Aois Criosd, mile, da chéd, nochatt, a dó.
Aindiless Ó Dochartaigh taoiseach Arda Modair, fear enigh choitcinn & Donnchadh mac Eoghain Ui Chonchobhair do écc.
Somhairle Ua Gairmleadhaigh do mharbhadh la h-Ua Nell.
Niall Gealbuidhe Ó Concobhair do marbhadh do Tadhg mac Aindriasa Ui Concobhair & do Tuathal mac Muircertaigh.
Mag Cochláin ticcherna Dealbhna Moire do mharbhadh do Shifin Mac Fheorais tre fhurailem an Iarla.
Congalach Ó Ceallaigh ticcerna Bregh do écc.
Sloiccheadh lasan Iarla Ruadh for Maghnus Ua c-Concobhair go rainicc go Ross Comáin, & ro imthigh gan braighde gan neart don turus-sin, go ro len Maghnus an t-Iarla Ruadh go Míliuc go t-tard a oighreir n-dó.
Aois Criost, mile, da ced, nochat, a trí.
Florint O Cerbhalláin espocc Doire d' écc.
Taisi Patraig, Coluim Cille, & Brigde do fhoillsiuccadh do Niocol
Mac
Murchadh O Maoilechlainn Ri Midhe d'ecc.
Magnas Ó Conchobhair Rí Connacht, fer cogthach conghalach bá moa gráin gaiscceadh, & rún oinigh do Ghaoidhelaibh Ereann i n-a aimsir d'écc, iar m-beith ráithe i n-galar do, & Aodh mac Eoghain do righadh i n-a ionadh tria neart an Iustis, & an deachmadh lá iar n-a oirdneadh, ro gabhadh ei-sidhe la Mac Gearailt, & ro marbhadh .l. dia mhuintir, & ro creachadh aroile dhíobh.
Cathal Ó Conchobhair do marbhadh do Ruaidhri mac Donnchaidh Riabhaigh.
Cathal Ruadh Ó Concobhair do ghabhail righe Connacht iar n-gabhail Aodha mic Eoghain. A marbhadh a c-cionn raithe iar sin la Ruaidhri mac Donnchaidh Riabhaigh Uí Concobhair. Aodh mac Eoghain do lécceadh as a braigdenas iaramh, & ríghi Connacht do gabhail dó tre nert an Iustis & muintire an righ. A ghabhail do Mhac Gerailt i meabhail an dechmadh lá iar n-a rioghadh. Creacha móra do dhénamh air, & caocca da muintir do mharbhadh.
Fergal Ua Raighilligh ticcerna Muintire Maoil Mórdha d'ecc.
Mor ingen Feidlimidh Ui Concobhair d' écc.
Muircertach O Flannaccain tigerna, no taoiseach Cloinne Cathail d'écc.
Tuathal mac Muircertaigh Ui Concobhair do marbhadh la muintir Eghra.
Caislen Sliccigh do thabhairt do Seon Fitz Thomas, & Seon budhdein do dhol go Saxoibh.
Aois Criost, mile, dha céd, nochat a cethair.
Creacha móra do dhenomh la h-Aedh mhac Eoghain ar Cloinn Muirchertaigh.
Muircertach mac Maghnasa Uí Choncobhair adbhar coiccedhaigh dob'fearr da chinedh do marbhadh do Tadhg (.i. Tadhg Ua Concobhair) & do Domhnall mac Taidg.
Maoileachlainn Ó Flannaccain taoiseach Cloinne Cathail do marbhadh la Cathal mac Taidhcc Meic Diarmada ar sráid Sliccigh. Cathal mac Taidg Meic Diarmada tighearna Moighe Luircc d'ecc iar sin, & Maol Ruanaidh mac Giolla Crist Meic Diarmada do ghabhail a ionaid.
Donnchadh Mac Con Snamha taoiseach Muintire Cionaoith, Duarcán Mac Tighearnáin tigherna, no taoiseach Theallaigh Dúnchadha, & Dearbhfail inghen Taidg mic Cathail Meic Diarmata d'écc.
Caislén Sliccigh do leccadh la h-Aodh mac Eoghain Uí Concobhair.
Riocard A Burc .i. an t-Iarla Ruadh do gabhail do Mhac Gerailt. Buaidhreadh Ereann do theacht tremhit-sidhe.
Moircrech meabhla do denamh do Mac Gearailt & do Mhac Feorais ar Chonnachtaibh. Aodh mac Eoghain do shamhlucchadh d' aithrioghadh doibh. An tír do mhilledh, & gidhedh nochar chuirset do nert uirre acht a comhbuaidhreadh amhlaidh.
Dauit Mac Giolla Arraith do mharbhadh do mhacaibh Domhnaill Duibh Uí Eaghra.
Domhnall Ua h-Eghra ticcherna Luighne do écc.
An t-Iarla do ghabháil la Mac Gearailt, & buaidhreadh Ereann uile do techt tresan n-gabháil-sin.
Diarmaitt Ó Caemháin do écc.
Aois Criost, mile, da céd, nochat, a cúig.
An t-Iarla Ruadh do leiccen as a bhraighdenus do Mhac Gearailt tre nert Righ Saxan, & braighde maithe da chinedh fein do gabhail ass.
Brian mac Aodha Buidhe Uí Neill ticcerna Chinel Eoghain do mharbhadh do Domhnall mac Briain Uí Neill, & ár mór do chor ar Ghallaibh & ar Ghaoidhealaibh amaille ris.
Coimheirghe choccaidh i t-Tír Chonaill eidir Aodh mac Domhnaill Óicc, & Toirrdhealbhach a dherbhrathair imon tigernus gur milleadh móran don tír etorra etir ecclais & thuaith. Toirrdhealbhach d'aithrioghadh iar sin, & a athcor a Tír Chonaill i c-cenn Cenél Eoghain & Cloinne Domhnaill.
Domhnall Ua Ceallaigh tigerna Ua Maine, aon ba glioca comairle i n-a aimsir d'écc i n-aibíd manaigh, & a adhnacal i mainistir Chnuic Muaidhe.
Mac Branáin (.i. Conn) taoisech Corcachlann d'écc. Tomaltach Mac Branáin an taoíseach do-ronadh i n-a ionad do marbhadh la Muintir Conalláin a n-díoghail a n-athar do marbhadh lais-sium feacht riamh.
Caislén an Bhaile Nuí, & Caislén Moighe Brecroighe do leccadh la Seaffraidh O b-Ferghail, & caislen Mhuighe Dumha do legadh lais mar an c-cetna.
Aois Criost, míle, da chéd, nochat, a sé.
Giolla Iosa Mac an Liathánaigh easpucc Oili Finn & Maol Pedair Ó Duibhgennain aird-deochain na Breifne o Dhruim Cliabh go Cenannus d'ecc.
Aodh mac Eoghain Uí Concobhair d'aithrioghadh lá a oirecht fein. Clann Mhuircertaigh do thabhairt i n-a ionadh. A c-ceannus do tabhairt doibh do Choncobar Ruadh mac Cathail, & a m-braighde. An tír uile eitir cill & tuaith do milleadh tresan aithrioghadh-sin. Morsluaiccheadh do thionol im Aodh Ó c-Concobhair do Ghallaibh & Gaoidhelaibh im Uilliam Búrc, & im Tepóid A Búrc go t-tucc don tír iatt go m-bátar ceithre laithe co n-a n-oidhchibh ga milleadh & ga mór arccain etir crodh & arbhar. Teccait taoisigh na tíre i n-a chenn iar sin, & rucc leis iad do lathair an Iarla do denamh síthe riú. Dala Cloinne Muircertaigh tra ro loisccsiott & ro millsiott críoch Cairpre uile, & do-chuaidhsiott fó a templaibh. Gidhedh ro dhioghail Dia, Muire, & Colum Cille sa tempail ro sháraighsiott-sin orra go h-athghoiritt as a h-aithle.
Imthúsa na t-taoiseach remráite, iar n-gealladh doibh oighreir Aodha do dhenamh ro thillsiott dia t-tighibh, & nír ansat a m-bun a siothchána d'Aodh uair do
Sluaiccheadh la Righ Saxan i n-Albain go ro gabh nert mór ar an c-crich-sin. Do battar maithe Gall Ereann ar an sluaigeadh-sin, .i. Riocard A Burc, iarla Uladh, & Gerailt Mac Gearailt, & Seon Fiz Thomas, & ro gabsat for milleadh Alban eitir thuaith & eacclais. Ro milleadh leo dana Mainestir brathar baoí isin c-crich, & ro trasgairset go talmhain conar fagaibhset cloch for cloich for a h-áit iar marbhadh druinge dia h-aos graidh, do mhnaibh, & do dhaoinibh nar bho h-inechta itir.
Aois Criost, míle, da céd, nochat, a seachtt.
Maoil Sechlainn Mac Briain abb na Buille do thogha dochum espuccoide Aile Finn, & Marian Ó Donnabhair d'ord .S. Dominic do thogha ria Maoileachlainn & a n-dol araon don Roimh, & Maoilechlainn d'écc.
Enri Macc Oirechtaigh easpucc Condere d'écc, & a adhnacal i mainistir Droichit Átha. Manach e-sidhe.
Uilliam Ó Dubhtoigh espucc Cluana Fearta do thuitim dia each, & a ecc dia bithin.
Concobhar mac Taichligh Meic Diarmata tigerna Moighe Luircc & Airtigh, fer roba ferr troid, & tachar, goil, & gaiscceadh, ionnsaighidh, & anadh, díon, & tearmonn, firinne & flaithemhnus i n-a comhaimsir d'écc, & a adhnacal i Mainistir na Búille.
Maghnus Ó h-Ainlighi toiseach Chenel Dobhta d'écc.
Cu Uladh Ó h-Anluain ticcerna Oirthir, Aongus Mág Mathgamhna, & morán oile do maithibh a muintire do marbhadh la Gallaibh Dúin Dealccan acc iompudh dia t-tighibh doibh (.i. do na Gallaibh) on Iarla.
Aois Criost, míle, dá chéd, nochat, a h-ochtt.
Tomás Ó h-Airectaigh abb Eassa Ruaidh d' écc.
Sadb inghen Aodha Buidhe Uí Neill ben Taidg mic Aindriasa Uí Choncobhair d'écc.
Brian Breaghach Mac Samhradháin taoiseach Teallaigh Echdach do mharbhadh la h-Aodh m-Breifneach Ó c-Concobair, & lá Cloinn Muircertaigh archena.
Donnchadh mac Domhnaill Uí Eaghra an t-aon-mac taoisigh ba fearr oinech, & lamh acc cosnamh a thíre do mharbhadh dá brathair, Brian Carrach Ó h-Eghra.
Tomas Fiz Muiris barun do Gheraltachaibh fris a n-abartai on t-Oidhre Cam do écc.
Aois Criosd, mile, da céd, nochat, a naoí.
Niocol Mac Maoíl Iosa airdepscop Arda Macha an t-aen clerech ro ba diadha craibdighe bai i n-Erinn i n-a aimsir d'écc.
Feargal Ua Firghil espucc Ratha Both do écc. Ba h-e-sidhe pearsa ecclaisi ro ba mo ainm deirce, & daonnachta, crabhadh, & caoínghniomh baoí i n-a aimsir.
Alxandair Macc Domhnaill, aoin-fhear ba ferr enech, & engnamh da raibhe dia chinedh i n-Erinn & i n-Albain do marbhadh la h-Alexandair Mac Dubhgaill, & ár dírímhe dia muintir amaille ris.
Aois Criost, míle, trí chétt.
Conghalach Ua Lochlainn espucc Corcmodruadh, saoí enigh & crabhaidh d'écc.
Feidhlimidh Mág Cárthaighadhbar tigherna Desmuman d'écc.
Caislén Átha Cliath an Chorainn, .i. Baile an Móta do thionnsgnadh lásan Iarla.
Seon Prinndrecas do marbhadh la mac Fiachra Uí Floinn.
Tepoitt Buiteler ro badh barún oirdeirc d' écc.
Adam Stondun barun mór ele e-sidhe do écc.
Seoinin Ócc Mac Muiris do marbhadh la Concobhar Ua f-Floinn go n-daoinibh ele amaille fris.
Aois Criost, míle, trí chéd, a h-aon.
Fionnghuala inghen Fheidhlimidh Ui Concobhair banab Cille Craobhnatt d'écc.
Cairbre mac Corbmaic Uí Mhaoílechlainn do mharbhadh tre aslach mic Airt Ui Maoileachlainn a bhrathar.
Uilliam Mácc Flannchaidh toiseach Dartraighe do marbhadh la h-Ualgharcc mac Domhnaill mic Airt Uí Ruairc.
Creach mór do dénamh d'Aodh mac Cathail Uí Concobhair, & do Cloinn Muircertaigh ar Thadhg mac Aindriasa i Moigh c-Cedne.
Sliuaiccheadh la Righ Saxan i n-Albain, & Mac Gerailt, & Mac Feorais, & maithe barún Ereann uile cenmotá iarla Uladh do dhol leis ar an sluaigheadh-sin, & a beith doibh o chaicthidis ria Lughnasadh go Samhain i n-Albain, & gan a lainnert do ghabáil doibh i n-airett-sin.