Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1322

AOIS CRIOST, 1322.

M1322.0

Aois Criost, mile, trí chéd, fiche, a dó.

M1322.1

Matha Ua h-Eothaigh, espucc Conmaicne (no Ard Achaidh), & Aindrias Macc Maoilin ardmhaighistir dlighidh nuifhiadhnaisi & Shenreachta i léx, & i c-canóin d'écc.

M1322.2

Lucás Ua Muiredhaigh airchideochain Cluana do écc.

M1322.3

Murchadh mac Giolla na Naomh Uí Fherghail ticcherna na h-Anghaile do marbhadh do mhac a dherbhrathar Seoinin Ó Fergail i c-Cluain Lis Beicc tré mebhail. Muircertach mac Amlaoibh Uí Fherghail do marbhadh an lá cédna dia braithribh feissin (Lochluinn, & Roiberd) tre mebhail. Lochlainn mac Amhlaoibh Uí Fhergail do marbhadh la Seoinin iar sin.

M1322.4

Donnchadh mac Donnchaidh Meic Diarmata d'écc.

M1322.5

Hannraoi Mac Gille Fhinnéin taoiseach Muintire Feodacháin do mharbhadh la cloinn Amhlaoibh Még Uídhir.

M1322.6

Gillibert Ó Ceallaigh ticcerna Ó Maine d' écc.

M1322.7

Maol Ruanaidh Mac Diarmatta do ghabhail lé Concobhar mac Taidhg Uí Concobhair, & do lucht tighe Cathail Uí Concobhair i c-Cluain Cummuiscc, & an baile d'arccain doibh.

M1322.8

Riocard Mac Feorais ticcerna Átha na Rhiogh d' écc.

M1322.9

Maidm mor do thabhairt do Bhrian Ó Bhriain for Ghallaibh.

M1322.10

Giolla na Naomh mac Sefraidh mic Giolla na Naomh Uí Fherghail do ghabhail tighearnais na h-Anghaile.

M1322.11

Uilliam Liath Búrc mac Uilliam Moir d' écc.

M1322.12

Maol Ruanaidh mac Giolla Criost mic Concobhair mic Corbmaic mic Tomaltaigh na Cairrge ticcerna Moighe Luircc d' écc.


p.528

M1322.13

Muiris mhac an Chomarba do ég.

M1322.14

Osgar mac Lochlainn Mhég Uidhir do mharbhadh la Cathal Ó Ruairc.

M1322.15

Petrus Ó Breslén ollamh breithemhan Fer Manach do écc.

M1322.16

Finghin Ó Caiside ollamh Fer Manach i leighius do écc.

M1322.17

Fearghal Ruadh Mac Samhradhain & Giolla Iosa Mac Samhradháin do mharbhadh la cloinn Amlaoibh Mhég Uidhir.

Annal M1323

AOIS CRIOST, 1323.

M1323.0

Aois Criost, míle, trí chétt, fiche, a trí.

M1323.1

Giolla Airnín Ó Cathusaigh airchindeach Cluana Da Rath do écc.

M1323.2

Cairpre an Sccreccain (.i. Ri Midhe) mac Corbmaic Uí Maoilechlainn ri Midhe do marbhadh la Domhnall Ua Maoil Muaidh tria thangnacht.

M1323.3

Maol Mordha Mag Eochaccáin d'écc.

M1323.4

Seoinin Ua Fergail do marbhadh do cloinn t-Seaain Ui Fherghail.

M1323.5

O h-Eaghra (.i. Ferghal) do mharbhadh d'Ua Chonnmacháin dá oirecht féin.

M1323.6

Ruaidhri Mhag Mathghamna mac tighearna Oirgiall, & Maol Seaclainn O Segannáin, & Mac Maeile Dúin do mharbhadh la Cathal Ó Ruairc i m-Beol Atha Conaill.

M1323.7

Niall mac Néill Chaim do mharbhadh la Lochlainn Ó Raghallaigh & la Mael Seachlainn.

M1323.8

Sloigheadh mór tainic Mac Fheorais & Goill do forbhaisi ar Dhomhnall mac Seaain Uí Ferghail go Coill na n-Amus dia ro marbhadh an Cepach & an Calbach, & Goill iomdha imaille friú.

M1323.9

Maol Medha inghen Mhég Tighearnain bean Briain Mhég Samhradháin d'écc.

M1323.10

Giolla Patraicc Ó Duibhgennain ollamh Conmaicni i senchus, & Lucas a mac do marbhadh la Concobhar mac Gairbith Még Uidhir.

M1323.11

Lochlainn mac Eoghain Uí Dalaigh do mharbhadh la cloinn Aedha Buidhe Uí Néill.


p.530

M1323.12

Gofraidh mac Giolla Íosa Uí Dhálaigh do mharbhadh la Brian mac Ruaidhri Uí Concobhair.

Annal M1324

AOIS CRIOST, 1324.

M1324.0

Aois Criost, mile, trí chéd, fiche a cethair.

M1324.1

Cathal (.i. Rí Connacht) mac Domhnaill mic Taidcc mic Briain mic Aindriasa mic Briain Luighnigh mic Toirrdhealbhaigh Móir, aon-duine ba beodha, ba mó maithes, & mór aithes dá m-baoí i n-aon aimsir ris do marbhadh la Toirrdhealbhach Ó c-Concobhair i t-Tír Briúin na Sionna, & Mac Uí Domhnaill, .i. Maoileachlainn mac Toirrdhealbhaigh Chnuic an Madhma, mic Domhnaill Oícc, tánaisi Tíre Conaill iar n-a ionnarbadh d'Ua Domhnaill, .i. Aodh mac Domhnaill Óicc & Giolla Criost Ócc Mac Donnchaidh, & sochaidhe oile do marbhadh annsin bheós im Chathal Ó c-Concobair, & Toirrdhealbach do gabhail chennais Connacht as a h-aithle.

M1324.2

Raghnall Ócc Mág Raghnaill taoiseach Muintire h-Eolais do mharbhadh.

M1324.3

Uilliam Búrc mac Uilliam Mhoir do écc.

M1324.4

Tadhg Ua Ruairc & Tigearnán Mag Ruairc do ghabhail la cloinn Matha Uí Raghallaigh, & iad-somh dia t-tairbert do Mhag Mhathghamhna, & a marbhadh lais a n-dioghail a mheic Ruaidhri ro marbhadh riasan tan-sin.

M1324.5

Donnchadh Mac Giolla Phatraicc tighearna Osraighe do écc.

M1324.6

Brian Ó Raghallaigh & Giolla Criost do mharbhadh lá muintir Ruairc.

Annal M1325

AOIS CRIOST, 1325.

M1325.0

Aois Criost, mile, trí chéd, fiche a cúig.

M1325.1

Domhnall mac Briain Uí Néill tigearna Chenél n-Eoghain do écc occ Loch Laoghoire.

M1325.2

Cu Uladh mac Domhnaill mic Briain Uí Neill deghadhbar ticcerna Tire h-Eoghain do mharbhadh la cloinn Néill mic Briain, clann derbrathar a athor.


p.532

M1325.3

Giolla Criost Clerech Mac Diarmatta & Brian Ó Gadhra d' écc.

M1325.4

Diarmait Ó Maoil Brenainn ardthaoiseach Cloinne Concobhair do écc.

M1325.5

Maol Seachlainn Ó Flannagáin taoiseach Tuaithe Rátha do marbadh la macaibh Diarmada Uí Fhlannagáin.

M1325.6

Diarmait Ua Maoíl Bhrenainn (an taoisech dioghain), Manannán taoiseach Connacht i n-a aimsir do écc.

M1325.7

Tomás Ó Coinderi deganach na Breifne d' eg.

M1325.8

Maidhm do thabhairt la cloinn Toirrdhealbhaigh Uí Briain ar chloinn Briain Ruaidh & Brian mac Mathghamhna do mharbhadh co n-druing oile imaille fris.

M1325.9

Raghnall Ó h-Uiginn & Niocol mac comharba Maodhóg do écc.

M1325.10

Raghnailt ingen Andaidh Uí Raghallaigh ben Donnchadha Meg Bradaigh do écc.

M1325.11

Donnchadh Mac Cionaith do mharbhadh i n-eacclais Mhég Mathghamhna.

Annal M1326

AOIS CRIOST, 1326.

M1326.0

Aois Criost, míle, trí chéd, fiche, a Sé.

M1326.1

Luirint Ó Lactnain espucc Oile Finn d'écc, & Seón Ó Fíonnachta do thogha dochum na h-espuccóide cedna iar sin.

M1326.2

Risderd A Burc, .i. an t-Iarla Ruadh ticcerna Uladh & Connacht d'urmor, aon rogha Gall Ereann uile do écc a n-deiredh Samhraidh.


p.534

M1326.3

Iomhar Mág Raghnaill taoiseach Muintire h-Eólais do marbhadh la a braithribh.

M1326.4

Niocol Ó h-Edhin d'ecc.

M1326.5

Toirrdhealbhach Mac an Chaoich do éc.

M1326.6

Toirrdhealbhach Mhag Mathghamhna do écc.

M1326.7

An tres Eduard do rioghadh os Saxaibh .25. Ianuarii.

M1326.8

Creach Maighe h-Ionais do denamh la h-Ua Ruairc, Ualgarg, airm in ro marbadh Gofraidh Mhág Gafraidh la Cathal Ua Ruairc.

M1326.9

Maidhm do thabhairt la Domhnall Cairbreach Mág Carthaigh ar Mac Tomais & ar Ghallaibh Mumhan du in ro marbait Ridereadha iomdha.

M1326.10

Amhlaoibh Mhag Uidhir do écc.

Annal M1327

AOIS CRIOST, 1327.

M1327.0

Aois Criost, míle, trí chéd, fiche, a Seacht.

M1327.1

Flaithbertach Mag Uidhir ticcherna Fer Manach, & Gormlaith inghean Meic Diarmata ben Mhaghnasa mic Domhnaill Uí Concobhair tánaisi Connacht re hedh, ben Choncobhair Uí Cheallaigh ticcherna Ó Maine as a h-aithle, & ben Fherghail Uí Eaghra tigerna Luigne iar sin, d'écc iar m-buaidh n-aithrighe enigh, & oirdercais.

M1327.2

Maoilechloinn Riabhach mac Domhnaill mic Taidg Uí Choncobair d'ecc do galar brec.

M1327.3

Ferghal mac Ualghairc Uí Ruairc, Cuilén Ua Diomasaigh & Sadb inghen Meic Aodhaccáin d' écc.

M1327.4

Cogadh mór eitir Righ Saxan & a ben, .i. inghen Righ Franc, & Saxan do aithrioghadh lasan mnaoí chetna, & a mac do ghabhail righe isin m-bliadhain


p.536

seachmata i n-aghaidh a athar tria forcongra a mathar, & a oirdneadh la comairle Shaxan.

M1327.5

Alban do tocht i n-Erinn.

M1327.6

Cogadh eitir mhuintir Ruairc & muintir Raghallaigh, & Cloch Locha h-Uachtair do loscadh la Cathal Ua Ruairc.

M1327.7

Caislén Locha h-Uachtair do ghabhail la h-Ua Ruairc, tregais ar fhichit bó.

M1327.8

Giolla Criost Dall Mhag Raghnaill do mharbhadh la Mac Uí Mhaoil Mhiadhaigh i n-a leabaidh féin.

M1327.9

Teidhm galair bric ar fhud Ereann dia ro éccsat ile.

Annal M1328

AOIS CRIOST, 1328.

M1328.0

Aois Criost, míle, trí chéd, fiche, a h-ocht.

M1328.1

epscop na Bréifne Ó Cridagan do éc.

M1328.2

Tomas Ó Mellaigh espucc Eanaigh Dúin d'écc isin Roimh.

M1328.3

Muiris Ó Gibelláin ardmaighistir Ereann i n-dligheadh nua & i seindliccheadh, i c-canóin & i léx, fellsomh fíreolach, saoí fhirdána, cananach coradh i t-Tuaim Dá Gualann, i n-Oil Finn, i n-Achadh Conaire, i c-Cill Alaidh, i n-Eanach Dúin, & i c-Cluain Ferta, oifficél & breithemh coitchionn na h-airdeaspuccoide, d'écc.


p.538

M1328.4

Giolla na n-Aingel Ó Taichligh airddeochain Innsi d' écc.

M1328.5

Maoil Sechloinn Ó Raighilligh ticcerna Muintire Maoil Mordha do lot do Ghallaibh na Midhe, a ghabhail doibh iar sin go b-fuairsiot braighde as, a écc dia gonaibh i n-a tigh fein as a h-aithle.

M1328.6

Giolla Adamhnain Ó Firghil comarba Adamhnain d'écc.

M1328.7

Toirneach & teinteach adhbal isin samhradh go ro milleadh mes, & tortha Ereann go díomhór, & gur fhásattar arbanna fionna fása.

M1328.8

Teidhm galair go coitcenn sechnóin Ereann (da n-goirthi Slaottán), & a beith tri laithe, no a cethair ar gach aon da n-gabhadh gur bo tanaisi báis doibh é.

M1328.9

Uilliam Burc, .i. an t-Iarla Donn mac Sir Seon (.i. Iarla) mac an Iarla Ruaidh do thocht i n-Erinn.

M1328.10

Donnchadh Ruadh Ó Gadhra & cúiccer da chineadh imaille ris do marbadh.

M1328.11

Concobhar Mac Branáin adbar taoisigh Corcachlainn do marbhadh la muintir na h-Anghaile.

M1328.12

Sluaicceadh la Uater A Búrc i c-Connachtaibh gur h-aircceadh lais morán d'aos grádha Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair righ Connacht.

M1328.13

Sir Seon Mac Feorais iarla Lugmaigh, aon bharún ba beodha, bhrioghmaire, & ba ferr oinech do Ghallaibh Ereann, do marbhadh i f-fell da muintir fein .i. do Gallaibh Oirgiall, & sochaidhe imaille ris do Ghallaibh & do Gaoidhelaibh. Ba dibh-sidhe


p.540

an Caoch Ó Cerbaill, .i. Maol Ruanaidh, aon-rogha tiompanach Ereann, & Alban e-sidhe i n-a aimsir.

M1328.14

Brian mac Tomaltaigh Meic Donnchaidh do marbhadh do Bhrian mac Taidhg Meic Donnchaidh.

M1328.15

Morsluaigheadh la h-iarla Uladh, & la Toirrdhealbhach Ua c-Conchobhair (Ri Connacht), & la Muircertach Ua m-Briain Ri Mumhan, i n-aghaid Briain Báin Uí Briain. Maidhm do thabhairt la Brian m-Ban Ó m-Briain forra-somh annsin. Concobar Ua Briain deghadbar rígh Ereann ar cruth, ar céill, ar einech, & oirdearcus, do mharbhadh don dul-sin amaille re ceithre fichit do deghdaoinibh & do daosccarsluagh do thuitim i n-a fhochair.

M1328.16

Tadcc mac Toirrdhelbhaigh Uí Concobhair do mharbhadh la Diarmait Ua n-Gadhra.

M1328.17

Comdhal choinne im Áth Chinn Locha Techet, etir Uáter Mac Uilliam Burc. Gillbert Mac Goisdealbhaigh don dara leith, & Maol Ruanaidh Mac Diarmata, & Tomaltach a mhac, & Tomaltach Mac Donnchaidh go maithibh Cloinne Maoil Ruanaidh. Maidhm do bhriseadh re Mac n-Diarmata for Uáter & for Gillbert co n-a muintir.

M1328.18

Donnchadh Gallda mac Domhnaill Uí Choncobhair do marbhadh la h-Aodh mac Taidg mic Maoilechlainn mic Maghnasa.

M1328.19

Matha Riabhach Mac Gafraidh do mharbhadh do Mhuintir Gearadáin.

M1328.20

Iomhar Mhág Raghnaill toíseach Muintire h-Eolais do marbhadh la cloind Giolla Criost Mheg Raghnaill.

M1328.21

Duibhesa inghen Uí Fherghail ben Meic Murchadha an t-Slebhe do écc.

M1328.22

An Caoch Mac Cerbhaill diarbh ainm Maol Ruanaidh, aon-rogha thiompanach Ereann i n-a aimsir do marbhadh.

M1328.23

Edaoin inghen Még Mathgamna ben Még Uidhir do écc.

M1328.24

Duibheasa inghen Uí Elighe ben Domhnaill mic Taidhg Uí Choncobhair do écc.


p.542

M1328.25

Sluaigheadh oile la Muircertach Ó m-Briain, & la Cloinn Cuiléin d'ionnsaighidh Bhriain Uí Bhriáin doridhisi dia ro sraoineadh for Muircertach, & día ro marbhadh Concobhar Ó Briain, & Domhnall na n-Domhnall, & Mac Con Mac Con Mara go sochaidhibh oile.

M1328.26

Maidhm mór do tabairt lá Mág Eochagáin ar Ghallaibh dú in ro marbhadh cúig céd décc ar fichit céd Gall im Dhalatúnachaibh, & im mhac an Ridere Uallaigh.

M1328.27

Amhlaoibh Mag Findbairr do marbhadh la Cathal Ua Ruairc.

Annal M1329

AOIS CRIOST, 1329.

M1329.0

Aois Criost, mile, trí chéd, fiche, a Naoí.

M1329.1

Augustin abb Lesa Gabhail for Loch Eirne d' écc.

M1329.2

Cathal mac Domhnaill Uí Ruairc deghadhbar ticcerna na Breifne do marbhadh la cloinn t-Seoin Uí Fhergail, & do Ghallaibh Midhe tre feill, & daoine oile imaille ris i tigh Riocaird Diúid i Mainistir Fhobhair.

M1329.3

Muircertach mac Domhnaill Uí Concobhair ticcerna Cairpre, & deghadhbhar righ Connacht d' écc.

M1329.4

Cathal mac Aodha mic Eoghain Uí Choncobhair do dhíochur ar eiccin as na Fedhaibh & a Tir Maine tre forcongra Uater A Búrc ar Shíol c-Ceallaigh, & ar Uibh Maine ar chena.

M1329.5

Coccadh mór etir Toirrdhealbhach Ó c-Concobhair & Clann Maol Ruanaidh gur milleadh morán eattorra dibhlionaibh.


p.544

M1329.6

Creach do denamh la Tomaltach Mac Diarmata ar Diarmait Ó b-Flannaccáin taoiseach Cloinne Cathail.

M1329.7

Aine inghean Ferghail Uí Raighilligh ben Tomaltaigh Meic Diarmata d'écc.

M1329.8

Tadhg mac Toirrdhealbhaigh mic Mathgamhna Uí Choncobhair do mharbhadh la h-Ua n-Gádhra & la lucht Airtigh.

M1329.9

Sith do denomh do Mhac Uilliam Búrc & d'iarla Uladh re Mac Tomáis.

M1329.10

Dabac Dond Mac Uilliam Ridire uasal morconaigh do écc.

M1329.11

Donnchadh Mac Giolla Patraicc do marbadh la h-iarla Uladh.

M1329.12

Maoil Íosa Donn Mac Aodhagain ardollamh Connacht do écc.

M1329.13

Guirt gan buain go h-iar f-Féil Michil ar fhud Ereann lasan f-fleachadh.

Annal M1330

AOIS CRIOST, 1330.

M1330.0

Aois Criost, míle trí chéd tríochatt.

M1330.1

Maoíl Íosa Ó Coinel comarba Droma Cliabh do écc.

M1330.2

Benidicht O Flannaccáin Prióir Cille Moire na Sionna d'écc.

M1330.3

Maghnas mac Aodha Breifnigh Uí Concobhair do marbhadh la Cathal mac Aodha mic Eoghain Ui Concobhair i b-Feronn na Darach, & Siomann Mac in Fhailgigh do mharbhadh i n-a fharraidh.

M1330.4

Giolla Ísu Ruadh Ó Raighilligh ticcerna Muintire Maoil Mordha & na Breifne uile re h-aimsir n-imchéin d'écc i n-a Shendattaidh iar m-breith buadha ó dhomhan & ó dhemhan & a adhnacal i mainistir in Cabhain i n-aibíd na m-Bráthar Mionúr, & ba h-e-sidhe céd fundúir na mainistre remhraite.

M1330.5

Maoilechlainn Mac Carmaic brughaidh cédach conaich do écc.

M1330.6

Sluaigheadh la h-Ualgharcc Ua Ruairc go Fiodh an Atha. Goill an bhaile d'érghe dó iar sin. Maidhm do thabhairt for muintir Uí Ruairc, & Art Ó Ruairc adbar airdticcerna Breifne do marbhadh do Ghallaibh, & sochaidhe imaille ris im Ruaidhri Mac Samhradhain.

M1330.7

Amas longpuirt do thabhairt do Toirrdealbhach Ó c-Concobhair Rí Connacht


p.546

for Uáter Mac Uilliam Búrc i Leccmoigh i Moigh Luircc, & a ruaccadh dó aissidhe go Cairthe Liacc Fatta. Gillbert Mac Goisdelbhaigh (tigerna Slebhe Lugha 'mun am-sin) do thecht go líon a mhuintire do chuidiucchadh le Mac Uilliam. Tomaltach Mac Donnchaidh co n-a muintir do tocht do chommoradh Meic Uilliam beós iar n-iompódh for Ua c-Concobhair doibh. Na sluaigh-sin dibhlionaibh d'ionnsaighidh Uí Choncobhair. Ro cuiredh iomairecc ettorra leth for leith go rangatar Áth Disirt Nuadan. Donnchadh mac Domhnaill Mic Mathgamhna, Mac Giolla Comdháin, & uathadh do muintir Uí Concobhair do mharbhadh im an áth. Ua Concobhair go maithibh a muintire do dol da n-aimhdeóin uatha go ráinicc gusna Tuathaibh. Longport do ghabhail do Mac Uilliam i c-Cill Lomatt i c-comhfochraibh d'Ua c-Concobhair. Sloigheadh Connacht eitir Ghallaibh & Ghaoidhelaibh (don mhéd ro gabh a pairt diobh) do tecclamadh la Mac Uilliam do gabhail righe Connacht dó bhudhéin iar sin, & a m-beith ullamh aicce dochum Uí Choncobhair d'aithrioghadh. Iar na fhios-sin do Mhac Diarmata iompódh for Mhac Uilliam dó, & páirt Uí Concobhair do ghabhail ionnus gur cenglattar síth connail chairdemhail ettorra díbhlionaibh.

M1330.8

Maidhm mór do thabhairt do Choncobhar mac Taidg mic Briain mic Aindriasa mic Briain Luighnigh for Dhartraighibh, & Sochaidhe díobh do marbhadh lais.

M1330.9

Toirrdhealbhach Ua Concobair do dul uathadh deghdhaoine do lathair Uilliam Burc, .i. an t-Iarla Donn d'iarraidh a chonganta i n-aghaidh Mheic Uilliam.

M1330.10

Brian mac Giolla Criost Meg Raghnaill do mharbhadh la Tadhg Mag Raghnaill.


p.548

M1330.11

Aedh & Diarmait dá mhac Murchaidh Uí Ferghail do mharbhadh la h-Aedh Ó f-Ferghail.

M1330.12

Pétrus mac comarba Maedhóige do mharbhadh la Gallaibh Cenannsa.

Annal M1331

AOIS CRIOST, 1331 .

M1331.0

Aois Criost, mile, trí chéd, triochat, a h-aon.

M1331.1

Comharba Caillín, .i. Giolla na Naomh Mac Cele do écc i mainistir Maothla.

M1331.2

Maol Ruanaidh Mac Diarmata ticcerna Maighe Luircc d' faccbail a tighernais, & aibíd mhanaigh do gabhail dó i Mainistir na Búille, & Tomaltach Mac Diarmata (a mac) do ghabháil ticchernais Maighe Luircc an .7. la Mai.

M1331.3

Ferghal mac Maoileachlainn Carraigh Meic Diarmata do mharbadh la Tadhg mac Cathail mic Domhnaill Uí Concobhair.

M1331.4

Sloiccheadh la Uater Mac Uilliam Burc i Maigh Luircc. An tír uile d'ionnradh dó acht cealla namá, uair tucc comairce & cadhas doibh-sidhe. Tomaltach Mac Diarmata co n-a mhuintir dia n-ionnsaighidh. Goill do thabairt amais fair as a h-aithle gur marbhsat foirenn dia mhuintir. Ossadh do dhenamh doibh re 'roile & Uáter d'fagbail na tire.

M1331.5

Maoil Ir Mhág Eochagáin d'écc.

M1331.6

Murchadh Mag Mathghamhna do mharbhadh la Seaan Mag Mathghamhna, & la Gallaibh Machaire Airghiall.

M1331.7

Tómás mac Con Chairrge Uí Fhloinn do écc.


p.550