Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1282

AOIS CRIOSD, 1282.

M1282.0

Aois Criosd, míle, dá chéd, ochtmoghat, a dó.

M1282.1

Muirchertach Mac Murchadha Rí Laighen, & Art Mac Murchadha a dherbhrathair do mharbhadh la Gallaibh.

M1282.2

Taichleach mac Maol Ruanaidh Uí Dhúbhda ticcherna Ua f-Fiachrach, aon dob'ferr eneach & ionnsaicchidh da chineadh i n-a aimsir do mharbhadh la h-Adam Ciomhsócc ar Traicch Eothaile.

M1282.3

Lassairfhiona inghen Cathail Croibhdeirg Uí Concobhair ben Domhnaill Móir Uí Domhnaill & mathair Domhnaill Óicc, baincenn ban Leithe Cuinn i-sidhe do écc.

M1282.4

Matha Ua Raghallaigh ticcherna Muinntiri Maoil Mordha, & Giollu Iosu Macc Ticchernáin do n-goirthi Giollu Iosu Mór taoiseach Tellaigh Dunchadha d'ég.

M1282.5

Cathal mac Giollu na Naemh Ui Fhergail ticcherna na h-Angaile do écc, i


p.438

n-Innis Cuan for abhainn Cluain Lis Béce Mic Connla. Seafraidh mac Giollu na Naemh Ui Fhergail do ghabhail ticchernaiss na h-Angaile da és.

Annal M1283

AOIS CRIOSD, 1283.

M1283.0

Aois Criosd, míle, da chéd, ochdmhogad, a trí.

M1283.1

Aodh Buidhe O Nell ticcherna Cenel Eoghain, fecce enigh & ghaisccidh Gaoidheal, aon-rogha an Tuaisccirt ar thiodhnacal sett & maoine, fer ba moa gráin & cosccar da cenél i n-a aimsir. Ba rioghdhamhna diongbhala d'Eirinn e-ssidhe, do mharbhadh la Mag Mathghamhna, Brian, & la h-Airghiallabibh & la Giollu Iosu Ruadh mac Domhnaill Ui Raghallaigh.

M1283.2

Tadhg mac Domhnaill Iorrais Uí Chonchobhair do lot la Luighnibh & a thairbirt do Chathal Ó Choncobhair & a écc iar sin do bithin a luit.

M1283.3

Ath Cliáth & Teampall Criosd do losccadh.

Annal M1284

AOIS CRIOST, 1284.

M1284.0

Aois Criosd, mile, dá chéd, ochtmocchatt, a ceathair.

M1284.1

Muiris Ua Concobhair epscop Oile Finn d'écc, & Amhlaoibh Ua Tomaltaigh do oirdneadh i n-a ionadh & a écc iar t-tain. Giolla Iosa mac an Liathanaigh Ui Choncobhair Abb Oilen na Trinóide ar Loch Cé (d'ord Permonstra) do togha i n-epspocóidecht Oile Finn iar sin.


p.440

M1284.2

Donnchadh Ua Briain tighearna Thuadhmhumhan do mharbhadh la Toirrdhealbhach ua m-Briain.

M1284.3

Dubhgall mac Maghnusa Ui Bhaoighill taoiseach Cloiche Chinn Fhaoladh do mharbhadh do mhuintir Ui Mhaoil Ghaoithe.

M1284.4

Mac na h-Oidhche Mag Dorchaidhe taoíseach Cheinel Luachain (no Duachain) do écc.

M1284.5

Siomand d' Exetra do mharbhadh la Brian Ua f-Floinn, & la da mac Ui Fhlannagáin, Diarmaitt, & Maoileachloinn. Coccadh & esaonta d' éirghe h-i c-Connachttaibh tresan marbhadh-sin. Creacha móra do denomh do Ghallaibh as a h-aithle & a n-aiseg co h-iomlán do mhuintir Oilén na Trinóide, & do mhanchaibh Mainistre na Buille.

M1284.6

Caislén Cille Colmáin do leaccadh la Cathal mac Concobhair Ruaidh (Ri Connacht).

M1284.7

Dún Mór do losccadh la Fiachra Ua f-Floinn.

Annal M1285

AOIS CRIOST, 1285.

M1285.0

Aois Criost, mile, da chéd, ochtmhocchat, a cúicc.

M1285.1

Siomón Ó Ruairc epscop na Breifne d'écc.

M1285.2

Ruaidhri Ua Gadhra tighearna Slebe Lugha do mharbhadh la Mac Feorais for Loch Uí Ghadhra.

M1285.3

Muiris Maol Mac Gerailt do écc.


p.442

M1285.4

Enri Mac Giolla Fhindéin do écc.

M1285.5

Maidhm do thabhairt do Maghnus Ua c-Concobhair ar Adam Ciomhsócc & ar Ghallaibh iarthair Connacht ag Eass Dara dú inar marbhaitt daoíne iomdha & inar gabhadh Coilin Ciomhsócc derbrathair Adaim.

M1285.6

Maidhm do thabairt do Pilib Mac Goisdelbhaigh ar mhuintir Maghnusa Uí Choncobhair ar Sliabh Gamh dú in ro marbhadh sochaidhe do muintir Maghnusa.

Annal M1286

AOIS CRIOST, 1286.

M1286.0

Aois Criost, mile, da ched, ochttmhocchatt, a sé.

M1286.1

Sloigheadh mór la h-Iarla Uladh i c-Connachtaibh gur ro milleadh moran do mhainistribh & do cheallaibh seachnón Connacht lais. Ro ghabh neart in gach


p.444

conair dar ghabh, & ro ghabh braighde Connacht uile. Rug iaram Connachtaigh lais gur ro ghabh braighde Conaill & Eoghain. Ro aithrígh Domhnall mac Briain Uí Néill, & tug tighearnus do Niall Chúlánach.

M1286.2

Pilib Mac Goisdealbhaigh do écc.

Annal M1287

AOIS CRIOST, 1287.

M1287.0

Aois Criost, mile, da chéd, ochttmhoccat, a seacht.

M1287.1

Floirent Ó Gibelláin airchideochain Oile Finn feallsamh toghaidhe do écc.

M1287.2

Giolla na n-Ócc Ó Mannachain tigherna na t-Trí t-Tuath do écc.

M1287.3

Diarmaitt Midheach mac Diarmada mic Muirgiusa mic Cathail Meic Diarmada, tighearna Shil Mhaoíl Ruain, fer ba ferr, ba sine, & ba h-uaisle da chineadh do écc.

M1287.4

Maol Seachnaill mac Tomaltaigh Meg Oirechtaigh do mharbhadh la Toirrdhealbhach mac Eoghain Ui Choncobhair i n-diogal a athar do tregeadh don Tomoltach remráite.

M1287.5

Adam Ciomhsócc, Bean Mhumhan ingen Uí Chatáin, & Domhnall Ó h-Áinlighe taoíseach Cenel Dobtha do écc.

Annal M1288

AOIS CRIOST, 1288.

M1288.0

Aois Criost, mile, da chéd, ochttmhoccat a h-ochtt.

M1288.1

Stephan airdeapscob Tuama do gualann d'écc.

M1288.2

Michael Mac an t-Saoir epscop Clochair do écc.

M1288.3

Maghnus mac Concobhair Ruaidh Uí Concobhair (imaille re n-a b-fuair do Chonnachtaibh, do Uibh Briuin, & do Conmhaicnibh) do thocht co h-Áth Slisean du


p.446

i raibhe a dearbhathair (Ri Connacht) co n-a sochraide. Tachur do cur etorra leth ar leth. Cathal do ghabhail lais iar maidhm for a mhuintir, & righe Connacht do ghabail an eiccin do Mhaghnus annsin & a derbhbhrathair do aithrioghadh. Teach do ghabhail ar an Maghnus remraitte do Toirrdhealbhach mac Eoghain Ui Choncobhair isin Ross Mhór, & Magnus do lot ann, & Niall Gealbuidhe Ó Concobhair do lot bheos. Raghnall Mag Raghnaill taoiseach Mhuintire h-Eolais do marbhadh an tan-sin d'oen urchur soighde. Slóigheadh la Maghnus Ó c-Concobhair as a h-aithle iar n-a leighius i Siol Muiredaigh gur ghabh a neart, & a m-braighde.

M1288.4

Sloigeadh lasan Iarla Ruadh, Risderd mac Uater Iarla Uladh mic Riocaird mic Uilliam Conquerer d'ionnsaighidh Connacht go riacht go Ross Commáin mar i m-baoi Maghnus mac Concobhair Ruaidh Ri Connacht, Mac Gerailt & muinter an righ gur tionoilsed uile ara chenn, & grennaighid an t-iarla fa theacht seacha-sin. Gonadh í comhairle do-ronadh lasan iarla an tír d'faccbháil, & a sluacch do scaoileadh iaramh.

Annal M1289

AOIS CRIOSD, 1289.

M1289.0

Aois Criosd, mile, da chéd, ochdmhoghad, a naoí.

M1289.1

Miles, espocc Conmaicne, .i. an Gaill-easpucc & Siomon Ua Finnachta aircinneach Oile Finn do écc.


p.448

M1289.2

Matha Ó Sccingín aird-Shenchaidh Erenn do écc.

M1289.3

Tadhcc Ó Flannagáin taoiseach Cloinne Cathail do écc.

M1289.4

Sloicchedh la Riocard Diuid, la Gallaibh na Midhe & la Maghnus Ua c-Concobhair Ri Connacht do shaighidh Uí Maoil Seachloinn. O Maoil Seachlainn do thionol i n-a n-aghaidh co rainicc Crois Shliabh co n-a muinntir i c-comhfhochraibh doibh-siomh. Ferthar iomaireacc etorra. Ro marbhadh Riocard Diuid ann .i. an barún mor co n-a braithribh & Siecus Ó Ceallaigh.

M1289.5

Fiachra Ó Floinn taoiseach Shil Maoil Ruain, fer ba ferr eneach & engnamh do thoiseachaibh Connacht do dul do dhenamh clemhnusa le Gallaibh & a marbhadh i meabhail la mac Riocaid Finn Búrc, la Mac Uilliam & la Mac Feoraiss.

M1289.6

Sloiccheadh mor la Mac Feorais & la Gallaibh i l-Laighnibh docum an Chalbhaigh Uí Concobhair. Ro feachadh cath etorra. Maittear for Gallaié. Maoilir d' Exetra do marbhadh don dul-sin & Sochaidhe oile do Ghallaibh imaille le h-iomat each & édala do bhuain diobh.


p.450

Annal M1290

AOIS CRIOSD, 1290.

M1290.0

Aois Criosd, mile, da chétt, nóchatt.

M1290.1

O Sédacháin espucc Cille Mic Duaich do écc.

M1290.2

Cairpri Ó Maoileachloinn Ri Midhe an macaomh bo moirghniomhaighe i n-Erinn i n-a aimsir do mharbhadh la Mag Cochláin.

M1290.3

Sloiccedh la Domhnall mac Briain Uí Nell i c-Cenel n-Eoghain gur chuir Niall Culánach Ó Nell ar eccin esde & ticchernus Chenél n-Eoghain do gabháil dó fen a los a lamh.

M1290.4

Aodh mac Domhnaill Óicc Uí Dhomhnaill d'aithrioghadh da derbhrathair fén Toirrdhealbhach Ua Domhnaill tre chumhachtaibh chinidh a mathor, .i. Cloinni Domhnaill & Ghallócclach iomdha ele & ticchernus do gabáil do fén ar éccin.

Annal M1291

AOIS CRIOSD, 1291.

M1291.0

Aois Criosd, mile, dá chéd, nochatt, a h-aon.

M1291.1

Edru Maccrath abb mainisdreach na Trinoide for Loch Cé do écc.

M1291.2

Toirrdhealbhach mac Eoghain Ui Concobhair aoinfher ba mó eneach, engnamh & cosccar re a linn i n-Erinn do marbhadh la Niall n-Gealbuidhe Ó c-Concobhair.


p.452

M1291.3

Conchobhor Ó Dubhda (.i. Concobhar Con Allach) ticcherna Ua f-Fiachrach do bathadh ar an Sionainn.

M1291.4

Conghalach Macc Eochaccain taoisech Chenél f-Fiachach do écc.

M1291.5

Sloicchedh la Riocard Burc iarla Uladh da n-goirthi an t-Iarla Ruadh i t-Tír n-Eoghain dár aithrígh-sé Domhnall mac Briain Uí Nell, & Niall Culánach Ó Nell d'oirdneadh dó iar f-faccbháil na tíre iar sin don iarla. Marbthor Niall Culanách la Domhnall Ua Nell. Gidheadh nir shoinmheach do Dhomhnall an gniomh-sin, uair do h-oirdneadh Brian mac Aodha Buide Ui Nell a h-ucht an iarla chedna le Mac Mairtin & le Mac Eóin, & ro diochuireadh e-siomh a Tír Eoghain.

M1291.6

Sluaicchedh lasan Iarla i t-Tir Conaill dochum Thoirrdhealbhaigh mic Domhnaill Óig, gur aircc an tír edir cill & tuaith. Rainicc iar sin go h-Oil Finn i c-Connachdaibh & tuccsat Connachdaigh i m-braighde do.

M1291.7

Comhthoccbhail do dhenamh do Cathal Ó Concobhair, do Niall Gelbhuidhe & do lucht a c-commbadha edir Ghallaibh & Gaoidhealaibh d'aithrioghadh Maghnusa. Iomaireacc do thabhairt doibh dia 'roile i c-Cúil Maíle. Cathal do lot, Murchadh mac Taidhg do mharbhadh & Sochaidhi nach airimhther. Maidhm for Maghnus dana & é fén do dul as fo laimh iar m-bén moráin dia eachaibh dhe. Creacha móra do dhenamh i c-Cairpri do muinntir Cathail Uí Chonchobhair & Nell Ghealbhuidhe iar n-guin Cathail. Dala Maghnusa Ui Chonchobhair tra iar t-tocht do Shiol Muireadhaigh dia aos gradha budhén & do Ghallaibh Rosa Commáin i n-a fhoirithin ar a bharach iarsan maidhm do-cuaidh inairchis na c-creach go t-tarla na c-cenn é ar Sraith an Fheráin & ar an Aonach. Na creacha do bhuain díobh annsin & Niall do dul ass a n-iort a ghaisccidh & a esiomail. Tomás Mac Goisdealbhaigh do mharbhadh, a bhrathair Dauit Mac Goisdealbhaigh do gabhail & a marbhadh i n-a braighdenus. Moran oile don t-sluacch bhéos edir Gallaibh & Ghaoidhealaibh do marbhadh & do mudhughadh. Tocht do Niall isin tir iar sin ar sith & a fherann fén do thabhairt dó. Do-ronadh edarchosaoid mor & ionnlach adbhal etorra doridhisi go ro fhóbair Niall an tir d'faccbháil.

M1291.8

Brian Ó Floinn ticcherna Ua t-Tuirtre do écc.


p.454

M1291.9

Creach mhór do dhenamh do Maghnus Ó Choncobair ar Niall Gealbuidhe.

M1291.10

Aodh Ó Follamhain do marbhadh no do ecc.