Aois Criost, míle tri chéd, a dech a dó.
Uilliam Mac Feorais airdeaspucc Tuama, & Benidicht Ó Braccáin espucc Luighne d'écc. Maoileachloinn Mácc Aodha espucc Oile Finn do togha i n-airdespuccóideacht Tuama iaramh.
Aois Criost, mile, trí chéd, a tri décc.
Tadcc mac Aindriasa mic Briain Luighnigh, & Cathal mac Murchaidh Charraigh Uí Fherghail d'ecc.
Giolla Iosa Mag Dorchaidh do marbhadh la Concobhar c-Carrach Mac Diarmata.
Aois Criost, mile, trí chéd, a dech, a cethair.
Matha Macc Uibne espucc na Breifne d'écc.
Niall (.i. Niall Becc) mac Maoileachlainn mic Toirrdhelbhaigh Cnuic an Madhma Uí Domhnaill do marbhadh d'Aodh mac Aodha Uí Domhnaill.
Matha Mág Ticchernáin do marbhadh do Cathal Ó Ruairc.
Roolbh Mág Mathgamhna do marbhadh dá bhráithribh fein.
Maidhm for muintir Raighilligh ag Druim Lethan la Ruaidhri mac Cathail Uí Choncobhair.
Niall mac Briain Uí Néill, rioghdhamhna Cenél n-Eoghain fer rathmar ro conaigh ei-sidhe do écc.
Maghnas mac Domhnaill í Eaghra do marbhadh la Maghnas mac Uilliam Uí Eaghra.
Aois Criosd, mile, tri ched, a dech, a cúicc.
Loinges mór do thecht a h-Albain go h-Erinn la derbrathair Righ Alban la h-Eduard go ro ghabsat i c-críochaibh Uladh. Crecha mora do dénamh doibh ar mhuintir an Iarla & ar Ghallaibh na Midhe. Sluagh mór do thionól don Iarla i n-acchaidh na n-Albanach. Feidhlimidh mac Aodha Uí Concobhair co n-druing móir
Aodh (.i. Aedh Ballach) mac Maghnasa Uí Concobhair do marbhadh la Cathal mac Domhnaill Uí Concobhair.
Maghnas mac Maghnasa Uí Concobhair an t-aoin-fher ba mó alladh & oirdearcus do rioghdamhnaibh Connacht 'mun am-sin, & a derbhrathair Domhnall do marbhadh beós lasan c-Cathal c-cédna ar n-a bhárach.
Cath do thabhairt don Iarla Ruadh & d'Eduard A Briús co n-a sloghaibh dia 'roile gor raimhidh for an Iarla. Gabhtar ann Uilliam Búrc, & dá mac Meic an Milidh.
Mathgamhain Mag Raghnaill taoiseach Muintire h-Eolais, Ó Maol Miadhaigh taoiseach Muintire Cerballain, & sochaidhe dá muintir imaille riú do marbhadh la Maol Ruanaidh Mac n-Diarmata ticcherna Moighe Luircc. Concobar Ruadh mac Aodha Breifnigh do marbhadh ro bhaoí do leith Meic Diarmata an la-sin.
O Domhnaill, .i. Aodh mac Domhnaill Óicc do thocht im chaislén Sliccigh go morshluagh imaille ris, an baile do gabháil dó, & mórán do milledh 'na thimceal.
Ruaidhri mac Domhnaill Uí Chonchobhair do marbhadh la ceithirn Gall-ócclach ar furailemh Derbhforgailli inghine Maghnasa Uí Concobhair tucc turfhochraic doibh aire.
Amhlaoibh Ó Ferghail do écc.
Tadhg Ó h-Uiginn saoi i n-dán do écc.
Aois Criost, mile, trí ched, a dech, a sé.
Morshloiccheadh do thionol la Feilim Ó c-Concobhair, le Mac
Feorais, & le Gallaibh Iarthair Chonnacht. Tocht doibh go Tóchar Mona Coinneadha. Ruaidhri
Righe Connacht do ghabháil d'Felim arís. Slógh mór do thecclamadh dó d'ionnsaighidh Átha Lethain, & an baile do losccadh les. Slemne d' Exetra, ticcherna an bhaile do marbhadh leó, & an Goccánach beós, .i. an barún ba saoíre i n-Erinn i n-a aimsir, & iomat Gall ele archeana & édala mora do denam doibh.
Sloiccheadh lánmhór do thionól la Felimidh Ó c-Concobhair imaille re maithibh an chúiccidh. Ba dia maitibh-sidhe Donnchadh Ua Briain go maithibh Mumhan, O Maoileachlainn Rí Midhe, Ualgarcc Ua Ruairc tigherna Brefne, O Fergail ticcerna Muintire h-Anghaile, Tadg Ua Ceallaigh tigherna Ó Maine, Maghnas mac Domhnaill Uí Concobhair tanaisi Connacht, Art Ó h-Eghra tighearna Luighne, & Brian Ó Dubhda ticcerna Ua f-Fiachrach. Tiaghait-sidhe uile go h-Ath na Riogh. Ro
Sloiccheadh adbal re Mac Uilliam Búrc i Síol Muiredhaigh. O Concobhair & Síol Muiredhaigh, & moran d'oireacht Connacht, & dá n-uaislibh do dénamh sithe ris. Acht chena nochar faomh Mac Diarmata an t-síth do dénomh, Mac Uilliam do shaighidh Moighe Luircc iar sin, Creacha aidhble do dénamh dó im Áth an Chip & i n-uachtar thíre. An tír uile do losccadh & do milleadh dó. Acht cena ro imthighsiot gan cath gan comhadh as a h-aithle. Ruaidhri mac Donnchaidh d'aithrioghadh do Mhac Diarmata iar sin.
Dearbhforgaill inghean Maghnusa Uí Concobhair, ben Aodha Uí Domhnaill d'écc.
Aois Criost, mile, trí chéd, a dech, a Seachtt.
Donnchadh Ua Briain, Rí Mumhan do mharbhadh.
Toirrdelbach mac Aodha mic Eoccain .i. mac Ruaidhri mic Aedha mic Cathail Croibhdheirg do rioghadh do Chonnachtoibh.
Roiberd A Briús do thecht i n-Erinn a h-Albain imaille re morsluáigheadh d'fortacht a bhrathar Edbhard A Brius, & do diochur Gall a h-Eirinn.
Maoil Ir d' Exetra ticcerna Átha Lethain do marbhadh la Cathal mac Domhnaill Ui Choncobhair, & Domhnall mac Taidhg mic Domhnaill Iorrais Uí Choncobhair
Caislen Atha Cliath an Chorainn (.i. Baile an Móta) do briseadh.
Maoilechlainn Carrach Mac Diarmata adbar tigerna Moighe Luircc, Concobhar Ó Concobhair, .i. mac comhorbha Comáin, & Maghnus Ó Flannaccáin adbar taoisigh Cloinne Cathail do mharbhadh la Gillbert Mac Goisdealbhaigh co sochaidhibh oile.
Maidhm Cille Móire for mac Ruaidhri, & for feraibh Breifne. Mac Aodha Breifnigh Uí Choncobhair do ghabhail ann. Da mac Neíll Uí Ruairc, Conchobhar Buidhe Mag Tighearnain taoíseach Theallaigh Dúnchadha, Mathgamhain Macc Tighearnain, an Giolla Ruadh mac an Airchindigh Mic Tighernáin, Niocól Mac an Maighistir, & secht b-fichit Gall-ócclach do mhuintir mheic Ruaidhri do mharbhadh ann, & sochaidhe nach aisneidhter.
Mael Iosa Ruadh Mac Aodhaccáin saoí Ereann i bf-feneachus & i m-breithemhnus d'écc.
Raghnall Mag Raghnaill taoíseach Muintire h-Eolais do ghabhail i b-fioll, & taoisech do dhénamh do Sheffraidh Mag Raghnaill i n-a ionad.
Aois Criost, mile, trí chéd, a dech, a h-ocht.
Maidhm mór do thabhairt i n-Élibh ar Ghalloibh la h-Ua c-Cerbhaill dú i t-torchair Adam Mares & Sochaidhe do Ghalloibh.
Slógh mór do thionól do Mhaol Ruanaidh Mac Diarmata ticcerna Moighi Luircc do shaighid Cathail mic Domhnaill Uí Concobair go Fassa Coilleadh. Tainicc ar in sloighedh-sin Toirrdhelbhach mac Aodha mic Eoghain Ui Concobair, Ualgarcc Ua Ruairc ticcerna Brefne, Concobhar Ó Ceallaigh ticcerna Ua Maine, & Tomaltach Mac Donnchaidh tigerna Tire h-Oilella. Iar n-dul go Fassa Coilleadh do na maithibh-sin ro tarccaidh Cathal comhtha móra doibh, & gidhedh nochar gabadh uaidh acht a ionnsaighidh go lairmedhón a longpuirt. Cidh ei-sidhe ni ar thime ná ar tlás do-chúaidh sin dó uair do freccair iad-somh go fraochdha foirniata, gur feradh iomairecc áith amhnus ettorra, go t-torchair Brian mac Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair rioghdamhna Connacht, Concobhar Ó Ceallaigh, Brain Mac Maghnusa, Cathal mac Giolla Criost Meic Diarmata, & sochaidhe oile d'uaislibh & d'anradhaibh an t-sluaigh archena la Cathal co n-a muintir.
Cathal mac Domhnaill d'ionnsaiccidh Uí Choncobair & Mheic Diarmata iar sin, go n-dearna creacha aidble i Moigh Luircc, & gur h-aithrioghadh Toirrdhealbhach mac Aodha lais. Gabais fein cennus Connacht iaramh, & teid Toirrdealbhach do shaighidh Uilliam Burc & Gall as a h-aithle.
Seaan mac Domhnaill Uí Neill do mharbhadh la h-Ua n-Domhnaill, .i. Aodh mac Domhnaill Óicc i n-Doire Choluim Cille, & Mac Domhnaill, & sochaidhe ele do mharbhadh & do bháthadh.
Eduard A Brius fer millte Erenn go coitcenn etir Gallaibh, & Gaoidhealaibh do marbhadh do Ghallaibh tré nert cathaighte, & crodhachta i n-Dún Dealgan. Mac Ruaidhri tigerna Innsi Gall, Mac Domhnaill tigearna Airir Gaoidel, & iolar do maithibh Alban imaille riú do mharbhadh i n-a fharradh, & nocha dearnadh re h-aimsir imchein i n-Erinn gniomh as mó as a t-táinic a les inás, uair táinic gorta coitchenn re linn an Eduaird-si innte co m-bidís daoine ag tomailt aroile fri ré na t-teóra m-bliadhan go leith baoí-siomh ettorra.
Seaan Ó Ferghail do mharbhadh d'aon orchor soighde dia mhac fén.
Seaffraidh mac Giolla na Naomh Uí Fherghail tigherna na h-Anghaile d'écc.
Cathal mac Giolla Crist Meg Raghnaill do marbhadh.
Giolla an Choimhdheadh mac Cionaedha Uí Ghormghaile & Gormlaith inghean Meic Branáin a bean do ég.
Aois Criost, mile, tri chéd, a dech a Naoí.
Enri Mac an Crosain espucc Ratha Both do écc, & Tomás mac Corbmaic Uí Domhnaill abb Eassa Ruaidh do thogha i n-espuccoide Rátha Both iaramh.
Espucc Doire, O Bánáin easpucc Clochair, & Espucc Cluana Ferta Brenainn d'écc.
Aine inghean Meic Diarmata ben Mheic Con Snámha d' écc.
Eachmarcach Mac Branáin taoiseach Corcachlann do mharbhadh Thomaltaigh Uí Maoil Brénainn, gidhedh nochar marbhadh i n-asccaidh-sin uair fuair-siumh feisin bás a c-cionn an tres laoí iar sin do bithin na n-gon tucc Tomaltach fair.
Domhnall Ó Néill ticcerna Tíre h-Eoccain d'athcor as a flaithes tre nert Gall & Cloinne Aodha Buidhe, & a dhul co Feraibh Manach ar comairci Fhlaithbertaigh Mhég Uidhir, & Fir Manach do creachadh a muinntire.
O Neill, .i. Domhnall do gabhail a thigernais fein doridhisi.
Brian mac Domhnaill Ui Neill tánaisi Chenel Eoghain do marbhadh la Cloinn Aodha Buidhe & la Hannraoi Mac Dauill ag Ráith Lúraigh.
Aois Criost, mile, trí chéd, a fiche.
Mainestir Bendtraighe i n-duthaigh Uí Suilleabháin i n-epscopóittecht Ruis, do tógbháil la h-Ua Suilleábhan do Braithribh .S. Franseis, & as isan mainestir-sin baoi togha adhnaicthe Ui Shuilleabháin & moráin d'uaislibh oile.
Coinne, & comdháil eidir Cathal Ó Choncobhair & Maol Ruanaidh Mac Diarmata, go n-dernsat síth chonnail cairdemhail re 'roile, & Mac Diarmata do thoidhecht
Aodh mac Taidg Uí Concobhair deghadbar righ Connacht ar deilb ar uaisle, & ar einech do marbhadh do Mhac Mairtín, & é fein do marbhadh i n-a dioghail.
Mathghamhain mac Domhnaill Chonnachtaigh Uí Briain tanaisi Mumhan do marbhadh do Cloinn Cuiléin.
Mor inghean Uí Baoighill ben Uí Ferghail d'écc.
Mac Mairtín do mharbhadh i n-a thigh fein la h-Aedh mac Taidhg Uí Choncobhair, Clann Mairtín, & Clann Aedha Buidhe do leanmhain Aodha go Clochar, & a mharbhadh ann.
Aois Criost, mile, trí chéd, fiche a h-aon.
Grainne inghen Meic Maghnasa ben Mhaol Ruanaidh Meic Diarmata d'écc.
Ruaidhri na b-Fedh mac Donnchaidh mic Eoghain Uí Choncobhair do marbhadh do Chathal mac Aodha mic Eoghain tre thangnocht.
Carracc Locha Cé do briseadh la Cathal mac Domhnaill Uí Choncobhair.
Maghnus Ó h-Anluain tigerna Oirthir do dhalladh dá brathair féin Niall mac Con Uladh Uí Anluain Cedaoín an Bhraith.
Niall Ó h-Anluain tigerna Airthir do mharbhadh do Ghallaibh Dúin Dealgan i meabhail.
Maidm adbal do thabhairt do Aintriu Mac Feorais & do Ghallaibh na Midhe ar mhacaibh riogh Ua b-Failghe.
Uilliam Mac Gille Findén, & Matha do mharbhadh la Henri Mac Giolla Findéin i n-a oirecht féin.