chomhaidh.

M1367.4

Maidhm do thabhairt la Domhnall mac Muircertaigh Uí Concobhair, la muintir Ruairc & la Cloinn n-Donnchaidh co n-a c-ceitheirn congbhala ar Thadhg mac Maghnusa Uí Conchobhair for Traigh n-Eóthuile an t-Saoír. Gall-oglaigh mic Maghnusa


p.638

do marbhadh ann dechneabar & seacht f-fichit ro rímheadh dib-sidhe do mudhughadh im Dhomhnall mac Somhairle im Dhomhnall Óg a mac im an dá Mac Suibhne im mhac an Epscoip Uí Dhubhda & fa Uilliam Mac Síthigh.

M1367.5

Dearbháil inghean Maol Ruanaidh Móir Meic Diarmada ben Ualgaircc Uí Ruairc do mharbhadh la Cloinn Muircertaigh.

M1367.6

Maoil Seachlainn mac Seaffraidh Meic Giolla Patraicc, & drong dia mhuintir do mharbhadh i fell la Gallaibh.

M1367.7

Tadhg Mhág Shamhradhain, & Aenghuss mac an Degánigh Mhég Samhradháin d' écc.

M1367.8

Tadhg & Lochlainn da mhac Aongusa Ruaidh Uí Dhalaigh & Maol Maire Óg Magcraith d'ég.

M1367.9

Mag Muiris na m-Brigh, Eoghan mac Ruaidhrí Uí Cheallaigh, Muircertach mac Muircertaigh Uí Concobhair, & Bebinn inghen Ualgairg Uí Ruairc ben Tomaltaigh Meic Donnchadha d'écc.

M1367.10

Iondsoighidh do thabairt la Cloinn Muircertaigh for Fheraibh Manach dar airccset Inis Móir, Loch m-Berraid, & Seanadh Mac Maghnusa, & édála iomdha do thabairt leo, & tilleadh slán dóibh do Ridhisi.

Annal M1368

AOIS CRIOST, 1368.

M1368.0

Aois Criost, míle, trí chéd, Seasccat, a h-ocht.

M1368.1

Comarba Maodhócc & airchideocain na Breifne fear lan do rath an Spioratu Naoimh d'écc iar m-breith bhuadha ó dhomhan & ó dheamhon.


p.640

M1368.2

Aodh mac Fedhlimidh Uí Concobhair Rí Connacht cenn gaile & gaisccidh Gaoidheal, Lugh Lamhfhada Leithe Cuinn i n-aghaidh Gall & easccarad do écc iar m-buaidh n-aithrighe i Ros Chommain. Ruaidhri mac Toirrdhealbhaigh do ghabháil cennais Connachtt.

M1368.3

Crioch Coirpre do roinn ar dhó eittir mac Maghnusa & Domhnall mac Muircertaigh.

M1368.4

Ferghal Mac Diarmada tighearna Mhaighe Luirg leomhan uaisle & engnamha a chinidh, Tomaltach mac Fearghail Meic Diarmada tanaisi Maighi Luirg, & Corbmac Mac Diarmada do écc.

M1368.5

Aodh mac Conchobhair Meic Diarmada do ghabhail tighearnais Maighe Luirg.

M1368.6

Ruaidhri mac Seonuicc Mhég Eochagáin Seabhac uaisle & engnamha a chinidh, aon ba fele ó Áth Cliath go h-Áth Luain, & Tighearnán mac Cathail Uí Ruairc d' écc.

M1368.7

Diarmaid mac Corbmaic Duinn Még Cárthaigh do ghabhail do Mhág Carthaigh Cairpreach. A tiodhnacal do Ghallaibh & a básughadh doibh iar sin.

M1368.8

Dauith Ua Tuathail do mharbhadh la Gallaibh Átha Cliath.

M1368.9

Uilliam Saxanach mac Sir Emainn A Burc oighre na n-Uilliamach do écc don ghalar breac i n-Inis Cua.

M1368.10

Fiachra Ó Floinn adhbar taoisigh Sil Maoil Ruain, aon dob'ferr da chineadh fein i n-a aimsir d'écc co n-a mhnaoi.


p.642

M1368.11

Sloigheadh mór la Niall Ua Néill Rí Chiniuil n-Eoghain i n-Oirghiallaibh, & maithe an Coigidh uile d'eirghe lais d'forbhaisi ar Briain Mhag Mathghamna. Longport do ghabhail doibh i medhón an tíre. Comhtha móra do thaircsin do Mhág Mathghamhna dhó, .i. leath Airghiall do thabhairt do Niall mac Murchaidh mic Briain na c-Coileach n-Oiffrenn, .i. an tighearna baoi roimhe ar an tír, & comtha aidhble oile d'Ua Néill budhdhéin i n-íoc Meic Domhnaill. Ua Néill do aontughadh síothchána dhó ar na comhthaibh-sin. Mac Murchaidh Még Mathghamhna & Alaxandair Óg Mac Domhnaill tighearna na n-Gall-occlach do gluassacht d' én comairle, trí coirighthe ceitheirne d' ionnsoighidh Még Mathghamhna gan ceadughadh d'Ua Néill, & ammus longpuirt do thabhairt dóibh air. Mag Mhathghamhna go líon a theghlaigh do beith ar a c-coimhéd, & iad armtha innilte im a longport ionnus gur eirghedar doibh-siomh gan chairde. Fearthar gliaidh n-amhnais n-aithgeir eatorra. Bristear ria Mág Mathghamhna orra-somh. Ro marbhadh mac Murchaidh Még Matgamhna tanaisi Oirghiall, Alaxandair mac Toirrdhealbhaigh Méc Domhnaill consabal na n-Gall-oglach, & Eoghan mac Toirrdhealbhaigh mic Maoileachloinn Uí Domhnaill don chur-sin immailli re sochaidhibh ele.

M1368.12

Tomas Ua Floinn tighearna t-Tuirtre fer lan d'eineach & d' oirrdearcus d'eg.

M1368.13

Tadhg mac Maghnusa mic Cathail mic Domhnaill Uí Choncobair do ghabháil tre cheilg do Ruaidhri mac Toirrdhealbhaigh (d'Ua Chonchobair) i n-a longport fein i n-Ard an Choillín iar n-a breth leis do Chorbmac Mac Donnchaidh go tegh Uí Choncobhair, & a thairbert do Dhomhnall mac Muircheartaigh Uí Choncobhair as a h-aithle, & a marbhadh fa dheoidh la Domhnall i c-caislén Sligicch. Acht chena as frisna gniomhaibh-si do-roigneadh ar mac Maghnusa Uí Concobhair do samailtí gach olc, gur bo seanfhocal suaithnidh lá cach nár mesa gabáil no marbhadh


p.644

mec Magnusa, ina gibe feilgniomh do cluintí do dhénomh. Cogadh mór do fhás h-i c-Connachtaibh eittir Ua c-Concobair, Mac Uilliam, & Mac Diarmata trésan n-gabháil-sin & tresan marbhadh.

M1368.14

Cú Uladh Mac an Ghirr Mic Cathmhaíl cenn a chinidh féin, & an mac baoi aige i n-a maighistir foirccthe derrscaighthe i n-ealadhnaibh d'écc i Saxaibh.

M1368.15

Uilliam mac Donnchaidh Muimhnigh Uí Cheallaigh tighearna Ua Maine do ghabháil la h-Ua Madadhain & la Cloinn Mic n-Eoghain. Domhnall mac Concobair Uí Cheallaigh, & Ardghal Óg Ó Concenainn do mharbhadh la Ua Madadhain an lá-sin.

M1368.16

Domhnall Mac Con Mara do écc.

M1368.17

Slemhni Mac Uidhlin consabal Coigidh Uladh do écc.

M1368.18

Muireadhach Ó Faircheallaigh comharba Maedhóg, & airchideochain na Breifne do écc.

M1368.19

Diarmait Laimhdearg Mac Murchadha rí Laighen do ghabháil la Gallaibh. Ba h-ei-sidhe cóigedach ro ba cródha baoi i n-a aimsir.

Annal M1369

AOIS CRIOST, 1369.

M1369.0

Aois Criost, mile trí chéd, Seasccat, a naoi.

M1369.1

Aodh Ua Néill epscop Clochair, saoi craibdeach coindercleach, & Riocard Ó Raighilligh epscop Cille Móir d'écc.

M1369.2

An Deaccanach Ó Bardain d'écc.


p.646

M1369.3

Cú Connacht Ó Raghallaigh tighearna Bréifne do écc.

M1369.4

Pilib Ua Raighilligh do ghabháil la a braithribh fein, & a cur doibh i Cloich Locha h-Uachtair go n-dochar cengail & cuibrighthe fair. Maghnus Ua Raghallaigh do ghabháil tighearnais annsin. Coccadh & comhbuaidhreadh d'eirghe isin m-Breifne triasan ghabhail-sin. Sluagh mór do thionol d'Annadh mac Risderd Uí Raghallaigh. Mág Mhathghamhna & maithe Oirgiall do thocht i n-a comhbáidh do thabach Pilib Uí Raighilligh ar Mhaghnus. Maghnus co n-a braithribh & go lion a t-tionoil do dul d'en-taoibh do chosnamh na tire doibh budhdhén. Caithgleo do chur etorra. Maidhm do thabhairt for Mhaghnus i m-Blén Chupa. Tri meic Corbmaic Uí Fherghail, Seoinín, Maoileachloinn, & Ferghus, Fedlimidh mac Aodha an Cleitigh Uí Concobair, da mac Flaithim Móir Mec Con Rubha, .i. Donn, & Brian, Sitreacc na Sróna Mac an Mhaighistir & sochaidhi oile do marbhadh don tachur-sin.

M1369.5

Gearalt Caomhanach rioghdhamhna Laighen do marbhadh don Ridire Dubh.

M1369.6

Tighernán Ua Ruairc do dul for creich i Lurg. Creach mór do thabairt lais dó, & Aodh Óg mac Aodha Uí Ruairc do mharbhadh la h-Ua Maol Dúin Luirg i n-iarmóracht na creche.

M1369.7

Diarmaitt Laimhdearg Mac Murchadha Rí Laighen do bhasúghadh la Gallaibh Atha Cliath iar n-a beith aimsir imchian i m-braigdenus aca.

M1369.8

Mathgamhain Maonmhaighe Ua Briain, tighearna Tuadhmumhan, Gaoidheal dob' fearr & dob'aireagdha i Leth Modha d'écc i n-a longport fein iar m-buaidh n-aithrighe. Brian Ó Briain do ghabáil tighearnais Tuadhmumhan tar es Mathghamhna.

M1369.9

O Maol Dúin (.i. Domhnall) taoíseach Tuaithe Luirg do mharbhadh la cloinn


p.648

Nell Uí Domhnaill, & a chreach do breith leo fór oilén d'oilenaibh Locha h-Erne dianad ainm Badhba & Pilib Mhag Uidhir tighearna Seacht Tuath do dul loinges lanmhór do dhioghail a óglaoich ar cloinn Uí Dhomnaill & Niall Óg mac Neill Gairbh mic Aedha mec Domhnaill Óig do mharbhadh lais i t-troid loingsi ar Fionnloch la taobh an oiléin.

M1369.10

Brian mac Aedha Buidhe Uí Néill deghadhbhar righ Ereann d'uaisle, d'eineach, & d' engnamh do ég.

M1369.11

Maidhm mór adhbhal do thabhairt la Brian Ua Briain tighearna Tuadhmhumhan for Ghallaibh Mumhan. Geroid iarla Deasmhumhan, & morán do maithib Gall do ghabail lais & ar diaisnési do chur for an c-cuid oile dhíobh. Luimneach do losccadh don turus-sin la Tuadhmhuimhneachaib, & la Cloinn Cuilén. Lucht an baile do gialladh d'Ua Briain & Síoda Cam mac inghine Uí Dhuibhidhir do ghabhail bhardachta an baile cuige, & fealladh do n-a Gallaibh batar isin m-baile fair gur ro mharbhsat é. Ba mór an techt h-isin i leth re mac taoísigh.

M1369.12

Pilib Mhag Uidhir tighearna Fear Manach do bhreith loingis go Loch Uachtair, & caislén Cloiche Uachtair do gabail dó. Pilib Ua Raighilligh (.i. tighearna Breifne) do léccen amach do Mhág Uidhir, & a thighearnus fein do ghabhail dó doridhisi.

M1369.13

Maol Seachlainn Mag Mathgamna adbar tigherna Oirghiall, Brian mac Muircertaigh Uí Choncobair, Seaan mac Emainn Mic Hoiberd, Donnchadh Ó Birn taoiseach Tíre Briúin, Raghnall Ó h-Áinlighe, Corbmac Ó h-Ainlige, Eoin Mac Aedhagain, & Gillebert Ó Bardain da saor macaomh cruitealadnach Conmaicne d'ég.

M1369.14

Uilliam Ó Faircheallaigh comharba Maedhóg, & airchideochain na Breifne do écc.


p.650

Annal M1370

AOIS CRIOST, 1370.

M1370.0

Aois Criost, mile, trí chéd, seachtmhoghatt.

M1370.1

Síth daingen deaghthairisi do dhénomh do Chenél Eoghain etorra féin. Braighde do thabhairt ó Dhomhnall do Niall ré gan cur a n-aghaidh imón tighearnus. Roinn forba & feroinn ó Niall do Domhnall iar sin.

M1370.2

Giolla Patraicc Mac Cathmhaíl taoiseach Chenél Feradhaigh, Cú Uladh a mhac & inghean Maghnusa Mhég Mhathghamhna a bhen, do mharbhadh la cloinn Aedha Meic Cathmhaoíl tre fheill. Murchadh a derbrathair do ghabháil a ionaid isin taoisighecht iar sin.

M1370.3

Cathaoir Ua Concobair adhbhor tighearna Ó b-Failge, & Muirceartach Ua Mordha do thuitim ar creich la Gallaibh Laighen.

M1370.4

Dubcoblaigh inghen Uí Raghallaigh ben Pilip Meg Uidhir do écc.

M1370.5

Maghnus Ó Raghallaigh do ghabhail la cloinn Tomais mic Mathgamna Uí Raighillig, & a chur i Cloich Locha h-Uachtair.

M1370.6

Cathal mac Dabug Uí Choncenainn tighearna Ua n-Diarmada, Siobhan Cham inghen Meg Cartaigh ben Mec Con Mara, Síoda Chille Cainnigh mac Seaain Meic Con Mara, Seaan Ó h-Eghra adbhar tighearna Luigne, & Diarmaitt mac Cathail Óig Uí Concobhair do écc.

M1370.7

Breisim madhma do thabhairt la Niall Ua Néill tighearna Cheneil Eóghain ar Brian Mag Mathgamhna tighearna Oirghiall, & dronga dearmhara do muintir Még Mhathgamhna do mharbhadh & do bhathadh.

M1370.8

Domhnall mac Maeileachloinn, & Tadhg mac Lochlainn Uí Cheallaigh co n-a dhias mac do écc.


p.652

M1370.9

Mael Seachloinn Connachtach Ó Ferghail, & Cathal Óg Ó Ferghail do écc.

M1370.10

Tadhg Ó Ruairc do ghabhail tighearnais na Breifne. Clann Muircheartaigh & Mág Tighernain da indarbadh, & Concobar Ruadh mac Cathail mic Aedha Breifnigh, & a chur i crich Mic Uilliam.

M1370.11

Uilliam Dond mac Uillec do écc.

Annal M1371

AOIS CRIOST, 1371.

M1371.0

Aois Criost, míle, trí chéd, seachtmoghat, a h-aon.

M1371.1

Airdespucc Tuama .i. Seaan Ó Grada cenn eaccna & enigh a aimsire do écc.

M1371.2

Fearghal Mag Cochlain do écc i láimh ag Ua c-Cinnédigh.

M1371.3

Fearghal Mag Eochaccáin do écc.

M1371.4

Murchadh Ó Madadháin (.i. mac Eoghain) feicheamh coitchionn cliar, aidhelgneach, & fhíorbhocht Erenn do marbhadh d'aon orcor soighde ar dereadh creiche i n-Urmumhain.

M1371.5

Brian Ua Cinnedigh tigherna Urmumhan do marbhadh i b-fell lá Gallaibh.

M1371.6

Emann Ó Cinnedigh adbhar tighearna Urmhumhan do écc.

M1371.7

Tadhg Óg mac Maghnusa Uí Concobair do marbhadh i b-fell do Domhnall mac Muircertoigh Uí Concobhair i c-caislén Sliccigh iar n-a cur do Righ Connacht (Ruaidhri mac Toirrdealbhaigh) cuicce, do rér mar do raidheadh romhainn.

M1371.8

Eachmarcach mac Maghnusa mic Ruaidhri mic Maghnusa mic Duinn Móir Meg Uidhir, brughaidh coitcionn do baoi ar Loch Éirne do écc.


p.654

M1371.9

Maoil Ir Mac Hoiberd do mharbhadh la h-Ua c-Concobhair.

M1371.10

Creacha móra do dhenamh la h-Ua n-Dubhda (Domhnall) h-i Tír Fhiachrach Mhuaidhe go ro h-airgeadh co leir an tír lais, & go ro ghabh a caisléin .i. caislén Aacute;ird na Riagh, & Caislen Mic Conchobhair, & i m-baoi inntibh do Ghallaibh do dhíochur eistibh, & an tír do roinn ar a braithribh, & ar a mhuintir féin as a h-aithle.