Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1302

AOIS CRIOST, 1302.

M1302.0

Aois Criost, mile, trí chéd, a dó.

M1302.1

Stiamhna Ó Braccáin airdeaspucc Caisil d'ecc.

M1302.2

Milis espucc Luimnigh, mac meic ei-siomh don Iarla Laighnech, & espucc Corcaighe d'écc. Ba manach e-siumh ré n-a oirdneadh i n-a espuccóide.


p.476

M1302.3

Domhnall Ruadh Mag Cartaigh tigerna Desmhumhan, Donn Carrach Mág Uidhir céd tigerna Shil Uidhir i f-Feraibh Manach, & Ruaidhri mac Domnaill Uí Eaghra adbar tighearna Luighne d'écc.

M1302.4

Creach mór do dhénamh d'Aodh mac Cathail ar Thadg mac Briain, & ar Shitriucc mac an Chairnigh Még Flannchaidh i Moigh c-Ceidne.

Annal M1303

AOIS CRIOST, 1303.

M1303.0

Aois Criost, míle, trí chéd, a trí.

M1303.1

Maoilechloinn Mac Briain espucc Oile Finn d'écc, & Donnchadh Ó Flannaccain abb na Buille do gabáil na h-easpuccóide dia eis.

M1303.2

Toirrdhealbhach mac Domhnaill Oicc Uí Domhnaill da n-goirthi Toirrdhealbhach Cnuic an Madhma, tigearna Tire Conaill, tuir cocctach cathach cosnamhach, Cú Culainn Cloinne Dálaigh ar gaiscceadh, do marbhadh la a derbrathair Aodh mac Domhnaill Óicc iar c-coccadh imchian, & iar milleadh moráin dia t-tír ettorra da gach taoibh, go nár adbal h-imaille ris do Cenél Eoghain, domhaithibh Gall an Tuaisceirt, & do Conallchaibh búdhén. Ba dibh-sidhe Muircertach Mág Flannchaidh taoiseach Dartraighe. Donn Ó Cathain tigearna Fear na Craoibhe, & Cianachta, Donnchadh Mac Menman, Aodh Mac Meanman, da mhac mic an Fhir Leiginn Ui Dhomhnaill, Niall mac Neill Uí Baoighill adhbhar taoisigh na t-Trí t-Tuath, Mac Hugossa, a mhac & a dherbrathair, Adam Sandál, Goill, & Gaoidhil iomda ar chena. Aodh mac Domhnaill Oicc do beith i t-tigernus Tire Conaill iar sin go sodhanach sóinmech an c-céin do mhair.


p.478

M1303.3

Domhnall Ócc Mag Cártaigh ticcerna Desmumhan d'écc.

M1303.4

Diarmait Ó Flannaccáin taoiseach Tuaithe Ratha a dhá mac, & sochaidhe imaille riú do marbhadh lá druing do lucht tighe Domhnaill mic Taidg Uí Concobhair i m-Bun Duibhe i t-tóraighecht creiche boí do breith lais a Moigh c-Céidne.

M1303.5

Maghnas Macc Samhradhain taoiseach Teallaigh Echdhach, & Niall Mac Gille Fhinnéin, d'écc.

M1303.6

Geroid Mac Gerailt d'écc.

M1303.7

Creach mór do dhenamh la Cloinn Muircertaigh ar Mhuintir Chionaith, & Muirceartach Mac Con Snamha adbar taoisigh Muintire Cionaith do marbhadh don chur-sin.

M1303.8

Sluaigheadh mor la Righ Saxan i n-Albain, & an t-Iarla, Goill & Gaoidhil iomdha do dhol coblach mór a h-Erinn do congnamh lais. Caithrecha iomdha do bein amach doibh, & nert Alban do ghabhail leó don chur-sin. Tepoitt A Burc dearbrathair an Iarla d'ecc (.i. adhaigh Nodlac) h-i c-Carraic Ferghusa iar t-toidhecht dó don t-sluaigheadh-sin.


p.480

Annal M1304

AOIS CRIOST, 1304.

M1304.0

Aois Criost, mile, trí chéd, a cethair.

M1304.1

Concobhar mac Aodha Uí Concobhair do marbhadh la Hoiberd Ua f-Flaithbeartaigh iar n-denamh mebhla dó-somh ar Dhonnchadh Ua f-Flaithbertaigh, & Hoiberd do tuitim inn fo chedóir.

M1304.2

An Contaois, ben Riocaird A Burc iarla Uladh, .i. an t-Iarla Ruadh, & Uater A Burc oighre an iarla chedna do écc.

Annal M1305

AOIS CRIOST, 1305.

M1305.0

Aois Criost, mile, trí céd, a cúig.

M1305.1

O Concobhair Failge, .i. Muircertach, Maol Mordha, a bhrathair, & an Calbach Ó Concobhair amaille fri naonbhar ar fichit do mhaithib a muintire do mharbhadh do Shir Piarus Mac Feorais tre fheill & meabhail i c-caislen Meic Fheorais.

M1305.2

Caislen nua Insi h-Eocchain do dhénamh lasan Iarla Ruadh.

M1305.3

Maidhm la h-Aodh mac Cathail Uí Concobhair, & la Cloinn Mhuircertaigh archenae ar mhuinntir Raighilligh da t-torchair Pilip Ó Raighilligh, & oighre Chloinne Suibhne, & Mácc Buirrche cenn na n-Gall-ócclach imaille fri cethrachat ar chéd i n-a f-farradh.


p.482

M1305.4

Matha Ócc Ó Raighilligh do marbhadh do Theallach n-Dunchadha.

M1305.5

Toirrdhealbhach mac Néill Ruaidh Uí Briain d' écc.

M1305.6

Aédh Óg Ó Ferghail do écc.

Annal M1306

AOIS CRIOST, 1306.

M1306.0

Aois Criost, mile, tri chéd, a sé.

M1306.1

Donnchadh Ó Flaithbertaich espucc Cille h-Alaidh saoí crábhaidh na n-Gaoídheal d'écc i n-Dún Búinne ag dol go h-Ath Cliath dó, & a adhnacal go h-onórach isin Muilionn Cherr i t-Tigh Muire.

M1306.2

Petrus Ó Tuathalain biocaire Chille Espuicc Broin, & Maighistir Tomás Ó Náan aircideochain Rátha Both, & togha easpuicc na h-ecclaisi cettna d'écc.

M1306.3

Toirrdhealbhach Ua Briain tigerna Tuadhmuman fer ba h-oireghda, & ba ferr crabhaidh, & caoimhdeirc, ágh, & engnamh boí i n-Erinn i n-a aimsir ddh' éc, & Donnchadh a mhac d'oirdneadh i n-a ionad.

M1306.4

Domhnall Tuirtrech Ó Néill do marbhadh i n-iomraithne la lucht tighe Uí Neill.

M1306.5

Ferghal Mag Raghnaill taoiseach Muintire h-Eolais do mharbhadh la a dherbhraithribh & la druing dia oireacht féin.

M1306.6

Coccadh mór etir Aodh mac Eoghain Uí Choncobhair Ri Connacht go maithibh Shil Muiredhaigh, taoiseach Connacht, & go t-taoisechaibh & oirechtaibh na Breifne i n-a fharradh. Bádor da gach leth im an Sionainn fri ré ceitheora mís. Do-ghniad drem do muintir Aodha meic Cathail forbais isna Tuathaibh go n-dernsat creacha,


p.484

& airccne isuidhe. Flann mac Fiachrach Uí Floinn adhbar taoísigh Shil Maoil Ruain, & Brian mac Donnchaidh Riabhaigh Uí Choncobhair go sochaidhibh h-imaille friu do marbhadh do muintir Ainlighi báttar ag tóraigheacht a c-creiche. As iad tra ba ferr battar ar an f-forbais-sin Ruaidhri mac Cathail Uí Concobhair, Donnchadh mac Concobhair an Chopáin mic Fherghail adhbar tigherna Moighe Luircc ar agh & einech gusan lá-sin. Cidh tra acht ranccattar rompa na maithe-sin gusan meid do mhair da muintir co n-a c-creich leó go riachtsat longport Uí Concobair. Loisccitt pailis righ Connacht annsin. Rucc Aodh mac Eoghain orra iar losccadh an rioghbaile doibh. Bentar a c-creach díobh fo chedóir, & marbthar Donnchadh mac Concobhair an Chopáin go n-druing dia muintir i n-a timchel.

M1306.7

Creach mór do dhénamh do Chloinn Muircertaigh i c-crích Cairpre. Dauit Ó Chaomháin (.i. taoiseach o Tuaim Da Bodhar go Gleoir) brucchaidh toicthehc tromconáich, Donnchaidh Mac Buidheachain, & sochaidhe oile do marbhadh a t-timchel na creiche isin.

M1306.8

O Flannaccáin do marbhadh la Brian c-Carrach Ó n-Eaghra.

Annal M1307

AOIS CRIOST, 1307.

M1307.0

Aois Criost, mile, trí céd, a seachtt.

M1307.1

Luirint Ó Lachtnáin (.i. Manach Liath) epscop Chille Meic Dhuaich, & Donnchadh Ó Flannaccáin epscop Oile Finn d'écc.


p.486

M1307.2

Domhnall mac Taidg mic Briain mic Aindriasa mic Briain Luighnigh mic Toirrdhealbhaig Moir tanaisi Connacht, fer lán d' engnamh & d'enech, & Saoí coitchenn comhroghnach do marbhadh la h-Aodh m-Breifnech mac Cathail Ruaidh Uí Concobair.

M1307.3

Tadcc mac Maoilechlainn mic Donnchaidh mic Domhnaill mic Maghnasa mic Toirrdhealbhaigh, saoí n-einigh do marbhadh la Cathal mac Domhnaill mic Taidcc.

M1307.4

Urmhór Gall Rossa Commain do marbhadh la Donnchadh Muimhneach Ó c-Ceallaigh tigherna Ó Maine acc Ath Easccrach Cuan, dú i t-torchair Pilip Muinder, Seaan Muinder, & Maiú Driu imaille re sochaidhibh nach ainmnighter. Ro gabhadh ann Diarmaitt Gall Mac Diarmata, Corbmac Mac Ceithernaigh, & Sirriam Rossa Comáin, acht do leigedh iad iar t-trioll, & do-ronsat sith ar son an bhaile do losccadh le h-Emann Buitiler. An Donnchadh-so Ó Ceallaigh d'écc iarsna gniomhaibh si, & nir bó bas iar miodhlachas sin acht ba h-ecc iar n-gniomhaibh gaile, & gaisccidh, iar t-tiodhnacal séd & maíne.

M1307.5

Ailbhe inghen Taidhcc Uí Concobhair d' écc.

M1307.6

Maoileachlainn Ó Gairmledhaigh taoiseach Cenél Moáin, & Maghnus Macc Oireachtaigh d'écc.


p.488

M1307.7

Conchobhar mac Fiachrach Uí Floinn duine óg ba fearr oineach & gaiscceadh baoí dia chenél do écc.

M1307.8

An dara h-Eduard do rioghadh os Saxaibh, 7 Iulij.

Annal M1308

AOIS CRIOST, 1308.

M1308.0

Aois Criost, mile, tri céd, a h-ocht.

M1308.1

Saighnen teindhtighe do thuitim i mainistir na m-Brathor i Ros Comain go ros-bris an mhainisttir.

M1308.2

Creach mór do denamh la Maol Ruanaidh Mac Diarmata ar cloinn Domhnaill Ui Concobhair i c-crichCoirpre, & crech oile beós do Cloinn Muircertaigh orra iar n-denamh siodha riu roimhe, & iar t-tabhairt braighde doibh. Acht ro fhellsatt orra iar t-tain. Gluaisit clainn Domhnaill Uí Concobair iar sin go Sliab Da Én, & nocha ruccsat leó acht a n-eich, a n-eidedh & a n-groighe. Iar n-a clos do Gallaibh Ua f-Fiachrach & Luighne, tionoilitt chuca, & lenaitt iad go mullach Slebhe Da Én. Iompaidhid meic Domhnaill riú. Feachair sccainer etorra, maidhtear for Gallaibh, & baoí maidhm orra go rangattar Lec Easa Dara. Torchair Tomas Mac Ualtair constapla Bhuin Fhinne, a dherbhrathair, & sochaidhe imaille riú.


p.490

M1308.3

Creach dioghalta do dénomh d'Aodh mac Cathail ar a dearbrathair ar Ruaidhri mac Cathail, dia ro marbhadh Maghnus Mac Maghnusa n-druing ele imaille fris.

Annal M1309

AOIS CRIOST, 1309.

M1309.0

Aois Criost, mile, trí céd, a naoí.

M1309.1

Aodh mac Eoghain mic Ruaidhri mic Aodha mic Cathail Croibhdeircc, Rí Connacht, & deghadhbar airdrígh Erenn, aon-Gaoidhel ba ferr einech & engnamh thainic i n-a reimhes do marbhadh la h-Aodh m-Breifneach mac Cathail Uí Choncobhair i c-Coill in Clochain, & moran do maithibh a muintire imme. Ba dibh-sidhe Concobhar Mac Diarmata, Diarmait Ruadh mac Taidhg Ui Chonchobhair, Diarmait mac Cathail Carraigh Meic Diarmata, Aodh mac Muirchertaigh meic Taidcc mic Maol Ruanaidh,


p.492

& Diarmait Ó h-Elighi flaithbrucchaidh dob'ferr i n-a aimsir. Torchair don leth araill, Giolla na Naomh Mac Aodhaccain ollamh Connacht i m-breitheamhnas, & aoin-fher do derscnaidh do breithemhnaibh na h-aimsire i m-baoí. Faghartach Ua Dobailén, & daoíne oile nach airimhter. Siol Muiredhaigh do tabhairt tighernais do Ruaidhri mac Cathail Uí Concobhair. Ruaidhri Ó Concobhair iar sin, & Ó Floinn go m-buidhin marcsluaigh do thocht ar an Machaire, & mac Meic Feorais do marbhadh doibh.

M1309.2

Coinne do denamh d'Uilliam Burc & do Connachtaibh (.i. don meid boi i n-a rann diobh) re Ruaidhri mac Cathail im Ath Slisen. Brisedh coinne doibh for aroile. Iomairecc do chur ettorra. Maidhedh for Ruaidhri, & drem da muintir do marbhadh. Uilliam Búrc do dol go Mainistir na Buille, & Clann Muircertaigh do dol go Tir n-Oilella. Arbhanna iomdha do milleadh doibh, & loisccthe do dhenamh. Mac Uilliam do thecht tar Coirrsliabh anuas iar sin. Ruaidhri mac Cathail do chor as a longport dó, & Donnchadh Ua Fíonnachta do marbhadh do thosach sloigh Meic Uilliam, & daoine iomdha oile.

M1309.3

Creach do dhénomh do Mac Uilliam i Cloinn Fermaighe, & creach oile go Beinn Ghulban.

M1309.4

Concobhar mac Briain Ruaidh Uí Bhriain do mharbhadh.


p.494

Annal M1310

AOIS CRIOST, 1310.

M1310.0

Aois Criost, mile, trí céd, a deich.

M1310.1

Concobhar Ua Briain rioghdhamhna dob'ferr i n-a aimsir do marbhadh do na Gallaibh Dubha i meabhail.

M1310.2

Moirchrecha dioghla do dhenamh la h-Aodh m-Breifneach & le Cloinn Muircertaigh archena ar Maol Ruanaidh Mac Diarmatta. Donnchadh Mac Donnchaidh d'argain dóibh. E fein & drong do maithibh a mhuintire do ghabhail. Drem oile do mharbhadh, & do losccadh doibh, a bhen inghen Uí Flannaccain do marbhadh.

M1310.3

Ferghal Mácc Dorchaidh d'écc.

M1310.4

Fionnguala inghen Maghnais Uí Concobhair, & Una inghean Aodha mic Feidhlimidh d'écc.

M1310.5

Sloiccheadh la Sefraidh Ó b-Ferghail go Dún Uabhair, dú inar marbhadh Domhnall mac Aodha Óicc Uí Ferghail, Aodh mac Maoíl Iosu, & Goffraidh mac Muircertaigh.

M1310.6

Caislen Bhona Finne do losccadh & d'arccain do Ruaidhri mac Cathail, d'Aodh mac Maghnusa, & do muintir Aodha Breifnigh eitir cruachaibh & tighibh.

M1310.7

Aodh Breifneach Ó Concobhair deghadhbar Rígh Connacht do mharbhadh la Mac


p.496

Uidhilin .i. Seonacc, baoí ar buannacht aicce fein tre fheill, & mebhail, & ba tré loighidheacht do-rinne innsin.

M1310.8

Fiche tonna fíona do chor i t-tír i Moigh c-Cédne.

M1310.9

Caislén Sliccigh do denamh don Iarla Ruadh.

M1310.10

Feidhlimidh mac Aodha mic Eoghain Uí Choncobhair do ghabhail ionaid a athar.

M1310.11

Corbmac Ua Flannaccáin taoiseach Tuaithe Rátha do marbhadh la Henri Mac Gille Fhinnéin taoíseach Muintire Feódacháin.

M1310.12

Mac Raith Macc Uidhir tanaisi Fher Manach, & Donn Mac Giolla Michil taoiseach Cloinne Conghaile do losccadh la Roolbh Mag Mathgamhna.


p.498

Annal M1311

AOIS CRIOST, 1311.

M1311.0

Aois Criost, mile, trí céd a deich, a h-áon.

M1311.1

Domhnall Ó Ruairc ticcherna Breifne d' écc.

M1311.2

Creach adhbal do dhénamh la Cloinn Muircertaigh i c-Connachtaibh, & Giolla Criost mac Muirghesa meic Donnchaidh Mic Diarmata, Aodh mac Corbmaic, Donnchadh mac Tomaltaig, Uilliam Mac Giolla Arráith, & sochaidhe cénmothád do marbhadh leo.

M1311.3

Sloiccheadh mór la h-Uilliam Búrc isin Mumhain i n-aghaidh an Claraigh, Cath do tabhairt doibh, maidhtear for an c-Clarach. Baoi Uilliam Búrc for dásacht ag leanmain an madhma. Iadhaid muintir an Claraigh uime & gabhthar leó é, ara aoí as é ba cosccrach isin c-cath.

M1311.4

Tadhcc Ó h-Áinlighi do marbhadh do Shiurtán d'Exetra.

M1311.5

Coccadh mór i t-Tuadhmumain. Cath do thabhairt do Donnchadh Mac Con Mara & da oireacht (.i. triochat céd Ó c-Caisin) d'Ua Briain & d'feraibh Mumhan. Maidhtear for Mac Con Mara, marbthar é féin, & Domhnall Ó Gráda ticcherna Cinel Dungaile ar an lathoir-sin, & ár dírimhe don t-sluagh cechtardha.

M1311.6

Donnchadh Ua Bhriain Ri Mumhan, & adbhar righ Ereann ar einech & gniomharthoibh do marbhadh la Murchadh mac Mathgamhna Uí Briain i meabhail iar sin, & Muircertach Ua Briain do oirdneadh i n-ionadh.

M1311.7

Lochlainn Riabhach Ó Deaghadh do marbhadh la Mathgamhain mac Domhnaill Chonnachtaigh Uí Bhriain.


p.500

M1311.8

Seonacc Mac Uidhilín do marbhadh an Gruidelaigh i m-Baile Topair Brighde, & é fein do marbhadh inn fo cédóir, & ba don gherrsamhtaigh ler marbh-som Aodh Breifnech roimhe-sin do marbhadh é budhdein.

M1311.9

Creach do dhénamh la Félim Ó c-Concobhair Rí Connacht ar Cloinn Muircertaig ar bord Moighe c-Cédne, & Maoilechlainn mac Concobhair risa raittí Cend an Medhil do mharbhadh ann, & sochaidhe oile.

M1311.10

Diarmait Cleirech Ó Briain d'écc.

M1311.11

Domhnall Ó Birn taoiseach Tire Briuin, & Giolla Íosu Ó Dálaigh ollamh le dán d'écc.