Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1332

AOIS CRIOST, 1332.

M1332.0

Aois Criost, mile, trí céd, triocha a dó.

M1332.1

Uater mac Sir Uilliam Búrc do gabhail lasan Iarla n-Donn, & a breith lais iaramh co caislén nua Innsi h-Eoghain, a écc do ghorta as a h-aithle h-i b-priosún an chaisléin remhraite.

M1332.2

Maidhm Bheirne an Mhíl for Thomaltach Mac n-Diarmata, & for Mhac Uilliam re mac an Iarla, & re Tomaltach Mac Donnchaidh, & sochaidhe dá mhuintir do marbhadh.

M1332.3>

Uilliam Gallda mac Muircertaigh Moir Még Eochagain, ticcerna Ceneoil Fhiachach do écc.

Annal M1333

AOIS CRIOST, 1333.

M1333.0

Aois Criost, mile, trí céd, triocha, a trí.

M1333.1

Florent Mac an Oglaich airchideochain Chille h-Oiridh do écc.

M1333.2

Uilliam Búrc iarla Uladh do mharbhadh la Gallaibh Uladh. Na Goill do-roighne an gniomh-sin do bhasucchadh go h-eccsamhail la muintir righ Saxan. Drong do crochadh, drong do mharbhadh, & drong do tharraing o chéle dibh i n-a dioghail.


p.552

M1333.3

Tomaltach Mac Donnchaidh Meic Diarmata tigerna Tire h-Oilella, fer ba ferr firinne, cadhus, & comairce da m-baí i n-en-aimsir ris d'ecc.

M1333.4

Feidhlimidh Ua Domhnaill an tanaisi tigerna fa h-uaisle, fa h-aireghdha & as mó ris a raibhe súil d'Eirionnchaibh d'écc.

M1333.5

Gillibert Mac Goisdelbhaigh do mharbhadh ar lar a tighe fein le Cathal Mac Diarmata Gall tre mebhail.

M1333.6

Aodh Mac Con Snamha taoiseach Muintire Cionaith d' écc.

M1333.7

Mac na h-Oidhce Ócc Mág Flannchadha do marbhadh la Connachtaibh .i. la Toirrdhealbhach Ua c-Concobhair Ri Connacht & lá Tighernán Mag Ruairc, & tighernus na Breifne do tabhairt d'Ua Raghallaigh.

M1333.8

Donnchadh mac Aodha Uí Cheallaigh do ghabhail do Thoirrdhealbhach Ó c-Concobhair Rí Connacht.

M1333.9

Sith d'foccra do Chloinn Uilliam Burc o righ Saxan.

M1333.10

Concobhar Mac Branáin taoíseach Corcachlann d' écc.

M1333.11

Aodh mac Domhnaill Oicc Í Domhnaill tigerna Chenel c-Conaill, Chenel Moáin, Innsi h-Eoghain, Fher Manach, Iochtair Chonnacht, & na Breifne, & adhbar righ Uladh uile beos, aon roba mó grain & adhuath a eccratt roimhe baoí do Ghaoidhelaibh a aimsire, aon as mó ler thuit do Ghallaibh & do Gaoidelaibh battar i n-a aghaidh, aon rob ferr smacht, reacht & riaghail bai i n-a comhfochraibh, feichemh coitcenn iarthair Eorpa ar eineach & derlaccadh d'écc iar m-breith buadha o dhomhan & demhan i n-aibítt manaigh i n-Inis Saimher, & a adhnacal co n-onoir, & co n-airmidin móir i mainistir Easa Ruaidh. Concobar Ua Domhnaill (a mhac) do ghabhail a ionaid. Ro fhás iaramh iomchosnamh etir Choncobhar & Art (a dherbhrathair) imon f-flaitheass go ro marbhadh Art a t-traitte la Concobhar.


p.554

Annal M1334

AOIS CRIOST, 1334.

M1334.0

Aois Criost, mile trí chéd, triochatt, a cethair.

M1334.1

Mórshloigheadh la Connachtaibh uile etir Ghallaibh & Gaoidhealaibh isin Mumhain do shaighidh Mheic Con Mara go ro gabhsat a braighde & gur cuirset a nert air. Teampall do losccadh do druing don t-sluaigh-soin i n-a m-battar ochtmoghat ar chéd do dhaoínibh, & dias saccart imaille riú, & gan aon diobh do thernadh as gan oghlosgadh.

M1334.2

Dechneabhar do mhuintir Donnchaidh mic Maoileachloinn Carraigh Meic Diarmata do bathadh ar Loch Techet.

M1334.3

Tadcc mac Cathail mic Domhnaill Uí Concobair d' écc.

M1334.4

Donnchadh Mac Con Snamha taoiseach Muintire Cionaith, & Seonacc mac Muircertoigh Móir Meg Eochaccáin tigerna Chenel Fiachach d'écc.

M1334.5

Uilliam Mhág Eochagán do écc.

M1334.6

Concobar Mac Branáin do écc.

M1334.7

Eóin Mac Giolla Ultain do mharbhadh la Domhnall Mac Aedha.

Annal M1335

AOIS CRIOST, 1335.

M1335.0

Aois Criost, mile trí chéd, triochatt, a cúicc.

M1335.1

Fionnghuala inghen Uí Bhriain ben Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair d'ecc.

M1335.2

Seaan mac Airt Uí Eaghra do ghabhail le mac an Iarla, & forgla a muintire do arccain.

M1335.3

Creach le cloinn Domhnaill Uí Choncobhair ar cloinn Muiris Shuccaigh Meic Gearailt dan marbhadh mac Meic Muiris. Creach oile la Cloinn Mhuiris i n-a dioghail sin for cloinn Domhnaill.

M1335.4

Iarthar Chonnacht uile do milleadh la h-Emonn A Búrc. Uilc dhirímhe eidir losccadh & marbadh do denamh dó beós ar mhac in iarla, & ar cloinn Riocaird A Búrc, & Síth do denamh doibh re 'roile iar t-tain.

M1335.5

Giolla na n-Aingeal Ó Caiside ollamh leighis Fear Manach do écc.


p.556

Annal M1336

AOIS CRIOST, 1336.

M1336.0

Aois Criost, mil e, trí chéd, triochatt, a sé.

M1336.1

Trinoit Ó Naan ardmhaigistir i n-ealadhnaibh iomda, i léx & i c-canóin d'écc.

M1336.2

Tomaltach Gerr (na c-Crech t-Timcil) Mac Diarmata, tighearna Muige Luircc. Aon bá mó cosccur ar easccairdibh, ba ferr cádhus, & comairce, engnamh, & eineach da m-baoí don chineadh dia raibhe d'écc oidhche Dhomhnaigh na Trionóide i n-a tigh fein i c-Caladh na Cairrce, & a adhnacul i Mainistir na Buille go h-onorach. Concobhar a mhac do ghabail tighernais tar a éis.

M1336.3

Teaboid A Burc Mac Uilliam & Maoil Ir Mac Siurtan d' Exetra d'écc.

M1336.4

Maidhm do thabairt d'Eoghan Ó Madadháin for Cloinn Riocaird A Búrc, & sochaidhe da muintir do marbhadh uatha .i. seiser & tri fichit.

M1336.5

Creach mor la cloinn Diarmata Gall, & la mac Feidhlimidh Uí Concobhair for Cloinn Ghoisdelbhaigh, & Maidiuc Mac Uailldrín do marbhadh i n-a tóraigheacht.

M1336.6

Creach la h-Émann Mac Uilliam Burc ar Cloinn Chathail dar h-aircceadh Concobhar Ua Flanngain & daoine iomdha oile. Maoileachlainn Ua Flannagain do mharbhadh i toraigheacht na c-creach don dul-sin, & brathair do Mac an Mileadh do ghabhail don toraigh iaromh, & braighe do denam de.

M1336.7

Concobhar Mac Diarmata tighearna Maighe Luircc, Aodh mac Feidlimidh mic Aedha Uí Concobhair go lucht tighi Uí Concobhair imaille ris, & Clann n-Donnchaidh, & Corbmac mac Ruaidhri go n-glaslaithibh criche Coirpre do dul ar


p.558

creich h-i Tír Fiachrach go rangattar Mullach Ratha. Ba na tíre do theicheadh rompo. Mairbhedala mora, iomad capall, beaccan d'eachaibh, & fochrodh ilardha do thabhairt leo, & daoine diairmhe do mharbhadh doibh, & iad fein d'iompudh slán dia t-tighibh.

M1336.8

Diarmaitt Ó Flannagain tighearna Cloinne Cathail d' écc.

M1336.9

Toirrdhealbach Ua Conchobhair Rí Connacht do thionól imirceadh na t-Thuath, Cloinne Cathail, Cloinne Conchobhair, & Moigh Luirg co h-Airteach. Caislén Mor Meic Goisdealbhaigh do gabail d'Ua Concobhair don toiscc-sin, & a briseadh, & ceithern congmhala an bhaile do tocht amach ar comairce Meic Diarmata.

M1336.10

Domhnall mac Seaain mic Domhnaill Uí Concobhair d' écc.

M1336.11

Niall mac Concobhair Mic Taidhg do mharbhadh.

M1336.12

Mainestir .S. Franseis h-i c-Carraic na Siúire i n-epspocoittecht Leasa Móir do thógbhail la h-iarla Urmhumhan Semas Buitilér.

M1336.13

Mathghamhain Ó Raighilligh do mharbhadh la Gallaibh.

M1336.14

O Mithidhéin comarba Mo Laisi do écc.


p.560

Annal M1337

AOIS CRIOST, 1337.

M1337.0

Aois Criost, mile, trí chéd, triochatt, a Seachtt.

M1337.1

Lughaidh Ó Dálaigh epscop Cluana Mic Nois d'écc iar n-deighbeathaidh.

M1337.2

Tómás mac Cormaic Uí Dhomhnaill epscop Ratha Both saoi i n-eccna, & i c-crabhadh d'écc.

M1337.3

An Maigistir Ó Rothlain d'écc.

M1337.4

Sith do dhénamh d'Uilliam mac iarla "[gt ]Uladh, & do Brian Ó Briain (.i. Brian Bán) re aroile, & na fearoinn do fholmaigh re ó mac an Iarla do leigen dó ara a c-cíos fein do tabairt asda.

M1337.5

foslongport do dénomh do rígh Connacht ag Áth Liag i n-aghaidh Emainn A Búrc.

M1337.6

Seaan Ua Follamhain tigherna Cloinne h-Uadach d' écc.

M1337.7

Tadhcc Mac Flannchadha tigearna Dartraige do marbhadh la Corbmac mac Ruaidhri mic Domhnaill Uí Concobhair re socraide oile, & i n-dioghail Seaain mic Domhnaill. Creacha móra do dhenomh ar Dartraigi dho as a h-aithle & mac Muiris Mecc Flannchaidh do marbhadh i n-a t-toraigheacht.

M1337.8

Tadhg, & Maoileachloinn, da mhac Iomair Meg Rághnaill do gabail la Cathal Mhág Raghnaill. Cathal do marbhadh iar sin i t-toraigheacht cloinne h-Iomhair da combraithribh iar t-tionol lán sochraide, dóibh im Uilliam Mag Mathghamhna, & im da mac oile Iomhair Még Ragnaill, Concobhar & Tomaltach. Magnus Ó Fearghail do mharbhadh dóibh an lá cedna. Taoiseach do dhénomh do Tadhg mac Iomhair Meg Raghnaill iar sin.

M1337.9

Domhnall Ruadh Ó Maille & Corbmac a mac do marbhadh la Cloinn Mebric, & do Ghallaibh oile immaille friu oidhche Fhele Stephain.

M1337.10

Matha Ua h-Uigind saoi re dan, & re daonnacht d' écc.

M1337.11

Enrí Mac Mairtin do mharbhadh.


p.562

M1337.12

Donnchadh mac Muircertaigh Moir Mhég Eochagáin tigherna Chenél Fhiachach do mharbhadh la h-Uibh Failghe.

M1337.13

Síth do dénumh d'Aodh Reamhar Ó Néill re h-Oirghiallaibh, & re Feraibh Manach.

M1337.14

Donnchadh Mór Ó Dubda tanaisi Ua b-Fiachrach do écc.

Annal M1338

AOIS CRIOST, 1338.

M1338.0

Aois Criost, mile, trí chéd, triochatt a h-ochtt.

M1338.1

Ruaidhri an Einigh Mag Uidhir tigerna Fer Manach aoin-fher as mó do thoirbhir d'airgett & d'édach d'eachaibh, & d'innilibh uaidh d'éigsibh, & d'ollamhnaibh Erionn i n-a aimsir fein do Shiol Uidhir d'écc.

M1338.2

Donnchadh mac Ruaidhri Uí Concobhair do mharbhadh.

M1338.3

Mac iarla Uladh, .i. Emand do ghabhail d'Emann A Búrc, cloch do cor fo a braghaitt, & a badhadh i Loch Mescca lais. Milleadh Gall Connacht, & a chineadh féin do thecht triasan n-gniomh-sin. Toirdealbhach Ó Concobhair Ri Connacht d'ionnarbhadh Émainn Mec Uilliam Burc iar sin a Connachtaibh amach iar milleadh na t-tuath & na c-ceall go h-adhbal eatorra i n-Iarthar Connacht, & nert na tíre co coitchenn do ghabhail d'Ua Chonchobhair as a h-aithle.

M1338.4

Coblach mor do longaibh & barcaibh do thionol la h-Emann A Burc iar sin & a beith for oilénaib mara athadh imchian da éis.

M1338.5

Luigni & an Corann d'folmhughadh & d'fasughadh imma n-Gallaibh, & a t-tighearnus do ghabail da n-Ghaoidhelaibh duthcassa bhudhdhéin ar n-díochur a n-Gall esdibh.

M1338.6

Tadhg mac Ruaidhri mic Cathail Uí Chonchobhair (ris a ráiti Bratach Righin) do ghabhail do Thómás Mac Samradhain, & moran da muintir do mharbhadh. Mac Shamradhain (.i. Tómas) do dul go tegh Uí Concobair iar sin, & ag teacht tara ais dó, Clann Muircertaigh & Muintir Eolais do chomchruinniughadh ara chionn, & a ghabhail iar marbhadh morain dia mhuintir.


p.564

M1338.7

Aedh an Chletigh mac Ruaidhri Uí Chonchobhair do lot ar deireadh a sluaigh fesin, & a écc da bithin.

M1338.8

Derbhail inghen Cathail Meic Murchadha ben Donnchaid meic Aedha Óig d'écc.

Annal M1339

AOIS CRIOST, 1339.

M1339.0

Aois Criost, mile, trí ched, triochatt, a naé.

M1339.1

Ruaidhri Ua Ceallaigh tigherna Ó Maine do mharbhadh la Cathal mac Aodha mic Eoghain Uí Conchobair ag dol, o thig Uí Conchobair dochum a thighe fein.

M1339.2

Tomás Mag Shamhradhain do legean amach do Cloind Muircertaigh.

M1339.3

Sloigheadh mór la h-Aedh Remor Ó Néill go Tír Conaill. Mac Seaain Uí Néill do mharbhadh & Goffraidh Ua Domhnaill don t-sluaigheadh-sin la muintir Uí Dochartaigh.

M1339.4

Emann Mac Uilliam Burc go n-a loinges d'ionnarbadh d' oilénaibh na fairrge for a m-boí do shoighidh Uladh la Toirrdealbach Ua c-Concobhair ri Connacht.

M1339.5

Inghen Toirrdhealbhaigh Uí Briain ben meic iarla Uladh do tabairt do Toirrdealbach Ua c-Concobhair, & Derbhail inghean Aodha Uí Domhnaill do leiccen dó.

M1339.6

Coccadh mór ar fhud na Midhe eittir Gallaibh & Ghaoidhealaibh.

M1339.7

Tempall Cille Ronain do dhenam la Ferghal Muimhneach Ua n-Duibhgennáin.


p.566

Annal M1340

AOIS CRIOST, 1340.

M1340.0

Aois Criost, mile, trí chéd cethrachatt.

M1340.1

Mainestir Oirbhealaigh h-i c-Carraic an Chiúil ag an c-cend thoir do Loch Léin i n-epspoccoittecht Arda Ferta isin Mumhain do thógbhail d'urd .S. Franseis la Mág Cártaigh Mór prionnsa Deasmhumhan, Domhnall mac Taidhg, & do thoghsat iomatt do mhaithibh an tire a n-adhnacal isin mainestir-sin. As dibh-sidhe Ó Suilleabhan Mór & an dá Ua Donnchadha.

M1340.2

Comhthógbail cogaidh eitir Maineachaibh, .i. eittir Tadhg mac Taidhg Uí Cheallaigh da t-tucc Toirrdhealbhach Ua Concobair (Ri Connacht) urlámhus Ua Maine, & Uilliam mac Donnchadha Muimhnig Uí Cheallaigh go ro cuireadh Uilliam a Tír Maine amach & gé do fhagaibh an tír, tug Tadhg Ua Ceallaigh go n-a braithribh & co n-a muintir toraigheacht dó co n-deachsat i n-áit iombuailte chuige. Iompaidhis Uilliam & a muintir friú fo chetóir go ro feradh caithgleó etorra. Acht chena ro marbadh Donnchad mac Aodha Uí Cheallaigh, & ro ghabhadh Tadhg Ó Ceallaigh iar n-a lot co n-deachaidh d'écc de iaromh.

M1340.3

Maoil Seachlainn Ua Gairmleadhaigh taoiseach Cenél Moain d'écc.


p.568

M1340.4

Clann Ualgairg Uí Ruairc, Domhnall, Aedh, Giolla Criost & Ruaidhri do dol for creich d'ionnsoighidh Cathail mic Aedha Breifnigh co n-dernsat creach air. Conchobhar mac Donnchadha Riabhaigh meic Maghnusa mic Muircertaigh Mhuimhnigh do marbadh leo an la cedna & sochaidhe immaille friss. Conadh í sin céd-fola mhuintire Ruairc & cloinne Muircertaigh Muimhnigh fria aroile. Cathal mac Aedha Brefnigh do thoraigheacht a chreche iar sin go rug ar cloinn Ualghaircc Uí Ruairc. Ro feradh iorghal amhnus etorra. Domhnall Ua Ruairc (aon-rogha na Breifne d'adhbhar tighearna) do mharbhadh don chur-soin go sochaidhi moir immaille ris. Giolla Criost Ua Ruairc & Mac Con Shnamha do ghabhail iar maidhm for a muintir. Tadhg mac Ruaidhri mic Cathail Ui Concobhair do baoí i l-laimh ag Ua Ruaircc do leigen amach ar comfhuaslaccadh Giolla Criost Uí Ruairc.

M1340.5

Aodh mac Fedhlimidh Uí Choncobhair do ghabhail do righ Connacht, & a cor i c-caislén Rossa Commain da choimhéd. Coccodh mór & combhuaidhreadh d'eirghe eittir Ua c-Concobhair & Mac Diarmada trésan n-gabháil-sin gur ro milleadh morán eatorra da gach taobh. Guasacht & gergabhadh d'faghail d'Ua Concobhair iar sin d'ionnsoighidh tucc Mac Diarmatta chuicce don Corann gor cuireadh go h-aimhdeonach é i m-Baile an Motaigh isteach, & síth do cengal dóibh re aroile as a h-aithle.

M1340.6

Siúrtan Ruadh Mac Goisdealbhaigh do mharbhadh do Cathal Mac Diarmata Gall.

M1340.7

Cathal Mac Diarmata Gall, aon-rogha a chinidh i n-a aoís fein ar ghoil ar ghaiscceadh ar treisi ar talchaire do mharbhadh la Donnchadh Riabhach mac Maoileachloinn Charraigh Mec Diarmada tre cheilg i lios Sealbaigh i Cloinn Conchobair.


p.570

M1340.8

Magnas mac Cathail mic Domhnaill Uí Choncobhair do mharbhadh la Cathal mac Aedha Breifnigh Uí Concobair.

M1340.9

Brian Occ Macc Shamradháin do mharbhadh le Teallach n-Dúnchadha.

M1340.10

Eoghan Ua h-Edhin tighearna Ua f-Fiachrach Aidhne do mharbhadh la a braithrib féin.

M1340.11

Eoghan mac Seffraidh Mecc Raghnaill, & Aedh Ua Maoíl Miadhaigh do mharbhadh aroile.

M1340.12

Pilib Ó Duibhgendáin ollamh Conmhaicne d'écc.

M1340.13

Uilliam mac Gillibert Mic Goisdealbaigh do mharbhadh ar ghreiss isin m-Breifne do Tellach Eachdach.

M1340.14

Ruaidhri mac Maghnusa Uí Egra d' écc.

M1340.15

Mathghamhain mac Andaidh Uí Raghallaigh do marbadh la h-Aindreas mac Briain Uí Raighilligh & creacha móra do dhénomh dhó isin m-Bolgán as a h-aithle.

M1340.16

Teampall Chille Rónain do losccadh.

M1340.17

Niall Ua h-Uigind saoi fir dhána do bháthadh.

M1340.18

Conchobhar Ua Domhnaill tighearna Tire Conaill co n-a thionol do dhul i Connachtaibh.

Annal M1341

AOIS CRIOST, 1341.

M1341.0

Aois Criost, mile, tri chéd, cethrachatt, a h-oén.

M1341.1

Muirchertach Mac an Gobhann abb Clochair d' écc.

M1341.2

Maidhm mór do thabhairt do Mhac Uilliam Burc ar Cloinn Muiris dú inar marbhadh Tomás Mac Muiris, Muiris Mac Seonaic Ruaidh & seachtmoghat fer maraon riú.

M1341.3

Domhnall Mac Dorchaidh taoiseach Cenel Luacháin d' écc.

M1341.4

Donnchadh mac Meic na h-Oidhchi Mhég Fhlannchadha do marbhadh lá h-Aedh mac Tadhg Még Flannchadha.

M1341.5

O Gairmledaigh taoiseach Cenél Moáin d' ég.

M1341.6

Cathal Mac Ceithernaigh do marbhadh do esccor.


p.572

M1341.7

Caislén Rossa Commain do ghabhail la Toirrdealbhach Ua c-Concobhair, & Aedh mac Felim boí i m-braighdenus ann do legen amach, & fuasgladh do thabhairt ass.

M1341.8

Seaan Mhág Mhathghamhna do chur a h-Airghiallaibh.

M1341.9

Brian Ua Floinn tigearna Tellaigh Curnain d'écc.

M1341.10

Cu Connacht Ua Cuinn taoisech Muintire Giollgain d'écc.

M1341.11

Diarmait Ruadh mac Corbmaic Óig Meic Diarmata d'ég i n-aibitt manaigh i Mainistir na Buille.