Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1342

AOIS CRIOST, 1342.

M1342.0

Aois Criost, míle, trí chéd, cethrachatt, a dó.

M1342.1

Coimheirghe coccaidh eidir Toirrdealbhach Ua c-Concobhair & Concobhar Mac Diarmada tighearna Moighe Luirg. Emann A Burc d' eirghe a c-commbaidh Meic Diarmata i n-aghaidh Uí Choncobhair.

M1342.2

Aodh mac Fedlimidh Uí Choncobhair & Donnchadh Ua Birn taoiseach Tíre Briúin na Sionna do chor Toirrdhealbhaigh Uí Choncobhair i t-Teampall Oile Finn iar n-dol dó do ghabhail gill creche do-ronsat muintir Birn ar Hoiberd A Burc, & cuid do Gall-oglachaibh Uí Choncobhair do mharbhadh doibh immaille re na consabal, .i. Mac Ruaidhri.

M1342.3

Coccadh coittchenn d'eirghe h-i c-Connachtaibh iar sin. Clann Mhuircertaigh do dhol i rann Uí Conchobhair ar tús i n-aghaidh Meic Diarmata, iompúdh doibh iaromh la Mac Diarmada & le Mac Uilliam. Feall graineamhail do dénomh do Cloinn Muiris iar sin i n-a n-oirechtas fein ar Cloinn Uilliam Burc, & Tomas


p.574

Burc do mharbhadh doibh, & Seoinin A Burc do mharbhadh la Cloinn Riocaird ar an c-cor c-cedna tria fhoraileamh Cloinne Muiris & Ui Choncobhair. Cathal mac Giolla Criost Meic Diarmada do mharbhadh d' Ferghal Ua Thaidhg ar an c-cogadh cedna, & Fearghal mac Giolla Criost Finn Mic Corbmaic do mharbhadh air bhéos.

M1342.4

Commascc crodha do thabairt do Mac Diarmatta gusna h-uaislibh batar i n-a fharradh d'Ua c-Concobhair i m-Bél Atha Slisen dar lingead an t-áth fair & Diarmaitt mac Briain Uí Fergail, fer a aoisi dob'fherr do Conmaicnibh, mac Hoiberd A Burc, & Concobar mac Donnchadha Duibh Uí Éilighe do mharbhadh don chur-sin.

M1342.5

Seaan Mhag Mathghamhna tigherna Oirghiall do dul ar creich go h-Aedh mac Rooilbh Mhég Mhathghamhna, & a mharbhadh ar deredh na creche, & a Ghall-occlachaibh immaille ris do mharbhadh & do badhadh.

M1342.6

Corbmac mac Ruaidhri mic Domhnaill Uí Choncobhair do ghabhail la Conchobhar mac Taidhg, & le Ruaidhri mac Cathail Uí Concobhair. Concobar mac Taidhg do ghabhail le Brian mac Ruaidhri iar sin, & a tabairt dhó i laimh Concobair Meic Diarmada, & a cor da coimhéd i c-Carraic Locha Cé.

M1342.7

Domhnall Ua Dochartaigh toiseach Arda Miodhair & triocha ched Tíre h-Énda, fear lán d'eineach, & d'engnamh d'écc, & Seaan Ó Dochartaigh do gabail a ionaid.

M1342.8

Siol Muireadhaigh uile do iompudh ar Toirrdealbach mac Aedha mic Eoghain immaille risnamaithibh oile batar ga toirneadh. As iad as oireghdha do eirigh dhó an ionbaidh-sin, Emann Mac Uilliam Burc, Concobhar Mac Diarmada tigherna Maigi Luirg co n-a braithribh, & co n-a oirecht uile, Aodh mac Aedha Breifnigh mic Cathal Ruaidh Uí Concobhair, Tadhg mac Ruaidhrí Uí Choncobhair, Cathal mac Aedha Breifnigh mic Cathail Ruaidh go sochraidi na Breifne & Chonmaicne archena, & Aedh mac Felim mic Aodha mic Eoghain Uí Chonchobhair. Tionól dóibh-siomh uile i nd-agaidh Ui Choncobhair, & a athchor go h-aimhdheonach as a thír & as a thalomh feisin conadh í comhairle tuccsat a charaid dó iar sin dol do shaighidh Meic Diarmada co h-incleithe gan rathughadh do mhorán d'fios a n-diongnadh sith ris. Gidhedh fuarattar Clann Muircertaigh sgéla na


p.576

comhairle-sin, & fios na h-aidche d'áiridhe i n-a t-tiocfadh Ua Concobhair do shoighid Meic Diarmada, ionnus gur inleadar iatt féin roimhe ar bernadhaibh baoghail na conaire i n-gebadh co longport Meic Diarmata. Acht chena do-chuaidh Toirrdealbhach en triar marcach tarsa no gur h-eirgedh dhó ar tóchar an longpuirt. Loitter Cathal mac Aedha Breifnigh lais fo cettóir, & ger bhuathadh i n-aghaidh iolair ei-siomh go n-a thriar oile i mesg na sochaidhe batar i n-a aghaidh, do-chuaidh uatha da n-aimhdheóin gan fuiliughadh gan fordhergadh air fein ina ar aon dia mhuintir. Ciodh tra acht nochar b-feas do Mac Diarmada Toirrdhealbhach do beith isin móiréccen-sin no go c-cuala an teighim, an mairgneach & an mallachadh mór ga dhénamh seachnon an longpuirt, & iar f-fahgbháil sgél dó cuiris daoine tairisi ós iseal i coinne Uí Choncobhair dia breith gusan c-Carraic da caomhna go f-fesadh fein an f-fédfadh a shíd do dénamh. Baoí Ó Concobhair iar sin sechtmain, & maithe na tíre ag tocht ar cuairt chuige, & uadha ar furaileamh Mec Diarmada. Gidheadh ó nach b-fuair Mac Diarmada ced na síthe do dhénamh téid fein buidhen marcsloigh les gur ro fagbhatar é i Ros Commain.

M1342.9

Conchobhar (.i. Concobhar Ruadh) Mag Eochagáin tigerna Cenél Fhiachach do mharbhadh la Gallaibh.

M1342.10

Tomás Ua Cinga, Muiris Mag Eochagain, Siommon mac Concobair mic Siommoin Meic Giolla Arraith taoiseach do thaoiseachaibh Luighne d'écc.

M1342.11

Murchadh mac Tomoltaigh Uí Flannagain an tres fer dob'ferr da chinedh do mharbhadh do Gall-ócclachaibh meic Cathail.

M1342.12

Aodh mhac Aedha Breifnigh mic Cathail Ruaidh Uí Choncobhair do righadh do Connachtaibh & do Mhac Uilliam Burc an céd Luan do geimreadh iar n-aithrigheadh


p.578

Toirrdhealbhaigh dóibh, & tanaisecht Connacht do thabairt d' Aedh mac Fedlimidh Ui Concobair. Tir n-Oilella do thabhairt d' Fergal Mac Diarmatta.

M1342.13

Tadhg mac Tomoltaigh mic Muirghiusa Meic Donnchaidh d'ionnarbadh as a dhuthaigh fein lá Concobhar Mac Diarmata & la a braithribh, & é do beith i f-farradh Toirrdealbhaigh Uí Concobhair, & Ferghal mac Tomaltaigh do ghabhail Thire h-Oilella dia és.

M1342.14

An Giolla Dubh Mhag Uidhir do bathadh for Loch Éirne.

M1342.15

Matha Mac Magnusa brughaidh coitcind conaigh na ro diúlt fri dreich n-duine do truagh nó do trén d' ég.

M1342.16

Conchobhar mac Aodha mic Domhnaill Oíg Uí Dhomhnaill tigherna Chenel c-Conuill, Íochtair Chonnacht, Fher Manach Cenel Moáin & Insi h-Eóghain, Soidheach diongmhala d'airdrighe Erenn ar chruth, ar chéill, ar oineach, ar oirrdhercus, ar ghaois, ar ghliocus, ar menmnaighe, ar móirchetfaidh, ar crodhacht, ar calmatas, ar crabaidh, & choindercle, do mharbhadh la a dearbhrathair Niall Ó Domhnaill iar t-tabhairt ammaiss oidhche fair i n-a longport fein i Murbhach, & Niall feisin do ghabháil a ionaidh.

M1342.17

Flann Óg Ó Domhnalláin ollamh Connacht i n-dán do écc.

M1342.18

Domhnall Ó Coinleisg saoí shenchaidh do mharbhadh la h-Uibh Diarmada gar ria c-Caisg.

M1342.19

Tomas Mac Giolla Coisgligh saoi ar eineach & ar engnamh do écc.

M1342.20

Piarus Albanach do mharbhadh la cloinn Maoil Ir Meic Feórais.


p.580

Annal M1343

AOIS CRIOST, 1343.

M1343.0

Aois Criost, mile, trí chéd, ceathrachatt, a trí.

M1343.1

Seaan Mac Eoaigh epscop Conmaicne d'écc.

M1343.2

Iohannes Ó Laithimh epscop Cille h-Alaidh, & Cathal Mac an Liathanaigh abb na Trinoitte d'écc.

M1343.3

Donnchadh Clerech Ó Maoil Brénaind canánach coraidh Oile Finn do mharbhadh d'urchur soighde le muintir Hoiberd mic Dabid Duinn Meic Uilliam.

M1343.4

Slaine ingen Uí Bhriain ben Toirrdhealbhaigh Uí Choncobhair righ Connacht d'écc.

M1343.5

Cathal Ó Madadháin saoí einigh & oirrdearcais a chenél féin do mharbhadh la Cloinn Ricairtt.

M1343.6

Derbháil inghen Aedha Uí Domhnaill do thoidheacht ar cuairt co h-Inis Doighre d'fechain Meic Diarmada, & galar a h-écca do gabháil annsin co b-fuair bás & ro h-adhnaiceadh go h-uasal onórach i Mainistir na Buille, & nocha t-tainicc roimpe dia cineadh aoin-bhen rug barr a maithessa.

M1343.7

Dubhchabhlaigh inghen Meic Diarmada bean Uí Birn d' écc.

M1343.8

Muirchertach Ua Briain tighearna Tuadhmhumhan d'ecc, & Diarmaitt Ua Briain do gabáil an tighearnais, & a athchor as a flaithes la Brian Ua m-Briain, & maithe Tuadhmhumhan do umhlughadh do Brian iar sin.

M1343.9

Tomas Macc Shamhradhain taoiseach Teallaigh Eachdhach d'écc.

M1343.10

Uilleac mac Riocaird mic Ulliam Léith, macaomh Gall Ereann i n-eneach & i n-engnomh d'écc.

M1343.11

Maidhm mór ria c-Cloinn Feórais & ria c-Cloinn Riocaird for Uíbh Maine dú in ro marbhadh aoín-fher décc d'uaislibh Maineach im Concobhar Cerrbhach Ó Cheallaigh.


p.582

M1343.12

Niall Ó Domhnaill do cor as a flaithes la h-Aenghus Ua n-Domhnaill & le Domhnall (.i. Domhnall Dubh) Ua m-Baoighill, le h-Ua n-Dochartaigh le nert Aodha Reamhair Uí Néill, & le cloinn t-Suibhne, & Aengus mac Concobair mic Aedha mic Domhnaill Óig do chor h-i t-tighernus Tíre Conaill.

M1343.13

Clann Muirchertaigh do diochur as an m-Brefne la h-Ualgarg Ua Ruairc le Toirrdhealbhach Ua Concobhair, & la Tadhg Mhág Raghnaill co n-deachsat go Tír Aedha d'ionnsoighidh Uí Domhnaill, & tug Aenghus (.i. Ó Domhnaill) Tír Aodha doibh. Tachar do theccmhail iar sin eidir Aonghus & Niall (.i. i n-Achadh Mona) & Clann Muircertaigh d'eirghe la h-Aonghus i n-aghaidh Néill, maidhm do thabhairt leo for Niall go n-a mhuintir. Aindiles Ua Baoighill taoíseach Thíre Ainmireach co n-a mac, Eoghan mac Airt Uí Dhomhnaill & sochaidhe oile do mharbhadh an tan-sin, & Aenghus do bhreith bhuadha.

M1343.14

Dauit Mág Oirechtoighcomhorba Patraicc d'écc.

M1343.15

Eóin Mhag Dhuibhne airchideochain Droma Leathain do écc.

M1343.16

Conchobhar Mhac Diarmata tigherna Mhuighe Luirg tuile ordain, & oireachais cloinne Maol Ruanaidh Moir mic Taidg mic Cathail mic Concobhair do ecc ria tigh féin sechtmhain ria Samhain Dia Sathairn ar aoi laithe seachtmuine iar m-breith buadha o domhan & o dhemhan, & a adhnacal i Mainistir na Búille, & Ferghal Mac Diarmata a dherbhrathair fein do oirdneadh i n-a ionad.

M1343.17

Ruaidhri Magcraith ollamh Leithe Mogha le dan do ecc.


p.584

Annal M1344

AOIS CRIOST, 1344.

M1344.0

Aois Criost, mile, tri chéd, ceathrachatt, a ceathair.

M1344.1

Epscob Luigne d'écc.

M1344.2

Murchadh mac Mhaoil Mhuáidh Uí Eghra abb na Buille & adhbhar epscoip Luighne do écc.

M1344.3

Niocól Macc Raith comhorba Termainn Da Beoucc d'ecc.

M1344.4

Art Mór mac Corbmaic Uí Mhaoileaclainn ri Midhe do mharbhadh la Corbmac m-Ballach Ua Maoíleachlainn, & é fein do ghabail a ionaid.

M1344.5

Aodh mac Rooilbh Meg Mathghamna tighearna Oirghiall d' écc, & Murchadh Óg Mhág Mathgamhna do ghabháil an tighearnais 'na dheoidh, & a écc h-i cinn seachtmhaine. Maghnus mac Eocha mic Rooilbh Még Mhathgamhna do ghabháil an tighearnais iar sin.

M1344.6

Uilliam mac Mathgamna Mhég Raghnaill do mharbhadh la macaibh Cathail Mheg Raghnaill.

M1344.7

Mathghamain mac Giolla Criost Clerigh Meic Diarmata do mharbhadh la Muintir n-Elighe ar an c-Coirrshliabh.

M1344.8

Brian mac Ruaidhri Mhég Uidhir d' écc.

Annal M1345

AOIS CRIOST, 1345.

M1345.0

Aois Criost, mile, trí chéd, ceathrachatt, a cúig.

M1345.1

Giolla na Naomh Ó Cianáin abb Leasa Gabhail do écc.

M1345.2

Toirrdhealbach mac Aodha mic Eoghain Uí Choncobhair Rí Connacht do marbhadh d'urchar do shoighitt (.i. isin foghmar) i f-Fiodh Doradha h-i Muintiri Eolais iar n-dol do chongnamh dhó lá Tadhg Mag Raghnaill i n-aghaidh chloinne Muircertaigh Muimhnigh Uí Choncobhair co Loch Airind. Clann Muircertaig,


p.586

& an chuid oile do Muintir Eolais dia leanmain go Fiodh Doradha, & a marbhadh ar Guirtín na Spideóige, & nocha t-torchair do Ghaoidhealaibh re h-athaidh roimhe imchein sgel budh mó inas, & Aodh mac Toirrdhealbhaigh do rioghadh i n-a ionatt.

M1345.3

Brian Ua Ferghail deghadhbar tighearna na h-Anghaile d'ecc. Fear na ro thuill imdeargadh im ní da b-fuair isin m-bith, co rug buaidh o dhomhan, & o deman.

M1345.4

Aodh Ó Néill do dul coblach ar Loch Eachach, & Clann Aedha Buidhe co n-a t-tionól do breith fair, & daoine iomdha do lot & do mharbhadh etarra. Acht chena tearna Aedh i n-a longaibh uaidhibh dia n-aimdheoin.

M1345.5

Magnus Ó Floinn Line do marbhadh la Domhnall Donn, & la Brian O Néill.

M1345.6

Corbmac mac Ruaidhri Uí Chonchobhair do écc.

M1345.7

Corpmac mac Muircertaigh Meic Lochlainn do mharbhadh la macaibh Ualghairg meic Ferghail.

Annal M1346

AOIS CRIOST, 1346.

M1346.0

Aois Criost, míle, trí chéd, cethhrachat, a sé.

M1346.1

Coccadh do fhás eitir Ua Ruairc, .i. Ualgarg, & Ruaidhri mac Cathail Uí Chonchobhair. Tachar do thegmhail etorra i c-Calraighe Locha Gile, & Sraineadh


p.588

for Ua Ruairc & a Ghall-occlacha uile do mharbhadh, .i. Mág Buirrce & Mac Neill Caimm co n-a muintir. O Ruairc do leanmhain do Ruaidhri Ua c-Concobhair & do Cloinn n-Donnchaidh as a h-aithle, & a mharbhadh la Maol Ruanaidh Mac Donnchaidh, & ro budh móirécht e-sidhe.

M1346.2

Ceithre meic Cathail mic an Chaoich Még Raghnaill do gabail ar Loch an Sguir do Chonchobhar Mag Raghnaill. Tomaltach Mág Raghnaill da m-breith lais co Caisiol Cosccraigh, & a marbhadh dó annsin.

M1346.3

Cu Uladh Mac Cathmaoil toíseach Cenél Feradhaigh do marbhadh la Domhnall Mac Cathmaoil.

M1346.4

Maidhm la Brian Mág Mathgamna for Ghallaibh go ráinicc trí chétt cenn i n-airemh dhibh.

M1346.5

Niall Ó Domhnaill, Clann Muirchertaigh, mac Fedhlimidh Uí Concobhair, & Muirghes Mac Diarmata do lenmhain Ruaidhri mic Cathail go Cúil Maoile go t-tugsat maidhm fair, & for Cloinn n-Donnchaidh annsin gur cuireadh ár orra, & a c-creachadh as a h-aithle dhóibh go m-baoí a lor dhaothain creach lais.

M1346.6

Mac Diarmada Gall do mharbhadh tre feill i n-a tigh féin la cloinn Uaildrin Meic Goisdealbhaigh & Corpmac Caoch Mac Fínghin do mharbhadh dhóibh imaille fris.

M1346.7

Concobar Ua Birn do mharbhadh.

M1346.8

Iomhar mac Murchadha Uí Fherghail do mharbhadh la Brian Mac Tighearnain, & la Cloinn Meic Muircertaigh.

M1346.9

Art Mac Tomáis Uí Ruairc do mharbhadh la Domhnall Mag Tighearnain.


p.590

Annal M1347

AOIS CRIOST, 1347.

M1347.0

Aois Criost, mile, trí chéd, ceathrachatt, a Seacht.

M1347.1

Maol Maedhóg Ó Táichligh oifficél Locha h-Erne do écc.

M1347.2

Giolla na Naomh mac Seaffraidh mic Ghiolla na Naomh Uí Fherghail tighearna na h-Angaile cenn cosanta Conmhaicneach ar ghoil ar gaisccidh, ar eneach, & ar oirrdearcus do écc i c-Cluain Lis Béic iar m-beith athaidh imchian i n-airdchennus na h-Anghoile dhó & é do breith buadha ó dhoman & ó dheman. Cathal mac Murchadha mic Giolla na Naomh Uí Fherghail do ghabhail tighearnais na h-Angaile iaromh.

M1347.3

Muirghius Mac Diarmata do mharbhadh la Seaan Ruadh Mac Dauid A Burc.

M1347.4

Tadhg Mhág Raghnaill taoíseach Mhuintire h-Eólais do ghabail do Cloinn Muircertaigh.

M1347.5

Uilliam Mac Dauid do mharbhadh do Thadhg Ruadh Mac Diarmata Gall i m-Baile an Topair.

M1347.6

Tomas Mac Artain tighearna Ua n-Eachdhach Uladh do chrochadh la Gallaibh.

M1347.7

Eoghan Ua Madadhain taoíseach Sil n-Anmchadha d' écc & Murchadh a mhac do ghabhail cennais Sil n-Anmchadha.

M1347.8

Aenghus mac Gadhra Uí Madadhain do écc.

M1347.9

Teampall Chille Rónáin do chor suas d'Fearghal Ua Dubhgionnáin.

M1347.10

Finnguala inghen Meic Fingin ben Ferghail Uí Duibhgionnain d'écc.

M1347.11

Enrí mac Aedha Buidhe Uí Neill, Fionnghuala inghean Maoil Seachlainn Uí Raighilligh, & an Giolla Dubh Mac Gille Mo Chua d'ecc.

M1347.12

Donnchad mac Aedha Óig Uí Ferghail d' écc.

M1347.13

Sídhradh Ó Cuirnín saoí fhileadh & ollamh na Bréifne e-sidhe do ecc.


p.592

Annal M1348

AOIS CRIOST, 1348.

M1348.0

Aois Criost, mile, tri chéd, cethrachatt a h-ocht.

M1348.1

Giolla na Naomh Ua Cianain abb Lesa Gabail do écc.

M1348.2

Niall Garbh Ua Domhnaill tigherna Thire Conaill iar b-faghbhail mór n-imresna dhó h-i t-tighernus & ria t-tighernus, do marbhadh la Maghnuss Meabhlach Ua n-Domhnaill tria cheilg & fhionghail (.i. i port Insi Saimher). Ba cur crodha comnart cosnamhach an t-i Niall go sin, & ba liach a aoideadh amhlaidh sin. Aonghus mac Conchobhair Uí Dhomhnaill baoi i n-imreasain fri Niall do ghabhail an tighearnais.

M1348.3

Cathal Ó Fergail tighearna na h-Anghaile d'écc.

M1348.4

Maoileachlainn Mhág Oireachtaigh taoiseach Muintire Rodhuibh, & Donnchadh Mag Bradaigh taoiseach Cuile Brigde d' écc.

M1348.5

Coimheirghe choccadh eidir Ferghal Mac Diarmada & Ruaidhri mac Cathail mic Domhnaill Uí Choncobair. Longport Meic Diarmada do losccadh la Ruaidhri. Mac Diarmata do thionol a charad as a h- aithle co n-deachsatt i n-diaidh Ruaidhri go a longport go Baile an Mhotaigh gur ro loiscceadh an baile leó eittir cloich & crand, & ni ro cuireadh 'na n-aghaidh gur tillsett dia t-tighibh doridhisi. Tugsat mac Uí Ruairc baoí i m-braigdeanus isin m-baile ass immaille re gach braghaid oile da f-fuairsett ann.

M1348.6

Clann Feorais do ionnarbhadh la h-Émann A Búrc gur bo h-eigen do Mac Feorais tocht dia chothughadh go teagh Uí Concobhair.


p.594

Annal M1349

AOIS CRIOST, 1349

M1349.0

Aois Criost, mile, trí chéd, cethrachatt, a naoí.

M1349.1

Maidhm do thabhairt la h-Aodh Ua Ruairc ar Flaithbertach Ua Ruairc ar Donnchadh Ua n-Domhnaill, & ar Dartraighibh. Aodh Macc Flannchaidh taoiseach Dartraighe Giolla Criost Mag Fhlannchadha, Lochlainn mac Aindilis Uí Bhaoíghill & sochaidhe immaille friú do mharbhadh don commasc h-isin.

M1349.2

Eoin Dubh Mac Domhnaill do mharbhadh la Maghnus mac Eochadha Mhég Mathghamhna.

M1349.3

Giolla na Naomh Ó h-Uigind Saoí le dán d' écc.

M1349.4

Coimeirghe do denomh eidir Mac n-Diarmada doridhisi & Ruaidhri Ua Concobhair gur ro thionóil Mac Diarmada an méd fuair do Ghallaibh, & Gaoidhealaibh im Cloinn Muircertaigh & im Cenél c-Conaill dho shoighidh mic Cathail. Ruaidhri do ghluasacht rompa, & a chur go Cloinn Fermaighe dhóibh. Gidheadh nochar fhédsatt uile eittir Ghallaibh & Gaoidhealaibh greim do gabail air. Iompaíd as a h-aithle gan nert gan eidiredha. Ruaidhri do thionol sochraide iar sin gur loisg, gur mill, & gur airccesttair urmhór Maighe Luirg uile.

M1349.5

Plaigh mór i n-Erind, & go h-airidhe i Muigh Luirg co t-tugadh ár diarmhidhe ar dhaoínibh da bíthin. Matha mac Cathail Uí Ruairc d'écc don plaigh h-isin.

M1349.6

Donnchadh Riabhach mac Maoileachloinn Carraigh Meic Diarmada do ghabhail la Corbmac Bodhar Mac Diarmata, & é da breith lais i n-Airteach, & a marbhadh i n-duinetháidhe do mhuintir Airtigh, do mac Giolla Criost Mic Taichligh, & d'Ua Cearnaigh.

M1349.7

Risderd Ua Raghallaigh tighearna na Breifne Thoir, & mac an Iarla do écc.

M1349.8

Gillebert Ua Flandagáin taoiseach Tuaithe Ratha do marbhadh do mhacaibh Briain Uí Fhlannagáin.


p.596

M1349.9

Muirchertach Riaccánach Mhág Aonghusa do mharbhadh lá a bhráithribh budhdhéin.

M1349.10

Ruaidhri Ua Cathain tigherna na Craoibhe, & Airdi Cianachta do écc.

M1349.11

Aodh Ua Raghallaigh do écc.

M1349.12

An Giolla Caéch Mhág Dorchaidh do écc.

M1349.13

Muirghes Mac Donnchaidh taoíseach an Chorainn fear lán d'aithne, & d'eneach, do écc.

M1349.14

Maidhm mór do thabhairt lasan Iustis & la Gallaibh na Midhe ar Ua Maoileachloinn & ar Ghaoidhealaibh na Midhe dú i n-dorcratar sochaidhe diamaithibh.

Annal M1350

AOIS CRIOST, 1350.

M1350.0

Aois Criost, mile, trí chéd, caoccatt.

M1350.1

Uilliam Ó Dubhda epscop Chille h-Aladh, fer tógbhala ceall & neimhedh, Saoí dhiadha, dhercach, dhaonnachtach do écc.

M1350.2

Aodh (.i. rí Connacht) mac Aedha Bréifnicch Uí Choncobhair ris a ráití Ua Concobhair do mharbhadh la h-Aedh Ua Ruairc i Moigh Angaidhe.

M1350.3

Ferghal Ua Ruairc mac Ualghaircc do mharbhadh do mac Cathail Cleirigh Meic Donnchadha.

M1350.4

Brian Mac Diarmada adhbar tighearna Mhaighe Luircc do mharbhadh i Ros Commain la muintir an Epscoip Uí Fhinachta d'aon urchar soighde co tegmhaiseach, & an fear ar ar cuireadh an t-soighead do chaithemh (Ruaidhri an t-Seomra Ó Donnchadha) do chiorrbhadh fo chettóir i n-a éraic.


p.598

M1350.5

Brian mac Domhnaill mic Briain Ruaidh Uí Briain do mharbhadh tre fheill la macaibh Lorcáin Meic Ceoach. As dó ro raidheadh:

  1. Truagh aon mhac Domhnaill dala,
    Truagh oighir Briain Boramha,
    Truagh a dhul mar na saoileadh
    Truagh Clann Cheoch da chomhmaoidhemh.

M1350.6

Toirdhealbhach Ócc Ó Briain do mharbhadh sé b-fear n-décc do Chloinn Ceoach i n-dioghail a migniomha, a b-feronn & a c-crodh do bhein díobh bheós.

M1350.7

Ruaidhri mac Cathail mic Domhnaill Uí Chonchobhair do mharbhadh i fell i n-Garrdha na Fiongaile ar Brecshliabh la cloinn Ferghail Meic Donnchaidh ar forcongra Aedha mic Toirrdealbhaigh.

M1350.8

Aodh mac Toirrdealbhaigh d'aithrioghadh do Mac Uilliam Burc & do Thuathaibh Connacht, & Aédh mac Feidhlimid do ríoghadh dóibh i n-a aghaidh.

M1350.9

Cú Choiccriche Mór Mhág Eochagáin tigherna Cenél Fhiachach, Aodh mac Amhlaoibh Meguidhir, & Muirghes Mac Donnchadha d'écc.

M1350.10

Aonghus Ruadh Ua Dalaigh saoí Ereann i n-dán, & Aonghoss Ua h-Eodhosa deighfhear dana d' écc.

Annal M1351

AOIS CRIOST, 1351.

M1351.0

Aois Criost, míle, trí chéd, caoccatt, a h-aon.

M1351.1

Mainestir Ruis Oirbealaigh i n-epscoiboidecht Tuama do dhenomh do braithribh .S. Franseis.

M1351.2

Eoghan na Lathaighi Mac Suibhne do marbhadh lá Maghnus Ua n-Domhnaill.

M1351.3

Pilib Mhág Uidhir taoiseach Muintire Pheodacháin, & Enna Ó Flannagáin taoiseach Tuaithe Ratha d'écc.


p.600

M1351.4

Aodh mac Toirrdealbhaigh do ghabhail neirt doridhisi, braighdi Connacht do thabhairt dó, & Aedh Fedlimidh d'ionnarbhadh as an tír.

M1351.5

Aodh Ua Ruairc do ghabhail do Mac Pilbín Mic Uilliam Burc ag techt Ó Cruaich Patraicc dó, & Mac Diarmata d'eirghe i n-aghaidh Cloinne Pilbin tríd-sin. Creacha & comhairccne móra do dhenomh etorra de-sidhe.

M1351.6

Mathghamhain Mac Con Snámha do mharbhadh la cloinn Donnchaidh Meic Con Snamha.

M1351.7

Gairm chomhchoitcenn enigh do thabhairt d'Uilliam mac Donnchadha Muimhnigh Uí Ceallaigh im Notlaicc do damhscolaibh Ereann da lucht siubhail da bochtaibh, & da h-aidhilgneadhaibh, & fuairset uile a n-oigreir eidir maith & saith, iseal & uasal gursat buidhigh uile de-siumh & dia mhac, .i. do Maeleachloinn.