Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1352

AOIS CRIOST, 1352.

M1352.0

Aois Criost, mile, trí chéd, caoccatt, a dó.

M1352.1

Aodh mac Toirrdhealbhaigh Uí Chonchobhair do ghabhail na righe doridisi d'aimhdheóin a m-baoi i n-a aghaidh do Ghallaibh & do Ghaoidhealaibh.

M1352.2

Aodh Ó Ruairc tigherna Breifne do mharbhadh la Cathal mac Aedha Bréifnigh Uí Concobhair, & la Cloinn Muircertaigh, & ár do chur ar Ghall-ócclachaibh cloinne Suibni an tan-sin.

M1352.3

Aodh Ua Maoil Brénaind, & a dhá mac do mharbhadh la h-Aedh mac Fedhlimidh Uí Choncobhair.


p.602

M1352.4

Aonghus mac Concobhair mic Aedha mic Domhnaill Óig Uí Dhomhnaill tighearna Tíre Conaill fer beódha borrfadhach, & aon ba ferr engnomh & uaisle i n-Ultaib immón amm-soin do mharbhadh la Maghnus Ua n-Domhnaill. Felim Ua Domhnaill do ghabháil a ionaid & Seaan mac Concobhair Uí Domhnaill do beith acc cogadh fris im an t-tighearnas.

M1352.5

Combach Baile an Dúin la h-Aedh mac Toirrdealbhaigh Uí Choncobair.

M1352.6

Conchobhar mac Muirgesa Meic Donnchaidh feichem coitcind d'aos gacha ceirde, Dabhucc Diolmain mac Uillic Umhaill cenn ceithrne & Diolmhainech Connacht, Tomás Mhag Raghnaill, & Tadhg mac Siacasa Uí Cheallaigh d'écc.

Annal M1353

AOIS CRIOST, 1353.

M1353.0

Aois Criost, mile, trí chéd, caoccatt, a trí.

M1353.1

Eóin Ua Cairbre comarba Tighernaigh Cluana h-Eóais d'écc.

M1353.2

Gormlaith inghen Uí Domhnaill ben Uí Neill d'écc, & nocha raibhe i n-én-aimsir fria ben ro budh mó clú, & oirrdearcus iná isi.

M1353.3

Aodh mac Ruaidhri Uí Neill d'écc.

M1353.4

Mathghamhain mac Giolla na Naomh Uí Fherghail tigherna na h-Anghaile d'écc.

M1353.5

Tadhg Mhág Raghnaill taoiseach Mhuintire h-Eólais do mharbhadh la cloinn t-Seffraidh Mheg Raghnaill.

M1353.6

Aodh mac Toirrdhealbhaigh do aithrioghadh & Mac Branáin chongmhail isin tír.

M1353.7

Mainestir Chille Conaill i n-epscopóittecht Chluana Ferta h-i Connachtaibh do thógbháil do braithribh .S. Franseis la h-Uilliam Ua c-Ceallaigh tighearna Ua Maine.


p.604

Annal M1354

AOIS CRIOST, 1354.

M1354.0

Aoís Criost, mile, trí chéd, cáoccat, a ceathair.

M1354.1

An t-Epscob Ó Lachtnáin, .i. eapscop Connacht, & Seaan Ua Fínachta eapscop Oile Find d'écc.

M1354.2

Mac Murchadha do bhásughadh la Gallaibh, & coccadh mór do fhás desidhe eitir Gallaibh & Ghaoidhelaibh.

M1354.3

Rudhraidhe Ó Mórdha tigherna Laoighisi do mharbhadh la a bhraithribh fein & la a lucht ticche.

M1354.4

Brian Ó Dubda flaithcenn Thíre Fiachrach d'écc, & a mac Domhnall do ghabháil a ionaidh.

M1354.5

Brian mac Aedh Móir Uí Neill, Cathal mac Néill Uí Ruairc Seffraidh Mhág Raghnaill, Seffraidh Ua Raghallaigh, Sitriucc Macc Samradain, & Ferghall Mhacc Eochagain taoiseach Ceneóil Fhiachach do écc.

M1354.6

Ruaidhri mac Seaan Mhecc Mathghamhna do mharbhadh i longport Mhég Mhathgamhna.

M1354.7

Maidhm mór do thabhairt la cloinn Aedha Buidhe Uí Néill, & la Gallaibh Dúine Dealgan ar Aodh Ua Néill i drong mor do mharbhadh isin maidhm h-isin.

M1354.8

Derforgaill inghen Uí Concobhair, Fedlimidh mac Cathail Uí Concobhair & Hoiberd A Burc do écc.

M1354.9

Flaithbertach Mac Giolla Fhinnein & a brathair do mharbhadh la a muintir féin.

M1354.10

Murchadh mac Cathail Uí Fhearghail & Tadhg Mac Seanlaich do écc.

M1354.11

Saerbrethach mac Maoil Íosa Dhuinn Meic Aedhagáin ollamh Conmhaicne do écc i n-Inis Clothrann.

M1354.12

Maol Seachlainn Mac Rithbeartaigh ollamh Fear Manach i n-dán d'écc.


p.606

Annal M1355

AOIS CRIOST, 1355.

M1355.0

Aois Criost, míle, trí chéd, caoccatt, a cúicc.

M1355.1

Concobar Mac Con Snámha epscop na Bréifne ó Druim Chlíabh go Cenannus, Mac Gallghaoidhil prioir na Trinoide, & Mac Cathail abb Sruthra d'écc.

M1355.2

Donnchadh mac Felim mic Aedha mic Domhnaill Óig Uí Domhnaill do mharbhadh ag tabhairt Ghormlatha inghine Aedha Ruaidh Mhég Uidhir (.i. Mág Uidhir) ar éccin lais, & Donn Mac Murchadha as é ro mharbh ei-siomh i longport Mhég Uidhir.

M1355.3

Domhnall mac Seaain Uí Fherghail tighearna na h-Angaile d'écc.

M1355.4

Diarmait Ua Maoíl Mhiadhaigh taoíseach Mhuintire Cerbhallain do mharbhadh la Muintir Birn & sochaidhe do Muintir Eolais imaille fris.

M1355.5

Cathal Ó Cuinn taoiseach Muintire Giollgáin do mharbhadh do Cloinn t-Seaain, & do Chloind Aedha & coigear da braithribh immaille fris.

M1355.6

Corbmac Mhág Raghnaill taoiseach Muintire h-Eólais do mharbhadh la cloinn Iomhair Mhég Raghnaill.

M1355.7

Ferghal mac Fearghail mic Muircertaigh Mhóir mic Conghalaigh Mhég Eochagáin toiseach Cenel Fiachach d'ég.

M1355.8

Murchadh mac Cathail Uí Fherghail, Derbforgaill inghen Uí Fherghail, & Tadhg Mac Aedhagain saoí i feineachas d'écc.

M1355.9

Maidhm do thabhairt do Ghallaibh Iarthair Connacht for Mac Uilliam, & mórán do mharbhadh dia mhuintir.


p.608

M1355.10

Emann mac Uilliam mic Riocaird do mharbhadh la Siol n-Anmchadha.

M1355.11

Maidhm mór do thabhairt la Riocard Ócc ar lucht tighe Mheic Uilliam, .i. Emann & ar Shiol n-Anmchadha dar marbhadh Stiamhna Mac Siurtáin Enrí Mac Pilbin & sé fir dhécc d'uaislibh Sil n-Anmchadha.

M1355.12

Niall Mhág Mathghamhna do mharbhadh la cloinn t-Seaain Mhég Mathgamna.

M1355.13

Aduc Mac Uidilín do mharbhadh la h-Oirtheraibh.

M1355.14

Deich n-uain do breith i n-aoínfhecht d'aon chaoiridh.

Annal M1356

AOIS CRIOST, 1356.

M1356.0

Aois Criost, míle, trí chéd, caoccatt, a Sé.

M1356.1

Ferghal mac Seffraidh Még Raghnaill Priomhaidh Arda Macha, & fer ionaid Patraicc d'écc.

M1356.2

Nicol Mac Cathasaigh epscop Oirghiall d'écc.

M1356.3

Solamh Ó Meallán maor Cluig an Edhachta d'ég. Fechemh coitchenn do cliaraibh Ereann e-shidhe.

M1356.4

Aodh mac Toirrdealbhaigh Uí Concobhair, Ri Connacht do mharbhadh i m-Baile Locha Deacair[gt ] la Donnchadh Carrach Ua Ceallaigh, & la cloinn Meic an Baird ar forailemh Maineach i c-cionaidh ingheine Seóinin A Burc ben Uí Cheallaigh do breith leis ar aitheadh, & ar elódh roimhe-sin.


p.610

M1356.4

Aodh mac Fedhlimidh Uí Choncobhair do ghabhail lain-righe Connacht iaromh.

M1356.5

Conchobhar mac Taidhg Uí Cheallaigh do mharbhadh la Tadhg mac Diarmada Uí Cheallaigh.

M1356.6

Toirrdhealbhach mac Aedha Bréifnigh Uí Concobhair do mharbhadh la Cloinn n-Donnchaidh.

M1356.7

Diarmaid mac Diarmada Mhécc Carthaigh & Donnchadh a mhac do mharbhadh la mac Uí Suilleabháin.

M1356.8

Mór inghen Uí Concobhair d'écc, ben Uí Fherghail i-sidhe.

M1356.9

Muirchertach mac Seaain Uí Neill do mharbhadh la Pilib Mhág Uidir.

M1356.10

Dubhghall Mac Suibhne do mharbhadh do Dhomhnall Ua Concobhair.

M1356.11

Ruaidhri mac Aedha Uí Choncobair, & Domhnall mac Aedha Breifnigh Uí Chonchobhair d'écc.

M1356.12

Donnchadh Mac Con Mara mac toisigh dob'ferr i l-Leth Modha i n-a aimsir fén do mharbhadh la Siol m-Briain.

M1356.13

Donnchadh Próisteach do mharbhadh la dis dia mhuintir fein tria cheilg.

M1356.14

Gearoittin Triel do bhásughadh la muintir Righ Saxan ar faitche Átha Cliath.

M1356.15

Murchadh mac Briain Uí Néill do écc.

M1356.16

Felim mac Aedha mic Domhnaill Óicc tigherna Thíre Conaill do mharbhadh la mac a dearbhbrathar fein Seaan mac Concobair Uí Dhomhnaill, & Seaan do gabhail tighearnais Tire Conaill gan imreasain.

Annal M1357

AOIS CRIOST, 1357.

M1357.0

Aois Criost, míle, trí chétt, caoccatt, a Seacht.

M1357.1

Clement Ó Duibhgennáin biocaire Cille Ronáin d'écc. Saccart na Sionnach at-berthí fris.

M1357.2>

Maghnus Mhág Mathghamhna tigherna Oirghiall, Lochlainn mac Muirchertaigh


p.612

Uí Choncobhair, & Ferghal Muimhneach Ua Duibhgennán ollamh Conmhaicne & Cloinne Maoil Ruanaidh Thíss & Tuas d'ég.

M1357.3

Seaan mac Briain Uí Raghallaigh do mharbhadh la Gallaibh.

M1357.4

Brian mac Giolla Criost Uí Ruairc & Maghnus Buidhe Mag Shamradhain do mharbhadh i Rúta Meic Uidhilin la h-Aodh Ó Néill.

M1357.5

Donn Slébhe Mac Cerbhaill saormaighistir senma & airpheteach do budh ferr i n-a aimsir fén d' écc.

M1357.6

Síth coitchenn eitir an dá Chathal, Cathal mac Aodha Bréifnigh & Cathal Ócc mac Cathail mic Domhnaill.

Annal M1358

AOIS CRIOST, 1358.

M1358.0

Aois Criost, míle, trí ched, caoccatt, a h-ocht.

M1358.1

Brian Mac Cathmaoil epscop Uirghiall d'ecc.

M1358.2

Maghnus Mhácc Uidhir do mharbhadh la Cloinn Cathmhaoil.

M1358.3

Domhnall Ua h-Eghra tigherna Luighne d'écc lá Cásg.

M1358.4

Concobhar Ó h-Ainlighe taoiseach Chenél Dobtha Mic Aenghusa d'écc, iar m-breith bhuadha ó domhan & ó dheamhan dó.

M1358.5

Maidhm do thabhairt d'Aodh Ua Néill for Airgiallaibh, & for Feraibh Manach dú in ro marbhadh Aédh Mac Caba, & mac an Epscoip Uí Dhubhda (.i. Maoileachloinn) co sochaidhibh imaille friú.

M1358.6

Maidhm mór do thabairt d'Ua Mordha for Ghallaibh Átha Cliath, & dá fhichitt décc do mharbhadh ar én lathair lais dhíobh.


p.614

M1358.7

Toirrdhealbhach mac Aedha na Fiodhbhaidhe Uí Neill & mac Aintriu Meic Feoruis d'écc.

M1358.8

Cioth mór d'ferthain i Crich Coirpre isin Samhradh co nar mó fiadhubhall ina gach cloch de.

M1358.9

Senicin Mac Uidhilin ardconsabla cuigid Uladh do écc.

M1358.10

Mac Giolla Íosa Uí Fhlannagáin do mharbhadh la Magnus mac Cathail mic Aedha Bréifnigh.

Annal M1359

AOIS CRIOST, 1359.

M1359.0

Aois Criost, míle, trí ched, caoccatt, a naoí.

M1359.1

Corbmac Mac Cárthaigh tigherna Deasmhumhan, & Domhnall mac Taidhg Uí Mathghamhna d'écc.

M1359.2

Maidhm mór do thabairt do Chathal Óg mac Cathail Uí Concobhair occ Áth Senigh ar Sheaan mac Conchobhair Uí Dhomhnaill, & ar Chonallchaibh. Seaan Ó Dochartaigh taoiseach Arda Miodhair, Eoghan Connachtach, Toirrdhealbhach Mac Suibhne do ghabháil do mhac Uí Concobhair don chur-soin, & daoíne iomdha do marbadh lais.

Matha Macc Shamradhain adbar toisigh Theallaigh Eachdhach, do lot an lá-so & a écc da bithin iar rochtain a thighe fein dó. Cathal Bodhar mac Cathail Uí Ruairc, & Maol Seachlainn Ó Gairmleadhaigh do comhthuitim re aroile ar an c-coccadh c-cedna-so iar m-breith sloigh doridhisi do Chathal Ó


p.616

Concobhair go Tír Chonaill go rangatar drong da mhuintir duteaidh Uí Gairmledaigh im Chathal Bodhar Ua Ruairc.

M1359.3

Muircertach mac Tomais Uí Fhloinn Line adhbhar tighearna Ua Tuirtre do mharbhadh d'Aodh mac Briain mic Aodha Buidhe Uí Néill.

M1359.4

Brian Mac Donnchaidh adbar tigherna Ua n-Ailella do marbadh do Mac Sencha d'oireacht Uí Ghadhra.

M1359.5

Enrí mac Ullicc mic Riocaird A Búrc d' écc.

M1359.6

Murchadh Ócc Mac Mathghamhna adbar tighearna Corco Baiscind do marbhadh la Síol m-Briain.

M1359.7

Maghnas Ua Dubhda mac tighearna Ua Fiachrach & Aodh mac Conchobhair Meic Aedhaccáin d'écc aen-rogha bretheaman Ereann.

M1359.8

Domhnall mac Taidhg Uí Mhathghamhna do mharbhadh.

M1359.9

Art mac Amlaoibh Uí Ruairc do mharbhadh la Mág Aenghusa.

Annal M1360

AOIS CRIOST, 1360.

M1360.0

Aois Criost, mile, trí chéd, a seasccatt.

M1360.1

Maol Ruanaidh mac an Chammuinélaigh Uí Baoighill toiseach na Tri Tuath, saoi oirrderc ar eineach, ar uaisle, ar chéill ar cosccur, & ar comairge d'écc.

M1360.2

Amhlaoibh mac Seaffraidh Mhég Raghnaill do mharbhadh.

M1360.3

Sir Roiberd Sabhaoís & Diarmaitt Ó h-Ainlighe d'écc.

M1360.4

Ros Commain, Daimhinis, Sliccech, Mainistir Lesa Gabhail, Fiodhnach & Druim Lias do losccadh.

M1360.5

Seaan mac Giolla Criost Uí Ruairc do marbhadh d'Aedh Mág Dhorchaidh.

M1360.6

Diarmait Ua Briain d'aithrioghadh do mhac a brathar budhdhein.


p.618

M1360.7

Diarmait mac Donnchadha Riabhaigh Meic Diarmata do mharbhadh la Cathal Óg mac Cathail Uí Choncobhair.

M1360.8

Ingen Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair ben Ferghail Uí Raighilligh do mharbhadh d' easgar.

M1360.9

Droichett clochaelta do dhenamh la Cathal Óg Ó c-Concobair ar abainn Essa Dara.

M1360.10

Ferghal mac Seaffraidh Mheg Raghnaill & Tuathal Ua Fionachta d'écc.

M1360.11

Naomhacc Ó Duibgennan d'écc.

M1360.12

Cathal mac an Caoich Meg Raghnaill do marbhadh.

M1360.13

Giolla na Naomh Ó Connmaigh ollamh Túadhmumhan le seinm d'écc.

M1360.14

Mac righ Saxan do tocht i n-Erind.

M1360.15

Art mac Giolla Riabhaigh Mhég Aengusa do marbhadh la cloinn an t-Sábhaoisigh & la mac Muircertaigh Riagánaigh Mhég Aonghusa i meabhail.

M1360.16

Sluaighedh la Cathal i Tír n-Amhalgadha gur ro mill tighe & templa iomdha.

Annal M1361

AOIS CRIOST, 1361.

M1361.0

Aois Criost, mile, trí chéd, Seasccat a h-áon.

M1361.1

Benidhecht Ua Mocháin airchindeach Cille h-Atracht d' écc.

M1361.2

Art Mac Murchadha Rí Laighen & Domhnall Riabhach rioghdhamhna Laighean


p.620

do gabhail la Mac righ Saxan i n-a tigh fein tre cheilg, & a n-écc as a h-aithle i n-a m-braighdeanas.

M1361.3

Corbmac Ballach Ó Maoileachlainn Ri Midhe, Donnchadh Ua Lochlainn tighearna Corcomdruadh, Cathal & Muirchertach da mhac Aedha mic Eoghain, Dubhócc ingen Aedha Még Uidhir ben Chon Chonnacht mic Pilip Mhég Mathgamna, Tomas Mag Tighernain taoiseach Teallaigh Dunchadha, Niocol Ó Fionachta Tuathal Ó Máille, iad-sidhe d'ég uile.

M1361.4

Sir Émann A Búrc, Remann mac Burcaigh an Muine, Uater Stondún & Gillebert Mac Maoil Ir d'écc.

M1361.5

Cluithe an righ i n-Érinn uile co comcoitchionn & Risderd Sauaois d'écc da bithin.

M1361.6

Mac Raith Ua Find ollamh Sil Muiredhaigh i seinm & i tiompánacht d'écc.

M1361.7

Creacha mora do denamh la Mac Uilliam Burc, & la Mac Feorais, & la Gallaibh Connacht uile ar Chathal Óg mac Cathail Uí Concobhair go ro creachsat, & go ro airgset Luighne & Tír Fiachrach. Sluaigheadh la Cathal ier t-tain do dhioghail i n-dearnsat go ro aircc oirecht Meic Feorais, & crioch Emainn Meic Hoiberd gur ro mill & gur ro loit an tír go léir.